This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3024
Regulation (EU) 2024/3024 of the European Parliament and of the Council of 27 November 2024 amending Regulation (EU) No 691/2011 as regards introducing new environmental economic account modules (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2024/3024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2024/3024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/31/2024/REV/1
IO L, 2024/3024, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3024/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3024 |
6.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil agus dearbhaíodh gur den ríthábhacht faireachán a dhéanamh, lena n-áirítear trí fhaisnéis iontaofa a sholáthar i ndáil le hathruithe sa chomhshaol, chun beartas éifeachtach a cheapadh, chun an beartas sin a chur chun feidhme le go mbainfear cuspóirí an Aontais amach, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí, amhail cuntais eacnamaíocha chomhshaoil, a fhorbairt d’fhonn feasacht ghinearálta a fheabhsú maidir le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí socheacnamaíocha ar an gcomhshaol agus maidir leis an méid a chuireann an comhshaol leis an ngeilleagar agus le folláine an duine. |
|
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil an Coimisiún chun tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin sin agus, i gcás inarb iomchuí, torthaí na staidéar píolótach dá dtagraítear sa Rialachán sin a chur san áireamh chun a mholadh go dtabharfaí isteach modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil, amhail aistrithe a bhaineann leis an gcomhshaol (fóirdheontais), cuntais fhoraoiseacha agus cuntais seirbhísí éiceachórais. |
|
(3) |
Tá na modúil cuntas eacnamaíoch nua chun rannchuidiú go díreach le tosaíochtaí bheartas comhshaoil an Aontais mar a leagtar síos, inter alia, san 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil. |
|
(4) |
Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe Creat Lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (‘CCEC-CE’), Caibidlí 1 go 7, ina dtugtar tuairisc ar an gcreat cuntasaíochta agus ar na cuntais fhisiceacha ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo ag teacht le Creat Lárnach CCEC agus le CCEC-CE. Ina theannta sin, tá Córas na gCuntas Comhshaoil-Eacnamaíoch d’Uisce (CCEC-Uisce) curtha chun feidhme ag CCEC, córas a thacaíonn le Creat Lárnach CCEC. |
|
(5) |
Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí agus faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Chun cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe a dhéanamh, is gá staidreamh lena gcomhlíontar critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ina theannta sin, is gá don Choimisiún (Eurostat) na sonraí a bhailítear a chur i láthair ar bhealach níos inrochtana agus níos sothuigthe, agus na sonraí sin a chur chun cinn go gníomhach ag an am céanna. |
|
(6) |
Chun cuspóir na haeráidneodrachta san Aontas faoi 2050 a bhaint amach, is den ríthábhacht é gníomhartha dlí agus próisis uile an Aontais a ailíniú le cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil agus aeráide an Aontais arna mbunú faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Éilíonn roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais cheana féin go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar threochtaí agus, ar an gcaoi sin, go mbeadh sonraí breise agus sonraí níos beaichte ar fáil. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach sonraí ábhartha agus mionsonraithe a bhailiú ó na Ballstáit maidir lena n-infheistíochtaí comhshaoil chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gconair cheart chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ar na cúiseanna sin go léir, tá córas na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil le forbairt ina uirlis chuimsitheach lena soláthrófar sonraí suntasacha breise chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí comhshaoil an Aontais agus ar cheapadh beartas comhshaoil. |
|
(7) |
Iarrtar san 8ú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil go mbunófaí gan mhoill creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe, agus spriocdháta a shocrú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais sin i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 C, sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras, arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ábhar sin ina chlár le haghaidh staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta, agus measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn modúl maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise, a thabhairt isteach sna cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil. |
|
(8) |
Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce, mar sin is gá bainistiú inbhuanaithe na hacmhainne sin a áirithiú agus an gaol atá aici le gníomhaíocht eacnamaíoch a thuiscint. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le huisce agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn modúl maidir le huisce a thabhairt isteach sna cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil. |
|
(9) |
Is cuid fhíorthábhachtach den fhreagairt dhomhanda fhadtréimhseach ar an athrú aeráide é an t-oiriúnú. Is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an aeráid agus atá ag éirí níos líonmhaire, lena n-áirítear tonnta teasa, dóiteáin fhiáine agus tuilte a tharlaíonn níos minice agus atá níos déine, bagairtí don tsábháilteacht agus don tslándáil uisce agus bia, agus teacht chun cinn agus leathadh galar tógálach. D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus gníomhartha dlí eile a uasmhéadú. Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go nglacfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha oiriúnaitheachta a bheidh bunaithe ar anailísí téagartha ar an athrú aeráide agus ar leochaileacht, ar mheasúnuithe agus táscairí ar dhul chun cinn, agus iad faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil. Ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo oiriúnú don athrú aeráide, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Bunaithe ar na torthaí a gheofar, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn modúl maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a thabhairt isteach sna cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil. |
|
(10) |
Tá cailliúint na bithéagsúlachta, mar aon leis an athrú aeráide, ar cheann de na príomhleochaileachtaí atá os comhair na ngeilleagar, agus an chailliúint sin á méadú ag an athrú aeráide. Is den ríthábhacht í an bhithéagsúlacht don tslándáil bia, d'fholláine an duine agus d’athléimneacht fhoriomlán na sochaithe agus na ngeilleagar. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas, dá bhrí sin, feabhas a chur ar a bhfreagairt ar ghéarchéim na bithéagsúlachta i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta faoi Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal arna ghlacadh ag an 15ú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht. |
|
(11) |
Is é is aidhm do chuntais éiceachórais, mar mhodh chun sonraí a chur ar fáil maidir le fairsinge agus riocht na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar, an dúlra a luacháil chun gur fearr is féidir na costais a bhaineann leis an dúlra a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith mar aidhm le luachanna airgeadaíochta a bhunú infheictheacht ar chostas na neamhghníomhaíochta a ardú agus tacú leis an Aontas a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Chun ullmhú go leordhóthanach do thabhairt isteach ceanglas tuairiscithe maidir le luachanna airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais, ba cheart staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta a dhéanamh roimh ré, agus na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na staidéir sin imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar na luachanna airgeadaíochta atá le tuairisciú, ar an gcaidreamh idir na luachanna sin agus na hathruithe ar sholáthar agus ar úsáid seirbhísí éiceachórais atá ann cheana, ar na bealaí a bhféadfaí úsáid a bhaint sa bheartas as torthaí na modhanna meastacháin éagsúla, ar na coinníollacha faoina bhfuil na meastacháin oiriúnach lena gcomhiomlánú le chéile agus le comhiomláin chuntasaíochta náisiúnta eile, agus ar an bhformáid is oiriúnaí do na táblaí le haghaidh tuairisciú. D’fhonn na héifeachtaí atá beartaithe a bhaint amach go hiomlán, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí modheolaíochta agus ar a indéanta atá sé luach airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais a thomhas, agus aird á tabhairt ar CCEC-CE. Bunaithe ar na torthaí a gheofar, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/ 2011 chun na cuntais éiceachórais airgeadaíochta a áireamh. |
|
(12) |
I gConclúidí an 6 Samhain 2020 uaithi, mhol an Chomhairle go bhfreagródh an córas staidrimh Eorpach ar na héilimh faisnéise atá ag eascairt as an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú agus méadú ar an gclár um chuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil. |
|
(13) |
In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 16/2019 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’. Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine. |
|
(14) |
Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) agus na húdaráis staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile atá freagrach as cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a tháirgeadh a ndícheall a dhéanamh síneadh leanúnach a chur le cumhdach na sonraí staidrimh agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú, ar sonraí iad lena dtacaítear chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais agus gníomhartha reachtacha á gcur chun feidhme arna nglacadh faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Rialachán (AE) 2021/1119, leis an tSaoráid Athléimneachta agus Téarnaimh arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus gníomhartha ábhartha dlí eile agus i gcomhréir freisin le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, agus caighdeáin eile idirnáisiúnta staidrimh arna bhforbairt ag na Náisiúin Aontaithe agus ag comhlachtaí eile á gcur san áireamh. |
|
(15) |
Tá sonraí agus staidreamh ardcháilíochta á gcur ar fáil ag cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil ó bhí 2011 ann, chun tacú le ceapadh beartais fianaise-bhunaithe i réimsí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus i mbeartais eile de chuid an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí na sonraí agus an staidreamh sin a fhoilsiú agus a chur i láthair ar bhealach intuigthe agus inrochtana do gach úsáideoir. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) tairseach sonraí staidrimh a fhorbairt agus a chothabháil, lena dtabharfaí achoimre shothuigthe ar na príomhtháscairí ó chuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Ba cheart rochtain ar an tairseach sonraí sin a bheith poiblí agus saor in aisce. Ba cheart é a bheith d'aidhm leis an tairseach sonraí staidrimh feabhas a chur ar scaipeadh na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil agus feabhas a chur ar an gcumarsáid ina leith. Níor cheart ach oiread dó cur isteach ar na sásraí rialachais a bunaíodh chun tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí agus spriocanna tionscnamh sonrach de chuid an Aontais, e.g. an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil. |
|
(16) |
Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar institiúidí staidrimh náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foinsí ábhartha, modheolaíochtaí, agus cuir chuige nuálacha eile a úsáid, amhail Faire na Cruinne (Seirbhísí Copernicus). Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas agus mionsonraí a sholáthar maidir le cáilíocht na gcur chuige sin. |
|
(17) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht airgeadais a fháil le haghaidh nuachóiriú agus feabhsú cháilíocht agus thráthúlacht an staidrimh comhshaoil agus le haghaidh cur chun feidhme staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta ó Chlár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcomhthéacs creataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo, ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcomhréir le rialacha an chláir staidrimh Eorpaigh is infheidhme dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. |
|
(18) |
Ós rud é go bhfuil 27 mBallstát san Aontas, is iomchuí tagairt a dhéanamh do ‘AE-27’. |
|
(19) |
Is gá liosta na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus atá liostaithe in Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais. |
|
(20) |
Cuireadh Córas Eorpach na gCuntas 2010 (CEC 2010) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ionad Chóras Eorpach na gCuntas 1995 (CEC 95) (8). |
|
(21) |
Tá creat tagartha na gcaighdeán, na sainmhínithe, na n-aicmithe agus na rialacha cuntasaíochta coiteanna chun cuntais na mBallstát a tharraingt suas i gcomhair cheanglais staidrimh an Aontais le fáil in CEC 2010. |
|
(22) |
Ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar modheolaíochta a fhoilsiú ina mbeadh treoir fhorlíontach maidir le tiomsú na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil arna mbunú sna modúil éagsúla a thugtar isteach leis an Rialachán seo. Ba cheart treoirlínte a áireamh sa lámhleabhar chun saintréithe an chuntais fhoraoisigh a ríomh, amhail incrimint bhliantúil ghlan an adhmaid ó stoc na gcrann beo nó ríomh na seirbhísí soláthair éiceachóras, amhail an rannchuidiú leis an rialáil aeráide dhomhanda ó laghdú thiúchan an gháis ceaptha teasa. Ba cheart an lámhleabhar a fhoilsiú tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(23) |
Tá maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear infheistíochtaí gaolmhara, fíor-riachtanach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) tosú ar shonraí agus staidreamh a sholáthar go rialta arna dtiomsú ó na sonraí ábhartha atá ar fáil ó mhodúil na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, ó fhoinsí eile sonraí. Ba cheart na sonraí sin a mhiondealú de réir na mBallstát agus ba cheart gach earnáil den gheilleagar atá ábhartha i dtaobh maolú ar an athrú aeráide a chumhdach. |
|
(24) |
Chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a fhorlíonadh trí threoir mhodheolaíoch a sholáthar, agus chun Iarscríbhinní I go IX a ghabhann leis an Rialachán sin a mhodhnú maidir le liosta na saintréithe a mbeidh sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith, go háirithe Iarscríbhinn V, Roinn 3, chun na saintréithe maidir le hinfheistíochtaí eile ar mhaolú ar an athrú aeráide a áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(25) |
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear, laistigh de thréimhse shonraithe ama, maoluithe do na Ballstáit a mhéid a bheidh gá le hoiriúnuithe móra ar a gcórais staidrimh náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(26) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach sa chreat dlíthiúil do staidreamh Eorpach maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(27) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach. |
|
(28) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a leasú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Ábhar Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil, chun críche cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte ag an gCóras Cuntas Eorpach 2010 (CCE 2010) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), trí mhodheolaíocht, comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta a sholáthar atá beartaithe lena n-úsáid chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a thiomsú. Rannchuidítear leis an Rialachán seo le faisnéis fhónta a sholáthar maidir le príomhthreochtaí an athraithe comhshaoil, na príomhbhrúnna air agus na príomhghníomhaithe i ndáil leis na hathruithe ar an gcomhshaol agus tacaítear ar an gcaoi sin le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais maidir lena chuspóirí comhshaoil a leagtar síos i ndlí an Aontais a bhaint amach chomh maith lena ghealltanais comhshaoil. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 5, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Maoluithe 1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun maoluithe a dheonú do na Ballstáit a mhéid a bheidh gá le hoiriúnuithe móra ar na córais staidrimh náisiúnta. Féadfar maoluithe a dheonú ó na hIarscríbhinní le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear iontu. Féadfar maoluithe a dheonú freisin ó na bearta cur chun feidhme agus ó na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Féadfar na maoluithe sin a dheonú ar feadh uastréimhse 2 bhliain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hathruithe a eascraíonn as modhnuithe ar aicmithe agus ainmníochtaí nó as athruithe ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013. 2. Chun maolú a fháil ar Iarscríbhinní VII, VIII agus IX faoi mhír 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Nollaig 2026. Chun maolú a fháil faoi mhír 1 ar bhearta cur chun feidhme nó ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ar bearta nó gníomhartha iad a thagann i bhfeidhm tar éis an 26 Nollaig 2024, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-mhínithe faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an bhirt nó an ghnímh lena mbaineann.’ |
|
(7) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8a Maoiniú 1. Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a sholáthar ó Chlár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, le haghaidh an méid seo a leanas:
2. Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas faoin Airteagal seo i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir infhaighteacht an chistithe. Cinnfidh an t-údarás buiséadach an leithreasú a bheidh ar fáil gach bliain. 3. Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó chláir airgeadais infheidhme eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha clár den sórt sin. (*2) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).’." |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4) agus in Airteagal 10 ar feadh tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4) agus in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) nó (4) nó Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’ |
|
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 9a Tairseach Sonraí Staidrimh na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (“an Deais”) 1. Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) Tairseach Sonraí Staidrimh na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (“an Deais”), ina mbeidh achoimre shothuigthe idirghníomhach ar na príomhtháscairí ó chuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Taispeánfar ar an tairseach sonraí na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit i ngach ceann de na modúil a leagtar amach sa Rialachán seo agus maidir leis an infheistíocht i dtaca le maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear in Airteagal 10, an ceathrú mír. 2. Beidh an tairseach sonraí oibríochtúil faoin 31 Nollaig 2024 agus tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) cothrom le dáta í uair sa bhliain. Déanfar an tairseach sonraí a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Eurostat.’ |
|
(10) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(11) |
in Iarscríbhinn IV, Roinn 3, an chéad mhír, scriostar an t-ochtú fleasc; |
|
(12) |
cuirtear ‘AE-27’ agus ‘CEC 2010’ in ionad gach tagairt do ‘AE-28’ agus do ‘CEC 95’ faoi seach tríd síos sa téacs agus sna hIarscríbhinní; |
|
(13) |
cuirtear Iarscríbhinní VII, VIII agus IX leis i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Ón 1 Eanáir 2025, na sonraí maidir le haistrithe cosanta comhshaoil arna bhfáil nó arna n-íoc, a thíolactaí de bhun Iarscríbhinn IV roimhe seo, tíolacfar iad faoi Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (11), ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle 5 Samhain 2024.
(2) Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (IO L 192, 22.7.2011, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(7) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN VII
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Déanann cuntais fhoraoiseacha sonraí faoi acmhainní foraoiseacha agus gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010. Soláthraíonn cuntais fhoraoiseacha faisnéis chomhlántach agus úsáidtear coincheapa atá curtha in oiriúint do nádúr ar leith foraoisí agus do thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhoraoiseacha.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifeadadh i gcuntais fhoraoiseacha ar stoic agus sreafaí acmhainní foraoiseacha (coillearnach agus adhmad) agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseacha agus na lománaíochta, lena n-áirítear táirgeadh lomán cruinn agus baint agus bailiú táirgí foraoise fiáin-fháis nach táirgí adhmaid iad.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Ullmhóidh na Ballstáit cuntais fhoraoiseacha de réir na saintréithe a thuairiscítear sa Roinn seo.
|
1. |
Cuntais sócmhainní coillearnaí agus adhmaid. Sainítear coillearnach mar shuim na dtrí phointe seo a leanas.
Sainítear “foraois” mar thalamh is fairsinge ná 0,5 heicteár le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní. Sainítear “coillearnach eile” mar thalamh nach bhfuil aicmithe mar fhoraois, agus is fairsinge ná 0,5 heicteár; le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 5 go10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; nó a bhfuil clúdach comhcheangailte toir, toim agus crann acu ar mó é ná 10 %. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní. Sainítear “glan-incrimint bhliantúil adhmaid” mar an meánfhás bliantúil ar thoirt na gcrann beo lúide an mheánráta básmhaireachta bliantúil. Sainítear “asbhaint” mar thoirt na gcrann go léir, atá beo nó marbh, a leagtar agus a bhaintear as an bhforaois, as coillearnach eile nó as láithreáin leagain eile. Áirítear leis lomáin chruinne nár díoladh atá stóráilte ar thaobh an bhóthair foraoise. Áirítear leis freisin caillteanais nádúrtha a athbhunaítear, asbhaint le linn na bliana d’adhmad a leagadh i dtréimhse roimhe sin, asbhaint neamh-ghasadhmad (amhail stumpaí agus brainsí), agus asbhaint crainn a maraíodh nó a ndearnadh damáiste dóibh ar chúiseanna nádúrtha (ar a dtugtar caillteanais nádúrtha), e.g. dóiteán, gaoth, feithidí agus galair. Ní áirítear leis bithmhais neamhadhmadach ná aon adhmad a fhágtar san fhoraois agus nach n-aistrítear i rith na bliana, e.g. stumpaí, brainsí, barr na gcrann agus fuíoll ó chrainn a leagan (dramhaíl as lománaíocht adhmaid). Sainítear “caillteanais dho-athbhunaithe” mar fhuíoll ó chrainn a leagan agus gach crann a leagann an ghaoth nach féidir a bhaint as an bhforaois, agus adhmad a chailltear trí dhóiteáin foraoise. |
|
2. |
Cuntais eacnamaíocha lena dtuairiscítear gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta. Sainítear tionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta mar gach aonad áitiúil príomhghníomhaíochta (APG áitiúil) a dhéanann gníomhaíochtaí a aicmítear faoi NACE Rev. 2, Rannán A02.
Tuairisceofar na saintréithe seo a leanas, agus sainmhínithe CEC 2010 á n-úsáid:
Tuairisceoidh na Ballstáit fostaíocht i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta i mílte aonad oibre bliantúil mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). |
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
|
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
|
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is é 2023 an chéad bhliain tagartha. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh. |
|
6. |
Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
I gcás na saintréithe a leagtar síos i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas:
|
1. |
Limistéar coillearnaí, arna mhiondealú de réir an mhéid seo a leanas:
Déanfar gach ceann de na catagóirí sin a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
Déanfar na sonraí a thuairisciú i mílte heicteár. |
|
2. |
Toirt an adhmaid, arna miondealú de réir:
Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
Déanfar na sonraí a thuairisciú i dtéarmaí adhmaid lena choirt i mílte m3. |
|
3. |
Luach an adhmaid, arna mhiondealú de réir:
Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta. |
|
4. |
I gcás na gcuntas eacnamaíoch, tuairisceofar an t-aschur dá dtagraítear i Roinn 3 de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
Tomhaltas idirmheánach thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar é de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
Déanfar athruithe i bhfardail thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3 a thuairisciú de réir an mhiondealaithe seo a leanas:
Tuairisceofar na saintréithe ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta. |
|
5. |
Déanfar sonraí maidir le coillearnach eile a thuairisciú ar bhonn deonach. |
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN VIII
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Maidir le cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail, bailíonn siad agus cuireann siad i láthair sonraí faoi aistrithe reatha agus faoi aistrithe caipitil a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear táirgeadh agus úsáid táirgí comhshaoil, ar bhealach atá ag luí le coincheapa agus sainmhínithe CEC 2010.
Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail. Úsáidtear na sonraí sin freisin chun caiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil a thiomsú mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.
Roinn 2
CUMHDACH
Íocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha (laistigh den gheilleagar intíre agus leis an gcuid eile den domhan) agus ó ghníomhaithe neamhchónaitheacha (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú, déantar iad a thaifeadadh sna cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:
|
— |
fóirdheontais (CEC 2010 cód D.3); |
|
— |
aistrithe reatha eile (CEC 2010 cóid D.6 agus D.7); |
|
— |
aistrithe caipitil (CEC 2010 cód D.9). |
Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
|
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
|
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is é 2023 an chéad bhliain tagartha. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh. |
|
6. |
Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
|
1. |
I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
2. |
Maidir le gach ceann de na catagóirí tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe 1, tuairisceofar sonraí de réir aicmí aicmiú na gníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) agus de réir aicmí aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistithe acmhainní (CReMA), agus iad grúpáilte mar a leanas:
|
|
3. |
Déanfar aistrithe is infhaighte ag corparáidí ón rialtas ginearálta agus iad grúpáilte de réir shuim aicmí uile CEPA (CEPA 1-9) agus aicmí uile CReMA (CReMA 10-16) a ghrúpáil tuilleadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 mar a leanas:
|
|
4. |
Aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3, is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV atá siad; tá na haicmí CReMA mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V. |
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN IX
MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais éiceachórais cuirtear sonraí ar fáil maidir le fairsinge agus riocht na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. Tá na sonraí ag teacht le CCEC-CE agus tá siad comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010.
Úsáideann cuntais éiceachórais faisnéis atá ann cheana nuair is féidir, lena n-áirítear faisnéis ó Fhaire na Cruinne, tuairisciú comhshaoil agus foinsí eile sonraí.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifead i gcuntais éiceachórais ar fhairsinge na n-éiceachóras, ar riocht na n-éiceachóras, agus ar shreafaí na seirbhísí éiceachórais.
Is éard atá i bhfairsinge an éiceachórais, méid dhromchla na n-éiceachóras. I gcuntais fairsinge éiceachóras, cumhdaítear éiceachórais talún (lena n-áirítear éiceachórais fionnuisce) agus éiceachórais mhuirí sa chríoch náisiúnta.
Is ionann riocht an éiceachórais agus cáilíocht éiceachórais a thomhaistear i dtéarmaí aibitheacha, bitheacha agus tírdhreacha, de réir chineálacha éiceachórais.
Is éard is seirbhísí éiceachórais ann na tairbhí a chuireann éiceachórais ar fáil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do ghníomhaíochtaí daonna eile. Áirítear leo sin (i) seirbhísí soláthair, (ii) seirbhísí rialála agus cothabhála, agus (iii) seirbhísí cultúir. Le cuntais seirbhísí éiceachórais, déantar taifead ar sholáthar agus úsáid iarbhír na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn na héiceachórais sa chríoch náisiúnta.
Is éard is cuntais théamacha ann cuntais a eagraíonn sonraí de réir téamaí sonracha beartais, cur i gcás an bhithéagsúlacht, an t-athrú aeráide, na haigéin agus ceantair uirbeacha.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais éiceachórais a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:
|
1. |
Cuntais fairsinge éiceachóras ina dtaifeadtar an dromchla agus an t-athrú ar an dromchla le haghaidh gach cineáil éiceachórais laistigh den chríoch náisiúnta. Is i mílte heicteár a thuairisceoidh na Ballstáit na cuntais fairsinge éiceachóras. |
|
2. |
Mar chomhpháirt de na cuntais fairsinge éiceachóras, beidh maitrís chomhshóiteachta ina dtaifeadtar comhshónna idir cineálacha éiceachórais idir dhá phointe ama, i heicteáir. |
|
3. |
Cuntais reachta éiceachórais ina dtaifeadtar saintréithe an éiceachórais mar a leanas:
Is aonaid riaracháin áitiúla iad cathracha, bailte agus bruachbhailte, agus iad á n-aicmiú de réir leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2391 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). |
|
4. |
Cuntais seirbhísí éiceachórais ina dtaifeadtar soláthar agus úsáid seirbhísí éiceachórais i dtáblaí soláthair agus úsáide. Sa tábla soláthair, déanfar taifead ar sholáthar seirbhísí éiceachórais ó na héiceachórais go dtí na córais shocheacnamaíocha. Déanfar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an chineáil úsáide a shainmhínítear i Roinn 5 a thaifeadadh sa tábla úsáide. Tuairisceofar na táblaí soláthair agus úsáide sna haonaid fhisiceacha seo a leanas.
|
|
5. |
Úsáidfear an tábla seo a leanas de chineálacha éiceachórais sna cuntais éiceachórais:
|
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
|
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur:
|
|
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is é 2024 an chéad bhliain tagartha. I gcás na maitríse comhshóiteachta, is é 2027 an chéad bhliain tagartha. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, is in aonaid fhisiceacha a áireoidh na Ballstáit sonraí ó 2024 maidir le cuntais fairsinge agus cuntais reachta agus maidir le táblaí soláthair agus úsáide i dtaca le seirbhísí éiceachórais. A mhéid a bhaineann leis an maitrís comhshóiteachta, léireoidh na sonraí na hathruithe idir 2024 agus 2027. |
|
6. |
Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí cuntas seirbhísí, fairsinge agus reachta éiceachóras le haghaidh na mblianta n-3 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair ó 2024 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2024 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
|
1. |
Cuntais fairsinge éiceachóras: maidir le gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí sa chéad tarchur le haghaidh na chéad bhliana tagartha. I gcás gach tarchuir sonraí ina dhiaidh sin, déanfar na sonraí a thuairisciú mar a leanas:
Tuairisceoidh an mhaitrís chomhshóiteachta idir gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3 idir an bhliain tagartha roimhe sin agus an bhliain tagartha reatha. |
|
2. |
Cuntais seirbhísí éiceachórais: le haghaidh cuntais seirbhísí éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí i dtáblaí soláthair agus úsáide mar a leanas:
|
|
3. |
Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát sonraí a thuairisciú más rud é nach mó a dhromchla talún iomlán ná 0,3 % de dhromchla talún iomlán an Aontais. |
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1).
(*2) Rialachán (AE) 2017/2391 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a mhéid a bhaineann leis na típeolaíochtaí críochacha (Tercet) (IO L 350, 29.12.2017, lch. 1).’.”
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3024/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)