This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2733
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2733 of 24 October 2024 making imports of multilayered wood flooring originating in the People’s Republic of China subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
C/2024/7349
IO L, 2024/2733, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2733/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2733 |
25.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2733 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 16 Bealtaine 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí tar éis don European Parquet Federation gearán a chur isteach an 4 Aibreán 2024 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais acu. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) painéil urláir chóimeáilte, iad ilsrathach, d’adhmad. Ní áirítear leis painéil de bhambú nó painéil a bhfuil ar a laghad an tsraith uachtarach díobh (an tsraith chaithimh) déanta de bhambú, ná painéil le haghaidh urláir mhósáice. |
|
(4) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chód AC 4418 75 00 . Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh seo. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(7) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé. |
|
(8) |
Sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, measadh corrlaigh dhumpála le haghaidh an táirge lena mbaineann a bheith idir 60 % agus 160 % agus measadh meánleibhéal díothaithe díobhála a bheith idir 40 % agus 50 % sa tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Mheán Fómhair 2023. |
|
(9) |
De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(10) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí painéal urláir cóimeáilte, iad ilsrathach, d’adhmad, isteach san Aontas a chlárú, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 4418 75 00 , agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Ní áirítear painéil de bhambú nó painéil a bhfuil ar a laghad an tsraith uachtarach díobh (an tsraith chaithimh) déanta de bhambú, ná painéil le haghaidh urláir mhósáice leis an táirge a bhfuil tuairisc air in Airteagal 1(1).
3. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/3186, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3186/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2733/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)