Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1820

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1820 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na táblaí mapála ina sonraítear leithdháileadh mheasúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2024/4431

    IO L, 2024/1820, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1820/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1820/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1820

    2.7.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1820 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Iúil 2024

    lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na táblaí mapála ina sonraítear leithdháileadh mheasúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (1), agus go háirithe Airteagal 109a(1), an tríú fomhír, di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún (2), sonraítear an comhfhreagras idir na measúnuithe creidmheasa ábhartha arna n-eisiúint ag institiúid sheachtrach um measúnú creidmheasa (‘ISMC’) agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (3) (‘measúnuithe creidmheasa seachtracha’).

    (2)

    Ó rinneadh na leasuithe is déanaí a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2006 ón gCoimisiún (4), tá athrú tagtha ar na fachtóirí cainníochtúla agus cáilíochtúla is bonn leis na measúnuithe creidmheasa ar roinnt mapálacha san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 mar gheall ar an bhfaisnéis chainníochtúil bhreise a bailíodh agus na forbairtí cáilíochtúla a chláraigh roinnt ISMCanna. Sa bhreis air sin, rinne roinnt ISMCanna a gcuid measúnuithe creidmheasa a leathnú chuig deighleoga nua den mhargadh, agus rinneadh scálaí nua rátála agus cineálacha nua rátála creidmheasa mar iarmhairt air sin. Is gá, dá bhrí sin, mapálacha na ISMCanna lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2006, díchláraíodh trí ISMC ar soláthraíodh mapáil ina leith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a leasú chun mapáil na ISMCanna díchláraithe a bhaint.

    (4)

    Maidir le dhá ISMC atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus ar soláthraíodh mapáil ina leith i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800, d’athraigh siad a n-ainmneacha agus leasaigh ISMC cláraithe amháin na siombailí a úsáidtear chun catagóirí rátála a scálaí rátála a chur in iúl. Dá bhrí sin, is gá an mhapáil le haghaidh na ISMCanna sin a leasú chun na hathruithe ar ainmneacha agus na siombailí a úsáideann na ISMCanna sin faoi láthair a léiriú.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a leasú dá réir sin.

    (6)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha faoi bhráid an Choimisiúin.

    (7)

    Rinne Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 mar a leanas:

    Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le leithdháileadh mheasúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 12.10.2016, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1800/oj).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/35/oj).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2006 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh mheasúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 407, 17.11.2021, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2006/oj).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1060/oj).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN

    Measúnaithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa

    Céim cáilíochta creidmheasa

    0

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    A.M. Best (EU) Rating Services B.V.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

    aaa

    aa, aa-

    a+, a, a-

    bbb+, bbb, bbb-

    bb+, bb, bb-

    b+, b, b-

    ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, e, f, s

    Scála rátála fadtéarmach eisiúna

    aaa

    aa, aa-

    a+, a, a-

    bbb+, bbb, bbb-

    bb+, bb, bb-

    b+, b, b-

    ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, s

    Scála rátála láidreachta airgeadais

    A++

    A+

    A, A-

    B++, B+

    B, B-

    C++, C+

    C, C-, D, E, F, S

    Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

     

    AMB-1+

    AMB-1-

    AMB-2,

    AMB-3

    AMB- 4, d, e, f, s

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

     

    AMB-1+

    AMB-1-

    AMB-2,

    AMB-3

    AMB- 4, d, s

     

     

    ARC Ratings S.A.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisitheoirí

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála um Chritéir Rátála Láidreachta Airgeadais Árachais

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála gearrthéarmach eisitheoirí

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, D

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, D

     

     

    ASSEKURATA Assekuranz Rating-Agentur GmbH

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC/C, D

    Scála rátála corparáideach gearrthéarmach

     

    A++

    A

     

    B, C, D

     

     

    Banque de France

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa ANACOT fadtéarmach domhanda eisitheora

     

    1+

    1, 1-

    2+, 2, 2-

    3+, 3, 3-, 4+, 4, 4-, 5+

    5, 5-, 6+, 6, 6-

    7, 8, P

    BCRA – Credit Rating Agency AD

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála gearrthéarmach domhanda

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, D

     

     

    Scála fadtéarmach cuideachta árachais pinsin

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála gearrthéarmach cuideachta árachais-pinsin

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, D

     

     

    Scála fadtéarmach ciste pinsin

    AAA pf

    AA pf

    A pf

    BBB pf

    BB pf

    B pf

    C pf

    Capital Intelligence Ratings Ltd

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    C, RS, SD, D

    Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    C, RS, SD, D

    Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisitheora

     

    A1+

    A1

    A2, A3

    B, C, RS, SD, D

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisiúna

     

    A1+

    A1

    A2, A3

    B, C, D

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

     

    A1+

    A1

    A2, A3

    B, C, RS, SD, D

     

     

    Cerved Rating Agency S.p.A.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach corparáideach

    A1.1

    A1.2, A1.3

    A2.1, A2.2, A3.1

    B1.1, B1.2

    B2.1, B2.2

    C1.1

    C1.2, C2.1

    Scála rátála gearrthéarmach corparáideach

     

    S-1

    S-2

    S-3

    V-1, R-1

     

     

    Creditreform Rating AG

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    C, SD, D

    Scála rátála fadtéarmach eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    C, D

    Scála rátála gearrthéarmach

     

    L1

    L2

    L3

    NEL, D

     

     

    CRIF Ratings S.r.l.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D1S, D

    Scála rátála fadtéarmach eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, DS

    Scála rátála FBM

    SME1

    SME2

     

    SME3

    SME4

    SME5, SME6

    SME7, SME8

    Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

     

    IG-1

     

    IG-2

    SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

     

    IG-1

     

    IG-2

    SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

     

     

    DBRS Ratings GmbH

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach oibleagáidí

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála gearrthéarmach páipéir tráchtála agus fiachais

     

    R-1 H, R-1 M

    R-1 L

    R-2, R-3

    R-4, R-5, D

     

     

    Scála rátála láidreachta airgeadais

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, R

    Scála rátála maidir le caillteanas ionchasach

    AAA(el)

    AA(el)

    A(el)

    BBB(el)

    BB(el)

    B(el)

    CCC(el), CC(el), C(el)

    Egan-Jones Ratings Co.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

     

    A-1+

    A-1

    A-2

    A-3, B, C, D

     

     

    EthiFinance S.L. (Axesor Risk Management S.L. roimhe seo)

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála gearrthéarmach domhanda

     

    EF1+

     

    EF1, EF2

    EF3, EF4 EF5

     

     

    EuroRating Sp. z o.o.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Fitch Ratings Ireland Limited

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála mainneachtana fadtéarmach eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, RD, D

    Oibleagáidí maidir le hairgeadas corparáideach - Scála rátála fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C

    Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta Láidreachta Airgeadais Árachóra

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C

    Scála rátála contrapháirtí díorthaigh

    AAA dcr

    AA dcr

    A dcr

    BBB dcr

    BB dcr

    B dcr

    CCC dcr, CC dcr, C dcr, RD dcr, R dcr

    Scála rátála gearrthéarmach

     

    F1+

    F1

    F2, F3

    B, C, RD, D

     

     

    Scála rátála gearrthéarmach IFS

     

    F1+

    F1

    F2, F3

    B, C

     

     

    GBB-Rating Gesellschaft für Bonitätsbeurteilung GmbH

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    HR Ratings de México, S.A. de C.V.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    HR AAA(G)

    HR AA(G)

    HR A(G)

    HR BBB(G)

    HR BB(G)

    HR B(G)

    HR C(G)/HR D(G)

    Scála rátála gearrthéarmach domhanda

    HR+1(G)

    HR1(G)

    HR2(G)

    HR3(G)

    HR4(G), HR5(G), HR D(G)

     

     

    ICAP CRIF S.A. (ICAP S.A. roimhe seo)

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B, CCC

    CC, C, D

    Scála rátála fadtéarmach domhanda eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B, CCC

    CC, C, D

    INBONIS SA

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Japan Credit Rating Agency Ltd

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, LD, D

    Scála rátála fadtéarmach eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

     

    J-1+

    J-1

    J-2

    J-3, NJ, LD, D

     

     

    Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

     

    J-1+

    J-1

    J-2

    J-3, NJ, D

     

     

    Kroll Bond Rating Agency Europe

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

     

    K1+

    K1

    K2, K3

    B, C, D

     

     

    Scála rátála Láidreachta Airgeadais Árachais

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    modeFinance S.r.l.

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    A1

    A2

    A3

    B1

    B2

    B3

    C1, C2, C3, D

    Moody’s Investors Service

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach domhanda

    Aaa

    Aa

    A

    Baa

    Ba

    B

    Caa, Ca, C

    Scála rátála gearrthéarmach domhanda

     

    P-1

    P-2

    P-3

    NP

     

     

    Nordic Credit Rating AS

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D, SD

    Scála rátála gearrthéarmach

     

    N1

    N2

    N3

    N4, N5, N6

     

     

    Scope Ratings GmbH

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála fadtéarmach

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D/SD

    Scála rátála gearrthéarmach

     

    S-1+

    S-1

    S-2

    S-3, S-4, D/SD

     

     

    S&P Global Ratings Europe Limited

     

     

     

     

     

     

     

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, R, SD/D

    Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisiúna

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, C, D

    Scála rátála láidreachta airgeadais árachóra

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, SD/D, R

    Rátálacha fadtéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

    AAA

    AA

    A

    BBB

    BB

    B

    CCC, CC, SD, D

    Scála rátála Meastóireachta Meánmhargaidh

     

     

    MM1

    MM2

    MM3, MM4

    MM5, MM6

    MM7, MM8, MMD’

    Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach eisitheora

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, R, SD/D

     

     

    Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, D

     

     

    Rátálacha gearrthéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

     

    A-1+

    A-1

    A-2, A-3

    B, C, SD/D

     

     


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1820/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top