This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3145
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3145 of 18 December 2024 amending Annexes I, IX, X and XV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the lists of third countries or territories or zones thereof authorised for the entry into the Union of consignments of certain products of animal origin, and correcting Annex XXI thereto as regards the entries for the United States
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3145 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena gceartaítear Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3145 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena gceartaítear Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe
C/2024/8859
IO L, 2024/3145, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3145/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3145 |
19.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3145 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena gceartaítear Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de. De bharr an mhéid seo a leanas:
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na rialacha ginearálta agus leagtar amach na liostaí in Iarscríbhinní II go XXII a ghabhann leis. |
|
(4) |
Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi chásanna deimhnithe d’ionfhabhtuithe leis an víreas gormtheanga (VGT) i mbó-ainmhithe agus in ainmhithe den chineál caorach sa Bhreatain Mhór. Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag an Macadóin Thuaidh don Choimisiún faoi chásanna deimhnithe de VGT in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ina críoch. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Macadóin Thuaidh ainmhithe bronntacha den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a thástáil i ndáil le seamhan, úicítí nó suthanna arna dtáirgeadh in vitro i leith VGT. Le hIarscríbhinní IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe agus ó ainmhithe den chineál caorach agus ó ainmhithe den chineál gabhair faoi seach a theacht isteach san Aontas. De dheasca na gcásanna deimhnithe de VGT sa Bhreatain Mhór agus sa Mhacadóin Thuaidh, ba cheart an ráthaíocht sláinte ainmhithe ‘Tástáil-VGT’ a chur isteach sna hiontrálacha a bhaineann le criosanna GB-1 agus GB-2 sa Ríocht Aontaithe agus i gcrios MK-0 sa Mhacadóin Thuaidh i gcolún 6 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IX, agus san iontráil a bhaineann le crios GB-0 sa Ríocht Aontaithe i gcolún 6 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, liostaítear na tríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí de tháirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. Sa tuairisc ar chrios ‘BR-2’ sa Bhrasaíl sa tábla a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn sin, i measc nithe eile, tagraítear do chriosanna ‘BR-3’ agus ‘BR-4’ sa Bhrasaíl sa tábla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Mar sin féin, tar éis an leasaithe ar Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1170 ón gCoimisiún (4), ní liostaítear na criosanna ‘BR-3’ agus ‘BR-4’ sa Bhrasaíl a thuilleadh sa tábla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart an tuairisc ar chrios ‘BR-2’ sa Bhrasaíl i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Ina theannta sin, liostaítear críoch iomlán na Moldóive in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar thríú tír óna n-údaraítear coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a ndearnadh cóireáil maolúcháin riosca shonrach ‘D’ orthu, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, a theacht isteach san Aontas. |
|
(7) |
An 21 Meitheamh 2024, chuir an Mholdóiv iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun a crios ‘MD-1’ a liostú in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar chrios údaraithe maidir le coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas nach gceanglaítear cóireáil maolúcháin riosca shonrach a dhéanamh orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. |
|
(8) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an iarraidh ón Moldóiv agus tháinig sé ar an gconclúid, i bhfianaise stádas sláinte ainmhithe chrios ‘MD-1’ sa Mholdóiv maidir le galair liostaithe ábhartha agus na ráthaíochtaí a thug údarás inniúil na Moldóive maidir le comhlíonadh nó coibhéis na gceanglas sláinte ainmhithe is infheidhme san Aontas, go bhféadfaí an crios sin a liostú i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a bhfuil cóireáil neamhshonrach ‘A’ sannta dóibh i gcolún 10 den tábla i gCuid 1, Roinn A d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a theacht isteach san Aontas, rud a léiríonn nach gceanglaítear aon chóireáil maolúcháin riosca shonrach a dhéanamh ar na táirgí feola. Ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir sin, |
|
(9) |
Ina theannta sin, ní mór tagairtí áirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Thairis sin, i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 liostaítear na tríú tíortha nó críocha, nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha áirithe de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na speicis liostaithe sin a theacht isteach san Aontas. San iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, sna rónna le haghaidh chriosanna ‘US-2’, ‘US-3’, ‘US-4’ agus ‘US-5’, i gcolún 6 den liosta sin, scriosadh go hearráideach an tagairt do dheimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach ‘AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER’ le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1727 ón gCoimisiún (5), nuair a leasaigh sé an Iarscríbhinn sin. Ba cheart an tagairt sin a chur isteach arís agus ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir. |
|
(11) |
Beidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1727 ón 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá réir sin, an ceartúchán a dhéantar leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart feidhm a bheith aige ón dáta sin freisin. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún
Ceartaítear Iarscríbhinní XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 01 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1170 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní IV, VIII, XIII, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch, agus lena gceartaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis a mhéid a bhaineann leis an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L, 2024/1170, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1170/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1727 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun (AE) 2021/404 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 345, 30.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1727/oj).
IARSCRÍBHINN
CUID I
LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn IX, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
|
(3) |
In Iarscríbhinn X, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:
|
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:
|
CUID II
CEARTÚCHÁN AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/404 ÓN gCOIMISIÚN
In Iarscríbhinn XXI, i gCuid 1, i Roinn A, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2 go US-5:
|
‘US Stáit Aontaithe Mheiriceá (1) |
US-2 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
MOL-HC |
B |
||||||||
|
US-3 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
|
MOL-HC |
B |
||||||||
|
US-4 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
|
MOL-HC |
B |
||||||||
|
US-5 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
|
MOL-HC |
B’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3145/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)