This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3122
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3122 of 16 December 2024 authorising an exemption pursuant to Regulation (EU) 2024/573 of the European Parliament and of the Council, with regard to the use of fluorinated greenhouse gases with a GWP of 150 or more in blood transport boxes and blood plasma contact shock freezers
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3122 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda i mboscaí iompair fola agus i reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3122 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda i mboscaí iompair fola agus i reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola
C/2024/8773
IO L, 2024/3122, 17.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3122/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3122 |
17.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3122 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2024
lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda i mboscaí iompair fola agus i reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le pointe 4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, cuirtear toirmeasc ón 1 Eanáir 2025 ar threalamh cuisniúcháin féinchuimsitheach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chur ar an margadh ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573, an 14 Deireadh Fómhair 2024, chuir údaráis inniúla Lucsamburg iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú díolúine lena gceadaítear boscaí iompair fola agus reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola, a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, a chur ar mhargadh an Aontais. |
|
(3) |
Is córais aonair iad boscaí iompair fola chun fuil a bhailiú, a stóráil agus a sheachadadh. Leis na boscaí, coinnítear fuil nó comhpháirteanna fola ag teocht chosanta agus chobhsaí idir 2 °C agus 6 °C, nó comhpháirteanna pláitíní idir 20 °C agus 24 °C go dtí go mbeidh siad réidh le húsáid. Is gairis iad reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola a úsáidtear chun plasma fola a reo go tapa chuig lár-theocht –30 °C. |
|
(4) |
Luaitear san iarraidh ar dhíolúine go bhfuil boscaí iompair fola agus reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola ag brath go mór faoi láthair ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, agus go bhfuil go leor dúshlán teicniúil ag baint le trealamh a fhorbairt darb acmhainn substaintí malartacha a úsáid gan cur isteach ar an tsábháilteacht. Chun a áirithiú go n-úsáidfear roghanna malartacha go sábháilte, chun a áirithiú go ndéanfar na hathruithe is gá ar an dearadh, agus chun costais a choinneáil ar leibhéal comhréireach, tá gá le ham chun an t-aistriú chuig cuisneáin ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a éascú. Thairis sin, tá riosca ann freisin maidir le hinfhaighteacht táirgí ar an margadh, i gcás nach bhfuil d’acmhainn ag monaróirí an trealaimh sin an trealamh a sholáthar a thuilleadh. In éagmais díolúine, ní cheadófar trealamh den sórt sin a onnmhairiú ach oiread ón 12 Márta 2025 i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2024/573. |
|
(5) |
Leis an iarraidh ar dhíolúine iarrtar síneadh 2 bhliain ón toirmeasc ar chur ar an margadh chun forbairt agus tástáil meaisíní comhlíontacha nua a thabhairt chun críche agus chun leanúnachas an tsoláthair táirgí criticiúla fola a áirithiú, ar táirgí iad atá riachtanach do go leor idirghabhálacha práinneacha agus ríthábhachtacha leighis. |
|
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar dhíolúine agus measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/573. Measann an Coimisiún freisin, i ngeall ar na himthosca eisceachtúla sin, gur cheart am leordhóthanach a thabhairt chun suaitheadh sa mhargadh i soláthar an trealaimh fhíor-riachtanaigh sin a sheachaint. Measann an Coimisiún go mbeadh údar le tréimhse 2 bliana sa chás eisceachtúil sin. |
|
(7) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh ag an toirmeasc ar an gcineál trealaimh dá dtagraítear sa díolúine a chur ar mhargadh an Aontais, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, arna bhunú le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2024/573, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Iarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, údaraítear boscaí iompair fola agus reoiteoirí suaite teagmhála le haghaidh plasma fola, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/573.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3122/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)