This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2793
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2793 of 24 October 2024 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council as regards the entering of a geographical indication in the Union register of geographical indications (Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2793 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tásc geografach a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha (Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2793 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tásc geografach a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha (Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra (TGFC))
C/2024/7564
IO L, 2024/2793, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2793/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2793 |
31.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2793 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tásc geografach a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha (‘Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le hiarratas na Spáinne ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, rinneadh é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Chistorra de Navarra / Txistorra de Navarra / Nafarroako Txistorra’ (TGFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).
(3) IO C, C/2024/4269, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4269/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2793/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)