Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1992

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1992 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2024 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2024/5164

    IO L, 2024/1992, 18.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1992/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1992/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1992

    18.7.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1992 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Iúil 2024

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

    (2)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    1.

    Ball éadaigh teann a chlúdaíonn uachtar an choirp, atá déanta as trí chineál éagsúla fabraice teicstíle cniotáilte de snáithíní de dhéantús an duine. Is éard atá ann príomhfhabraic agus roinnt painéal atá ceangailte as an bpríomhfhabraic:

    an phríomhfhabraic (85 % poileistear agus 15 % leaisteán) (fabraic sleamhainchniotála geirsí shingil), agus

    na painéil daingne (100 % poileistear) (fabraic chniotáilte chomhghlasach), agus

    na painéil mhogaill (92 % poileistear agus 8 % leaisteán) (fabraic cniotála dlúith).

    Tá muineál cruinn agus muinchillí gearra teanna ag an mball éadaigh, agus ar an gcúl tá sé fáithimithe ar an mbun, mar a bhfuil banda leaisteacha réasúnta daingean atá thart ar 2,5 cm ar leithead. Tá dhá phainéal dhaingne chothrománacha ar thaobh tosaigh an bhaill éadaigh atá ceangailte as an bpríomhfhabraic sa cheathrú íochtarach den bhall éadaigh. Comhfhreagraíonn leithid na bpainéal sin le fad an chórais dúnta ‘crúca agus cró’.

    Tá an cúl déanta as painéal daingean a théann go hingearach feadh an droma agus a imíonn ar chlé agus ar dheis thar na guaillí, agus painéil mhogaill ingearacha agus an phríomhfhabraic ar an dá thaobh de.

    Tá oscailt tosaigh iomlán ag an mball éadaigh a dhúntar le zip agus ina theannta sin, ag an gceathrú íochtarach den oscailt, tá córas dúnta ‘crúca agus cró’ faoin zip.

    Le dearadh an bhaill éadaigh, rannchuidítear leis an droim a dhíriú trí thacú le staidiúir dhíreach an duine atá á chaitheamh.

    (Féach na híomhánna faoi 1.) (*1)

    6212 90 00

    Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, Nóta 2(a) a ghabhann le Caibidil 61, Nóta 1 a ghabhann le Caibidil 62, Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 90 agus le foclaíocht na gcód AC 6212 agus 6212 90 00 .

    Eisiatar an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal 9021 mar fhearas ortaipéideach de réir bhrí Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 90, toisc gur earra tacaíochta é an ball éadaigh sin atá déanta as ábhar teicstíle a dtagann a éifeacht ar an orgán a bhfuil tacaíocht le tabhairt dó (mar shampla, díriú an droma) ó leaisteachas an earra amháin. Cruthaítear an éifeacht lena dtacaítear leis an gcorp le leaisteachais éagsúla na bpainéal éagsúil (tá méid áirithe leaisteachais ag na painéil daingne fiú, ós rud é go bhfuil siad cniotáilte).

    Eisiatar an t-earra a aicmiú faoi chód AC 6106 20 00 mar bhlúsanna, léinte agus blúsléinte do mhná nó do chailíní agus faoi chód AC 6109 90 20 mar t-léinte, singléid agus veisteanna eile, toisc go bhfuil saintréithe ball éadaigh a thacaíonn leis an gcorp ag an earra go príomha (an córas dúnta dúbailte arb é atá ann zip agus dúnadh ‘crúca agus cró’, na héifeachtaí mar gheall ar an meascán den phainéal daingean cniotáilte ar an droim agus thar na guaillí leis na painéil níos leaistí agus an teannas ar staidiúir an duine atá á chaitheamh arna chruthú ag na leaisteachais éagsúla). Tá an ball éadaigh deartha chun rannchuidiú leis an droim a dhíriú trí thacú le staidiúir dhíreach an duine atá á chaitheamh.

    Dá bhrí sin, tá an t-earra deartha mar bhall éadaigh a thacaíonn leis an gcorp (féach Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 6212 ) agus, mar sin, eisiatar é ó Chaibidil 61 de réir bhrí Nóta 2(a) a ghabhann leis an gCaibidil sin.

    Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 6212 90 00 mar earraí comhchosúla.

    2.

    Ball éadaigh teann a chlúdaíonn uachtar an choirp, atá déanta as dhá chineál éagsúla fabraice teicstíle cniotáilte de snáithíní de dhéantús an duine: tá taobh tosaigh an bhaill éadaigh déanta as fabraic chaitíneach (cineál fabraice gibínigh; 83 % poileistear, 17 % leaisteán) agus tá cúl an bhaill éadaigh déanta as fabraic mhogaill (100 % níolón).

    Tá muineál cruinn ag an mball éadaigh. Níl muinchillí air agus tá oscailt tosaigh iomlán aige a dhúntar le zip. Ina theannta sin, ag an leath íochtarach den oscailt tá córas dúnta ‘crúca agus cró’ faoin zip. Tá sraith dhúbailte d’fhabraic theicstíle ag an trian íochtarach de na painéil tosaigh (tá an dara sraith d’fhabraic theicstíle fuaite ar an taobh istigh). Ar gach taobh den bhall éadaigh tá banda leaisteach fuaite ag bun na bpainéal tosaigh (thart ar 10 cm ar leithead agus tuairim is 10 cm ar fad). Feidhmíonn an dá bhanda leaisteacha sin chun an chuid íochtarach den bhall éadaigh a theannadh agus is féidir iad a fheistiú agus a choigeartú ar na painéil tosaigh trí cheangaltán de chineál Velcro.

    Ar chúl an bhaill éadaigh tá trí phaiste ceangailte le haghaidh feistiú de chineál Velcro (tá gach paiste thart ar 5 cm ar leithead agus 9 cm ar fad). Tá dhá cheann de na paistí sin suite thar na slinneáin agus tá an tríú paiste suite beagán níos íochtaraí i lár an droma, áit a bhfuil an colún veirteabrach. Leis na paistí sin, is féidir dhá bhanda leaisteacha a cheangal as an taobh amuigh den bhall éadaigh. Tugtar an dá bhanda leaisteacha (atá déanta as 100 % poileistear; thart ar 8 cm ar leithead agus 45 cm ar fad) in éineacht leis an mball éadaigh agus is féidir iad a cheangal as na paistí thar na guaillí agus an paiste sa lár. Tá siad beartaithe a leathnú ó na guaillí go trasnánach síos an droim go dtí taobh an bhaill éadaigh ag airde na coime, áit ar féidir iad a choigeartú (iad ceangailte chomh teann agus is gá as an ábhar tosaigh).

    Ar an taobh istigh den bhall éadaigh tá dhá bhanda leaisteacha de phlaistigh cheallacha (thart ar 5 cm ar leithead agus 30 cm ar fad) fuaite le ceann den dá phaistí gualainne ar an taobh gearr de na bandaí. Téann an dá bhanda leaisteacha sin thar an ngualainn síos go dtí brollach gach painéil tosaigh, áit a bhfuil gach banda fuaite leis an taobh istigh den phainéal tosaigh ar an taobh gearr den bhanda. Coinnítear na bandaí leaisteacha sin ann le trí lúb teicstíle atá feistithe ar an taobh istigh de gach painéal tosaigh den bhall éadaigh.

    Ar chúl an bhaill éadaigh tá banda (atá déanta as plaistigh cheallacha, thart ar 3,5 cm ar leithead) ceangailte ar an taobh istigh ar bhun an bhaill éadaigh.

    Le dearadh an bhaill éadaigh, rannchuidítear leis an droim a dhíriú trí thacú le staidiúir dhíreach an duine atá á chaitheamh.

    (Féach na híomhánna faoi 2.) (*1)

    6212 90 00

    Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, Nóta 2(a) a ghabhann le Caibidil 61, Nóta 1 a ghabhann le Caibidil 62, Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 90 agus le foclaíocht na gcód AC 6212 agus 6212 90 00 .

    Eisiatar an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal 9021 mar fhearas ortaipéideach de réir bhrí Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 90, toisc gur earra tacaíochta é an ball éadaigh sin atá déanta as ábhar teicstíle a dtagann a éifeacht ar an orgán a bhfuil tacaíocht le tabhairt dó (mar shampla, díriú an droma) ó leaisteachas an earra amháin. Cruthaíonn na bandaí leaisteacha inchoigeartaithe an éifeacht lena dtacaítear leis an gcorp.

    Eisiatar an t-earra a aicmiú faoi chód AC 6109 90 20 mar t-léinte, singléid agus veisteanna eile nó faoi chód AC 6110 30 99 mar bhástchótaí do mhná nó do chailíní nó earraí comhchosúla freisin, toisc go bhfuil saintréithe ball éadaigh a thacaíonn leis an gcorp ag an earra go príomha (an córas dúnta dúbailte arb é atá ann zip agus dúnadh ‘crúca agus cró’, na héifeachtaí mar gheall ar an teannas ar dhroim an duine atá á chaitheamh arna cruthú ag an dá bhanda leaisteacha inchoigeartaithe a théann go trasnánach ó na guaillí síos go dtí an choim, agus an teannas ar an droim a chuireann na bandaí leaisteacha ar an taobh istigh den bhall éadaigh). Tá an ball éadaigh deartha chun rannchuidiú leis an droim a dhíriú trí thacú le staidiúir dhíreach an duine atá á chaitheamh.

    Dá bhrí sin, tá an t-earra deartha mar bhall éadaigh a thacaíonn leis an gcorp (féach Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 6212 ) agus, mar sin, eisiatar é ó Chaibidil 61 de réir bhrí Nóta 2(a) a ghabhann leis an gCaibidil sin.

    Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 6212 90 00 mar earraí comhchosúla.

    1.

    Image 1

    Image 2

    Trí fhabraic éagsúla: Na trí fhabraic faoin micreascóp:

    Image 3

    2.

    Image 4

    Image 5

    An dá bhanda leaisteacha atá ceangailte as an gcúl:

    Image 6

    An taobh tosaigh (radharc den taobh istigh amuigh):

    An cúl (radharc den taobh istigh amuigh):

    Image 7

    Image 8


    (*1)  Is chun faisnéis a thabhairt, agus chun na críche sin amháin, atá na híomhánna anseo.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1992/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top