Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R3172

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3172 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nochtaí poiblí ag institiúidí maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht, Teidil II agus III den Rialachán sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún

C/2024/8373

IO L, 2024/3172, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3172/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3172/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3172

31.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3172 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Samhain 2024

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nochtaí poiblí ag institiúidí maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht, Teidil II agus III den Rialachán sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Tá neamhréireacht idir na leaganacha HTML agus PDF den Rialachán seo —tá na hiarscríbhinní in easnamh sa leagan HTML. Féach an leagan ‘PDF - leagan barántúil den Iris Oifigiúil’.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 430(7), an cúigiú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 (2) ón gCoimisiún, leagadh síos formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú. Le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun caighdeáin idirnáisiúnta thríú Creat Rialála Idirnáisiúnta Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht do bhainc (dá ngairtear ‘Basel III’) a ionchorprú sa rialachán sin. Tá caighdeáin maidir le nochtadh stuamachta sna caighdeáin idirnáisiúnta sin chun trédhearcacht agus comhsheasmhacht a fheabhsú i réimse na gceanglas stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa. Is gá, dá bhrí sin, na rialacha maidir le formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh a leasú chun na hathruithe sin a léiriú sna sonraíochtaí a bhaineann le hoibleagáidí maidir le nochtadh.

(2)

Sa nochtadh faisnéise a dhéanfaidh institiúidí maidir lena bpríomh-mhéadrachtaí rialála, ba cheart a áireamh nochtadh an chaipitil atá ar fáil d’institiúid, a sócmhainní ualaithe ó thaobh riosca, a giaráil, chomh maith leis na méadrachtaí leachtachta is ábhartha.

(3)

Ionas go mbeidh institiúidí in ann caillteanais a ionsú i gcás gnóthais leantaigh nó i gcás gnóthais éagtha, teastaíonn cistí dílse atá leordhóthanach ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de, mar a cheanglaítear le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart d’institiúidí faisnéis a nochtadh maidir le comhdhéanamh, cainníocht agus cáilíocht a gcistí dílse, ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht ionsúcháin caillteanais na mbanc.

(4)

An nochtadh maidir le comhlíonadh an cheanglais le haghaidh caipiteal maolánach frith-thimthriallach, ba cheart a léiriú ann gurb é is aidhm don chaipiteal maolánach frith-thimthriallach dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a áirithiú go gcuirtear an timpeallacht mhacra-airgeadais ina n-oibríonn institiúidí creidmheasa san áireamh i gceanglais chaipitil na hearnála baincéireachta.

(5)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag an margadh ar fhaisnéis i dtaobh ar cheart institiúid a aicmiú mar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIIanna). Ar an gcúis sin, ba cheart d’institiúidí faisnéis a nochtadh maidir le cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na táscairí tábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

(6)

Ba cheart teimpléid aonfhoirmeacha a leagan síos chun a áirithiú go nochtfaidh institiúidí faisnéis maidir lena gcomhlíontacht le ceanglais leachtachta, lena n-áirítear an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht agus an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, ar bhealach aonfhoirmeach inchomparáide.

(7)

Is gá comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 575/2013 agus reachtaíocht eile an Aontais i réimse na rioscaí ESG, agus go háirithe Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, ba cheart na critéir, na haicmithe agus na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán 2020/852 a chur san áireamh sna rialacha maidir le nochtadh rioscaí ESG. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha sin, go háirithe, na critéir chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a aicmiú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (6). Ar an gcúis chéanna, agus faisnéis maidir le feidhmíocht fuinnimh a bpunann réadmhaoine á nochtadh acu, ba cheart d’institiúidí an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm an teastais feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 12 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(8)

Ceanglaítear le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar ghnóthais mhóra áirithe ar eintitis leasa phoiblí iad, nó ar eintitis leasa phoiblí ar máthairghnóthais de chuid grúpa mór iad, faoi seach, faisnéis a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta nó ina dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite maidir le tionchar a ngníomhaíochta ar chúrsaí comhshaoil, sóisialta agus fostaithe, an tionchar ar mheas ar chearta an duine, ar chúrsaí frith-éillithe agus cúrsaí breabaireachta. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gnóthais eile, áfach. Mar thoradh air sin, ní cheanglaítear ar ghnóthais nach bhfuil faoi réir Airteagal 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE faisnéis den sórt sin a nochtadh agus d'fhéadfadh sé nach mbeidh siad ábalta faisnéis den sórt sin a sholáthar d'institiúidí. Ní féidir, dá bhrí sin, a bheith ag súil leis go gcuirfidh na gnóthais sin atá ina gcontrapháirtithe in institiúidí an fhaisnéis agus na sonraí sin ar fáil ach ar bhonn deonach amháin.

(9)

Chun caighdeáin Basel III a chur chun feidhme, thug Rialachán (AE) 2024/1623 isteach in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 teorainn níos ísle leis na ceanglais chaipitil rioscabhunaithe a ríomhtar trí úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha (‘bunleibhéal aschuir’) atá cothrom le céatadán de na ceanglais chaipitil a mbeadh feidhm acu dá n-úsáidfí cuir chuige chaighdeánaithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, na hathruithe sna teimpléid ábhartha maidir le nochtadh a léiriú. Thairis sin, chun comparáid a sholáthar idir na cóimheasa caipitil rioscabhunaithe arna ríomh faoi na cineálacha cur chuige caighdeánaithe agus na cineálacha cur chuige arna samhaltú go hinmheánach ar leibhéal riosca agus ar aicmí neamhchosanta le haghaidh riosca creidmheasa, ba cheart dhá theimpléad nua maidir le nochtadh a thabhairt isteach.

(10)

Maidir le húsáid an chur chuige chaighdeánaithe (‘SA’) i gcás riosca creidmheasa, le Rialachán (AE) 2024/1623 tugadh isteach i gCaibidil 2 de Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 láimhseáil ualaithe riosca níos gráinní maidir le neamhchosaintí éagsúla, lena n-áirítear neamhchosaintí ar institiúidí, neamhchosaintí ar chorparáidí, neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe, neamhchosaintí ar mhiondíol, neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin, neamhchosaintí ar fhofhiachas, neamhchosaintí ar chothromas agus neamhchosaintí ar mhainneachtain. Is gá na hathruithe sin a léiriú sna teimpléid nochta, agus uimhriú na rónna sna teimpléid nochta sin a ailíniú leis an gceann a úsáidtear i dteimpléid nochta CBMB chomhfhreagracha.

(11)

Le Rialachán (AE) 2024/1623, a tugadh isteach i gCaibidil 3 Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i ndáil le Cur Chuige na Rátálacha Inmheánacha (‘IRB’) a úsáid le haghaidh neamhchosaintí ar riosca creidmheasa, cuireadh teorainn leis na haicmí neamhchosanta ar féidir ardchur chuige IRB (A-IRB) a chur i bhfeidhm maidir leis chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa. Go sonrach, i gcás neamhchosaintíí ar institiúidí, ní féidir ach an bunchur chuige IRB (F-IRB) a úsáid anois, agus i gcás neamhchosaintí ar chothromas, ní cheadaítear ach an cur chuige caighdeánaithe a úsáid, ach amháin le linn idirthréimhse. Thairis sin, cruthaíodh aicmí neamhchosanta nua le haghaidh ‘Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla’ agus ‘Eintitis san earnáil phoiblí’ chun láimhseáil chomhsheasmhach na neamhchosanta sin a áirithiú agus chun inathraitheacht neamhbheartaithe sna ceanglais cistí dílse ghaolmhara a sheachaint. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sna teimpléid nochta maidir le cur chuige IRB a úsáid. Is gá freisin struchtúr éifeacht an teimpléid ar RWEAnna díorthach creidmheasa a úsáidtear mar theicnící maolaithe riosca creidmheasa (CRM) a ailíniú leis an uimhriú ró a úsáidtear i dteimpléad nochta comhfhreagrach CBMB.

(12)

Le Rialachán (AE) 2024/1623, tugadh isteach i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 creat nua chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh, bunaithe ar bhun-athbhreithniú CBMB ar an leabhar trádála (FRTB). Bhí gá leis an leasú sin chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa chreat ceanglas caipitil riosca margaidh atá ann faoi láthair le haghaidh suíomhanna leabhair trádála. I gcomhréir leis an gcreat nua, ní mór d’institiúidí cur chuige caighdeánaithe simplithe, cur chuige caighdeánaithe malartach nó cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha a chur i bhfeidhm chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sna teimpléid maidir le nochtadh trí thacar cuimsitheach táblaí agus teimpléad maidir le nochtaí a thabhairt isteach. Ba cheart an tacar nua táblaí agus teimpléad sin maidir le nochtadh a bheith éifeachtach nuair a thiocfaidh an creat rialála le haghaidh riosca margaidh atá bunaithe ar chaighdeáin BLT Basel i bhfeidhm san Aontas. Idir an dá linn, na ceanglais maidir le nochtadh atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh feidhm acu i gcónaí. Chun tuiscint chuimsitheach a chur ar úsáid an chur chuige nua sin, ba cheart d’institiúidí a úsáideann cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha, ar an gcéad dáta a chuirfear an creat nua nochta i bhfeidhm, an fhaisnéis chainníochtúil a nochtadh in éineacht leis an bhfaisnéis cháilíochtúil.

(13)

Ba cheart formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh a leagan síos chun nochtadh aonfhoirmeach agus inchomparáide a áirithiú maidir le rioscaí maidir le coigeartú ar luacháil creidmheasa (‘CVA’). Is gá, dá bhrí sin, teimpléid agus táblaí nua maidir le nochtadh a thabhairt isteach ina bhfuil faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil maidir le riosca CVA chuige sin. Ba cheart a chur san áireamh sna teimpléid sin go bhféadfaidh institiúidí atá faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh CVA an cur chuige caighdeánaithe, bunúsach nó simplithe nó meascán de na cuir chuige sin a chur i bhfeidhm agus, sa riosca CVA, ba cheart riosca um raon difríochta creidmheasa chontrapháirtí institiúide agus riosca margaidh na punainne idirbheart arna trádáil ag an institiúid leis an gcontrapháirtí sin a chumhdach leis

(14)

Le Rialachán (AE) 2024/1623, tugadh isteach i gCaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cur chuige aonair nua nach bhfuil bunaithe ar shamhail chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin a ríomh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa íogaireachta i leith riosca agus ar inchomparáideacht na gcur chuige atá ann cheana. Tar éis lánrogha a áirítear i gcaighdeáin Basel III, tá íoscheanglais cistí dílse an Aontais bunaithe ar ríomh Chomhpháirt an Táscaire Gnó (BIC) agus air sin amháin, agus meastar stair na gcaillteanas chun críoch nochta amháin. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú sna teimpléid maidir le nochtadh, inter alia trí theimpléid nua a leagan síos chun faisnéis a sholáthar maidir le caillteanais oibriúcháin bhliantúla a tabhaíodh le 10 mbliana anuas, táscaire gnó, comhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna a ríomh, agus na ceanglais cistí dílse ghaolmhara agus méideanna neamhchosanta ar riosca.

(15)

Forordaítear le hAirteagal 501d(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 conas a ríomhfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh neamhchosaintí ar chriptea-shócmhainní go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear in Airteagal 501d(1) den Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, a leagan síos conas a nochtfaidh institiúidí a neamhchosaintí ar chriptea-shócmhainní le linn na hidirthréimhse sin.

(16)

Le Rialachán (AE) 2024/1623 leasaíodh Airteagal 434a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tugadh isteach ceanglas ar ÚBE réitigh TF a fhorbairt, lena n-áirítear treoracha, lena n-úsáid ag institiúidí le haghaidh nochtaí a cheanglaítear faoi Theidil II agus III den Rialachán sin. Dá réir sin, ba cheart a chur in iúl sna teimpléid maidir le nochtadh, ar bhealach soiléir leordhóthanach, na pointí sonraí agus an fhaisnéis nach mór d’institiúidí a nochtadh chun a áirithiú go bhfaighidh úsáideoirí rochtain ar fhaisnéis leordhóthanach chuimsitheach agus inchomparáide agus go ndéanfar comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le nochtaí a choinneáil ar bun. Chun go mbeidh ÚBE in ann réitigh iomchuí TF a fhorbairt, níor cheart na formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh sin a bheith ceangailteach a mhéid a bhaineann lena struchtúr agus lena n-ionadaíocht. Ba cheart do ÚBE, go háirithe, bheith in ann imeacht ó léiriú grafach agus ó struchtúr táblach na dteimpléad maidir le nochtadh fad a áireofar na pointí sonraí agus an fhaisnéis uile is gá sa réiteach TF.

(17)

Chun tacar comhtháite cuimsitheach d’fhormáidí aonfhoirmeacha um nochtadh a sholáthar d’institiúidí agus chun nochtaí ardcháilíochta a áirithiú, agus an cur chuige faoi Airteagal 434a(1) athbhreithnithe de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á léiriú san am céanna, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a aisghairm agus an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a chur in ionad an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin.

(18)

Chun nochtaí tráthúla agus cáilíochta ó institiúidí a áirithiú, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt dóibh a gcórais inmheánacha a oiriúnú i bhfianaise na n-athruithe ar an gcreat nochta atá ann cheana a léirítear/a ionchorpraítear sa Rialachán seo.

(19)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(20)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Méadracha ríthábhachtacha agus forléargas ar mhéideanna neamhchosaintí ualaithe a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointí (a) go (d), (f) agus (g), agus Airteagal 447, pointí (a) go (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 1 - ‘Forbhreathnú ar bhainistiú riosca, príomh-mhéadrachtaí stuamachta agus RWA a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 2 - ‘Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Raon feidhme an chur i bhfeidhm a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 436, pointí (b) go (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 3 - ‘Raon feidhme an chur i bhfeidhm in Iarscríbhinn I a nochtadh.

Airteagal 4

Cistí dílse a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 437, pointí (a) go (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 4 - ‘Cistí dílse a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Caipiteal maolánach frith-thimthriallach a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 440, pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 5 - ‘Caipiteal maolánach frith-thimthriallach a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

An cóimheas giarála a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 451(1), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 451(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 6 - ‘An cóimheas giarála a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo

1.   Nochtfaidh institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) an fhaisnéis maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór dá dtagraítear in Airteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhformáid aonfhoirmeach um nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 434a den Rialachán sin. Úsáidfidh G-SIInna an fhormáid nochta sin le haghaidh bhailiú na luachanna táscaire ag údaráis ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 (10) ón gCoimisiún, cé is moite d’aon sonraí coimhdeacha agus ítimí meabhráin a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán Tarmligthe sin.

2.   Nochtfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ina dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3. Déanfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a athnochtadh ina gcéad tuarascáil Cholún 3 tar éis chur isteach deiridh luachanna na dtáscairí chuig na húdaráis inniúla ábhartha, i gcás ina bhfuil na figiúirí a tíolacadh éagsúil leis na figiúirí a nochtadh i dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3.

Airteagal 8

Na ceanglais leachtachta a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435(1) agus in Airteagal 451a(2), (3) agus (4), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 7 - ‘Ceanglais leachtachta a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 9

Neamhchosaintí ar riosca creidmheasa, ar riosca caolúcháin agus ar cháilíocht creidmheasa a nochtadh

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435(1), pointí (a), (b), (d) agus (f), agus in Airteagal 442 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 8 - ‘Cáilíochta riosca creidmheasa a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

2.   Institiúidí móra a bhfuil cóimheas acu idir oll-luach na n-iasachtaí agus na n-airleacan de réir na leabhar a thagann faoi Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus oll-luach na n-iasachtaí agus na n-airleacan de réir na leabhar a thagann faoi Airteagal 47a(1) den Rialachán sin atá cothrom le 5 % nó níos mó, déanfaidh siad, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, faisnéis bhreise a nochtadh chun Airteagal 442, pointí (c) agus (f), den Rialachán sin a chomhlíonadh. Déanfaidh na hinstitiúidí sin an fhaisnéis sin a nochtadh ar bhonn bliantúil.

3.   Chun críocha mhír 2, déanfaidh institiúidí na hiasachtaí agus na hairleacain atá á n-aicmiú mar shócmhainní atá á sealbhú lena ndíol, airgead ar láimh ag bainc cheannais agus taiscí éilimh eile, iad a eisiamh ón ainmneoir agus ó uimhreoir an chóimheasa.

4.   Cuirfidh institiúidí tús le nochtadh i gcomhréir le mír 2 i gcás ina bhfuil an tairseach 5 % dá dtagraítear sa mhír sin sroichte nó sáraithe acu in dhá ráithe as a chéile le linn na gceithre ráithe roimh dháta tagartha an nochta. Maidir leis an dáta tagartha sa chéad nochtadh, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh trí úsáid a bhaint as na teimpléid dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina sáraíonann siad an tairseach 5 % ar dháta tagartha an nochta sin.

5.   Ní bheidh oibleagáid a thuilleadh ar institiúidí nochtadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 2 i gcás ina dtitfidh siad faoi bhun na tairsí 5 % le linn trí ráithe as a chéile i rith na gceithre ráithe roimh dháta tagartha an nochta.

Airteagal 10

Úsáid teicnící um maolú riosca creidmheasa a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 453, pointí (a) go (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 9 - ‘Teicnící maolaithe riosca creidmheasa a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 11

Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh

Déanfaidh institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca faoin gCur Chuige Caighdeánaithe an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le húsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 444, pointí (a) go (e), agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 453, pointí (g), (h) agus (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 10 - ‘Riosca creidmheasa SA a nochtadh’ in Iarscríbhinn I;

(b)

an fhaisnéis maidir leis na luachanna neamhchosanta a asbhaintear as cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 444, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 4 - ‘Cistí dílse a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 12

Úsáid an chur chuige IRB maidir le riosca creidmheasa

Nochtfaidh institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca faoin gCur Chuige IRB an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointe (h), Airteagal 452, pointí (a) go (h), agus in Airteagal 453, pointí (g) agus (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 11 - ‘Riosca creidmheasa IRB a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 13

Iasachtú speisialaithe agus neamhchosaintí ar chothromas a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 12 - ‘Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe agus ar chothromas a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Neamhchosaint ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointe (h), agus in Airteagal 439 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 13 - ‘Riosca creidmheasa contrapháirtí a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 15

Neamhchosaint ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 14 – ‘Neamhchosaintí ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 16

Úsáid an chur chuige chaighdeánaithe agus na samhlacha inmheánacha malartacha le haghaidh riosca margaidh a nochtadh

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435(1), pointí (a) go (d), Airteagal 438, Airteagal 445(1) agus (2), Airteagal 455(1), pointí (a) go (f), agus Airteagal 455(2) agus (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 15 - ‘Riosca margaidh a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2025, déanfaidh institiúidí na nochtaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún (11).

3.   Ar an gcéad dáta a chuirfear i bhfeidhm úsáid na gcineálacha cur chuige malartacha dá dtagraítear in Airteagal 325az de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nochtfaidh institiúidí a úsáideann cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear in Airteagal 455(1), pointí (a) go (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon leis an bhfaisnéis chainníochtúil dá dtagraítear in Airteagal 455(2) den Rialachán sin.

Airteagal 17

Riosca um choigeartú luachála creidmheasa a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointí (d) agus (h), Airteagal 439, pointe (h), agus Airteagal 445a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 16 - ‘Coigeartú luachála creidmheasa a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 18

Riosca oibriúcháin a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435, Airteagal 438, pointe (d), agus Airteagal 446 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 17 - ‘Riosca oibriúcháin a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 19

Neamhchosaintí ar riosca ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 448(1), pointí (a) go (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 18 - ‘Riosca an ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

2.   Na hinstitiúidí a nochtfaidh faisnéis i gcomhréir le mír 1 den chéad uair, ní bheidh oibleagáid orthu an fhaisnéis sin a bhaineann leis an dáta tagartha roimhe sin a nochtadh.

Airteagal 20

An beartas luacha saothair a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 450 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 19 - ‘An beartas luacha saothair a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 21

Sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 443 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 20 - ‘Sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 22

Neamhchosaintí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais (rioscaí ESG) a nochtadh

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi mar a shonraítear i roinn 21 - ‘Nochtaí stuamachta maidir le riosca ESG a nochtadh’ San fhaisnéis sin, cumhdófar an méid uile seo a leanas:

(a)

faisnéis cháilíochtúil maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais;

(b)

faisnéis chainníochtúil maidir le riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide

(c)

faisnéis chainníochtúil maidir le riosca fisiceach a bhaineann leis an aeráid

(d)

faisnéis chainníochtúil faoi na gníomhaíochtaí maolaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 i leith na gcontrapháirtithe sin atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, i leith teaghlach, agus i leith rialtais áitiúla dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (12);

(e)

faisnéis chainníochtúil faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus neamhchosaintí eile ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide nach gcáilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ach a thacaíonn le contrapháirtithe sa phróiseas aistrithe nó oiriúnaithe chun na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach.

2.   Féadfaidh institiúidí a roghnú faisnéis chainníochtúil a nochtadh faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus neamhchosaintí ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, i leith contrapháirtithe ar corparáidí neamhairgeadais iad, nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 19a nó in Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE agus nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (13).

Chun céatadán na neamhchosaintí ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (neamhchosaintí atá ailínithe le tacsanomaíocht) i leith na gcontrapháirtithe sin a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis a úsáid a fuarthas óna gcontrapháirtithe ar bhonn deonach agus déthaobhach trí thionscnamh na hiasachta, agus trí phróisis athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa;

(b)

i gcás nach bhfuil an contrapháirtí ábalta nó toilteanach na sonraí lena mbaineann a sholáthar ar bhonn déthaobhach, féadfaidh siad meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid agus míniú a thabhairt san insint a ghabhann leis an teimpléad ar a mhéid a úsáideadh na meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha sin, agus míniú ar cé na meastacháin agus na hathróga ionadacha inmheánacha a cuireadh i bhfeidhm;

(c)

i gcás nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis lena mbaineann a bhailiú ar bhonn déthaobhach, nó nach mbeidh siad ábalta meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid, nó nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis sin a bhailiú nó na meastacháin agus na hathróga ionadacha sin a úsáid ar bhealach nach mbeidh ródhian orthu féin nó ar a gcontrapháirtithe, féadfaidh siad an neamhábaltacht sin a mhíniú san insint a ghabhann leis an teimpléad.

Chun críocha phointe (a), cuirfidh institiúidí a gcontrapháirtithe ar an eolas go bhfuil soláthar na faisnéise sin deonach.

Airteagal 23

Cripteashócmhainní a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis chun ceanglais cistí dílse neamhchosaintí ar chriptea-shócmhainní a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 501d(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a shonraítear i roinn 22 – ‘Neamhchosaintí ar chriptea-shócmhainní a nochtadh’ in Iarscríbhinn I.

Airteagal 24

Réitigh TF

Áiritheoidh ÚBE go ndéanfaidh na réitigh TF, lena n-áirítear treoracha, a forbraíodh le haghaidh nochtaí a cheanglaítear faoi Theidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh i gcónaí agus go n-áireofar iontu na pointí sonraí agus an fhaisnéis uile a liostaítear sna teimpléid maidir le nochtadh.

Cuirfidh ÚBE na réitigh TF dá dtagraítear sa chéad mhír agus aon treoir ghaolmhar ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Coimeádfaidh ÚBE na réitigh agus na treoracha TF sin cothrom le dáta agus ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

Airteagal 25

Forálacha ginearálta maidir leis na formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh

1.   Ní athrófar uimhriú na rónna nó na gcolún sna formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a áirítear sna réitigh TF arna bhforbairt ag ÚBE i gcás ina bhfágann institiúid nochtadh amháin nó níos mó ar lár i gcomhréir le hAirteagal 432 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Déanfaidh institiúidí nóta soiléir san insint a ghabhann leis an teimpléad nó leis an tábla bunaithe ar réiteach TF lena mbaineann ina gcuirfear in iúl cé na rónna nó na colúin nár líonadh isteach agus luafar sa nóta sin an chúis gur fágadh an nochtadh ar lár.

3.   An fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 431 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh sí soiléir agus cuimsitheach, rud a fhágfaidh go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin in ann na nochtaí cainníochtúla a thuiscint, agus cuirfear í in aice leis na teimpléid a bhaineann léi.

4.   Cuirfear luachanna uimhriúla i láthair mar a leanas:

(a)

déanfar sonraí airgeadaíochta cainníochtúla a nochtadh ag baint úsáide as beachtas íosta is comhionann leis na milliúin aonad;

(b)

déanfar sonraí cainníochtúla a nochtar mar ‘céatadán’ a shloinneadh in aghaidh an aonaid agus beachtas íosta acu is comhionann le ceithre dheachúil.

5.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas freisin:

(a)

dáta tagartha nochta agus tréimhse thagartha;

(b)

airgeadra tuairiscithe;

(c)

ainm agus, i gcás inarb ábhartha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide nochta;

(d)

i gcás inarb ábhartha, an caighdeán cuntasaíochta a úsáideadh;

(e)

i gcás inarb ábhartha, raon feidhme an chomhdhlúthaithe.

Airteagal 26

Tréimhse agus minicíocht an nochta

1.   Déantar tréimhsí nochta a shainmhíniú mar thréimhsí ráithiúla T, T-1, T-2, T-3 agus T-4.

2.   Déanfar na rónna nó na colúin sna formáidí aonfhoirmeacha um nochtadh dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ind a áirítear sna réitigh TF arna bhforbairt ag ÚBE a líonadh isteach i gcomhréir le minicíocht an nochta a leagtar síos in Airteagail 433a, 433b agus 433c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Na hinstitiúidí atá faoi réir na hoibleagáide nochtaí a fhoilsiú, nochtfaidh siad faisnéis leis an minicíocht seo a leanas:

(a)

na hinstitiúidí a nochtfaidh an fhaisnéis atá san Iarscríbhinn seo ar bhonn ráithiúil, soláthróidh siad sonraí do thréimhsí T, T-1, T-2, T-3 agus T-4;

(b)

na hinstitiúidí, a nochtfaidh an fhaisnéis san Iarscríbhinn sin ar bhonn leathbhliantúil, soláthróidh siad sonraí do thréimhsí T, T-2 agus T-4;

(c)

na hinstitiúidí a nochtfaidh an fhaisnéis atá sa teimpléad ar bhonn bliantúil, soláthróidh siad sonraí do thréimhsí T agus T-4.

4.   Nochtfaidh institiúidí na dátaí a chomhfhreagraíonn do na tréimhsí nochta.

5.   Ní bheidh gá le sonraí a nochtadh le haghaidh tréimhsí roimhe seo i gcás ina a nochtar sonraí den chéad uair.

Airteagal 27

Aisghairm

1.   Scoirfidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2025, cé is moite d’Airteagal 15 agus Iarscríbhinní XXIX agus XXX. Beidh feidhm i gcónaí ag Airteagal 15 agus Iarscríbhinní XXIX agus XXX de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 go dtí an 31 Nollaig 2025 chun críocha Airteagal 16 den Rialachán seo agus chun na gcríoch sin amháin.

2.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 le héifeacht ón 31 Nollaig 2025.

3.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 01 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1). http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/637/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an bunleibhéal aschuir. (OJ L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i ndáil le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/1818/oj).

(7)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú), (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/31/oj).

(8)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a shainiú (IO L 330, 15.11.2014, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1222/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (OJ L 324, 19.12.2022, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2453/oj).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/451/oj).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh, (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2178/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3172/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top