Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2399

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2399 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún lena mbunaítear na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla

C/2024/6154

IO L, 2024/2399, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2399/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2399/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2399

13.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2399 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún lena mbunaítear na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis chustaim ar cheart maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) agus Airteagal 12(7) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, féadfaidh daoine agus eintitis a bhfuil teidlíocht chuí acu iarratas a chur faoi bhráid na roinne inniúla custaim ina n-iarrfar ar na húdaráis chustaim gníomhaíocht a dhéanamh i leith earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta maoine intleachtúla (iarratas). Féadfaidh siad freisin a iarraidh an t-iarratas a leasú agus síneadh a chur leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn i gcomhréir le hiarratas a deonaíodh roimhe sin (iarrataí ar leasú agus ar shíneadh).

(2)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an iarratas agus leis na hiarrataí ar leasú agus ar shíneadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, bunaíodh foirmeacha caighdeánacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún (2).

(3)

De réir Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, i gcás ina mbeidh córais ríomhairithe ar fáil chun iarratais a fháil agus a phróiseáil, úsáidfear teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun iarratais mar aon le ceangaltáin a thíolacadh. Déantar foráil san airteagal sin maidir le hoibleagáid iarratais agus iarrataí ar leasú nó ar shíneadh a chur isteach go leictreonach, i gcás ina bhfuil córais ríomhairithe i bhfeidhm.

(4)

Laistigh den Aontas, na tairseacha náisiúnta trádálaithe arna mbunú ag údaráis chustaim na mBallstát agus an Tairseach Forfheidhmiúcháin um Maoin Intleachtúil (‘IPEP’) – an tairseach trádálaithe le haghaidh an Chórais Faisnéise Frith-Ghóchumtha agus Frithphíoráideachta (‘COPIS’) – tá siad i bhfeidhm cheana féin chun iarratais agus iarrataí ar leasú nó ar shíneadh a chur isteach go leictreonach.

(5)

Dá bhrí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ba cheart infhaighteacht na gcóras ríomhairithe sin a chur san áireamh agus a shoiléiriú gur cheart d’iarratasóirí nó dá n-ionadaithe iarratais agus iarrataí ar leasú nó ar shíneadh a chur isteach go leictreonach trí cheann de na tairseacha trádálaithe atá i bhfeidhm, seachas i gcás ina dteipeann go sealadach ar COPIS nó ar cheann de na tairseacha trádálaithe sin. Sa chás sin, féadfar foirmeacha páipéir a úsáid fós.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013:

‘Airteagal 1

1.   San iarratas lena n-iarrtar ar údaráis chustaim gníomhaíocht a dhéanamh i ndáil le hearraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla (iarratas), agus sna hiarrataí ar leasú nó ar shíneadh, beidh an fhaisnéis a shonraítear sna foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II.

2.   Déanfaidh iarratasóirí nó a n-ionadaithe an t-iarratas agus iarrataí ar leasú nó ar shíneadh a líonadh isteach agus na nótaí maidir le líonadh isteach a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcur san áireamh.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, déanfaidh iarratasóirí nó a n-ionadaithe an t-iarratas agus iarrataí ar leasú nó ar shíneadh a chur isteach go leictreonach chuig an roinn inniúil chustaim tríd an Tairseach Forfheidhmiúcháin um Maoin Intleachtúil (‘IPEP’) le haghaidh COPIS nó trí thairseach náisiúnta trádálaithe i gcás ina bhfuil tairseach den sórt sin i bhfeidhm sa Bhallstát ina gcuirtear an t-iarratas isteach.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil IPEP le haghaidh COPIS agus tairseach náisiúnta trádálaithe ar fáil, tá an rogha ag iarratasóirí nó ag a n-ionadaithe idir an dá thairseach trádálaithe. Má chuireann siad an t-iarratas isteach trí thairseach náisiúnta trádálaithe, cuirfear na hiarrataí ar leasú nó ar shíneadh a bhaineann leis an iarratas sin isteach tríd an tairseach náisiúnta chéanna. Má chuireann siad an t-iarratas isteach trí IPEP le haghaidh COPIS, cuirfear na hiarrataí gaolmhara ar leasú nó ar shíneadh isteach trí IPEP le haghaidh COPIS.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Coimisiún, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus údaráis chustaim na mBallstát fógra a thabhairt dá chéile i gcás nach mbeidh COPIS, IPEP le haghaidh COPIS ná na tairseacha náisiúnta trádálaithe ar fáil i ngeall ar chliseadh sealadach.

2.   I gcás cliseadh sealadach ar COPIS nó ar cheann de na tairseacha trádálaithe a luaitear i mír 1, a mhairfidh 24 uair an chloig ar a laghad, féadfar na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a líonadh isteach go hinléite ar pháipéar agus féadfar iad a chur isteach ar bhealaí eile seachas teicnící leictreonacha próiseála sonraí.

3.   Beidh an glacadh le foirmeacha páipéarbhunaithe faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil custaim.

4.   Déanfaidh iarratasóirí nó a n-ionadaithe na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a líonadh isteach ar pháipéar i gcomhréir leis na nótaí maidir le líonadh isteach a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   Déanfaidh na hiarratasóirí nó a n-ionadaithe na foirmeacha a líonadh isteach ar pháipéar le dúch agus i mbloclitreacha.

6.   Sna foirmeacha a líonfar isteach ar pháipéar, ní scriosfar aon ní, ní scríobhfar thar fhocail eile agus ní dhéanfar aon athrú eile, agus beidh dhá chóip díobh.

7.   Maidir leis an bhfaisnéis atá sna hiarratais agus na hiarrataí ar leasú nó ar shíneadh, arna gcur isteach i gcomhréir le mír 2, cuirfidh na hiarratasóirí nó a n-ionadaithe an fhaisnéis sin ar fáil sa tairseach trádálaithe iomchuí laistigh de 7 lá oibre ón uair a bheidh na córais leictreonacha faoi seach ar fáil arís.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 181, 29.6.2013, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/608/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2013 lena mbunaítear na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú custaim ceart maoine intleachtúla (IO L 341, 18.12.2013, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1352/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2399/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top