Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2672

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2672 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

ST/11840/2024/INIT

IO L, 2024/2672, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2672/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2672/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2672

9.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2672 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1716.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha agus eintiteas amháin a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leanas:

(1)

Faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 5 agus 12:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘5.

Luís PÉREZ OLIVAS

Dáta breithe: 8.1.1956

Inscne: fireann

Ceann Stáisiún Póilíneachta Cheantar a Trí in Managua ó 2023 i leith. IarArd-Choimisinéir agus iarPhríomhoifigeach Cúnaimh Dhlíthiúil (DAEJ) i bpeannadlann “El Chipote”. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid iomarcach an fhornirt, drochíde a thabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil agus cineálacha íde táirí eile.

4.5.2020’

‘12.

Alba Luz RAMOS

VANEGAS

Dáta breithe: 3.6.1949

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pas uimhir: A0009864 (Nicearagua)

IarUachtarán Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Phoblacht Nicearagua. Freagrach as na breithiúna a ionstraimiú ar mhaithe le leasanna réimeas Ortega, trí ghníomhaíochtaí freasúra a choiriúlú go roghnaíoch, trí phatrún na sáruithe ar chearta an phróisis chuí, gabhálacha treallacha, agus dícháiliú páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí freasúra a bhuanú.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus as an bhfreasúra daonlathach a bhrú faoi chois, agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021’

(2)

Faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

An Chomhairle Uachtarach um Thoghcháin

Consejo Supremo Electoral

Seoladh: Pista Juan Pablo II, Managua 14005, Nicearagua

Suíomh: https://www.cse.gob.ni/

R-phost: info@cse.gob.ni

Is í an Chomhairle Uachtarach um Thoghcháin an comhlacht atá freagrach as olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a ullmhú, a reáchtáil agus a dheimhniú, olltoghcháin a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus próisis dhaonlathacha i ngeall ar a n-easpa trédhearcachta, chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Cheil an Chomhairle Uachtarach um Thoghcháin an deis ar an bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sí eagrú na vótála i ndálaí nach dálaí daonlathacha iad.

An 3 Deireadh Fómhair 2023, chuir an Chomhairle Uachtarach um Thoghcháin stádas dlíthiúil Yatama, an príomhpháirtí polaitiúil dúchasach i Nicearagua, ar ceal, rud a chuir bac ar a rannpháirtíocht i dtoghcháin mhí an Mhárta 2024 in dhá réigiún fhéinrialaitheacha den tír (Costa Caribe agus Costa Caribe Norte).

Tá an Chomhairle Uachtarach um Thoghcháin freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua.

10.1.2022’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2672/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top