This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2635
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2635 of 3 October 2024 approving silver zinc zeolite as an existing active substance for use in biocidal products of product-types 2, 7 and 9 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2635 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2024 lena bhformheastar seoilít since airgid mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7, agus 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2635 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2024 lena bhformheastar seoilít since airgid mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7, agus 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/6783
IO L, 2024/2635, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2635/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2635 |
4.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2635 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Deireadh Fómhair 2024
lena bhformheastar seoilít since airgid mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7, agus 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Airítear seoilít since airgid sa liosta sin (Uimhir CAS: 130328-20-0) le haghaidh chineálacha táirgí 2, 7 agus 9. |
|
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar sheoilít since airgid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 (díghalráin a úsáidtear sa réimse phríobháideach agus i réimse na sláinte poiblí agus táirgí bithicídeacha eile), de chineál táirge 7 (leasaithigh sceo) agus de chineál táirge 9 (leasaithigh snáithíní, leathair, rubair agus ábhar polaiméirithe), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus comhfhreagraíonn siad do chineál táirge 2 (díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe), do chineál táirge 7 (leasaithigh sceo) agus do chineál táirge 9 (leasaithigh snáithíní, leathair, rubair agus ábhar polaiméirithe) faoi seach, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
Ainmníodh an tSualainn mar Bhallstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 7 Bealtaine 2012. Tar éis an tuarascáil mheasúnachta a bheith curtha isteach, tionóladh pléití i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘An Ghníomhaireacht’). |
|
(4) |
Leanann sé ó Airteagal 90(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go bhfuil meastóireacht le déanamh ar shubstaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha maidir le formheas a leagtar síos i dTreoir 98/8/CE. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an 29 Feabhra 2024 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (4) , (5) , (6), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
|
(6) |
Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is féidir teacht ar an gconclúid go bhféadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7 agus 9 ina bhfuil seoilít since airgid na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(1) de Threoir 98/8/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais áirithe a bhaineann lena n-úsáid. Dá bhrí sin, is iomchuí seoilít since airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7 agus 9 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe, lena n-áirítear coinníollacha áirithe maidir le hearraí cóireáilte a chóireáiltear le seoilít since airgid nó ina n-ionchorpraítear seoilít since airgid a chur ar an margadh. |
|
(7) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá seoilít since airgid formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 7 agus 9, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí seoilít since airgid; Cineál táirge: 2; ECHA/BPC/414/2024, arna glacadh an 29 Feabhra 2024.
(5) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí seoilít since airgid; Cineál táirge: 7; ECHA/BPC/415/2024, arna glacadh an 29 Feabhra 2024.
(6) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí seoilít since airgid; Cineál táirge: 9; ECHA/BPC/416/2024, arna glacadh an 29 Feabhra 2024.
IARSCRÍBHINN
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Seoilít since airgid |
Ainm IUPAC: Seoilít since airgid (seoilít, a bhfuil cineál creata Linde Cineál A (2) aici agus a bhfuil a dromchla modhnaithe le hiain airgid, since agus amóiniam) Uimh. CE: neamhshannta Uimh. CAS: 130328-20-0 (3) |
990 g/kg meáchan tirim agus na heisíontais ábhartha seo a leanas ann: arsanaic agus cróimiam, agus uaschion 40 mg/kg de mheáchan tirim i ngach ceann acu. |
1 Márta 2026 |
29 Feabhra 2036 |
2 |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
7 |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
9 |
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom léi nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
(2) Linde Cineál A (cineál creata na seoilíte). Is cuid ríthábhachtach den aitheantas é an cineál creata. Ní mheasfar gurb í an tsubstaint chéanna í seoilít since airgid ag a bhfuil cineál creata éagsúil.
(3) Is é seoilítí sintéiseach, Ag. an t-ainm CAS. Tá an iontráil i bhfardal CAS níos leithne ná an t-ainm ceimiceach sonraithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2635/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)