This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1825
Commission Regulation (EU) 2024/1825 of 1 July 2024 on the introduction and management of tariff-rate quota for sugar resulting from Regulation (EU) 2024/1392 of the European Parliament and of the Council on temporary trade-liberalisation measures supplementing trade concessions applicable to Ukrainian products under the Association Agreement between the Union and Ukraine
Rialachán (AE) 2024/1825 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 maidir le taraif-chuóta a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh siúcra mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin
Rialachán (AE) 2024/1825 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 maidir le taraif-chuóta a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh siúcra mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin
C/2024/4501
IO L, 2024/1825, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1825/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1825 |
2.7.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1825 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Iúil 2024
maidir le taraif-chuóta a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh siúcra mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 4(7), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de,
Tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, glacadh bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí de chuid na hÚcráine. Le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuireadh ar fionraí na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile agus ar choinníoll go raibh na táirgí a chumhdaítear leis na cuótaí sin lena ligean isteach chun a n-allmhairithe isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim. |
(2) |
Le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392 déantar foráil maidir le beart coimirce uathoibríche d’uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil atá le gníomhachtú má shroicheann méideanna carnacha allmhairí aon cheann de na táirgí sin ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann le linn tréimhse shonrach meán uimhríochtúil faoi seach méideanna allmhairí an táirge sin arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023. |
(3) |
Shroich na méideanna carnacha allmhairí i gcás siúcra ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann an meán uimhriúil faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, méid is ísle ná méid an taraif-chuóta chomhfhreagraigh a cuireadh ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin. Dá bhrí sin, an taraif-chuóta sin a cuireadh ar fionraí agus a bhfuil an tsraithuimhir 09.6703 ag gabháil leis, ba cheart é a thabhairt isteach arís go dtí an 31 Nollaig 2024 agus ba cheart taraif-chuóta atá cothrom le cúig dhódhéagú den mheán uimhríochtúil a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025. |
(4) |
Ba cheart an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bhainistiú bunaithe ar ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht siúcra i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2). |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an chainníocht a allmhairíodh le linn na bliana féilire 2024 a chur san áireamh i mbainistiú na dtaraif-chuótaí sin go dtí an 31 Nollaig 2024. |
(6) |
Chun gníomhú laistigh den sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(7) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1392 go dtí an 5 Meitheamh 2025, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an dáta céanna, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.6704 ag gabháil leis, a cuireadh ar fionraí de bhua Airteagal 1(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392, tugtar isteach an athuair é go dtí an 31 Nollaig 2024.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn agus a tugadh isteach ón 1 Eanáir 2025 i gcomhréir le hAirteagal 4(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392 laistigh den teorainn chainníochtúil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear ann.
Airteagal 3
Déanfaidh an tAontas an taraif-chuóta ráta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht siúcra mar a leagtar síos in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 4
Chun tairbhiú de tharaif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, comhlíonfaidh na táirgí na rialacha maidir le tionscnamh táirgí dá bhforáiltear i bPrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 an 24 Samhain 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
Sraithuimhir |
09.6728 |
Tuairisc ar an táirge |
Siúcra |
Cóid AC |
1701 12 1701 91 1701 99 1702 20 10 1702 90 30 1702 90 50 1702 90 71 1702 90 75 1702 90 79 1702 90 80 1702 90 95 |
Tionscnamh |
an Úcráin |
Cainníocht |
109 438 620 kg |
Tréimhse taraif-chuótaí |
1 Eanáir 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2025 |
Fothréimhsí taraif-chuótaí |
Neamhbhainteach |
Cruthúnas tionscnaimh |
Is ann dó. Éileamh ar chóir fhabhrach i gcomhréir le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile |
Dleacht chustaim laistigh den chuóta |
EUR 0 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1825/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)