This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2039
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2039 of 29 July 2024 correcting Implementing Regulation (EU) 2023/1173 by deleting feed additives from the Annex thereto
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2039 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 trí bhreiseáin bheathaithe a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann leis
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2039 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 trí bhreiseáin bheathaithe a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann leis
C/2024/5368
IO L, 2024/2039, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2039/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2039 |
30.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2039 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 trí bhreiseáin bheathaithe a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann leis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 10(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 230/2013 ón gCoimisiún (2) ceanglaíodh dearbh-lus na gréine, ola lus na gréine agus tintiúr lus na gréine ó Helianthus annuus L. a tharraingt siar ón margadh le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(2) |
Mar sin féin, áiríodh dearbh-lus na gréine, ola lus na gréine agus tintiúr lus na gréine ó Helianthus annuus L. go hearráideach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún (3), lenar ceanglaíodh freisin na breiseáin sin a tharraingt siar ón margadh le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(3) |
D’fhéadfadh sé gur cuireadh mearbhall ar oibreoirí gnólachtaí beatha mar gheall ar na breiseáin sin a bheith ann san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann le stádas rialála iarbhír na mbreiseán beathaithe lena mbaineann, rud a chruthódh éiginnteacht dhlíthiúil maidir lena láithreacht údaraithe ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173. |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 a cheartú dá bhrí sin tríd an iontráil a bhaineann leis na breiseáin sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a scriosadh. Chun aon suaitheadh sa mhargadh de thoradh an iontráil earráideach a bheith ann sa Rialachán sin a chosc agus chun deimhneacht dhlíthiúil a athbhunú, ba cheart an ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún
I gCuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173, scriostar an iontráil a bhaineann le ‘Helianthus annuus L.: Dearbh-lus na gréine/Ola lus na gréine/Tintiúr lus na gréine’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 230/2013 ón gCoimisiún an 14 Márta 2013 maidir le breiseáin bheathaithe áirithe a bhaineann leis an ngrúpa blastán agus substaintí blasta a tharraingt siar ón margadh (IO L 80, 21.3.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/230/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 breiseáin bheathaithe áirithe a tharraingt siar ón margadh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1810/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1453/2004, Rialachán (CE) Uimh. 2148/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 943/2005 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1173/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2039/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)