This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3121
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3121 of 16 December 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2021/1378 as regards the recognition of certain control bodies in accordance with Article 46 of Regulation (EU) 2018/848 of the European Parliament and of the Council as competent to carry out controls and issue organic certificates in third countries for the purpose of imports of organic products into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3121 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3121 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
C/2024/8788
IO L, 2024/3121, 17.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3121/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3121 |
17.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3121 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2) ionas go mbeadh inti an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3) na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á cur faoi bhráid an Choimisiúin, ar iarraidh í ina bhfuil sainchomhad teicniúil. |
|
(3) |
Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, tá iarrataí ar aitheantas faighte ag an gCoimisiún, iarrataí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848, ó roinnt comhlachtaí rialaithe. |
|
(4) |
Fuair an Coimisiún na hiarrataí ar aitheantas ó ‘Başak Ekolojik Ürünler Kontrol ve Sertifikasyon Hizmetleri Ticaret Limited Şirketi’, ‘Bioagricert s.r.l. Unipersonale’, ‘DQS POLSKA SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ’, ‘GCL International Ltd’, ‘Japan Organic and Natural Foods Association’ agus ‘Sertifikācijas un testēšanas centrs’, agus scrúdaigh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, chinn an Coimisiún go bhfuil údar le haitheantas a thabhairt dóibh, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
|
(5) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1378 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1698/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tríú mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Balkan Biocert Macedonia DOOEL Skopje: ‘Başak Ekolojik Ürünler Kontrol ve Sertifikasyon Hizmetleri Ticaret Limited Şirketi
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála maidir le Beijing Continental Hengtong Certification Co., Ltd: ‘Bioagricert s.r.l. Unipersonale
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh DQS POLSKA SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ: ‘DQS POLSKA SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le FOOD SAFETY S.A.: ‘WSC International Ltd
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le INDOCERT: ‘Japan Organic and Natural Foods Association’
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Organska Kontrola d.o.o. Sarajevo: ‘Sertifikācijas un testēšanas centrs
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3121/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)