This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3204
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/3204 of 11 October 2024 amending Regulation (EU) 2019/1241 of the European Parliament and of the Council as regards short-necked clam and red seabream
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3204 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbreallach féithghearr agus leis an deargán
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3204 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbreallach féithghearr agus leis an deargán
C/2024/7102
IO L, 2024/3204, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3204/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3204 |
31.12.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3204 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbreallach féithghearr agus leis an deargán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) agus Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán (AE) 2019/1241 leagtar síos bearta teicniúla réigiúnacha sonracha le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt agus in Uiscí an Iardheiscirt. |
|
(2) |
Le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 déantar foráil maidir le bearta teicniúla le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt agus le hIarscríbhinn VII déantar foráil maidir le bearta teicniúla le haghaidh Uiscí an Iardheiscirt. |
|
(3) |
Le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaítear go bhféadfaidh na Ballstáit sin, a bhfuil leas díreach bainistíochta acu i mbearta caomhnaithe de chuid an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le réigiún geografach ar leith, moltaí comhpháirteacha a chur isteach chun cuspóirí na mbeart sin a bhaint amach. Le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241 ceadaítear do na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a chur isteach chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha iad lena leasaítear, lena bhforlíontar nó lena n-aisghairtear na bearta teicniúla réigiúnacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin, nó lena maolaítear orthu. |
|
(4) |
An Bheilg, an Spáinn, an Ísiltír agus an Phortaingéil, (Grúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iardheiscirt) agus an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire agus an Ísiltír (Grúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt), tá leas díreach bainistíochta iascaigh acu in Uiscí an Iardheiscirt agus Uiscí an Iarthuaiscirt faoi seach. |
|
(5) |
An 8 Samhain 2020, chuir Grúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iardheiscirt moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin inar moladh íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe de 32 mm le haghaidh breallach féithghearr, ar a dtugtar breallaigh Mhainile freisin, (Venerupis philippinarum) in Imchuach Arcachon. |
|
(6) |
I Seisiún Iomlánach an 22-26 Márta 2021, rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) meastóireacht ar an moladh comhpháirteach agus tháinig sé ar an gconclúid (3) nach raibh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ina húdar maith leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe atá beartaithe. |
|
(7) |
I mí Feabhra 2023, chuir Grúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iardheiscirt faisnéis bhreise isteach maidir le breallaigh fhéithghearra. |
|
(8) |
I Seisiún Iomlánach an 20-24 Márta 2023, rinne CETEI measúnú ar an bhfaisnéis bhreise sin agus tháinig sé ar an gconclúid (4), i bhfianaise go bhfuil an íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe de 32 mm atá beartaithe níos mó ná an méid measta ag an gcéad aibíocht (26,7 mm) in imchuach Arcachon, gur dócha gur beag an tionchar a bheidh ar éisc óga. Tháinig CETEI ar an gconclúid freisin, cé go mbeidh codán níos mó den líon aibí insaothraithe, gur dócha gur diomaibhseach an tionchar a bheidh ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe atá beartaithe ar an líon aibí toisc, de réir na hanailíse atá ar fáil, go mbeidh an cion is mó den líon aibí fós faoi chosaint ar iascaireacht. Thairis sin, tháinig CETEI ar an gconclúid gur dócha gur mionéifeachtaí a bheidh in aon éifeacht ar stádas caomhnaithe an stoic i gcás an lín iomláin agus go meastar nach dtiocfaidh aon athrú ar aon tairbhe caomhnaithe atá ann cheana d’ógánaigh a eascraíonn as an íosmhéid tagartha caomhnaithe 35 mm atá ann faoi láthair. Ar deireadh, thug CETEI dá aire an méid seo a leanas: (i) tá dhá anaclann iascaireachta iata i bhfeidhm; (ii) tá 40 ceadúnas iascaireachta gníomhach faoi láthair agus tá córas athnuachana ann arb é is aidhm dó le roinnt blianta anuas leanúint de cheadúnais nua a laghdú; agus (iii) déantar suirbhéanna ar an stoc gach 2 bhliain. |
|
(9) |
Ós rud é (i) gur dócha go mbeidh tionchar diomaibhseach ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe ar na líonta aibí agus nach mbeidh ach tionchar íosta aige ar éisc óga; (ii) go meastar nach dtiocfaidh aon athrú ar na tairbhí caomhnaithe atá ann cheana; (iii) go bhfuil bearta bainistíochta ag gabháil leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe laghdaithe lena n-áirítear an dá anaclann iascaireachta iata agus córas ceadúnas; agus (iv) go ndéantar suirbhéanna ar líon an stoic sin gach 2 bhliain, measann an Coimisiún go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(10) |
An 13 Meitheamh 2024 agus an 28 Meitheamh 2024, d’iarr Grúpaí Réigiúnacha Bhallstáit Uiscí an Iardheiscirt agus Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt faoi seach síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 a chur leis na bearta a raibh feidhm acu maidir leis an deargán (Pagellus bogaraveo) ó bhí mí Iúil 2022 ann (5). Leis an síneadh sin, choinneofaí ar bun an íosmhéid tagartha caomhnaithe atá ann faoi láthair le haghaidh deargán sa dá imchuach farraige agus iaimh (i) le haghaidh soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu i bhfolimistéir 6-8 ICES ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh agus (ii) le haghaidh iascach tráchtála ar bhonn séasúrach agus le haghaidh iascach áineasa ar feadh na bliana i limistéir gheografacha shonracha d’fholimistéar 8 ICES. |
|
(11) |
An 26 Meán Fómhair 2024, chuir na Ballstáit moladh comhpháirteach nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin lena dteorannaítear fad an tsínidh a iarradh go dtí mí na Nollag 2025. |
|
(12) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú an 27 Meán Fómhair 2024. |
|
(13) |
Rinne CETEI measúnú ar na bearta sin roimhe seo in 2021 agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an acmhainneacht iontu gabhálacha deargán a laghdú (6). |
|
(14) |
Ós rud é: (i) gurb éard atá sna bearta na bearta céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an deargán ó bhí mí Iúil 2022; (ii) go bhfuil na sonraí maidir leis an stoc sin fós gann agus gur eisigh ICES comhairle lena moltar gabháil nialasach le haghaidh 2025 agus 2026 (7); agus (iii) go bhfuil na bearta fós níos déine ná na bearta bonnlíne, measann an Coimisiún go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(15) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. Ós rud é go rachaidh tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/491 (8) ón gCoimisiún in éag an 31 Nollaig 2024, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta maidir leis an deargán ón 1 Eanáir 2025 chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú. |
|
(16) |
Leis na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (9), agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag na bearta maidir leis an deargán ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).
(3) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/d/stecf/stecf-plen-21-01.
(4) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/d/stecf/stecf-plen-23-01.
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES (IO L 5, 6.1.2023, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/56/oj).
(6) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/d/stecf/stecf-21-05-eval-jrs-lo-and-tm-reg.
(7) ICES. 2024. An deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéir 6-8 (An Mhuir Cheilteach, Muir nIocht, agus Bá na Bioscáine). Sa Tuarascáil ó Choiste Comhairleach ICES, 2024. Comhairle ó ICES 2024, sbr.27.6-8. https://doi.org/10.17895/ices.advice.25019660.
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/491 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéir 6 go 8 ICES (IO L, 2024/491, 13.2.2024, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/491/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
(*4) In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2025, is 33 cm a bheidh san íosmhéid tagartha caomhnaithe is infheidhme le haghaidh deargán ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.’ ’
(*1) Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2025.
(*2) I bhfolimistéir 6 agus 7 ICES, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm maidir leis na gabhálacha deargán in iascaigh áineasa.
(*3) In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2025, is 33 cm a bheidh san íosmhéid tagartha caomhnaithe is infheidhme ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.’;
(*5) Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2025.
(*6) In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2025, is 33 cm a bheidh san íosmhéid tagartha caomhnaithe is infheidhme le haghaidh deargán ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.’;
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3204/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)