This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2514
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/2514 of 3 July 2024 supplementing Regulation (EU) 2022/2399 of the European Parliament and of the Council by specifying the data elements to be exchanged through the European Union Customs Single Window Certificates Exchange System and amending that Regulation as regards the list of Union non-customs formalities covered by the EU Single Window Environment for Customs
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2514 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na heilimintí sonraí atá le malartú trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a shonrú agus leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis an liosta d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2514 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na heilimintí sonraí atá le malartú trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a shonrú agus leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis an liosta d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim
C/2024/3451
IO L, 2024/2514, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2514/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2514 |
27.9.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2514 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Iúil 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na heilimintí sonraí atá le malartú trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a shonrú agus leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis an liosta d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) agus (7) agus Airteagal 10(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2022/2399, bunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (‘Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam’). Ina theannta sin, cuirtear creat ar fáil leis le haghaidh comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis neamhchustaim trí bhíthin trí phríomh-chomhpháirt: Córais neamhchustaim an Aontais lena mbainistítear foirmiúlachtaí neamhchustaim sonracha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, agus Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE). |
|
(2) |
Nuair a chuireann oibreoir eacnamaíoch dearbhú custaim nó dearbhú athonnmhairiúcháin isteach, lena gceanglaítear foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta a bheith in ann an fhaisnéis a theastaíonn le haghaidh an phróisis imréitigh custaim a mhalartú agus a fhíorú go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2022/2399. Is iomchuí, dá bhrí sin, na heilimintí sonraí atá le malartú idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais ábhartha neamhchustaim an Aontais trí CSW-CERTEX AE a shonrú. I gcás gach ceann d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a shonraítear i gCodanna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399, is iomchuí na forálacha comhfhreagracha de reachtaíocht an Aontais seachas an reachtaíocht chustaim a shainaithint, ar forálacha iad ina leagtar amach na heilimintí sonraí faoi seach le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí sin. |
|
(3) |
Chun críocha na nósanna imeachta custaim nó chun críoch athonnmhairithe, lena gceanglaítear foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart do CSW-CERTEX AE na heilimintí sonraí uile a bhunaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (2) ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3) a mhalartú. |
|
(4) |
Le Cuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (4), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh na ndoiciméad coiteann iontrála sláinte (CHEDanna). |
|
(5) |
Leis na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún (6), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh an deimhnithe cigireachta (COI). |
|
(6) |
Le hAirteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leis, bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh na gceadúnas a úsáidtear chun substaintí ídithe ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú (ODS). |
|
(7) |
Le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún (8) agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh clárú agus bainistíocht cuótaí/údaruithe sa Tairseach F-GAS. |
|
(8) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 ón gCoimisiún (10), bunaítear na heilimintí sonraí a bhaineann leis an gceadúnas allmhairiúcháin le haghaidh earraí cultúir (ICG-L), an ráiteas ón allmhaireoir le haghaidh earraí cultúir (ICG-S) agus an tuairisc ghinearálta le haghaidh earraí cultúir (ICG-D). |
|
(9) |
Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), sonraítear na heilimintí sonraí le haghaidh údaruithe a bhaineann leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT). |
|
(10) |
Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1024/2008 ón gCoimisiún (12), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh na gceadúnas maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT). |
|
(11) |
Le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh onnmhairiú earraí dé-úsáide. |
|
(12) |
Le hIarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún (14), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh na ndeimhnithe maidir le trádáil idirnáisiúnta i speicis fauna agus flora fiáine i mbaol (CITES). |
|
(13) |
Le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 ón gCoimisiún (15), bunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh na faisnéise a mhalartaítear idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh (ICSMS). |
|
(14) |
Le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2104 ón gCoimisiún (16) lena mbunaítear na heilimintí sonraí le haghaidh an fhógra teachta (NOA). |
|
(15) |
Ós rud é go ndéantar foráil i reachtaíocht earnálach nua lena mbunaítear foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais i ndáil le húsáid Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, is gá iontrálacha nua a chur leis na táblaí atá ann cheana i gCodanna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2399 a leasú dá réir sin. |
|
(17) |
Na cumhachtuithe in Airteagail 5(6) agus 5(7) de Rialachán (AE) 2022/2399 chun leasú a dhéanamh ar Chodanna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, tá siad nasctha go dlúth leis an gcumhachtú in Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2022/2399 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na heilimintí sonraí uile atá ábhartha maidir le foirmiúlacht neamhchustaim an Aontais a liostaítear sna Codanna sin a shonrú. Dá bhrí sin, is iomchuí, ar mhaithe le simpliú riaracháin, na cumhachtuithe uile a chomhcheangal in aon ghníomh reachtach amháin. |
|
(18) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus thug sé tuairim uaidh an 31 Bealtaine 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Eilimintí sonraí atá le malartú trí CSW-CERTEX AE
1. Chun críocha na nósanna imeachta custaim nó chun críoch athonnmhairithe, lena gceanglaítear foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chomhlíonadh, malartóidh CSW-CERTEX AE aon eilimint sonraí a bhunaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 atá ábhartha maidir le foirmiúlacht neamhchustaim an Aontais a shonraítear i gCuid A nó B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399.
2. Chun críocha gach ceann d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a shonraítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399, malartóidh CSW-CERTEX AE na heilimintí sonraí a bhunaítear sna nithe seo a leanas:
|
(a) |
Cuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 le haghaidh na ndoiciméad seo a leanas:
|
|
(b) |
na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 le haghaidh an deimhnithe cigireachta (COI); |
|
(c) |
Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2024/590 agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin le haghaidh ceadúnais a úsáidtear chun substaintí ídithe ózóin (ODSanna) a allmhairiú nó a onnmhairiú; |
|
(d) |
Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2024/573 le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe (F-gas); |
|
(e) |
Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
|
(f) |
Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/956 le haghaidh údaruithe a bhaineann leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT). |
3. Chun críocha gach ceann d’fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a shonraítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399, malartóidh CSW-CERTEX AE na heilimintí sonraí a bhunaítear sna nithe seo a leanas:
|
(a) |
an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1024/2008 le haghaidh an cheadúnais allmhairiúcháin maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT); |
|
(b) |
Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 le haghaidh earraí dé-úsáide; |
|
(c) |
Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 le haghaidh na ndeimhnithe maidir le trádáil idirnáisiúnta i speicis fauna agus flora fiáine i mbaol (CITES); |
|
(d) |
Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 maidir leis an malartú faisnéise idir córais chustaim náisiúnta agus an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS); |
|
(e) |
Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2104 le haghaidh an fhógra teachta (NOA)]. |
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/2399
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2306/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, 27.12.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2307/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le
substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (IO L, 2024/590, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne leictreonaí do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (IO L 112, 26.4.2019, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/661/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 234, 2.7.2021, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1079/oj).
(11) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1024/2008 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2008 lena leagtar síos bearta mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 277, 18.10.2008, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1024/oj).
(13) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/792/oj).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena sonraítear mionsonraí an chomhéadain leictreonaigh idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, agus na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain sin (IO L 453, 17.12.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2248/oj).
(16) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2104 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cásanna ina bhféadfaidh údaráis inniúla a iarraidh ar oibreoirí fógra a thabhairt maidir le teacht earraí áirithe atá ag teacht isteach san Aontas, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis sin déanamh amhlaidh (OJ L, 2024/2104, 25.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2104/oj).
(17) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn (AE) 2022/2399 a ghabhan mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear isteach an ró seo a leanas:
|
(*1) Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (IO L, 2024/590, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj).
(*2) Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj).
(*3) Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/880/oj)’;
(*4) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).’;
(*5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2104 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cásanna ina bhféadfaidh údaráis inniúla a iarraidh ar oibreoirí fógra a thabhairt maidir le teacht earraí áirithe atá ag teacht isteach san Aontas, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis sin déanamh amhlaidh (OJ L, 2024/2104, 25.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2104/oj).’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2514/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)