EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1808

Rialachán (AE) 2024/1808 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i mbia

C/2024/4432

IO L, 2024/1808, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1808/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1808/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1808

2.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1808 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i mbia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit, i mbia.

(2)

Ón 1 Iúil 2024, de bhun phointí 1.8.1.2, 1.8.2.1 agus 1.8.2.3 den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, tá feidhm le bheith ag na huasleibhéil níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte agus alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh.

(3)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na n-uasleibhéal níos ísle sin agus chun na leibhéil sin a mheasúnú i bhfianaise na n-athruithe i gcleachtais talmhaíochta agus i dtosca aeráide agus timpeallachta freisin.

(4)

Tar éis mionscrúdú a bheith déanta ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil sé indéanta, de thoradh ar mhéadú ar leitheadúlacht scléaróití eargóit agus alcalóideach eargóit i ngráin mar gheall ar dhálaí aeráide, na huasleibhéil níos ísle a bhaint amach faoi láthair le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte agus le haghaidh alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála cruithneachta (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí cur i bhfeidhm na n-uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte a chur siar ar feadh bliain amháin agus le haghaidh alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála cruithneachta (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh is iomchuí é a chur siar ar feadh 4 bliana.

(6)

Chun aistriú réidh a éascú agus gan cur isteach ar thrádáil bia ó ghráin a bhaintear roimh na dátaí a bheidh feidhm ag na huasleibhéil níos ísle, féadfar bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh na dátaí sin agus a chomhlíonann na huasleibhéil is infheidhme ar an lá a chuirtear ar an margadh iad, féadfar iad a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Féadfar bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (n) a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga:’;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(l)

an 1 Iúil 2024 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh eargóit a leagtar amach i bpointe 1.8.2.1 d’Iarscríbhinn I;

(m)

an 1 Iúil 2025 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh scléaróití eargóit a leagtar amach i bpointe 1.8.1.2 d’Iarscríbhinn I;

(n)

an 1 Iúil 2028 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh eargóit a leagtar amach i bpointí 1.8.2.1a agus 1.8.2.3 d’Iarscríbhinn I;’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/315/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:

(1)

san iontráil maidir le scléaróití eargóit sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.8.1.2:

‘1.8.1.2

Gráin seagail neamhphróiseáilte

0,5

0,2 ón 1 Iúil 2025’

 

(2)

san iontráil maidir le halcalóidigh eargóit sa tábla, leasaítear pointe 1.8.2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.8.2.1:

‘1.8.2.1

Táirgí muilleála eorna, speilte agus coirce (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim)

100

50 ón 1 Iúil 2024’;

 

(b)

cuirtear an pointe 1.8.2.1a seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1.8.2.1:

‘1.8.2.1a

Táirgí muilleála cruithneachta (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim)

100

50 ón 1 Iúil 2028’;

 

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.8.2.3:

‘1.8.2.3

Táirgí muilleála seagail

Seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

500

250 ón 1 Iúil 2028’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1808/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top