This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3173
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/3173 of 27 August 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/988 supplementing Regulation (EU) 2023/988 of the European Parliament and of the Council with regard to rules on access to and operation of the Safety Gate Rapid Alert System, information to be entered in that System, notification requirements and the criteria for assessment of the level of risk
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3173 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chóras sin, ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3173 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chóras sin, ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca
C/2024/6023
IO L, 2024/3173, 13.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3173/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3173 |
13.12.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3173 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Lúnasa 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chóras sin, ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó- Pharlaimint na hEorpa agus ó-n gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe Airteagal 26(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an Có-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate go cuí agus go héifeachtúil, tá sé fíor-riachtanach rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le rochtain ar an gCó-ras sin agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chó-ras sin agus ceanglais maidir le fó-gra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirgí a thabhairt isteach. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988, de réir an leibhéil riosca a bhaineann leis an táirge, caithfidh na Ballstáit nó- féadfaidh siad fó-gra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a dhéantar nó- atá beartaithe i ndáil le táirgí contúirteacha ar bhonn an Rialacháin sin agus ar bhonn Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó- Pharlaimint na hEorpa agus ó-n gComhairle (2), maidir le táirgí atá faoi réir an dá Rialachán sin. Ó-s rud é go bhfuil feidhm ag Airteagal 26(10) de Rialachán (AE) 2023/988, ar dá bhun atá an Coimisiún le gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear, inter alia, na ceanglais maidir le fó-gra a thabhairt faoi tháirgí den só-rt sin agus na critéir maidir le measúnú ar an riosca a bhaineann leo, ó-s rud é go bhfuil feidhm ag an Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2023/988 maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais agus le Rialachán (AE) 2023/988 araon, is gá rialacha mionsonraithe a sholáthar don Chó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus critéir a sholáthar maidir leis an measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialacháin (AE) 2023/988 agus (AE) 2019/1020 araon. |
|
(3) |
Chun an malartú faisnéise maidir leis na táirgí contúirteacha uile a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais a éascú trí uirlis amháin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na bearta ceartaitheacha uile i ndáil le táirgí contúirteacha atá beartaithe acu nó- atá déanta acu a chur in iúl, lena n-áirítear na bearta a bhaineann le táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate. |
|
(4) |
Fó-graí a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ba cheart iad a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir chun a áirithiú gur féidir le húdaráis eile atá chun bearta leantacha a dhéanamh nó- a d’fhéadfadh bearta leantacha a dhéanamh an táirge lena mbaineann a shainaithint. Dá bhrí sin, is gá na ceanglais ba cheart a chomhlíonadh leis na fó-graí sin a shonrú, go háirithe an fhaisnéis atá le soláthar maidir le cineálacha éagsúla fó-graí. |
|
(5) |
Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún iomláine na bhfó-graí a sheiceáil agus an fhaisnéis atá le soláthar maidir le cineálacha éagsúla fó-graí á cur san áireamh go háirithe. An tráth céanna, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh nó- ceartúchán ar an bhfaisnéis ar tugadh fó-gra fúithi, i gcás inar gá, sula mbailíochtaíonn an Coimisiún an fó-gra sin sa chó-ras agus sula dtarchuireann sé chuig na Ballstáit eile é trí sin a dhéanamh. |
|
(6) |
Chun an méid sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2023/988 tá rochtain oscailte saor in aisce ag an bpobal ar fhaisnéis roghnaithe ar tugadh fó-gra fúithi tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, agus go háirithe ar fhaisnéis maidir le táirgí contúirteacha agus bearta ceartaitheacha a rinneadh maidir leo, ba cheart don Choimisiún faisnéis roghnaithe a fhoilsiú, faisnéis atá sna fó-graí a sheoltar tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ar an Tairseach Safety Gate. |
|
(7) |
Bunaithe ar fhaisnéis ó-n mBallstát a chuir an fó-gra isteach, ba cheart don Choimisiún na fó-graí sa Chó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate a nuashonrú. Níor cheart nuashonruithe den só-rt sin baint a bheith acu ach leis an bhfó-gra ar shonraigh an Ballstát sin nuashonrú ina leith. Chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ar an Tairseach Safety Gate cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a thaispeántar ar an Tairseach a nuashonrú nó- í a bhaint anuas, i gcás inarb iomchuí. |
|
(8) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta do thomhaltó-irí a bhaineann leis na táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 agus maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta d’úsáideoirí deiridh a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar leibhéal riosca na dtáirgí sin a leagan síos leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Ina theannta sin ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na rioscaí do leasanna poiblí eile a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I bhfianaise chineál sonrach na leasanna poiblí eile sin a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ba cheart a chur san áireamh leis na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca do na leasanna sin cuspó-irí agus ceanglais shonracha reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó- na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca sláinte agus sábháilteachta. A mhéid a bhaineann leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí seachas sláinte agus sábháilteacht a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, tá ró-l speisialta ag na grúpaí um chomhar riaracháin toisc, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2019/1020, gurb é an cúram atá orthu an measúnú earnáilsonrach ar tháirgí atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a éascú, lena n-áirítear measúnuithe riosca. |
|
(10) |
I bhfianaise na dea-thaithí ar na treoirlínte measúnaithe riosca a áiríodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 (3) ó-n gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chó-ras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, i bhfianaise go bhfuil gá leis an gcomhleanúnachas idir RAPEX agus an Có-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate a chaomhnú agus i bhfianaise go bhfuil cuspó-ir ann maidir le hoibriú ceart agus éifeachtach an Chó-rais Mear-Rabhaidh Safety Gate a áirithiú, ba cheart modheolaíocht a áireamh sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na rioscaí lenar féidir leis na húdaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh riosca a bheith ag baint le díobháil nó- guais agus, sa chomhthéacs sin, ar an gcaoi ar cheart leibhéal an riosca a mheasúnú agus a shuí. Áirithíonn an cur chuige sin go n-úsáidtear na critéir sin i gceart agus, dá réir sin, áirithíonn sí go gcinneann na Ballstáit an leibhéal riosca i gceart maidir leis na táirgí a dtugtar fó-gra ina leith tríd an gCó-ras Rabhaidh Safety Gate. |
|
(11) |
Na húdaráis náisiúnta a thugann fó-gra faoi tháirgí tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ba cheart dó-ibh a bheith in ann a chur san áireamh go bhfuil fianaise sheanbhunaithe ann, i gcásanna áirithe nó- i ndáil le táirgí a bhfuil saintréithe áirithe acu, mar shampla staitisticí, torthaí faireachais mhargaidh nó- measúnuithe riosca, fianaise lena dtoimhdítear gurb ann do riosca tromchúiseach a bhaineann le táirgí den só-rt sin. I gcásanna den só-rt sin, níor cheart a cheangal ar na húdaráis náisiúnta measúnuithe riosca aonair a chur isteach chun críoch fó-gra a thabhairt tríd an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate. |
|
(12) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó-n dáta céanna le Rialachán (AE) 2023/988, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Oibreofar an Có-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcomhréir leis na rialacha maidir le rochtain ar an gCó-ras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus lena oibriú, leis an bhfaisnéis atá le cur isteach sa Chó-ras sin agus leis na ceanglais maidir le fó-gra a thabhairt a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Déanfar measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirge i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó-n 13 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Lúnasa 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj.
(2) Rialachán (AE) 2019/1020 ó- Pharlaimint na hEorpa agus ó-n gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2019/417/oj).
IARSCRÍBHINN I
RIALACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR AN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE AGUS LENA OIBRIÚ, FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH SA CHÓRAS SIN AGUS CEANGLAIS MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT
1. CINEÁLACHA FÓGRAÍ TRÍD AN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATe
1.1. Fógra maidir le riosca tromchúiseach
I gcás ina bhfuil Ballstát le fógra a thabhairt faoi bheart ceartaitheach a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/988 nó i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020, tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, déanfaidh an t-údarás náisiúnta fógra a ullmhú agus a chur isteach. Déanfar fógra den sórt sin a aicmiú sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate mar ‘fhógra maidir le riosca tromchúiseach’.
1.2. Fógra maidir le riosca eile
Féadfaidh údaráis náisiúnta fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2023/988 trí úsáid a bhaint as an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Sa Chóras sin déanfar fógra den sórt sin a aicmiú mar ‘fhógra maidir le riosca eile’.
1.3. Fógra le haghaidh faisnéise
Féadfaidh údaráis náisiúnta fógra a thabhairt, trí úsáid a bhaint as an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, faoi bheart ceartaitheach atá beartaithe faoi Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2023/988 nuair a mheasann an t-údarás náisiúnta go bhfuil gá le fógra den sórt sin maidir leis an bpráinn a bhaineann leis an riosca do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile. Déanfar fógraí den sórt sin a aicmiú sa Chóras mar ‘fhógra le haghaidh faisnéise’.
1.4. Fógraí leantacha
Déanfar fógraí atá le cur isteach ag Ballstáit eile tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2023/988 a aicmiú sa Chóras sin mar ‘fhógraí leantacha’.
1.5. Fógraí a sheolann an Coimisiún
Féadfaidh an Coimisiún an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate a úsáid chun na Ballstáit a chur ar an eolas de bhun Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) 2023/988. Déanfar faisnéis den sórt sin a aicmiú sa Chóras sin mar ‘fhógraí ón gCoimisiún’.
2. FAISNÉIS ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I BHFÓGRAÍ A CHUIREANN NA HÚDARÁIS NÁISIÚNTA ISTEACH TRÍD AN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE
|
2.1. |
Liostaítear na heilimintí atá le cur san áireamh sna fógraí i bpointí 2.2. agus 2.3. Fógraí a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, beidh siad chomh hiomlán agus is féidir. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Bhallstát a thugann fógra tráth a chuirtear isteach fógra, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra an méid sin a léiriú agus a mhíniú go soiléir. A luaithe a bheidh an fhaisnéis atá ar iarraidh ar fáil, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra a fhógra a nuashonrú i gcomhréir le pointe 4 den Iarscríbhinn seo. |
|
2.2. |
Áireofar ar na fógraí a chumhdaítear le pointí 1.1 go 1.3 an méid seo a leanas:
Maidir leis an bhfaisnéis lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann dá bhforáiltear i bpointe (e), sonrófar san fhógra, más féidir, an bhfuil na sonraí sainaitheantais lonnaithe go díreach ar an táirge nó ar an bpacáistíocht áit ar chuir an monaróir iad, nó ar lipéid a chuir an t-allmhaireoir nó an dáileoir ar an táirge nó ar a phacáistíocht. Beidh pictiúir ag gabháil leis an bhfógra a léiríonn an táirge agus a phacáistíocht lena n-áirítear na lipéid ábhartha dhaite i bhformáid ardtaifigh. |
|
2.3. |
Áireofar i bhfógraí leantacha faoi phointe 1.4 faisnéis nár áiríodh san fhógra bunaidh, nó faisnéis atá le nuashonrú nó le comhlánú, agus faisnéis maidir leis an mbeart nó gníomh leantach a dhéanann an t-údarás náisiúnta a chuireann isteach an fógra leantach.
Go háirithe soláthróidh na fógraí leantacha faisnéis mhionsonraithe maidir leis an measúnú riosca más rud é gur tháinig an Ballstát a thugann fógra faoin mbeart leantach ar chonclúid maidir leis an leibhéal riosca a bhí éagsúil leis an gconclúid ar ar tháinig an Ballstát a sheol an fógra bunaidh. |
3. SEICEÁIL AR FHÓGRAÍ ÓN gCOIMISIÚN AGUS A BHFOILSIÚ
|
3.1. |
I gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988, déanfaidh an Coimisiún seiceáil ar an bhfuil na fógraí a chuireann na Ballstáit isteach iomlán, agus na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh. |
Más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an fógra iomlán, bunaithe ar na bhfaisnéis atá san fhógra, déanfar an sprioc-am ceithre lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988 a thruicearú tríd an bhfógra a fháil.
|
3.2. |
Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta a thugann fógra nó a iarraidh orthu a bhfógraí a cheartú. I gcásanna den sórt sin, leagfaidh an Coimisiún síos sprioc-am chun iarrataí den sórt sin a chomhlíonadh. |
I gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988, ní chuirfear tús leis an sprioc-am ceithre lá oibre a leagtar amach san Airteagal sin go dtí go bhfaightear faisnéis bhreise leordhóthanach nó go gcuirtear an ceartúchán a iarrtar ar an bhfógra i gcrích.
|
3.3. |
Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, déanfaidh sé cinneadh maidir le fógra a bhailíochtú, más rud é, tar éis dhul in éag an sprioc-ama dá dtagraítear i mír 2 de phointe 3.2,
|
|
3.4. |
Féadfaidh an Coimisiún cineál an fhógra lena mbaineann a athrú, i gcomhréir leis na catagóirí a leagtar amach i bpointe 1, ar bhailíochtú an fhógra sin agus an Ballstát a chur ar an eolas faoin méid sin. |
|
3.5. |
Tar éis fógra a bhailíochtú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis roghnaithe a áirítear san fhógra a fhoilsiú ar an Tairseach Safety Gate. |
|
3.6. |
Ní bheidh an Coimisiún faoi dhliteanas i leith chruinneas agus bheachtas na faisnéise a chuireann na húdaráis náisiúnta ar fáil. |
4. NUASHONRÚ AR FHÓGRAÍ
|
4.1. |
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí agus tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi aon nuashonrú, modhnú nó aistarraingt maidir le bearta ceartaitheacha a dtugtar fógra ina leith tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. |
|
4.2. |
Bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear faoi phointe 4.1 tabharfaidh an Coimisiún isteach na hathruithe ar tugadh fógra ina leith sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus, i gcás inarb infheidhme, foilseoidh sé na hathruithe sin ar an Tairseach Safety Gate. |
5. RIALACHA SONRACHA A BHAINEANN LE FÓGRAÍ LEANTACHA
|
5.1. |
I gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2023/988, cuirfidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a thug fógra faoin mbeart ceartaitheach bunaidh a rinneadh i ndáil le táirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach, fógraí leantacha isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, go háirithe sna cásanna seo a leanas:
Le fógraí leantacha a sheoltar sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) áireofar míniú ar an bhfáth ar measadh nach raibh gá leis na bearta ceartaitheacha. |
6. BAINT ANUAS FÓGRAÍ ÓN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE AGUS ÓN TAIRSEACH SAFETY GATE
|
6.1. |
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún fógraí a chuir siad isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a bhaint anuas. |
|
6.2. |
Más rud é, ar bhonn an údair a chuireann an Ballstát ar fáil, go mbaineann an Coimisiún an fógra anuas ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, bainfidh sé anuas ón Tairseach Safety Gate é freisin. |
|
6.3. |
10 mbliana tar éis don Choimisiún an fógra a bhailíochtú, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis roghnaithe bunaithe ar an bhfógra sin ar fáil don phobal i gcoitinne i roinn chartlainne ar leith sa Tairseach Safety Gate. |
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR AN LEIBHÉAL RIOSCA
1. SAINMHÍNITHE
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘cás díobhála’ an tsraith teagmhas as a n-eascraíonn an díobháil; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘dóchúlacht díobhála’ an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil i ndáiríre; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘bainistiú riosca’ an ghníomhaíocht leantach lena bhféachtar le riosca a shainaithnítear i measúnú riosca a laghdú nó a dhíothú. |
2. RIOSCAÍ
|
2.1. |
Leis an Iarscríbhinn seo soláthraítear critéir chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca, ionas gur féidir leis na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2023/988 a chomhlíonadh agus le linn dóibh fógraí a chur isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi Airteagal 26(2), (3) nó (7) den Rialachán sin. |
|
2.2. |
Leagann an Iarscríbhinn seo ceanglais amach maidir leis an measúnú ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialacháin (AE) 2023/988 agus (AE) 2019/1020 agus maidir leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí eile a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, a mhéid a chosnaíonn reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais na leasanna poiblí eile sin. |
2.2.1. Rioscaí do shláinte agus sábháilteacht
I bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn seo leagtar amach na ceanglais a bhaineann leis an measúnú ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ann do thomhaltóirí agus, i gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, d’úsáideoirí deiridh.
2.2.2. Rioscaí do leasanna poiblí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 2.2.1 a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020
Tá níos mó i gceist le leasanna poiblí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ná na rioscaí sláinte agus sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe 2.2.1. agus áirítear leo réimse níos leithne leasanna faoi chosaint mar shampla an comhshaol, ainmhithe, acmhainní fuinnimh, maoin, slándáil phoiblí nó idirbhearta eacnamaíocha.
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, leis an measúnú ar an mbaineann riosca tromchúiseach le táirge cuirfear san áireamh cineál na guaise agus an dóchúlacht go dtarlóidh sé.
I measúnú na mBallstát ar rioscaí do leasanna poiblí eile, cuirfidh na Ballstáit san áireamh ceanglais shonracha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, lena n-áirítear cineál sonrach na leasanna a chosnaítear leis an reachtaíocht sin agus na ceanglais atá le comhlíonadh ag na táirgí chun a áirithiú go gcosnaítear na leasanna sin.
Ina theannta sin cuirfidh na Ballstáit san áireamh go bhféadfadh sé go mbainfeadh rioscaí do leasanna poiblí seachas sláinte agus sábháilteacht le guaiseacha an táirge nach ndéanann gortú d’úsáideoirí deiridh ach ar féidir leo cineálacha éagsúla éifeachtaí diúltacha nó díobhála is gá a shainaithint agus ar gá meastóireacht a dhéanamh orthu le linn an mheasúnaithe riosca a ghiniúint, agus ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus na leasanna poiblí is é is aidhm dóibh a chosaint á gcur san áireamh.
Cuirfear pointí 3 agus 4 i bhfeidhm maidir leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí eile a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, agus pointe 2.2.2. agus ceanglais agus cuspóirí sonracha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis an riosca atá i gceist á gcur san áireamh.
3. AN T-ORD MAIDIR LE MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR AN LEIBHÉAL RIOSCA
Chun a n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2023/988 agus le linn dóibh fógraí a chur isteach faoi Airteagal 26(2) nó (3) den Rialachán sin, leanfaidh na Ballstáit na céimeanna a leagtar amach sa phointe seo, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
anailís a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí díobháil a dhéanamh mar gheall ar ghuaiseacha áirithe; |
|
(b) |
an leibhéal riosca i ndáil le táirgí a chinneadh, agus an dóchúlacht á cur san áireamh. |
Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit céimeanna ón bpointe seo a leanúint sna cásanna a liostaítear i bpointe 4.1.
3.1. Measúnú ar an gcás díobhála réamh-mheasta
|
3.1.1. |
Déanfaidh na húdaráis náisiúnta measúnú ar an gcás ina bhféadfadh guais intreach an táirge díobháil a dhéanamh. Cinnfear guais intreach an táirge trí thagairt a dhéanamh do mhéid na héifeachta díobhálaí is féidir le táirge a dhéanamh d’úsáideoirí. |
|
3.1.2. |
Bunófar cás díobhála trí chur síos mionsonraithe a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
|
3.1.3. |
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcás díobhála réamh-mheasta, measfaidh na húdaráis náisiúnta go bhféadfadh díobháil a bheith éagsúil ó thaobh déine de, ag brath ar roinnt fachtóirí mar shampla guais intreach an táirge, an chaoi a n-úsáidtear an táirge nó an chaoi a bhféadfadh sé go n-úsáidfeadh an t-úsáideoir é, nó an cineál úsáideora a úsáideann an táirge. |
3.2. Cás díobhála: céimeanna as a n-eascraíonn an díobháil
|
3.2.1. |
D’fhéadfadh cásanna díobhála difriúla teacht chun cinn ag brath ar an líon fachtóirí is gá a chur san áireamh agus an riosca a bhaineann le táirge á chinneadh. Tosóidh na Ballstáit le cás ina bhfuil an t-úsáideoir a bhfuil an táirge beartaithe dó ag úsáid an táirge i gcomhréir lena úsáid intuartha. |
|
3.2.2. |
I gcás ina léiríonn an táirge roinnt guaiseacha, déanfar cásanna díobhála a fhorbairt go gach ceann acu. |
|
3.2.3. |
Is éard a bheidh i gceist le cás díobhála anailís ar na céimeanna seo a leanas ar a laghad:
|
|
3.2.4. |
Bunaithe ar anailís ar bhonn cás ar chás, féadfaidh na Ballstáit na céimeanna dá dtagraítear i bpointe 3.2.3 a roinnt ina gcéimeanna breise, suas le cúig chéim ar a mhéad, chun a léiriú conas is féidir le guais an táirge a bheith ina cúis le díobháil. |
|
3.2.5. |
I bhfianaise go bhféadfadh gach céim dá dtagraítear i bpointí 3.2.3 agus 3.2.4 an t-imeacht dóchúlachta a laghdú go mór, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na céimeanna sin soiléir achomair agus go léireoidh siad an chonair is giorra go dtí an díobháil. |
3.3. Déine an ghortaithe nó na díobhála
|
3.3.1. |
D’fhéadfadh déine an ghortaithe nó na díobhála ar shláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a bheith ag brath ar na heilimintí seo a leanas:
Chun measúnú a dhéanamh ar dhéine na n-iarmhairtí, leagfaidh údaráis náisiúnta critéir oibiachtúla síos maidir lena measúnú, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: an leibhéal idirghabhála leighis atá ag teastáil, ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, na hiarmhairtí ar cháilíocht saoil an úsáideora ina dhiaidh. |
|
3.3.2. |
I gcás ina meastar roinnt cásanna díobhála sa mheasúnú riosca, déanfar déine gach díobhála a aicmiú ar leithligh agus a mheas le linn an phróisis measúnaithe riosca ar fad. |
|
3.3.3. |
Déanfar déine gortuithe nó díobhála a aicmiú i gceithre leibhéal, ag brath ar inchúlaitheacht gortaithe nó díobhála, i.e., an féidir téarnamh ó ghortú nó díobháil agus, más féidir, a mhéid is féidir.
Cuirfidh na Ballstáit an t-aicmiú a leagtar amach sa tábla seo i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirge.
|
|||||||||||||||||||
|
3.3.4. |
I gcásanna eisceachtúla, lena n-áirítear cásanna atá nasctha le sonraíochtaí cultúrtha nó aeráide, féadfaidh na Ballstáit imeacht ón aicmiú a leagtar amach i bpointe 3.3.3. I gcásanna den sórt sin tabharfaidh na Ballstáit an t-údar le himeacht ón aicmiú sa mheasúnú riosca a ghabhann leis an bhfógra ábhartha. |
|
3.3.5. |
I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le pointe 2., d’fhéadfaí díobháil do leasanna cosanta eile a aicmiú de réir grádú ceithre chéim atá cosúil lenar leagadh amach i bpointe 3.3.3, i dtéarmaí atá níos teibí. |
3.4. Dóchúlacht díobhála
|
3.4.1. |
Déanfaidh na Ballstáit meastachán dóchúlachta i leith gach céim den chás díobhála arna suí i gcomhréir le pointe 3.2. |
|
3.4.2. |
Trí dhóchúlachtaí a iolrú faoina chéile gheofar dóchúlacht fhoriomlán an cháis díobhála. |
|
3.4.3. |
Déanfaidh na Ballstáit dóchúlacht na díobhála a ríomh mar chomhdhóchúlacht go dtarlóidh na céimeanna uile i gcás díobhála faoi leith. I gcás ina bhforbraítear roinnt cásanna díobhála, déanfaidh na Ballstáit dóchúlacht gach ceann acu a ríomh. |
|
3.4.4. |
Cuirfidh na Ballstáit an t-innéacs dóchúlachta a leagtar amach sa tábla i bhfeidhm.
|
|||||||||||||||||||
3.5. An dóchúlacht go dtiocfaidh ann don díobháil a shloinneadh
Chun an dóchúlacht go dtiocfaidh ann do dhíobháil a chinneadh, d’fhéadfaí an dóchúlacht i gcás díobhála a shloinneadh ar an mbealach seo a leanas:
|
(a) |
go cainníochtúil: d’fhéadfaí an dóchúlacht a shloinneadh mar chodán, amhail ‘> 50 %’ nó ‘> 1/1 000’. |
|
(b) |
go cáilíochtúil: d’fheadfaí an dóchúlacht a shloinneadh mar ‘an-mhinic’, ‘minic’, mar a leagtar amach i bpointe 3.4. |
3.6. An leibhéal riosca a chinneadh
|
3.6.1. |
Cinnfear leibhéal riosca táirge mar mheascán de dhéine na díobhála faoi phointe 3.3 agus dóchúlacht na díobhála faoi phointe 3.4. |
|
3.6.2. |
Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ngreille a leagtar amach sa phointe seo chun measúnú a dhéanamh ar an meascán dá dtagraítear i bpointe 3.6.1, agus cinnfidh siad an leibhéal riosca dá réir sin mar cheann de na cinn seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.7. An leibhéal riosca do na cásanna díobhála éagsúla a chinneadh
|
3.7.1. |
I gcás ina ndéantar measúnú ar chásanna díobhála éagsúla i ndáil le táirge, cinnfidh na Ballstáit an leibhéal riosca do gach ceann de na cásanna sin. |
|
3.7.2. |
I gcás ina léiríonn an measúnú leibhéil éagsúla riosca atá nasctha leis na cásanna díobhála éagsúla, cuirfidh siad san áireamh an leibhéal riosca is airde a shainaithnítear, chun críoch Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988. |
3.8. Doiciméadú a dhéanamh ar an measúnú ar an leibhéal riosca
Déanfaidh na Ballstáit doiciméadú cuí ar leibhéal riosca táirge agus áireoidh siad an doiciméadú sin ina bhfógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, seachas i gcásanna ina dtoimhdítear go bhfuil riosca tromchúiseach i gcomhréir le pointe 4.
4. TOIMHDE GO BHFUIL RIOSCA TROMCHÚISEACH ANN
|
4.1. |
Rioscaí a bhaineann le táirge, toimhdeofar gur riosca tromchúiseach iad sna cásanna seo a leanas:
|
|
4.2. |
I gcásanna a liostaítear i bpointe 4.1. Féadfaidh na Ballstáit an fógra a chur isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate gan measúnú riosca aonair. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3173/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)