This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1987
Commission Regulation (EU) 2024/1987 of 30 July 2024 amending Regulation (EU) 2023/915 as regards maximum levels of nickel in certain foodstuffs
Rialachán (AE) 2024/1987 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil nicile in earraí bia áirithe
Rialachán (AE) 2024/1987 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil nicile in earraí bia áirithe
C/2024/5379
IO L, 2024/1987, 31.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1987/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1987 |
31.7.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1987 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil nicile in earraí bia áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia. |
|
(2) |
Is comhpháirt fhorleathan de screamh an Domhain í nicil agus tá sí uileláithreach sa bhithsféar. Is féidir le foinsí nádúrtha agus foinsí antrapaigineacha araon a bheith ina gcúis lena láithreacht i mbia. |
|
(3) |
In 2015 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an Tuairim Eolaíoch uaidh maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht nicile i mbia agus in uisce óil (3). Sa tuairim sainaithníodh gurb í tocsaineacht atáirgthe agus fhorbarthach an iarmhairt chriticiúil maidir le saintréithriú riosca an nochta ainsealaigh tríd an mbéal do nicil. Sainaithníodh gurb iad ráigeanna de fhrithghníomhuithe eachmacha agus frithghníomhuithe ailléirgeacha níos measa an iarmhairt chriticiúil maidir le géarnochtadh tríd an mbéal do nicil i gcás daoine atá íograithe do nicil. |
|
(4) |
Bhí na sonraí a bhaineann le tarlú nicile i mbia agus in uisce óil ar fáil i 15 Bhallstát. Ós rud é gur in aon Bhallstát amháin a bailíodh 80 % de na sonraí iomlán a bailíodh, áfach, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbeadh gá le tacar sonraí níos éagsúla ó thaobh geografaíochta de chun tarlú nicile a fhíorú i mbia ar fud an Aontais. |
|
(5) |
Trí bhíthin Mholadh (AE) 2016/1111 ón gCoimisiún (4) moladh do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar láithreacht nicile i mbia in 2016, 2017 agus 2018, chun níos mó sonraí tarluithe a bhailiú. |
|
(6) |
Agus na sonraí tarluithe nua sin á gcur san áireamh chomh maith le hinfhaighteacht na faisnéise eolaíche nuaí, an 24 Meán Fómhair 2020 ghlac an tÚdarás nuashonrú ar an measúnú riosca ar nicil i mbia agus in uisce óil. (5) |
|
(7) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh nicil a bheith ina cúis le hiarmhairtí ainsealacha agus iarmhairtí géara araon. Ar bhonn na hiarmharta ainsealaí criticiúla ar chailliúint toirchis, bhunaigh an tÚdarás iontógáil laethúil infhulaingthe (TDI) de 13 μg/kg meáchan coirp (bw) agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur sáraíodh an TDI sin i lapadáin, i leanaí idir 36 mhí agus 10 mbliana d’aois agus, i roinnt cásanna, i naíonáin. Cé nach iarmhairt ábhartha í cailliúint toirchis i gcás na n-aoisghrúpaí óga, is cosaint é an TDI ar iarmhairtí eile atá ábhartha do na haoisghrúpaí níos óga, ar nós iarmhairtí néarthocsaineacha. Dá bhrí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh sárú an TDI a bheith ina ábhar imní maidir le sláinte sna haoisghrúpaí óga sin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gurb iad ráigeanna de fhrithghníomhuithe eachmacha ar an gcraiceann a spreagtar i ndaoine atá íograithe do nicil na géar-iarmhairtí criticiúla, a bhaineann le thart ar 15 % den daonra, gurb é 4,3 μg nicil/kg bw an leibhéal is ísle a mbraitear éifeacht dhíobhálach aige i gcás na ngéar-iarmhairtí sin agus go bhfuil gá le corrlach nochta de 30 nó níos mó chun cosaint a thabhairt ar na hiarmhairtí sin. Ní bhaintear amach an corrlach nochta sin de 30 le haghaidh an mheán-nochta agus nochtadh an 95ú peircintíl, rud ar ábhar imní é maidir le daoine atá íograithe do nicil. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart uasleibhéil le haghaidh nicil i mbia a leagan síos chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnta chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia iad féin a oiriúnú do na huasleibhéil a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(11) |
Agus seilfré fhada earraí bia áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo á cur san áireamh, agus é á chur san áireamh freisin go bhféadfaí iad a phróiseáil ina dtáirgí a bhfuil seilfré fhada acu, ba cheart a cheadú d’earraí bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fanacht ar an margadh. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 37, 13.2.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/315/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
(3) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Tuairim Eolaíoch maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht nicile i mbia agus in uisce óil. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(2):4002, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2015.4002
(4) Moladh (AE) 2016/1111 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2016 maidir le faireachán a dhéanamh ar nicil i mbia (IO L 183, 8.7.2016, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2016/1111/oj).
(5) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Tuairim Eolaíoch maidir le nuashonrú ar an measúnú riosca ar nicil i mbia agus in uisce óil. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6268, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2020.6268.
IARSCRÍBHINN
I Roinn 3: ‘Miotail agus eilimintí eile’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
‘3.6 |
Nicil |
Uasleibhéal (mg/kg) |
Tráchtanna |
|
3.6.1 |
Cnónna crann |
|
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an gcuid inite. Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le cnónna crann le haghaidh brú agus scagadh ola, ar choinníoll nach gcuirtear na cnónna crann brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear na cnónna crann brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag an uasleibhéal, agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh. |
|
3.6.1.1 |
Cnónna crann seachas táirgí a liostaítear in 3.6.1.2 |
3,5 |
|
|
3.6.1.2 |
Castáin, cnónna péine, gallchnónna, cnónna Brasaíleacha, agus cnónna caisiú |
10 |
|
|
3.6.2 |
Glasraí fréimhe agus tiúbair agus glasraí bleibíní |
0,90 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. Maidir le prátaí, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le prátaí scafa. |
|
3.6.3 |
Glasraí a thugann torthaí |
0,40 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. |
|
3.6.4 |
Glasraí praiseacha |
0,50 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. |
|
3.6.5 |
Glasraí duilleacha |
|
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. |
|
3.6.5.1 |
Glasraí duilleacha seachas na táirgí a liostaítear in 3.6.5.2 |
0,50 |
|
|
3.6.5.2 |
Luibheanna úra |
1,2 |
|
|
3.6.6 |
Léagúim |
|
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. |
|
3.6.6.1 |
Glasraí léagúmacha seachas na táirgí a liostaítear in 3.6.6.2 |
1,0 |
|
|
3.6.6.2 |
Pónairí soighe/edamame (Glycine max.) |
6,0 |
|
|
3.6.7 |
Glasraí gais |
0,40 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch. Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. |
|
3.6.8 |
Feamainn |
|
I gcás feamainn thirim, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é. I gcás feamainn úr, tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh. I gcás feamainn úr, tá feidhm ag an uasleibhéal ar bhonn ábhar tirim. (*1) |
|
3.6.8.1 |
Feamainn seachas táirgí a liostaítear in 3.6.8.2 |
30 |
|
|
3.6.8.2 |
Wakame |
40 |
|
|
3.6.9 |
Piseánach |
|
|
|
3.6.9.1 |
Piseánach seachas táirgí a liostaítear in 3.6.9.2 |
4,0 |
|
|
3.6.9.2 |
Pónairí tirime agus lúipíní/pónairí lúipíní tirime |
12 |
|
|
3.6.10 |
Olashíolta |
|
Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le holashíolta le haghaidh brú agus scagadh ola, ar choinníoll nach gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag an uasleibhéal, agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh. |
|
3.6.10.1 |
Síol lus na gréine |
8,0 |
|
|
3.6.10.2 |
Piseanna talún |
12 |
|
|
3.6.10.3 |
Pónairí soighe |
15 |
|
|
3.6.11 |
Gránaigh |
|
Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le gránaigh a úsáidtear chun beoir nó driogáití a tháirgeadh, ar choinníoll nach gcuirtear an t-iarmhar gránaigh atá fágtha ar an margadh don tomhaltóir deiridh mar bhia. I gcás ina gcuirtear an t-iarmhar gránaigh atá fágtha ar an margadh don tomhaltóir deiridh mar bhia, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis, agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh. |
|
3.6.11.1 |
Gránaigh seachas táirgí a liostaítear faoi 3.6.11.2, 3.6.11.3, 3.6.11.4, agus 3.6.11.5 |
0,80 ón 1 Iúil 2026 |
|
|
3.6.11.2 |
Cruithneacht chrua (Triticum durum) agus rís seachas táirgí a liostaítear faoi 3.6.11.3 |
1,5 ón 1 Iúil 2026 |
|
|
3.6.11.3 |
Rís scilligthe |
2,0 ón 1 Iúil 2026 |
|
|
3.6.11.4 |
Bréag-ghránaigh agus muiléad |
3,0 ón 1 Iúil 2026 |
|
|
3.6.11.5 |
Coirce |
5,0 ón 1 Iúil 2026 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin choirce nach bhfuil an crotal do-ite orthu. Chun an t-uasleibhéal le haghaidh gráin choirce a bhfuil an crotal do-ite orthu a ríomh, is gá fachtóir próiseála de 1,5 a chur i bhfeidhm, rud a fhágann gurb é 7,5 mg/kg an t-uasleibhéal le haghaidh coirce a bhfuil an crotal do-ite air. |
|
3.6.12 |
Táirgí cócó agus seacláide (14) |
|
|
|
3.6.12.1 |
Seacláid bhainne ina bhfuil < 30 % de sholaid iomlána cócó thirim |
2,5 |
|
|
3.6.12.2 |
Seacláid bhainne ina bhfuil ≥ 30 % de sholaid iomlána cócó thirim agus seacláid |
7,0 |
|
|
3.6.12.3 |
Púdar cócó agus púdar cócó saill-laghdaithe a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó mar chomhábhar i bpúdar cócó milsithe nó i seacláid phúdraithe a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh (deoch sheacláide) |
15 |
|
|
3.6.13 |
Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin, bianna chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4) |
|
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é. |
|
3.6.13.1 |
a chuirtear ar an margadh mar phúdar seachas na táirgí a liostaítear in 3.6.13.2 |
0,25 |
|
|
3.6.13.2 |
a chuirtear ar an margadh mar phúdar agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó |
0,40 |
|
|
3.6.13.3 |
a chuirtear ar an margadh mar leacht |
0,10 |
|
|
3.6.14 |
Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga (3) |
3,0 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é. |
|
3.6.15 |
Bia do naíonáin (3) seachas táirgí a liostaítear in 3.6.16. |
0,50 |
Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é. |
|
3.6.16 |
Súnna torthaí (9), neachtair torthaí (9) agus súnna glasraí lena n-airítear súnna torthaí (9), neachtair torthaí (9) agus súnna glasraí a cheaptar mar bhia do naíonáin (3). |
|
|
|
3.6.16.1 |
Súnna torthaí, neachtair torthaí agus súnna glasraí seachas táirgí a liostaítear in 3.6.16.2 |
0,25 |
|
|
3.6.16.2 |
Súnna torthaí agus neachtair torthaí a bhfuil súnna agus neachtair ó pháiseoga, ó thorthaí cócó, agus ó thorthaí beaga agus caora, agus uisce cnó cócó iontu |
1,0 |
|
(*1) Déanfar ábhar tirim a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil riandúl agus éilleán próiseála in earraí bia (IO L 88, 29.3.2007, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/333/oj).’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1987/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)