Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2639

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2639 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le róil agus cúraimí phointí teagmhála náisiúnta aonair an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate

C/2024/6963

IO L, 2024/2639, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2639/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2639/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2639

10.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2639 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Deireadh Fómhair 2024

lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le róil agus cúraimí phointí teagmhála náisiúnta aonair an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25(2), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2023/988 gurb é an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate an córas mear-rabhaidh chun faisnéis a mhalartú faoi bhearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha. Chun sreabhadh faisnéise éifeachtúil agus feidhmiú cuí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate a áirithiú, de bhun Airteagal 25(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/988, ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta don Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate (‘pointe teagmhála Safety Gate’). De bhun Airteagal 25(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/988, beidh an pointe teagmhála Safety Gate freagrach, ar a laghad, as iomláine na bhfógraí a sheiceáil ar cuireadh iad faoi bhráid an Choimisiúin lena mbailíochtú, agus as cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) go (6) den Rialachán sin. Ba cheart ainmniú an phointe teagmhála náisiúnta Safety Gate a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát a gcóras faireachais margaidh a eagrú.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún (2) leagadh síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras an Aontais um Mearfhaisnéis (‘RAPEX’) arna bhunú faoi Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a aisghaireadh. Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin rinneadh foráil maidir le cúraimí Phointí Teagmhála Náisiúnta Chóras an Aontais um Mearfhaisnéis, lena n-áirítear obair na n-údarás náisiúnta ábhartha a eagrú agus a stiúradh, déanamh ceart na gcúraimí uile agus, go háirithe, soláthar na faisnéise uile is gá don Choimisiún gan mhoill a áirithiú nó na gníomhaíochtaí agus tionscnaimh náisiúnta uile a chomhordú a dhéantar i ndáil leis an gcóras. I bhfianaise an dea-eispéiris le feidhmiú Phointí Teagmhála Náisiúnta Chóras an Aontais um Mearfhaisnéis, ba cheart, a mhéid is iomchuí, na róil agus cúraimí a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 a áireamh i róil agus cúraimí na bpointí teagmhála Safety Gate.

(3)

Chun sreabhadh faisnéise éifeachtúil a áirithiú idir an pointe teagmhála Safety Gate agus na húdaráis éagsúla atá rannpháirteach sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate in aon Bhallstát ar leith, ba cheart don phointe teagmhála Safety Gate obair a líonra d’údaráis náisiúnta a bhíonn ag plé leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate (‘Líonra Náisiúnta Safety Gate’) a eagrú agus a stiúradh.

(4)

I gcomhréir lena gcúraimí atá ann faoi láthair faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 agus chun úsáid éifeachtúil an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate agus comhsheasmhacht san fhaisnéis a chuirtear isteach a áirithiú, ba cheart do na pointí teagmhála Safety Gate oiliúint a chur ar na húdaráis náisiúnta agus cuidiú leo maidir le húsáid an chórais.

(5)

Chun nach mbeadh aon dúbailt ann maidir leis na fógraí sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, sula dtíolacfar fógra ba cheart do na pointí teagmhála Safety Gate a sheiceáil, in éineacht leis na húdaráis náisiúnta más ábhartha, cé acu a tugadh fógra i leith táirge cheana sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate nó nár tugadh.

(6)

Is é is aidhm don Ransaitheoir Gréasáin Ríomhfhaireachais um Shábháilteacht Táirgí, feidhmchlár TF arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún, táirgí a bhrath ar tugadh fógra ina leith sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate ach atá fós á ndíol nó a chuirtear ar díol an athuair i siopaí gréasáin agus i margaí ar líne. Chun éifeachtacht an fhaireachais margaidh ar líne a fheabhsú, ba cheart a úsáid a chur chun cinn go forleathan, in éineacht le huirlisí comhchosúla eile a úsáideann na húdaráis, i gcás inarb infheidhme.

(7)

Gníomhaíonn an Coimisiún agus údaráis náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha maidir le próiseáil sonraí sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, róil agus freagrachtaí gach rialaitheora chomhpháirtigh.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna le Rialachán (AE) 2023/988.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste le haghaidh an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a bunaíodh faoi Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2023/988,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is iad seo a leanas róil agus cúraimí na bpointí teagmhála náisiúnta aonair faoi Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2023/988 (‘pointí teagmhála Safety Gate’):

(a)

iomláine an fhógra a fuarthas ó údaráis náisiúnta eile ina mBallstát a fhíorú agus a bhailíochtú sula dtarchuirfear é chuig an gCoimisiún tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate de bhun Airteagal 25(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/988;

(b)

seiceáil, sula dtíolacfar fógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, cé acu a tugadh fógra cheana i leith táirge atá faoi réir an fhógra sa Chóras sin nó nár tugadh, agus má tugadh agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an údarás náisiúnta ábhartha, fógra leantach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2023/988 ina ionad;

(c)

maidir le fógraí na mBallstát eile, arna mbailíochtú ag an gCoimisiún, sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, a áirithiú go bhfaigheann na húdaráis náisiúnta ábhartha na fógraí sin, lena n-áirítear na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, ina mBallstát chun go ndéanfar obair leantach orthu ar an leibhéal náisiúnta;

(d)

úsáid an Ransaitheora Gréasáin Ríomhfhaireachais um Shábháilteacht Táirgí, agus úsáid uirlisí comhchosúla eile más ábhartha, a chur chun cinn laistigh dá Bhallstát, agus go háirithe an obair leantach a dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta ar a thorthaí ábhartha;

(e)

oiliúint a chur ar na húdaráis náisiúnta uile agus cuidiú leo maidir le húsáid an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(f)

a éascú go ndéantar na cúraimí a bhaineann leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a eascraíonn as Rialachán (AE) 2023/988 agus Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chóras sin, ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca (6) agus, go háirithe, go gcuirtear an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/988;

(g)

comhoibriú le pointí teagmhála Safety Gate eile agus faisnéis atá ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí a mhalartú leo, agus páirt a ghlacadh i bpléití idir na pointí teagmhála Safety Gate arna gcomhordú ag an gCoimisiún;

(h)

faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí ar an leibhéal náisiúnta a mhalartú leis an údarás is ball den Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2023/988, i gcás inar údarás é atá difriúil leis an bpointe teagmhála Safety Gate;

(i)

faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí ar an leibhéal náisiúnta a mhalartú leis an oifig idirchaidrimh aonair arna ceapadh faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2023/988, i gcás inar údarás é atá difriúil leis an bpointe teagmhála Safety Gate;

(j)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhadhb theicniúil le feidhmiú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(k)

iarrataí ar rochtain ar iarratais atá nasctha leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate ó úsáideoirí ina Líonra Náisiúnta Safety Gate a bhainistiú, agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon athrú foirne a dhéanann difear do chearta rochtana;

(l)

iarrataí a bhaineann le feidhmiú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate laistigh dá mBallstát ó pháirtithe leasmhara a fhreagairt, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne;

(m)

i gcás inarb iomchuí, dul i dteagmháil leis an údarás ina mBallstát a chuir isteach an fógra ábhartha sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, maidir le haon fhaisnéis fhorlíontach a d’fhéadfaí a mheas a cuireadh leis an bhfógra sin, arna iarraidh sin d’oibreoirí eacnamaíocha nó do sholáthraithe margaí ar líne, go háirithe nuair a d’fhéadfadh cineál neamhiomlán an fhógra sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate difear diúltach a dhéanamh do na gnólachtaí sin.

Airteagal 2

An Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta a ghníomhaíonn mar rialaitheoirí comhpháirteacha maidir le próiseáil sonraí sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh na róil agus na freagrachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo acu.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/417/oj).

(3)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/95/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(6)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

(7)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).


IARSCRÍBHINN

RIALAITHEOIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH AN CHÓRAIS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE

1.   ÁBHAR NA PRÓISEÁLA AGUS TUAIRISC AR AN BPRÓISEÁIL SIN

Is córas fógartha atá á oibriú ag an gCoimisiún é an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate atá beartaithe chun faisnéis a mhalartú go tapa idir údaráis náisiúnta na mBallstát, na trí stát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch/de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (LEE/CSTE) (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus an Coimisiún maidir le bearta a dhéantar in aghaidh táirgí contúirteacha a fhaightear ar mhargadh an Aontais agus/nó ar mhargadh LEE/CSTE.

Is é cuspóir an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate malartú faisnéise tapa a chumasú maidir le bearta ceartaitheacha a rinneadh ar fud an Aontais i ndáil le táirgí lena mbaineann riosca.

Baineann an malartú faisnéise le bearta ceartaitheacha a rinneadh i ndáil le táirgí tomhaltais agus táirgí gairmiúla contúirteacha a thagann faoi raon feidhme Rialacháin (AE) 2023/988 nó Rialachán (AE) 2019/1020.

Cumhdaítear leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate bearta a ordaíonn údaráis náisiúnta agus bearta a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha dá ndeoin féin.

2.   RAON FEIDHME NA RIALAITHEOIREACHTA COMHPHÁIRTÍ

Gníomhóidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha (‘Rialaitheoirí Comhpháirteacha’) chun sonraí a phróiseáil sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Tagraíonn ‘údaráis náisiúnta’ d’údaráis uile na mBallstát agus údaráis uile thíortha CSTE/LEE atá ag gníomhú maidir le sábháilteacht táirgí agus atá rannpháirteach i líonra an Aontais de phointí teagmhála Safety Gate, lena n-áirítear údaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí le ceanglais sábháilteachta agus údaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha.

Chun críocha Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725, tiocfaidh na gníomhaíochtaí próiseála seo a leanas faoi fhreagracht an Choimisiúin mar Rialaitheoir Comhpháirteach sonraí pearsanta:

(1)

an phróiseáil a dhéanann an Coimisiún ar fhaisnéis maidir le bearta a ghlactar in aghaidh táirgí a bhfuil rioscaí tromchúiseacha ag baint leo, a allmhairítear isteach san Aontas agus in LEE nó a onnmhairítear ón Aontas agus ó LEE, chun í a tharchur chuig pointí teagmhála náisiúnta aonair an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate (‘pointí teagmhála Safety Gate’);

(2)

an phróiseáil a dhéanann an Coimisiún ar fhaisnéis a fhaightear ó thríú tíortha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó ghnólachtaí nó ó chórais mhear-rabhaidh eile maidir le táirgí de thionscnamh AE agus neamh-AE a bhfuil riosca do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí ag baint leo, chun an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta.

Agus na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na hoibleagáidí agus na coinníollacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2018/1725.

Is faoi fhreagracht na n-údarás náisiúnta, mar Rialaitheoirí Comhpháirteacha sonraí pearsanta, a thiocfaidh na gníomhaíochtaí próiseála seo a leanas:

(1)

an phróiseáil a dhéanann na húdaráis náisiúnta ar fhaisnéis de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Bhallstáit eile agus do thíortha CSTE/LEE maidir leis an bhfaisnéis sin;

(2)

an phróiseáil a dhéanann údaráis náisiúnta ar fhaisnéis i ndiaidh a ngníomhaíochtaí leantacha i ndáil le fógraí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate chun fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Bhallstáit eile agus do thíortha CSTE/LEE maidir leis an bhfaisnéis sin.

Agus na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na hoibleagáidí agus na coinníollacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2016/679.

3.   FREAGRACHTAÍ AGUS RÓIL NA RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA I LEITH NA N-ÁBHAR SONRAÍ AGUS AN CAIDREAMH ATÁ AG NA RIALAITHEOIRÍ SIN LEIS NA HÁBHAIR SONRAÍ

3.1.   Catagóirí na n-ábhar sonraí agus na sonraí pearsanta

Déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha próiseáil i gcomhpháirt ar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta:

(a)

Sonraí teagmhála úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

 

Féadfar na sonraí seo a leanas a phróiseáil:

ainmneacha úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

sloinnte úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

seoltaí ríomhphoist úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

tíortha úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

roghanna teanga úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(b)

Sonraí teagmhála údair agus bhailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

 

I measc na n-údar agus na mbailíochtóirí sin tá:

pointí teagmhála Safety Gate agus cigirí ó údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát agus thíortha CSTE/LEE nó ó na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, a bhfuil baint acu leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt;

baill foirne de chuid an Choimisiúin lena n-áirítear oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh, oiliúnaithe agus soláthraithe seirbhíse seachtracha.

 

Féadfar na sonraí seo a leanas a phróiseáil:

ainmneacha údair agus bhailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

sloinnte údair agus bhailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

ainm an údaráis a dhéanann ceapadóireacht agus bailíochtú ar fhógraí agus ar fhrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

seoladh an údaráis a dhéanann ceapadóireacht agus bailíochtú ar fhógraí agus ar fhrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

seoltaí ríomhphoist údair agus bailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

uimhreacha teileafóin údair agus bhailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(c)

Ina theannta sin, is féidir dhá chineál sonraí pearsanta a áireamh go teagmhasach sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate:

(i)

Nuair is gá chun táirgí contúirteacha a rianú, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2023/988, d’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith i sonraí teagmhála oibreoirí eacnamaíocha a áireofar sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Is iad údaráis náisiúnta amháin a chuireann sonraí den sórt sin isteach sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh le linn a n-imscrúdaithe. Féadfar na sonraí seo a leanas a phróiseáil:

ainmneacha na n-oibreoirí eacnamaíocha;

seoltaí na n-oibreoirí eacnamaíocha;

cathracha na n-oibreoirí eacnamaíocha;

tíortha na n-oibreoirí eacnamaíocha;

sonraí teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha (1);

seoltaí teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha;

(ii)

Nuair a chuirtear san áireamh go teagmhasach iad i ndoiciméid eile amhail tuarascálacha tástála, ainmneacha na ndaoine a rinne na tástálacha ar tháirgí contúirteacha agus/nó a rinne na tuarascálacha tástála a fhíordheimhniú.

3.2.   Faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí

Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 17 go 24 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí freisin chun cabhrú leis na húdaráis náisiúnta aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 19 go 26 agus 37 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid maidir leis na sonraí a leanas:

sonraí a bhaineann leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

sonraí a bhaineann le húdair agus bailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha.

Cuirfear úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate ar an eolas faoina gcearta tríd an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta bearta iomchuí freisin chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 19 go 26 agus 37 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid maidir leis na sonraí a leanas:

faisnéis faoi dhaoine dlítheanacha lena ndéantar duine nádúrtha a shainaithint;

ainmneacha agus sonraí eile daoine a rinne na tástálacha ar tháirgí contúirteacha agus/nó a rinne na tuarascálacha tástála a fhíordheimhniú.

Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, lena n-airítear an méid sin a dhéanamh go leictreonach.

Bainfidh na húdaráis náisiúnta úsáid as an tsamhail le haghaidh ráiteas príobháideachais arna sholáthar ag an gCoimisiún agus a n-oibleagáidí maidir le hábhair sonraí á gcomhlíonadh acu.

3.3.   Iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil

Féadfaidh na hábhair sonraí a gcearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach, a fheidhmiú in aghaidh an Choimisiúin nó in aghaidh údaráis náisiúnta ag gníomhú mar Rialaitheoirí Comhpháirteacha.

Láimhseálfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha iarrataí na n-ábhar sonraí i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaigh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha chun na críche sin. Mínítear an nós imeachta mionsonraithe maidir le cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú sa ráiteas príobháideachais.

Oibreoidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha i gcomhar le chéile agus, arna iarraidh sin dóibh, tabharfaidh siad cúnamh tapa agus éifeachtúil dá chéile chun aon iarraidh ó ábhar sonraí a láimhseáil.

I gcás ina bhfaighidh Rialaitheoir Comhpháirteach amháin iarraidh ón ábhar sonraí, iarraidh nach dtagann faoina fhreagracht, cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach sin an iarraidh ar aghaidh go pras, agus laistigh de sheacht lá féilire ar a dhéanaí ón iarraidh sin a fháil, chuig an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as an iarraidh sin. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach admháil fála chuig an ábhar sonraí laistigh de thrí lá féilire tar éis an iarraidh a cuireadh ar aghaidh a bheith faighte, agus an tráth céanna, cuirfidh sé an Rialaitheoir Comhpháirteach a fuair an iarraidh ar an gcéad dul síos ar an eolas faoi sin.

Mar fhreagra ar iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain ar shonraí pearsanta, ní nochtfaidh an Rialaitheoir Comhpháirteach ná ní chuirfidh sé ar fáil ar shlí eile aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil go comhpháirteach, gan dul i gcomhairle ar dtús leis an Rialaitheoir Comhpháirteach eile.

4.   FREAGRACHTAÍ AGUS RÓIL EILE NA RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA

4.1.   Slándáil na próiseála

Cuirfidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go comhpháirteach a áirithiú agus a chosaint, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (2) agus le gníomh dlí ábhartha Bhallstát an Aontais nó thír CSTE/LEE, faoi seach;

(b)

aon sonraí pearsanta atá ina sheilbh a chosaint ar aon phróiseáil, caillteanas, úsáid, nochtadh nó fáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach;

(c)

gan na sonraí pearsanta a nochtadh nó rochtain orthu a cheadú d’aon duine seachas na faighteoirí nó na próiseálaithe a comhaontaíodh roimh ré.

Déanfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun slándáil na próiseála a áirithiú de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach.

Cuirfidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha cúnamh tapa agus éifeachtúil ar fáil dá chéile i gcás teagmhais slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta.

4.2.   Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta

Láimhseálfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha teagmhais slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin agus leis an reachtaíocht is infheidhme.

Go háirithe, maidir le sainaithint agus láimhseáil aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a bhaineann leis an bpróiseáil chomhpháirteach, tabharfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha cúnamh tapa agus éifeachtúil dá chéile de réir mar is gá chun an tsainaithint agus an láimhseáil sin a éascú.

Tabharfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha fógra dá chéile faoi na nithe seo a leanas:

(a)

aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ann d’infhaighteacht, rúndacht agus/nó sláine na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu;

(b)

aon teagmhas slándála a bhaineann leis an oibríocht próiseála comhpháirtí;

(c)

aon sárú ar shonraí pearsanta (i.e. aon sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh díothú, cailleadh, athrú, nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, nó rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta, a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu, bíodh an méid sin neamhdhleathach nó déanta de thaisme), na hiarmhairtí is dócha a bheidh ag an sárú ar shonraí pearsanta, an measúnú ar an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus aon bhearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta agus chun an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a mhaolú;

(d)

aon sárú ar choimircí teicniúla agus/nó eagraíochtúla na hoibríochta próiseála comhpháirtí.

Beidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach freagrach as na teagmhais slándála uile a láimhseáil, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a tharlaíonn mar thoradh ar shárú ar oibleagáidí an Rialaitheora Chomhpháirtigh sin faoin Rialachán Cur Chun Feidhme seo, faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach.

Déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha teagmhais slándála (lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta) a dhoiciméadú agus tabharfaidh siad fógra dá chéile gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí laistigh de 48 uair an chloig tar éis tar éis dóibh a bheith ar an eolas faoi theagmhas slándála (lena n-áirítear sárú ar shonraí pearsanta).

Déanfaidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as sárú ar shonraí pearsanta an sárú sin a dhoiciméadú agus tabharfaidh sé fógra faoin sárú sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó don údarás maoirseachta náisiúnta inniúil. Déanfaidh sé amhlaidh gan moill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú ar shonraí pearsanta, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú ar shonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile ar an eolas faoin bhfógra sin.

Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as an sárú ar shonraí pearsanta an sárú sin in iúl do na hábhair sonraí lena mbaineann, más dócha go dtiocfaidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha sin as an sárú sin. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile ar an eolas faoin gcumarsáid sin.

4.3.   Sonraí pearsanta a logánú

Sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch an phróisis fógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, déanfar iad a stóráil agus a bhailiú sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate chun a áirithiú go mbeidh an rochtain ar an bhfeidhmchlár teoranta do dhaoine atá sainaitheanta go soiléir agus, ar an gcaoi sin, go mbeidh na sonraí atá stóráilte san fheidhmchlár cosanta go maith.

Sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch na hoibríochta próiseála, ní dhéanfar iad a phróiseáil ach amháin laistigh de chríoch AE/LEE agus ní fhágfaidh siad an chríoch sin, mura rud é go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 nó 49 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagail 47, 48 nó 50 de Rialachán (AE) 2018/1725.

De réir Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2023/988, féadfaidh an Coimisiún faisnéis roghnaithe ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a sholáthar do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus faisnéis ábhartha a fháil faoi shábháilteacht táirgí agus faoi bhearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha arna ndéanamh ag na tríú tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin. Aon mhalartú faisnéise faoi Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2023/988, a mhéid a bhaineann sé le sonraí pearsanta, déanfar é i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

4.4.   Faighteoirí sonraí pearsanta

Ní cheadófar rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin d’fhoireann údaraithe agus do chonraitheoirí an Choimisiúin agus na n-údarás náisiúnta chun an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate a riar agus a oibriú. Beidh an rochtain sin faoi réir ceanglais aitheantais agus pasfhocail mar a leanas:

Ní bheidh an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate oscailte ach amháin don Choimisiún agus d’úsáideoirí arna gceapadh go sonrach ag údaráis Bhallstáit an Aontais agus ag údaráis ó thíortha CSTE/LEE, chomh maith le húdaráis ón Ríocht Aontaithe maidir le húsáideoirí ó Thuaisceart Éireann.

Ní thabharfar rochtain ar na sonraí pearsanta a bhailítear ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate ach d’úsáideoirí ainmnithe agus údaraithe an fheidhmchláir a bhfuil Aitheantas Úsáideora/Pasfhocal acu. Ní fhéadfar rochtain a thabhairt ar an bhfeidhmchlár ná pasfhocal a dheonú ach amháin má iarrann an t-údarás náisiúnta inniúil é sin faoi mhaoirseacht ginearálta Fhoireann Safety Gate an Choimisiúin.

Tugtar rochtain ar na sonraí pearsanta a bailíodh d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na daoine atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloífidh na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Is iad seo a leanas na daoine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí pearsanta a bhaileofar:

(a)

baill foirne agus conraitheoirí an Choimisiúin;

(b)

pointí teagmhála agus cigirí sainaitheanta ó údaráis um fhaireachas margaidh Bhallstáit an Aontais agus thíortha CSTE/LEE chomh maith le húdaráis na Ríochta Aontaithe i leith úsáideoirí Thuaisceart Éireann;

(c)

cigirí sainaitheanta ó na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais agus thíortha CSTE/LEE.

Is iad seo a leanas na daoine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí pearsanta go léir a bhaileofar agus a bheidh in ann iad a mhodhnú arna iarraidh sin:

(a)

baill d’Fhoireann Safety Gate an Choimisiúin;

(b)

baill de Dheasc Cabhrach Safety Gate an Choimisiúin.

Beidh liosta de na pointí teagmhála Safety Gate uile, liosta ina bhfuil a sonraí teagmhála (sloinne, ainm, ainm an údaráis, seoladh an údaráis, fón, ríomhphost) ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí na Tairsí Safety Gate (3). Is iad na pointí teagmhála Safety Gate a rialóidh bainistiú úsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate.

Beidh rochtain ag gach úsáideoir ar inneachar na bhfógraí a bhfuil stádas ‘bailíochtaithe ag an gCoimisiún’ acu. Ní bheidh rochtain ach ag úsáideoirí náisiúnta an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate ar dhréacht a bhfógraí (sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad). Baill foirne an Choimisiúin agus daoine údaraithe beidh rochtain acu ar fhógraí a bhfuil stádas ‘tíolactha ag an gCoimisiún’ acu.

Cuirfidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach gach Rialaitheoir Comhpháirteach eile ar an eolas faoi aon aistriú sonraí pearsanta chuig faighteoirí i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.   FREAGRACHTAÍ SONRACHA NA RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA

Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas agus beidh sé freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh maidir le modhanna, ceanglais agus cuspóirí na próiseála;

(b)

an oibríocht phróiseála a thaifeadadh;

(c)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí a éascú;

(d)

iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil;

(e)

cinneadh a dhéanamh srian a chur ar chur i bhfeidhm chearta an ábhair sonraí nó maolú orthu, i gcás inar gá agus inar comhréireach;

(f)

an príobháideachas trí dhearadh agus an príobháideachas trí réamhshocrú a áirithiú;

(g)

dlíthiúlacht, riachtanas agus comhréireacht tarchur agus aistrithe sonraí pearsanta a shainaithint agus a mheasúnú;

(h)

dul i gcomhairle roimh ré leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás inar gá;

(i)

a áirithiú go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;

(j)

Oibriú i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna iarraidh sin dó, agus a chúraimí á gcomhlíonadh.

Áiritheoidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas agus beidh siad freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

an oibríocht phróiseála a thaifeadadh;

(b)

a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu leordhóthanach, cruinn, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche sin;

(c)

a áirithiú go dtabharfar faisnéis thrédhearcach d’ábhair sonraí agus go ndéanfar cumarsáid thrédhearcach leo maidir lena gcearta;

(d)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí a éascú;

(e)

gan ach próiseálaithe a úsáid a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go ndéanfaidh siad bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme sa chaoi go gcomhlíonann an phróiseáil ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus go n-áirithítear léi cosaint chearta an ábhair sonraí;

(f)

próiseáil an phróiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlí faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679;

(g)

dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás maoirseachta náisiúnta, i gcás inar gá;

(h)

a áirithiú go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;

(i)

oibriú i gcomhar leis an údarás maoirseachta náisiúnta, arna iarraidh sin dó, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh.

6.   FAD NA PRÓISEÁLA

Ní choinneoidh ná ní phróiseálfaidh Rialaitheoirí Comhpháirteacha sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críocha agus na hoibleagáidí comhaontaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i gcrích, i.e. ar feadh an ama is gá chun cuspóir an bhailithe nó na próiseála breise a chomhlíonadh. Go háirithe:

(a)

coinneofar sonraí teagmhála úsáideoirí an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate sa chóras fad is gur úsáideoirí iad. Scriosfar sonraí teagmhála ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate díreach tar éis faisnéis a fháil nach úsáideoir den chóras é duine áirithe a thuilleadh.

(b)

sonraí teagmhála na gcigirí ó údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát agus thíortha CSTE/LEE, agus na gcigirí ó na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, arna soláthar i bhfógraí agus i bhfrithghníomhartha, déanfar iad a choinneáil sa chóras go ceann tréimhse cúig bliana tar éis an fógra nó an frithghníomh a bhailíochtú.

(c)

coinneofar sonraí pearsanta daoine nádúrtha eile a d’fhéadfaí a áireamh sa chóras i bhfoirm lenar féidir sainaithint a dhéanamh go ceann 30 bliain ón tráth a chuirtear an fhaisnéis isteach sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, rud a chomhfhreagraíonn do shaolré uasta mheasta catagóirí táirgí amhail fearais leictreacha nó mótarfheithiclí.

Maidir le hiarrataí dlisteanacha ó ábhair sonraí go ndéanfaí a gcuid sonraí a bhlocáil, a choigeartú nó a scriosadh, comhlíonfaidh an Coimisiún iad laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.

7.   DLITEANAS MAIDIR LE NEAMH-CHOMHLÍONADH

Beidh an Coimisiún faoi dhliteanas i leith neamh-chomhlíonta i gcomhréir le Caibidil VIII de Rialachán (AE) 2018/1725.

Beidh údaráis Bhallstáit an Aontais faoi dhliteanas i leith neamh-chomhlíonta i gcomhréir le Caibidil VIII de Rialachán (AE) 2016/679.

8.   COMHAR IDIR RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA

Tabharfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach, arna iarraidh sin dó, cúnamh tapa agus éifeachtúil do na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile agus an Rialachán seo á chur i gcrích acu, agus ceanglais uile Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach, agus rialacha eile is infheidhme maidir le cosaint sonraí, á gcomhlíonadh aige.

9.   DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH

Féachfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha le réiteach cairdiúil a fháil ar aon díospóid a éireoidh as nó a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Más rud é, tráth ar bith, go dtagann ceist, díospóid nó easaontas chun cinn idir na Rialaitheoirí Comhpháirteacha, i ndáil leis an Rialachán seo nó i dtaca leis, déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha gach iarracht é a réiteach trí phróiseas comhairliúcháin.

Is fearr go réiteofar gach díospóid ar an leibhéal oibríochtúil de réir mar a thagann siad chun cinn, agus go réiteoidh na pointí teagmhála dá dtagraítear i bpointe 10 den Iarscríbhinn seo agus a liostaítear ar shuíomh gréasáin poiblí na Tairsí Safety Gate iad.

Is é is aidhm don chomhairliúcháin an ghníomhaíocht a dhéantar chun réiteach a fháil ar an bhfadhb a athbhreithniú agus a chomhaontú a mhéid is féidir. Rachaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha i mbun caibidlíochta le chéile de mheon macánta chuige sin. Tabharfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach freagra ar iarratas ar réiteach cairdiúil laistigh de 7 lá oibre tar éis an t-iarratas sin a bheith faighte. Is 30 lá oibre ó dháta fháil na hiarrata a bheidh sa tréimhse chun réiteach cairdiúil a bhaint amach.

Mura féidir an díospóid a réiteach go cairdiúil, féadfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach an díospóid a tharchur chuig idirghabháil nó/agus imeachtaí breithiúnacha ar an mbealach seo a leanas:

(a)

i gcás idirghabhála, déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha idirghabhálaí a cheapadh go comhpháirteach a bheidh inghlactha ag gach duine acu agus a bheidh freagrach as réiteach na díospóide a éascú laistigh de dhá mhí ón díospóid a bheith curtha faoina bhráid;

(b)

i gcás imeachtaí breithiúnacha, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

10.   POINTÍ TEAGMHÁLA DON CHOMHAR IDIR NA RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA

Ainmníonn gach Rialaitheoir Comhpháirteach pointe teagmhála aonair, agus rachaidh Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile i dteagmháil leis an bpointe teagmhála sin i gcás fiosruithe, gearán agus soláthair faisnéise laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Beidh liosta de na pointí teagmhála uile arna n-ainmniú ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta, liosta ina bhfuil a sonraí teagmhála (sloinne, ainm, ainm an údaráis, seoladh an údaráis, fón, facs, ríomhphost), ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí na Tairsí Safety Gate.


(1)  Sa réimse seo, d’fhéadfadh sé go dtagraítear don duine fisiciúil a dhéanann ionadaíocht ar na monaróirí nó ar na hionadaithe údaraithe. Iarrtar ar na Ballstáit, áfach, gan aon sonraí pearsanta a chur isteach agus tús áite a thabhairt do shonraí teagmhála neamhphearsanta amhail seoltaí ríomhphoist cineálacha.

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/46/oj).

(3)   https://ec.europa.eu/safety/consumers/consumers_safety_gate/menu/documents/Safety_Gate_contacts.pdf.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2639/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top