Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2729

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2729 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2024 lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid i ngairis ionsamhlúcháin comhshaoil áirithe, i dtrealamh saotharlainne spraethriomúcháin nó reothriomúcháin, agus i lártheifneoirí saotharlainne

C/2024/7249

IO L, 2024/2729, 23.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2729/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2729/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2729

23.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2729 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2024

lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid i ngairis ionsamhlúcháin comhshaoil áirithe, i dtrealamh saotharlainne spraethriomúcháin nó reothriomúcháin, agus i lártheifneoirí saotharlainne

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, cuirtear toirmeasc ar threalamh cuisniúcháin féinchuimsitheach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chur ar an margadh, ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

(2)

De bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573, an 29 Bealtaine 2024, chuir údarás inniúil na Gearmáine iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú díolúine lena gceadaítear trí chineál trealaimh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe mar chuisneán a chur ar mhargadh an Aontais, ar trí chineál trealaimh iad a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, is iad sin: (i) gairis ionsamhlúcháin comhshaoil le haghaidh úsáid teochtaí faoi bhun -50 °C; (ii) trealamh saotharlainne spraethriomúcháin nó reothriomúcháin; agus (iii) lártheifneoirí saotharlainne.

(3)

Is iad seo a leanas na cineálacha trealaimh dá dtagraítear san iarraidh ar dhíolúine: (i) gairis ionsamhlúcháin comhshaoil arb é atá iontu seomra tástála a úsáidtear chun éagsúlacht dálaí comhshaoil a atáirgeadh e.g. teocht agus bogthaise am-spleách, le haghaidh feidhmeanna faoi bhun 50°C; (ii) trealamh saotharlainne a úsáidtear chun samplaí leachtacha a thriomú, trí spraethriomú nó trí reothriomú; agus (iii) lártheifneoirí saotharlainne arb é atá iontu trealamh lena scartar sreabháin de dhlúis éagsúla nó leachtanna ó sholaid i gcoimeádán rothlach tapa.

(4)

Luaitear san iarraidh ar dhíolúine nach bhfuil aon trealamh i margadh an Aontais, faoi láthair, den chineál a ndéantar trácht air ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda. I ngeall ar ábhair imní maidir le sábháilteacht, braitheann an trealamh sin ar chuisneáin neamh-inadhainte (ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda) faoi láthair. Maidir le trealamh inar féidir substaintí malartacha a úsáid, tá gá le breis ama chun an trealamh sin a fhorbairt agus a dheimhniú mar gheall ar chastacht an táirge agus na hathruithe is gá ar an dearadh chun go mbeifí in ann cuisneáin ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid ann agus san am céanna aghaidh á tabhairt ar ábhair imní maidir le sábháilteacht. Chun a áirithiú go n-úsáidfear roghanna malartacha go sábháilte agus chun costais a choinneáil ar leibhéal comhréireach, tá gá le ham chun an t-aistriú chuig cuisneáin ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a éascú. Thairis sin, dá gceanglófaí ar mhonaróirí a bpunann táirgí a athrú laistigh de thréimhse an-ghearr, bheadh an baol ann go mbeadh orthu stop a chur leis an trealamh fíor-riachtanach sin a chur ar an margadh agus a onnmhairiú. Iarrtar san iarraidh ar dhíolúine an tréimhse uasta a údaraítear faoi Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573 mar gheall ar chastacht an aistrithe chuig cuisneáin mhalartacha le haghaidh na gcineálacha trealaimh sin.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh a chuir údarás inniúil na Gearmáine isteach agus measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573. Measann an Coimisiún freisin, i ngeall ar na himthosca eisceachtúla sin, gur cheart am leordhóthanach a thabhairt chun suaitheadh sa mhargadh i soláthar an trealaimh fhíor-riachtanaigh sin a sheachaint. Measann an Coimisiún go mbeadh údar le tréimhse bhreise 4 bliana sa chás eisceachtúil sin.

(6)

Ós rud é go mbeidh feidhm ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh ag an toirmeasc ar an gcineál trealaimh dá dtagraítear sa díolúine a chur ar mhargadh an Aontais, mar gheall ar shrianta ama, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, arna bhunú le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2024/573,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Iarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, údaraítear an trealamh seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/573:

(a)

gairis ionsamhlúcháin comhshaoil arb é atá iontu seomra tástála a úsáidtear chun éagsúlacht dálaí comhshaoil a atáirgeadh e.g. teocht agus bogthaise am-spleách, le haghaidh feidhmeanna faoi bhun 50°C;

(b)

trealamh saotharlainne a úsáidtear chun samplaí leachtacha a thriomú, trí spraethriomú nó trí reothriomú;

(c)

lártheifneoirí saotharlainne a úsáidtear chun sreabháin de dhlúis éagsúla a scaradh nó chun leachtanna a scaradh ó sholaid i gcoimeádán rothlach tapa.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2729/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top