Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2790

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2790 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na polaiméirí i gCatagóir 1 d’Ábhar Comhpháirteach

C/2024/5142

IO L, 2024/2790, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2790/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2790/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2790

31.10.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2790 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Iúil 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na polaiméirí i gCatagóir 1 d’Ábhar Comhpháirteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1009, leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. De bhun na gceanglas a bhaineann le catagóirí comhábhair (‘CMCanna’) 8 agus 9 a leagtar síos i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh polaiméirí áirithe a bheith i dtáirgí leasacháin AE.

(2)

Láithreacht uileláithreach píosaí bídeacha polaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha arna modhnú go ceimiceach, atá dothuaslagtha in uisce, a dhíghrádaíonn go han-mhall agus ar féidir le horgánaigh bheo iad a ionghabháil go héasca, is ábhar imní í maidir lena dtionchar ginearálta ar an gcomhshaol agus, go hionchasach, ar shláinte an duine. Tá sé sin bailí go háirithe i gcás polaiméirí a chuirtear d’aon ghnó le táirgí leasacháin AE a scaoiltear isteach sa chomhshaol ina dhiaidh sin.

(3)

Dá bhrí sin, i Rialachán (AE) 2019/1009 leagadh amach oibleagáid don Choimisiún measúnú a dhéanamh faoin 16 Iúil 2024 ar chritéir in-bhithdhíghrádaitheachta dhá chatagóir polaiméirí de chuid CMC 9: polaiméirí a rialaíonn treá an uisce i gcáithníní cothaitheacha agus dá bhrí sin scaoileadh cothaitheach (‘oibreáin bhratúcháin’) agus polaiméirí a mhéadaíonn acmhainneacht coinneála uisce nó infhliuchtacht an táirge (‘polaiméirí coinneála uisce’).

(4)

An 23 Meitheamh 2021 ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768 (2) lena gcuirtear catagóirí nua polaiméirí isteach i gCatagóirí Comhábhair 1 agus 11. Úsáidtear polaiméirí den sórt sin de ghnáth mar bhreiseáin theicniúla chun éifeachtúlacht agranamaíoch nó sábháilteacht na dtáirgí a mhéadú. Chun a shainaithint cé na polaiméirí nach ábhar imní iad ó thaobh an chomhshaoil de agus, dá bhrí sin, ar cheart iad a áireamh in CMCanna 1 agus 11, chuir an Coimisiún san áireamh na tuairimí eolaíocha a d’eisigh an Coiste um Measúnú Riosca agus Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (3) na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tuairimí maidir le cáithníní micreaphlaisteacha a chuirtear d’aon ghnó le táirgí úsáide tomhaltóirí nó le táirgí úsáide gairmiúla d’aon chineál. Dá bhrí sin, ní fhéadfar ach polaiméirí nádúrtha, nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach, polaiméirí in-bhithdhíghrádaithe nó polaiméirí intuaslagtha a úsáid mar ábhair de chuid CMCanna 1 nó 11.

(5)

Ina dhiaidh sin, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2023/2055 (5) lena dtugtar isteach srian ginearálta i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le micreacháithníní polaiméire sintéisí a chur ar an margadh (‘an srian ginearálta’). Catagóirí áirithe polaiméirí agus polaiméirí a chomhlíonann na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta nó intuaslagthachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, eisiatar iad ón srian ginearálta.

(6)

Eisiatar táirgí leasacháin AE ó raon feidhme an tsriain ghinearálta, go dtí go bhfaighfear toradh an mheasúnaithe ar chritéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce. Mar sin féin, na ceanglais maidir le polaiméirí de chuid CMC 1 a úsáidtear de ghnáth mar bhreiseáin theicniúla, ba cheart iad a ailíniú leis na ceanglais maidir le polaiméirí atá díolmhaithe ón srian ginearálta. Ar an gcéad dul síos, tá na hábhair de chuid CMC 1 faoi réir roinnt forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 cheana, forálacha a cuireadh in oiriúint go sonrach d’úsáid na n-ábhar sin mar ábhair chomhpháirteach i dtáirgí leasacháin AE. Ar an dara dul síos, maidir leis na polaiméirí a fhéadfar a úsáid mar ábhair de chuid CMC 1, breiseáin theicniúla de ghnáth, amhail oibreáin frithdheannaigh nó frithstolptha, níl feidhm shonrach á comhlíonadh acu le linn tréimhse áirithe tar éis iad a chur ar ithreacha, mar atá ag oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce, agus ní gá dóibh díghrádú go mall agus níl aon údar le rialacha sonracha bith-dhíghrádaithe a thabhairt isteach ná a choinneáil ar bun ina leith. Ar an tríú dul síos, tá feidhm ag an srian ginearálta i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le polaiméirí comhchosúla i dtáirgí leasacháin náisiúnta, cé is moite d’oibreáin bhrataithe nó polaiméirí coinneála uisce nach mór dóibh na critéir chéanna a chomhlíonadh leis na critéir atá le leagan síos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin, is gá na ceanglais maidir le hábhair de chuid CMC 1 a ailíniú leis na ceanglais i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun comhleanúnachas a áirithiú trí na rialacha céanna a chur i bhfeidhm maidir le hábhair chomhchosúla atá i dtáirgí comhchuibhithe nó i dtáirgí neamh-chomhchuibhithe, agus chun na cuspóirí a bhaint amach atá á saothrú tríd an srian ginearálta a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuspóirí a d’fhéadfaí a chur i mbaol trí rialacha níos boige a choinneáil ar bun i Rialachán (AE) 2019/1009.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir.

(8)

Tá feidhm le bheith ag Rialachán (AE) 2023/2055 maidir le táirgí leasacháin náisiúnta ón 17 Deireadh Fómhair 2028. Chun críocha an chomhleanúnachais agus chun go mbeidh dóthain ama ann chun oiriúnú do na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart an idirthréimhse chéanna a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Pointe 1 i roinn ‘CMC 1: SUBSTAINTÍ ÍONÁBHAIR AGUS MEASCÁIN ÍONÁBHAIR’ i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, leasaítear é mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

polaiméirí, cé is moite de na polaiméirí seo a leanas:

(i)

polaiméirí ar toradh iad ar phróiseas polaiméirithe a tharla go nádúrtha, go neamhspleách ar an bpróiseas trínar eastóscadh iad, agus nach polaiméirí iad atá modhnaithe go ceimiceach de réir bhrí Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(ii)

polaiméirí atá indíghrádaithe i gcomhréir le Foscríbhinn 15 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(iii)

polaiméirí a bhfuil intuaslagthacht acu ar mó í ná 2 g/L i gcomhréir le Foscríbhinn 16 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó

(iv)

polaiméirí nach bhfuil adaimh charbóin ina struchtúr ceimiceach,’;

(2)

cuirtear an pointe (fa) a leanas isteach:

‘(fa)

polaiméirí a chumhdaítear le CMC 8 agus CMC 9,’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Deireadh Fómhair 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2021 lena leasaítear, chun críoch a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh (IO L 356, 8.10.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1768/oj).

(3)  RAC ECHA. 2020. Opinion on an Annex XV dossier proposing restrictions on intentionally added microplastics [Tuairim maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV lena moltar srianta a chur le micreaphlaistigh a cuireadh isteach d’aon ghnó] (ECHA/RAC/RES-O -0000006790-71-01/F).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 an 25 Meán Fómhair 2023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO L 238, 27.9.2023, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2055/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2790/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top