This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2174
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2174 of 2 September 2024 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/573 of the European Parliament and of the Council as regards the format of the labels for certain products and equipment containing fluorinated greenhouse gases and repealing Commission Implementing Regulation (EU) 2015/2068
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 ón gCoimisiún
C/2024/5983
IO L, 2024/2174, 3.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2174/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2174 |
3.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2174 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meán Fómhair 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 12(17) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá ceanglais lipéadaithe i Rialachán (AE) 2024/573 le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena bhfeidhmiú. |
(2) |
Cuireadh Rialachán (AE) 2024/573 in ionad Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus d’athraigh sé roinnt rialacha maidir le lipéadú le haghaidh táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe. Ós rud é, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 (3) ón gCoimisiún, gur bunaíodh formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a ionadú freisin. |
(3) |
Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí foclaíocht na faisnéise atá le léiriú ar na lipéid dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2024/573 a bhunú agus ceanglais a leagan amach lena n-áiritheofar infheictheacht agus inléiteacht na lipéad sin maidir lena leagan amach agus a socrúchán, agus srianta spáis ar chineálacha áirithe táirgí á gcur san áireamh. |
(4) |
Chun a áirithiú go n-úsáidfear lipéad aonair le haghaidh táirgí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) freisin, go háirithe chun coimeádáin amhail sorcóirí, drumaí agus tancaeir bhóthair agus iarnróid a lipéadú, ba cheart an fhaisnéis lipéadaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/573 a léiriú sa roinn maidir le faisnéis fhorlíontach ar an lipéad dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. |
(5) |
I gcás táirgí beaga a thagann faoi raon feidhme phointí (f) go (h) d’Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/573, is gá foráil a dhéanamh maidir le bealaí indéanta chun an fhaisnéis is gá a chur in iúl do na húsáideoirí, lena n-áirítear trí naisc atá inléite go digiteach a úsáid chuig an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(3), pointí (b) agus (c). Chun na ceanglais shonracha maidir le lipéadú táirgí agus trealaimh le haghaidh úsáidí leighis a chur san áireamh faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialacháin (CE) Uimh. 726/2004 (6), (AE) 2019/6 (7) agus (AE) 2017/745 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a leagtar síos sna gníomhartha dlí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le modhanna breise chun an fhaisnéis is gá a chur i láthair d’úsáideoirí a mhéid a bhaineann leis na táirgí agus leis an trealamh sin. |
(6) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar i gcomhréir le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/573. |
(7) |
I bhforfheidhmiú na bhforálacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na próisis rialála a chur san áireamh chun na ceanglais lipéadaithe atá ann cheana a athrú nó an próiseas maidir le trealamh nó táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana a athlipéadú. |
(8) |
Tá na bearta dá ndéantar foráil sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste um gháis ceaptha teasa fhluairínithe arna bhunú le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2024/573, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formáid na lipéad
1. An fhaisnéis ar lipéad, seasfaidh sí amach go soiléir ó chúlra an lipéid agus beidh sí de mhéid agus de spásáil a fhágfaidh gur féidir í a léamh go soiléir. I gcás ina gcuirtear an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo le lipéad atá ann cheana, ní bheidh an chlómhéid níos lú ná íosmhéid na faisnéise eile ar an lipéad sin nó, de réir mar is ábhartha, ar ainmchláir atá ann cheana, ar lipéid eile faisnéise táirge nó ar bhileoga pacáiste eile.
2. Déanfar an lipéad ar fad agus a bhfuil ann a dhearadh chun a áirithiú go bhfanfaidh sé go daingean san áit cheart ar an táirge nó ar an trealamh agus beidh sé inléite faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla, tráth a chuirfear ar an margadh é agus ar feadh na tréimhse ar fad ina mbeidh earra istigh sa táirge nó sa trealamh, nó ar feadh na tréimhse ar fad ina mbeidh a fheidhmiú ag brath ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe.
3. Beidh an téacs seo a leanas ar an lipéad: ‘tá gáis ceaptha teasa fhluairínithe ann’.
4. I gcás inar gá, sloinnfear faisnéis faoi mheáchan na ngás ceaptha teasa fluairínithe i gcileagraim nó i ngraim agus sloinnfear coibhéis CO2 i dtonaí, agus úsáid á baint as luachanna acmhainneachta téimh dhomhanda na ngás ceaptha teasa fluairínithe mar a liostaítear sa cholún ‘GWP’ in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573.
5. Nuair a réamhluchtaítear trealamh le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó nuair a bhraitheann a fheidhmiú ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, agus nuair is féidir gáis den sórt sin a chur leis lasmuigh den láithreán monaraíochta agus nach léiríonn an monaróir an chainníocht iomlán a bheidh ann mar thoradh air sin, beidh ar an lipéad an chainníocht a luchtaítear ag an láithreán monaraíochta, nó an chainníocht dá bhfuil an trealamh ceaptha, agus soláthróidh sé spás don chainníocht a chuirtear leis lasmuigh den láithreán monaraíochta, agus don chainníocht iomlán gás ceaptha teasa fluairínithe a bheidh mar thoradh air sin a bheidh le cur isteach ag an soláthróir nó, i gcás inarb infheidhme, ag suiteálaí an trealaimh sula gcuirfear an trealamh i mbun oibríochta.
6. I gcás ina bhfuil táirge, lena n-áirítear coimeádán, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó polól réamhchumaiscthe, le lipéadú freisin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, léireofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(3), (5) agus (7) go (15) de Rialachán (AE) 2024/573, de réir mar is infheidhme, sa roinn le haghaidh faisnéis fhorlíontach ar an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
7. I gcás ina ndéanfar na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athshlánú nó a athchúrsáil nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh úsáidí áirithe i gcomhréir le hAirteagal 12(7) go (13) de Rialachán (AE) 2024/573, cuirfear an téacs seo a leanas san áireamh ar an lipéad ar an gcoimeádán, de réir mar is ábhartha:
(a) |
‘100 % Athchúrsáilte’ i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 nach bhfuil aon substaint íon iontu; |
(b) |
‘100 % Athshlánaithe’ i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe athshlánaithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 nach bhfuil aon substaint íon iontu, nó, i gcás meascán, chun comhdhéanamh an mheascáin a choigeartú, nach gcuirfear substaintí íona leis a sháróidh méid is mó ná 10 % de mhais an mheascáin; |
(c) |
‘Le scriosadh amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena scriosadh; |
(d) |
‘Le haghaidh onnmhairiú díreach amach as an Aontas amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir do ghnóthas le haghaidh onnmhairiú díreach i mbulc amach as an Aontas; |
(e) |
‘Le húsáid i dtrealamh míleata amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid i dtrealamh míleata; |
(f) |
‘Maidir le heitseáil/glanadh i dtionscal na leathsheoltóirí amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear chun críoch eitseála agus glanta i dtionscal na leathsheoltóirí; |
(g) |
‘Le húsáid mar bhunábhar amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid mar bhunábhar; |
(h) |
‘Le haghaidh táirgeadh MDI amháin’: i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear le MDI a mhonarú. I gcás ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c) go (g), agus a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 sna coimeádáin, déanfar an téacs atá le léiriú ar na lipéid dá bhforáiltear sna pointí sin a chomhlánú leis an ráiteas seo a leanas: ‘Díolmhaithe ó chuóta faoi Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’. |
8. An trealamh dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2024/573, atá inslithe le cúr a shéidtear le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, marcálfar é le lipéad ar a mbeidh an téacs seo a leanas: ‘Tá gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa chúr’.
9. Cuirfear na lipéid i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/573 agus, i gcás inar féidir, in aice leis na hainmchláir nó leis na lipéid faisnéise táirge atá ann cheana maidir leis táirge nó leis an trealamh ina bhfuil an gás ceaptha teasa fluairínithe.
10. Más amhlaidh an cás, mar gheall ar mhéid an táirge dá dtagraítear i bpointí (f) go (h) d’Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/573 nach bhfuil an fhaisnéis iomlán inléite, is é sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(3) i gcomhréir le hAirteagal 12(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, féadfar an téacs ‘Tá gáis ceaptha teasa fhluairínithe ann’ sna teangacha a úsáideadh cheana ar an táirge a chomhlánú le nasc atá inléite go digiteach chuig an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(3), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2024/573.
11. Sa bhreis ar an modh chun faisnéis a sholáthar a leagtar síos i mír 10, nó de rogha air sin, le haghaidh análóirí dáileoige méadraithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/573, féadfar an tásc ‘Tá gáis ceaptha teasa fhluairínithe ann’ a chur ar an bhforphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Threoir 2001/83/CE, nó in Airteagal 4, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/6 nó ar phacáistíocht díolacháin feiste leighis dá dtagraítear in Airteagal 1(9) de Rialachán (AE) 2017/745, de réir mar is infheidhme, agus féadfar é a scríobh ar a laghad sna teangacha a úsáidtear chun faisnéis eile ar an bhforphacáistíocht sheachtrach nó, de réir mar is infheidhme, ar an bpacáistíocht díolacháin a lipéadú, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/573 sa bhileog phacáiste nó sna treoracha úsáide.
12. Beidh an téacs seo a leanas ar lipéad na dtáirgí agus an trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 12(15) de Rialachán (AE) 2024/573, ó dhátaí an toirmisc a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin:
(a) |
i gcás an trealaimh dá dtagraítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f) agus 11(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Toirmisctear oibriú, mura gceanglaítear é le ceanglais sábháilteachta nach mór a chur i bhfeidhm ag an láithreán oibríochta’, arna chomhlánú le tagairt don cheanglas sábháilteachta is infheidhme a d’fhágfadh gur gá é a úsáid, nó, i gcás nach bhfuil sé indéanta an ceanglas sábháilteachta maidir leis an láithreán sonrach oibríochta a shonrú sula gcuirfear ar an margadh é, spás a sholáthar ar an lipéad chun go gcuirfidh an soláthróir nó, i gcás inarb infheidhme, suiteálaí nó oibreoir an trealaimh an tsonraíocht seo isteach sula gcuirfear an trealamh i mbun oibríochta; |
(b) |
i gcás na gcúr dá dtagraítear i bpointí 16 agus 17(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Toirmisctear iad a úsáid mura gceanglaítear sin le caighdeán sábháilteachta náisiúnta nó le caighdeáin sábháilteachta náisiúnta’, ina sonraítear an caighdeán sábháilteachta náisiúnta nó na caighdeáin sábháilteachta náisiúnta, ina gcuirfear tuairisc ghearr ar na coinníollacha a d’fhágfadh go mbeadh gá lena n-úsáid; |
(c) |
i gcás na gcúr dá dtagraítear i bpointe 17(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Toirmisctear iad a úsáid mura gceanglaítear sin le ceanglas sábháilteachta nó le ceanglais sábháilteachta’, ina sonraítear an ceanglas sábháilteachta náisiúnta nó na ceanglais sábháilteachta, ina gcuirfear tuairisc ghearr ar na coinníollacha a d’fhágfadh go mbeadh gá lena n-úsáid; |
(d) |
i gcás na n-aerasól teicniúil dá dtagraítear i bpointe 19(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Toirmisctear iad a úsáid mura gceanglaítear sin le caighdeáin sábháilteachta náisiúnta’, ina sonraítear an caighdeán sábháilteachta náisiúnta nó na caighdeáin sábháilteachta náisiúnta, ina gcuirfear tuairisc ghearr ar na coinníollacha a d’fhágfadh go mbeadh gá lena n-úsáid; nó, nuair a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna leighis iad: ‘Le haghaidh úsáid leighis amháin’; |
(e) |
i gcás na n-aerasól theicniúil dá dtagraítear i bpointe 19(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Toirmisctear iad a úsáid mura gceanglaítear sin le ceanglas sábháilteachta nó le ceanglais sábháilteachta’, ina sonraítear an ceanglas sábháilteachta náisiúnta nó na ceanglais sábháilteachta, ina gcuirfear tuairisc ghearr ar na coinníollacha a d’fhágfadh go mbeadh gá lena n-úsáid; nó, nuair a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna leighis iad: ‘Le haghaidh úsáid leighis amháin’; |
(f) |
i gcás an trealaimh a úsáidtear chun an craiceann a fhuarú, an craiceann dá dtagraítear i bpointe 21 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573: ‘Le haghaidh úsáid leighis amháin’. |
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068.
Déanfar tagairtí do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/517/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2015 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe (IO L 301, 18.11.2015, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2068/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).
(5) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte d’úsáid an duine agus na tréidliachta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE, IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.
(8) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
— |
Airteagal 2(1) |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 2(2) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2(4) |
Airteagal 1(4) |
Airteagal 2(5) |
Airteagal 1(5) |
Airteagal 2(6) |
Airteagal 1(6) |
Airteagal 2(7) |
Airteagal 1(7) |
Airteagal 2(8) |
Airteagal 1(8) |
Airteagal 2(9) |
Airteagal 1(9) |
Airteagal 3 |
Airteagal 2 |
Airteagal 4 |
Airteagal 3 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2174/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)