Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1923

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1923 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2024/4821

IO L, 2024/1923, 11.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1923/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1923/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1923

11.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1923 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2024

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 13 Samhain 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam (‘TiO2’), ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bun-Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne an Chomhghuaillíocht Eorpach Ad Hoc um Dé-ocsaíd Tíotáiniam (‘an gearánach’) an 29 Meán Fómhair 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal TiO2 an Aontais Eorpaigh (‘an tAontas’) de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárú

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1617 ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe (3).

1.3.   Páirtithe leasmhara

(4)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus a gcomhlachais ionadaíocha, údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, allmhaireoirí, trádálaithe agus úsáideoirí aitheanta ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(5)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála.

1.4.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(6)

Chuir roinnt páirtithe barúlacha isteach maidir le tionscnamh. Bhain siad sin le raon feidhme an táirge, an díobháil líomhnaithe a bhain do thionscal an Aontais, an spriocbhrabús a úsáideadh i ríomhanna díobhála, nasc cúisíoch, leas an Aontais. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin go léir thíos sna ranna ábhartha den rialachán seo.

1.5.   Sampláil

(7)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Sampláil tháirgeoirí an Aontais

(8)

San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn méideanna táirgeachta agus díolacháin agus suíomh geografach na gcuideachtaí á chur san áireamh aige. Is éard a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Maidir leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, is tairgeoirí iad ag a bhfuil 50 % den táirgeacht iomlán san Aontas agus 65 % de mhéid na ndíolachán le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an sampla de tháirgeoirí den chuid an Aontais. Tá an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

Sampláil na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe

(9)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar.

(10)

Sholáthair allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a shampláil

(11)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh atá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú.

(12)

Sholáthair naoi dtáirgeoir onnmhairiúcháin is fiche i sa tSín an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de sheacht gcuideachta a bhaineann le dhá ghrúpa chorparáideacha ar leithligh ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na Síne maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis an sampla.

1.6.   Scrúdú aonair

(14)

Léirigh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín gur spéis leo scrúdú aonair a iarraidh faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. Mar sin féin, níor chomhlánaigh na táirgeoirí iarrthacha an ceistneoir tiomnaithe le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin laistigh den sprioc-am a shonraítear san Fhógra tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní bhfuarthas aon iarraidh ar scrúdú aonair ar deireadh.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(15)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín, chuig na hallmhaireoirí agus na húsáideoirí aitheanta. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (4) lá an tionscnaimh.

(16)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne (‘Rialtas na Síne’) freisin maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(17)

Thairis sin, chuir an gearánach fianaise leordhóthanach prima facie ar fáil sa ghearán maidir le saobhadh amhábhair i sa tSín maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san fhógra tionscnaimh, chumhdaigh an t-imscrúdú an saobhadh amhábhar sin chun a chinneadh an gcuirfí forálacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis an tSín. Ar an gcúis sin, sheol an Coimisiún ceistneoirí breise maidir leis sin chuig Rialtas na Síne.

(18)

Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, ón dá ghrúpa de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Síneacha agus ó shé úsáideoir. Ní bhfuair an Coimisiún an freagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne.

(19)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí de chuid an Aontais

Kronos Titan GmbH, Leverkusen, an Ghearmáin, agus a cuideachtaí comhlachaithe:

Kronos Europe S.A/N.V., Gent, an Bheilg,

Societe Industrielle du Titane, Páras, an Fhrainc,

Precheza a.s., Olomouc, Poblacht na Seice, agus a chuideachta ghaolmhar:

Agrofert Italia SRL, Monza, an Iodáil,

Tronox Pigments Holland B.V., Rotterdam, an Ísiltír.

 

Úsáideoirí

Akzo Nobel Foinsiú B.V., Amstardam, an Ísiltír,

Flint Group GmbH, Hilversum, an Ísiltír,

Munksjö Paper AB, Aalen, an Ghearmáin,

Felix Schoeller GmbH & Co. KG, Osnabruck, an Ghearmáin,

Sherwin-Williams Italy SRL, Bologna, an Iodáil,

A. Schulman Plastics, Rotterdam, an Ísiltír.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín:

 

Anhui Gold Star Group

Anhui Gold Star Titanium Dioxide (Group) Co., Ltd. (‘ Anhui Group ’)

ANHUI GOLD STAR TITANIUM DIOXIDE TRADING COMPANY LIMITED (‘ Anhui Trading ’)

 

LB group

LB GROUP CO., LTD. (‘ LB ’)

HENAN BILLIONS ADVANCED MATERIAL CO., LTD. (‘ HB ’)

LB LUFENG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD. (‘ LL ’)

LB SICHUAN TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.(‘ LS ’)

LB XIANGYANG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD. (‘ LX ’)

1.8.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(20)

Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

2.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi imscrúdú

(21)

Is é an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo dé-ocsaíd tíotáiniam, ag a bhfuil an fhoirmle cheimiceach TiO2, i ngach foirm, mar ocsaídí tíotáiniam nó i líocha agus ullmhóidí atá bunaithe ar dhé-ocsaíd tíotáiniam, ina bhfuil cion nach lú ná 80 % de réir meáchain de dhé-ocsaíd tíotáiniam arna ríomh ar bhonn an ábhair thirim, agus ag a bhfuil méideanna cáithníní de gach saghas, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2823 00 00 agus 3206 11 00 (cóid TARIC 2823000010 agus 2823000030) (‘an táirge faoi imscrúdú’).

(22)

Aicmítear TiO2 faoi Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN) 12065-65-5 agus 13463-67-7 (‘an táirge faoi imscrúdú’)

(23)

Is táirge ceimiceach é dé-ocsaíd tíotáiniam i bhfoirm púdar bán mín. Úsáidtear é i réimse táirgí tionsclaíocha agus tomhaltóra amhail péinteanna, bratuithe, páipéar, plaistigh, rubar, teicstílí, táirgí cógaisíochta etc. Tá airíonna scaipthe solais den scoth ag dé-ocsaíd tíotáiniam a chuirtear i bhfeidhm, dá bhrí sin, nuair a theastaíonn teimhneacht bhán agus gile.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(24)

Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na Síne é.

2.3.   An táirge comhchosúil

(25)

Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne, agus

an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(26)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.4.   Maímh maidir le raon feidhme an táirge

(27)

Chuir roinnt páirtithe maímh isteach maidir le raon feidhme an táirge laistigh den sprioc-am chun maímh maidir le raon feidhme an táirge a chur isteach.

(28)

Ar an gcéad dul síos, d’iarr úsáideoir amháin, Schulman Plastics SAS (‘Schulman Plastics’), go leathnófaí raon feidhme an táirge chun an táirge ar a dtugtar ‘Masterbatch White’ a chumhdach.

(29)

Ar an dara dul síos, mhaígh úsáideoir amháin, Akzo Nobel Sourcing B.V. (‘AkzoNobel’), gur cheart struchtúr uimhir rialaithe an táirge (‘PCN’) a leasú.

(30)

Ar an tríú dul síos, mhaígh úsáideoir amháin, Munksjö Paper AB (‘Munksjö’), nach bhfuil an sainmhíniú ar tháirge soiléir agus d’iarr sé ar an gCoimisiún a shoiléiriú nach dtagann cineál áirithe TiO2 a úsáidtear i dtáirgeadh páipéir lannáin (‘TiO2 de ghrád lannáin’ mar a thugtar air), faoi raon feidhme an táirge. Chuir Munksjö iarraidh nua in áit na hiarrata sin ina dhiaidh sin, á iarraidh ar an gCoimisiún TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh ó raon feidhme táirge an imscrúdaithe, nó, de rogha air sin, í a dhíolmhú ó dhleachtanna frithdhumpála faoin nós imeachta úsáide deiridh, dá bhforáiltear in Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais (‘UCC’). (5) Rinne Munksjö an iarraidh sin in éineacht le húsáideoir eile, Felix Schoeller GmbH & Co. KG (‘Felix’).

(31)

Ar an gceathrú dul síos, d’iarr úsáideoir amháin, Treibacher Industrie AG (‘Treibacher’), go ndéanfaí TiO2 ag a bhfuil íonacht 99.9 % nó níos mó a eisiamh ó raon feidhme an táirge.

(32)

Ar deireadh, d’iarr dhá úsáideoir, Flint Group GmbH (‘Flint’) agus Sun Chemical Ltd. (‘Sun Chemical’), ar leithligh, go ndéanfaí cineál speisialta TiO2 nach n-úsáidtear ach mar lí i dtáirgeadh dúigh sa tionscal grafach (‘TiO2 grafach’) a eisiamh ó raon feidhme an táirge. D’iarr Flint freisin, mar mhalairt air sin, TiO2 grafach a dhíolmhú ó dhleachtanna frithdhumpála faoin nós imeachta úsáide deiridh dá bhforáiltear in Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais.

(33)

Ina theannta sin, níor bhreithnigh an Coimisiún na hiarrataí a chuir roinnt páirtithe isteach maidir le heisiamh táirgí toisc go ndearnadh na hiarrataí sin tar éis an sprioc-ama chun maímh maidir le raon feidhme an táirge a chur isteach. Bhain na hiarrataí sin le TiO2 neamhbhrataithe le haghaidh líocha neamhbhána agus le grád bia TiO2. D’iarr Cónaidhm na dTionscal Páipéar Eorpach (‘CEPI’) freisin TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh ó raon feidhme an táirge a luaithe a bheadh an sprioc-am chun maímh a chur isteach caite. Ina theannta sin, thug AkzoNobel iarraidh ar eisiamh táirgí isteach le haghaidh TiO2 a táirgeadh trí phróiseas clóiríde ina bhfreagra ar an gceistneoir tar éis an sprioc-am chun maímh maidir le raon feidhme an táirge a chur isteach.

2.4.1.   Masterbatch White

(34)

Mhaígh Schulman Plastics gur cheart raon feidhme an táirge a leathnú chun ‘Masterbatch White’ (‘MW’) a chur san áireamh (atá aicmithe faoi láthair faoi chód TARIC 3206190090). Is meascán tiubhaithe é MW de bhuneilimintí, amhail líocha, ruaimeanna, iompróirí, easróirí agus breiseáin. Déantar iad sin a imchochlú i roisín teirmithéachtach, agus ansin iad a fhuarú agus a ghearradh i ngráinníní a úsáidtear chun airíonna an phlaistigh a dhathú nó a fheabhsú. Is comhábhar tábhachtach lí bán de MW é TiO2; is é an tsubstaint a ligeann do MW dath bán a chur ar na plaistigh. Dá bhrí sin, mhaígh Schulman Plastics go mbeidh atreorú TiO2 na Síne chuig táirgeadh MW sa tSín mar thoradh ar an méadú ar chostais TiO2 a allmhairiú chuig an Aontas, a eascróidh as dleachtanna frithdhumpála. Mhéadódh sé sin a thuilleadh, dá réir sin, an méid MW is saoire ón tSín atá á allmhairiú/á dhumpáil isteach san Aontas, rud a d’fhágfadh nach mbeadh táirgeoirí MW an Aontais in ann dul san iomaíocht go héifeachtach.

(35)

De réir na fianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe, mar aon le tuairisc Schulman Plastics féin ar MW, thug an Coimisiún dá aire go n-úsáidtear an táirge atá faoi imscrúdú, mar a shainmhínítear san Fhógra Tionscnaimh agus a athdhearbhaíodh in aithris (21) thuas, mar amhábhar i dtáirgeadh MW, rud a fhágann gur táirge iartheachtach den táirge atá faoi imscrúdú é MW. Comhthacaítear leis sin freisin toisc gur chuir Schulman Plastic an ceistneoir d’úsáideoirí faoi bhráid an Choimisiúin, rud a shoiléirigh freisin go bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú ar cheann de na príomh-amhábhair a úsáideann siad agus MW á tháirgeadh acu.

(36)

Ar an gcúis sin, ní fhéadfadh aon fhianaise a bheith sa ghearán ach an oiread a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin a mheas an ann do léiriú ar dhumpáil agus ar dhíobháil ghaolmhar arb iad allmhairí MW de thionscnamh na Síne is cúis leo, ós rud é, chun an gnáthluach a ríomh do MW, go mbeadh gá le tagarmharcanna d’amhábhair atá éagsúil leo siúd a úsáidtear le haghaidh an táirge faoi imscrúdú mar atá sainithe faoi láthair. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir raon feidhme an imscrúdaithe seo a leathnú chuig MW, agus níor mhór aon chleachtas dumpála líomhnaithe agus an díobháil a rinneadh dá dheasca sin do tháirgeoirí MW san Aontas a chinneadh in imscrúdú frithdhumpála ar leithligh.

(37)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh raon feidhme an imscrúdaithe seo a leathnú chun MW a chur san áireamh.

2.4.2.   Maímh maidir le struchtúr PCN

(38)

Mhaígh AkzoNobel gur cheart an struchtúr naftailéine polaclóirínithe a bhunaigh an Coimisiún don imscrúdú seo a leathnú le réimse breise chun cóireáil dromchla ar chineálacha éagsúla TiO2 a chur san áireamh, ós rud é: (i) go bhfuil cineál éigin cóireála dromchla i bhformhór na gcineálacha TiO2 atá ar fáil ar bhonn tráchtála, (ii) go mbíonn tionchar ag cóireáil dromchla den sórt sin ar fheidhmíocht TiO2 i bhfeidhmeanna éagsúla, agus (iii) go luaitear cóireáil dromchla ar bhileoga sonraí táirgeoirí le haghaidh cineálacha TiO2 a tháirgeann siad agus a dhíolann siad. Ina theannta sin, mhaígh AkzoNobel nach bhfuil an réimse naftailéine polaclóirínithe le haghaidh ‘Cion TiO2 in aghaidh an mheáchain’ gráinneach go leor chun réaltachtaí an mhargaidh a léiriú. Go sonrach, mhol AkzoNobel gur cheart an roinn PCN lena gcumhdaítear raon an chion TiO2 in aghaidh an mheáchain idir 80 % agus suas le 98,5 % ach gan 98,5 % san áireamh a mhiondealú ina thrí roinn eile: 80 % suas le 90 % ach gan 90 % san áireamh, 90 % suas le 95 % ach gan 95 % san áireamh, agus 95 % suas le 98,5 % ach gan 98,5 % san áireamh.

(39)

Chuir an gearánach i gcoinne na maíomh sin ar an bhforas gur íoschomhpháirt den chostas monaraíochta í cóireáil dromchla agus, dá bhrí sin, ní gá í a léiriú sa struchtúr PCN. Dúirt an gearánach freisin go bhfuil an catagóiriú reatha ‘Cion TiO2 de réir meáchain’ gráinneach go leor chun réaltachtaí an mhargaidh a léiriú agus chun comparáid ‘macasamhail le macasamhail’ a áirithiú, agus nach mbeadh ach castacht neamhriachtanach á cur leis an imscrúdú dá gcuirfí dhá chuid bhreise leis an réimse seo.

(40)

Thug AkzoNobel freagra ar bharúlacha an ghearánaigh thuas. Mhaígh AkzoNobel go mbaineann struchtúr naftailéine polaclóirínithe ní hamháin le comparáidí cothroma a dhéanamh idir costais táirgthe le haghaidh cineálacha éagsúla TiO2, ach freisin le comparáidí cothroma a dhéanamh idir na praghsanna díola, rud a thugann le fios go mbeidh tionchar ag cineálacha éagsúla brataithe dromchla ar an bpraghas díola, ós rud é go bhfuil tionchar aige ar na hiarratais ar cheart cineál áirithe TiO2 a úsáid ina leith. Ina theannta sin, agus scrúdú á dhéanamh ar bhileoga sonraí na gcineálacha TiO2 ó phunann an táirgeora de chuid an Aontais Kronos, léirigh AkzoNobel conas a scaipfeadh dhá naftailéin pholaclóirínithe eile leis an réimse ‘Cion TiO2 in aghaidh an mheáchain’ na cineálacha TiO2 a tháirgeann Kronos níos cothroime go naftailéiní polaclóirínithe éagsúla, ag maíomh go mbeadh naftailéin polaclóirínithe níos gráinní den sórt sin níos oiliúnaí.

(41)

Le linn an imscrúdaithe, chinn an Coimisiún go bhfuil cóireáil dromchla i bhformhór na gcineálacha TiO2 a mhargaíonn táirgeoirí an Aontais agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin araon. Is éard atá i gceist le cóireáil dromchla den sórt sin teaglamaí éagsúla de cheimiceán amháin nó níos mó, atá ábhartha d’fheidhmíocht an táirge i bhfeidhmeanna éagsúla, agus ar an gcaoi sin atá ar bhileoga sonraí agus/nó bróisiúir díolacháin na dtáirgeoirí.

(42)

Meabhraíonn an Coimisiún i ndáil leis sin gurb é is cuspóir don naftailéin pholaclóirínithe comparáid chothrom idir praghsanna a áirithiú idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Níor soláthraíodh aon fhianaise a léiríonn comhchoibhneas idir na ceimiceáin shonracha a aimsíodh sa bhratú agus praghsanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin don Choimisiún áfach.

(43)

Thairis sin, ní dhearna aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin atá rannpháirteach san imscrúdú seo agóid maidir leis an struchtúr naftailéine polaclóirínithe atá beartaithe ar an bhforas go mbeadh comparáid éagórach praghsanna ann mar thoradh air.

(44)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún amach nach raibh aon chúis ann struchtúr naftailéine polaclóirínithe a leasú chun na tosca sin a léiriú agus dhiúltaigh sé don iarraidh ó AkzoNobel.

2.4.3.   Iarrataí ar eisiamh táirgí

(45)

Mar a mhínítear in aithrisí (27) go (33) thuas, thionscain roinnt páirtithe iarrataí maidir le heisiamh táirgí. Chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí ar eisiamh táirgí, scrúdaigh an Coimisiún (i) buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla na gcineálacha táirgí sin, (ii) a n-úsáid deiridh agus a n-idirmhalartacht, (iii) dearcadh an chustaiméara deiridh, (iv) tionchar na ndleachtanna ar an úsáideoir, (v) foinsí malartacha soláthair, agus (vi) tionchar na díolúine ar dhleachtanna.

2.4.3.1.   TiO2 de ghrád lannáin

(46)

D’iarr Felix agus Munksjö go comhpháirteach TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh ó raon feidhme an táirge (nó, de rogha air sin, agus díolúine úsáide deiridh faoi Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais), ag líomhain gur cineál speisialta TiO2 é sin nach n-úsáidtear ach i dtáirgeadh páipéir lannáin. Ina aighneacht an 21 Eanáir 2024, d’iarr CEPI go neamhspleách freisin go ndéanfaí TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Rinneadh iarraidh CEPI tar éis an spriocdháta chun maímh maidir le raon táirgí a chur isteach an 23 Samhain 2023 mar a mhínítear in aithris (33). Dá bhrí sin, níl an anailís sa roinn seo bunaithe ach ar an bhfaisnéis a chuir Feláiix agus Munksjö ar fáil.

(47)

Chuir an gearánach sraith barúlacha breise isteach maidir leis an iarraidh sin an 2 Bealtaine 2024, ar thug Felix agus Munksjö freagra ina leith in aighneacht ón 22 Bealtaine 2024. Ós rud é go ndearnadh barúlacha an ghearánaigh tar éis an sprioc-ama le haghaidh barúlacha maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach an 29 Eanáir 2024, níor cuireadh ceachtar de na barúlacha breise sin san áireamh. Chuir Felix agus Munksjö faisnéis fhíorasach nua isteach freisin in aighneacht eile an 30 Bealtaine 2024. Mar gheall ar an gcéim dhéanach ina raibh an t-imscrúdú cheana, níorbh fhéidir an fhaisnéis sin a chur san áireamh le haghaidh na dtorthaí sealadacha.

(48)

Is páipéar speisialtachta é páipéar lannáin (ar a dtugtar páipéar maisiúchán freisin) a úsáidtear mar dhromchla le haghaidh cineálacha éagsúla troscáin agus i raon leathan feidhmeanna maisiúchán eile. Mhaígh an dá úsáideoir gur cineál speisialta TiO2 é an TiO2 a úsáidtear chun an páipéar sin a dhathú, rud nach bhfuil oiriúnach d’fheidhmeanna eile, toisc nach mór é a chumhdach le bratú tiubh ina bhfuil fosfar. Is rud é an bratú speisialta seo a ligean don TiO2 a bheith ionsúite isteach i gceart sna snáithíní páipéir agus tugann sé dathbhuaine níos fearr faoi sholas dó a chuireann cosc ar liathú na móilíní TiO2 (agus dá bhrí sin an táirge deiridh), rud a tharlaíonn murach sin ós rud é go bhfuil na móilíní ar leithlis ón aer sa roisín mealaimín.

(49)

Tharraing an dá úsáideoir aird ar an gCinneadh ón gCoimisiún an 4 Iúil 2018 i gcás cumaisc Tronox/Cristal (6) inar chinn an Coimisiún go raibh inionadaitheacht theoranta ar thaobh an éilimh idir lí dé-ocsaíde tíotáiniam lena húsáid i lannán páipéir agus lí dé-ocsaíde tíotáiniam lena húsáid i bhfeidhmeanna úsáide deiridh eile.

(50)

Rinne an gearánach trácht nach ndéantar difear do mheáchan cáithníní TiO2 nuair a chuirtear an cineál brataithe dromchla le dromchla, is bratú a dheartar le haghaidh TiO2 de ghrád lannáin, ná nach ndéantar difear do mhéid a ndromchla i gcomparáid le cineálacha eile TiO2, amhail plaistigh nó feidhmeanna brataithe, ná nach comhpháirt shuntasach de na costais mhonaraíochta an bratú go ginearálta. Ina theannta sin, mhaígh an gearánach go gcuireann gach táirgeoir TiO2 na trí chineál ceimiceán a úsáidtear i gcóireáil dromchla i bhfeidhm go forleathan ina bhfoirmlí le haghaidh raon cineálacha táirgí TiO2 (le haghaidh péinteanna, bratuithe, plaisteach, agus úsáidí eile freisin), rud a léiríonn nach mbaineann aon cheann de na ceimiceáin sin go heisiach le cineálacha táirgí de ghrád lannáin.

(51)

Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir ó aithris (45) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag TiO2 de ghrád lannáin le cineálacha eile TiO2. Tá fosfar sa bhratú in TiO2 de ghrád lannáin agus i roinnt cineálacha eile TiO2, cé gur suntasaí an láithreacht fosfair in TiO2 de ghrád lannáin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin go bhfágann sainiúlacht an bhrataithe TiO2 de ghrád lannáin go bhfuil sé oiriúnach do tháirgeadh páipéir lannáin, ós rud é go gcuireann an bratú speisialta sin cosc ar an bpáipéar lannáin éirí liath nuair a nochtar é do sholas na gréine. Chinn an Coimisiún, áfach, go bhfógraíonn roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin an cineál sin TiO2 lena húsáid in PVC agus i bplaistigh mharthanacha freisin, rud a thugann le fios gur féidir é a úsáid freisin i bhfeidhmeanna eile agus in úsáidí deiridh eile.

(52)

Tá thart ar [25-35] % de chostais iomlána táirgthe na n-úsáideoirí sin i gceist le TiO2, agus faigheann siad idir [10-40] % dá TiO2 sa tSín. Mhaígh an dá úsáideoir, agus sholáthair ceann de na húsáideoirí fianaise chun a léiriú, nach mbeadh táirgeoirí TiO2 an Aontais ábalta ach cainníochtaí teoranta TiO2 a thairiscint dóibh, rud nach mbeadh leordhóthanach chun a n-éileamh iomlán a chumhdach.

(53)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfianaise agus ar na barúlacha a chuir an dá úsáideoir agus an gearánach i láthair, chinn an Coimisiún i dtús báire nach bhfuil aon fhoras ann chun TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh ó raon feidhme an táirge, ós rud é go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna aige agus atá ag cineálacha eile TiO2, agus go bhféadfaí é a úsáid, i bprionsabal, chun críoch eile. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach bhfuil aon fhoras ann an díolúine maidir le húsáid deiridh a dheonú ós rud é, fiú i gcás easpa iomlán allmhairí TiO2 ón tSín, bunaithe ar an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil don Choimisiún ag an gcéim sin, go bhfuil dóthain foinsí soláthair malartacha ar fáil do na táirgeoirí páipéir lannáin, laistigh den Aontas agus ó thríú margaí eile, amhail Meicsiceo.

2.4.3.2.   TiO2 ag a bhfuil íonacht 99,9 % nó níos mó

(54)

D’iarr úsáideoir amháin, Treibacher, TiO2 a bhfuil íonacht 99,9 % a eisiamh ó raon feidhme an táirge toisc nach bhfuil an TiO2 sin ar fáil ach sa tSín agus nach n-úsáidtear í ach le haghaidh feidhmeanna nideoige speisialta. Níor chuir an t-úsáideoir sin freagra ar an gceistneoir isteach, áfach, ná níor chuir sé fianaise ar fáil lena léireofaí go gcomhlíontar na critéir ó aithris (45) thuas. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar na critéir chun an t-eisiamh táirgí a dheonú agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé don iarraidh sin.

2.4.3.3.   TiO2 grafach

(55)

D’iarr dhá úsáideoir go ndéanfaí TiO2 ghrafach a eisiamh ó raon feidhme an táirge: Sun Chemical agus Flint. Rinne Sun Chemical a n-aighneacht tar éis an spriocdháta do mhaímh maidir le raon an táirge agus níor thug sé freagra ar an gceistneoir, agus chuir Flint a n-aighneacht isteach laistigh den sprioc-am agus sholáthair sé freagra ceistneora freisin arbh fhéidir leis an Coimisiún é a fhíorú. Dá bhrí sin, níl an anailís thíos bunaithe ach ar an bhfaisnéis a thug Flint.

(56)

Mhaígh Flint, maidir leis an gcineál TiO2 a úsáideann siad, gur táirge ardleibhéil de ghrád nideoige é nach n-úsáidtear ach i ndúigh i dtionscal na grafaice, agus go mbaineann próiseas táirgthe speisialta agus saineolas sonrach lena tháirgeadh.

(57)

Chinn an Coimisiún go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag TiO2 ghrafach le cineálacha eile TiO2, mar gur táirge rúitíle caighdeánach é le bratú ina bhfuil ceimiceáin a fhaightear in go leor cineálacha eile TiO2. Cé go bhféadfadh sé, áfach, nach mbeadh ceimic TiO2 ghrafaigh ar leithligh, chinn an Coimisiún gur fíor go mbaineann saineolas sonrach lena táirgeadh nach bhfuil máistreacht ach ag líon teoranta táirgeoirí san Aontas agus sa tSín air. Bhí Flint freisin ag ceannach, go pointe teoranta, cineálacha eile TiO2 chun críoch eile seachas dúigh ghrafacha.

(58)

Cé go bhféadfaí, i bprionsabal, cineálacha eile TiO2 a úsáid chun dúigh a tháirgeadh, is measa i bhfad an fheidhmíocht a bheadh mar thoradh air sin. Cé go bhfuil cineálacha éagsúla TiO2 á dtástáil ag Flint ó tháirgeoirí éagsúla lena n-úsáid ina bhfoirmlí dúigh, tá fianaise tugtha acu lena léirítear nach mbaineann siad leibhéil shásúla cháilíochta amach de ghnáth. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, gur fíor nach bhfuil ach deiseanna teoranta ag táirgeoirí dúigh ghrafaigh aistriú go soláthróirí eile, rud a deimhníodh freisin i gcás cumaisc Hutsman/Rockwoods (7), agus go mbeadh tionchar ag feidhmíocht TiO2 ghrafaigh i dtáirgí deiridh ar dhearcadh an chustaiméara. Níor léiríodh, áfach, nach mbeadh tionscal an Aontais in ann cainníocht leordhóthanach a sholáthar do thionscal na grafaice.

(59)

Cé nach bhfuil dúch grafach TiO2 inionadaithe go hiomlán le cineálacha eile TiO2, fós féin tá na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna aige agus atá acu. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon chúis le heisiamh táirgí.

(60)

Thairis sin, ós rud é nár léiríodh go bhfuil saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla sonrach ag TiO2 grafach i gcomparáid le cineálacha eile TiO2, ná úsáid deiridh dhea-shainithe mar gheall ar líon mór oideas a bheith ag Flint dá dtáirgí, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo nach mbeadh údaráis chustaim in ann a fhíorú gur deimhin gur TiO2 grafach atá á húsáid chun dúigh a tháirgeadh, go háirithe ós rud é go gceannaíonn Flint cineálacha eile TiO2 freisin chun críoch eile. Ar deireadh, ní raibh an t-úsáideoir in ann a léiriú go soiléir go ndéanfadh na dleachtanna dochar suntasach dá bhrabúsacht. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh.

2.4.3.4.   TiO2 neamhbhrataithe le haghaidh líocha neamhbhána

(61)

Ina aighneacht an 18 Nollaig 2023, d’iarr Sun Chemical ar an gCoimisiún TiO2 ina fhoirm neamhbhrataithe (i.e. TiO2 gan chóireáil dromchla) a eisiamh ón raon feidhme chomh maith leis an TiO2 grafach a eisiamh a luaitear thuas in aithris (55). Mhaígh Sun Chemical gur margadh an-nideoige é sin agus go mbeadh táirgí a dhéantar de TiO2 neamhbhrataithe den sórt sin san iomaíocht i margaí lasmuigh den Aontas, agus dá bhrí sin bheadh a n-onnmhairí neamhiomaíoch mar thoradh ar aon dleacht frithdhumpála. Thionóil seirbhísí an Choimisiúin éisteacht le Sun Chemical inar chuir an chuideachta lena hiarraidh freisin.

(62)

Fuarthas an iarraidh sin tar éis spriocdháta an 23 Samhain 2023 chun maímh maidir le raon feidhme táirge a chur isteach. Luaigh an Coimisiún gur cheart barúlacha maidir leis an raon táirge a bheith curtha isteach ag céimeanna luatha an imscrúdaithe, chun a dhóthain ama a thabhairt chun a bhfiúntas a mheas agus chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile freagairt dóibh. Chomh maith leis sin, níor thug Sun Chemical freagra ceistneora don Choimisiún. Dá bhrí sin, fiú dá ndéanfaí an iarraidh in am, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún fíorú i gceart an gcomhlíontar na critéir in aithris (45) thuas. Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún an iarraidh sin san áireamh.

2.4.3.5.   TiO2 de ghrád bia

(63)

Ina aighneacht an 21 Eanáir 2024, d’iarr CEPI ar an gCoimisiún TiO2 de ghrád bia a eisiamh ó raon feidhme an táirge, mar aon leis an iarraidh ar TiO2 de ghrád lannáin a eisiamh, is iarraidh a luaitear thuas in aithris (46). Mhaígh CEPI go bhfuil an cineál seo TiO2 speisialta toisc go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le breiseáin E-171 agus go bhfuil tacar sainithe tairseach miotail throma an-íseal aige, rud a fhágann go bhfuil sé an-daor é a tháirgeadh.

(64)

Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh an iarraidh sin i bhfad tar éis an spriocdháta chun maímh maidir le raon táirgí a chur isteach, arbh é an 23 Samhain 2023, níor mheas an Coimisiún an iarraidh sin. Mar a luaitear in aithris (62), ní mór barúlacha maidir le raon feidhme an táirge a chur isteach i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos le haghaidh na mbarúlacha sin, chun go mbeidh dóthain ama ann chun measúnú a dhéanamh ar a bhfiúntas agus chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile freagairt dóibh.

2.4.3.6.   TiO2 a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an bpróiseas Clóiríde a eisiamh

(65)

D’iarr AkzoNobel go ndéanfaí TiO2 a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an bpróiseas clóiríde a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe, toisc nach bhfuil TiO2 a tháirgtear tríd an bpróiseas clóiríde agus TiO2 a tháirgtear tríd an bpróiseas sulfáite inionadaithe i bpéinteanna agus i ngnó brataithe. Mhaígh AkzoNobel freisin gur tríd an bpróiseas sulfáite a dhéantar formhór an táirgthe TiO2 sa tSín ach go n-úsáideann margadh an Aontais TiO2 a tháirgtear tríd an bpróiseas clóiríde den chuid is mó. D’iarr AkzoNobel, ar na forais chéanna, mura nglacann an Coimisiún leis an iarraidh sin ar eisiamh, go ndéanfaidh sé, ar a laghad, anailís díobhála agus cúisíochta ar leithligh idir an TiO2 a tháirgtear tríd an bpróiseas clóiríde agus an TiO2 a tháirgtear tríd an bpróiseas sulfáite.

(66)

Thug an Coimisiún dá aire gur cuireadh iarraidh AkzoNobel ar eisiamh táirgí isteach lena fhreagra ar an gceistneoir, a cuireadh isteach an 20 Nollaig 2023, tar éis spriocdháta an 23 Samhain 2023 chun maímh maidir le raon feidhme an táirge a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor breithníodh an iarraidh. Mar a luaitear in aithris (62), ní mór barúlacha maidir le raon feidhme an táirge a chur isteach i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos le haghaidh na mbarúlacha sin, chun go mbeidh dóthain ama ann chun measúnú a dhéanamh ar a bhfiúntas agus chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile freagairt dóibh.

(67)

Maidir leis an iarraidh go ndéanfar anailís díobhála agus cúisíochta ar leithligh bunaithe ar an bpróiseas táirgthe, thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, go léiríonn an t-imscrúdú go gceannaíonn go leor úsáideoirí, lena n-áirítear monaróirí péinteanna agus bratuithe, TiO2 arna táirgeadh tríd an dá mhodh.

(68)

Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún amach, maidir le díolacháin iomlána an Aontais de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, go mbaineann aon trian de na díolacháin sin le TiO2 a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an bpróiseas clóiríde.

(69)

Ina theannta sin, ós rud é go dtáirgeann táirgeoirí de chuid na Síne níos mó TiO2 faoi láthair trí úsáid a bhaint as an bpróiseas sulfáite, ní chiallaíonn sé sin gurb amhlaidh a bheidh sé amach anseo. Go deimhin, léiríodh san imscrúdú go bhfuil tionscal na Síne tiomanta dlús a chur leis an aistriú ón bpróiseas sulfáite go dtí an próiseas clóiríde chun TiO2 a tháirgeadh.

(70)

Ar an tríú dul síos, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a shuí go raibh difríochtaí den sórt sin idir saintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó teicniúla idir na táirgí a dhíorthaítear ón dá phróiseas táirgthe, rud a d’fhágfadh gur ghá ceann amháin a eisiamh. I ndeireadh na dála, is féidir leis an dá phróiseas táirgthe sin TiO2 anatáise a tháirgeadh, a ndéanann páirtithe leasmhara idirdhealú nach mór d’aonghuth idir é agus rúitíl TiO2 mar gheall ar a struchtúr criostail éagsúil, rud a fhágann gurb é seo an príomh-idirdhealú idir na cineálacha TiO2.

(71)

Ar bhonn na mbreithnithe thuas, dhiúltaigh an Coimisiún d’iarraidh AkzoNobel.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(72)

Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(73)

Dá dheasca sin, chun na sonraí a bhailiú, ar sonraí iad is gá chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun TiO2 a tháirgeadh. Chuir cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin is fiche an fhaisnéis ábhartha isteach.

(74)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

(75)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa.

(76)

An 26 Márta 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an chéad nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh TiO2. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is é sin an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo agus Cónaidhm na Rúise. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gcéad nóta ón táirgeoir onnmhairiúcháin de ghrúpa LB, ón ngearánach agus ó úsáideoir, AkzoNobel.

(77)

An 16 Aibreán 2024, thug an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara ar an gcéad nóta le nóta eile (‘an dara nóta’) agus chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurb í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Chuir sé in iúl freisin do na páirtithe leasmhara go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil maidir leis an gcuideachta Tronox Pigmentos do Brasil S.A. (‘Tronox Brazil’), ar táirgeoir TiO2 é sa tír ionadaíoch.

(78)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an Dara Nóta ó AkzoNobel chomh maith leis an ngearánach. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin faoi cheannteideal faoi seach faoi Roinn 3.4 thíos.

(79)

Tar éis don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an barúlacha agus an fhaisnéis a fuarthas, tháinig sé ar an gconclúid gur thír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaí óna bhfaighfí praghsanna agus costais neamhshaofa chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na cúiseanna is bun leis an rogha sin i Roinn 3.3. thíos.

3.2.   An Gnáthluach

(80)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(81)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(82)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(83)

In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sainmhínítear gurb é atá i ‘saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas orthu’. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag cuideachtaí a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht bheartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar seachas sin ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá;

rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát.’

(84)

Os rud é nach carnach an liosta in Airteagal (2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ní gá na gnéithe uile a thabhairt chun a chinneadh gur ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta.

(85)

Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Nuair atá an measúnú foriomlán á dhéanamh le cinneadh an ann do shaobhadh, féadfar comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(86)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ‘[i] gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’.

(87)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil tíre maidir leis an tSín (‘an Tuarascáil’) (8), ina bhfuil fianaise go bhfuil idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas ann ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach ar go leor príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar) chomh maith le hearnálacha roghnaithe (lena n-áirítear earnáil na gceimiceán). Iarradh ar pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdúcháin tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh. Bhí roinnt fianaise ábhartha sa ghearán freisin a chomhlánaíonn an Tuarascáil.

(88)

Go sonrach, bhí an gearánach ag brath ar an bhfianaise atá sa Tuarascáil chun béim a leagan ar shaobhadh mór sistéamach a bheith i ngeilleagar na Síne, ‘geilleagar margaidh sóisialach’ ina stiúrann Páirtí Cumannach na Síne an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon.

(89)

Mheabhraigh an gearánach gur tugadh faoi deara sa Tuarascáil eilimintí a léirigh saobhadh suntasach in earnáil an tíotáiniam sa tSín. Ós rud é go bhfuil go leor táirgeoirí TiO2 sa ghnó miotail tíotáiniam freisin, d’áitigh an gearánach go bhfuil tionchar ag saobhadh suntasach ar an earnáil TiO2 sa tSín an oiread céanna leis an earnáil tíotáiniam.

(90)

Thairis sin, thug an gearánach le fios gur chothaigh agus gur neartaigh 14ú Plean Cúig Bliana um Fhorbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (‘14ú Plean Cúig Bliana’) na Síne an saobhadh suntasach thuasluaite, tríd an 13ú Plean Cúig Bliana roimhe sin a chomhtháthú agus trí na tosaíochtaí seo a leanas a leagan síos, mar a mhínítear iad ar shuíomh gréasáin Thaispeántas Idirnáisiúnta Dhé-ocsaíd Tíotáiniam Shanghai 2024:

(1)

Briseadh tríd an bpróiseas clóiríde agus an struchtúr táirge a bharrfheabhsú chun dul isteach sa mhargadh idirnáisiúnta: ba cheart do thionscal an táirge lena mbaineann dlús a chur lena aistriú ó thionscal traidisiúnta go tionscal ardmhonaraíochta, agus struchtúr táirge phróisis táirgthe aigéid chlóiríde agus aigéid shulfaraigh a bharrfheabhsú. Féadfaidh an soláthar a bheith níos mó ná an t-éileamh, rud a spreagfadh táirgeoirí Síneacha chun fairsingiú ar mhargaí idirnáisiúnta.

(2)

Cómhaireachtáil dhá phróiseas táirgthe agus barrfheabhsú: éilíonn an 14ú Plean Cúig Bliana uasghrádú tionsclaíoch a chur chun cinn go gníomhach, struchtúr táirge aigéid chlóiríde agus aigéid shulfaraigh a bharrfheabhsú, infheistíocht i dtaighde eolaíoch agus i gclaochlú teicneolaíoch a mhéadú, agus leanúint d’iomaíochas foriomlán an mhargaidh táirgí a fheabhsú. Cé gur chóir brú mór a dhéanamh don phróiseas clóiríde, táthar ag súil mar sin féin go mbeidh an próiseas sulfáite fós ar an bpríomhphróiseas táirgthe agus dá bhrí sin beidh an dá phróiseas ann le chéile fiú le linn an 15ú Plean Cúig Bliana.

(3)

Béim ar ghlasú an próisis sulfáite agus brú ar fhorbairt an phróisis clóiríde: ós rud é go bhfuil míbhuntáistí ag an bpróiseas sulfáite, is gá dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas clóiríde, athchóiriú struchtúrach ar thaobh an tsoláthair den tionscal a chur chun cinn, forbairt shláintiúil shlabhra tionscail tíotáiniam na Síne a chur chun cinn, ardteicneolaíocht agus trealamh ardleibhéil a thabhairt isteach agus a úsáid.

(4)

Acmhainneacht táirgeachta nua: le linn an 13ú Plean Cúig Bliana, tháinig méadú ollmhór ar acmhainneacht na Síne. Ós rud é go bhfuil tús curtha ag táirgeoirí Síneacha leis an bpróiseas clóiríde a chur chun feidhme ar deireadh, tá coinne leis go gcuirfear 1.96 milliún tona in aghaidh na bliana d’acmhainneacht táirgeachta nua le tionscadail leathnaithe an táirge lena mbaineann, agus go dtáirgfear níos mó ná 400 000 tona in aghaidh na bliana de réir an mhodha clóiríde. Le hacmhainneacht mhór táirgeachta nua den sórt sin a bheidh deacair a ionsú ar mhargadh intíre na Síne, spreagfar táirgeoirí na Síne chun a n-ábhair a onnmhairiú.

(5)

Thug an gearánach faoi deara, dá bhrí sin, nach raibh sa mhéadú ollmhór ar allmhairí TiO2 ón tSín isteach san Aontas le blianta beaga anuas ach ina thoradh ar chur chun feidhme an 13ú agus an 14ú Plean Cúig Bliana.

(91)

Thairis sin, léiríodh sa ghearán na gnéithe seo a leanas a thugann le fios gur ann do shaobhadh suntasach.

(92)

Ar an gcéad dul síos, tá freastal mór ar mhargadh an táirge lena mbaineann á dhéanamh ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi stiúir údaráis an stáit. Sa tSín, mar a léiríodh sa Tuarascáil, is ionann fiontair atá faoi úinéireacht stáit (‘cuideachtaí faoi úinéireacht stáit’) agus tromlach na dtionscal amhábhar.

(93)

D’áitigh an gearánach go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne fós i bpríomh-mhonaróirí, príomhtháirgeoirí agus príomhdhíoltóirí an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear na cuideachtaí agus na grúpchuideachtaí seo a leanas:

Pangang Group Company, Ltd., a chumaisc in 2010 le Anshan Iron and Steel Group Corporation agus arb éard é Ansteel anois;

Shandong Jinhai Titanium Industry Resources Technology Co., Ltd (‘Shandong Jinhai ’), cuid de Shandong Lubei Group Corporation;

China National BlueStar (Group) Co. (‘BlueStar ’), cuid de Sinochem Holdings Corporation, Ltd. (‘Sinochem’ ) agus, arna suí ag an gCoimisiún Eorpach (9), fochuideachta de China National Chemical Corporation (‘ChemChina ’).

(94)

Dá bhrí sin, thug an gearánach faoi deara go rialaíonn agus go gcomhordaíonn Rialtas na Síne straitéis tráchtála na gcuideachtaí a bhfuil baint acu le táirgeadh TiO2.

(95)

Ar an dara dul síos, ceadaíonn an stát a bheith i láthair i ngnólachtaí TiO2 don stát cur isteach ar phraghsanna agus/nó ar chostais.

(96)

Thug an gearánach faoi deara, mar shampla, nach le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit amháin a bhaineann láithreacht stáit i ngnólachtaí, ach le cuideachtaí príobháideacha freisin. Sa Tuarascáil, agus in imscrúduithe iomadúla roimhe seo, chinn an Coimisiún go gcuireann Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha ‘tús áite a thabhairt don tírghrá agus disciplín an pháirtí a leanúint’ ar fud earnálacha uile gheilleagar na Síne. Go deimhin, ceanglaítear le hAirteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne cill den Pháirtí a bheith laistigh de gach cuideachta.

(97)

Bíonn earnáil an táirge lena mbaineann faoi réir forluí rialta idir poist bhainistíochta agus ballraíocht Pháirtí Cumannach na Síne. Mar shampla, is comhalta de Pháirtí Cumannach na Síne é rúnaí Bhord LB Group, agus tá an post mar rúnaí ar a gCoistí Páirtí féin ag cathaoirligh bhoird, faoi seach, GRPO Group (is máthairchuideachta Nanjing Titanium White Chemical Co., Ltd, táirgeoir TiO2 Síneach), Bluestar agus Lubei Group, agus is ionadaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Síne é cathaoirleach Lubei Group freisin.

(98)

Ní hamháin sin, ach dhearbhaigh cathaoirleach an GPRO gur ‘páirtí Marxach mór, glórmhar agus ceart é Páirtí Cumannach na Síne.Ag cloí dúinn le ceannaireacht an pháirtí agus ag neartú dúinn tógáil an pháirtí, is mar seo a dheimhneofar ó bhonn go bhforbróidh an chuideachta sa treo ceart i gcónaí agus go mbainfidh sí éachtaí móra amach’, agus chuaigh cathaoirleach Lubei Group i gceannas ar chruinniú chun ‘spiorad óráid thábhachtach an Ard-Rúnaí Xi Jinping a scaipeadh agus a ghrinnscrúdú mar aon le príomhábhar na tuarascála ar obair an rialtais, agus béim á cur ar an bhfíoras nach mór smaointe agus gníomhartha a aontú go tapa i gcomhréir leis an óráid seo’.

(99)

Ar an tríú dul síos, saothraíonn Rialtas na Síne beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar shlí eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir.

(100)

Mheabhraigh an gearánach go léirítear le fianaise ó imscrúduithe frithdhumpála a rinne an Coimisiún roimhe seo gurb é ‘an toradh, tríd is tríd, a bhíonn ar an gcóras pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne go leithdháiltear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh’.

(101)

Thairis sin, luaigh an gearánach go measann Rialtas na Síne gur tionscal straitéiseach é an tionscal TiO2 sa 13ú agus sa 14ú Plean Cúig Bliana araon (féach aithris (90)).

(102)

Thairis sin, chuir an gearánach i dtábhacht go gcuireann an tSín srianta de facto ar onnmhairí i bhfeidhm ar tháirgí a bhaineann le tíotáiniam. Tá Catalóg Earraí faoi réir Ceadúnú Onnmhairiúcháin i bhfeidhm ag Daon-Phoblacht na Síne, rud a thugtar cothrom le dáta go rialta le fógraí ón Aireacht Tráchtála agus ón Riarachán Ginearálta Custaim. I gcás earraí atá liostaithe sa chatalóg seo, ní mór d’onnmhaireoirí ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil ón Aireacht Tráchtála nó ón roinn áitiúil údaraithe (10).

(103)

Chuige sin, féadfaidh an Aireacht Tráchtála onnmhairiú earraí a shrianadh nó a thoirmeasc más gá sin chun slándáil an stáit, leas sóisialta poiblí nó moráltacht phoiblí a chothabháil, má tá na hearraí atá i gceist i mbeagán soláthar nó faoi réir cosaint éifeachtach, má tá acmhainneacht mhargaidh teoranta ag an tír chinn scríbe nó ag an réigiún cinn scríbe, nó in aon imthosca eile faoi aon chonradh idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag an tSín.

(104)

Dá bhrí sin, thug an gearánach faoi deara go bhféadfaidh an córas seo um cheadúnais onnmhairiúcháin srianta a ghiniúint ar onnmhairí chun a chinntiú go bhféadfaidh tionscal intíre na Síne tairbhe a bhaint as rochtain fhabhrach agus shaor ar tháirgí a bhaineann le tíotáiniam. Dá réir sin, leanann Rialtas na Síne de bheith ag cur na mbeartas chun feidhme nach mór d’oibreoirí a leanúint, rud a chuireann bac ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(105)

Ar an gceathrú dul síos, tá earnáil an táirge lena mbaineann faoi réir an tsaofa a eascraíonn as rialacha féimheachta, corparáideacha agus maoine na Síne a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor.

(106)

Baineann saobhadh den sórt sin le gach earnáil de réir an ghearánaigh: tá ról tábhachtach ag Rialtas na Síne sna himeachtaí dócmhainneachta agus is minic a bhíonn tionchar díreach aige ar an toradh trí mhodhanna éagsúla. Mar shampla, ní mór do Rialtas na Síne cead a thabhairt roimh ré do na cúirteanna cinneadh a dhéanamh cibé acu glacadh leis na hiarratais ó chuideachtaí liostaithe sa chleachtas, nó diúltú dóibh.

(107)

Is é a tharlaíonn sa deireadh go dtugtar pleananna athstruchtúraithe do go leor gnólachtaí dócmhainneacha agus is annamh a dhíliosaítear iad. Is é an toradh a bhíonn air seo go mbaineann cuideachtaí faoi úinéireacht stáit tairbhe as ráthaíochtaí de facto rialtais. Toisc nach ann do ghnáthshásraí margaidh amhail nósanna imeachta féimheachta atá éifeachtach agus trédhearcach, is córas fíorshaofa é córas airgeadais na Síne.

(108)

Go deimhin, in imscrúdú a rinneadh roimhe seo maidir le rothaí bóthair cruach (11), chinn an Coimisiún ‘[go n]déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú’.

(109)

Fuarthas saobhadh san imscrúdú thuasluaite maidir le dlíthe maoine na Síne freisin, ós rud é gur minic na rialacha maidir le talamh a sholáthar agus a fháil sa tSín a bheith doiléir neamh-thrédhearcach, agus gur minic a shocraíonn na húdaráis na praghsanna bunaithe ar dhálaí nach dálaí margaidh iad.

(110)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine sa tSín maidir le gach earnáil, níl aon fhianaise le fáil lena léirítear nach mbeadh feidhm ag na dlíthe sin in earnáil TiO2 na Síne.

(111)

Mar chonclúid, d’áitigh an gearánach go bhfuil saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le fáil san earnáil TiO2. Dá bhrí sin, níl sé iomchuí úsáid a bhaint as praghsanna agus costais intíre sa tSín nach bhfuil iontaofa agus déanfar an gnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa.

(112)

Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí le fáil sa chomhad. Ar áireamh san fhianaise sa chomhad, bhí an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, agus sa leagan nuashonraithe den chéanna freisin (‘Tuarascáil nuashonraithe’ (12), a bhraitheann ar fhoinsí atá le fáil go poiblí.

(113)

Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne i gcoitinne, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

3.2.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus costais sa tSín

(114)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar an gcoincheap ‘geilleagar margaidh sóisialach’. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinneann sé rialachas eacnamaíoch na Síne. Is é an príomhphrionsabal ‘úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre’ (13).

(115)

Is é an geilleagar atá faoi úinéireacht an stáit an ‘príomhfhórsa sa gheilleagar náisiúnta’ agus tá sainordú ag an stát ‘a chomhdhlúthú agus a fhás’ (14) a áirithiú. Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainiúla ón rialtas a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnach reachtaíochta.

(116)

Is sampla den scoth é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir an dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht stáit (15).

(117)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir stát na Síne agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an stáit a idirdhealú óna chéile ann.

(118)

Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht.

(119)

Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’, cuireadh an dara habairt nua isteach atá mar seo a leanas: ‘[i]s é gné shainithe an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne.’ (16) Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch na Síne, smacht atá ag fás de shíor.

(120)

Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh.

(121)

Bíonn stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch idirghabhálach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag féachaint ar na coinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (17). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála.

(122)

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal maidir le smacht riaracháin foriomlán, rialaítear treo gheilleagar na Síne trí chóras casta pleanála tionsclaíche a dhéanann difear do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile laistigh den tír. Cumhdaíonn iomláine na bpleananna sin maitrís chuimsitheach agus chasta earnálacha agus beartais trasearnála agus tá siad i láthair ar gach leibhéal den rialtas.

(123)

Bíonn na pleananna ar leibhéal na gcúigí mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na bealaí a úsáidtear chun tacú leis na tionscail/hearnálacha ábhartha chomh maith leis na tréimhsí ama ina gcaitear na cuspóirí a bhaint amach. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí.

(124)

Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh.

(125)

Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir oibreoirí príobháideacha agus oibreoirí faoi úinéireacht an stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an mhéid a cheanglaítear leis an gcóras pleanála. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas leis an gcóras pleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílse dá réir sin, rud lena gcuirtear faoi deara dá bhrí sin do na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (18).

(126)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála agus ag na bainc bheartais faoi úinéireacht stáit ar chóras airgeadais na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (19).

(127)

Baineann an méid céanna le comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail stocmhargaí, margaí bannaí, margaí cothromais phríobháidigh etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil dírithe i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a éascú (20).

(128)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an stáit a éascú. Mar sin féin, níl cineál na spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann, dá bhrí sin, corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (21).

(129)

Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, tá smacht suntasach ag Rialtas na Síne fós agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar mhéid na hinfheistíochta stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (22).

(130)

Mar sin, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabháil rialtais agus a spreagann iad. Tagann idirghabhálacha substaintiúla den sórt sin ón rialtas salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (23).

3.2.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: ‘an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir.

(131)

Sa tSín, is cuid ríthábhachtach den gheilleagar iad cuideachtaí a oibríonn faoi úinéireacht, smacht agus/nó maoirseacht bheartais nó faoi threoir an Stáit.

(132)

Cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon a fhreastalaíonn ar earnáil an táirge lena mbaineann.

(133)

Mar shampla, tá leibhéal suntasach úinéireachta stáit (níos mó ná 54 %) (24) ag Pangang Group Vanadium and Titanium Resources, Ltd. (‘Pangang’), cuid de Pangang Group, is fochuideachta den grúpa cuideachtaí faoi úinéireacht stáit Anshan Iron and Steel Group (‘Ansteel’) (25)(26) Ar an taobh eile, is cuideachta phríobháideach é LB Group, ar tugadh Lomon Billions Group Co., Ltd. air roimhe seo, (‘Grúpa LB’) (27) (28), agus cé gur cuideachta phríobháideach é CNNC Huan Yuan Titanium Dioxide Co., Ltd (29) (‘CHTI CNNC’), tá beagán níos mó ná 7 % de scairshealbhóireacht a bhaineann leis an stát aige fós (30).

(134)

Thairis sin, spreagann na húdaráis cruthú braislí in earnáil na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán, go háirithe chun leas a bhaint as idirthuilleamaíochtaí na bpróiseas monaraithe ceimiceán éagsúil. Go deimhin, éilíonn an 14ú Plean Cúig Bliana ar Thionscal na nAmhábhar a Fhorbairt ‘[go n]glacfar bearta chun príomhfhiontair a dhéanamh níos mó agus níos láidre.Faoi stiúir an mhargaidh agus le tacaíocht ón rialtas, […] cabhróimid le fiontair den sórt sin dlús a chur le cumaisc thrasréigiúnacha agus thrasúinéireachta agus atheagrú a dhéanamh orthu, chun go mbeidh an tionscal níos comhchruinnithe agus chun go n-éascófar oibríochtaí idirnáisiúnta.In earnálacha lena n-áirítear peitriceimiceáin agus ceimiceáin […], cothóimid roinnt fiontair cheannródaíocha sa slabhra tionscail a fheidhmíonn ceannaireacht ar an éiceachóras agus a bhfuil croí-iomaíochas mar shaintréith acu […] (31).

(135)

Léirítear an treoir stáit le gníomh na gcuideachtaí, mar is léir ó shuíomh gréasáin Pangang: ‘Agus aghaidh á thabhairt ar an todhchaí, leanfaidh Pangang Vanadium and Titanium Co., Ltd. de bheith ag díriú ar straitéisí náisiúnta agus ar éilimh an mhargaidh, neartóidh sé a chumais nuálaíochta neamhspleácha go leanúnach, agus cuirfidh sé dlús le fiontar nua speisialaithe den chéad scoth a thógáil le ‘gairmiúlacht gan staonadh, bainistíocht nuálaíocht-tiomáinte bharainneach, agus gnéithe sainiúla’ chun fónamh mar bhonn do thionscal vanaidiam agus tíotáiniam na Síne agus chun rannchuidiú níos mó a dhéanamh le forbairt ardcháilíochta’ (32).

(136)

Mar sin féin, is gnách do Pháirtí Cumannach na Síne anois idirghabhálacha a dhéanamh sa chinnteoireacht oibríochtúil, ní hamháin i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit, ach i gcuideachtaí príobháideacha freisin (33), agus éilíonn an Páirtí Cumannach ceannaireacht ar beagnach gach gné de gheilleagar na tíre. Go deimhin, is é an toradh a bhíonn ar thionchar an Stáit trí struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí oibreoirí eacnamaíocha a bheith, a bheag nó a mhór, faoi smacht agus faoi mhaoirseacht bheartais an rialtais, i bhfianaise a mhéid ar fhás struchtúir an Stáit agus an Pháirtí le chéile sa tSín.

(137)

Is féidir léiriú cruinn ar smacht agus maoirseacht rialtais ar fhiontair a fháil ar leibhéal cúige. In Yunnan, tugann 14ú Plean Cúig Bliana Chuxiong maidir le hábhair nua agus forbairt ardmhonaraíochta (‘14ú Plean Cúig Bliana Chuxiong’) aghaidh ar earnáil an táirge lena mbaineann agus imríonn sé tionchar uirthi, trí na cuspóirí seo a leanas a leagan síos: ‘[r]ól iomlán a thabhairt do na buntáistí a bhaineann le hacmhainní tíotáiniam agus tionscal tíotáiniam Chuxiong, go háirithe na buntáistí a bhaineann le hacmhainní hidreachumhachta, agus leanúint de scála an tionscail tíotáiniam a fhairsingiú tríd an slabhra tionscail a leathnú agus trí fheabhas a chur ar bhreisluach táirgí mar an príomhlíne.Ag brath ar acmhainní, teicneolaíocht agus buntáistí margaidh na bhfiontar mór, leithéid Longbai agus Kunming Iron and Steel, cuirfimid dlús le tógáil thionscal nua tíotáiniam Longbai Group agus thionscadail a bhaineann le Tionscal Tíotáiniam Yunnan, neartóimid cur chun cinn na infheistíochta, tabharfaimid fiontair iartheachtacha isteach sa slabhra tionscail tíotáiniam chun forbairt a dhéanamh ar thionscal tíotáiniam agus chun díriú ar é a thógáil […] (34) .

(138)

Tugann 14ú Plean Cúig Bliana Chuxiong léargas níos mionsonraithe arís, mar seo a leanas: ‘Ag baint leasa as an deis atá ag an stát forbairt dhé-ocsaíde tíotáiniam clóiríd-bhunaithe a spreagadh, díreoimid ar thacaíocht a thabhairt do Longbai Lufeng Tíotáiniam Industry chun an líne táirgeachta dhé-ocsaíde tíotáiniam clóiríd-bhunaithe a atógáil agus a fhairsingiú, rud a chruthóidh bonn táirgthe dhé-ocsaíde tíotáiniam clóiríd-bhunaithe de 300 000-400 000 tonna/bliain. Ag an am céanna, tabharfaidh Longbai Group lán-imirt dá bhuntáistí teicneolaíochta cúplála sulfair-clóirín, cuirfidh sé dlús le coigeartú struchtúrach agus comhtháthú an tionscail dé-ocsaíde tíotáiniam atá bunaithe ar shulfáit, neartóidh sé comhar idir fiontair táirgeachta dé-ocsaíde tíotáiniam atá bunaithe ar shulfáit agus Grúpa Longbai, feabhsóidh sé úsáid acmhainní, onnmhaireoidh sé sulfáit neamhfheiriúil chuig Oirdheisceart na hÁise, beidh sé i margadh Oirdheisceart na hÁise, spreagaimid agus tacaímid le forbairt bratuithe agus plaistigh srutha dé-ocsaíde tíotáiniam láidre intíre agus eachtrannacha i Yunnan. Tá sé anois ar an mbunáit táirgthe clóiríde tíotáiniam dé-ocsaíde is tábhachtaí sa tír agus tá sé ar thús cadhnaíochta i dtionscal dé-ocsaíde tíotáiniam na Síne. Dlús a chur le forbairt an spúinse tíotáiniam, díriú ar thógáil na dtionscadal spúinse tíotáiniam ardcháilíochta de ghrád rótair de chuid Ghrúpa Longbai a chur chun cinn, dlús a chur le forbairt na teicneolaíochta um tháirgeadh lánphróisis spúinse tíotáiniam agus an líne táirgthe spúinse tíotáiniam atá ann faoi láthair a chlaochlú agus a leathnú ar an mbonn sin, rud a leanfaidh faoi dheireadh go dtí acmhainneacht táirgeachta bhliantúil 100 000-300 000 tona a fhágfaidh go mbeidh sé ar an mbunáit táirgthe spúinse tíotáiniam is mó ar domhan. Forbairt ábhar tíotáiniam mín ardleibhéil a chur chun cinn go gníomhach’ (35).

(139)

Tá smacht agus maoirseacht bheartais an rialtais le sonrú freisin ar leibhéal na gcomhlachas tionscail ábhartha (36).

(140)

Mar shampla, deir Brainse Tionscail Dhé-ocsaíde Tíotáiniam Chomhlachas Tionscail Cumhdaigh na Síne (‘Brainse TiO2’) in Airt. 3 dá Airteagail Chomhlachais, maidir leis an eagraíocht ‘go mbunaíonn sí eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne, go gcuireann sí gníomhaíochtaí Páirtí i gcrích, agus go soláthraíonn sí na coinníollacha is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí. […] go nglacann sí leis an treoir, an mhaoirseacht agus an bhainistíocht ghairmiúil ó na heintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistíocht, ó eintitis atá i gceannas ar neartú an Pháirtí, agus ó na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht tionscail’ (37). Luaitear in Airteagal 36 freisin nach mór do na daoine atá i gceannas ar an gComhlachas coinníollacha a chomhlíonadh amhail ‘cloí le ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas le saintréithe Síneacha, seasamh, prionsabail agus beartais an pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíocht pholaitiúil a bheith acu’ (38)

(141)

Tá LB Group agus CHTI CNNC i measc chomhaltaí Bhrainse TiO2, arb iad an chéad agus an dara táirgeoir is mó faoi seach sa tSín (39).

(142)

Dá bhrí sin, fiú táirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach in earnáil an táirge lena mbaineann, cuirtear cosc orthu oibriú faoi dhálaí an mhargaidh. Go deimhin, tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon faoi réir maoirseacht agus treoraíocht beartais.

3.2.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach ar phraghsanna nó ar chostais

(143)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireacht ar fhiontair faoi úinéireacht stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne (40), tá cealla Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, ina mbealach tábhachtach eile trínar féidir leis an stát cur isteach ar chinntí gnó tríd na cealla sin.

(144)

De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (41)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí.

(145)

San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad tá Páirtí Cumannach na Síne ag treisiú na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i gcuideachtaí ar bhonn prionsabal polaitiúil (42), lena n-áirítear brú a chur ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus cloí le disciplín an Pháirtí (43).

(146)

Cheana féin in 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1.86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach (44). Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge lena mbaineann agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(147)

Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, eisíodh doiciméad dar theideal Treoirlíne ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua (‘na Treoirlínte’) (45), rud a chuir le ról choistí an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha.

(148)

Luaitear an méid seo a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘ní mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin’; agus luaitear i roinn III.6: ‘ní mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus a chur ar chumas chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus é a chur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe.’ Cuirtear béim sna Treoirlínte, mar sin, ar ról Pháirtí Cumannach na Síne agus féachtar leo le ról an Pháirtí a mhéadú in eagraíochtaí agus in eintitis na hearnála príobháidí (46).

(149)

Deimhníodh san imscrúdú gurb ann d’fhorluí idir poist bhainistíochta agus ballraíocht sa Pháirtí/ feidhmeanna an Pháirtí san earnáil TiO2 freisin. Tá roinnt comhaltaí de bhord stiúrthóirí agus de bhord maoirseachta LB Group, an táirgeoir is mó den táirge lena mbaineann, ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne agus tá poist acu i rúnaíocht Choiste an Pháirtí (47). Is amhlaidh atá i gcás CHTI CNNC (48) agus Pangang (49).

(150)

Tá cur isteach Pháirtí Cumannach na Síne ar na cinntí gnó le feiceáil ar shuíomh gréasáin LB Group, ina dtugtar tuairisc ar ról an Pháirtí laistigh den Ghrúpa mar seo a leanas: ‘[i]s é neartú an pháirtí a théann ar thús cadhnaíochta agus tagann fiontair sna sála.Le blianta beaga anuas, lean Coiste PáirtíLomon Billions Group Co., Ltd. de bheith ag nuáil an mhodh oibre um neartú páirtí, chuir sé le seasamh cultúrtha an neartaithe páirtí go leanúnach, agus d’fhéach sé leis an obair neartaithe páirtí a chomhtháthú go dlúth le obair lárnach an fhiontair, rud a spreag beocht agus a chur dlús le forbairt ardcháilíochta an fhiontair. Seo an focal scoir ó Xu Gang, Rúnaí an Choiste Páirtí agus Cathaoirleach ar Loman Billions: ‘Cloíonn Lomon Billions i gcónaí le patrún neamhathraithe institiúidí oibre an pháirtí sa fhiontar ó thaobh eagrúcháin, poiblíochta agus cigireacht disciplín de. Ráthaíonn an eagraíocht páirtí maoirseacht an pháirtí mar aon le beartais agus tionscadail thábhachtacha na tíre. Níor athraíodh ról chur chun feidhme an fhiontair, níor athraíodh an prionsabal gurb é an Páirtí a bhainistíonn foirne agus tallanna, agus níor athraíodh an cleachtas ‘ina dtógtar brainsí aon áit a bhfuil baill den pháirtí’ sa tslí go mbaineann éifeachtacht comhraic le gníomhaíochtaí neartaithe páirtí an fhiontair i gcónaí.’ […] Tá iniúchadh déanta ag Coiste Páirtí Lomon Billions ar dhea-chleachtas maidir le tógáil neamhphoiblí an pháirtí a chomhtháthú go domhain le hobair lárnach an fhiontair: a éileamh go gcloífear le cumhdach iomlán ar eagraíochtaí páirtí agus ar obair an pháirtí, agus go méadófar ar bhonn ingearach agus ar bhonn cothrománach[…]’ (50).

(151)

Go háirithe, tá tionchar mór ag údaráis rialtais ar Ghrúpa LB, mar a léirítear sna haithrisí roimhe seo (féach aithris (137)).

(152)

Tá tionchar saofa breise ar an margadh ag láithreacht agus idirghabháil an stáit sna margaí airgeadais chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur (51). Dá réir sin, de bharr láithreacht an stáit i ngnólachtaí, san earnáil TiO2 agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus earraí.

3.2.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar fhórsaí an mhargaidh shaoir ar chaoi eile

(153)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála ina leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir, na rialtais chúige agus na rialtais áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas.

(154)

Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha atá tábhachtach ar shlí eile ó thaobh na polaitíochta de, in ionad na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (52).

(155)

D’achtaigh údaráis na Síne roinnt beartas lena dtreoraítear feidhmiú earnáil an táirge lena mbaineann.

(156)

Is é is aidhm don 14ú Plean Cúig Bliana (féach aithris (90)) ‘tionscail thraidisiúnta a aistriú agus a uasghrádú, barrfheabhsú leagan amach agus coigeartú struchtúrach na dtionscal amhábhar amhail peitriceimiceáin, cruach, miotail neamhfheiriúla, agus ábhair thógála, soláthar táirgí ardcháilíochta amhail tionscal éadrom, agus teicstílí a leathnú, dlús a chur le haistriú agus uasghrádú fiontar i bpríomhthionscail amhail tionscal na gceimiceán […] Tionscadal speisialta a chur chun feidhme go domhain chun croí-iomaíochas agus aistriú teicneolaíoch an tionscail monaraíochta a fheabhsú, fiontair a spreagadh chun ardteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí is infheidhme a chur i bhfeidhm, nuashonruithe trealaimh agus cur i bhfeidhm mórscála táirgí nua a neartú’ (53).

(157)

Ar an gcaoi chéanna, sa Tuairim Treorach maidir le Forbairt Ardcháilíochta Thionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán a Chur Chun Cinn Le Linn Thréimhse an 14ú Plean Cúig Bliana (‘an Tuairim Treorach’), leagtar béim ar an ngá atá le ‘[…] dlús a chur le claochlú agus uasghrádú na dtionscal traidisiúnta, agus ábhair cheimiceacha agus ceimiceáin mhíne nua a fhorbairt go fuinniúil.Dlús a chur le claochlú digiteach an tionscail […] agus dul chun cinn na Síne ó thír mhór go tír láidir ó thaobh na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán de a chur chun cinn’ (54). Leagatar síos na príomhchuspóirí mar seo a leanas: ‘faoi 2025, leanfaidh an tionscal peitriceimiceach patrún forbartha ardcháilíochta go bunúsach le hacmhainneacht nuálaíochta neamhspleách láidir, struchtúr agus leagan amach réasúnta, beidh sé glas, sábháilte agus ísealcharbóin, mar aon le feabhsuithe suntasacha ar an gcumas táirgí ardleibhéil a ráthú, méadú suntasach ar an gcroí-iomaíochas, agus céim láidir féintuilleamaí agus féinfheabhsú ardleibhéil’ (55).

(158)

Sonraítear na cuspóirí thuasluaite a thuilleadh sna ranna ina dhiaidh sin den Tuairim Treorach. Mar shampla, tá sé ar intinn ag na húdaráis eisiúna ‘tacú le fiontair ceannaireacht a thabhairt maidir le heagraíochtaí comhoibríocha nuálaíochta a bhunú amhail comhghuaillíochtaí nuálaíochta teicneolaíochta tionsclaíche agus sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus tacú le leagan amach réasúnach na rialtas áitiúil ionaid nuálaíochta réigiúnacha agus boinn phíolótacha a thógáil’, ‘croítheicneolaíochtaí a shárú agus móiminteam na nuálaíochta agus na forbartha a fheabhsú, […] dlús a chur le fionnachtana sna heochairtheicneolaíochtaí […]’ (56).

(159)

Thairis sin, i leagan 2024 den Chatalóg Treorach le haghaidh Coigeartú Struchtúrach an Tionscail (‘Catalóg Treorach’), tugtar aghaidh go díreach ar earnáil an táirge trí phróiseas aigéid shulfaraigh TiO2 a liostú mar thionscal srianta, fad a dhéantar, i leagan 2019 den chéanna, próiseas clóiríde TiO2 a liostú mar phróiseas atá á spreagadh (57).

(160)

Ar an leibhéal cúigeach, éiríonn na cuspóirí beartais agus na huirlisí tacaíochta comhfhreagracha níos sainiúla agus níos spriocdhírithe.

(161)

Mar shampla, sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le forbairt ardleibhéil thionscal na gceimiceán de chuid Jiangsu (58) (‘Plean Ceimiceán Jiangsu’) leagtar síos príomhchuspóirí d’earnáil an táirge lena mbaineann: ‘[f]aoi dheireadh an ‘14ú Plean Cúig Bliana’, beidh struchtúr tionsclaíoch líocha ruaime agus a n-idirmheánaigh barrfheabhsaithe go suntasach’, agus arís ‘[d]éanfaimid gach iarracht luach aschuir iomlán an tionscail dúch a mhéadú go RMB 8 mbilliún, áireofar an tsár-acmhainneacht táirgeachta i bhforbairt agus i gcomhtháthú páirceanna ceimiceán (limistéir thiúchana)’.

(162)

Maidir leis an tionscal ceimiceán neamhorgánach, leagtar síos i bPlean Ceimiceán Jiangsu na spriocanna seo a leanas: ‘[r]ialú cáilíochta, feabhsú cáilíochta agus éifeachtúlachta, agus optamú cumraíochta den chéad scoth […] Ardteicneolaíochtaí coigilte fuinnimh agus laghdaithe astaíochtaí a ghlacadh chun tionscail agus fiontair a chlaochlú agus a uasghrádú […] [T]ionscail iartheachtacha an chlóirín agus na hidrigine a chur chun cinn chun go bhforbrófar iad sa treo ardleibhéil, feidhmiúil, mínphróiseáilte.An slabhra tionscail clóirín réigiúnaigh a leathnú agus a fhairsingiú […]’ (59).

(163)

Sonraítear tuilleadh i bPlean Ceimiceán Jiangsu na spriocanna do gach crios tionsclaíoch cósta. Mar shampla, in Lianyungang, is iad seo a leanas na spriocanna: ‘[c]omhtháthú an scagtha agus na gceimiceán a chur chun cinn. […] Pololaifíní ardleibhéil a fhorbairt.[…] Domhainphróiseáil amhábhar a chur chun cinn’ (60). In Yancheng, ní mór do na tionscail ábhar ceimiceach nua a fhorbairt, ina measc aigéad sulfarach.

(164)

In Henan, san Fhógra ó Oifig Ghinearálta Rialtas Pobail Chúige Henan maidir le heisiúint Phlean Gníomhaíochta Chúige Henan (2022-2025) chun dlús a chur le hathstruchtúrú agus ceannaireacht an tionscail ábhar, leagtar síos na spriocanna seo a leanas le haghaidh ábhar nua tíotáiniam-bhunaithe: ‘[l]ogánú amhábhar dé-ocsaíde tíotáiniam clóiríde d’ardcháilíocht a luasghéarú agus taighde agus forbairt a dhéanamh i dtaobh dhé-ocsaíd tíotáiniam glas nua ardfheidhmíochta, agus acmhainní tíotáiniam, siorcóiniam, vanaidiam agus scaindiam a bhunú. Leis an gcóras nua um eastóscadh glas cuimsitheach, cuirtear chun cinn forbairt chnuasaigh tionscail an tíotáiniam in Jiaozuo, Luoyang agus áiteanna eile’  (61) .

(165)

In Sichuan, sa Chinneadh ó Choiste Cúige Sichuan de Pháirtí Cumannach na Síne maidir le cur chun cinn fhorbairt ardcháilíochta ar thionscail ghlasa agus íseal-charbóin-bhuntáisteach agus é d’aidhm buaicphointe carbóin agus neodracht carbóin a bhaint amach, leagtar síos neart cuspóirí: ‘Forbairt agus úsáid chuimsitheach acmhainní vanadium agus tíotáiniam a dhoimhniú. […] an tionscal tíotáiniam a neartú, bonn tionscail vanadium agus tíotáiniam den scoth a chruthú, agus Panzhihua a thógáil mar ‘Phríomhchathair Vanaidiam agus Tíotáiniam na Síne’. […] An tionscadal a chur chun feidhme chun slabhra an tionscail vanadium agus tíotáiniam a neartú agus a leathnú agus chun dlús a chur le forbairt táirgí vanadium agus tíotáiniam ardleibhéil, ábhar feidhmiúil, páirteanna speisialta […]’ (62).

(166)

An tráth céanna, molann Treoir Chúige Sichuan maidir le forbairt ardcháilíochta na dtionscal vanaidiam, tíotáiniam, cruach agus tearc-chré go ndéanfar ‘Briseadh tríd in eochairtheicneolaíochtaí lárnacha.Bristear tríd an teicneolaíocht úsáide cuimsithí mhaighnéidít vanaidiam-tíotáiniam, réadaítear teicneolaíocht tionsclaíochta eastósctha tíotáiniam ardluacha ó shlaig foirnéise soinneáin ard-tíotáiniam, cuirtear dlús le táirgí dé-ocsaíde tíotáiniam clóiríde ardghráid, tíotáiniam eitlíochta agus cóimhiotail tíotáiniam’ (63).

(167)

Tugann 14ú Plean Cúig Bliana Chuxiong aghaidh go cruinn ar earnáil an táirge lena mbaineann agus imríonn sé tionchar uirthi, mar a chonacthas cheana (féach aithris (137)(137)). Liostaítear na cuspóirí seo a leanas sa phlean freisin: ‘[c]ruthóidh slabhra thionscal na gceimiceán agus slabhra an tionscail mhiotalóireachta tíotáiniam slabhra tionscail iomlán, cuirfear feabhas ar chumas forbartha inbhuanaithe, ar chroí-iomaíochas agus ar sciar margaidh an tionscail tíotáiniam, agus tiocfaidh sé chun bheith ina bhonn táirgthe dhé-ocsaíde tíotáiniam clóiríde náisiúnta tábhachtach agus beidh sé ar an mbonn táirgthe spúinse tíotáiniam is mó ar domhan. Tionscal tíotáiniam ag leibhéal 100 billiún a chruthú. Tionscadal mianadóireachta agus cóirithe méine tíotáiniam a chaighdeánú, mianach glas eiseamláireach a thógáil, teicneolaíocht agus trealamh um tháirgeadh slaige ardtíotáiniam agus dé-ocsaíde tíotáiniam arna fáil ó aigéad sulfarach a chomhtháthú, a chlaochlú agus a uasghrádú agus an leagan amach réigiúnach a bharrfheabhsú. Forbrófar go bríomhar dé-ocsaíd tíotáiniam clóiríde agus spúinse tíotáiniam rótarghráid d’ardleibhéal agus spreagfar fiontair éagsúla chun táirgí indíolta a fhorbairt go gníomhach amhail cóimhiotail tíotáiniam agus táirgí tíotáiniam, chomh maith le hábhar tíotáiniam ardleibhéil i réimsí na heitlíochta, an aeraspáis, na loingseoireachta agus eile’ (64). Leantar leis trí na spriocanna seo a leanas a leagan síos: ‘[s]labhra tionscail a chuthú ina iomláine.Dlús a chur le tógáil an tslabhra tionscail mhiotalóireachta tíotáiniam “ilminít - tiúchan tíotáiniam - slaig ard-tíotáiniam - spúinse tíotáiniam (dé-ocsaíd tíotáiniam) - próifílí tíotáiniam (cóimhiotal nó bratú tíotáiniam)”, agus slabhra tionscail thionscal an cheimiceáin tíotáiniam “slaig ard-tíotáiniam - dé-ocsaíd tíotáiniam - bratú - plaisteach”, dlús a chur le forbairt dhé-ocsaíde tíotáiniam ardleibhéil, agus acmhainneacht táirgeachta dhé-ocsaíde tíotáiniam agus buntáistí teicniúla a fhairsingiú […] (65) .

(168)

Ina theannta sin, tá an táirge lena mbaineann faoi réir roinnt srianta ar onnmhairiú.

(169)

Ar an gcéad dul síos, tá dé-ocsaíd tíotáiniam agus táirgí eile a bhaineann le tíotáiniam faoi réir ceadúnú onnmhairiúcháin neamh-uathoibríoch (66), rud a chuireann iallach ar chuideachtaí onnmhairiúcháin cead a fháil roimh ré ón rialtas i bhfoirm ceadúnas nó ceadanna chun an táirge a onnmhairiú. Ní hamháin go dtugann nósanna imeachta den sórt sin rialú don rialtas ar na honnmhaireoirí agus ar mhéideanna na n-earraí onnmhairithe ach d’fhéadfaidís costais idirbheart a mhéadú freisin nó cosc a chur ar onnmhaireoirí freagairt thapa a thabhairt ar dheiseanna díolacháin thar lear mar gheall ar agaí fada próiseála (67).

(170)

Ar an dara dul síos, níl an táirge lena mbaineann faoi réir aisíocaíocht onnmhairiúcháin CBL (68).

(171)

Dá bhrí sin, trí na modhanna sin agus trí mhodhanna eile, stiúrann agus rialaíonn Rialtas na Síne beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála, chomh maith leis na hionchuir réamhtheachtacha.

(172)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a bhaineann leis an earnáil a chomhlíonadh. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.2.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(173)

De réir na faisnéise atá ar comhad, ní bhaineann córas féimheachta na Síne a phríomhchuspóirí féin amach go sásúil amhail éilimh agus fiachais a réiteach go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraíonn sé gurb é fírinne an scéil é go bhfuil dlí féimheachta na Síne bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leis na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha eile seachas an tSín, ach go bhfuil an tearc-fhorfheidhmiú córasach ina shaintréith den chóras Síneach.

(174)

Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (69).

(175)

Ina theannta sin, tá easnaimh chóras na gceart maoine soiléir go háirithe maidir le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún sa tSín. (70) Is leis an stát an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach atá faoi úinéireacht an Stáit) agus tá a leithdháileadh fós ag brath ar an stát amháin. Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (71). Thairis sin, is minic a thugann na húdaráis faoi spriocanna sonracha polaitiúla, lena n-áirítear cur chun feidhme na bpleananna eacnamaíocha agus talamh á leithdháileadh acu (72).

(176)

Cosúil le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí an táirge lena mbaineann faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil an táirge lena mbaineann. Níor tugadh aon rud le fios san imscrúdú seo a tharraingeodh amhras ar na torthaí sin.

(177)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil an táirge lena mbaineann.

3.2.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh ar chostais phá

(178)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán sa tSín toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh an tSín roinnt coinbhinsiúin fíor-riachtanacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe na coinbhinsiúin sin maidir le saoirse comhlachais agus cómhargáil (73).

(179)

Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit, áfach, agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (74). Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith.

(180)

Mar gheall air sin de ghnáth, fágtar na hoibrithe sin nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na sealbhóirí an chláraithe cónaitheachta (75). Cuireann na torthaí sin saobhadh ar chostais phá sa tSín.

(181)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh an earnáil TiO2 faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Leis an saobhadh ar chostais pá téitear i gcion go díreach dá réir sin ar an earnáil (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann nó an príomhamhábhar lena tháirgeadh á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín).

3.2.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát ar chaoi eile

(182)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal sa tSín faoi réir saobhadh éagsúil.

(183)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an stáit i gcóras airgeadais na Síne (76), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an stáit) (77) agus cuireann siad beartais phoiblí arna gceapadh ag Rialtas na Síne chun feidhme go tráthrialta.

(184)

Mar shampla, in earnáil an táirge lena mbaineann, tá sé mar phríomhchuspóir ag an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt iomaíochas thionscal na gceimiceán a fheabhsú. I ndáil leis sin, ‘[s]preagfar institiúidí airgeadais chun […] seirbhísí cuimsitheacha airgeadais a chur ar fáil d’fhiontair amhábhar a bhfuil cumaisc agus atheagrú curtha chun feidhme acu chomh maith le claochlú agus uasghrádú’ (78).

(185)

Léirítear sa Tuairim Treorach freisin raon na n-uirlisí tacaíochta agus na mbeartas a úsáidtear chun na cuspóirí beartais thionsclaíoch a shaothrú: ‘[B]eartais tacaíochta a fheabhsú. Neartú ar an gcomhordú idir beartais fhioscacha, airgeadais, réigiúnacha, infheistíochta, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, fuinnimh, éiceolaíocha, comhshaoil, praghsanna agus beartais eile, chomh maith le beartais thionsclaíocha. Ardáin náisiúnta um chomhar tionscail-airgeadais a rannpháirtiú agus teagmhálacha bainc-fiontair agus comhar tionscail-airgeadais a chur chun cinn. […]’  (79)

(186)

Comhlíonann na bainc oibleagáid dhlíthiúil fhollasach lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha náisiúnta eacnamaíche agus sóisialta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit (80). Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla a chur i bhfeidhm.

(187)

Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí príobháideacha baincéireachta tráchtála fiú agus go mbeidh siad i gcomhréir le beartais náisiúnta i gcónaí. Is ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta é ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnálacha na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta (81). Ina theannta sin, ní mór do chritéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála a chur san áireamh anois, go háirithe, an chaoi ‘a bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe ar an gcaoi ‘a bhfreastalaíonn siad ar thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’. (82)

(188)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas (83). Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, lena ndírítear maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha atáthar a spreagadh nó atá tábhachtach ar shlí eile (84). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(189)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit d’ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(190)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais fós mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir, ach bíonn tionchar ag saobhadh a spreagann an rialtas orthu. Tá sciar den iasachtú ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun in ar a laghad trian de gach iasachtú ó dheireadh 2018 (85) agus, in 2020, thuairiscigh na meáin oifigiúla sa tSín gur éiligh Páirtí Cumannach na Síne ‘go dtreorófaí ráta úis mhargadh na n-iasachtaí síos’ (86). Dá thoradh rátaí úis a bheith íseal go saorga, bíonn tearcphraghsáil ann, agus dá bhrí sin, bíonn ró-úsáid á baint as caipiteal.

(191)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas sa tSín go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá bhrí sin, tá méadú tapa tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha, agus roghnaigh Rialtas na Síne roinnt uaireanta mainneachtain a sheachaint, rud a chruthaigh cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), gan gá go mbeadh an fhadhb fhoriomlán fiachais bainte ná go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais.

(192)

Go bunúsach, d’ainneoin na bearta a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh sa tSín. Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

(193)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

3.2.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh ar a dtugtar tuairisc

(194)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréithe de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil nuashonraithe. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil go bhfuil feidhm ag fíorais agus gnéithe chóras na Síne mar a dtugtar tuairisc orthu thuas agus i gCuid I den Tuarascáil nuashonraithe ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is amhlaidh atá maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas agus i gCuid II den Tuarascáil nuashonraithe.

(195)

Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil gá le hionchuir áirithe chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge lena mbaineann na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go bhfuil na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna arna lua roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha. Tugadh tuairisc mhionsonraithe ar an saobhadh sin i Ranna 3.2.2-3.2.8 thuas. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil an socrú rialála is bonn leis an saobhadh sin infheidhme go ginearálta, agus táirgeoirí TiO2 faoi réir na rialacha sin ar an mbealach céanna le haon oibreoir eacnamaíoch eile sa tSín. Dá bhrí sin, tá tionchar díreach ag an saobhadh ar struchtúr costais an táirge lena mbaineann.

(196)

Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre den táirge lena mbaineann lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a) (a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil nuahsonraithe.

(197)

Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá sé maidir leis an ionchur chuig an ionchur agus mar sin de.

(198)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

3.2.10.   Conclúid

(199)

San anailís a leagtar amach sa roinn seo, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile atá ar fáil a bhaineann le hidirghabháil na Síne ina geilleagar go ginearálta agus in earnáil an táirge lena mbaineann, léiríodh nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear ann.

(200)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(201)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a shuí go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a phléitear sa roinn seo a leanas.

3.3.   Tír ionadaíoch

3.3.1.   Barúlacha Ginearálta

(202)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an ollioncam náisiúnta atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (87);

Táirgeacht an táirge faoi imscrúdú sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch; agus

I gcás ina raibh níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(203)

Mar a mhínítear in aithrisí (76) - (77), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta le haghaidh an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuí. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dara nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.3.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín

(204)

Sa chéad nóta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo agus Cónaidhm na Rúise mar thíortha táirgthe TiO2 ag a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha le leibhéal na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda (i.e. tíortha ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta). Mar sin féin, níorbh fhéidir Cónaidhm na Rúise a úsáid mar thír ionadaíoch toisc nach bhfuil aon staitisticí allmhairiúcháin iontaofa ar fáil don Choimisiún. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa Chéad Nóta.

3.3.3.   Sonraí a bheith ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch

(205)

I gcás na dtíortha a bhreithnítear agus a luaitear thuas, rinne an Coimisiún fíorú breise ar na sonraí a bhí ar fáil go héasca, lena n-áirítear na sonraí maidir le hallmhairí tosca táirgeachta chomh maith le sonraí airgeadais ó tháirgeoirí an táirge atá faoi imscrúdú sna tíortha ionadaíocha sin a d’fhéadfadh a bheith ann.

(206)

Léirigh an anailís ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta (is é sin mianta agus tiúcháin tíotáiniam le tiúchain éagsúla TiO2 agus slaig tíotáiniam), beag beann ar an tír ionadaíoch ionchasach, nach bhfuil aon staitisticí iontaofa ar fáil nó nach bhfuil aon staitisticí ar fáil lena gceadaítear difreáil bunaithe ar thiúchan TiO2 sna mianta.

(207)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún i muinín tagarmharc praghsanna idirnáisiúnta a úsáid ó ardán margaidh méine a aithnítear go forleathan (TZMI (88)) i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán le haghaidh mianta tíotáiniam agus tiúcháin tíotáiniam, mar atá ilminít, rúitíl, sileadh cailcíneora, rúitíl shintéiseach agus slaig tíotáiniam.

(208)

Thairis sin, léirigh anailís an Choimisiúin nach raibh ar fáil ach sonraí ón mBrasaíl maidir le méideanna neamhshaofa ionadaíocha de phríomh-ionchuir eile chun TiO2 a tháirgeadh (aigéad sulfarach den chuid is mó) chomh maith le sonraí ó chuideachta ionadaíoch lena léirítear méid réasúnta le haghaidh brabúsachta agus costais SGA le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin (nó cuid di), i gcomparáid le Meicsiceo agus leis an Malaeisia. Thairis sin, ní dhearna allmhairí ón tSín ná ó aon cheann de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle difear ábhartha d’allmhairí na Brasaíle (89). Ina theannta sin, tá táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta TiO2 mór sa Bhrasaíl agus ní heol gur ann do shaobhadh trádála ar leith ar TiO2 sa tír. Cé go ndéanann an Bhrasaíl onnmhairí ilminíte, ceann de na hamhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh TiO2, faoi réir ceanglas ceadúnúcháin, ní bhaineann an saobhadh trádála féideartha sin le hábhar i bhfianaise thagarmharc TZMI a úsáid in ionad shonraí allmhairiúcháin na Brasaíle le haghaidh ilminíte sa chás seo. Tugtar faoi deara freisin nár áitigh aon pháirtí leasmhar in aghaidh úsáid na Brasaíle mar thír ionadaíoch.

(209)

Maidir leis na táirgeoirí sa Bhrasaíl agus infhaighteacht a sonraí, shainaithin an Coimisiún táirgeoir TiO2, Tronox Brazil, a bhfuil torthaí airgeadais lena léirítear méid réasúnta le haghaidh brabúsachta agus SGA go sonrach sa deighleog TiO2 ar fáil le haghaidh 2022, agus dá bhrí sin, tá tréimhse fhorluiteach aon ráithe amháin ann leis an tréimhse imscrúdúcháin.

(210)

D’úsáid an Coimisiún na sonraí brabúsachta agus sonraí SGA le haghaidh 2022 d’ainneoin sonraí airgeadais a bheith ar fáil freisin le haghaidh thréimhse iomlán an imscrúdaithe (R4 2022-R3 2023). Is amhlaidh atá toisc, de réir ráitis airgeadais na cuideachta, go raibh tionchar ag laghdú ar éileamh an mhargaidh in éineacht le hallmhairí TiO2 ón tSín ar fheidhmíocht mhargaidh agus ghnó Tronox Brazil in 2023, a raibh mar thoradh air laghdú ar bhrabúsacht, ar ghlanioncam, ar mhéid na ndíolachán, agus ar mheánphraghas díola Tronox Brazil ar an margadh TiO2. Rinne sé sin na méideanna ábhartha le haghaidh brabúis agus costais díola, riaracháin agus ghinearálta (SGA) nach raibh réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(211)

Chuir LB Group i gcoinne chinneadh an Choimisiúin sonraí airgeadais ó Tronox Brazil a úsáid le haghaidh 2022 agus d’áitigh sé go raibh an deis ag an gCoimisiún sonraí a úsáid a bheadh ag forluí go hiomlán leis an tréimhse imscrúdúcháin.

(212)

Tugtar faoi deara cé go bhfuil sonraí airgeadais Tronox Brazil, a léiríonn brabúsacht réasúnta don thréimhse iomlán imscrúdúcháin, ar fáil, baineann na sonraí sin le hoibríochtaí gnó iomlána na cuideachta, lena n-áirítear gníomhaíocht nach mbaineann go díreach leis an deighleog TiO2. Os a choinne sin, agus sonraí amháin á n-asbhaint don deighleog TiO2, níl sonraí airgeadais le haghaidh 2023 réasúnta ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (210) thuas. Mar thoradh air sin, léiríodh i sonraí na tréimhse imscrúdúcháin maidir le deighleog TiO2 de Tronox Brazil torthaí oibriúcháin gar don phointe meá ar mheá, rud nach bhféadfaí a mheas a bheith réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, is iad sonraí 2022 don deighleog TiO2 an fhoinse is fearr dá bhfuil ar fáil do mhéideanna réasúnta le haghaidh brabúis agus costais SGA, ós rud é go mbaineann na sonraí go heisiach leis an deighleog TiO2, faoi Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(213)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, mheas an Coimisiún gurb í an fhaisnéis airgeadais do 2022 atá ar fáil do Tronox Brazil le haghaidh dheighleog TiO2 an fhaisnéis airgeadais is iomchuí chun críocha Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.3.4.   Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(214)

Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

3.3.5.   Conclúid

(215)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.4.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa agus tagarmharcanna a bhunú

(216)

Sa chéad nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa Nóta sin.

(217)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) agus sonraí TZMI chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go háirithe na hamhábhair. Sa bhreis air sin, shonraigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística (‘IGBE’) agus Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle chun costais neamhshaofa saothair (90) agus fuinnimh a shuí (91).

(218)

Sa dara nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin gur mar gheall ar an líon mór tosca táirgeachta a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán agus mar gheall ar a dhiomaibhsí atá cuid de na hamhábhair i gcostas iomlán an táirgthe, rinneadh na hítimí diomaibhseacha sin a ghrúpáil faoi ‘tomhaltáin’. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe sa Bhrasaíl á n-úsáid aige.

(219)

D’áitigh AkzoNobel tar éis an Chéad agus an Dara Nóta nach féidir praghas Atlas Trádála Domhanda le haghaidh aigéad sulfarach a bheith ionadaíoch, ag áitiú, ina ionad sin, go n-úsáidfí toisc choinbhéartachta 1.05 chun praghsanna CAL a ríomh ó phraghsanna SAB atá ar fáil i staidreamh na Brasaíle nó an Ionaid Trádála Idirnáisiúnta. Ina theannta sin, rinne an t-úsáideoir iarracht an bonn a bhaint d’iontaofacht shonraí Atlas Trádála Domhanda trí thagairt a dhéanamh do phraghsanna iomarcacha Atlas Trádála Domhanda le haghaidh roinnt tíortha (an Pholainn, an Fhionlainn agus an Ghearmáin). Thairis sin, líomhain AkzoNobel, ag tagairt do mheánchostas an lasta do TiO2 a sheoltar chuig an mBrasaíl, go bhfuil costas lasta don aigéad i raon 5-7 % den phraghas aigéadach.

(220)

Forordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán sonraí comhfhreagracha a úsáid i dtír ionadaíoch iomchuí ‘ar an gcoinníoll go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil go héasca.’ Níl fáil ag an gCoimisiún ar shonraí maidir le praghsanna intíre d’aigéad sulfarach sa Bhrasaíl, agus ní furasta teacht ar na sonraí sin. Os a choinne sin, tá sonraí maidir le praghsanna allmhairiúcháin d’aigéad sulfarach ar fáil go héasca in Global Trade Atlas (GTA). Ós rud é go bhfuil na hallmhairí sin in iomaíocht ar mhargadh intíre na Brasaíle, meastar go léiríonn siad na praghsanna intíre ábhartha.

(221)

Mar thoradh ar an argóint maidir le luachanna allmhairiúcháin GTA a bheith neamhionadaíoch i gcás tíortha áirithe, tugadh faoi deara, i gcoimhneas leis na hallmhairí iomlána aigéid shulfaraigh, nach bhfuil ach thart ar 5 % d’iomlán na n-allmhairí isteach sa Bhrasaíl ag na tíortha atá faoi dhíospóid, go háirithe an Fhionlainn agus an Ghearmáin. Ar an iomlán, sheiceáil an Coimisiún go raibh cainníochtaí ionadaíocha leordhóthanacha d’allmhairí aigéid sulfair ionas go laghdaíonn an meánphraghas a úsáideadh tionchar aon phraghas neamhghnách a d’fhéadfadh a bheith ann ag an gceann is ísle agus ag an gceann is airde den raon. Fad a bhí na cainníochtaí allmhairiúcháin sách ionadaíoch, agus is amhlaidh a bhí d’aigéad sulfarach, agus fad nach raibh aon imthosca sonracha eile ann a d’fhág nach raibh siad ionadaíoch nó oiriúnach, ní raibh aon chúis oibiachtúil ann chun sonraí GTA a eisiamh ón anailís.

(222)

Ina theannta sin, ní féidir an moladh a cheadú go n-úsáidfí cóimheas céatadáin an lasta ar phraghas TiO2 mar phointe tagartha chun an costas iompair d’aigéad sulfarach a chinneadh. Ba chosúil go ndearna AkzoNobel neamhaird ar an bhfíoras go bhfuil aigéad sulfarach ina ábhar i bhfad níos saoire i gcomparáid le TiO2. Ina ionad sin, bheadh sé níos iomchuí costais aonaid absalóideacha an lastais a mheas mar phointe tagartha, i bhfianaise na codarsnachta idir praghsanna TiO2 agus aigéid shulfaraigh.

(223)

Dá bhrí sin, in éagmais aon fhianaise inchreidte á léiriú nach ionadaíoch na sonraí GTA a úsáideadh maidir le haigéad sulfarach, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

3.4.1.   Toisc Tháirgeachta

(224)

I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta TiO2

Toisc tháirgeachta

Cóid na dTráchtearraí/na cóid atá ar fáil agus foinse sonraí

Praghas in CNY

Aonad tomhais

Amhábhair

Ilminít (Próiseas Sulfáite)

2614 00

TZMI

2 842,20

Tona

Ilminít (Próiseas Clóiríde)

2614 00

TZMI

2 772,72

Tona

Rúitíl Shintéiseach

2614 00

TZMI

9 827,98

Tona

Rúitíl Shintéiseach Scagtha/ Urscaoileadh Cailcíneora/ Rúitíl-TiO2 Gharbh

2614 00

TZMI

10 568,24

Tona

(Ard-)Slaig Tíotáiniam/ Slaig Phróisis Clóiríde

2620 99

TZMI

6 757,92

Tona

Aigéad sulfarach (98 %)

2807000010

Global Trade Atlas (GTA) (92) / MacMap (93)

912,61

Tona

Sulfar

2503000000

GTA/ MacMap

1 250,16

Tona

Cóc peitriliam cailcínithe

2713129000

GTA/ MacMap

5 271,81

Tona

Sóid loiscneach (Leachtach)/ Hiodrocsaíd sóidiam (32 %)

2815110000 , 2815120000

GTA/ MacMap

3 386,93

Tona

Gual biotúmanach

2701 12

GTA/ MacMap

1 762,22

Tona

Clóiríd siorcóinile (94)

2827 49 12 , 2827 49 29

GTA/ MacMap

16 761,84

Tona

Púdar Iarainn

7205 29 10 , 7205 29 20 , 7205 29 90

GTA/ MacMap

13 049,93

Tona

Púdar alúmanaim

7603 10

GTA/ MacMap

39 179,62

Tona

Hiodrocsaíd alúmanaim

2818 30

GTA/ MacMap

13 943,93

Tona

Aigéad fosfarach

2809 20 11 , 2809 20 19 , 2809 20 20 , 2809 20 30 , 2809 20 90

GTA/ MacMap

6 062,29

Tona

Saothar

Saothar

[N/B]

Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística (95)

79,05

FTE

Fuinneamh

Leictreachas

[N/B]

Ministério de Minas e Energia (96)

0,8868

kWh

Gás Nádúrtha

[N/B]

Ministério de Minas e Energia (97)

4,58

m3

Gal

[N/B]

Ministério de Minas e Energia (98)

356,66

Tona

3.4.2.   Amhábhair

(225)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, le haghaidh amhábhar seachas mianta agus tiúcháin tíotáiniam, d’úsáid an Coimisiún mar bhonn an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a tuairiscíodh in GTA ag an leibhéal taraife náisiúnta, agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair leis.

(226)

Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (99).

(227)

Chinn an Coimisiún allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a eisiamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid i Roinn 3.2.10 nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Measadh go raibh na méideanna a bhí fágtha ionadaíoch.

(228)

Maidir le praghsanna neamhshaofa mianta agus tiúchán tíotáiniam, d’úsáid an Coimisiún mar bhonn na praghsanna mar a tuairiscíodh ag TZMI, agus cuireadh costais iompair leo. Socraíodh an costas aonaid iompair mar dhifríocht idir praghas CAL ilminíte mar a tuairiscíodh in Metal Bulletin/Fastmarkets (100) agus an praghas SAB don chineál céanna méine tíotáiniam, mar a tuairiscíodh ag TZMI.

(229)

Shloinn an Coimisiún an costas iompair arna thabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i leith amhábhair a sholáthar mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus ansin chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

(230)

Mhaígh LB go ndéantar costas méine tíotáiniam a fhaightear sa bhaile ó mhianaigh ghaolmhara a thabhú iarbhír agus nach ndéantar é a shaobhadh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil gá le raon ionchur, lena n-áirítear na mianta, chun TiO2 a tháirgeadh. Nuair a aimsíonn táirgeoirí TiO2 na hionchuir sin ar bhonn intíre, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh céanna mar a leagtar amach in aithris (195) thuas. Go sonrach, maidir le hionchur a táirgeadh ann féin sa tSín trí raon tosca táirgeachta agus costais ionchuir (amhail amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) a chur le chéile, tá sé neamhchosanta ar shaobhadh suntasach freisin. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin aon fhianaise ná argóint dá mhalairt ar aird san imscrúdú reatha agus dá bhrí sin níor mhór argóint LB a dhíbhe.

3.4.3.   Saothar

(231)

D’úsáid an Coimisiún na staitisticí a d’fhoilsigh IBGE (101) chun an pá sa Bhrasaíl a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis mhionsonraithe maidir le pá san earnáil táirgthe i leith 2021, le haghaidh ghníomhaíocht eacnamaíoch 20.1 ‘Monarú táirgí ceimiceacha neamhorgánacha’ de réir aicmiú NACE Rev.2.

(232)

Cuireann staitisticí IBGE faisnéis ar fáil maidir leis an bpá bliantúil iomlán agus na muirir ghaolmhara agus maidir le líon na bhfostaithe in earnáil na gceimiceán. Níor breithníodh ach faisnéis a bhaineann le foireann atá nasctha le táirgeadh. Rinneadh luachanna a innéacsú leis an tréimhse imscrúdúcháin trí úsáid a bhaint as an innéacs praghsanna náisiúnta do thomhaltóirí (102).

3.4.4.   Leictreachas

(233)

D’úsáid an Coimisiún na staitisticí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha a d’fhoilsigh Aireacht Mhianaigh agus Fuinnimh na Brasaíle (103)le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Áiríodh sna rátaí a fhoilsítear san fheasachán míosúil ‘Imposto sobre Circulação de Mercadorias e Serviços’ (‘ICMS’), cáin a thoibhíonn stáit na Brasaíle ar chúrsaíocht earraí agus ar sholáthar seirbhísí iompair agus cumarsáide idirstáit agus idirbhardasacha. D’fhéadfadh na húsáideoirí tionsclaíocha an cháin sin a éileamh ar ais agus dá bhrí sin níor íocadh i ndáiríre í. Ós rud é gur bhailigh formhór na stát ICMS ag ráta 17 % go 18 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinne an Coimisiún an tagarmharc leictreachais a athríomh, agus 17,5 % á bhaint de na rátaí a foilsíodh ar an meán.

3.4.5.   Gás nádúrtha

(234)

D’úsáid an Coimisiún praghas an gháis nádúrtha d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl mar a d’fhoilsigh Aireacht Mhianaigh agus Fuinnimh na Brasaíle (104) le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe. Áiríodh cáin ‘Imposto sobre Circulação de Mercadorias e Serviços’ sna rátaí a foilsíodh san fheasachán míosúil, agus chuir an Coimisiún an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na praghsanna leictreachais a chinneadh i bhfeidhm, mar a leagtar amach in aithris (233).

3.4.6.   Gal

(235)

Ríomh an Coimisiún praghas na gaile sa Bhrasaíl trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a mhol Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe. (105) Soláthraíonn an mhodheolaíocht seo costas le haghaidh gaile bunaithe ar an ionchur teasa is gá chun é a tháirgeadh. Chuige sin, d’úsáid an Coimisiún gás nádúrtha mar ionchur teasa agus d’úsáid sé praghas an gháis d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl mar a d’fhoilsigh Aireacht Mhianaigh agus Fuinnimh na Brasaíle lena gcumhdaítear an tréimhse imscrúdúcháin.

3.4.7.   Forchostais déantúsaíochta, SGA agus brabúis

(236)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(237)

Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta.

(238)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a bhunú le haghaidh SGA agus le haghaidh brabúis ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais le haghaidh 2022 maidir le Tronox Brazil mar a baineadh as suíomh gréasáin na cuideachta (106).

3.4.8.   Ríomh

(239)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(240)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca táirgeachta aonair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríoch. Fíoraíodh na rátaí tomhaltais sin a soláthraíodh le linn na bhfíoruithe. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a fuarthas sa tír ionadaíoch mar a shonraítear i Roinn 3.4.1.

(241)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, SGA agus an brabús i bhfeidhm mar a shonraítear i Roinn 3.4.7. Cinneadh na costais SGA agus an brabús ar bhonn ráitis airgeadais Tronox Brazil mar a mhínítear i roinn 3.3.3. Ba é 5,9 % méid na gcostas SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 5,0 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe.

(242)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.5.   An praghas onnmhairiúcháin

(243)

D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas, bíodh sin go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe.

(244)

I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(245)

I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas freisin trí chuideachta chomhlachaithe atá ag gníomhú mar allmhaireoir, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh na gcostas uile arna dtabhú idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA an allmhaireora ghaolmhair, agus brabús réasúnta.

(246)

In éagmais comhar ó allmhaireoirí neamhchomhlachaithe sa chás seo, úsáideadh brabús réasúnta a suíodh ag 6,89 % san imscrúdú a rinneadh le déanaí ar alcóil pholaivinile (‘PVA’) (107) le haghaidh táirge ceimiceach eile san imscrúdú reatha, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí ar leibhéal teorann an Aontais.

3.6.   Comparáid

(247)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun aird a thabhairt ar dhifríochtaí i dtoscsa a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha agus (ii) na difríochtaí sna tosca a maíodh agus a léiríodh, a ghlacadh san áireamh, a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna.

3.6.1.   Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach

(248)

Mar a mhínítear in aithris (239), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh SGA agus brabús, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le coigeartuithe chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha.

(249)

Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le haon liúntas a thabhairt don ghnáthluach (seachas an coigeartú ar CBL, a bhí iníoctha ar na díolacháin onnmhairiúcháin gan aisíocaíocht), nár éiligh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na liúntais sin.

3.6.2.   Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin

(250)

Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, costais stórasaithe, dleachtanna custaim, árachas, costais láimhseála agus lódála.

(251)

Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: coimisiún, costais chreidmheasa agus muirir bhainc.

(252)

Maidir leis an gcoigeartú le haghaidh coimisiún, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’onnmhairigh LB TiO2 chuig an Aontas trí thrádálaithe comhlachaithe a atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, mar atá i Hong Cong agus sa Ríocht Aontaithe. Bhí na trádálaithe freagrach as an bpróiseas díola agus as na rioscaí tráchtála a bhaineann leis agus fuair siad corrlach brabúis le haghaidh na ndíolachán. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go raibh feidhmeanna na dtrádálaithe sin cosúil le feidhmeanna gníomhaire a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin. Dá bhrí sin, rinneadh coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) i gcás díolacháin trí na cuideachtaí trádála comhlachaithe freisin. Is éard a bhí sa choigeartú asbhaint SGA na gcuideachtaí trádála agus brabús 6,89 % a bunaíodh mar a leagtar amach in aithris (246).

3.7.   Corrlaigh dhumpála

(253)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(254)

Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Grúpa LB:

LB GROUP CO., LTD.

HENAN BILLIONS ADVANCED MATERIAL CO., LTD.

LB LUFENG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB SICHUAN TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB XIANGYANG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

39,7  %

Anhui Gold Star group:

Anhui Gold Star Titanium Dioxide (Group) Co., Ltd.

ANHUI GOLD STAR TITANIUM DIOXIDE TRADING COMPANY LIMITED

14,4  %

(255)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(256)

Ar an mbonn sin, is é 35,0 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

(257)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i nDaon-Phoblacht na Síne, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(258)

Is éard atá sa leibhéal comhair méid onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh ina chion den mhéid allmhairí iomlán ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, a suíodh ar bhonn staidreamh Eurostat.

(259)

Sa chás seo, is leibhéal ard atá i leibhéal an chomhair toisc go raibh in onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha níos mó ná 96 % de mhéid iomlán na dtáirgeoirí le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála a bhunú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta comhoibríoch a sampláladh ag a bhfuil an corrlach dumpála is airde.

(260)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Grúpa LB:

LB GROUP CO., LTD.

HENAN BILLIONS ADVANCED MATERIAL CO., LTD.

LB LUFENG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB SICHUAN TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB XIANGYANG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

39,7  %

Anhui Gold Star group:

Anhui Gold Star Titanium Dioxide (Group) Co., Ltd.

ANHUI GOLD STAR TITANIUM DIOXIDE TRADING COMPANY LIMITED

14,4  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

35,0  %

Gach cuideachta eile

39,7  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(261)

Rinne aon táirgeoir déag san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(262)

Suíodh gur thart ar 560 000 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an macracheistneoir a chuir an gearánach isteach. Mar a léirítear in aithris (8), is ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais a tháinig 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Margadh ábhartha an Aontais a Chinneadh

(263)

Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscal an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid thionscal an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ba ghá, an úsáid a baineadh as táirgeacht thionscal an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil a chur san áireamh san anailís.

(264)

Chinn an Coimisiún go raibh cuid bheag de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontas beartaithe le haghaidh an mhargaidh faoi chuing. Níor thuairiscigh ach dhá cheann d’aon táirgeoir déag uile an Aontais gur dhíol siad an táirge faoi chuing agus mar gheall ar chineál rúnda gnó na sonraí sin, ní féidir na méideanna beachta a nochtadh sa Rialachán seo. Ní raibh an dá tháirgeoir i measc na dtáirgeoirí sampláilte. Bhí an margadh faoi chuing cobhsaí agus faoi bhun 1 % de thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(265)

Scrúdaigh an Coimisiún táscairí maicreacnamaíocha áirithe a bhaineann le tionscal an Aontais ar bhonn sonraí díolacháin ar an margadh saor. Is éard atá sa táscairí sin: méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais agus ar sciartha den mhargadh.

(266)

Ní fhéadfaí táscairí maicreacnamaíocha eile a scrúdú go fóinteach ach amháin trí thagairt a dhéanamh don ghníomhaíocht iomlán, lena n-áirítear úsáid faoi chuing agus díolacháin faoi chuing thionscal an Aontais. Is iad sin: méideanna táirgeachta; acmhainneacht; úsáid acmhainneachta; fostaíocht; táirgiúlacht; agus díolacháin onnmhairiúcháin. Tá siad ag brath ar an ngníomhaíocht iomlán, bíodh an táirgeacht faoi chuing nó díolta ar an saormhargadh.

(267)

Ar deireadh, ós rud é nár thuairiscigh ach dhá tháirgeoir neamhshampláilte méideanna an-teoranta de dhíolacháin faoi chuing, ní léirítear na díolacháin sin san anailís ar tháscairí micreacnamaíocha, atá bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(268)

Ós rud é nach raibh ach cuid bheag de tháirgeacht tháirgeoirí an Aontais dírithe ar an margadh faoi chuing, fuarthas amach san imscrúdú nach raibh aon difríocht fhiúntach idir na táscairí eacnamaíocha cibé ar scrúdaíodh iad ar bhonn na gníomhaíochta iomlán nó ar bhonn sonraí don mhargadh saor.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(269)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid díolachán thionscal an Aontais chuig margadh an Aontais, a fuarthas ó na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus ón macraicheistneoir a chuir an gearánach isteach, agus ó allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ó thríú tíortha bunaithe ar staitisticí Eurostat.

(270)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas iomlán an Aontais

1 220 424

1 267 582

1 125 734

954 998

Innéacs

100

104

92

78

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas, an macraicheistneoir, Eurostat.

(271)

Tháinig méadú 4 phointe céatadáin ar thomhaltas an Aontais ó 2020 go 2021 agus bhí sé níos airde ná mar is gnách sa dá bhliain. Tharla sé sin den chuid is mó mar gheall ar dhianghlasálacha COVID-19 a spreag daoine chun a dtithe a athchóiriú, rud a d’fhág go raibh éileamh mór ar phéinteanna agus ar bhratuithe laistigh agus, dá bhrí sin, ar TiO2 mar an príomh-amhábhar iontu. Ós rud é go raibh paindéim COVID-19 i láthair le linn 2021 (seachas gan a bheith dearbhaithe ach i lár mhí an Mhárta 2020), leanann sé go loighciúil go raibh na héifeachtaí dearfacha a d’eascair as sin ar an éileamh i margadh an Aontais níos suntasaí in 2021.

(272)

Tar éis buaicéileamh den sórt sin, tháinig laghdú 12 phointe céatadáin ar thomhaltas an Aontais in 2022, agus tháinig laghdú breise 14 phointe céatadáin air le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.4.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.4.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(273)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn staitisticí Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn mhéid na n-allmhairí agus thomhaltas iomlán an Aontais mar a leagtar síos i dTábla 2 thuas.

(274)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An méid allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

178 256

169 146

186 885

209 375

Innéacs

100

95

105

117

Sciar den mhargadh

15  %

13  %

17  %

22  %

Innéacs

100

91

114

150

Foinse:

Eurostat

(275)

Bhí allmhairí na Síne i láthair i margadh an Aontais ó thús na tréimhse lena mbaineann. Tá allmhairí ag méadú, rud a fhágann gur tháinig méadú foriomlán 17 % orthu ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. Sa mhargadh a bhí ag laghdú a tugadh faoi deara in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin (féach Tábla 2 thuas), tháinig méadú mór 50 % ar an sciar de mhargadh na Síne ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin mar thoradh air sin.

(276)

In 2021, rinneadh aisiompú sealadach ar an méadú leanúnach sin ar mhéideanna allmhairí na Síne agus ar an sciar den mhargadh mar gheall ar imthosca urghnácha na géarchéime loingseoireachta a bhí forleathan in 2021. Tháinig laghdú 5 % agus 9 % ar an méid allmhairí ón tSín agus ar a sciar den mhargadh faoi seach.

(277)

Mar sin féin, a luaithe a thosaigh an ghéarchéim loingseoireachta ag laghdú in 2022, thosaigh allmhairí na Síne ag méadú arís, rud a ghnóthaigh 10 bpointe céatadáin i dtéarmaí méide in 2022 agus 12 phointe céatadáin breise le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(278)

Bhunaigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn statisticí Eurostat trí luachanna iomlána allmhairí Síneacha a roinnt ar mhéid iomlán na n-allmhairí sin. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín.

(279)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

an tSín

1 826

2 507

3 032

2 235

Innéacs

100

137

166

122

Foinse:

Eurostat

(280)

Tháinig méadú ar phraghsanna allmhairí ón tSín in 2021 agus 2022. Mhaígh an gearánach go raibh méadú den sórt sin i gcomhthráth le méadú ar phraghsanna domhanda na méine ilminíte, chomh maith le méadú ar chostais loingseoireachta in 2021 agus 2022. De réir mar a tháinig laghdú ar na costais loingseoireachta go pointe a bhí níos gaire do leibhéil stairiúla faoi dheireadh 2022 (is é sin, ag tús na tréimhse imscrúdúcháin), tháinig laghdú ar phraghsanna na Síne i dteannta a chéile, d’ainneoin costas na bpríomh-amhábhar a bheith ard fós.

(281)

In ainneoin sin, d’fhan praghsanna tagtha i dtír na Síne faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé is moite de 2021, nuair a shroich praghsanna coimeádán ón tSín chuig an Aontas a mbuaicphointe.

(282)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:

(1)

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge tháirgeoirí sampláilte an Aontais arna ngearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir an phraghais díreach ón monarcha; agus

(2)

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte na Síne chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin.

(283)

Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála, arna coigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 14 % agus 15,3 % mar gheall ar na hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar mhargadh an Aontais. Is é atá i méid na n-allmhairí a suíodh go raibh sladghearradh á dhéanamh acu ar an mbealach sin, thart ar 70 % d’iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(284)

Thairis sin, shuigh an Coimisiún gur ann do shochtadh praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus ísliú praghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(285)

Cé go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Síne ag méadú in 2021 agus 2022, bhí siad faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais ar bhonn seasta, ach amháin in 2021 nuair a bhí na costais loingseoireachta ar an leibhéal is airde riamh. Mar a léirítear i dTábla 8 thíos, bhí an bhearna idir praghsanna díola thionscal an Aontais agus a chostais táirgthe ag laghdú gach bliain den tréimhse faoi bhreathnú, rud a léirigh go raibh sochtadh praghsanna i gceist.

(286)

Thairis sin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin tháinig laghdú níos mó ná aon cheathrú amháin ar phraghsanna allmhairiúcháin na Síne i gcomparáid le 2022, agus tháinig méadú ar a méid agus ar a sciar den mhargadh i margadh an Aontais an tráth céanna. Ba é sin ba chúis le hísliú suntasach praghsanna ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ós rud é go raibh ar thionscal an Aontais a phraghsanna a laghdú faoi bhun a chostais táirgthe agus caillteanais a sheasamh chun sciar éigin den mhargadh a choinneáil, in ainneoin go raibh na costais táirgthe fós ag méadú.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(287)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(288)

Mar a luaitear in aithris (19), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

(289)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíochaar bhonn na sonraí a bhí ar fáil sa fheagra ar an macraicheistneoir a sholáthair an gearánach agus shonraí Eurostat maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhí sna freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Bhain na sonraí le táirgeoirí sampláilte an Aontais. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(290)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(291)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(292)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid táirgeachta (tonaí)

809 485

843 918

743 733

560 647

Innéacs

100

104

92

69

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

964 000

934 300

941 900

943 200

Innéacs

100

97

98

98

Úsáid acmhainneachta

84  %

90  %

79  %

59  %

Innéacs

100

108

94

71

Foinse:

Macraicheistneoir a sholáthair an gearánach

(293)

Tháinig laghdú 31 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, ag leanúint go dlúth leis na treochtaí a tugadh faoi deara i méid na ndíolachán a léirítear i dTábla 6 thíos. Bhí an laghdú sin ar an méid táirgeachta níos suntasaí ná an laghdú 22 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. An méadú sealadach ar mhéideanna táirgeachta a tugadh faoi deara in 2021, is é is cúis leis an méadú ar an éileamh, mar a mhínítear in aithris (271) thuas, an geilleagar ‘fanacht sa bhaile’ le linn dhianghlasálacha COVID-19, ar éirigh le tionscal an Aontais tairbhiú de go háirithe mar gheall ar laghdú ar allmhairí Síneacha an bhliain sin.

(294)

Bhí luaineacht 2 - 3 % in acmhainneacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is é is cúis leis an laghdú ar an acmhainneacht a tugadh faoi deara in 2021 stopadh mí amháin táirgeachta le haghaidh cothabháil a raibh ar cheann de na táirgeoirí tabhairt fúithi an bhliain sin, agus dúnadh líne táirgeachta sulfáite Kronos Leverkusen. In 2022 agus méadú beag tagtha ar acmhainneacht na tréimhse imscrúdúcháin, mar gheall ar chur i gcrích na dtionscadal den chuid is mó, rud a d’fhág gur baineadh scrogall de chuid de na gléasraí san Aontas.

(295)

Ina theannta sin, dhún táirgeoir neamhshampláilte amháin de chuid an Aontais, Venator, dhá cheann dá ghléasraí san Aontas: Venator Duisburg agus Venator Scarlino. Rinneadh na cinntí maidir le dúnadh na ngléasraí sin i mí an Mheithimh 2023 agus i mí Feabhra 2024 agus, dá bhrí sin, ní raibh éifeacht dhúnadh na ngléasraí sin ar an méid táirgeachta agus ar an acmhainneacht táirgeachta le feiceáil go fóill agus ní raibh sé le feiceáil ach go pointe teoranta le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(296)

Dá bhrí sin, an méadú ar úsáid acmhainneachta a tugadh faoi deara in 2021, cé gur spreagadh é mar gheall ar mhéadú ar ghlanmhéideanna táirgeachta mar gheall ar éileamh méadaithe le linn phaindéim COVID-19, tá sé an-mhór mar gheall ar an titim san acmhainneacht fhoriomlán. Tháinig titim ar mhéideanna táirgeachta agus úsáid acmhainneachta ansin in 2022 agus go háirithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ag leanúint, i bpáirt, treocht an laghdaithe fhoriomláin ar an éileamh, ach freisin mar gheall ar an gcaillteanas sciar den mhargadh d’allmhairí Síneacha, mar a mhínítear thíos.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(297)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

604 643

680 395

559 502

451 583

Innéacs

100

113

93

75

Sciar den mhargadh

49  %

53  %

49  %

47  %

Innéacs

100

108

100

95

Foinse:

Macraicheistneoir a sholáthair an gearánach agus Eurostat

(298)

Tháinig méadú 13 phointe céatadáin ar mhéid díola thionscal an Aontais in 2021 i gcomparáid le 2020, den chuid is mó mar gheall ar an méadú thuasluaite ar an éileamh arna spreagadh ag an ngeilleagar ‘fanacht sa bhaile’ le linn dhianghlasálacha Covid-19 agus an laghdú ar an mbrú a chuir allmhairí dumpáilte na Síne le linn na bliana sin. Mar a míníodh thuas cheana, thosaigh an t-éileamh ar TiO2 ag laghdú in 2022 tar éis an éilimh mhóir in 2021. Ós rud é go raibh an ghéarchéim loingseoireachta ag dul i léig an tráth céanna, thosaigh allmhairí na Síne ag méadú, i ndearbhthéarmaí agus i sciartha den mhargadh araon, rud a d’fhág go raibh titim ghéar ar mhéideanna díolacháin an Aontais.

(299)

Léirítear an margadh mar atá ann faoi láthair freisin i sciartha den mhargadh. In éagmais allmhairí dumpáilte na Síne leis an mborradh ar an éileamh in 2021, fuair tionscal an Aontais 4 phointe céatadáin sa sciar den mhargadh. Sa mhargadh a bhí ag laghdú in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, agus méideanna na n-allmhairí dumpáilte ón tSín ag dul i méid i gcónaí, chaill tionscal an Aontais 4 phointe céatadáin den sciar den mhargadh in 2022, agus 2 phointe céatadáin eile le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.5.2.3.   Fás

(300)

Mar a mhínítear thuas, mar gheall ar imthosca speisialta arbh é paindéim COVID-19 ba chúis leo (an geilleagar ‘fanacht sa bhaile’ mar gheall ar dhianghlasálacha i gcuid de 2020 agus in 2021, agus an ghéarchéim loingseoireachta in 2021), bhí tionscal an Aontais in ann brabús a dhéanamh ar bhuaicéileamh in 2021 agus laghdú ag teacht ar allmhairí na Síne an bhliain sin. Chuir sé sin moill shealadach ar laghdú thionscal an Aontais, a chaill sciar suntasach den mhargadh i bhfabhar allmhairí na Síne, cé go raibh an margadh ag laghdú in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(301)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An líon fostaithe

5 105

4 915

4 838

4 787

Innéacs

100

96

95

94

Táirgiúlacht (tona/coibhéis lánaimseartha)

159

172

154

117

Innéacs

100

108

97

74

Foinse:

Macraicheistneoir a sholáthair an gearánach

(302)

Laghdaigh tionscal an Aontais a lucht saothair de réir a chéile le linn na tréimhse faoi bhreathnú, de réir mar a tháinig laghdú ar a tháirgeacht agus ar a mhéideanna díola.

(303)

Forbraíodh an táirgiúlacht i gcomhréir leis na hathruithe ar tháirgeacht agus ar fhostaíocht. Tháinig laghdú 26 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le méadú sealadach in 2021, a bhuí leis an méadú ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin thionscal an Aontais de thoradh na ndálaí fíorfhabhracha thuasluaite le linn na bliana sin.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(304)

Bhí na corrlaigh dhumpála uile os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(305)

Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(306)

Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghsanna díola aonaid ualaithe dhá tháirgeoir shampláilte an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an saormhargadh (EUR/tona)

2 277

2 432

3 076

2 990

Innéacs

100

107

135

131

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

2 010

2 203

3 025

3 442

Innéacs

100

110

151

171

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas

(307)

Léirítear i dTábla 8 thuas gur tréimhse de mhéaduithe ar chostais leanúnacha a bhí sa tréimhse ó 2021 ar aghaidh, arna spreagadh den chuid is mó le costais mhéadaitheacha na bpríomh-amhábhar agus an fhuinnimh. Bhí sé sin thar a bheith suntasach in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig méadú mór ar bhrúnna boilscitheacha domhanda. Mhaígh an gearánach, cé gurbh é ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 ba chúis le méadú mór ar chostais fuinnimh san Aontas, gurb é an príomhthoisc a raibh tionchar aige ar an méadú ar chostais táirgeachta an t-ardú ar chostais an phríomh-amhábhair, mianta tíotáiniam.

(308)

Dá bhrí sin, tháinig méadú ar phraghsanna in 2021 agus 2022, nuair a bhí tionscal an Aontais fós in ann a bpraghsanna díola a choinneáil os cionn a gcostas táirgthe. Mar a léirítear i dTábla 8 thuas, áfach, bhí an bhearna idir an costas táirgthe agus an praghas díola ag laghdú níos mó agus níos mó gach bliain. Ar deireadh, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, in ainneoin méadú suntasach breise ar chostais i gcomparáid le 2022, ní hamháin nárbh fhéidir le táirgeoirí an Aontais a bpraghsanna díola a choinneáil os cionn a gcostas táirgthe, ach bhí orthu a bpraghsanna a laghdú i gcomparáid le 2022 fiú chun sciar éigin den mhargadh a choinneáil.

(309)

In ainneoin gurb é an t-éileamh ar TiO2 an t-éileamh is ísle le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’éirigh le hallmhairí ó roinnt mhaith foinsí (cuir i gcás an Ríocht Aontaithe agus Meicsiceo, féach Tábla 12 thíos) a bpraghsanna a mhéadú i gcomparáid le 2022, agus níor tháinig ach laghdú beag ar phraghsanna na n-allmhairí ó fhoinsí eile. Tháinig an laghdú is suntasaí ar phraghsanna, agus an tráth céanna an méadú is suntasaí ar sciartha den mhargadh ó allmhairí na Síne, rud a chuir brú suntasach go soiléir ar thionscal an Aontais a phraghsanna féin a laghdú.

4.5.3.2.   Costais saothair

(310)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Meánchostais saothair (EUR/FTE)

63 811

67 261

68 562

67 756

Innéacs

100

105

107

106

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas

(311)

Tháinig méadú 6 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.5.3.3.   Fardail

(312)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Fardail

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Stoic dheiridh (tonaí)

74 928

49 858

60 945

49 762

Innéacs

100

67

81

66

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

9,3

5,9

8,2

8,9

Innéacs

100

64

89

96

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas

(313)

Tháinig laghdú 33 % agus 36 %, faoi seach, ar an leibhéal fardal i ndearbhthéarmaí agus mar chéatadán den táirgeadh in 2021 mar gheall ar dhálaí fabhracha i gcás inarbh fhéidir le tionscal an Aontais a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a mhéadú. De réir mar a thosaigh an margadh ag laghdú in 2022, tháinig méadú arís ar mhéid na bhfardal agus níor díoladh an táirgeacht uile a bhí beartaithe. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú ar na fardail arís toisc go raibh na méideanna táirgeachta á laghdú freisin. Ós rud é go raibh laghdú ag teacht ar mhéideanna díolachán leis an margadh a bhí ag laghdú in 2022 agus leis an tréimhse imscrúdúcháin araon, tháinig méadú arís ar fhardail de réir mar a thosaigh céatadán na táirgeachta ag méadú, agus an leibhéal céanna nach mór a bhí acu in 2020 a shroicheadh acu.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(314)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí [sampláilte] de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

7,9  %

9,8  %

5,1  %

–11,7  %

Innéacs

100

125

65

- 148

Sreabhadh airgid (EUR)

92 461 606

124 892 941

3 767 112

-4 293 138

Innéacs

100

135

4

-46

Infheistíochtaí (EUR)

37 870 922

36 314 534

39 542 712

43 030 210

Innéacs

100

96

104

114

Toradh ar infheistíochtaí

53  %

41  %

2  %

-67  %

Innéacs

100

79

5

- 127

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas

(315)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(316)

Mar a léirítear i dTábla 8 thuas, bhí laghdú ag teacht ar an mbearna idir praghsanna díola thionscal an Aontais agus a gcostais táirgthe gach bliain den tréimhse faoi bhreathnú, ach le linn na tréimhse imscrúdúcháin bhí ar thionscal an Aontais a phraghsanna díola a laghdú faoi bhun an chostais táirgthe a bhí ag méadú. Léirítear leis sin cé go raibh cúngú praghsanna ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’iompaigh sé ina ísliú praghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(317)

Ba é an creimeadh sa bhrabúsacht an toradh ar éagothroime an chostais mhéadaithe agus na bpraghsanna cúngaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus is eisceacht í 2021 arís, mar a mhínítear thíos.

(318)

Mínítear an méadú ar bhrabúsacht in 2021 tuilleadh, mar cé go raibh an glanbhrabús ar dhíol aonaid in 2021 (EUR 229, an difríocht idir praghas díola aonaid agus costas aonaid táirgthe) níos ísle ná an glanbhrabús ar dhíol aonaid in 2020 (EUR 268), tháinig méadú fós ar an sreabh airgid mar gheall ar mhéadú ar mhéideanna díolachán.

(319)

Ós rud é go raibh díolacháin thionscal an Aontais ag laghdú in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, agus go raibh a phraghsanna á gcur faoi chois in 2022 agus go raibh laghdú tagtha orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin, thit a bhrabúsacht faoi 4,8 pointe céatadáin in 2022 agus faoi 16.8 pointe céatadáin breise sa tréimhse imscrúdúcháin, ag iompú go géar go diúltach.

(320)

Tháinig laghdú -4 % ar infheistíochtaí in 2021, sular tháinig méadú + 8 % orthu in 2022 agus + 10 % sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, tá treocht an mhéadaithe sin míthreorach, agus bhí an Coimisiún ábalta a fhíorú gurbh fhéidir an méadú dealraitheach sin in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin a chur go díreach i leith infheistíocht amháin dar luach thart ar EUR 10 milliún le haghaidh leathnú acmhainneachta, scaipthe i rith 2022 agus na tréimhse imscrúdúcháin, ar thug táirgeoir amháin de chuid an Aontais gealltanas ina leith roimhe sin agus nach bhféadfadh sé a chur ar ceal go réasúnta. Mar a léirigh an táirgeoir, rinneadh an phleanáil, an réamhobair, agus an t-ordú trealaimh roimh an tréimhse lena mbaineann. Tráth a seachadadh an trealamh, b’éigean é a shuiteáil, toisc go mbeadh sé níos costasaí é a fhágáil gan úsáid agus neamhchosanta ar an aimsir. Gan an infheistíocht sin, bheadh figiúirí infheistíochta foriomlána na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ag laghdú cosúil le príomhtháscairí díobhála eile.

(321)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. I bhfianaise na bhforbairtí a dtugtar tuairisc orthu thuas, bhí sé ag laghdú go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag titim ó + 53 % sláintiúil in 2020 go -67 % domhain diúltach le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(322)

Chuir creimeadh na brabúsachta agus creimeadh an tsreafa airgid a tabhaíodh le linn na tréimhse faoi bhreathnú isteach go mór ar chumas thionscal an Aontais caipiteal a thiomsú.

4.5.4.   Conclúid maidir le díobháil

(323)

Léirigh na príomhtháscairí díobhála uile treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus, cé gur tháinig feabhas sealadach ar staid thionscal an Aontais in 2021, tháinig laghdú ar na táscairí díobhála in 2022 agus tháinig laghdú mór orthu ansin le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(324)

Tháinig laghdú 31 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais agus tháinig laghdú 25 % ar a mhéid díolachán idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an laghdú sin níos mó ná an laghdú ar thomhaltas an Aontais, ar tháinig laghdú 22 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 49 % in 2020 go 47 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus tháinig méadú sealadach air in 2021 agus tús 2022.

(325)

An tráth céanna, tháinig méadú 17 % ar allmhairí Síneacha le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú ar an sciar de mhargadh na Síne ó 15 % in 2020 go 22 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú sealadach 5 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín mar gheall ar an ngéarchéim loingseoireachta idir 2020 agus 2021. Ós rud é go raibh sé cosanta go sealadach ar allmhairí saora ón tSín, agus le héileamh méadaitheach le linn phaindéim COVID-19, bhí tionscal an Aontais in ann a chainníochtaí díolachán agus a phraghsanna díola a mhéadú, rud a bhain brabúis arda gan choinne amach in 2021. Mar sin féin, tharla an treocht dhearfach sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, agus aisiompaíodh é leis an tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig laghdú mór ar chainníochtaí díolacháin thionscal an Aontais (faoi 38 bpointe céatadáin idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin) agus nuair a thit a bhrabúsacht (ó 10 % in 2021 go -12 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin).

(326)

Ina theannta sin, bhí ar thionscal an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhéadú mór ar an gcostas táirgthe, méadú 71 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba iad costais níos airde na bpríomh-amhábhar agus an fhuinnimh ba chúis leis an méadú ar an gcostas den chuid is mó. Níorbh fhéidir le tionscal an Aontais a bpraghsanna díolacháin a mhéadú go leordhóthanach chun an méadú mór costais sin a fhritháireamh, áfach. Níor tháinig ach méadú 31 % ar a bpraghsanna díola le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhain na praghsanna buaicphointe amach in 2022, ach tháinig laghdú mór orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’ainneoin go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar an gcostais táirgthe. Mar thoradh air sin, thosaigh tionscal an Aontais ag cailleadh airgid le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Feictear éifeachtaí diúltacha comhchosúla sa sreabh airgid agus sa toradh ar infheistíocht.

(327)

Mar a míníodh cheana in aithris (316) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh laghdú praghsanna á chur i bhfeidhm ag allmhairí dumpáilte Síneacha ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus laghdú ar phraghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(328)

Mar chonclúid, cé go raibh tionscal an Aontais ábalta feidhmiú go maith mar gheall ar na himthosca urghnácha in 2021, i margadh a bhí ag laghdú in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, a bhí allmhairí Síneacha ag méadú agus ag baint sciar den mhargadh amach, rud a chuir praghsanna thionscal an Aontais faoi chois, agus bhí a chostais táirgthe ag méadú. Is léir sin go háirithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig laghdú aon cheathrú amháin ar phraghsanna allmhairí na Síne i gcomparáid le 2022.

4.5.4.1.   Barúlacha ó na páirtithe

(329)

Chuir roinnt páirtithe in aghaidh díobháil a bheith ann do thionscal an Aontais.

(330)

Mhaígh Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe, comhlachas a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin, nach ndearnadh aon díobháil do thionscal an Aontais, agus luadh codanna áirithe de thuarascálacha bliantúla roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais, go háirithe Cinkarna, ceann de na táirgeoirí neamhshampláilte de chuid an Aontais. Mhaígh CNCIA, dá bhrí sin, an méid seo a leanas: (i) choinnigh Cinkarna na huasleibhéil táirgeachta ar bun de réir thuarascáil bhliantúil 2022 uaidh, (ii) mhéadaigh Kronos agus Cinkarna luach iomlán a ndíolachán in 2021 agus 2022, (iii) thuairiscigh Cinkarna, Tronox, agus Venator méaduithe ar phraghsanna agus/nó ioncam in 2022 i gcomparáid le blianta roimhe sin, (iv) thuairiscigh Cinkarna brabús méadaitheach agus EBITDA in 2022 i gcomparáid le 2021, agus (v) bhí sé beartaithe ag Cinkarna a leibhéal infheistíochtaí a dhúbailt in 2023.

(331)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús, cé go bhféadfaí a bheith ag éirí níos fearr nó níos measa le táirgeoirí éagsúla ar leibhéal athraitheach, ní gá go léiríonn feidhmíocht táirgeora amháin (Cinkarna), a chuirtear i dtábhacht i bpointí (i), (iv) agus (v) thuas, feidhmíocht thionscal iomlán an Aontais. Is é sin go díreach an chúis a roghnaíonn an Coimisiún sampla ionadaíoch de tháirgeoirí an Aontais, chun teacht ar chonclúid maidir leis na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn an tsampla sin. Thairis sin, níl anailís an Choimisiúin dírithe ach ar na táscairí eacnamaíocha a bhaineann leis an táirge faoi imscrúdú, táscairí a éilíonn anailís níos mionsonraithe seachas breathnú ar na figiúirí ginearálta i dtuarascáil bhliantúil tháirgeoir an Aontais amháin. Dá mbeadh páirtí leasmhar den tuairim nach mbeadh an sampla atá beartaithe ionadaíoch do thionscal an Aontais ina iomláine toisc go bhfuil ag éirí i bhfad níos measa ag ceann de na cuideachtaí a áirítear sa sampla ná na cuideachtaí eile mar gheall ar aon imthosca sonracha, nó vice-versa, ba cheart don pháirtí sin a chur in iúl go bhfuil sé i gcoinne an tsampla atá beartaithe de tháirgeoirí de chuid an Aontais ag tús an imscrúdaithe, rud nach ndearna CNCIA.

(332)

Ar an gcaoi chéanna, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an measúnú faoi phointí (ii) agus (iii) thuas páirteach, agus gan ach cuid de na táscairí díobhála á gcur san áireamh gan iad a mheas i gcomhthéacs staid iomlán thionscal an Aontais agus mhargadh an Aontais, mar a dhéanann an Coimisiún agus a chonclúidí á mbaint amach aige in imscrúduithe frithdhumpála. Mar a léirítear i dTábla 8 thuas, tháinig méadú ar mheánphraghsanna díola aonaid thionscal an Aontais in 2021 agus in 2022. Ba é an gá atá le brabúsacht a choinneáil i bhfianaise na gcostas táirgthe a bhí ag méadú i dteannta a chéile a spreag an méadú sin ar phraghsanna, áfach. Thairis sin, shuigh an Coimisiún go deimhin gur tháinig méadú ar luach foriomlán dhíolacháin thionscal an Aontais in 2022 i gcomparáid le 2021. Ní hionann é sin, áfach, agus feidhmíocht fheabhsaithe ar an margadh mar a mhol CNCIA, ós rud é go raibh méideanna iomlána na ndíolachán ag laghdú. Dá bhrí sin, níl sé faisnéiseach scrúdú a dhéanamh ar luach iomlán na ndíolachán ina aonair i mbliain ar leith.

(333)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcuireann na gnéithe a chuir Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe i dtábhacht, a liostaítear in aithris (330) thuas, cé go bhfuil siad fíor go fíorasach, conclúidí an Choimisiúin maidir le staid thionscal an Aontais ina iomláine ó bhail.

(334)

Chuir Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe in iúl freisin ina chinneadh maidir le deireadh a chur leis an imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh na Síne, (108) go ndearna an Coimisiún amach nach raibh aon díobháil ann cé gur tháinig laghdú 21 % ar an sciar de mhargadh thionscal an Aontais sa chás sin, i gcomparáid le titim 2 phointe céatadáin sa chás seo. Mar a luaitear in aithris (332) thuas, déanann an Coimisiún breithniú ar na táscairí díobhála uile go hiomlánaíoch, i gcomhthéacs staid fhoriomlán thionscal an Aontais agus mhargadh an Aontais, atá níos éagsúla i ngach imscrúdú, dá bhrí sin, déantar conclúidí críochnaitheacha ar bhonn cás ar chás. Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin nach bhfuil CNCIA ag díriú ach ar ghné amháin den imscrúdú thuasluaite, cé go raibh an cinneadh chun foirceannadh a dhéanamh bunaithe ar ghnéithe iomadúla, go háirithe brabúsacht tháirgeoirí an Aontais. (109) In aon chás, níl aon tionchar ag imthosca sonracha an cháis sin ar imthosca an imscrúdaithe reatha.

(335)

Mhaígh Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe freisin gur féidir an titim sa táirgeacht a tugadh faoi deara tar éis 2021 a chur i leith dhúnadh na ngléasraí a thuairiscítear in aithrisí (294) agus (295) thuas. Mar is léir ón macraicheistneoir a chuir an gearánach isteach, áfach, tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta na dtáirgeoirí uile nach mór de chuid an Aontais in 2021 agus 2022 araon bliain ar bhliain, agus ní hamháin sna trí ghléasra sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc é a bheith gan bhunús.

(336)

Ina theannta sin, mhaígh úsáideoir, PPG Industries Europe Sarl (‘PPG’), nach bhfuil aon bhrú praghsanna ann, toisc gur chinn an fiontar praghsanna a mhéadú ar fud an domhain, lena n-áirítear san Aontas, ag tús 2024 mar gheall ar an ngá atá le ‘tús a chur leis an bpróiseas chun corrlaigh a aisghabháil go leibhéil inbhuanaithe’, agus preaseisiúint Venator ó mhí Feabhra 2024 á lua aige. (110) Níl sé sin ábhartha, áfach, i gcomhthéacs na hanailíse thuas, ós rud é go ndearna Venator na maímh sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, cé go bhfuil na hanailísí agus na measúnuithe thuasluaite ar fad ag breathnú siar ar an tréimhse imscrúdúcháin agus ar na trí bliana roimhe sin. Ina theannta sin, ní féidir teacht ar aon chonclúid maidir le cúngú praghsanna toisc gur fhógair táirgeoir amháin de chuid an Aontais méaduithe ar phraghsanna. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(337)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(338)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile díobháil do thionscal an Aontais san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, i leith na n-allmhairí dumpáilte. Is é atá sna táscairí sin: allmhairí ó thríú tíortha eile, feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais, agus tosca eile, amhail laghdú domhanda ar thomhaltas tar éis phaindéim COVID-19, tuaradh go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí margaidh, méadú ar chostas táirgthe, agus toirmeasc ar úsáid TiO2 de ghrád bia san Aontas.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(339)

Mar a mhínítear in aithris (271) thuas, tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais le linn phaindéim COVID-19, inar spreag na dianghlasálacha san Aontas daoine chun a dtithe a athchóiriú, rud a d’fhág go raibh éileamh méadaithe ar TiO2 in 2020 agus go háirithe in 2021. Tar éis glacadh éilimh mór den sórt sin, tháinig laghdú chomh mór céanna ar an éileamh a tugadh faoi deara in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Cé gurb í dístocáil ba chúis leis an laghdú sin den chuid is mó tar éis an éilimh bhoilscithe in 2020 agus 2021, géaraíodh é tuilleadh mar gheall ar na brúnna boilscithe ginearálta a thosaigh in 2022 agus is dócha go raibh eagla uirthi roimh éagobhsaíocht sa mhargadh mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

(340)

Mar a léirítear i dTábla 3, choinnigh allmhairí Síneacha láithreacht láidir san Aontas laistigh den mhargadh sin agus tháinig méadú 17 % orthu ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. Fiú sa mhargadh atá ag laghdú a tugadh faoi deara in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú mór 50 % ar an sciar de mhargadh na Síne ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin mar thoradh air sin. Rinneadh an treocht sin a aisiompú go sealadach in 2021: tháinig laghdú 5 % agus 9 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín agus ar a sciar den mhargadh an bhliain sin, rud is féidir a chur i leith na géarchéime loingseoireachta, rud a laghdaigh méideanna na n-earraí a thagann ón tSín. In éineacht le buaic an éilimh in 2021, chuir sé sin faoiseamh gearr ar fáil do thionscal an Aontais lena raibh sé in ann a mhéideanna díolachán a mhéadú go suntasach agus sciar den mhargadh a fháil ar ais go sealadach (féach Tábla 6 thuas).

(341)

Mar sin féin, a luaithe a thosaigh an ghéarchéim loingseoireachta ag laghdú in 2022, thosaigh allmhairí na Síne ag méadú arís, ag méadú faoi 10 % i dtéarmaí méideanna in 2022 agus faoi 12 % breise le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a chuaigh chun dochair do tháirgeoirí de chuid an Aontais, agus d’allmhairí ó thríú tíortha eile (féach tábla 12 thíos). Léirítear é sin go soiléir i sciartha den mhargadh, i gcás ina bhfuil an sciar méadaitheach den mhargadh d’allmhairí na Síne ag teacht go hiomlán leis an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais agus ag allmhairí tríú tíortha in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin araon.

(342)

Léiríonn praghsanna allmhairiúcháin ón tSín an margadh mar atá ann faoi láthair a léirítear thuas freisin. D’fhan praghsanna tagtha i dtír na Síne faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach amháin in 2021 nuair a shroich an ghéarchéim loingseoireachta agus costas na loingseoireachta ón tSín go dtí an Eoraip a mbuaicphointe. Thairis sin, bhí praghsanna agus iad tugadh i dtír ón tSín fiú faoi bhun mheánchostas táirgthe thionscal an Aontais in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin araon, agus in 2022 bhí siad ar an leibhéal céanna go bunúsach. Dá mba rud é nár phléasc na costais loingseoireachta in 2021 agus 2022, d’fhéadfadh praghsanna tagtha i dtír na Síne fanacht go héasca faoi bhun chostas táirgthe aonaid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(343)

Fiú mar a bhí siad, ba léir gur chuir praghsanna na Síne praghsanna thionscal an Aontais faoi chois ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú (féach aithris (284)) agus laghdú ar phraghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (féach aithris (286)).

(344)

Ina theannta sin, mar a luadh cheana in aithrisí (282) agus (283), shuigh an Coimisiún meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 14 % agus 15,3 % de réir na n-allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcomhthráth le staid thionscal an Aontais a bheith ag dul in olcas.

(345)

Léirítear san anailís ar na táscairí díobhála in aithrisí (269) go (337) go ndeachaigh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais in olcas go háirithe i dtreo dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú agus go raibh sé sin i gcomhthráth le méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, a ndearnadh amach go ndearna siad sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ba iad na hallmhairí sin, in aon chás, ba chúis le cúngú suntasach praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus le hísliú praghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin, toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar an gcostas táirgthe, agus go raibh orthu fiú na praghsanna a laghdú faoi bhun an chostais táirgthe le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(346)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún go sealadach go bhfuil nasc cúisíoch idir an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón tSín de réir bhrí Airteagal 3(6) den bhun-Rialachán. Bhí tionchar ag an díobháil sin ar mhéid agus ar phraghsanna araon.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

(347)

Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara nárbh iad onnmhairí na Síne ba chúis le haon díobháil do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach gur thosca eile ba chúis léi. Áirítear orthu sin laghdú domhanda ar thomhaltas tar éis phaindéim COVID-19, costas táirgthe a bhí ag méadú, agus toirmeasc ar úsáid TiO2 de ghrád bia san Aontas.

(348)

Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu a chuir na tosca sin leis an díobháil nó chuir agus ar a mhéid a chuir siad leis an díobháil.

5.2.1.   Timthriallacht mhargadh TiO2

(349)

Mhaígh roinnt páirtithe nach raibh an laghdú ar an éileamh a tugadh faoi deara in 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin ní ba mhó ná an toradh a bhí ar an sleabhcadh gnách i margadh TiO2 timthriallach.

(350)

Ar an gcéad dul síos, chun tacú leis an maíomh sin, chuir úsáideoir amháin sonraí faisnéise margaidh TZMI (111) ó mhí na Samhna 2021 ar fáil don Choimisiún le treochtaí stairiúla agus tuartha araon don todhchaí.

(351)

Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin go mbaineann na sonraí faisnéise margaidh a luaitear in aithris (350) le treochtaí comhiomlána tomhaltais dhomhanda, agus mar sin d’fhéadfadh sé nach léireodh sé go cruinn staid an éilimh ar mhargadh an Aontais go sonrach. Treisítear an chonclúid sin ós rud é, mar a léiríodh cheana sa ghearán, gur léirigh éileamh an Aontais fás cobhsaí in 2020 agus 2021, le méadú 4 % bliain ar bhliain i ngach ceann de na blianta. Ina theannta sin, mar a léirítear i dTábla 2 thuas, bhí laghdú ní ba mhó 14 % sa tréimhse imscrúdúcháin ar éileamh an Aontais, cé gur tháinig laghdú 12 % air in 2022. Níl ceachtar de na forbairtí sin go hiomlán i gcomhréir le réamhaisnéisí domhanda TZMI a luaitear in aithris (350).

(352)

Ar an dara dul síos, mhaígh dhá úsáideoir, Munksjö agus Felix, ina bhfreagraí ceistneora go bhfuil an margadh TiO2 an-thimthriallach, agus nach bhfuil sa díobháil líomhnaithe do thionscal an Aontais ach toradh ar an tuairimíocht anuas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Chuir Munksjö bileog sonraí isteach ó thrí fhoinse éagsúla faisnéise margaidh (ICIS, EUWID, agus TZMI), ina léirítear forbairt praghsanna TiO2 i margadh an Aontais le 15 bliana anuas, agus mhaígh sé go léiríonn sé sin go ndeachaigh margadh TiO2 an Aontais trí thrí thimthriall cúlaithe agus leathnaithe ó 2008 go dtí R4 2023.

(353)

Thug an Coimisiún dá aire go léirítear leis na sonraí sin go deimhin go raibh trí bhuaicphointe ag praghsanna TiO2 ar mhargadh an Aontais le cúig bliana déag anuas, in R1 2012, R2 2018, agus R2 2022. Bhí fad beagán éagsúil le gach ceann de na tréimhsí sin de phraghsanna ní b’airde agus tháinig laghdú ar phraghsanna ina dhiaidh sin go nádúrtha. Léirítear méadú ar phraghsanna leis an treocht fhoriomlán, áfach.

(354)

Agus aird á tabhairt ar an méid thuas, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil dó, rinne an Coimisiún na conclúidí seo a leanas maidir leis an staid i margadh TiO2 an Aontais.

(355)

Ar an gcéad dul síos, cé gur deimhin go bhféadfadh timthriallacht dhomhanda a bheith ann san éileamh TiO2, níl aon fhianaise ann a thugann le fios go mbaineann sé leis an margadh TiO2 amháin agus gurbh fhiú breithniú speisialta a dhéanamh air mar go dtéann gach margadh trí chéimeanna craptha agus leathnaithe go tráthrialta.

(356)

Ar an dara dul síos, fiú dá mba rud é go raibh tuartha éilimh dhomhanda TZMI cruinn den chuid is mó, léiríodh nach bhfuil siad go hiomlán i gcomhréir le forbairtí iarbhír a tugadh faoi deara i margadh an Aontais, ar a laghad le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú.

(357)

Ar an tríú dul síos, bunaithe ar na sonraí uile atá ar fáil don Choimisiún, ní féidir patrún a tharraingt lena léirítear go cinnte cén uair a tharlóidh cor chun feabhais nó cor chun donais i margadh an Aontais agus, dá bhrí sin, ní féidir teacht ar an gconclúid go raibh sé de cheangal ar chrapadh tarlú in 2023.

(358)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionchar ag imthosca sonracha urghnácha ar mhargadh TiO2 an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, fiú dá dtugadh amach go cruinn go raibh méadú ar éileamh an Aontais in 2020 agus 2021 agus laghdú ina dhiaidh sin, rud a chuir leis an bhforbairt ar an éileamh. Mar a luadh cheana in aithris (271) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tháinig méadú ar an éileamh ar TiO2 in 2020, agus go háirithe 2021, mar thoradh ar an ngeilleagar ‘fanacht sa bhaile’ a spreag dianghlasálacha COVID-19. Dá bhrí sin, fiú dá mbeadh méadú le teacht ar éileamh an Aontais in 2020, méadaíodh é mar gheall ar phaindéim COVID-19, agus tháinig méadú ar an éileamh in 2021 freisin. Tar éis méadú mór éilimh den sórt sin, bheadh aon laghdú ar an tomhaltas ina dhiaidh sin níos suntasaí freisin, cé gur mheasa an titim sin (in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin) mar gheall ar (a) na brúnna boilscitheacha ginearálta a thosaigh in 2022 agus a bhí i láthair le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus is dócha go raibh eagla uirthi roimh mhíchothromaíochtaí sa mhargadh arbh é ionradh na Rúise ar an Úcráin ba chúis leo i mí Feabhra 2022.

5.2.2.   Éileamh i margadh an Aontais

(359)

Ar an taobh eile, mhaígh roinnt páirtithe go raibh staid thionscal an Aontais ag dul in olcas go díreach mar gheall ar laghdú suntasach ar an éileamh i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus brúnna boilscithe 2022 a sainaithnítear thuas.

(360)

Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin go raibh laghdú mór ar an éileamh ar mhargadh an Aontais, rud a spreag leachtú stoic tar éis na tréimhse ard éilimh le linn phaindéim COVID-19 agus brúnna boilscitheacha ginearálta (féach in aithris (358)). Is cinnte gur laghdú ar mhéideanna díolachán thionscal an Aontais a bheadh mar thoradh ar an laghdú sin ar an margadh, gan beann ar allmhairí dumpáilte ón tSín a bheith ann.

(361)

Mar sin féin, faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, i gcás laghdú den sórt sin ar mhéideanna díolachán margaidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh, bheadh laghdú níos lú ar an méid sin. Mar sin féin, sa chás seo, bhí allmhairí ó gach tríú tír eile nach mór (seachas an tSín) agus díolacháin thionscal an Aontais (mar a léirítear i dtáblaí 6 agus 12 thuas) ag laghdú beagnach go léir in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin araon, agus ní raibh ach allmhairí na Síne ag méadú le linn na mblianta sin (mar a léirítear i dTábla 3 thuas), rud a léiríonn arís go raibh táirgeoirí na Síne in ann leanúint dá dtáirge a dhíol ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte, díreach mar a thosaigh na praghsanna loingseoireachta ag dul síos in 2022, agus gur mhéadaigh siad a sciar den mhargadh, chun dochair do ghníomhaithe eile.

(362)

Maidir leis an laghdú ar thomhaltas, chuir CNCIA in iúl gur shuigh an Coimisiún, sa Chinneadh ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2012 maidir le hallmhairí táirgí tiubhaithe áirithe próitéine soighe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (112), gur leor laghdú 8 % ar thomhaltas chun an nasc cúisíoch a bhriseadh. D’áitigh siad gur cheart don Choimisiún, i bhfianaise an titim 14 phointe céatadáin ar thomhaltas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2022, teacht ar an gconclúid chéanna anois.

(363)

Chuir an Coimisiún in iúl i ndáil leis sin nár cuireadh deireadh leis an gcás tagartha toisc gur mhaolaigh laghdú ar an éileamh an nasc cúisíoch idir dumpáil bhunaithe agus díobháil ábhartha, ach toisc nár aimsíodh aon díobháil ábhartha ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint toisc í a bheith ar neamhní. (113)

(364)

Ina theannta sin, mhaígh CNCIA gur féidir an laghdú ar dhíolacháin in 2022 a mhíniú freisin le cinneadh an Aontais toirmeasc a chur le linn na bliana sin ar úsáid TiO2 i mbia lena chaitheamh ag an duine (breiseán E171) (114), ag tagairt do thuarascáil bhliantúil 2022 Tronox go bhfuil tagairtí dó sin mar chúis amháin leis an laghdú ar dhíolacháin.

(365)

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, is feidhmchláir speisialtachta TiO2 iad thart ar 4 % den mhargadh iomlán, agus is cuid níos lú fós den sciar sin iad na feidhmeanna i mbia atá ceaptha do thomhaltas an duine. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur diomaibhseach aon éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an toirmeasc sin ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais.

5.2.3.   Allmhairí ó thríú tíortha

(366)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

an Ríocht Aontaithe

Méid (tonaí)

187 211

108 085

140 773

101 465

 

Innéacs

100

58

75

54

 

Sciar den mhargadh

15  %

9  %

13  %

11  %

 

Meánphraghas

2 238

2 542

3 104

3 114

 

Innéacs

100

114

139

139

Meicsiceo

Méid (tonaí)

93 747

120 213

102 347

73 036

 

Innéacs

100

128

109

78

 

Sciar den mhargadh

8  %

9  %

9  %

8  %

 

Meánphraghas

1 504

1 514

1 869

2 388

 

Innéacs

100

101

124

159

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Méid (tonaí)

63 383

99 464

81 215

59 948

 

Innéacs

100

157

128

95

 

Sciar den mhargadh

5  %

8  %

7  %

6  %

 

Meánphraghas

2 146

2 321

2 954

2 925

 

Innéacs

100

108

138

136

Tríú tíortha eile (seachas an tSín)

Méid (tonaí)

97 372

94 045

59 516

65 654

 

Innéacs

100

97

61

67

 

Sciar den mhargadh

8  %

7  %

5  %

7  %

 

Meánphraghas

1 935

2 201

2 892

2 781

 

Innéacs

100

114

149

144

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tSín

Méid (tonaí)

441 713

421 807

383 850

300 102

 

Innéacs

100

95

87

68

 

Sciar den mhargadh

36  %

33  %

34  %

31  %

 

Meánphraghas

2 002

2 121

2 710

2 827

 

Innéacs

100

106

135

141

Foinse:

Eurostat agus ceistneoir fíoraithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(367)

Thug an Coimisiún dá aire ag an tús, cé gur bhain an sciar is mó d’allmhairí isteach san Aontas ó thríú tír eile (i ndiaidh na Síne)le hallmhairí ón Ríocht Aontaithe, de réir na faisnéise a bhí ar fáil don Choimisiún, níl i gceist leis na táirgeoirí sa Ríocht Aontaitheach dhá shaoráid atá faoi úinéireacht thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, níl na hallmhairí sin in iomaíocht le tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais agus tá a bpraghas níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin na Síne. Dá bhrí sin, ní chuireann na hallmhairí sin le díobháil thionscal an Aontais.

(368)

Bhí laghdú ag teacht ar mhéid na n-allmhairí ó gach tríú tír eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar ráta méadaitheach: laghdú 5 % in 2021, 8 % in 2022 agus 9 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(369)

Is féidir a mheas go bhfuil méideanna na n-allmhairí ó SAM agus ó Mheicsiceo go háirithe ag leanúint na dtreochtaí céanna a dtugtar tuairisc orthu maidir le díolacháin thionscal an Aontais – méadú ar allmhairí a raibh éileamh thar a bheith ard orthu in 2021, agus laghdú orthu ina dhiaidh sin in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. An tráth céanna, thosaigh sciartha margaidh SAM agus Mheicsiceo araon, tar éis ardú sealadach teacht orthu in 2021, ag laghdú in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Chaill allmhairí ó gach tríú tír eile sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2022.

(370)

Mhaígh páirtithe leasmhara gurbh iad allmhairí Mheicsiceo ar phraghas íseal, seachas allmhairí na Síne, ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais. Shuigh an Coimisiún os cionn meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 14 % agus 15,3 % de réir na n-allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thug an Coimisiún faoi deara go raibh an praghas allmhairiúcháin ó Mheicsiceo íseal go deimhin. Tháinig méadú suntasach orthu, áfach, le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le blianta roimhe sin agus bhí siad níos airde ná na praghsanna allmhairiúcháin ón tSín.

(371)

Os a choinne sin, shuigh an Coimisiún gur tháinig laghdú mór ar phraghsanna tabhairt i dtír allmhairí Síneacha, is é sin 25 % idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin agus go ndearna sé sladghearradh 18,2 % ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(372)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin ar thábhacht na n-allmhairí ón tSín agus ó Mheicsiceo i margadh iomlán an Aontais. De réir mar a léirítear i dTáblaí 3 agus 12 thuas, tá méid iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí hoiread níos mó ná méid iomlán na n-allmhairí ó Mheicsiceo. Ina theannta sin, chaill allmhairí Mheicsiceo sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcomparáid le 2022, mar a tharla i gcás iomlán na n-allmhairí ó gach tríú tír eile (seachas an tSín). Os a choinne sin, is iad allmhairí na Síne amháin a fuair sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(373)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh allmhairí ó Mheicsiceo nó ó aon tríú tír eile an nasc cúisíoch a suíodh idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.4.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(374)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 13

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An méid onnmhairí (tonaí)

223 194

225 958

177 595

151 869

Innéacs

100

101

80

68

Meánphraghas (EUR/tona)

2 371

2 514

3 396

3 092

Innéacs

100

106

143

130

Foinse:

Macraicheistneoir a sholáthair an gearánach le haghaidh méideanna onnmhairí agus freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le haghaidh an mheánphraghais

(375)

Ar an gcaoi chéanna le méideanna táirgeachta agus díolacháin intíre, tháinig méadú ar mhéideanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais in 2021, cé nach raibh an méadú sin chomh suntasach céanna le díolacháin intíre, sular thit sé go suntasach in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Lean praghsanna onnmhairiúcháin an treocht chéanna chomh maith le praghsanna ar mhargadh an Aontais freisin, rud a mhéadaigh in 2021 agus in 2022 sular thit siad le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach d’fhan siad go mór os cionn leibhéil 2021.

(376)

Bhain tionscal an Aontais praghsanna níos airde amach ar na margaí onnmhairiúcháin ná mar a bhí ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, fiú d’ainneoin sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann praghas onnmhairiúcháin a tháirge a choinneáil os cionn a gcostas táirgthe le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus bhí air praghsanna onnmhairiúcháin a laghdú an bhliain sin freisin.

(377)

Mhaígh an gearánach go bhfuil cleachtais éagóracha trádála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i ngach margadh ag déanamh deacair dul san iomaíocht sna margaí onnmhairiúcháin freisin agus is iad is cúis leis an bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin fho-optamach sin. D’fhreagair páirtithe leasmhara eile nach bhfuil aon fhianaise ann chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin.

(378)

Bhí fianaise sa ghearán gur fógraíodh dúnadh ghléasra Chemours sa Téaváin in 2023 agus chuir an gearánach fianaise bhreise isteach le linn an imscrúdaithe, rud a léirigh gur fhógair dhá tháirgeoir TiO2 sa tSeapáin, Sakai Chemicals agus Ishihara Sangyo, dúnadh gléasraí in 2026 agus 2027, faoi seach. Tá na saoráidí sin go léir i ndlúthghaireacht gheografach don tSín, rud a fhágann gur dócha go raibh tionchar míchuí ag onnmhairí na Síne ar a bhfeidhmíocht ina margaí intíre nó ina margaí réigiúnacha. Thairis sin, thionscain údaráis ábhartha sa Bhrasaíl a n-imscrúdú frithdhumpála féin in aghaidh TiO2 na Síne. Dá bhrí sin, suhigh an Coimisiún nach féidir a chur as an áireamh go bhfuil onnmhairí na Síne ag cur bac ar staid iomaíoch thionscal an Aontais i margaí eile ar an gcaoi chéanna le margadh an Aontais.

(379)

Thairis sin, rinne an Coimisiún amach gur lean brabúsacht na ndíolachán onnmhairiúcháin forbairt bhrabúsacht dhíolacháin an Aontais beagnach go dtí an pointe céatadáin céanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus go ndéanann díolacháin onnmhairí thart ar 25 % de dhíolacháin iomlána na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(380)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh í an fheidhmíocht onnmhairiúcháin ba chúis le díobháil do thionscal an Aontais.

5.2.5.   An costas táirgthe ag dul i méid

(381)

Mhaígh roinnt páirtithe gurb iad costas táirgthe atá ag dul i méid is cúis le díobháil do thionscal an Aontais.

(382)

Cé go raibh méadú ag teacht ar chostais táirgthe thionscal an Aontais in 2021, agus go háirithe in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú in 2021 agus in 2022 chun brabúsacht a choinneáil ar bun. Níor cuireadh iallach air ach praghsanna a laghdú faoi bhun a COP le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a thit allmhairí na Síne go mór ó thaobh praghsanna agus tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí Síneacha sa mhargadh a bhí ag laghdú, lenar baineadh sciartha den mhargadh amach san Aontas.

(383)

Tharraing páirtithe leasmhara aird arís ar chás na Próitéine Soighe ón tSín, áit ar bhris an méadú ar phríomh-amhábhar an nasc cúisíoch. Chuir an Coimisiún in iúl, áfach, sa chás idir lámha, go raibh an méadú ar an gcostas táirgthe domhanda ann mar gheall ar bhrúnna boilscitheacha domhanda agus go ndearna sé difear comhchosúil do na gníomhaithe margaidh uile, mar a léirítear leis an bhfíoras gur tháinig méadú mór ar phraghsanna i gcás allmhairí ó gach tríú tír eile (seachas an tSín) in 2022 agus níos faide fiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Go háirithe, tháinig méadú thart ar 80 % ar fud an domhain ar phraghsanna an phríomh-amhábhair, mian ilminíte, arb ionann é agus thart ar aon trian den chostas iomlán táirgthe, in 2022 i gcomparáid le leibhéil 2020, agus níor tháinig ach laghdú beag orthu sa tréimhse imscrúdúcháin.

(384)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir na costais táirgthe a bhí ag dul i méid leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

5.2.6.   Faisnéis mhargaidh lena dtuartar téarnamh

(385)

An 3 Aibreán 2024, chuir AkzoNobel maímh bhreise isteach maidir le heaspa cúisíochta, ag brath ar an tuarascáil ar staid dhomhanda an mhargaidh TiO2, arna foilsiú ag an ngníomhaireacht faisnéise margaidh, TZMI, i mí Feabhra 2024. Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil an margadh TiO2 ag téarnamh agus go dtuartar méaduithe ar phraghsanna i margadh an Aontais agus méaduithe ar bhrabúsacht tháirgeoirí de chuid an Aontais.

(386)

Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin, cé go dtugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil feabhas tagtha ar dhálaí margaidh san Eoraip, go bhfuil siad fós lag ar fud roinnt méadrachtaí a ndéantar anailís orthu. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le praghsanna san Eoraip agus tuartha maidir le brabúsacht fheabhsaithe tháirgeoirí de chuid an Aontais ina margadh intíre, aithnítear sa tuarascáil féin go ndéantar a réamh-mheastacháin ar leibhéil praghsanna a mbeidh tionscal an Aontais in ann a bhaint amach, go páirteach ar a laghad, faoi thoimhde thoradh dearfach an imscrúdaithe sin.

(387)

Dá bhrí sin, fiú dá dtuarfaí sa tuarascáil seo feidhmíocht thionscal an Aontais amach anseo le cruinneas iomlán, tá an tuar sin á dhéanamh aici, go bunúsach, i gcás na cothromaíochta iomaíochta athchóirithe ar mhargadh an Aontais, agus dá bhrí sin ní féidir é a úsáid mar fhrithchlúdach don Choimisiún gan cinneadh a dhéanamh ar a bhfuil an tuar sin féin bunaithe, go páirteach ar a laghad.

5.3.   Conclúid maidir le cúisíocht

(388)

Mar a léiríonn na páirtithe, mar is ceart, d’fhág roinnt tosca go raibh dúshlán roimh staid thionscal an Aontais. Ar an gcéad dul síos, bhí laghdú eisceachtúil ar an éileamh ar TiO2 ar mhargadh an Aontais in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Ar an dara dul síos, tháinig méadú mór ar chostais fuinnimh ar mhargadh an Aontais sa dá bhliain sin agus tháinig méadú mór ar chostas ilminíte ar fud an domhain. Ar an tríú dul síos, bhí praghsanna allmhairiúcháin ó Mheicsiceo níos ísle ná praghsanna na Síne sna chéad trí bliana den tréimhse faoi bhreathnú.

(389)

Ní dhéanann aon cheann de sin an méid seo a leanas neamhbhailí, áfach, (i) seachas tríú tíortha eile, go raibh allmhairí ón tSín ag méadú ó thaobh méide de le linn na tréimhse faoi bhreathnú (le moilliú sealadach mar gheall ar imthosca eisceachtúla in 2021, (ii) go raibh allmhairí na Síne ag teacht isteach san Eoraip ar phraghsanna dumpáilte, (iii) i margadh a bhí ag laghdú in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go raibh sciartha den mhargadh á ngnóthú ag allmhairí na Síne ar chostas sciar margaidh thionscal an Aontais agus allmhairí tríú tíortha eile, agus (iv) le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a bhí praghsanna na n-allmhairí ó gach tír eile ag fanacht go mór mar a bhí in 2022, gur tháinig laghdú suntasach ar phraghas na n-allmhairí ón tSín, faoin gceathrú cuid dá raibh siad in 2022, rud a d’fhág go raibh cúngú agus ísliú suntasach ar phraghsanna ar thionscal an Aontais.

(390)

Ar an gcaoi sin, bhreithnigh an Coimisiún na hargóintí a rinne na páirtithe maidir le dúnadh monarchana san Aontas. Sa ghearán, mhaígh an gearánach gur dúnadh na trí ghléasra TiO2 san Aontas mar gheall ar bhrú ó allmhairí na Síne agus go bhféadfaí a bheith ag súil le tuilleadh dúnta gan dálaí fíorfhabhracha phaindéim COVID-19. Chuir roinnt páirtithe leasmhara ina choinne sin, agus mhaígh siad nach raibh aon fhianaise ann a thacaíonn leis an gconclúid sin, agus go raibh an dúnadh ann mar gheall ar imthosca eile agus nach iad allmhairí dumpáilte líomhnaithe ón tSín is cúis leo. Tharraing na páirtithe aird ar na ráitis phoiblí a rinne na cuideachtaí, a chuir ciorrú táirgeachta nó dúnadh gléasraí i leith dálaí neamhfhabhracha ar an margadh, amhail éileamh laghdaithe, costais táirgthe a bhí ag méadú, agus drochdhálaí eacnamaíocha tríd is tríd, agus bhí fadhbanna sonracha ag gléasra Scarlino de chuid Venator (ceann de tháirgeoirí neamhshampláilte de chuid an Aontais) formheasanna rialála a fháil.

(391)

Ar an gcaoi chéanna, chuir na páirtithe leasmhara ráitis bhreise ó thuarascálacha gnó tháirgeoirí an Aontais (Kronos, Police, Venator, Cinkarna) i dtábhacht, lenar aithníodh an laghdú ar éileamh agus an méadú ar chostas táirgthe mar chúiseanna leis an staid dhúshlánach ina bhfuil tionscal an Aontais. Mhaígh na páirtithe go gcruthaíonn sé sin nach féidir allmhairí ón tSín a bheith freagrach ar an iomlán as an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(392)

Tugann an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin, cé gur cuireadh cosc ar ghléasra Venator Scarlino oibriú ar a lánacmhainneacht mar gheall ar fhormheas rialála a bheith ar feitheamh, ó na ráitis a luadh ó Kronos agus Venator araon, gur léir go bhfuil na cinntí maidir le leibhéal an táirgthe agus maidir le leanúint den táirgeadh á ndéanamh i bhfianaise dálaí margaidh atá dúshlánach go ginearálta. Mar a léiríonn an anailís ar fad thuas, is léir go n-áirítear leo sin na hallmhairí dumpáilte ón tSín a chuireann brú ar an margadh, agus rinneadh tagairt i roinnt de na tuarascálacha a luadh iontu féin d’allmhairí saora ón tSín mar cheann de na dúshláin. (115)

(393)

Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Ní raibh ach éifeacht pháirteach ag an laghdú ar éileamh, ag méadú ar chostas táirgthe, agus ag allmhairí ó thríú tíortha eile, go háirithe ó Mheicsiceo, ar fhorbairtí diúltacha thionscal an Aontais i dtéarmaí méideanna díolachán, praghsanna agus brabúsachta.

(394)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na dtosca eile, arna meas ar bhonn aonair nó go comhpháirteach. Is éard atá sa díobháil den chuid is mó caillteanas de sciar den mhargadh, sladghearradh praghais agus brabúsacht titime, toradh ar infheistíocht agus sreabhadh airgid.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(395)

Mhaígh an gearánach sa ghearán go raibh saobhadh amhábhar ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán.

(396)

Dá bhrí sin, chun an measúnú a dhéanamh ar leibhéal iomchuí na mbeart, shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go gcuirfí deireadh leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán.

(397)

Scrúdaigh sé ansin an mbeadh corrlach dumpála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte níos airde ná a gcorrlach díobhála

6.1.   Corrlach díobhála

(398)

Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

(399)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

(400)

I dtús báire, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús a chumhdaigh na costais iomlána sna gnáthdhálaí iomaíochta.

(401)

Chuir PPG agus Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe araon i gcoinne an spriocbhrabús a moladh sa ghearán (10,2 %) mar ró-ard. Mhaígh PPG nár leor aon cheann de na blianta le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun bunbhrabús a shuí, mar gheall ar staid eacnamaíoch eisceachtúil i ngach bliain, agus iad ag meabhrú chonclúidí an Choimisiúin féin san imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí teireataláite poileitléine áirithe de thionscnamh na Síne. (116) Mhaígh siad freisin, ós rud é go raibh tionscal an Aontais in ann díol ar phraghsanna os cionn a chostais táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gur cheart an bunbhrabús a shuí mar mheánbhrabús na gceithre bliana uile. Mhaígh CNCIA freisin gur cheart don Choimisiún an bunbhrabús céanna a chuir sé i bhfeidhm san imscrúdú frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí dé-ocsaídí mangainéise leictrealaíocha de thionscnamh na Síne, (117) ós rud é gur comhdhúil neamhorgánach é EMD, díreach cosúil le TiO2.

(402)

Thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé go raibh an maíomh faoi phraghsanna díola tháirgeoirí de chuid an Aontais cruinn le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú a úsáideadh sa ghearán, ach nach raibh sé ábhartha a thuilleadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin a d’úsáid an Coimisiún. Mar a léirítear thuas, bhí praghsanna díola thionscal an Aontais i bhfad níos ísle ná a gcostas táirgthe le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní léireodh aon bhrabúsacht a shuífí agus feidhmíocht thionscal an Aontais le linn na bliana sin á cur san áireamh an bhrabúsacht is gá chun na costais iomlána a aisghabháil.

(403)

Maidir leis an maíomh ó Comhlachas Náisiúnta na Síne um Thionscal Brataithe, toisc gur ceimiceáin neamhorgánacha iad EMD agus TiO2, ní chiallaíonn sé sin go n-oibríonn a dtáirgeoirí i margaí comhchosúla nó go mbeadh a bhfeidhmíocht inchomparáide agus níor soláthraíodh aon fhianaise don Choimisiún a thabharfadh le fios go mbeidís.

(404)

Thug an Coimisiún dá aire, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, go raibh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín ar an sciar ab ísle in 2021 agus go raibh an bhrabúsacht agus an sreabhadh airgid ar an sciar ba dhearfaí sa bhliain sin. Mar sin féin, ba iad imthosca eisceachtúla na géarchéime loingseoireachta ba chúis leis an laghdú ar allmhairí na Síne a tugadh faoi deara an bhliain sin, mar a mhínítear thuas. Mar aon leis an éileamh as cuimse a tháinig chun cinn mar gheall ar dhianghlasálacha COVID-19, bhí feidhmíocht thionscal an Aontais thar a bheith dearfach i mbliana. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcáileodh 2021 mar bhliain ionadaíoch chun bunbhrabús a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán.

(405)

Ina theannta sin, díreach cosúil le 2021, rinne imthosca fabhracha an tomhaltais mhéadaithe difear sa bhliain 2020 mar gheall ar an ngeilleagar ‘fanacht sa bhaile’ le linn dhianghlasálacha Covid-19, fiú amháin más ar bhonn níos lú. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an gcéim sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcáileodh 2020 mar bhliain ionadaíoch chun bunbhrabús a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán ach an oiread.

(406)

Ar deireadh, ní cháileodh an méadú ar allmhairí ón tSín agus an sleabhcadh géar ar thionscal an Aontais a thosaigh in 2022 agus a lean ar aghaidh sa tréimhse imscrúdúcháin ceachtar de na blianta sin mar bhliain ionadaíoch as bunbhrabús a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán.

(407)

Ar thóir tréimhse ina mbeadh gnáthdhálaí iomaíochta i réim, bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an mbrabúsacht a baineadh amach le 10 mbliana anuas. Sholáthair na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais sonraí maidir leis an mbrabúsacht ar feadh 3 bliana roimh an tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, ní bhfuair an Coimisiún sonraí maidir le brabúsacht a bhain le díolacháin TiO2 le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas amháin ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais le haghaidh na mblianta sin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir brabúsacht a shuí a bhainfeadh le díolachán an táirge atá faoi imscrúdú le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún faoi láthair.

(408)

Ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann go bhféadfaí brabúsacht níos airde ná 6 % a bhaint amach faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, shocraigh an Coimisiún an bunbhrabús ag 6 %, i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán.

(409)

Chuir dhá tháirgeoir de chuid an Aontais fianaise ar fáil go mbeadh a leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (‘T&F’) agus nuálaíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos airde faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin bunaithe ar phleananna infheistíochta agus dhiúltaigh sé do thionscadail agus chuir sé ar athló iad, rud a léirigh go raibh na hinfheistíochtaí sin pleanáilte i ndáiríre. Go deimhin, bhí údar maith le maímh an dá thairgeoir de chuid an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, T&F agus costais nuálaíochta (‘IRI’) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais IRI iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. Is 0,09 % a bhí sa difríocht sin, arna sloinneadh mar chéatadán den láimhdeachas.

(410)

Cuireadh an IRI difreálach sin de 0,09 % leis an mbunbhrabús 6 % a luaitear in aithris (398), as ar tháinig spriocbhrabús 6,09 %.

(411)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, costais a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil, shuigh an Coimisiún costas breise EUR 60.68/t.

(412)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghsanna neamhdhíobhálacha de [3 400 – 3 800] EUR/t agus [3 600 – 4 000] EUR/t do tháirge comhchosúil thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite (féach aithris (410) thuas) a chur le costas táirgthe na dtrí tháirgeoir de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2a) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál.

(413)

Chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ansin ar bhonn comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sa tír lena mbaineann, mar atá leagtha síos le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na trí tháirgeoir de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú.

(414)

Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach cuideachta eile’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin (féach aithrisí (255) – (259).

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Daon-Phoblacht na Síne

LB group

39,7

53,4

Anhui Gold Star Group

14,4

53,0

Cuideachtaí comhoibríocha eile

35,0

53,3

Gach cuideachta eile

39,7

53,4

(415)

Sa chás seo, mhaígh na gearánaigh go raibh saobhadh amhábhar ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, chun an measúnú a dhéanamh ar leibhéal iomchuí na mbeart, shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go gcuirfí deireadh leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Scrúdaigh sé ansin cé acu a bheadh nó nach mbeadh corrlach dumpála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte níos airde ná a gcorrlach díobhála (féach aithrisí (417) – (418) thíos).

6.2.   Scrúdú ar an gcorrlach a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais

(416)

Mar a mhínítear san fhógra tionscnaimh chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil don Choimisiún go raibh saobhadh amhábhar sa tír lena mbaineann maidir leis an táirge faoi imscrúdú. De réir na fianaise sa ghearán, tá ilminít, a bhfuil 25 % de chostas táirgthe an táirge atá faoi imscrúdú i gceist léi, faoi réir mianadóireacht faoi chuing sa tSín. Ina theannta sin, níl aon aisíocaíocht onnmhairiúcháin CBL ann le haghaidh ilminíte sa tSín. Liostaítear an dá bheart sin in Airteagal 7(2a), an dara fomhír den bhun-Rialachán mar shaobhadh amhábhair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, san imscrúdú seo scrúdaíodh an saobhadh líomhainte chun a mheas, más ábhartha, ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil.

(417)

Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na corrlaigh a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil níos airde ná na corrlaigh dhumpála, mheas an Coimisiún, ag an bpointe sin, nach raibh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ngné sin.

(418)

Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna sealadacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

6.3.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(419)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

LB group

39,7  %

Anhui Gold Star Group

14,4  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

35,0  %

Gach cuideachta eile

39,7  %

7.   LEAS AN AONTAIS

(420)

Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán.

(421)

Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, trádálaithe agus úsáideoirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(422)

Meabhraítear go bhfuil aon táirgeoir déag i dtionscal an Aontais, ar tháinig meath suntasach ar a ndíolacháin agus ar a mbrabúsacht le linn an dara leath den tréimhse faoi bhreathnú, agus tionchar diúltach dá bharr sin ar a sciar den mhargadh, leibhéal fardail, infheistíochtaí, toradh ar infheistíocht agus sreabh airgid. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann (féach aithris (337) thuas).

(423)

Mura bhforchuirtear bearta sealadacha, is dócha, mar thoradh ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte, go gcuirfidh an bhrabúsacht lag agus táscairí airgeadais eile iallach ar thionscal an Aontais scor de tháirgeadh TiO2. I ndiaidh bearta sealadacha frithdhumpála a fhorchur, áfach, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar mhéideanna díolachán agus ar phraghsanna díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, rud a chuirfidh feabhas ar an mbrabúsacht agus ar tháscairí airgeadais eile an tionscail sin agus a chuirfidh cosc ar dhúnadh.

(424)

Is léir, dá bhrí sin, go rachadh bearta frithdhumpála sealadacha chun leas thionscal an Aontais.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe

(425)

Ar deireadh, níor chuir an t-allmhaireoir neamhghaolmhar a luaitear in aithris (10) freagra ceistneora isteach. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ar an gceistneoir ó allmhaireoirí ná ó thrádálaithe.

(426)

Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach dócha go mbeidh tionchar diúltach ag forchur beart frithdhumpála ar staid allmhaireoirí agus trádálaithe san Aontas.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(427)

Ar an iomlán, ghlac 23 úsáideoir agus comhlachas úsáideoirí páirt san imscrúdú sin in aghaidh fhorchur na ndleachtanna. As measc na n-úsáideoirí sin, chuir sé úsáideoir freagraí ceistneora isteach. Chuir an chuid eile barúlacha isteach.

(428)

Baineann príomhúsáid TiO2 le haghaidh earnáil na bpéinteanna agus an bhrataithe, arb ionann iad agus os cionn 60 % den mhargadh, agus péinteanna ailtireachta agus tionsclaíocha is fiú thart ar 55 % den éileamh iomlán, agus dúigh thionsclaíocha thart ar 5 %. Is é tionscal na bplaisteach an dara deighleog is mó den mhargadh ag thart ar 25 %, ansin páipéar ag 12 % agus iarratais speisialtachta ag 4 %. Fuarthas freagraí ceistneora ó na húsáideoirí a bhí gníomhach in earnáil na péinte agus an bhrataithe, in earnáil na ndúch grafach, in earnáil an pháipéir lannáin, agus in earnáil na bplaisteach. Fíoraíodh gach ceann de na sé fhreagra ar an láthair ag áitreabh na n-úsáideoirí.

7.3.1.   Úsáideoirí a chuir freagraí ceistneora isteach

(429)

Bheadh éifeachtaí dóchúla na mbeart éagsúil ar úsáideoirí, ag brath ar dheighleog an mhargaidh iartheachtaigh ina n-oibríonn siad. Rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar staid úsáideoirí TiO2 maidir le hiarratais níos speisialta cuir i gcás páipéar lannáin agus dúigh ghrafacha (cuir na húsáideoirí sin éilimh maidir le raon feidhme an táirge isteach freisin) agus úsáideoirí TiO2 ina phríomhfheidhm i bpéinteanna, i mbratuithe agus i bplaistigh.

(430)

Ar an gcéad dul síos, is iad na táirgeoirí páipéir lannáin is mó a ndéanfaidh bearta féideartha difear dóibh as na sé úsáideoir a bhfuil an ceistneoir fíoraithe acu. Tá thart ar [25-35] % dá gcostais iomlána táirgthe i gceist le TiO2, agus faigheann siad idir [10-40] % dá TiO2 sa tSín. Léirigh an dá úsáideoir freisin go raibh siad ag feidhmiú le brabúsacht íseal nó diúltach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mheas an Coimisiún go dtiocfadh laghdú thart ar [2-3] phointe céatadáin ar a mbrabúsacht dá bhforchuirfí dleachtanna, agus dá mbeadh gach rud eile fós comhionann. Mar a léirítear in aithris (52) thuas, áfach, faigheann an dá úsáideoir sin formhór a TiO2 ó fhoinsí eile seachas an tSín agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go bhfuil foinsí malartacha soláthair leordhóthanacha ag an dá úsáideoir.

(431)

Ar an dara dul síos, sholáthair Flint Group, táirgeoir dúch grafach, fianaise a léiríonn nach ngineann táirgí ina bhfuil TiO2 ach cuid theoranta dá láimhdeachas iomlán, agus nach bhfuil in TiO2 na Síne ach sciar páirteach de chostais táirgthe na dtáirgí sin. Mar gheall ar chastacht struchtúr corparáideach Flint agus ós rud é go dtáirgeann siad líon mór foirmlí dúch ina bhfuil roinnt TiO2 i líon áirithe gléasraí san Aontas, ní fhéadfadh Flint figiúirí cruinne a sholáthar maidir le brabúsacht a dheighleoige gnó a bhaineann le TiO2. Léirigh Flint brabúsacht shláintiúil, áfach, ar leibhéal na cuideachta iomláine le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(432)

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála, agus dá mbeadh gach rud eile fós comhionann, gur dócha go dtiocfadh laghdú níos lú ná aon phointe céatadáin amháin ar a bhrabúsacht sa deighleog den ghnó a bhaineann le TiO2(118) i bhfianaise an sciar íseal TiO2 sa láimhdeachas iomlán agus an chostais táirgthe. Ina theannta sin, bheadh an chuideachta fós brabúsach. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an tionchar ar bhrabúsacht fhoriomlán an ghrúpa a chinneadh, ach ní bheadh an éifeacht chomh suntasach céanna fós. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanfadh na dleachtanna difear suntasach do Ghrúpa Flint.

(433)

Ar an tríú dul síos, tá dhá úsáideoir eile, AkzoNobel agus Sherwin-Williams Italy SRL (‘Sherwin-Williams’), ar dhá cheann de na monaróirí móra péinteanna agus brataithe. Is iad péinteanna agus monaróirí brataithe na húsáideoirí is mó de TiO2 i dtéarmaí méid. Ní bheadh tionchar na ndualgas ar fheidhmíocht na catagóire úsáideoirí seo chomh mór céanna. Líon AkzoNobel an ceistneoir isteach ar leibhéal na n-eintiteas uile atá i láthair san Aontas. Is ionann TiO2 na Síne agus sciar diomaibhseach dá gcostas iomlán táirgthe agus bhí siad brabúsach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Sholáthair Sherwin-Williams an freagra ar an gceistneoir do dhá eintiteas a mbeadh an tionchar is mó ag na dualgais orthu, agus do ghnó iomlán an Aontais. Níl in TiO2 na Síne ach sciar beag de chostas iomlán táirgthe an dá eintiteas sin le chéile. Cé go raibh brabúsacht íseal ar a dtáirgí ina raibh TiO2 le linn na tréimhse imscrúdúcháin, léirigh an dá eintiteas Sherwin-Williams brabúsacht shláintiúil fhoriomlán. Is ionann láimhdeachas iomlán an dá ghléasra sin agus sciar beag de láimhdeachas iomlán an Aontais de Sherwin-Williams, a bhí brabúsach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh an dá úsáideoir, fiú mura mbeidís in ann an méadú sin ar chostais a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí, in ann na bearta a sheasamh.

(434)

Ar deireadh, sholáthair Schulman Plastics, táirgeoir mór plaisteach agus ábhar gaolmhar de chuid an Aontais, an freagra ceistneora le haghaidh ceann dá ghléasraí, dírithe ar tháirgeadh MW, arb iad na cinn is mó a ndéanfaidh na dleachtanna as na cuideachtaí a ndéantar measúnú orthu sa roinn seo difear dóibh. Ní fhaigheann an gléasra seo ach cuid dá TiO2 ón tSín, ach is ionann TiO2 agus formhór mór a chostais táirgthe iomlán. Bhí a bhrabúsacht i ngnó MW le linn na tréimhse imscrúdúcháin sláintiúil, agus bhí an gléasra iomlán ag feidhmiú níos fearr fós ná gnó MW amháin. Cé gurb é a bhrabúsacht is mó a dhéanfaidh difear do gach úsáideoir mar gheall ar a struchtúr costais, mheas an Coimisiún, fiú mura mbeadh sé in ann an méadú costais sin a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí, go mbeadh sé fós brabúsach.

(435)

Mar a léirítear sa roinn seo, leanfadh formhór na n-úsáideoirí a chuir freagraí ceistneora isteach de bheith brabúsach fiú agus na dleachtanna frithdhumpála sealadacha á gcur san áireamh. Thairis sin, bhí foinsí soláthair eile ar fáil dóibh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanfaidh na bearta dochar díréireach d’úsáideoirí ar an iomlán. Bhí beirt úsáideoirí (Felix agus Sherwin-Williams) ag feidhmiú ar chaillteanas i ndeighleog TiO2 an ghnó le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ag fostú thart ar 1 000 duine ar an iomlán. Mar sin féin, ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (430) agus (433) thuas, níor mheas an Coimisiún go rachaidh a staid in olcas go mór de bharr fhorchur na mbeart. Os a choinne sin, má théann táirgeoirí an Aontais as gnó, cuirfidh sé sin deireadh le cuid mhór den soláthar do na húsáideoirí uile.

7.3.2.   Úsáideoirí eile

(436)

Rinne roinnt úsáideoirí, comhlachais úsáideoirí agus CNCIA aighneachtaí i scríbhinn inar mhaígh siad go mbeadh forchur dleachtanna in aghaidh leas an Aontais.

(437)

Ar an gcéad dul síos, mhaígh na húsáideoirí go bhfuil líon teoranta táirgeoirí TiO2 san Aontas agus nach leor a n-acmhainneachtaí chun éileamh an Aontais a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá gá le foinsí soláthair éagsúla agus is gá allmhairí TiO2 na Síne a bheith ar an margadh ionas go mbeadh an margadh ag feidhmiú mar is gnách. Mhaígh úsáideoir amháin gur minic a bhíonn tréimhsí ina bhfuil fíorghanntanas TiO2 roimh thionscail iartheachtacha, tréimhsí inar cuireadh iad go léir faoi leithdháileadh agus nach bhféadfadh siad ach méid teoranta dá n-éileamh ar TiO2 a fháil ó tháirgeoirí an Aontais. Anuas air sin, maíodh go mbeidh allmhairí na Síne ina bhfoinse riachtanach soláthair chuig an Aontas mar gheall ar dhúnadh gléasraí san Aontas. Ina theannta sin, mhaígh siad go gcuirfeadh dleachtanna frithdhumpála deireadh le soláthairtí ón tSín agus go mbeadh na húsáideoirí níos leochailí fós i leith ganntanais soláthair a tharla in 2021/2022.

(438)

Mheabhraigh an Coimisiún i ndáil leis sin nach é cuspóir na ndleachtanna frithdhumpála deireadh a chur le hallmhairí ón tír lena mbaineann a bheith ar mhargadh an Aontais, ach dul i ngleic le cleachtais éagóracha mhargaidh agus cothrom na Féinne a athbhunú, lenar féidir an margadh a bheith ag feidhmiú mar is gnách. Fiú dá n-imeodh allmhairí ón tSín go hiomlán, áfach, tá foinsí iomadúla soláthair ann ó go leor tríú tíortha eile, rud a ráthaíonn cobhsaíocht an tsoláthair. Thairis sin, léirigh táirgeoirí an Aontais le linn an imscrúdaithe go bhfuil roinnt infheistíochtaí atá dírithe ar leathnú acmhainneachta beartaithe, go dtí go ndéanfar normalú ar dhálaí an mhargaidh. Maidir le ganntanais soláthair in 2021 agus 2022, thug an Coimisiún dá aire gurbh é fad na slabhraí soláthair ba chúis le saincheisteanna soláthair le linn na mblianta sin, ar chuir géarchéim na loingseoireachta isteach go mór orthu dá bhrí sin. Dá bhrí sin, is é caillteanas acmhainneachta san Aontas é a d’fhéadfadh aon ghanntanas soláthair dá samhail a dhéanamh níos measa mar thoradh ar thurraingí sa gheilleagar domhanda amach anseo. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí thuas toisc iad a bheith gan bhunús.

(439)

Ar an dara dul síos, mhaígh páirtithe leasmhara áirithe go mbeadh méaduithe ar phraghsanna TiO2 go dona don bhoilsciú ginearálta san Aontas, agus go ndéanfadh sé dochar go háirithe don earnáil thábhachtach tógála, ós rud é gur príomhthionscal iartheachtach é do tháirgeoirí péinteanna agus vearnaisí. Mhaígh na húsáideoirí go bhfuil na costais in earnáil na tógála fós ag méadú, agus go bhfuil sé buailte go dona ag an ngéarchéim eacnamaíoch mar atá sí.

(440)

Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin nár chláraigh aon rannpháirtí ón earnáil tógála mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo chun agóid a dhéanamh in aghaidh dleachtanna a fhorchur. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun an éifeacht a bheadh ag forchur dleachtanna ar an earnáil tógála a chainníochtú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin toisc í a bheith gan bhunús.

(441)

Ar an tríú dul síos, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara nach féidir le húsáideoirí agus le tionscail iartheachtacha tuilleadh méaduithe costais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, gan aon fhianaise thacaíochta a sholáthar. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann fírinneacht an mhaímh sin a fhíorú. Ní dócha, áfach, i dtimpeallacht ghinearálta bhoilscithe, ina bhfuil praghsanna ag méadú ar bhonn uilechoiteann, nach bhféadfadh úsáideoirí a bpraghsanna a mhéadú chun an tionchar beag a d’fhéadfadh a bheith ag na dleachtanna frithdhumpála ar a gcostas táirgthe a fhritháireamh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(442)

Ar an gceathrú dul síos, mhaígh roinnt úsáideoirí freisin go n-onnmhairíonn siad an chuid is mó dá dtáirgeadh (amhail ceirmigh) agus, ós rud é go mbraitheann siad go mór ar TiO2 ina dtáirgeadh, fágfaidh aon mhéadú ar chostas TiO2 mar thoradh ar an imscrúdú sin go mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i gcomparáid lena n-iomaitheoirí atá ag feidhmiú lasmuigh den Aontas agus go méadófar an baol go ndéanfar táirgeadh iartheachtach a sheachfhoinsiú thar lear.

(443)

Níor chuir na húsáideoirí sin faisnéis infhíoraithe tacaíochta ar fáil, áfach, (cuir i gcás freagraí ceistneora) a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún meáchan TiO2 na Síne ina struchtúr costais a chinneadh agus measúnú cruinn a dhéanamh ar an tionchar ar a bhfeidhmíocht san Aontas. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(444)

Ar an gcúigiú dul síos, mhaígh roinnt úsáideoirí eile, táirgeoirí máistirbhaisceanna, go mbeadh iomaitheoirí lasmuigh den Aontas ábalta TiO2 na Síne a fháil ar chostas i bhfad níos ísle agus go mbeidh siad ábalta a dtáirgí a dhíol leis an Aontas ar bhealach níos iomaíche. Tá os cionn [75-80] % TiO2 ina dtáirge, mar sin mhaígh siad go mbeidh siad go hiomlán neamhiomaíoch mar thoradh ar dhifreálach praghais 50 % agus go bhféadfadh siad iallach a chur orthu saoráidí san Aontas a dhúnadh. Ina theannta sin, ní bheidh tionscail iartheachtacha chomh hiomaíoch céanna sna margaí intíre agus onnmhairiúcháin.

(445)

Thug an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin go bhfuil dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm cheana féin ag SAM in aghaidh TiO2 na Síne, cé gur thionscain an Bhrasaíl imscrúdú frithdhumpála dá cuid féin i mí Aibreáin 2024. Tá margaí eile, dá bhrí sin, ag glacadh beart cheana féin chun cleachtais shaobhacha allmhairí dumpáilte na Síne a cheartú. Mheas an Coimisiún freisin, fiú dá ndéanfaí trádáil TiO2 a atreorú ón tSín chuig tríú margaí eile agus go bhfágfadh sé nach mbeadh tionscail iartheachtacha chomh hiomaíoch céanna, go mbeadh tionchar diúltach aige sin fós ar na tionscail sin ná mar a bheadh ag táirgeoirí TiO2 an Aontais, rud a d’fhágfadh tionscail iartheachtacha neamhchosanta ar ghanntanais soláthair agus ar thurraingí soláthair níos measa.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(446)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann le teacht ar an gconclúid nach chun leas an Aontais a bhí sé bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí TiO2 de thionscnamh na Síne ag an gcéim seo den imscrúdú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

(447)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte.

(448)

Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí TiO2 de thionscnamh na tíre lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Mheas an Coimisiún gur cheart gurbh é an corrlach dumpála an leibhéal iomchuí chun deireadh a chur leis an díobháil.

(449)

I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

LB group

39,7  %

Anhui Gold Star Group

14,4  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

35,0  %

Gach cuideachta eile

39,7  %

(450)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe.

(451)

Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(452)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(453)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(454)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

9.   CLÁRÚ

(455)

Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán.

(456)

Ní dhearnadh aon chinneadh nó ní féidir cinneadh a dhéanamh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála.

10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

(457)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh (‘réamhnochtadh).

(458)

Chuir ceann de na táirgeoirí sampláilte barúil isteach inar tagraíodh don mhodh chun costais SGA de chuid trádálaí chomhlachaithe a shuí. Murab ionann agus an méid a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin le fios agus i gcomhréir le buanchleachtas an Choimisiúin, ní áirítear le costais SGA de chuid trádálaí chomhlachaithe, costais amhail ‘Iompar agus Dleacht’, ‘Trádstóráil’ agus ‘Árachas’ i ndáil leis na ríomhanna dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin. Ina theannta sin, chuir trí úsáideoir, Plastika Kritis SA, Felix, agus Munksjö barúlacha isteach maidir leis an réamhnochtadh. Thug an Coimisiún faoi deara nár bhain aon cheann de na barúlacha sin le cruinneas na ríomhanna agus dá bhrí sin déanfaidh sé iad a mheas in éineacht le gach aighneacht eile tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach.

11.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(459)

Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

(460)

Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam, ag a bhfuil an fhoirmle cheimiceach TiO2, i ngach foirm, mar ocsaídí tíotáiniam nó i líocha agus ullmhóidí atá bunaithe ar dhé-ocsaíd tíotáiniam, ina bhfuil cion nach lú ná 80 % de réir meáchain de dhé-ocsaíd tíotáiniam arna ríomh ar an ábhar tirim, agus ag a bhfuil méideanna cáithníní de gach saghas, a aicmítear faoi Uimhir Chláraithe Sheirbhís Coimrithe Ceimiceacha (CAS RN) 12065-65-5 agus 13463-67-7, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2823 00 00 agus 3206 11 00 (cóid TARIC 2823000010 agus 2823000030), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Cód breise TARIC

Grúpa LB:

LB GROUP CO., LTD.

HENAN BILLIONS ADVANCED MATERIAL CO., LTD.

LB LUFENG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB SICHUAN TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

LB XIANGYANG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

39,7  %

89CB

Anhui Gold Star group:

Anhui Gold Star Titanium Dioxide (Group) Co., Ltd.

ANHUI GOLD STAR TITANIUM DIOXIDE TRADING COMPANY LIMITED

14,4  %

89CC

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

35,0  %

Féach an Iarscríbhinn

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

39,7  %

8999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir leis an Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.

Airteagal 3

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1617 ón gCoimisiún.

2.   Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bhearta cinntitheacha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé mhí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam (‘TiO2 ’), ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, (IO C, C/2023/786, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/786/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1617 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena gcuirtear allmhairí dé-ocsaíde tíotáiniam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe, IO C/2024/3666, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1617/oj.

(4)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2694

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1–101.

(6)  Cinneadh ón gCoimisiún an 4.7.2018 i gCás M.8451 — TRONOX/ CRISTAL, mír 57-74, ar fáil ag m8451_3750_3.pdf (europa.eu)

(7)  Cinneadh ón gCoimisiún an 10.9.2014 i gCás M.7061 — HUNTSMAN CORPORATION/ EQUITY INTERESTS HELD BY ROCKWOOD HOLDINGS, ar fáil ag: m7061_20140910_20600_4133655_EN.pdf (europa.eu)

(8)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 20 Nollaig 2017, SWD (2017) 483 final/2.

(9)  Cinneadh ón gCoimisiún an 31.3.2011 lena ndearbhaítear comhchruinniú a bheith comhoiriúnach leis an gcómhargadh (Cás Uimh. COMP/M.6082 - CHINA NATIONAL BLUESTAR / ELKEM) de réir Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle - aithris 3.

(10)  Ní liostaítear ilminít (ar a dtugtar mianta tíotáiniam freisin) – an príomh-amhábhar chun TiO2 a mhonarú – sa Chatalóg Earraí faoi réir Ceadúnú Onnmhairiúcháin. Mar sin féin, ní onnmhairítear an táirge seo go substaintiúil lasmuigh den tSín agus úsáidtear é chun TiO2 a mhonarú sa bhaile.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1693 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L. 259, 10.10.2019, lch. 15, aithris 93.

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 10 Aibreán 2024, SWD (2024) 91 final.

(13)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 2, lch. 7

(14)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 7-8.

(15)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 2, lch. 10, 18.

(16)  Le fáil ag: http://www.npc.gov.cn/zgrdw/englishnpc/Constitution/node_2825.htm (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(17)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 29-30.

(18)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 4, lch. 57, 92.

(19)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 149-150.

(20)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 153-171.

(21)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 7, lgh. 204-205.

(22)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 8, lgh. 207-208, 242-243.

(23)  Tuarascáil nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 19-24, Caibidil 4, lch. 69, lgh. 99-100, Caibidil 5, lgh. 130-131.

(24)  Féach https://www.pgvt.cn/index.php?s=Home/Article/lists/art_type/strat_index (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(25)  Féach http://www.ansteel.cn/yewubankuai/fantaichanye/2016-11-18/5.html (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(26)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 73, ar fáil ag https://static.cninfo.com.cn/finalpage/2024-03-26/1219403167.PDF (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(27)  Féach http://www.lomonbillions.com/news1/10935 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(28)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, ar fáil ag 6384971587015100121058021.PDF (ruituoyun.com) (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(29)  Féach https://www.zhtb.com/ (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(30)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 111, ar fáil ag http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2024/2024-4/2024-04-18/9985963.PDF (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(31)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 13, lch. 466.

(32)  Féach http://www.panzhihua.gov.cn/zwgk/gzdt/bdyw/4434292.shtml (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(33)  Airteagal 33 de Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Féach an Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 3, lgh. 47-50.

(34)  Féach https://www.cxz.gov.cn/info/egovinfo/1001/xxgkxt_content/115323000151673132-/2022-06110032.htm – Roinn II.2 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(35)  Ibid. – Roinn II.2.4.

(36)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 2, lgh. 24-27.

(37)  Féach https://www.chinacoatingnet.com/about/regulations.html (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(38)  Ibid.

(39)  Tá an liosta iomlán de chomhaltaí Bhrainse TiO2 ar fáil anseo: https://www.chinacoatingnet.com/news/show.php?itemid=9466 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(40)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 5, lgh. 124-125.

(41)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 3, lch. 40.

(42)  Féach mar shampla: Blanchette, J. - Xi’s Gamble: The Race to Consolidate Power and Stave off Disaster [Xi ag dul sa seans: an rás chun cumhacht a chomhdhlúthú agus chun tubaiste a chosc]; Foreign Affairs, eag. 100, uimh. 4, Iúil/Lúnasa 2021, lgh. 10-19.

(43)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 3, lch. 41.

(44)  Le fáil ag: https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(45)  Na Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua: www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(46)  Financial Times (2020) - Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise, le fáil ag: https://on.ft.com/3mYxP4j (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(47)  Féach an méid seo a leanas: http://www.lomonbillions.com/newsinfo/10911/32246; https://www.sohu.com/a/293150452_698242; https://vip.stock.finance.sina.com.cn/corp/view/vCI_CorpManagerInfo.php?stockid=002601&Pcode=30749532&Name=%D5%C5%B8%D5 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(48)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 50.

(49)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 na cuideachta, lch. 33 agus ina dhiaidh sin.

(50)  Féach http://www.lomonbillions.com/newsinfo/10911/13846 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(51)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 14, Ranna 14.1 go 14.3.

(52)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 4, lgh. 56-57, 99-100.

(53)  Féach http://www.xinhuanet.com/2021-03/13/c_1127205564.htm – Roinn III.8.3 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(54)  Féach https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_4ef438217a4548cb98c2d7f4f091d72e.html – An chéad chuid, Ceanglais Ghinearálta (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(55)  Ibid. – An chéad chuid, Príomhchuspóirí.

(56)  Ibid. – An dara cuid, Leibhéal na nuálaíochta agus na forbartha a fheabhsú.

(57)  Maidir le modh an phróisis aigéid shulfaraigh, féach Catalóg Treorach 2024, lch. 88 (i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2024) atá ar fáil ag https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/fzggwl/202312/P020231229700886191069.pdf ( arna rochtain an 30 Aibreán 2024). Liostaíodh an modh sin mar mhodh srianta i gCatalóg Treorach 2019, lch. 84 freisin. Maidir le modh an phróisis clóiríde, féach Catalóg Treorach 2019, lch. 15 (i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir 2024), atá ar fáil ag https://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(58)  Le fáil ag: http://gxt.jiangsu.gov.cn/art/2021/8/25/art_83673_10000511.html (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(59)  Ibid.

(60)  Ibid.

(61)  Féach https://www.shenqiu.gov.cn/p_detail_12649.html – Roinn II.2.5 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(62)  Féach https://www.sc.gov.cn/10462/10464/10797/2021/12/8/74e1f8013f874f5c9e2f2a2aafd4141b.shtml (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(63)  Féach https://h5.drcnet.com.cn/docview.aspx?version=integrated&docid=6718774&leafid=3046&chnid=1024 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(64)  Féach https://www.cxz.gov.cn/info/egovinfo/1001/xxgkxt_content/115323000151673132-/2022-06110032.htm – Roinn II.2 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(65)  Ibid. – Roinn II.2.4.

(66)  Táirgí eile a bhaineann le tíotáiniam is ea spúinse tíotáiniam neamhbhrionnaithe, tíotáiniam neamhshaoirsithe eile, púdar tíotáiniam agus dramhaíl agus fuíoll tíotáiniam. Féach anCatalóg Earraí faoi réir Ceadúnú Onnmhairiúcháin, lch. 17, arna fhoilsiú go bliantúil ag MOFCOM agus atá le fáil aghttp://images.mofcom.gov.cn/wms/202212/20221230211147281.pdf (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(67)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 12, lgh. 343-344.

(68)  Féach https://hd.chinatax.gov.cn/nszx2023/cktslcx2023.html (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(69)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 171-179.

(70)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 260-261.

(71)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 257-260.

(72)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 9, lgh. 252-254.

(73)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 13, lgh. 360-361, 364-370.

(74)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 13, lch. 366.

(75)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 13, lgh. 370-373.

(76)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 137-140.

(77)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 146-149.

(78)  Féach https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2021- 12/29/5665166/comhaid/90c1c79a00b44b67b59c29392476c862.pdf - Roinn IV(III) (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(79)  Féach https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yj/art/2022/art_4ef438217a4548cb98c2d7f4f091d72e.html – An tOchtú Roinn, Coimircí eagraíochtúla a neartú (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(80)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lch. 149.

(81)  Féach doiciméad beartais oifigiúil Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne an 28 Lúnasa 2020: Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na hearnála baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022):http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 (arna rochtain an 30 Aibreán 2024). Tugtar treoir sa Phlean ‘ an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping a chur chun feidhme a thuilleadh maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’ . Thairis sin, is é is aidhm do Roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí i rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘ déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a dhéanamh ar bhonn níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta […] Ní mór do Choiste an Pháirtí saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a phlé sula gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach iad’.

(82)  Féach Fógra CBIRC maidir le modh meastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála, arna eisiúint an 15 Nollaig 2020. http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(83)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 157-158.

(84)  Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 6, lgh. 150-152, 156-160, 165-171.

(85)  ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: An tSín 2019, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 29, le fáil ag:

Https://doi.org/10.1787/eco_surveys-chn-2019-ga (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(86)   http://www.gov.cn/xinwen/2020-04/20/content_5504241.htm (arna rochtain an 30 Aibreán 2024).

(87)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(88)   https://www.tzmi.com

(89)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe, IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(90)   https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=destaques

(91)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(92)   https://connect.ihsmarkit.com,/ http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(93)   http://www.macmap.org

(94)  I bpraghas na clóiríde siorcóinile, chuir an Coimisiún ocsaídí clóiríde siorcóiniam agus ocsaídí clóiríde eile san áireamh, toisc nach raibh praghsanna allmhairiúcháin ocsaídí clóiríde siorcóiniam ionadaíoch ar leithligh.

(95)   https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=resultados

(96)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(97)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(98)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(99)  Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(100)   https://www.fastmarkets.com/login

(101)   https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=destaques

(102)   https://www.ibge.gov.br/en/statistics/economic/prices-and-costs/17136-national-consumer-pricce-index.html?edicao=36055&t=downloads

(103)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(104)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2023-1/ingles

(105)   https://www1.eere.energy.gov/manufacturing/tech_assistance/pdfs/steam15_benchmark.pdf (arna rochtain go deireanach an 22 Aibreán 2024) Tagraíonn an mhodheolaíocht do chostas na gaile sáithithe le haghaidh luachanna tipiciúla an bhrú oibriúcháin agus theocht na fothuisce. Agus an mhodheolaíocht á cur i bhfeidhm, baineadh úsáid as meán na luachanna tipiciúla sin.

(106)   https://www.tronox-ri.com.br/informacoes-financeiras/central-de-resultados/

(107)  Aithris (352) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí d’alcól polaivinile áirithe ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1).

(108)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/176 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2016 lena gcuirtear deireadh leis an imeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus arna dtáirgeadh ag Hangzhou Bioking Biochemical Engineering Co. Ltd, IO L, 33/14, 10.2.2016, lch. 14

(109)   Ibid., aithrisí (140) agus (141)

(110)  Preaseisiúint Venator, ‘Fógraíonn Venator Plean Gnó Claochlaitheach agus tá sé Beartaithe aige Táirgeadh TiO2 in Duisberg na Gearmáine a Dhúnadh’, an 1 Feabhra 2024, le fáil ag: https://www.venatorcorp.com/%7E/media/Files/V/Venator/press-releases/press-release-fv-eng.pdf, an 29 Bealtaine 2024 a tugadh cuairt air go deireanach

(111)  Tuarascáil TZMI Samhain 2021, ar fáil ar shíntiús

(112)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2012 lena gcuirtear deireadh leis an nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí próitéine soighe tiubhaithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. IO L 168/38, 28.6.2012 lch. 38, ).

(113)   Ibid., aithrisí (129) – (139)

(114)  Rialachán (AE) 2022/63 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbreiseán bia dé-ocsaíd tíotáiniam (E 171), (IO L 11 an 18. 1. 2022, lch. 1).

(115)  Féach, mar shampla, Tuarascáil Ghnó Neamhiniúchta ó Cinkarne Celje sa tréimhse Eanáir-Meán Fómhair 2023, lch. 16, le fáil ag: https://www.cinkarna.si/uploads/Objave/2023/Unaudited_Business_Report_Of_Cinkarne_Celje_for_The_Period_Jan_Sep_2023.pdf, arna rochtain an uair dheireanach an 28 Bealtaine 2024; Tuarascáil ráithe chomhdhlúite ó Grupa Azoty Zakłady Chemiczne le haghaidh R1 2023, lch. 56, le fáil ag: https://zchpolice.grupaazoty.com/upload/4/files/2023/Grupa_Azoty_Police_Skonsolidowany_Raport_za%20_I_kwartal_2023_clean.docx_f....pdf, arna rochtain an uair dheireanach an 28 Bealtaine 2024; Tuarascáil ráithe chomhdhlúite ó Grupa Azoty Zakłady Chemiczne le haghaidh R3 2023, lch. 58, le fáil ag: https://zchpolice.grupaazoty.com/upload/4/files/2023/IR/3Q/EN/Grupa_Azoty_Police_Skonsolidowany_Raport_za%20_III_kwartal_2023.docx_clean....pdf, (arna rochtain an uair dheireanach an 28 Bealtaine 2024).

(116)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 2023/2659, 28.11.2023 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2659/oj), aithris 275.

(117)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2120 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaíde mangainéise leictrealaíocha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 2023/2120, 13.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2120/oj)

(118)  Ríomh an Coimisiún brabúsacht ionadach le haghaidh na deighleoige gnó a bhaineann le TiO2 ar bhonn na difríochta idir costas táirgthe tuairiscithe Flint agus ioncam na dtáirgí ina bhfuil TiO2. Rinne an Coimisiún an méadú ar na costais táirgthe sin a ionsamhlú ansin trí luach TiO2 a fuarthas ón tSín a mhéadú leis an meánchorrlach frithdhumpála agus ríomh sé brabús ionadach nua ar an mbonn sin. Cuireadh an difríocht céatadáin idir an dá bhrabús ionadacha i bhfeidhm maidir leis an mbrabúsacht tuairiscithe iarbhír i ndeighleog TiO2 den ghnó chun tionchar na ndleachtanna ar an mbrabús a mheas.


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

ANHUI ANNADA TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

89CO

Daon-Phoblacht na Síne

CITIC TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

89CP

Daon-Phoblacht na Síne

Chongqing Titanium Industry Co., Ltd. of Pangang Group

89CQ

Daon-Phoblacht na Síne

GUANGXI BLUESTAR DAHUA CHEMICAL CO.,LTD.

89CR

Daon-Phoblacht na Síne

GUANGXI JINMAO TITANIUM CO., LTD

89CS

Daon-Phoblacht na Síne

GUANGDONG HUIYUN TITANIUM INDUSTRY CORPORATION LIMITED

89CT

Daon-Phoblacht na Síne

Guangfeng Titanium Co., Ltd.

89CU

Daon-Phoblacht na Síne

Hebei Milson Titanium Dioxide Co.,Ltd

89CV

Daon-Phoblacht na Síne

Jinan Yuxing Chemical Co.,Ltd

89CW

Daon-Phoblacht na Síne

KUNMING DONGHAO TITANIUM CO., LTD.

89CX

Daon-Phoblacht na Síne

Nanjing Titanium Dioxide Chemical Co., Ltd.

89CY

Daon-Phoblacht na Síne

NINGBO XINFU TITANIUM DIOXIDE CO.,LTD

89CZ

Daon-Phoblacht na Síne

PANZHIHUA DARUI TECHNOLOGY CO.,LTD.

89DA

Daon-Phoblacht na Síne

PANZHIHUA DONGFANG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

89DB

Daon-Phoblacht na Síne

PANZHIHUA KAIHAO TECHNOLOGY CO., LTD.

89DC

Daon-Phoblacht na Síne

Pangang Group Titanium Industry Co., Ltd

89DD

Daon-Phoblacht na Síne

SHANDONG XIANGHAI TITANIUM CO., LTD.

89DE

Daon-Phoblacht na Síne

SHANDONG DAWN TITANIUM INDUSTRY CO., LTD.

89DF

Daon-Phoblacht na Síne

SHANDONG DOGUIDE GROUP CO., LTD.

89DG

Daon-Phoblacht na Síne

SHANDONG JINHAI TITANIUM RESOURCES TECHNOLOGY CO., LTD.

89DH

Daon-Phoblacht na Síne

Xuzhou Titanium Dioxide Chemical Co., Ltd.

89DI

Daon-Phoblacht na Síne

Yibin Tianyuan Haifeng Hetai Co., Ltd

89DJ

Daon-Phoblacht na Síne

YUNNAN DAHUTONG TITANIUM INDUSTRY CO., LTD

89DK


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1923/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top