This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2670
Council Implementing Regulation (EU) 2024/2670 of 8 October 2024 implementing Regulation (EC) No 1183/2005 concerning restrictive measures in view of the situation in the Democratic Republic of the Congo
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2670 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2670 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
ST/13406/2024/INIT
IO L, 2024/2670, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2670/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2670 |
9.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2670 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(2) |
Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta i gcásanna T-88/23 agus T-89/23, ba cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 (‘LIOSTA NA nDAOINE NÁDÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2b’), scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’):
|
‘5. |
Evariste BOSHAB |
|
6. |
Alex Kande MUPOMPA’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2670/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)