Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2812

Rialachán (AE) 2024/2812 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

C/2024/7670

IO L, 2024/2812, 5.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2812/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2812/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2812

5.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2812 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2024

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/257 (2) ón gComhairle, leagtar síos cuótaí le haghaidh 2024.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, de thoradh gabhálacha an stoic láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; in uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 tá an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2024 ídithe ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

An cuóta iascaireachta a leithdháileadh ar an bhFrainc le haghaidh an stoic láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1 le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar iad a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar an stoc sin a iascach dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Toirmeascfar go háirithe éisc a lorg agus trealamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a gabhadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha de thaisme speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh in aghaidh cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Ar son an Uachtaráin

Maroš ŠEFČOVIČ

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

19/TQ257

An Ballstát

an Fhrainc

Stoc

ANF/8C3411

Speiceas

Láimhínigh (Lophiidae)

Limistéar

8c, 9 agus 10; uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 CECAF

Dáta an iaimh

An 1 Eanáir 2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2812/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top