|
(3)
|
Leasaítear Iarscríbhinn XVI mar a leanas:
|
(a)
|
faoin gceannteideal ‘(a). Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 27 agus 28:
|
|
Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)
|
Faisnéis aitheantais
|
Dáta ainmniúcháin
|
Cúiseanna
|
|
‘8.
|
KIM Chang Hyok
ar a dtugtar freisin: James Kim
김창혁
|
Dáta breithe: 29.4.1963
Áit bhreithe: N. Hamgyong
Pasuimhir: 472130058
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
Tá Kim Chang Hyok sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa Mhalaeisia. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Bhunaigh sé cuntais éagsúla sa Mhalaeisia in ainm cuideachtaí caocha de chuid “Glocom”, ar cuideachta chaoch í sin de chuid eintiteas ainmnithe Pan Systems Pyongyang.
Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil mhí Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh Pan Systems a bheith ag onnmhairiú agus ag cur oiliúint ar fáil maidir le trealamh teileachumarsáide míleata a úsáid d’fhórsaí armtha na hAetóipe trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
10.
|
RYANG Su Nyo
량수니오
|
Dáta breithe: 11.8.1959
Áit bhreithe: An tSeapáin
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
Stiúrthóir Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
11.
|
PYON Won Gun
변원군
|
Dáta breithe: 13.3.1968
Áit bhreithe: S. Phyongan
Pasuimhir seirbhíse: 836220035
Pasuimhir: 290220142
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
Stiúrthóir Glocom, cuideachta tosaigh de chuid Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.
Fógraíonn Glocom trealamh cumarsáide raidió d’eagraíochtaí míleata agus paraimíleata.
D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pyon Won Gun freisin mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. Ó mhí Iúil 2024 ar aghaidh, lean Glocom de bheith ag oibriú agus bhí trealamh teileachumarsáide míleata á dhíol go gníomhach aige.
|
|
12.
|
PAE Won Chol
배원철
|
Dáta breithe: 30.8.1969
Áit bhreithe: Pyongyang
Pasuimhir Thaidhleoireachta: 654310150
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pae Won Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
13.
|
RI Sin Song
리신송
|
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Ri Sin Song mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
14.
|
KIM Sung Su
김성수
|
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
Tá Kim Sung Su sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa tSín. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
15.
|
KIM Pyong Chol
김병철
|
Inscne: fireann
|
22.1.2018
|
D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Kim Pyong Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag an mBiúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
19.
|
KIM Il-Su
ar a dtugtar freisin KIM Il Su
김일수
|
Dáta breithe: 2.9.1965
Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
Bainisteoir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
20.
|
KANG Song-Sam
ar a dtugtar freisin KANG Song Sam
|
Dáta breithe: 5.7.1972
Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
Iarionadaí údaraithe Korea National Insurance Corporation (KNIC) in Hamburg; leanann sé de bheith ag gníomhú ar son KNIC nó thar a cheann nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
21.
|
CHOE Chun-Sik
ar a dtugtar freisin CHOE Chun Sik
최천식
|
Dáta breithe: 23.12.1963
Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC
Uimhir phas: 745132109
Bailí go dtí an 12.2.2020
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
Bainisteoir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
22.
|
SIN Kyu-Nam
ar a dtugtar freisin SIN Kyu Nam
신규남
|
Dáta breithe: 12.9.1972
Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC
Pasuimhir: PO472132950
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
Stiúrthóir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iarionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
23.
|
PAK Chun-San
ar a dtugtar freisin PAK Chun San
박천산
|
Dáta breithe: 18.12.1953
Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC
Pasuimhir: PS472220097
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
Stiúrthóir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang go dtí mí Nollag 2015 ar a laghad agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, fós ag gníomhú ar son nó thar ceann KNIC nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
24.
|
SO Tong Myong
서동명
|
Dáta breithe: 10.9.1956
Inscne: fireann
|
3.7.2015
|
IarUachtarán Korea National Insurance Corporation (KNIC), iarChathaoirleach KNIC Executive Management Committee (Meitheamh 2012); iarBhainisteoir Ginearálta KNIC, Meán Fómhair 2013, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir. Sna tuarascálacha ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023 agus i mí an Mhárta 2024, fuarthas amach gur lean KNIC dá ghníomhaíochtaí a oibriú agus a leathnú i dtríú tíortha éagsúla.
|
|
27.
|
IM Song Sun
ar a dtugtar freisin IM Song-Sun
|
Náisiúntacht: DPDC
Inscne: fireann
|
21.4.2022
|
Ina cháil mar ionadaí ar an Corman Construction Company (Tong Bang), cuideachta chaoch don Mansudae Overseas Project (MOP) Group (ar a dtugtar freisin Mansudae Art Studio) atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, tá Im Song Sun i mbun imghabháil smachtbhannaí, agus leis sin sáraítear forálacha 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397(2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhainistigh sé tionscadail tógála na cuideachta sin sa tSeineagáil agus fuair sé íocaíochtaí ar chonarthaí a bronnadh ar MOP agus Corman Construction, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí airgeadais lena dtacaítear le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Chuir rialtas na Stát Aontaithe smachtbhannaí ar Im Song Sun in 2023 ar chúiseanna comhchosúla. Chinn Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí an Mhárta 2024 gur lean ealaíontóirí a bhfuil baint acu le Mansudae Overseas Project Group de bheith ag feidhmiú thar lear.
|
|
28.
|
CHOE Song Chol
ar a dtugtar freisin CHOE Song-Chol
|
Náisiúntacht: DPDC
Inscne: fireann
|
21.4.2022
|
Ina cháil mar ionadaí ar an Corman Construction Company (Tong Bang), cuideachta chaoch don Mansudae Overseas Project Group (ar a dtugtar freisin an Mansudae Art Studio) atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, tá Im Song Chol i mbun imghabháil smachtbhannaí, agus leis sin sáraítear forálacha 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397(2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhainistigh sé tionscadail tógála na cuideachta sin sa tSeineagáil agus fuair sé íocaíochtaí ar chonarthaí a bronnadh ar MOP agus Corman Construction, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí airgeadais lena dtacaítear le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Chuir rialtas na Stát Aontaithe smachtbhannaí ar Choe Song Chol in 2023 ar chúiseanna comhchosúla. Chinn Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i mí an Mhárta 2024 gur lean ealaíontóirí a bhfuil baint acu leis an Mansudae Overseas Project Group de bheith ag feidhmiú thar lear.’;
|
|
|
(b)
|
faoin gceannteideal ‘(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4 agus 8:
|
|
Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)
|
Suíomh
|
Dáta ainmniúcháin
|
Cúiseanna
|
|
‘4.
|
Pan Systems Pyongyang
ar a dtugtar freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System
|
Seoladh: Seomra 818, Óstán Pothonggang, Ansan-Dong, ceantar Pyongchon, Pyongyang, DPDC.
|
16.10.2017
|
Tá cúnamh tugtha ag Pan Systems chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré.
Ina theannta sin, tá Pan Systems faoi rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint de na hiarrachtaí airm a onnmhairiú. I dTuarascáil Mheán Fómhair 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe, sainaithníodh an chuideachta mar chuideachta a onnmhairíonn trealamh teileachumarsáide míleata chuig fórsaí armtha na hAetóipe agus a chuireann oiliúint ar fáil dóibh trí chuideachtaí tosaigh sa Mhalaeisia agus san Indinéis.
|
|
8.
|
Korea Paekho Trading Corporation
(Ainm eile: Joson Paekho Muyok Hoesa)
조선백호무역회사
|
Seoladh: Chongryu 3-dong, Taedonggang District, Pyongyang, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
|
21.4.2022
|
Is cuideachta ealaíne é Paekho Trading Corporation a bhfuil baint aige le dealbha a thógáil thar lear, dealbha saothair ealaíne arna dtáirgeadh ag Paekho Art Studio a onnmhairiú, agus éascaíonn sé saothar aindleathach agus rochtain ar chórais airgeadais idirnáisiúnta. Díríonn sé go sonrach ar dheontais agus iasachtaí forbartha, chomh maith le hinfheistíocht dhíreach choigríche atá curtha in áirithe do thionscadail bhardasacha. Dá bhrí sin, bíonn sé ag teacht timpeall ar smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. I mí Iúil 2024, chonacthas go raibh an chuideachta rannpháirteach in aonach trádála táirgí DPDC in Vladivostok, an Rúis.’;
|
|
|
(c)
|
faoin gceannteideal ‘(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
|
Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)
|
Suíomh
|
Dáta ainmniúcháin
|
Cúiseanna
|
|
‘11.
|
Royal Shune Lei
|
Seoladh: Building 37, Room 6, Bahosi Housing, Lanmadaw Township, Yangon, Maenmar/Burma
|
16.12.2024
|
Tá Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ag tuairisciú go sainaithnítear go bhfuil Royal Shune Lei, cuideachta de chuid Mhaenmar/Burma atá ag obair mar ghnólacht idirghabhála d’fhórsaí armtha Mhaenmar/Burma, ag obair le Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID) chun airm agus airm a sholáthar ó DPDC. Is sárú ar Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iad aistrithe arm den sórt sin ó DPDC. Ar an tslí sin, tá an t-eintiteas ag cabhrú le smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a sheachaint.’.
|
|
|