Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R3234

Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm

PE/98/2024/REV/1

IO L, 2024/3234, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3234

23.12.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/3234 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2023/1115 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú. Leagtar síos rialacha leis maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, ina bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil air agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú uaidh, ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí. Tá formhór na bhforálacha den Rialachán sin le cur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2024.

(2)

Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115, tá oibreoirí agus trádálaithe a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha le dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin sin. Tá oibreoirí freagrach as scrúdú agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó féin, lena gceanglaítear go príomha go mbaileofaí sonraí atá ábhartha do Rialachán (AE) 2023/1115, agus doiciméadacht iomchuí lena dtacaítear leis na sonraí sin, ó gach soláthróir ar leith.

(3)

Rinne an Coimisiún bearta substaintiúla chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Go sonrach, leis an Treoirdhoiciméad le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le táirgí gan dífhoraoisiú, soláthraítear treoraíocht d’oibreoirí, do thrádálaithe agus d’údaráis inniúlamaidir leis na príomhoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 agus soiléirítear leis, inter alia, léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’, go háirithe i ndáil le foraois a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

(4)

Ina theannta sin, leis an téachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Samhain 2024 maidir leis an ‘Strategic Framework for International Cooperation Engagement’ [Teachtaireacht maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Rannpháirtíocht sa Chomhar Idirnáisiúnta] i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, soláthraítear struchtúr cuimsitheach le haghaidh comhar le tríú tíortha chun cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú. Leagtar amach ann freisin na prionsabail ghinearálta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a chur i bhfeidhm in aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca nó codanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2023/1115.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 (4) n gCoimisiún déantar foráil maidir le córas faisnéise agus rochtain air d’oibreoirí agus trádálaithe, agus, más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, dá n-údaráis inniúla agus dá n-údaráis chustaim, chun a chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoi seach, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, bheadh oibreoirí agus trádálaithe in ann ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú agus a chur isteach fiú roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115.

(6)

Ba cheart dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, trádálaithe agus údaráis inniúla, a liostaítear in Airteagal 38(2) den Rialachán sin, a chur siar 12 mhí. Tá gá leis sin chun go mbeidh tríú tíortha, na Ballstáit, oibreoirí agus trádálaithe in ann a bheith ullmhaithe go hiomlán, lena n-áirítear, chun a fhágáil gur féidir leis na hoibreoirí agus trádálaithe sin na córais díchill chuí is gá a bhunú lena gcumhdófaí na tráchtearraí agus táirgí ábhartha uile, ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán.

(7)

I bhfianaise gur cuireadh siar le 12 mhí an dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, na dátaí i bhforálacha idirnasctha den Rialachán sin, eadhon na dátaí dá bhforáiltear le haghaidh aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus le haghaidh cur i bhfeidhm iarchurtha na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír sin maidir le micreaghnóthais nó gnóthais bheaga go háirithe, ba cheart iad a choigeartú dá réir.

(8)

Mar sin féin, chun an fhaisnéis maidir le sannadh riosca do thíortha táirgthe ábhartha a sholáthar d’oibreoirí agus trádálaithe i bhfad roimh an dáta óna dtiocfaidh a n-oibleagáidí díchill chuí i bhfeidhm, an dáta faoina mbeidh ar an gCoimisiún tíortha nó codanna díobh a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú, níor cheart é a chur siar ach 6 mhí.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dáta cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, ar thrádálaithe agus ar údaráis inniúla a chur siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1115 a leasú dá réir.

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta tosaigh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1115

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   An 29 Meitheamh 2023, sannfar gnáthleibhéal riosca ar na tíortha uile. Déanfaidh an Coimisiún tíortha nó codanna díobh, a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an liosta de na tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2), tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta más iomchuí, a mhinice is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

‘Airteagal 37

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2025.

2.   Mar sin féin, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2025.

3.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 31 Nollaig 2028, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’

;

(3)

in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, agus Airteagail 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2025.

3.   Seachas a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, i gcás oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2020 mar mhicreaghnóthais nó gnóthais bheaga de bhun Airteagal 3(1) nó (2) de Threoir 2013/34/AE, faoi seach, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Meitheamh 2026.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)  Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2024 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2024

(3)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ( IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas (IO L, 2024/3084, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3084/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top