This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3089
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/3089 of 30 September 2024 amending Regulation (EU) 2019/1241 as regards measures to reduce incidental catches of common dolphin (Delphinus delphis) and other small cetaceans in the Bay of Biscay
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3089 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3089 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
C/2024/6800
IO L, 2024/3089, 9.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3089/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3089 |
9.12.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/3089 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus céiticeach beag eile a laghdú i mBá na Bioscáine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De réir Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (AE) 2019/1241, tá bearta teicniúla le rannchuidiú le gabhálacha de thaisme na speiceas muirí íogaire a íoslaghdú, agus nuair is féidir, deireadh a chur leo, lena n-áirítear na speicis sin a liostaítear i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle (2) agus i dTreoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a ghabhtar de thoradh iascaireachta. |
|
(2) |
De réir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/1241, maidir le moladh comhpháirteach a chuirtear isteach chun críche na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), i ndáil le speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint, féadfar a shonrú ann, go háirithe, úsáid beart breise nó malartach ar na bearta sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIII chun gabhálacha de thaisme de na speicis dá dtagraítear in Airteagal 11 a íoslaghdú, go bhféadfar faisnéis a sholáthar ann maidir le héifeachtacht na mbeart maolaithe agus na socruithe faireacháin atá ann cheana agus go bhféadfar srianta ar oibriú trealaimh áirithe a shonrú ann nó toirmeasc iomlán ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe a thabhairt isteach laistigh de limistéar inar bagairt trealamh den sórt sin ar stádas caomhnaithe na speiceas sa limistéar sin dá dtagraítear in Airteagal 10 agus 11 nó ar ghnáthóga íogaire eile. Le hAirteagal 11(1) tagraítear do na mamaigh mhuirí nó na reiptílí muirí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus do speicis d’éanlaith mhara a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE. |
|
(3) |
Is speiceas atá faoi dhianchosaint é an deilf choiteann (Delphinus delphis) de réir Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, ina liostaítear na céiticigh uile mar speicis ar le leas an Chomhphobail iad a bhfuil dianchosaint de dhíth orthu. De réir CITM, is é 634 286 an líon deilfeanna coiteanna i mBá na Bioscáine (4). Meastar gur bagairt mhór iad gabhálacha de thaisme, agus de réir breathnóireachtaí ar muir, meastar iad a bheith ag 5 938 ndeilf choiteanna in aghaidh na bliana idir 2019 agus 2021. Tá an luach sin os cionn na teorann maidir le hAistrithe Bitheolaíocha Féideartha (5), teorainn a mheastar a bheith ag 4 926 dheilf choiteann in aghaidh na bliana (6). |
|
(4) |
Bhí dáileadh deilfeanna beaga (deilfeanna coiteanna, deilfeanna stríocacha agus deilfeanna coiteanna nó stríocacha neamhaitheanta) níos scaipthe in 2021 ná mar a bhí san am a chuaigh thart agus chonacthas go leor deilfeanna beaga thar limistéar scairbhe Bhá na Bioscáine (7). Cuireadh tús le sraith suirbhéanna ar mhórscála 30 bliain ó shin arbh é is aidhm dóibh monatóireacht a dhéanamh ar mhíolta móra, deilfeanna agus muca mara ar an scairbh agus ar uiscí amach ón gcósta san Atlantach Thoir Thuaidh. Cuid den aidhm fhoriomlán is ea measúnú a dhéanamh ar thionchar na básmhaireachta dírí de bharr gníomhaíochtaí daonna agus cur leis an bhfaisnéis a bheidh mar bhonn chun aon ghníomhaíocht chaomhnaithe is gá a shainaithint lena méadófar stádas caomhnaithe céiticeach (8). |
|
(5) |
In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, leagtar síos rialacha ar an leibhéal réigiúnach maidir le bearta maolaithe chun gabhálacha de thaisme de speicis íogaire lena n-áirítear céiticigh, a laghdú, trí limistéir srianta, tréimhsí agus teorainneacha trealaimh a shonrú. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun sonraí eolaíocha a bhailiú maidir le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a bhunaítear faoi Iarscríbhinn XIII. |
|
(6) |
De réir phointe 3 den Iarscríbhinn sin, cuirfidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha isteach maidir le bearta maolaithe breise chun gabhálacha de thaisme de speicis íogaire a laghdú, bunaithe ar Airteagal 15 den Rialachán sin, i gcás ina ndéanfar tionchar diúltach na dtrealamh iascaireachta ar na speicis lena mbaineann a léiriú le fianaise eolaíoch, arna bailíochtú ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CTIM) nó ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI). |
|
(7) |
Sa chomhairle ó CTIM an 29 Meitheamh 2023 (9), rinne sí athmheasúnú ar na 15 chás maolaithe a thástáil sí ina chomhairle an 26 Bealtaine 2020 (10) agus mhol sí gur dócha go laghdóidh sé cinn de na cásanna sin gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna in iascaigh i mBá na Bioscáine faoi bhun na teorann aistrithe bitheolaíche a d’fhéadfadh a bheith ann, ach amháin le haghaidh meastacháin mhortlaíochta a dhíorthaítear ó shampláil ar muir. Thairis sin, mheas CTIM nach dtiocfadh laghdú ar bhásmhaireacht bhliantúil deilfeanna coiteanna faoi bhun na teorann aistrithe bitheolaíche le haghaidh meastacháin mhortlaíochta a dhíorthaítear ó shampláil ar muir agus ó shnáitheanna araon mar thoradh ar aon cheann de na cásanna maolaithe. Mhol CTIM an méid seo a leanas freisin: (i) is dócha gurb iad tréimhsí iaimh ama i bhfolimistéar 8 i métiers áirithe na bearta bainistíochta is éifeachtaí chun básmhaireacht gabhála de thaisme a laghdú sa ghearrthéarma; agus (ii) go mbeidh feidhmíocht na bhfeistí fuaimchiaptha ag brath ar na feistí fuaimchiaptha a bheith ag feidhmiú go barrmhaith i dtrealaimh áirithe. |
|
(8) |
An 17 Eanáir 2024, ghlac an Fhrainc bearta spásúla-ama le haghaidh soithí faoi bhrataigh eachtracha, arb é is aidhm dóibh gabhálacha de thaisme céiticeach beag i mBá na Bioscáine a laghdú le haghaidh na bliana 2024 (11), lenar forlíonadh na bearta atá i bhfeidhm cheana féin maidir le soithí de chuid na Fraince le Foraithne an 24 Deireadh Fómhair 2023, arna leasú le hordú ón gConsal d’Etat an 22 Nollaig 2023. Bhunaigh an Fhrainc iamh iascaigh 4 seachtaine ar cuireadh toirmeasc ar shoithí is mó ná 8 méadar a úsáideann tráil pheiligeacha (OTM, PTM), tráil ghrinnill dhá bhád (PTB), eangacha geolbhaigh (GNS), traimlí(GTR) agus peaslíonta saighne (PS) iascaireacht a dhéanamh lena linn ón 22 Eanáir 2024 go dtí an 20 Feabhra 2024 laistigh d’uiscí na Fraince i bhfolimistéir 8 a, b, c agus e CTIM. An 18 Eanáir 2024, ghlac an Spáinn rialachán náisiúnta freisin chun an t-iamh céanna in uiscí na Fraince i bhfolimistéir 8 CTIM a chur chun feidhme le haghaidh chabhlach na Spáinne (12). |
|
(9) |
An 20 Meitheamh 2024, chuir grúpa réigiúnach Uiscí an Iardheiscirt (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil) moladh comhpháirteach isteach inar moladh bearta sonracha chun gabhálacha de thaisme céiticeach beag a laghdú i mBá na Bioscáine (Folimistéar 8 CTIM). Mhol na Ballstáit dhá bheart bainistíochta chun gabhálacha de thaisme a laghdú, chomh maith le bearta faireacháin coimhdeacha chun feabhas a chur ar an eolas ar na hidirghníomhaíochtaí idir céiticigh agus gníomhaíochtaí iascaireachta. Is éard atá i gceist leis na bearta bainistíochta úsáid feistí fuaimchiaptha le haghaidh na dtrál peiligeach meánuisce agus na dtrál grinnill dúbailte uile, agus iamh iascaigh ón 22 Eanáir go dtí an 20 Feabhra. Is éard atá sna bearta faireacháin chun sonraí eolaíocha a bhailiú taifeadtaí de ghabhálacha céiticeach de thaisme sa logleabhar, chomh maith le taifeadtaí a dhéantar trí chéatadáin áirithe den iarracht iascaireachta a chumhdach le breathnóirí nó le córais faireacháin leictreonacha lena n-ionchorpraítear ceamaraí ar bord. |
|
(10) |
Moladh an méid seo a leanas sa mholadh comhpháirteach freisin: (i) go spreagfar traimlí agus eangaigh gheolbhaigh, tráil pheiligeacha agus tráil ghrinnill dhá bhád chun triail a bhaint as trealaimh agus gairis nua chun céiticigh a eisiamh; agus (ii) go mbaileoidh go roinnfidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha de thaisme le CTIM agus eatarthu féin. |
|
(11) |
Agus an moladh comhpháirteach á fhorbairt ag Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt agus an Chomhairle Chomhairleach Pheiligeach, tugadh cuireadh dóibh freastal, i bpáirt, ar chruinnithe de Ghrúpa Ardleibhéil Uiscí an Iardheiscirt agus den Ghrúpa Teicniúil. |
|
(12) |
Ag an gcruinniú iomlánach a bhí ag CETEI an 12-16 Iúil 2024, mheas sé na bearta a moladh sa mholadh comhpháirteach agus tháinig sé ar an gconclúid, cé nach bhfuil siad chomh dian céanna leis na bearta a mhol CITM chun gabhálacha de thaisme deilfeanna coiteanna in iascaigh i mBá na Bioscáine faoin teorainn aistrithe bitheolaíche a laghdú, gur céim chun cinn iad chun iarracht a dhéanamh na gabhálacha de thaisme sin a laghdú (13). Mheas CETEI freisin, cé nach bhfuil go leor sonraí críochnaitheacha ann go fóill chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an iaimh iascaigh i ndáil leis an teorainn aistrithe bitheolaíche, mar thoradh ar na bearta a ghlac an Fhrainc an 17 Eanáir 2024, go bhfuil laghdú tagtha ar an líon iomlán sáinneacha deilfeanna coiteanna i gcomparáid le 2023. |
|
(13) |
Thug na Ballstáit an moladh comhpháirteach cothrom le dáta an 19 Meán Fómhair 2024 chun soiléiriú a dhéanamh ar thomhas na hiarrachta iascaireachta a bhfuil feidhm aici maidir le heangacha geolbhaigh agus traimlí agus chun eangacha geolbhaigh agus traimlí in éineacht a chur le liosta na dtrealamh a bhfuil feidhm ag an iamh iascaigh maidir leo. |
|
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú an 20 Meán Fómhair 2024. |
|
(15) |
Measann an Coimisiún go gcuideoidh na bearta a mholtar sa mholadh comhpháirteach chun gabhálacha de thaisme de dheilfeanna coiteanna a laghdú i mBá na Bioscáine in 2025, cé nach bhfuil na bearta sin chomh dian céanna leis na bearta a mhol CTIM sna sé chás maolaithe is dócha a laghdóidh gabhálacha de thaisme faoin teorainn aistrithe bitheolaíche. |
|
(16) |
Tugann an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire freisin: (i) cé go gcuireann CETEI i dtábhacht nach bhfuil úsáid na bhfeistí fuaimchiaptha chomh cinntitheach céanna i gcás deilfeanna agus atá i gcás speicis eile, tagraíonn sé freisin do staidéir a rinneadh le déanaí ina léirítear cion níos ísle gabhálacha de thaisme nuair a úsáidtear gairis bactha deilfeanna; (ii) measann CETEI gur cheart go mbainfí torthaí go luath leis na hiarrachtaí taighde atá á ndéanamh, go háirithe maidir le héifeachtacht na bhfeistí fuaimchiaptha; agus (iii) maidir le hidirghníomhaíochtaí idir deilfeanna agus céiticigh bheaga eile agus iascaigh, is é tuairim CETEI go bhfuil faireachán leictreonach éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar theagmhais gabhálacha de thaisme agus chun sonraí a bhailiú a bheidh mar bhonn eolais do na rátaí gabhálacha de thaisme. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán(AE) 2019/1241 a leasú dá réir sin, seachas na bearta a ndéantar achoimre orthu in aithris 10, i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (i) Le Rialachán (AE) 2019/1241, ceadaítear cheana do thraimlí agus d’eangaigh gheolbhaigh, do thráil pheiligeacha agus do thráil ghrinnill triail a bhaint as trealaimh agus gairis nua chun céiticigh a eisiamh; agus (ii) tá oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit cheana sonraí maidir le gabhálacha de thaisme a bhailiú agus a roinnt le CTIM agus eatarthu féin. |
|
(18) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar úsáid ceamaraí ar bord na rialacha maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Dá bhrí sin, níor cheart baint a bheith ag ábhar físe taifeadta a fhaightear ó cheamaraí ar bord ach leis an trealamh agus leis na codanna de na soithí i gcás ina dtugtar gabhálacha ar bord, ina láimhseáiltear agus ina stóráiltear iad agus le gach limistéar inar féidir gabhálacha de thaisme céiticeach beag a dhéanamh, agus níor cheart, a mhéid is féidir, sainaithint daoine nádúrtha a bheith indéanta leis. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú freisin go ndéanfar sonraí pearsanta a anaithnidiú a luaithe is féidir. |
|
(19) |
Tá an Rialachán Tarmligthe seo gan dochar do bhearta breise maidir leis an deilf choiteann agus céiticigh bheaga eile a chosaint a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear bearta i ndáil le forfheidhmiú Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (15) nó, i gcás mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le bagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar an éiceachóras muirí de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus bearta náisiúnta níos déine a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun na críche sin ina n-uiscí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(20) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(3) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(4) CITM (2020). Iarraidh ón Aontas maidir le bearta éigeandála chun foghabháil deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus muc mhara atá i gCeartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) san Atlantach Thoir Thuaidh a chosc, https://doi.org/10.17895/ices.advice.6023.
(5) Teorainn arna meas ag CITM chun a áirithiú go bhfanfaidh pobal ag a ghlanleibhéal uasta táirgiúlachta, nó go n-athbhunóidh siad chuig a ghlanleibhéal uasta táirgiúlachta (50 % de chumas iompair na bpobal de ghnáth), agus dóchúlacht 95 % ann, laistigh de thréimhse 100 bliain.
(6) CITM (2023). Ceardlann ar bhearta maolaithe chun foghabhálacha deilfeanna coiteanna a laghdú i mBá na Bioscáine (WKEMBYC2), https://doi.org/10.17895/ices.pub.21940337.v1.
(7) CTIM. 2023. Ceardlann ar bhearta maolaithe chun foghabhálacha deilfeanna coiteanna a laghdú i mBá na Bioscáine.
(8) ASCOBANS. Céiticigh Bheaga in uiscí Atlantacha na hEorpa agus sa Mhuir Thuaidh (SCANS-III): Réamhrá an Tionscadail. An 20ú Cruinniú de Choiste Comhairleach ASCOBANS. https://www.ascobans.org/sites/default/files/document/AC20_4.1.a_SCANSIII.pdf.
(9) CITM (2023). Iarraidh ón Aontas maidir le bearta maolaithe chun foghabhálacha deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) a laghdú i mBá na Bioscáine (folimistéar 8 CTIM) a chosc, https://doi.org/10.17895/ices.advice.23515176.
(10) CITM (2020). Iarraidh ón Aontas maidir le bearta éigeandála chun foghabháil deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus muc mhara atá i gCeartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) san Atlantach Thoir Thuaidh a chosc, https://doi.org/10.17895/ices.advice.6023.
(11) Arrêté du 17 janvier 2024 établissant des mesures spatio-temporelles pour les navires battant pavillon étranger, visant la réduction des captures accidentelles de petits cétacés dans le golfe de Gascogne pour l’année 2024.
(12) Orden APA/24/2024, de 18 de enero, por la que se modifica la Orden APA/1200/2020, de 16 de diciembre, por la que se establecen medidas de mitigación y mejora del conocimiento científico para reducir las capturas accidentales de cetáceos durante las actividades pesqueras.
(13) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – an 76ú Tuarascáil Iomlánach (STECF-PLEN-24-02), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024.
(14) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(15) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú (an Treoir maidir le Gnáthóga) (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
cuirfear an iontráil seo a leanas leis an tábla i bpointe 1.1(b) de phointe 1:
|
|
(2) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach: ‘4. Bearta speisialta i mBá na Bioscáine (Folimistéar 8 CTIM)
|
(*1) Beidh feidhm ag an mbeart seo go dtí an 31 Nollaig 2025.’;
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3089/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)