This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3143
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3143 of 18 December 2024 establishing the circumstances, formats and procedures for notifications pursuant to Article 61(5) of Regulation (EU) 2019/881 of the European Parliament and of the Council on ENISA (the European Union Agency for Cybersecurity) and on information and communications technology cybersecurity certification
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3143 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide
C/2024/8889
IO L, 2024/3143, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3143/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3143 |
19.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3143 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2024
lena mbunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 61(5) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (1), agus go háirithe Airteagal 61(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2019/881 (an Gníomh um Chibearshlándáil), is iad na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála (ÚNDCanna) atá freagrach as fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú agus, i gcás inarb infheidhme, arna n-údarú chun deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint ar leibhéil áirithe dearbhúcháin, agus ba cheart dóibh an fógra a choinneáil cothrom le dáta. Thairis sin, de réir Airteagal 61(2) de Rialachán(AE) 2019/881, ceanglaítear ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála bliain amháin tar éis don scéim teacht i bhfeidhm. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le fógraí agus chun an próiseas fógartha do ÚNDCanna a éascú, ba cheart na cúinsí, formáidí agus nósanna imeachta le haghaidh na bhfógraí a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach na gnéithe sin a shoiléiriú d’fhonn an chéad Scéim Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún (2) a chur i bhfeidhm. |
|
(2) |
Sa Rialachán sin admhaítear na sineirgí atá ann idir Rialachán (AE) 2019/881 agus reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (3). Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, go dtabharfaidh na ÚNDCanna fógra don Choimisiún tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt, arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Gan dochar d’oibleagáid an Choimisiúin liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart an liosta a chur ar fáil go poiblí freisin san uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún. |
|
(3) |
Ciallaíonn fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, údaraithe gur féidir muinín a bheith as na comhlachtaí sin chun gníomhaíochtaí measúnaithe agus deimhniúcháin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881, rud a chuireann le clú foriomlán na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Is den ríthábhacht é dá bhrí sin a áirithiú go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina tugadh fógra a gceanglais agus a n-oibleagáidí le himeacht ama. Ba cheart an liosta foilsithe de chomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra a bheith cruinn agus a choinneáil cothrom le dáta, rud a léiríonn go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán(AE) 2019/881 agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais shonracha nó bhreise faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Chun na críche sin, is gá go dtabharfadh na ÚNDCanna fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfógra, i gcomhréir le hAirteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2019/881. |
|
(4) |
Is iad na ÚNDCanna atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta Rialachán (AE) 2019/881 agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus sa chomhthéacs sin is iad a dhéanann cruinneas na bhfógraí a áirithiú. Bíonn na gníomhaíochtaí sin faoi réir athbhreithniú piaraí, agus ba cheart go gcuideodh a dtoradh le haon athrú is gá a dhéanamh chun a n-éifeachtacht a fheabhsú a chinneadh. Féadfaidh na ÚNDCanna a bhunú nach gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais ábhartha a thuilleadh tar éis ábhair imní a cuireadh in iúl dóibh faoi chúinsí difriúla. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go dtacódh torthaí na sásraí measúnaithe piaraí leis na ÚNDCanna maidir le faireachán a dhéanamh ar inniúlacht leanúnach na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚNDCanna eile, an Coimisiún nó páirtithe leasmhara ábhair imní a ardú leis an ÚNDC a thugann fógra maidir le hinniúlacht leanúnach comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra. |
|
(5) |
Agus cinneadh á dhéanamh fógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta a chur ar fionraí, a shrianadh nó a tharraingt siar, comhoibreoidh an ÚNDC a thugann fógra leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe arna cheapadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881 lena bhforáiltear gur cheart do ÚNDCanna cúnamh agus tacaíocht ghníomhach a thabhairt, agus comhoibriú go gníomhach, leis na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe leis na gníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta atá acu. Ba cheart an srian ar fhógra a bheith ag tagairt do chás ina laghdaítear raon feidhme an chreidiúnaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, raon feidhme an údaraithe, agus raon feidhme an fhógra dá réir sin. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 54(1), pointe (n) de Rialachán(AE) 2019/881, tá rialacha le bheith san áireamh i ngach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, i gcás inarb infheidhme, a bhaineann le taifid a choinneáil ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta;. Is gá, dá bhrí sin, sa chás go ndéanfar fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó sa chás gur stad an comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra dá ghníomhaíocht, go n-áiritheoidh an ÚNDC a thugann fógra go ndéantar taifid an chomhlachta um measúnú comhréireachta sin a stóráil ar bhealach slán agus go gcoinneofar iad ar feadh na tréimhse is gá, mar a fhorordaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2019/881, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo bunaítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta maidir le fógraí ó údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála (ÚNDCanna) faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2019/881.
Airteagal 2
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
1. I gcomhréir le hAirteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2019/881, tabharfaidh na ÚNDCanna fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíon na ceanglais a leagtar síos i Rialachán(AE) 2019/881 agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais shonracha nó bhreise faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.
2. Tabharfaidh an ÚNDC fógra don Choimisiún trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE.
3. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn san fhógra.
Airteagal 3
Uimhreacha aitheantais agus liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta
1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra. Ní shannfaidh sé ach uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra faoin gcomhlacht de bhun roinnt scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó roinnt gníomhartha de chuid Aontais.
2. Agus liosta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra á chur ar fáil ar an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún san áireamh a huimhreacha aitheantais a leithdháileadh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí faoinar tugadh fógra dóibh.
3. Cuirfidh ENISA an fhaisnéis maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra ar fáil ar a shuíomh gréasáin tiomnaithe maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Rialachán(AE) 2019/881.
Airteagal 4
Athruithe ar fhógraí
1. Tabharfaidh na ÚNDCanna fógra don Choimisiún faoi aon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 2 tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún gan moill mhíchuí, i gcomhréir le hAirteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2019/881.
2. I gcás inar bhunaigh ÚNDC, i gcomhar leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, mar a fhoráiltear i Rialachán(AE) 2019/881, nach gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra na ceanglais nó na hoibleagáidí a bhfuil sé faoina réir a thuilleadh, déanfaidh an ÚNDC an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is cuí, ag brath ar thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún gan moill mhíchuí.
3. Sa chás go ndéanfar fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó sa chás gur stad an comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra dá ghníomhaíocht, déanfaidh an ÚNDC a thugann an fógra na céimeanna iomchuí lena áirithiú go ndéantar taifid an chomhlachta um measúnú comhréireachta sin a stóráil ar bhealach slán agus go gcoinneofar iad ar feadh na tréimhse is gá, mar a fhorordaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/482 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le glacadh na scéime Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna (SEDC) (IO L, 2024/482, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/482/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).
(4) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/768(1)/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
IARSCRÍBHINN
Faisnéis atá le háireamh san fhógra faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 61(1) de Rialachán(AE) Uimh. 2019/881, dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Rialachán seo
1.
Faisnéis ghinearálta:|
(1) |
Teideal na scéime um dheimhniú cibearshlándála |
|
(2) |
Leibhéal/leibhéil dearbhúcháin, i gcás inarb infheidhme, agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta gaolmhara (e.g. bunúsacha, substaintiúla, arda) |
|
(3) |
Raon feidhme (e.g. raon feidhme creidiúnaithe, catagóirí nó cineálacha táirgí, seirbhísí, próiseas) |
2.
Faisnéis faoin údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a thugann fógra:|
(1) |
Ainm |
|
(2) |
Tír |
|
(3) |
Seoladh poist |
|
(4) |
Seoladh/seoltaí ríomhphoist |
|
(5) |
Uimhir theileafóin/uimhreacha teileafóin |
|
(6) |
Suíomh gréasáin |
3.
Faisnéis faoin gcomhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra:|
(1) |
Ainm |
|
(2) |
Tír |
|
(3) |
Seoladh poist |
|
(4) |
Seoladh/seoltaí ríomhphoist |
|
(5) |
Uimhir theileafóin/uimhreacha teileafóin |
|
(6) |
Suíomh gréasáin |
4.
Faisnéis faoin gcreidiúnú:|
(1) |
Creidiúnú:
|
|
(2) |
An comhlacht náisiúnta creidiúnaithe:
|
5.
Faisnéis faoin údarú (más infheidhme):|
(1) |
Údarú:
|
|
(2) |
An t-údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a thugann an t-údarú (murab ionann é agus an t-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála):
|
6.
Faisnéis bhreise:|
(1) |
Aon fhaisnéis bhreise is gá i scéim shonrach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála |
|
(2) |
Aon doiciméad tacaíochta |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3143/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)