This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2862
Commission Regulation (EU) 2024/2862 of 12 November 2024 amending Regulation (EU) 2023/1803 as regards International Accounting Standard 21
Rialachán (AE) 2024/2862 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 21
Rialachán (AE) 2024/2862 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 21
C/2024/7773
IO L, 2024/2862, 13.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2862/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2862 |
13.11.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2862 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Samhain 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 21
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún (2), glacadh caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta agus léirmhínithe áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta a bhí ann an 8 Meán Fómhair 2022. |
|
(2) |
An 15 Lúnasa 2023, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta leasuithe áirithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí (‘IAS 21’). Leis na leasuithe sonraítear an uair atá airgeadra inmhalartaithe ina airgeadra eile agus, nuair nach bhfuil sé inmhalartaithe, conas a chinneann cuideachta an ráta malairte atá le cur i bhfeidhm, agus na nochtaí atá le soláthar ag cuideachta nuair nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe. |
|
(3) |
Mar iarmhairt ar na leasuithe ar IAS 21, rinneadh Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (‘IFRS 1’) a leasú freisin chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na caighdeáin sin. |
|
(4) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún maidir leis na leasuithe ar IAS 21 go gcomhlíontar leo na coinníollacha maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1803 mar a leanas:
|
(1) |
Déantar Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí (‘IAS 21’) a leasú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
Leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (‘IFRS 1’) i gcomhréir leis na leasuithe ar IAS 21 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025, nó dá éis, ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 243, 11.9.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1606/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1803/oj).
IARSCRÍBHINN
Easpa Inmhalartaitheachta
Leasuithe ar IAS 21
Leasuithe ar IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí
Leasaítear míreanna 8 agus 26. Cuirtear míreanna 8A–8B, 19A agus a gceannteidil ghaolmhara, míreanna 57A–57B, 60L–60M agus Foscríbhinn A leis.
SAINMHÍNITHE
|
8. |
Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna shonraítear:
... Meastar go bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile nuair is féidir le heintiteas an t-airgeadra eile a fháil laistigh de thréimhse ama lena gcuirfear gnáthmhoill riaracháin san áireamh agus trí mhargadh nó sásraí malairte lena gcruthófaí cearta agus oibleagáidí infheidhmithe leis an idirbheart malartaithe. ... |
Tuilleadh sonraí maidir leis na sainmhínithe
Inmhalartaithe (míreanna A2–A10)
|
8A |
Measann eintiteas cé acu atá nó nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile:
|
|
8B |
Mura bhfuil eintiteas in ann níos mó ná méid neamhshuntasach den airgeadra eile a fháil ar an dáta tomhais chun críche sonraithe, níl an t-airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile.
... |
AN SPOTRÁTA MALAIRTE A MHEAS NUAIR NACH bhFUIL AIRGEADRA INMHALARTAITHE (MÍREANNA A11–A17)
|
19A |
Déanfaidh eintiteas meastóireacht ar an spotráta malairte ar dháta tomhais nuair nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile (mar a thuairiscítear i míreanna 8, 8A–8B agus A2–A10) ar an dáta sin. Is é cuspóir an eintitis, agus an spotráta malairte á mheas aige, léiriú a thabhairt ar an ráta ar a ndéanfar idirbheart malartaithe ordúil ar dháta an tomhais idir rannpháirtithe sa mhargadh faoi choinníollacha eacnamaíocha atá i réim. |
IDIRBHEARTA IN AIRGEADRA EACHTRACH A THUAIRISCIÚ SAN AIRGEADRA FEIDHMIÚIL
...
Tuairisciú ag deireadh tréimhsí tuairiscithe ina dhiaidh sin
...
|
26. |
I gcás ina bhfuil roinnt rátaí malairte ar fáil, is é an ráta a úsáidtear ná an ráta ar a bhféadfaí na sreafaí airgid todhchaí, a léirítear leis an idirbheart nó an iarmhéid, a shocrú dá dtarlódh na sreafaí airgid sin ar dháta an tomhais.
... |
NOCHTADH
...
|
57A |
Nuair a dhéanann eintiteas meastóireacht ar spotráta malairte toisc nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile (féach mír 19A), nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar conas a imríonn, nó conas a mheastar a imreoidh, an t-airgeadra nach bhfuil inmhalartaithe go hairgeadra eile tionchar ar fheidhmíocht airgeadais, seasamh airgeadais agus sreafaí airgid an eintitis. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
|
|
57B |
Sonraítear in míreanna A18–A20 an chaoi a gcuireann eintiteas mír 57A i bhfeidhm. |
DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ
...
|
60L |
Easpa Inmhalartaitheachta, arna eisiúint i Lúnasa 2023, lenar leasaíodh mír 8 agus mír 26, agus lenar cuireadh 8A–8B, 19A, 57A–57B agus Foscríbhinn A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2025 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair. |
|
60M |
Agus Easpa Inmhalartaitheachta á cur i bhfeidhm, ní thabharfaidh eintiteas faisnéis chomparáideach arís. In ionad sin:
... |
Foscríbhinn A
Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm
Is dlúthchuid den Chaighdeán í an fhoscríbhinn seo.
INMHALARTAITHEACHT
|
A1 |
Is é cuspóir na léaráide seo a leanas cabhrú le heintitis measúnú a dhéanamh maidir le cé acu atá airgeadra inmhalartaithe agus meastóireacht a dhéanamh ar an spotráta malairte nuair nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe. |
CÉIM I: Inmhalartaitheacht airgeadra a mheas (míreanna 8 agus 8A–8B)
|
A2 |
Leagtar amach i míreanna A3–A10 treoir maidir le cur i bhfeidhm chun cabhrú le haon eintiteas a mheas an bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile. D’fhéadfadh eintiteas a mheas nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile, cé go bhféadfadh an t-airgeadra eile sin a bheith inmhalartaithe sa treo eile. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas a mheas nach bhfuil airgeadra PC inmhalartaithe go hairgeadra LC, cé go bhféadfadh airgeadra LC a bheith inmhalartaithe go hairgeadra PC. |
Tréimhse ama
|
A3 |
Sainmhínítear i mír 8 gur ráta malairte le seachadadh láithreach é an spotráta malairte. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh idirbheart malartaithe iomlán láithreach i gcónaí mar thoradh ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála, nó ar chúiseanna praiticiúla amhail laethanta saoire poiblí. Gnáthmhoill riaracháin maidir leis an airgeadra eile a fháil, ní chuireann sí bac ar airgeadra a bheith inmhalartaithe go dtí an t-airgeadra eile sin. Braitheann gnáthmhoill riaracháin ar na fíricí agus na cúinsí. |
Cumas airgeadra eile a fháil
|
A4 |
Nuair a dhéantar measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile, cuirfidh eintiteas san áireamh an cumas atá aige an t-airgeadra eile a fháil, seachas an rún atá aige nó an cinneadh atá déanta aige déanamh amhlaidh. Faoi réir na gceanglas eile i míreanna A2–A10, is féidir airgeadra a mhalartú go hairgeadra eile má tá sé ar chumas an eintitis an t-airgeadra eile a fháil—go díreach nó go hindíreach—fiú má bheartaíonn sé nó má chinneann sé, gan an t-airgeadra eile a fháil. Mar shampla, faoi réir na gceanglas eile i míreanna A2–A10, fiú má bheartaíonn nó má chinneann an t-eintiteas airgeadra PC a fháil, tá airgeadra LC inmhalartaithe go hairgeadra PC má tá sé ar chumas an eintitis airgeadra LC a mhalartú go hairgeadra PC, nó LC a mhalartú ar airgeadra eile (airgeadra FC) agus ansin airgeadra FC a mhalartú ar airgeadra PC. |
Margaí nó sásraí malairte
|
A5 |
Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile, ní mheasfaidh eintiteas ach margaí nó sásraí malairte ina gcruthófaí cearta agus oibleagáidí infheidhmithe le hidirbheart chun an t-airgeadra a mhalartú ar an airgeadra eile. Tá an infheidhmeacht faoi réir an dlí. Maidir le hidirbheart malairte i sásra margaidh nó i sásra malairte, má chruthaíonn sé cearta agus oibleagáidí infheidhmithe, braitheann sé sin ar na firicí agus ar na cúinsí. |
Cuspóir le hairgeadra eile a fháil
|
A6 |
D’fhéadfadh rátaí malairte éagsúla a bheith ar fáil le haghaidh úsáidí éagsúla airgeadra. Mar shampla, maidir le dlínse a bhfuil brú ar a comhardú íocaíochtaí d’fhéadfadh sé go mbeadh fonn uirthi íocaíochtaí caipitil (amhail íocaíochtaí díbhinne) chuig dlínsí eile a dhíspreagadh, ach allmhairí earraí sonracha ó na dlínsí sin a spreagadh. In iomthosca den sórt sin, d’fhéadfadh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
A7 |
Dá réir sin, d’fhéadfadh inmhalartaitheacht airgeadra go hairgeadra eile a bheith ag brath ar an gcuspóir dá bhfaigheann an t-eintiteas (nó, go teoiriciúil, an cuspóir a mbeadh gá é a fháil) an t-airgeadra eile. Agus an inmhalartaitheacht á meas:
|
|
A8 |
D’fhéadfaí glansócmhainní nó glaninfheistíocht eintitis in oibríocht eachtrach a réadú, mar shampla, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
|
A9 |
Déanfaidh eintiteas a mheas an bhfuil airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile ar leithligh chun na gcríoch uile a shonraítear i mír A7. Mar shampla, measfaidh an t-eintiteas an inmhalartaitheacht chun idirbhearta airgeadra eachtraigh ina airgeadra feidhmiúil a thuairisciú (féach mír A7(a)) ar leithligh ón inmhalartaitheacht chun torthaí agus seasamh airgeadais na hoibríochta eachtraí a aistriú (féach mír A7(c)). |
Cumas gan ach méideanna teoranta den airgeadra eile a fháil
|
A10 |
Níl airgeadra inmhalartaithe go hairgeadra eile más rud é, chun críche a shonraítear i mír A7, nach féidir le heintiteas níos mó ná méid neamhshuntasach den airgeadra eile a fháil. Measfaidh eintiteas cé chomh suntasach is atá méid an airgeadra eile, ar méid é a bhfuil sé ar a chumas ag an eintiteas é a fháil, chun críche sonraithe tríd an méid sin a chur i gcomparáid le méid iomlán an airgeadra eile is gá chun na críche sin. Mar shampla, tá dliteanais ainmnithe in airgeadra FC ag eintiteas a bhfuil airgeadra feidhmiúil LC aige. Maidir leis an méid iomlán airgeadra FC atá an t-eintiteas in ann a fháil chun na dliteanais sin a shocrú, déanann an t-eintiteas measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an méid sin gan ach ina mhéid neamhshuntasach i gcomparáid le méid comhiomlánaithe (an tsuim) a chuid iarmhéideanna dliteanais arna n-ainmniú in airgeadra FC. |
CÉIM II: Spotráta malairte a mheas nuair nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe (mír 19A)
|
A11 |
Ní shonraítear sa Chaighdeán seo an chaoi a measann eintiteas an spotráta malairte chun an cuspóir i mír 19A a chomhlíonadh. Féadfaidh eintiteas ráta malairte inbhraite gan choigeartú a úsáid (féach míreanna A12–A16) nó teicníc mheastacháin eile (féach mír A17). |
Ráta malairte inbhraite gan choigeartú a úsáid
|
A12 |
Agus an spotráta malairte á mheas mar a cheanglaítear faoi mhír 19A, féadfaidh eintiteas ráta malairte inbhraite gan choigeartú a úsáid má chomhlíonann an ráta malairte inbhraite sin an cuspóir i mír 19A. Is samplaí de ráta malairte inbhraite iad na samplaí seo a leanas:
|
Ráta malairte inbhraite a úsáid chun críche eile
|
A13 |
D’fhéadfadh airgeadra nach bhfuil inmhalartaithe go hairgeadra eile chun críche amháin a bheith inmhalartaithe go dtí an t-airgeadra sin chun críche eile. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ar chumas an eintitis airgeadra a fháil chun earraí sonracha a allmhairiú ach ní chun díbhinní a íoc. I gcásanna mar sin, d’fhéadfadh an t-eintiteas a mheas go ndéanann ráta malairte inbhraite chun críche eile an cuspóir i mír 19A a chomhlíonadh. Má chomhlíonann an ráta an cuspóir i mír 19A, féadfaidh eintiteas an ráta sin a úsáid mar an spotráta malairte measta. |
|
A14 |
Agus é á mheas aige an gcomhlíonann ráta malairte inbhraite den sórt sin an cuspóir i mír 19A, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas, i measc tosca eile, a mheas:
|
An chéad ráta malairte ina dhiaidh sin a úsáid
|
A15 |
D’fhéadfadh airgeadra nach bhfuil inmhalartaithe go hairgeadra eile ar an dáta tomhais chun críche sonraithe a bheith inmhalartaithe go dtí an t-airgeadra sin ag pointe éigin ina dhiaidh sin chun na críche sin. I gcásanna mar sin, d’fhéadfadh eintiteas a mheas go gcomhlíonann an chéad ráta malairte ina dhiaidh sin an cuspóir i mír 19A. Má chomhlíonann an ráta an cuspóir i mír 19A, féadfaidh eintiteas an ráta sin a úsáid mar an spotráta malairte measta. |
|
A16 |
Agus é á mheas aige an gcomhlíonann an chéad ráta malairte ina dhiaidh sin an cuspóir i mír 19A, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas, i measc tosca eile, a mheas:
|
Teicníc mheastacháin eile a úsáid
|
A17 |
Féadfaidh eintiteas a bhfuil teicníc mheastacháin eile á húsáid aige aon ráta malairte inbhraite a úsáid—lena n-áirítear na rátaí ó idirbhearta malairte i margaí nó sásraí malairte nach gcruthaítear cearta agus oibleagáidí infheidhmithe leo—agus an ráta sin a choigeartú, de réir mar is gá, chun an cuspóir i mír 19A a chomhlíonadh. |
Nochtadh nuair nach bhfuil airgeadra inmhalartaithe
|
A18 |
Measfaidh eintiteas cé mhéad sonra is gá chun an cuspóir maidir le nochtadh atá sonraithe i mír 57A a chomhlíonadh. Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a shonraítear i míreanna A19–A20 agus aon fhaisnéis bhreise is gá chun an cuspóir maidir le nochtadh atá sonraithe i mír 57A a chomhlíonadh. |
|
A19 |
Le linn dó mír 57A a chur i bhfeidhm, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:
|
|
A20 |
Nuair nach féidir airgeadra feidhmiúil de chuid oibríocht eachtrach a mhalartú go dtí an t-airgeadra tuairiscithe nó, más infheidhme, nach féidir an t-airgeadra tuairiscithe a mhalartú go hairgeadra feidhmiúil de chuid oibríocht eachtrach, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas freisin:
|
Leasaítear ceannteideal.
Leasuithe ar fhógairtí eile
Foscríbhinn B
Leasuithe ar IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais
Leasaítear mír 31C agus mír D27 agus cuirtear mír 39AI isteach.
CUR I LÁTHAIR AGUS NOCHTADH
...
Míniú ar an aistriú chuig IFRSanna
...
Costas measta a úsáid tar éis hipearbhoilsciú dian
|
31C |
Má roghnaíonn eintiteas chun sócmhainní agus dliteanais a thomhas ag cóirluach agus chun an cóirluach sin a úsáid mar chostas measta ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais mar gheall ar hipearbhoilsciú dian (féach míreanna D26–D30), nochtfar i gcéad ráitis airgeadais IFRS an eintitis míniú maidir le conas, agus cén fáth, a raibh airgeadra feidhmiúil ag eintiteas, agus ansin gur stop an t-eintiteas den airgeadra feidhmiúil sin a bheith aige atá faoi réir hipearbhoilsciú dian.
... |
DÁTA ÉIFEACHTACH
...
|
39AI |
Easpa Inmhalartaitheachta (Leasuithe ar IAS 21), arna eisiúint i Lúnasa 2023, lena leasaíodh mír 31C agus mír D27. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 21 (arna leasú i Lúnasa 2023) i bhfeidhm.
... |
Foscríbhinn D
Díolúintí ó IFRSanna eile
...
Hipearbhoilsciú dian
...
|
D27 |
Tá airgeadra geilleagair hipearbhoilscithigh faoi réir hipearbhoilsciú dian má bhíonn an dá shaintréith a leanas aige:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2862/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)