Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1998

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1998 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2024 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2024/5163

    IO L, 2024/1998, 23.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1998/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1998/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1998

    23.7.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1998 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Iúil 2024

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

    (2)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Earra (ar a dtugtar scoilteoir optúil éighníomhach) i bhfoirm bosca phlaistigh ag a bhfuil toisí thart ar 377 × 176 × 40 mm, lena ngabhann port ionchurtha amháin agus 32 phort aschurtha. Tá cáblaí snáthoptaice agus nascóirí de chineál SC/APC istigh ann, agus i gcásáil amháin tá tonntreoraí optúil ina bhfuil ‘slis scoilteora’ agus cumhdach atá déanta as ábhar lena ngabhann comhéifeacht athraonta íseal.

    Tá an t-earra deartha lena úsáid i líonra optúil éighníomhach chun na comharthaí optúla a aistrítear tríd an earra le cáblaí optúla a scoilteadh. Is gné optúil éighníomhach é an t-earra a oibríonn gan aon chóras leictreach nó leictreonach agus a scoilteann an comhartha optúil ionchuir ina 32 chomhartha aschuir comhionann.

    Tá prionsabal feidhmithe an earra bunaithe ar an difríocht sa chomhéifeacht athraonta idir an ciseal lárnach agus an ciseal cumhdaigh, a fhreagraíonn don teicneolaíocht Ciorcaid Tonnta Solais Phlánaigh.

    (Féach na híomhánna) (*1)

    9013 80 40

    Is le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 1(m) a ghabhann le Roinn XVI agus le foclaíocht na gcód AC 9013 , 9013 80 agus 9013 80 40 a chinntear an t-aicmiú.

    Eisiatar an t-earra a aicmiú i gceannteideal 8517 mar ghaireas eile chun guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a fháil, lena n-áirítear gaireas le haghaidh cumarsáid i líonra le sreang nó gan sreang, toisc go bhfuil an t-earra deartha chun na comharthaí optúla a aistrítear tríd an earra le cáblaí snáthoptaice a scoilteadh, agus chuige sin amháin. Ní dhéantar modhnú ná tarchur, ná fáil ná tiontú de réir bhrí cheannteideal 8517 .

    Ós rud é go bhfuil tonntreoraí san earra, rud nach gceadaítear a bheith ann faoi raon feidhme cheannteideal 8544 , eisiatar freisin é aicmiú mar cháblaí snáthoptaice, atá déanta de shnáithíní i dtruaillí ar leith, bídís cóimeáilte le seoltóirí leictreacha nó feistithe le nascóirí nó ná bíodh (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 8544 , an 8ú mír).

    Dá bhrí sin, meastar gur gaireas optúil é an t-earra faoi raon feidhme Chaibidil 90.

    Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 9013 80 40 mar scoilteoirí optúla éighníomhacha, nach bhfuil aon eilimint leictreach ná leictreonach iontu, le haghaidh na teileachumarsáide.

    Image 1

    Image 2


    (*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá na híomhánna anseo.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1998/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top