This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3084
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/3084 of 4 December 2024 on the functioning of the information system pursuant to Regulation (EU) 2023/1115 of the European Parliament and of the Council on the making available on the Union market and the export from the Union of certain commodities and products associated with deforestation and forest degradation
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas
C/2024/8691
IO L, 2024/3084, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3084/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3084 |
6.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3084 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Nollaig 2024
maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1115, leagtar síos rialacha chun íoslaghdú a dhéanamh ar an méid a chuireann an tAontas leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí. Baintear sin amach trí oibleagáidí díchill chuí a fhorchur ar oibreoirí agus ar thrádálaithe a dhéanann tráchtearraí agus táirgí áirithe a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais. I gcás ina ndéantar tagairt d’oibreoirí sa Rialachán seo, ba cheart a thuiscint go dtagraíonn sé freisin do thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh má tá forálacha an Rialacháin seo infheidhme go ginearálta ina leith i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1115, go sonrach Airteagal 5(1) de. |
|
(2) |
Glacann oibreoirí freagracht go foirmiúil as comhlíontacht na dtáirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar an margadh nó a onnmhairiú trí ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil (‘Ráitis maidir le Dícheall Cuí’). |
|
(3) |
Is gá Córas Faisnéise a fhorbairt agus rochtain air a thabhairt d’oibreoirí agus do thrádálaithe, agus más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, dá n-údaráis inniúla agus dá n-údaráis chustaim, chun a n-oibleagáidí féin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a chur chun feidhme. Leis an gCóras Faisnéise, ba cheart malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát, agus idir údaráis chustaim, a éascú. |
|
(4) |
Ba cheart an Córas Faisnéise a bheith ina fheidhmchlár bogearraí bunaithe ar ardán TRACES arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), atá le forbairt agus le coinneáil ar bun ag an gCoimisiún. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is gá na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Chórais Faisnéise a leagan amach chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach comhchuibhithe Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú. |
|
(6) |
Chun bacainní teanga a shárú, ba cheart an Córas Faisnéise a bheith ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan úsáideora an Chórais Faisnéise a aistriú go teangacha oifigiúla uile an Aontais. |
|
(7) |
Chun cúraimí na n-oibreoirí, na dtrádálaithe, na n-údarás inniúil, na n-údarás custaim agus an Choimisiúin a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2023/1115, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu faisnéis a mhalartú ina mbeidh sonraí pearsanta. Ba cheart aon mhalartú faisnéise den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 (3) agus i Rialachán (AE) 2018/1725 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá réir sin, an malartú sonraí pearsanta is gá chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh agus na cúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh, tagann sé faoi raon feidhme próiseála dleathaí sonraí de bhun Airteagal 5(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus Airteagal 6(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(8) |
Ba cheart an Córas Faisnéise a úsáid chun tacú leis na hoibreoirí, leis na trádálaithe agus leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá maidir le táirgí ábhartha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chur i láthair agus rochtain a fháil uirthi. Sonraí pearsanta a fhéadfar a mhalartú tríd an gCóras Faisnéise, níor cheart iad a phróiseáil ach amháin chun oibleagáidí agus cúraimí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta in oibriú an Chórais Faisnéise chun oibleagáidí agus cúraimí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2023/1115, ba cheart oibreoirí agus trádálaithe, agus más infheidhme, a n-ionadaithe údaraithe, a n-údaráis inniúla, agus a n-údaráis chustaim a bheith ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 agus ba cheart don Choimisiún a bheith ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 le haghaidh na ngníomhaíochtaí próiseála a dhéanann siad. Ba cheart údaráis inniúla agus údaráis chustaim a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir Rialachán (AE) 2016/679 le haghaidh na ngníomhaíochtaí próiseála nuair a dhéanann siad cúraimí i gcomhar de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1115. |
|
(9) |
Ba cheart próiseáil, tarchur, stóráil agus próiseáil eile a dhéanamh ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha sa Chóras Faisnéise, chun oibleagáidí agus cúraimí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Ba cheart don Chóras Faisnéise sonraí pearsanta a phróiseáil a mhéid a bhfuil fíorghá leis chun oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. Leis an gCóras Faisnéise, níor cheart ach na catagóirí sonraí pearsanta a liostaítear in Airteagal 12(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo a phróiseáil. |
|
(11) |
Na sonraí pearsanta a chuireann úsáideoirí an Chórais Faisnéise isteach, níor cheart iad a stóráil sa Chóras Faisnéise i bhfoirm lena gceadaítear ábhair sonraí a shainaithint ar feadh tréimhse níos faide ná mar atá fíor-riachtanach chun na gcríoch a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil ina leith. Ba cheart an tréimhse sin a bheith 10 mbliana ón dáta a chuirfear an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí isteach tríd an gcóras faisnéise, agus próisis mhonaraíochta thar thréimhse fhada á gcur san áireamh chun ligean d’oibreoirí agus do thrádálaithe, agus más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, tagairt a dhéanamh do na Ráitis maidir le Dícheall Cuí atá ann cheana de bhun Airteagal 33(2)(c) de Rialachán (AE) 2023/1115 agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun a fháil amach ar feidhmíodh dícheall cuí maidir leis na táirgí ábhartha atá sna táirgí ábhartha nó atá déanta astu de bhun Airteagal 4(9) de Rialachán (AE) 2023/1115. Ba cheart stóráil agus próiseáil sonraí pearsanta níos faide a bheith indéanta i gcás inar gá chun freagrachtaí agus oibleagáidí aonair ghníomhaithe an Chórais Faisnéise a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. |
|
(12) |
Ba cheart don Choimisiún rochtain ar thacair sonraí an Chórais Faisnéise a chur ar fáil don phobal i gcoitinne i bhformáid oscailte atá go hiomlán anaithnidithe agus meaisín-inléite i gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais, a bhunófar i bhfoirm tacair sonraí a bheidh comhiomlánaithe agus anaithnidithe go cuí agus ar cheart rochtain a bheith orthu ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. |
|
(13) |
De réir na bprionsabal maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú, ba cheart an Córas Faisnéise a fhorbairt agus a dhearadh agus aird chuí á tabhairt ar cheanglais na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí, go háirithe mar gheall ar shrianta a fhorchuirtear ar rochtain ar shonraí pearsanta arna malartú sa Chóras Faisnéise. Dá bhrí sin, ba cheart leibhéal cosanta agus slándála i bhfad níos airde a thabhairt leis an gCóras Faisnéise i gcomparáid le modhanna eile chun faisnéis a mhalartú amhail uimhir theileafón, an gnáthphost nó ríomhphost. |
|
(14) |
Ba cheart don Choimisiún na bogearraí agus an bonneagar TF le haghaidh an Chórais Faisnéise a sholáthar agus a bhainistiú, iontaofacht, slándáil, infhaighteacht, cothabháil agus oibriú AGORA a áirithiú, agus a bheith rannpháirteach in oiliúint gníomhairí agus úsáideoirí an Chórais Faisnéise agus i gcúnamh teicniúil a thabhairt dóibh. Leis an gCóras Faisnéise, ba cheart a bheith in ann sonraí a mhalartú go héifeachtach le córais ábhartha agus le foinsí sonraí ábhartha Sheirbhísí an Choimisiúin. |
|
(15) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a bhfeidhmeanna agus a bhfreagrachtaí i ndáil leis an gCóras Faisnéise a oiriúnú chun a struchtúir riaracháin inmheánacha a léiriú, agus chun cineál sonrach oibre nó ord céimeanna i bpróiseas oibre áirithe a chur chun feidhme agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as Caibidil 3 de Rialachán (AE) 2023/1115 a urramú an tráth céanna. |
|
(16) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh den Chóras Faisnéise chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú, lena n-áirítear próifíliú riosca maidir leis an bplean seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2023/1115, torthaí na seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, eisiúint na n-uimhreacha tagartha arna sannadh do na Ráitis maidir le Dícheall Cuí a chur ar fionraí, agus i gcás neamh-chomhlíonadh neamh-inchoigeartaithe, diúltú do na Ráitis maidir le Dícheall Cuí lena mbaineann. De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/1115 lena bhforáiltear go ndéanfaidh údaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann gníomhú de réir na Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a soláthraíonn úsáideoirí an Chórais Faisnéise faisnéis sa Chóras Faisnéise ina leith maidir leis an mBallstát ina dtéann táirge isteach i margadh an Aontais nó ina bhfágann sé margadh an Aontais nó ina gcuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais é. In éagmais na faisnéise sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann gníomhú de réir na Ráiteas maidir le Dícheall Cuí de chuid úsáideoirí an Chórais Faisnéise atá bunaithe ina mBallstát nó atá bainteach leis. |
|
(17) |
Maidir le faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil, an t-údarás custaim, an Coimisiún, nó aon údarás eile ar deonaíodh rochtain ar an bhfaisnéis dó tríd an gCóras Faisnéise ó údarás inniúil eile, ó údarás custaim eile, ón gCoimisiún nó ó údarás eile den sórt sin, níor cheart a luach mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a bhaint di i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta ar an aon fhoras amháin gur de thionscnamh Ballstáit eile í ná go bhfuarthas trí mheán leictreonach í. Ba cheart d’úsáideoirí ábhartha an Chórais Faisnéise caitheamh le faisnéis den sórt sin ar an mbealach céanna a chaitear le doiciméid chomhchosúla de thionscnamh a Bhallstáit. |
|
(18) |
Ba cheart é a bheith indéanta ainm agus sonraí teagmhála úsáideoirí an Chórais Faisnéise a phróiseáil i gcás inar gá chun cuspóirí agus oibleagáidí Rialachán (AE) 2023/1115 agus an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar úsáid an Chórais Faisnéise ag riarthóirí agus ag úsáideoirí an Chórais Faisnéise, tionscnaimh chumarsáide, oiliúna agus ardaithe feasachta, agus faisnéis a bhailiú i ndáil le raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115, nó cúnamh frithpháirteach faoin Rialachán sin. |
|
(19) |
Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus tuairisciú éifeachtach ar fheidhmiú an Chórais Faisnéise, ba cheart do na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim nó údaráis eile ar tugadh rochtain dóibh ar an gCóras Faisnéise faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun go gcomhlíonfaidh an Coimisiún a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 agus faoin Rialachán seo. |
|
(20) |
Ba cheart ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta sa Chóras Faisnéise agus faoi na cearta a mbaineann siad tairbhe astu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leo, agus an ceart chun sonraí míchruinne a cheartú agus sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a scriosadh. |
|
(21) |
Gach gníomhaí de chuid an Chórais Faisnéise, ina cháil mar rialaitheoir i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéanann sé i dtaca le raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115, ba cheart dó a áirithiú gur féidir le hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Is éard ba cheart a chuimsiú leis sin próiseas a bhunú chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú. |
|
(22) |
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar fheidhmíocht an Chórais Faisnéise sa tuarascáil ar fheidhmiú an Chórais Faisnéise bunaithe ar shonraí staidrimh ón gCóras Faisnéise agus ar shonraí ábhartha ar bith eile. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta sa Chóras Faisnéise, lena n-áirítear slándáil sonraí. |
|
(23) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 5 Samhain 2024. |
|
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Aontais Eorpaigh (AE) um an Rialachán maidir le Slabhraí Soláthair gan Dífhoraoisiú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le feidhmiú an Chórais Faisnéise, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus sonraí a mhalartú le córais TF eile.
Airteagal 2
Cur in úsáid agus Úsáid an Chórais Faisnéise
1. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
an Córas Faisnéise a fhorbairt mar mhodúl neamhspleách d’ardán TRACES; |
|
(b) |
áiritheoidh sé feidhmiú agus coinneáil ar bun an Chórais Faisnéise chomh maith le tacaíocht lena aghaidh agus aon nuashonrú nó forbairt is gá a dhéanamh air. |
2. Oibreoirí agus trádálaithe, agus más infheidhme, a n-ionadaithe údaraithe, úsáidfidh siad an Córas Faisnéise chun Ráitis maidir le Dícheall Cuí a chur isteach agus a bhainistiú agus chun bailíocht uimhreacha tagartha a fhíorú, agus úsáidfidh údaráis inniúla, údaráis chustaim agus an Coimisiún é chun rochtain a fháil ar Ráitis maidir le Dícheall Cuí agus chun gníomhú ina leith, lena n-áirítear faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a mhalartú idir údaráis inniúla, údaráis chustaim agus an Coimisiún i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú Rialachán (AE) 2023/1115. Aon mhalartú faisnéise den sórt sin, beidh sé i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán (AE) 2018/1725.
3. Déantar na Ráitis maidir le Dícheall Cuí a shannadh sa Chóras Faisnéise do na húdaráis inniúla san ord seo a leanas:
|
(a) |
má sholáthraíonn úsáideoir an Chórais Faisnéise faisnéis lena léirítear an Ballstát ina dtéann an táirge ábhartha isteach i margadh an Aontais nó ina bhfágann sé margadh an Aontais, nó ina éagmais sin, i gcás ina gcuirtear an táirge ábhartha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é, déanfar na Ráitis maidir le Dícheall Cuí a shannadh d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin; |
|
(b) |
in éagmais na faisnéise a cheanglaítear le fomhír a), sannfar na Ráitis maidir le Dícheall Cuí d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil úsáideoir an Chórais Faisnéise bunaithe. I gcás ina bhfuil úsáideoir an Chórais Faisnéise bunaithe lasmuigh den Aontas, sannfar na Ráitis maidir le Dícheall Cuí d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann úsáideoir an Chórais Faisnéise de réir an aitheantóra a sholáthrófar nuair a chlárófar sa Chóras Faisnéise é. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/1115, in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘an Córas Faisnéise’ an córas faisnéise arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘gníomhaí an Chórais Faisnéise’ na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim de bhun Rialachán (AE) 2023/1115, agus an Coimisiún, chun na cúraimí a thugtar dóibh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘úsáideoir an Chórais Faisnéise’ oibreoirí agus trádálaithe, agus a n-ionadaithe údaraithe, i gcás inarb infheidhme, de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 a shainaithnítear trí chlárú aonair laistigh de EU Login, seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘Ráiteas maidir le Dícheall Cuí’ Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach ag úsáideoir an Chórais Faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘uimhir thagartha’ an uimhir thagartha arna sannadh ag an gCóras Faisnéise don Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach ag úsáideoir an Chórais Faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘uimhir fíorúcháin’ uimhir slándála arna sannadh ag an gCóras Faisnéise don Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach ag úsáideoir an Chórais Faisnéise chun slándáil bhreise na sonraí atá sa Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a áirithiú; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘próifíliú riosca’ sainaithint na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh táirge ábhartha faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 laistigh den Chóras Faisnéise, bunaithe ar chritéir riosca, chun stádas riosca lena léirítear na rioscaí sin a shannadh do gach Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach sa Chóras Faisnéise, lena n-áirítear stádas riosca tar éis aon leasú a dhéanamh ar na Ráitis. |
CAIBIDIL II
FEIDHMIÚ AN CHÓRAIS FAISNÉISE
Airteagal 4
Na Ráitis maidir le Dícheall Cuí a Chur Isteach
1. Seachas i gcás ina gcuirfear an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí ar fáil tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, déanfaidh úsáideoirí an Chórais Faisnéise na Ráitis maidir le Dícheall Cuí i dtaca le táirgí ábhartha a chur isteach agus a bhainistiú sa Chóras Faisnéise.
2. I gcás táirge ábhartha ina bhfuil adhmad nó a rinneadh le hadhmad, iontrálfaidh úsáideoirí an Chórais Faisnéise gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha iomlána na speiceas adhmaid atá sna táirgí ábhartha nó a rinneadh leo sa Ráiteas maidir le Dícheall Cuí.
Airteagal 5
Ráitis maidir le Dícheall Cuí a leasú agus a tharraingt siar
1. Leis an gCóras Faisnéise, beidh úsáideoirí an Chórais Faisnéise in ann Ráitis maidir le Dícheall Cuí a leasú nó a tharraingt siar laistigh de 72 uair tar éis uimhir thagartha an Ráitis maidir le Dícheall Cuí a chur ar fáil sa Chóras Faisnéise.
2. Ní féidir Ráitis maidir le Dícheall Cuí a leasú ná a tharraingt siar laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 1 tar éis an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a úsáid mar thagairt i Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach ag an úsáideoir céanna nó ag úsáideoir eile de chuid an Chórais Faisnéise.
3. Ní dhéanfaidh úsáideoir an Chórais Faisnéise an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a leasú ná a tharraingt siar tar éis na pointí ama seo a leanas:
|
(a) |
tugadh fógra d’úsáideoir an Chórais Faisnéise maidir leis an rún seiceáil a dhéanamh ar an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí nó ar an táirge ábhartha a bhaineann leis an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí, ar feadh thréimhse na seiceála; |
|
(b) |
cuireadh an táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais nó cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais é de bhun Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(c) |
rinneadh uimhir thagartha an Ráitis maidir le Dícheall Cuí a sholáthar nó a chur ar fáil d’údaráis chustaim sular scaoileadh i saorchúrsaíocht nó sular onnmhairíodh táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as mar chuid de na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil 4 de Rialachán (AE) 2023/1115. |
4. Gan dochar do mhíreanna 2 agus 3, ar iarraidh aonair agus réasúnaithe ó úsáideoir an Chórais Faisnéise, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 ach amháin nuair a bheidh an tréimhse sin dá dtagraítear i mír 1 imithe in éag. Ní bheidh síneadh den sórt sin níos faide ná 8 lá féilire. Beidh an iarraidh bunaithe ar chúiseanna nach bhfuil neart ag úsáideoir an Chórais Faisnéise orthu, agus cuirfidh an t-úsáideoir sin in iúl, mar chuid dá iarraidh réasúnaithe, nach bhfuil mír 3 den Airteagal seo infheidhme. Féadfar an síneadh sin a dhéanamh go cúlghabhálach freisin tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.
5. Beidh an Ráiteas leasaithe maidir le Dícheall Cuí faoi réir próifíliú riosca mar a leagtar amach in Airteagal 6. Beidh feidhm ag an bpróifíliú riosca maidir leis an Ráiteas leasaithe iomlán maidir le Dícheall Cuí.
Airteagal 6
Próifíliú riosca
1. Leis an gCóras Faisnéise, beidh na húdaráis inniúla in ann cásanna a shainaithint laistigh den Chóras Faisnéise ina bhfuil riosca neamhchomhlíontachta chomh hard sin ag baint le táirgí ábhartha go n-éileoidh siad gníomhaíocht láithreach sula gcuirfear na táirgí ábhartha sin ar an margadh nó sula gcuirfear ar fáil ar an margadh iad nó sula n-onnmhaireofar iad, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/1115, agus cuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas chun na seiceálacha atá le déanamh a shainaithint agus na cúraimí a thugtar dóibh de bhun Chaibidil 3 de Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh.
2. Chun críocha mhír 1, leis an gCóras Faisnéise, beidh údaráis inniúla in ann próifílí riosca a bhunú sa Chóras Faisnéise chun tacú le cinneadh eolasach chun oibreoirí nó trádálaithe nó táirgí ábhartha a bhaineann leis na Ráitis maidir le Dícheall Cuí ar a ndéanfar seiceálacha a roghnú. Bunófar na próifílí riosca sin inter alia ar na critéir riosca a leagtar amach ina bplean bliantúil seiceálacha de bhun Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2023/1115, a bhunaítear i gcomhréir lena gcur chuige rioscabhunaithe de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2023/1115.
3. Nuair a chuirfear isteach sa Chóras Faisnéise é, beidh gach Ráiteas maidir le Dícheall Cuí faoi réir próifíliú riosca leictreonach uathoibrithe agus sannfaidh an Córas Faisnéise stádas riosca do gach Ráiteas maidir le Dícheall Cuí.
4. Ag aon chéim tar éis Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a chur isteach, féadfaidh údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar Ráiteas maidir le Dícheall Cuí chun a chinneadh an gcomhlíonann táirge ábhartha Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1115. Sa chás sin, féadfaidh siad stádas riosca nua a shannadh don Ráiteas maidir le Dícheall Cuí mar thoradh ar an athbhreithniú. Má shannann an t-údarás inniúil stádas riosca nua do Ráiteas maidir le Dícheall Cuí, beidh tosaíocht ag an stádas riosca nua sin ar stádas riosca a shanntar de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 7
Uimhreacha tagartha a shannadh agus a chur ar fáil
1. Sannfaidh an Córas Faisnéise, gan moill mhíchuí, uimhir thagartha agus uimhir fíorúcháin don Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna chur isteach ag úsáideoir an Chórais Faisnéise tar éis dó an próifíliú riosca dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt i gcrích.
2. Cuirfear an uimhir thagartha agus an uimhir fíorúcháin ar fáil d’úsáideoir an Chórais Faisnéise ar thabhairt i gcrích an phróifílithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 6.
3. Leis an gCóras Faisnéise, beidh na húdaráis inniúla in ann moill a chur ar chur ar fáil na huimhreach tagartha chun a shuí an gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1115 agus, go háirithe, chun a fhíorú nach bhfuil an cás sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo infheidhme maidir leis an táirge ábhartha sin. Beidh an mhoill sin chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sí thar an tréimhse a leagtar amach in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2023/1115. Féadfar síneadh breise a chur leis de rogha an údaráis inniúil.
Airteagal 8
Ráitis maidir le Dícheall Cuí a Dhiúltú
1. Chun cosc a chur ar tháirge ábhartha nach gcomhlíonann Rialachán (AE) 2023/1115 a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/1115, féadfaidh na húdaráis inniúla diúltú do Ráiteas maidir le Dícheall Cuí, ach amháin i gcás ina mbeidh uimhir thagartha Ráitis maidir le Dícheall Cuí ar fáil d’úsáideoir an Chórais Faisnéise cheana féin.
2. Maidir leis an táirge ábhartha arna dhearbhú i Ráiteas maidir le Dícheall Cuí a diúltaíodh, measfar nach mbeidh sé cumhdaithe ag Ráiteas maidir le Dícheall Cuí mar a cheanglaítear in Airteagal 3, pointe (c) de Rialachán (AE) 2023/1115.
3. Léireofar an diúltú sa Chóras Faisnéise trí stádas sonrach a shannadh don Ráiteas maidir le Dícheall Cuí lena mbaineann.
CAIBIDIL III
FEIDHMEANNA AGUS FREAGRACHTAÍ I nDÁIL LEIS AN gCÓRAS FAISNÉISE
Airteagal 9
Feidhmeanna agus freagrachtaí an Choimisiúin
De bhreis ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 2(1), beidh an Coimisiún freagrach as an méid seo a leanas a chur i gcrích maidir leis an gCóras Faisnéise:
|
(a) |
eolas, oiliúint agus tacaíocht, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, a sholáthar d’úsáideoirí an Chórais Faisnéise agus do ghníomhaithe an Chórais Faisnéise maidir le húsáid an Chórais Faisnéise; |
|
(b) |
rochtain a thabhairt do ghníomhaithe an Chórais Faisnéise arna n-ainmniú ag gach Ballstát; |
|
(c) |
rochtain a thabhairt d’úsáideoirí an Chórais, atá faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil; |
|
(d) |
sonraí pearsanta a phróiseáil sa Chóras Faisnéise, i gcás ina gceanglaítear sin sa Rialachán seo, nó chun iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(e) |
seirbhísí gréasáin a chur ar fáil d’úsáideoirí an Chórais Faisnéise chun Ráitis maidir le Dícheall Cuí a chur isteach agus a bhainistiú sa Chóras Faisnéise ar bhealach uathoibrithe; |
|
(f) |
seirbhísí gréasáin a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát chun cúraimí a dhéanamh i leith na Ráiteas maidir le Dícheall Cuí arna gcur isteach sa Chóras Faisnéise ar bhealach uathoibrithe. |
|
(g) |
an comhéadan leictreonach a sholáthar de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(h) |
rochtain úsáideoirí an Chórais Faisnéise a chur ar fionraí agus a chúlghairm arna iarraidh sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil úsáideoir an Chórais Faisnéise bunaithe, nó, i gcás ina bhfuil an t-úsáideoir bunaithe lasmuigh den Aontas, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann úsáideoir an Chórais Faisnéise de réir an aitheantóra a sholáthrófar nuair a chlárófar sa Chóras Faisnéise é. |
Airteagal 10
Ceart rochtana úsáideoirí an Chórais Faisnéise
1. Ní bheidh rochtain ach ag úsáideoirí cláraithe an Chórais Faisnéise ar an gCóras Faisnéise.
2. Is trí EU Login, Seirbhís Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, a dhéanfar fíordheimhniú leis an gCóras Faisnéise.
3. Beidh rochtain ag úsáideoirí an Chórais Faisnéise ar an bhfaisnéis sa Chóras Faisnéise a chuir siad isteach, nó ar thug úsáideoir eile de chuid an Chórais Faisnéise rochtain dóibh uirthi trí uimhreacha tagartha agus uimhreacha fíorúcháin na Ráiteas maidir le Dícheall Cuí lena mbaineann.
Airteagal 11
Ceart rochtana ghníomhaithe an Chórais Faisnéise
1. Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí, an fhaisnéis agus na doiciméid uile sa Chóras Faisnéise chun tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil agus chun an córas a fhorbairt, a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun.
2. Deonóidh an Coimisiún cearta rochtana ar ghníomhaithe an Chórais Faisnéise agus féadfaidh sé iad a chúlghairm i gcás athrú ar inniúlachtaí de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2023/1115.
3. Is trí EU Login, Seirbhís Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, a dhéanfar fíordheimhniú leis an gCóras Faisnéise.
4. Cuirfidh gníomhaithe an Chórais Faisnéise modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach gceadófar d’úsáideoirí aonair ar gníomhaithe de chuid an Chórais Faisnéise iad sa Chóras Faisnéise rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear sa Chóras Faisnéise ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis maidir leis an gcur chun feidhme agus maidir leis an bhforfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2023/1115.
5. Beidh rochtain ag gníomhaithe an Chórais Faisnéise ar an bhfaisnéis ábhartha uile sa Chóras Faisnéise a bhfuil gá léi chun a n-oibleagáidí agus a gcúraimí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh.
CAIBIDIL IV
PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA AGUS SLÁNDÁIL
Airteagal 12
Sonraí pearsanta a phróiseáil sa Chóras Faisnéise
1. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a tharchur, a stóráil ná a phróiseáil sa Chóras Faisnéise ach amháin de réir mar is gá agus mar is comhréireach agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:
|
(a) |
tacú le cumarsáid idir gníomhaithe an Chórais Faisnéise i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(b) |
láimhseáil cásanna ag gníomhaithe an Chórais Faisnéise agus a ngníomhaíochtaí féin á ndéanamh acu i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2023/1115; |
|
(c) |
claochluithe gnó agus teicniúla a dhéanamh ar na sonraí a liostaítear sa Rialachán seo, i gcás inar gá sin chun an malartú faisnéise agus an úsáid faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a chumasú. |
2. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa Chóras Faisnéise ach amháin i ndáil leis na catagóirí de shonraí pearsanta seo a leanas:
|
(a) |
sonraí aitheantais: céadainm agus sloinne, aitheantóir uathúil lena n-áirítear Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (‘EORI’), i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), más infheidhme; |
|
(b) |
sonraí teagmhála gairmiúla: seoladh ríomhphoist agus seoladh poist, tír chónaithe nó tír na hoifige cláraithe, uimhir theileafóin agus uimhir facs, más infheidhme; |
|
(c) |
ról úsáideoir an Chórais Faisnéise; |
|
(d) |
sonraí maidir le geoshuíomh de bhun Airteagal 2(28) de Rialachán (AE) 2023/1115, i gcás inar féidir daoine nádúrtha a shainaithint; |
|
(e) |
fíordheimhniú úsáideora agus sonraí rochtana chun rochtain a fháil ar an gCóras Faisnéise: Seoladh IP agus ainm úsáideora. |
3. Na catagóirí sonraí pearsanta a liostaítear i mír 2 agus a próiseáladh le haghaidh cur chun feidhme agus forfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2023/1115, déanfaidh an Córas Faisnéise iad a stóráil.
4. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a stóráil trí bhonneagar teicneolaíochta faisnéise atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a úsáid.
5. Sa Chóras Faisnéise déanfar na sonraí pearsanta atá sna Ráitis maidir le Dícheall Cuí a stóráil ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana ón dáta a chuirfear an Ráiteas maidir le Dícheall Cuí isteach sa Chóras Faisnéise. Féadfaidh an Coimisiún síneadh breise a chur leis an tréimhse stórála arna iarraidh sin, ar bhonn aonair, d’úsáideoirí an Chórais Faisnéise nó do ghníomhaithe an Chórais Faisnéise i gcás inar gá chun a bhfreagrachtaí agus a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh.
6. Gan dochar do na gníomhaíochtaí próiseála sonraí a leagtar amach in Airteagal 14, beidh gach gníomhaí de chuid an Chórais Faisnéise ina rialaitheoir ar leithligh de réir bhrí Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéanann gníomhaí an Chórais Faisnéise.
7. Na hÚdaráis Mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, gach ceann acu ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, áiritheoidh siad go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar an gCóras Faisnéise agus ar úsáid an Chórais Faisnéise ag gníomhaithe agus úsáideoirí an Chórais Faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Airteagal 13
Próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún
1. Beidh an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta úsáideoirí an Chórais Faisnéise a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil agus úsáideoirí an Chórais Faisnéise á gclárú sa Chóras Faisnéise.
2. I gcás ina bpróiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta in oibriú an Chórais Faisnéise thar ceann gníomhaithe eile de chuid an Chórais Faisnéise chun faisnéis a mhalartú faoi Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2023/1115, measfar gur próiseálaí é de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725.
3. Beidh an Coimisiún ina phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil a dhéantar in imscrúduithe comhpháirteacha de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1115 arna ndéanamh i gcomhthéacs cur chun feidhme agus forfheidhmithe faoi Rialachán (AE) 2023/1115.
Airteagal 14
Rialú comhpháirteach sa Chóras Faisnéise
Nuair a dhéanann údaráis inniúla agus údaráis chustaim de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 cur chun feidhme agus forfheidhmiú i gcomhar de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1115, beidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim lena mbaineann ina rialaitheoirí comhpháirteacha, de réir bhrí Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/679, chun sonraí pearsanta a tharchur, a stóráil, agus a phróiseáil ar bhealach eile sa Chóras Faisnéise i gcomhthéacs an chomhair áirithe sin. I gcás inar gá de réir Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/679, cinnfidh na rialaitheoirí a bhfreagrachtaí faoi seach maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 trí bhíthin socrú eatarthu.
Airteagal 15
Slándáil
1. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta úrscothacha is gá chun slándáil na sonraí pearsanta arna bpróiseáil sa Chóras Faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear rialú iomchuí ar rochtain ar shonraí agus plean slándála a choinneofar cothrom le dáta.
2. Cuirfidh an Coimisiún na bearta úrscothacha is gá i bhfeidhm i gcás teagmhas slándála, déanfaidh sé gníomhaíocht feabhais, agus áiritheoidh sé go mbeifear in ann a fhíorú cé na sonraí pearsanta a próiseáladh sa Chóras Faisnéise, cén uair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige ar próiseáladh iad.
3. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na bearta maidir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 16
Rúndacht
1. Déanfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún a rialacha féin maidir le rúndacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gCóras Faisnéise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais.
2. Áiritheoidh gach gníomhaí de chuid an Chórais Faisnéise go gcomhlíonfaidh daoine aonair atá ag obair faoina n-údarás éilimh ó ghníomhaithe eile de chuid an Chórais Faisnéise go gcaithfear go rúnda leis an bhfaisnéis a mhalartaítear sa Chóras Faisnéise.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Aistriúchán
1. Cuirfidh an Coimisiún an Córas Faisnéise ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
2. Aon ghníomhaí de chuid an Chórais Faisnéise, i ndáil le feidhmiú aon cheann de na cúraimí a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115, féadfaidh sé aon fhaisnéis, doiciméad, toradh, ráiteas, nó cóip dhílis dheimhnithe a fuair sé sa Chóras Faisnéise a tháirgeadh agus a úsáid, ar an mbonn céanna le faisnéis chomhchosúil arna fáil ina thír féin, chun críocha atá comhoiriúnach leis na críocha sin ar bailíodh na sonraí ina leith ar dtús agus i gcomhréir le dlíthe ábhartha an Aontais agus leis na dlíthe náisiúnta ábhartha.
Airteagal 18
Costais
1. Is ar an gCoimisiún a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an gCóras Faisnéise a chur ar bun, a choinneáil ar bun agus a oibriú.
2. Is é an Ballstát a íocfaidh na costais a thabhófar a bhaineann leis an gCóras Faisnéise ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear na hacmhainní daonna is gá le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna, cur chun cinn, cúnaimh theicniúil, chomh maith leis na costais a bhaineann leis an gCóras Faisnéise a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus aon oiriúnú is gá ar líonraí náisiúnta agus ar chórais faisnéise.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj.
(2) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).
(3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE, (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3084/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)