This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2597
Commission Regulation (EU) 2024/2597 of 4 October 2024 amending Annex II to Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council as regards the use of sorbic acid (E 200) and potassium sorbate (E 202) and the Annex to Commission Regulation (EU) No 231/2012 as regards the specifications for sorbic acid (E 200), potassium sorbate (E 202) and propyl gallate (E 310)
Rialachán (AE) 2024/2597 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid aigéid shorbaigh (E 200) agus sorbáite potaisiam (E 202) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310)
Rialachán (AE) 2024/2597 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid aigéid shorbaigh (E 200) agus sorbáite potaisiam (E 202) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310)
C/2024/6850
IO L, 2024/2597, 7.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2597/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2597 |
7.10.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2597 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid aigéid shorbaigh (E 200) agus sorbáite potaisiam (E 202) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí le haghaidh aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
|
(3) |
Féadfar liostaí an Aontais de bhreiseáin bhia agus na sonraíochtaí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
|
(4) |
Is substaintí atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 iad aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310). |
|
(5) |
An 30 Meitheamh 2015 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) tuairim eolaíoch maidir leis an athmheastóireacht ar aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus sorbáit chailciam (E 203) mar bhreiseáin bhia (4). I gcás an ghrúpa aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202), bhunaigh an tÚdarás luach sealadach le haghaidh na hiontógála laethúla inghlactha (ADI) 3 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae. Ina theannta sin, mhol an tÚdarás staidéar aon ghlúine sínte a dhéanamh maidir le tocsaineacht atáirgthe chun an ADI sealadach a athmheas, athbhreithniú a dhéanamh ar na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha sna sonraíochtaí maidir le haigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 agus uasteorainneacha le haghaidh miotail trasdultacha défhiúsacha a áireamh sna sonraíochtaí má úsáidtear iad sin i bpróiseas monaraíochta na mbreiseán bia sin. |
|
(6) |
An 10 Meitheamh 2016 sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí maidir leis na breiseáin bhia aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202), chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an tÚdarás. Sholáthair oibreoirí gnó bia sonraí maidir le tocsaineacht atáirgthe na mbreiseán bia sin, na dúile tocsaineacha atá iontu mar eisíontais agus úsáid miotal trasdultach défhiúsach mar chatalaíocha ina monarú. |
|
(7) |
An 1 Márta 2019 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an obair leantach ar an athmheastóireacht ar aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202) mar bhreiseáin bhia (5). Ar bhonn sonraí nua maidir leis an tocsaineacht atáirgthe, d’athraigh an tÚdarás an ADI sealadach go dtí ADI grúpa nua 11 mg d’aigéad sorbach/de mheáchan coirp in aghaidh an lae le haghaidh aigéad sorbach (E 200) agus a shalann potaisiam (E 202). Bhí na meastacháin nochta i bhfad faoin ADI grúpa nua i gcás gach grúpa daonra, ag an meánleibhéal agus an uasleibhéal araon. |
|
(8) |
Agus an athmheastóireacht ón Údarás agus na sonraí a chuir na hoibreoirí gnó isteach á gcur san áireamh, is iomchuí na sonraíochtaí le haghaidh aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202) a leasú. Go sonrach, ba cheart na huasteorainneacha atá ann faoi láthair le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú agus ba cheart uasteorainn le haghaidh since a bhunú, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh. Thairis sin, is iomchuí an tuairisc ar shorbáit photaisiam (E 202) a leasú ionas go ndéantar tagairt ní hamháin dá foirm phúdrach ach dá foirm ghráinneach freisin, ós rud é go dtáirgtear an fhoirm phúdrach as an bhfoirm ghráinneach trí mheilt agus gurb ionann íonacht don dá fhoirm, an fhoirm phúdrach agus an fhoirm ghráinneach. Is iomchuí freisin roinnt oiriúnuithe a dhéanamh a mhéid a bhaineann leis an tuairisc ar aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202). |
|
(9) |
An 25 Iúil 2022 cuireadh isteach iarratas ar údarú maidir le húsáid aigéid shorbaigh (E 200) agus sorbáite potaisiam (E 202) mar leasaithigh i milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
|
(10) |
Tá milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí soghabhálach i leith trochlú micribhitheolaíoch mar gheall ar a n-ardghníomhaíocht uisce (aw 0,96-0,98). Nuair a úsáidtear aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202) idir an gnáthleibhéal agus an t-uasleibhéal úsáide atá beartaithe, 700 agus 1 000 mg/kg faoi seach, is féidir milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí a chosaint ar throchlú ó mhicrea-orgánaigh agus a seilfré a fhadú. Níl roghanna eile amhail teicneolaíochtaí líonta teo nó teicneolaíochtaí líonta aiseiptigh infheidhmithe ó thaobh na heacnamaíochta ná go teicneolaíoch toisc go n-athraítear saintréithe milseog geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí leo agus nach bhfuil siad inacmhainne, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus meánmhéide. |
|
(11) |
De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim an Údaráis a lorg chun liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a thabhairt cothrom le dáta, ach amháin i gcás nach dócha go mbeidh tionchar ag an tabhairt cothrom le dáta atá i gceist ar shláinte an duine. Ós rud é go bhfuil aigéad sorbach (E 200) agus sorbáit photaisiam (E 202) údaraithe lena n-úsáid i réimse mór bianna, lena n-áirítear i milseoga éagsúla i gcatagóir bhia 16 ‘Milseoga gan táirgí a chumhdaítear faoi chatagóirí 1, 3 agus 4 a áireamh’ i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ní mheastar go mbeidh tionchar mór ag an úsáid leathnaithe atá beartaithe i milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí ar an nochtadh foriomlán, nochtadh a fhanfaidh faoin ADI dá bhrí sin. Tacaítear leis sin leis an meastachán a sholáthair an t-iarratasóir agus a rinneadh tríd an tSamhail um Iontógáil Breiseáin Bia (6) a d’fhorbair an tÚdarás. Dá bhrí sin, ní mheastar go mbeidh tionchar mór ag úsáid leathnaithe aigéid shorbaigh (E 200) agus sorbáite potaisiam (E 202) i milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí ar shláinte an duine agus dá bhrí sin ní gá tuairim ón Údarás a iarraidh. |
|
(12) |
An 24 Aibreán 2014 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an athmheastóireacht ar ghalláit phróipile (E 310) mar bhreiseán bia (7). Thug an tÚdarás dá aire go bhféadfaí seachtháirgí clóirínithe a bheith mar thoradh ar úsáid aigéid hidreaclóraigh i monarú galláite próipile agus nach raibh faisnéis maidir le haithint nó cainníochtú seachtháirgí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fáil don Údarás, in ainneoin go n-áirítear teorainn maidir le comhdhúile orgánacha clóirínithe sna sonraíochtaí. |
|
(13) |
An 30 Bealtaine 2017 sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí maidir leis an mbreiseán bia galláit phróipile (E 310) agus d’iarr sé sonraí maidir le céannacht agus leibhéil na gcomhdhúl orgánach clóirínithe sa bhreiseán bia sin agus sonraí maidir leis na dúile tocsaineacha (arsanaic, luaidhe agus mearcair) a bhíonn ann mar eisíontais. |
|
(14) |
Sholáthair oibreoirí gnó sonraí maidir le dúile tocsaineacha a bhíonn i ngalláit phróipile (E 310) mar eisíontais agus shoiléirigh siad nach n-úsáidtear aigéad hidreaclórach mar chatalaíoch i bpróiseas monaraíochta na galláite próipile mar bhreiseán bia. |
|
(15) |
I bhfianaise na tuairime ón Údarás agus na faisnéise a sholáthair oibreoirí gnó, ba cheart sainmhíniú ar an mbreiseán bia galláit phróipile (E 310) a áireamh sna sonraíochtaí chun srian a chur le húsáid catalaíoch i modh monaraíochta an bhreiseáin bia. Thairis sin, ba cheart na huasteorainneacha atá ann faoi láthair le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú chun a áirithiú nach mbeidh an breiseán bia ina mhórfhoinse nochta ó thaobh na ndúl tocsaineach sin i mbia de, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le láithreacht dúl tocsaineach agus catalaíoch, agus chun deis a thabhairt do na hoibreoirí gnó bia, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, iad féin a oiriúnú do na sonraíochtaí níos déine nua a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua maidir le híonacht le haghaidh na mbreiseán bia aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310) agus an sainmhíniú ar ghalláit phróipile (E 310) a chur ar athlá agus ba cheart idirthréimhse a sholáthar i gcás breiseáin bhia a chuirtear ar an margadh roimh an dáta cur i bhfeidhm. |
|
(18) |
Ar na cúiseanna céanna, is iomchuí idirthréimhse a sholáthar i gcás bianna ina bhfuil aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) nó galláit phróipile (E 310) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an dáta cur i bhfeidhm. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Na breiseáin bhia aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) agus galláit phróipile (E 310) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 27 Aibreán 2025, féadfar iad a chur le bia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí go n-ídeofar na stoic.
Bianna ina bhfuil aigéad sorbach (E 200), sorbáit photaisiam (E 202) nó galláit phróipile (E 310) agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 27 Aibreán 2025, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ‘ndáta éagtha’.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointí (1)(b), (2)(b) agus (3) d’Iarscríbhinn II ón 27 Aibreán 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/2024-04-23.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/2021-03-27.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/2024-04-23).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 2015;13(6):4144.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(3):5625.
(6) https://www.efsa.europa.eu/ga/applications/food-improvement-agents/tools.
(7) EFSA Journal [Iris EFSA], 2014;12(4):3642.
IARSCRÍBHINN I
I gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, i gcatagóir bia 16 ‘Milseoga gan táirgí a chumhdaítear faoi chatagóirí 1, 3 agus 4 a áireamh’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála maidir le húsáid aigéid shorbaigh - sorbáite potaisiam (E 200-202) in frugtgrød, rote Grütze agus pasha ag 1 000 mg/kg:
|
|
‘E 200-202 |
Aigéad sorbach – sorbáit photaisiam |
1 000 |
(1) (2) |
in frugtgrød, rote Grütze agus pasha agus iontu sin amháin; milseoga geilitín uiscebhunaithe atá blaistithe le torthaí’ |
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear an iontráil maidir le ‘E 200 aigéad sorbach’ mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||
|
(2) |
leasaítear an iontráil maidir le ‘E 202 sorbáit photaisiam’ mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||
|
(3) |
leasaítear an iontráil maidir le ‘E 310 galláit phróipile’ mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2597/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)