Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1787

    Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/86/2023/REV/1

    IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1787

    15.7.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1787 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Meitheamh 2024

    maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá an meatán ar an dara gás is mó, seachas dé-ocsaíd charbóin (CO2), a chuireann leis an athrú aeráide agus is é is cúis le timpeall aon trian den téamh atá ag tarlú faoi láthair. Tá ardú géar tagtha ar mhéid an mheatáin san atmaisféar ar bhonn domhanda le 10 mbliana anuas.

    (2)

    D’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), arna chruthú faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe, sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta uaidh an cinneadh go bhfuil gá le laghduithe móra ar astaíochtaí antrapaigineacha meatáin faoi 2030 chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC. Léirítear sa tuarascáil sin, cé go bhfuil meánaga cónaithe an atmaisféarach níos giorra ag meatán ná CO2, 10 mbliana go 12 bhliain i gcomparáid leis na céadta bliain, go bhfuil a iarmhairt ceaptha teasa thar thréimhse 20 bliain os cionn 80 oiread níos suntasaí ná CO2. Go háirithe, de réir IPCC, cé go bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda 29,8 n-oiread níos mó ag meatán ná mar atá ag CO2 ar scála ama 100 bliain, tá sé 82,5 oiread níos láidre ar scála ama 20 bliain.

    (3)

    Dealraíonn sé ón tuarascáil dar teideal Air quality in Europe — 2020 [Cáilíocht an Aeir san Eoraip — 2020] ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil gur gás réamhtheachtach é meatán d’ózóin ar leibhéal na talún agus go gcuireann sé le truailliú aeir. Trí dhul i ngleic le hastaíochtaí meatáin, thabharfaí aghaidh ní hamháin ar an gcomhshaol agus ar an aeráid ach chuirfí feabhas freisin ar chosaint shláinte an duine.

    (4)

    De réir na meastachán is déanaí ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) agus ón gComhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Glain (CCAC), le laghduithe 45 % ar astaíochtaí meatáin faoi 2030, ar bhonn na mbeart spriocdhírithe infhaighte agus na mbeart breise i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, d’fhéadfaí 0,3 oC den téamh domhanda a chosc faoi 2045.

    (5)

    De réir sheirbhís sonraí ar líne ‘World Energy Balances’ [Comharduithe fuinnimh an domhain] na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, is é an tAontas an t-allmhaireoir fuinnimh iontaise is mó ar domhan, agus dá réir sin, imríonn sé ról tábhachtach maidir le hastaíochtaí meatáin domhanda a spreagadh.

    (6)

    Nasctar le chéile sa Chomhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráid neodracht a bhaint amach san Aontas ar a dhéanaí faoi 2050. Sa Teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, shonraigh an Coimisiún go ndéanfaí dícharbónú na hearnála gáis a éascú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar saincheist na n-astaíochtaí meatáin a bhaineann le fuinneamh. I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú (‘an Straitéis um Meatán’) ina leagtar amach bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas, lena n-áirítear in earnáil an fhuinnimh, agus ar an leibhéal domhanda. Leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach ar fud an gheilleagair ar a dhéanaí faoi 2050 agus bunaítear sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030. Tuigtear ón measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin seo gur féidir, faoi thoimhdí na rogha beartais tosaíochta le haghaidh an togra reachtaigh maidir le meatán in éineacht le toimhdí an phacáiste reachtaigh ‘Oiriúnach do 55’, 77 % de na hastaíochtaí meatáin uile a bhaineann le hola, gás agus gual atá réamh-mheasta do 2030 a laghdú go héifeachtach ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de. Chuideodh sé sin leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC agus chuirfeadh sé ar chumas an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta go héifeachtach maidir le hastaíochtaí meatáin a chomhrac agus a shlándáil fuinnimh a neartú.

    (7)

    Áirítear astaíochtaí meatáin le raon feidhme spriocanna an Aontais do laghduithe ar gháis cheaptha teasa do 2030, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus sna spriocanna náisiúnta ceangailteacha chun astaíochtaí a laghdú de réir Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Níl aon chreat dlíthiúil de chuid an Aontais ann faoi láthair áfach, ina leagtar amach bearta sonracha chun astaíochtaí meatáin antraipigineacha in earnáil an fhuinnimh a laghdú. Ina theannta sin, cé go gcumhdaítear astaíochtaí meatáin ó scagadh na hola mianraí agus an gháis i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ní chumhdaítear astaíochtaí meatáin ó ghníomhaíochtaí eile in earnáil an fhuinnimh.

    (8)

    Sa chomhthéacs seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú in ola agus gás iontaise réamhtheachtach, lena n-áirítear taiscéalaíocht agus táirgeadh réamhtheachtach, i dtoibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, i mbailiú agus próiseáil gáis iontaise, i dtarchur, dáileadh agus stóráil faoi thalamh gáis, agus i saoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL). Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le mianaigh ghníomhacha ghuail faoi thalamh agus mianaigh ghuail dhromchla, agus maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh atá dúnta nó tréigthe.

    (9)

    Na rialacha maidir le tomhas cruinn, faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin sna hearnálacha ola, gáis agus guail, chomh maith le rialacha maidir le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití (LDAR) agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh, agus cosaint oibrithe ar astaíochtaí meatáin á háirithiú, ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu le creat dlíthiúil iomchuí an Aontais. Leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart trédhearcacht a fheabhsú maidir le hallmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas, agus ba cheart dóibh cur le glacadh níos forleithne na réiteach maolaithe astaíochtaí meatáin ar fud na cruinne amach anseo. Ba cheart tréimhse ama 20 bliain agus 100 bliain a úsáid maidir leis an bpoitéinseal téimh dhomhanda.

    (10)

    Is dócha go mbeidh infheistíochtaí ó eintitis rialáilte de dhíth ar mhaithe le comhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus ba cheart go gcuirfí na costais a bhainfeadh leis na hinfheistíochtaí sin san áireamh agus taraifí á gcomhshocrú, faoi réir phrionsabail na héifeachtúlachta. Níor cheart go mbeadh ualach airgeadais díréireach ar úsáideoirí deiridh agus ar thomhaltóirí mar thoradh ar na costais riachtanacha.

    (11)

    Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil amháin ar a laghad a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapachán mar sin agus faoi aon athruithe air sin. Ba cheart acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha a sholáthar do na húdaráis inniúla sin agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar dóibh go sonrach. Ba cheart do na húdaráis inniúla pointe teagmhála a bhunú. Agus tréithe trasteorann na n-oibríochtaí agus na n-astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh á gcur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla líonra údarás inniúil a bhunú le chéile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm chun dlúthchomhar a chothú, leis na socruithe riachtanacha ann chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh.

    (12)

    Chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear athchóirithe lena gcuirtear laghdú astaíochtaí meatáin chun cinn in earnáil an fhuinnimh. D’fhéadfadh neartú na hacmhainneachta riaracháin, comhchuibhiú na gcreataí reachtacha agus comhroinnt na ndea-chleachtas ábhartha, mar shampla, a bheith ag baint leis an tacaíocht theicniúil.

    (13)

    Chun feidhmiú chúraimí na n-údarás inniúla a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí, do ghnóthais, d’oibreoirí mianaigh agus d’allmhaireoirí an cúnamh go léir is gá a sholáthar do na húdaráis sin. Ina theannta sin, ba cheart d’oibreoirí, do ghnóthais, d’oibreoirí mianaigh agus d’allmhaireoirí gach gníomhaíocht riachtanach a ghlacadh atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó d’aon tréimhse eile a chomhaontaítear leis na húdaráis inniúla.

    (14)

    Ba cheart cigireachtaí a bheith ar cheann de na príomhshásraí a bheadh ar fáil do na húdaráis inniúla, lena n-áireofaí iniúchadh ar dhoiciméadacht agus taifid, tomhais astaíochtaí agus cigireachtaí ar an láthair. Ba cheart go dtarlódh na cigireachtaí ar bhonn tráthrialta, ar bhonn breithmheasa ar na rioscaí, mar shampla rioscaí comhshaoil, a bhaineann le gach láithreán, arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla na sásraí rialaithe seanbhunaithe agus na dea-chleachtais atá ar fáil dóibh a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart cigireachtaí a chur i gcrích chun gearáin chuí-réasúnaithe agus tarluithe neamh-chomhlíontachta a imscrúdú, agus chun a áirithiú go ndéanfaí deisiúcháin nó athsholáthairtí comhpháirteanna agus bearta maolúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, chomh maith le seiceáil rialta a dhéanamh féachaint an bhfuil allmhaireoirí ag comhlíonadh an Rialacháin seo. I gcás ina sainaithníonn na húdaráis inniúla sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh fógra a eisiúint maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó an ag an allmhaireoir. De rogha air sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith ábalta cinneadh a dhéanamh iarraidh ar an oibreoir, ar an ngnóthas, ar an oibreoir mianaigh nó ar an allmhaireoir sraith beart ceartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a chur faoina mbráid lena bhformheas. Ba cheart d’údaráis inniúla taifid a choinneáil ar na cigireachtaí agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (15)

    Chun a thromchúisí atá sárú ar an Rialachán seo a chinneadh, ba cheart do na húdaráis inniúla an damáiste don chomhshaol agus an tionchar ar shábháilteacht agus ar shláinte an duine a mheas, chomh maith leis an dóchúlacht go ndéanfaidh an sárú difear suntasach d’iontaofacht agus stóinseacht sonraí sna hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe faoin Rialachán seo.

    (16)

    I bhfianaise chomh cóngarach agus atá roinnt foinsí astaíochtaí meatáin do limistéir uirbeacha nó chónaitheacha agus i bhfianaise a dtionchair ar an tsláinte, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, ba cheart go mbeadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha in ann gearáin chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfaí an Tairseach Eorpach don r-Cheartas a úsáid chun faisnéis ábhartha a óstáil, mar a chuireann na Ballstáit ar fáil í, go háirithe sonraí teagmhála na n-údarás inniúil, na céimeanna is tábhachtaí den nós imeachta gearáin, chomh maith leis na cearta agus na rialacha bunúsacha atá le leanúint. Ba cheart do na húdaráis inniúla gearánaigh a choimeád ar an eolas faoin nós imeachta agus faoi na cinntí a glacadh, agus ba cheart do ghearánaigh cinneadh críochnaitheach a fháil laistigh d’achar réasúnach tar éis an gearán a thaisceadh.

    (17)

    Le creat fíorúcháin láidir, cuirtear feabhas ar chreidiúnacht na sonraí tuairiscithe. Ina theannta sin, éilítear le leibhéal mionsonraí agus le castacht theicniúil na dtomhas astaíochtaí meatáin go ndéantar fíorú ceart ar shonraí astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí. Cé gur féidir féinfhíorú a dhéanamh, is le fíorú tríú páirtí a áirithítear neamhspleáchas agus trédhearcacht níos mó. Ina theannta sin, éascaítear tacar comhchuibhithe inniúlachtaí agus leibhéal saineolas nach mbeadh ar fáil do gach eintiteas poiblí seans. Ba cheart do na comhlachtaí creidiúnúcháin na fíoraitheoirí a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) nó iad a údarú ar shlí eile a bheidh inchomparáide le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart d’fhíoraitheoirí neamhspleácha a áirithiú dá réir go bhfuil na tuarascálacha astaíochtaí arna n-ullmhú ag oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí ceart agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na gníomhaíochtaí fíorúcháin a ailíniú leis na caighdeáin agus modheolaíochtaí ábhartha Eorpacha nó le caighdeáin agus modheolaíochtaí ábhartha idirnáisiúnta eile le haghaidh fíoraitheoirí agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál na ngníomhaíochtaí fíoraithe. Ba cheart do na fíoraitheoirí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí sna tuarascálacha astaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na sonraí. Chun cruinneas na sonraí a áirithiú, ba cheart d’fhíoraitheoirí, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha láithreáin fógartha agus gan réamhfhógra a dhéanamh. Ba cheart do na fíoraitheoirí a bheith éagsúil leis na húdaráis inniúla, agus ba cheart go mbeidís neamhspleách ar na hoibreoirí, ar na gnóthais, ar na hoibreoirí mianaigh agus ar na hallmhaireoirí, ar cheart dóibh gach cúnamh is gá a sholáthar dóibh chun gníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe maidir le rochtain ar na láithreáin agus cur i láthair doiciméadachta nó taifead.

    (18)

    Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún, do na húdaráis inniúla agus d’fhíoraitheoirí féachaint ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil go hidirnáisiúnta, mar shampla ag an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO), go háirithe maidir le modheolaíochtaí um chomhiomlánú sonraí agus anailísiú agus maidir le fíorú modheolaíochtaí agus próisis staidrimh a úsáideann oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí le sonraí ina dtuarascálacha astaíochtaí a chainníochtú. D’fhéadfaí a áireamh leis na critéir thagartha ina leith sin creat tuairiscithe na Comhpháirtíochta Ola agus Meatáin Gáis (OGMP), treoirdhoiciméid theicniúla agus teimpléid tuairiscithe.

    (19)

    Bhunaigh an tAontas IMEO i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomhpháirt le UNEP, le CCAC agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, agus cuireadh i láthair ag Cruinniú Mullaigh G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021 é. Cuireadh de chúram ar IMEO sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin antraipigineacha a bhailiú, a réiteach, a fhíorú agus a fhoilsiú ar leibhéal domhanda. D’fhéadfadh ról a bheith ag IMEO maidir le sár-astaírí a shainaithint trí chóras luathbhraite agus rabhaidh.

    (20)

    Mar pháirtí le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (10) agus le Comhaontú Pháras a glacadh faoi UNFCCC (11) (‘Comhaontú Pháras’), ní mór don Aontas tuarascáil fardail ar astaíochtaí antraipigineacha gáis ceaptha teasa a chur ar fáil go bliantúil arb é a bheidh ann comhiomlánú d’fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa na mBallstát, arna n-ullmhú le modheolaíochtaí dea-chleachtais is inghlactha le IPCC.

    (21)

    Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ar na Ballstáit sonraí fardail gás ceaptha teasa agus a réamh-mheastacháin náisiúnta a thuairisciú don Choimisiún. De bhun an Rialacháin sin, is amhlaidh a dhéanfar an tuairisciú le treoirlínte tuairiscithe UNFCCC, agus is minic a bhíonn sé bunaithe ar fhachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe seachas tomhais dhíreacha ag leibhéal foinse, a bhfuil neamhchinnteachtaí maidir le bunús, minice agus méid na n-astaíochtaí intuigthe leo.

    (22)

    Cuirtear na sonraí tíre arna dtuairisciú de bhun fhorálacha tuairiscithe UNFCCC faoi bhráid rúnaíocht UNFCCC i gcomhréir le leibhéil tuairiscithe éagsúla i gcomhréir le treoirlínte IPCC. Sa chomhthéacs sin, is iondúil go molann IPCC modhanna leibhéal níos airde a úsáid le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí sin a imríonn tionchar suntasach ar fhardal gás ceaptha teasa iomlán tíre i dtéarmaí dearbhleibhéil, dearbhthreochta nó dearbh-neamhchinnteachta.

    (23)

    Le gach leibhéal léirítear leibhéal castachta modheolaíochta éagsúil. Tá trí leibhéal ar fáil. Is iondúil go n-úsáidtear fachtóirí astaíochta réamhshocraithe IPCC le modhanna Leibhéal 1 agus go n-éilítear na sonraí gníomhaíochta is bunúsaí, agus is lú dí-chomhiomlánaithe leo. Úsáidtear modhanna níos ilchasta agus fachtóirí astaíochta foinse-shonracha, teicneolaíocht-sonracha, réigiún-sonracha nó tír-shonracha leis na leibhéil níos airde de ghnáth, ar minic iad a bheith bunaithe ar thomhais, agus is iondúil go n-éilítear sonraí gníomhaíochta níos imdhealaithe leo. Go sonrach, éilíonn leibhéal 2 fachtóirí astaíochta tír-shonracha, seachas cinn réamhshocraithe, a úsáid, cé go n-éilíonn leibhéal 3 sonraí nó tomhais ghléasra de réir gléasra, agus cuimsíonn sé dian-mheasúnú ó bhonn a chur i bhfeidhm de réir cineál foinse ar leibhéal na saoráide aonair. Luaigh IPCC ina mhionchoigeartú 2019 le treoirlínte IPCC 2006 d’fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa gurb ionann dul ar aghaidh ó leibhéal 1 go leibhéal 3 agus méadú ar dheimhneacht na dtomhas ar astaíochtaí atá bainteach le meatán.

    (24)

    Bíonn cleachtais dhifriúla ag na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an leibhéal ag a dtuairiscíonn siad a n-astaíochtaí meatáin atá bainteach le fuinneamh chuig rúnaíocht UNFCCC. Tá an tuairisciú ar leibhéal 2 le haghaidh foinsí móra astaíochtaí i gcomhréir le treoirlínte tuairiscithe IPCC, óir meastar leibhéal 2 a bheith ina mhodh leibhéil níos airde. Tá an tuairisciú ar leibhéal 1, an leibhéal is ísle, fós an-choitianta i roinnt Ballstát le haghaidh astaíochtaí meatáin ó ghual, gás agus ola. Mar thoradh air sin, ní hionann modheolaíochtaí meastacháin agus tuairisciú astaíochtaí meatáin a bhaineann le fuinneamh ar fud na mBallstát.

    (25)

    Tá tionscnaimh shaorálacha á dtreorú ag an tionscal fós mar an príomhchur chuige in go leor tíortha faoi láthair le haghaidh chainníochtú agus mhaolú na n-astaíochtaí meatáin. Príomhthionscnamh faoi stiúir an tionscail in earnáil an fhuinnimh is ea OGMP, tionscnamh deonach maidir le hastaíochtaí meatáin a thomhas agus a thuairisciú, arna chruthú in 2014 ag UNEP agus CCAC, a bhfuil ionadaíocht ag an gCoimisiún ar a bhord. Díríonn an Chomhpháirtíocht um Meatán Gáis agus Ola (OGMP) ar dhea-chleachtais a bhunú chun infhaighteacht na faisnéise domhanda maidir le cainníochtú agus bainistíocht astaíochtaí meatáin a fheabhsú, agus chun gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun cinn chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Bíonn baint ag rialtais, an tsochaí shibhialta agus lucht gnó le saothar OGMP chun caighdeáin agus modheolaíochtaí a fhorbairt. Go dtí seo, tá os cionn 115 chuideachta, a bhfuil sócmhainní acu i mbreis agus 60 tír ar chúig mhór-roinn, arb ionann iad agus níos mó ná 35 % de tháirgeadh ola agus gáis an domhain agus os cionn 70 % de shreafaí GNL ina gcomhaltaí de OGMP 2.0 UNEP. Is é Creat OGMP 2.0 an chéim is déanaí de chaighdeán astaíochtaí meatáin dinimiciúil, agus is féidir bonn oiriúnach a sholáthar leis do chaighdeáin astaíochtaí meatáin, bunaithe ar chaighdeáin eolaíochta fhónta.

    (26)

    Ina fhianaise sin, ní mór tomhas astaíochtaí meatáin agus cáilíocht na sonraí tuairiscithe a fheabhsú, lena n-áirítear faoi na príomhfhoinsí astaíochtaí meatáin a bhaineann leis an bhfuinneamh a tháirgtear agus a ídítear laistigh den Aontas. Thairis sin, ba cheart go n-áiritheofaí infhaighteacht na sonraí ag leibhéal foinse agus cainníochtú láidir ar astaíochtaí meatáin, agus iontaofacht an tuairiscithe a mhéadú dá réir chomh maith le méadú ar an raon feidhme le haghaidh bearta maolaithe iomchuí.

    (27)

    Ar mhaithe le héifeachtacht an chainníochtaithe agus an tuairiscithe, ba cheart go n-éileofaí ar oibreoirí agus ar ghnóthais astaíochtaí meatáin a chainníochtú agus a thuairisciú de réir foinse, agus sonraí comhiomlánaithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun go mbeadh na Ballstáit in ann cruinneas a bhfardal agus a dtuarascálacha a fheabhsú. Ina theannta sin, tá gá le fíorú éifeachtach ar na sonraí a thuairiscítear. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar ghnóthais a íoslaghdú, ba cheart dóibh tuairisciú ar bhonn bliantúil.

    (28)

    Rannchuidíonn an Rialachán seo, a chuireann leis na codanna ábhartha de chreat OGMP 2.0, le bailiú sonraí iontaofa agus láidre a bheadh mar bhonn leordhóthanach le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin agus, i gcás inar gá sin, chun foráil maidir le gníomhaíocht bhreise chun tuilleadh srianta a chur le hastaíochtaí meatáin.

    (29)

    Tá cúig leibhéal tuairiscithe i gcreat OGMP 2.0. Tosaíonn an tuairisciú ag leibhéal foinse ar leibhéal 3, a mheastar a bheith inchomparáide le leibhéal 3 UNFCCC. Féadtar tosca astaíochta cineálacha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 4 de OGMP 2.0 tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus ceadaítear fachtóirí astaíochta sonracha a úsáid. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0 tomhais chomhlántacha ag leibhéal láithreáin chomh maith le cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse. Ina theannta sin, éilíonn creat OGMP 2.0 ar chuideachtaí tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin a thuairisciú laistigh de 3 bliana ó pháirt a ghlacadh in OGMP 2.0 i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 5 bliana i gcás sócmhainní neamhoibrithe. Ba cheart na spriocdhátaí faoina gcaithfidh oibreoirí agus gnóthais tuarascálacha a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur isteach a leagan síos, ag tógáil ar an gcur chuige a ghlac OGMP 2.0 maidir le tuairisciú ag leibhéal foinse agus á chur san áireamh go bhfuil líon mór cuideachtaí de chuid an Aontais tar éis dul isteach in OGMP 2.0 cheana féin. I dteannta le cainníochtú ag leibhéal foinse, is le cainníochtú ag leibhéal láithreáin a cheadaítear measúnú, fíorú agus réiteach na meastachán ag leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir láithreáin, agus muinín fheabhsaithe a sholáthar dá réir sin i leith astaíochtaí tuairiscithe. Cosúil le creat OGMP 2.0, ba cheart go mbeadh gá le tomhais ag leibhéal láithreáin chun cainníochtú ag leibhéal foinse a réiteach.

    (30)

    De réir sonraí ó fhardal gás ceaptha teasa an Aontais, atá bunaithe ar fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, is é is cúis le níos mó ná leath de na hastaíochtaí meatáin díreacha uile in earnáil an fhuinnimh: scaoileadh neamhbheartaithe meatáin isteach san atmaisféar. I gcás ola agus gáis, is ionann na hastaíochtaí meatáin neamhbheartaithe sin agus an cion is mó d’astaíochtaí meatáin.

    (31)

    Is féidir le scaoileadh neamhbheartaithe amach san atmaisféar tarlú le linn druileála agus eastóscadh agus le linn próiseála, stórála, tarchur agus dáileadh chuig tomhaltóirí úsáide deiridh. Is féidir le sceitheadh den sórt sin tarlú freisin i dtoibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe. Féadfaidh roinnt astaíochtaí meatáin teacht mar thoradh ar lochtanna i gcomhpháirteanna teicniúla, nó ar ghnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt comhpháirteanna teicniúla, amhail siúntaí, feirí agus comhlaí, nó ar chomhpháirteanna damáistithe, i gcás tionóiscí mar shampla. Is féidir le creimeadh a bheith ina gcúis le sceití ó bhallaí de threalamh brúchóirithe.

    (32)

    Chun na hastaíochtaí meatáin a laghdú, ba cheart d’oibreoirí na bearta maolúcháin iomchuí uile a dhéanamh chun astaíochtaí meatáin a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

    (33)

    Go sonrach, is é an chaoi is minice a laghdaítear astaíochtaí meatáin ó sceití trí shuirbhéanna LDAR a dhéantar ar dtús chun sceitheadh a shainaithint agus, ina dhiaidh sin, chun an sceitheadh a dheisiú, nó chun chomhpháirteanna a bhfuil sceitheadh astu a athsholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suirbhéanna tréimhsiúla LDAR a dhéanamh, lena n-áirítear suirbhéanna ar chomhpháirteanna a scaoileann meatán, chun féachaint an bhfuil aon trealamh ag mífheidhmiú.

    (34)

    Chun na críche sin, ba cheart cur chuige comhchuibhithe a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do na hoibreoirí uile san Aontas. Ba cheart íoscheanglais le haghaidh suirbhéanna LDAR a chur san áireamh sa chur chuige sin ach méid leordhóthanach solúbthachta a bheith ann freisin do na Ballstáit agus d’oibreoirí. Tá an tsolúbthacht sin ríthábhachtach chun nuálaíocht agus forbairt comhpháirteanna nua, teicneolaíochtaí nua LDAR agus modhanna braite nua a cheadú, agus ar an gcaoi sin, chun aimhleas chosaint an chomhshaoil, gaibhniú na teicneolaíochta a chosc. Bíonn teicneolaíochtaí nua LDAR agus modhanna nua braite ag teacht chun cinn an t-am ar fad agus ba cheart do na Ballstáit an nuálaíocht san earnáil sin a spreagadh, ionas gur féidir na comhpháirteanna, teicneolaíochtaí LDAR agus modhanna braite is lú astaíochtaí, agus atá beacht agus costéifeachtach freisin, a ghlacadh.

    (35)

    Ba cheart dea-chleachtas a bheith le sonrú in oibleagáidí maidir le suirbhéanna LDAR. Ba cheart suirbhéanna LDAR a dhíriú go príomha ar sceití a aimsiú agus deireadh a chur leo chomh tapa agus is féidir tríd an gcomhpháirt atá ag sceitheadh a dheisiú nó a athsholáthar, seachas ar a gcainníochtú, agus ba cheart seiceáil a dhéanamh níos minice ar limistéir a bhfuil riosca níos airde sceití iontu. Ní faoi threoir an ghá le deisiú nó athsholáthar a dhéanamh ar chomhpháirteanna a bhfuil meatáin ag sceitheadh uathu os cionn na tairsí astaíochta meatáin amháin ba cheart minicíocht shuirbhéanna LDAR agus an cinneadh comhpháirt a dheisiú nó a athsholáthar a chinneadh ach faoi threoir dálaí oibríochtúla freisin, agus rioscaí sábháilteachta á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, i gcás ina sainaithnítear riosca níos airde do shábháilteacht nó riosca níos airde astaíochtaí meatáin, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla suirbhéanna LDAR níos minice a mholadh le haghaidh na gcomhpháirteanna ábhartha nó comhpháirteanna a athsholáthar le teicneolaíocht ar lú an seans go sceithfidh sí. Ba cheart suirbhéireacht agus seiceáil a dhéanamh ar gach sceitheadh, gan beann ar a mhéid, ós féidir le sceití beaga a bheith ina sceití móra thar am. Tar éis sceití a dheisiú, ba cheart a dhearbhú go raibh an deisiúchán sin éifeachtach. Ionas gur féidir úsáid a bhaint as comhpháirteanna nó teicneolaíochtaí atá nua nó níos forbartha chun astaíochtaí meatáin a bhrath, ba cheart méid an chaillteanais meatáin is gá a bheith ann a shonrú chun go mbeidh gá lena dheisiú, ach rogha an ghairis braite a fhágáil faoi na hoibreoirí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart é a bheith indéanta teicneolaíochtaí braite a úsáid, amhail faireachán leanúnach, mar chuid de shuirbhéanna LDAR a fhad agus a chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo maidir le hardteicneolaíocht braite. Ba cheart do na hoibreoirí is fearr feidhmíocht a tháirgeann nó a phróiseálann ola nó gás nádúrtha a bheith in ann minicíochtaí éagsúla suirbhéanna LDAR a chur i bhfeidhm, faoi réir chomhlíonadh choinníollacha an Rialacháin seo agus fhormheas na n-údarás inniúil.

    (36)

    Ba cheart suirbhéanna LDAR a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus teicnící iomchuí braite atá ar fáil chun sceitheadh a shainaithint: chomh gar agus is féidir do gach foinse astaíochtaí féideartha aonair le haghaidh comhpháirteanna os cionn talún agus comhpháirteanna os cionn leibhéal na farraige; ag an gcomhéadan idir an talamh agus an t-atmaisféar mar chéad chéim agus, má bhraitear sceitheadh féideartha, chomh gar agus is féidir don fhoinse astaíochta mar dhara céim i gcás comhpháirteanna faoi thalamh; agus na teicnící braite is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála a chur i bhfeidhm do chomhpháirteanna amach ón gcósta atá faoi bhun leibhéal na farraige nó faoi bhun ghrinneall na farraige.

    (37)

    Maidir le comhpháirteanna faoi thalamh, déantar suirbhéanna LDAR de ghnáth trí phróiseas dhá chéim a úsáid. Is é atá sa chéad chéim an chéad bhrath sceite a dhéanamh agus cinntear cibé acu an ndéanfar an talamh a thochailt nó druileáil poll barra má tá an phíblíne inrochtana go díreach. Déanann oibreoirí an talamh a thochailt nó a dhruileáil má tá an sceitheadh ag an gcéad tairseach braite sceite nó os a cionn. Is éard atá sa dara céim an dara brath sceite a dhéanamh agus cinntear cibé acu an ndéanfar an sceitheadh a dheisiú nó nach ndéanfar. Deisíonn oibreoirí an sceitheadh má tá sé ag an dara tairseach braite sceite nó os a cionn.

    (38)

    Fónann teorainneacha braite íosta chun a áirithiú go bhfuil na feistí braite íogair go leor chun sceití a bhrath mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún na híosteorainneacha braite sin chomh maith leis na teicnící braite atá le húsáid a chinneadh, agus na cineálacha éagsúla comhpháirteanna agus suirbhéanna LDAR á gcur san áireamh, le haghaidh gach catagóire comhpháirteanna, mar aon leis na tairseacha is infheidhme maidir leis an gcéad chéim de shuirbhéanna LDAR le haghaidh comhpháirteanna faoi thalamh.

    (39)

    Ba cheart deisiú nó athsholáthar a dhéanamh láithreach tar éis sceitheadh a bhrath ag an tairseach, a shonraítear sa Rialachán seo, nó ós a cionn, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Cé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach gnéithe eisceachtúla sábháilteachta, riaracháin agus teicniúla a mheas, ba cheart fianaise a chur ar fáil chun údar a thabhairt le haon mhoill ar dheisiú nó athsholáthar. Ba cheart go n-úsáidfí an teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus a sholáthraíonn cosaint fhadtéarmach ar sceitheadh amach anseo le deisiúcháin nó athsholáthairtí.

    (40)

    Is féidir le saincheisteanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht eangaí a bheith ag gabháil le córais bheaga nasctha mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) i gcás múchadh córais. Dá bhrí sin, chun nach mbeidh slándáil an tsoláthair i mbaol, ba cheart oibreacha deisiúcháin nó athsholáthair a dhéanamh le linn múchta córais sceidealaithe.

    (41)

    I bhfianaise na móréifeachta a bhíonn ag astaíochtaí gás ceaptha teasa, ba cheart scaoileadh a chosc ach amháin i gcás éigeandálaí nó mífheidhme, nó le linn teagmhais shonracha nach féidir roinnt scaoilte a sheachaint iontu agus a bhfuil fíorghá leis. Chun a áirithiú nach n-úsáideann oibreoirí trealamh atá ceaptha le scaoileadh, ba cheart caighdeáin teicneolaíochta a ghlacadh ionas gur féidir roghanna malartacha ar ísle a n-astaíochtaí a úsáid.

    (42)

    Meastar gur gnáthbhladhmadh atá sa bhladhmadh má dhéantar é le linn gnáth-tháirgeadh ola, gáis agus guail, má tá easnamh áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach ann chun an gás a tháirgtear a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh. Ba cheart gnáthbhladhmadh a thoirmeasc. Ba cheart bladhmadh a bheith incheadaithe i gcás nach bhfuil an dara rogha ann ach é a scaoileadh agus i gcás nach bhfuil cosc ar an scaoileadh féin. Dá gcuirfí deireadh le gnáthbhladhmadh, mhéadófaí freisin infhaighteacht an gháis nádúrtha do na margaí gáis. Tá an scaoileadh níos díobhálaí don chomhshaol ná an bladhmadh toisc go mbíonn leibhéil arda meatáin de ghnáth sa ghás a scaoiltear, ach déanann an bladhmadh an meatán a ocsaídiú ina CO2 a bhfuil poitéinseal téite domhanda níos ísle aige. Dá bhrí sin, i gcás nach bhfuil aon rogha eile ar fáil, ba cheart an bladhmadh a roghnú ar scaoileadh.

    (43)

    Chun an bladhmadh a úsáid de rogha ar an scaoileadh, caithfidh na feistí bladhmtha a dhónn an meatán a bheith éifeachtúil. Ar an gcúis sin, ba cheart ceanglas maidir le héifeachtúlacht dócháin a chur san áireamh freisin le haghaidh na gcásanna ina gceadaítear bladhmadh agus ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le feistí bladhmtha a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 %. Ba cheart a cheangal freisin go n-úsáidfí uath-adhainteoirí nó bladhmlastóirí leanúnacha, ar féidir iad a adhaint ar bhonn níos iontaofa toisc nach ndéanann an ghaoth difear dóibh.

    (44)

    Ba cheart gurbh fhearr i gcónaí athinstealladh nó úsáid meatáin ar an láthair, nó meatán a sheoladh chuig margadh ná scaoileadh nó bladhmadh. Ba cheart d’oibreoirí a scaoileann meatán cruthúnas a sholáthar do na húdaráis inniúla nach raibh sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin, a sheoladh chuig margadh ná é a bhladhmadh, agus ba cheart d’oibreoirí a bhladhmann meatán cruthúnas a sholáthar do na húdaráis inniúla nach raibh sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin ná a sheoladh chuig margadh.

    (45)

    Ba cheart d’oibreoirí fógra a thabhairt gan mhoill do na húdaráis inniúla faoi theagmhais mhóra scaoilte agus bladhmtha agus tuarascálacha níos cuimsithí maidir le gach teagmhas scaoilte agus bladhmtha a chur faoi bhráid na n-údarás sin gach bliain. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go gcomhlíonann trealamh agus feistí scaoilte agus bladhmtha na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais.

    (46)

    Gabhann rioscaí sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil le hastaíochtaí meatáin as toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí faireacháin, lena n-áirítear cainníochtú agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, faireachán ar bhrú, agus ag oibleagáidí tuairiscithe go fóill agus ba cheart na toibreacha agus láithreáin na dtoibreacha atá líonta go buan, a athshlánú agus a leigheas, de réir mar is infheidhme. Sna cásanna sin, ba cheart ról ceannasach a bheith ag na Ballstáit, go háirithe chun fardail a bhunú agus, i gcás nach féidir aon pháirtí freagrach a shainaithint, astaíochtaí meatáin a thuairisciú agus pleananna maolúcháin a bhunú laistigh de spriocdhátaí soiléire.

    (47)

    I gcás toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, ba cheart doiciméadacht leordhóthanach a chur ar fáil lena léirítear nach bhfuil aon astaíochtaí meatáin ann le haghaidh gach tobair atá líonta go buan agus atá tréigthe sna 30 bliain roimh, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis sin, agus, i gcás ina mbeidh an doiciméadacht sin ar fáil, le haghaidh toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe níos mó ná 30 bliain roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh sa doiciméadacht sin cainníochtú atá bunaithe ar fhachtóirí astaíochta nó atá bunaithe ar shamplaí ar a laghad nó fianaise iontaofa ar leithlisiú fodhromchla buan i gcomhréir le ISO 16530-1:2017, an caighdeán idirnáisiúnta is infheidhme maidir le sláine toibreacha do thionscail peitriliam agus gáis nádúrtha.

    (48)

    I gcás ina gcuirtear fianaise iontaofa ar fáil do na húdaráis inniúla maidir le méideanna ábhartha na n-astaíochtaí meatáin i dtobar neamhghníomhach amach ón gcósta, i dtobar atá líonta go sealadach nó i dtobar atá líonta go buan agus atá tréigthe, de réir mar a bheidh, a dhearbhaigh tríú páirtí neamhspleách, ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí le haghaidh toibreacha atá líonta go sealadach i ndáil leis an tobar sin.

    (49)

    Tá éagsúlacht shuntasach maidir le líon na dtoibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe ar chríoch na mBallstát, agus tá líon an-ard toibreacha den sórt sin ag roinnt Ballstát ar a gcríocha. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin cur chuige níos céimsí a chur i bhfeidhm maidir le hoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le fardal na dtoibreacha sin a bhunú chun comhréireacht na gcostas agus an ualaigh riaracháin a bhaineann leis an bhfardal sin a áirithiú.

    (50)

    Ós rud é go mbraitheann dóchúlacht sceitheadh meatáin ó thoibreacha amach ón gcósta chun an dromchla a bhaint amach ar roinnt tosca agus go laghdaítear é de réir doimhneacht an uisce agus go méadaíonn na hacmhainní is gá chun suirbhé a dhéanamh ar thoibreacha amach ón gcósta agus chun idirghabháil a dhéanamh iontu de réir mar a mhéadaíonn doimhneacht an uisce agus an fad ón gcósta, ba cheart díolúintí ó oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo a mheas le haghaidh toibreacha amach ón gcósta atá suite ar dhoimhneacht uisce níos mó, más féidir fianaise láidir a chur ar fáil gur mór an seans go mbeidh tionchar diomaibhseach ar an aeráid ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh a bheith ann ó na toibreacha sin.

    (51)

    Léiríonn sonraí as fardal gás ceaptha teasa de chuid an Aontais gurb é an fhoinse aonair astaíochtaí meatáin is mó in earnáil fuinnimh an Aontais é an méid astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail. Bhain 31 % d’astaíochtaí meatáin in 2019 le hastaíochtaí díreacha ó earnáil an ghuail, méid arbh ionann nach mór é agus céatadán na n-astaíochtaí díreacha meatáin as ola agus gás iontaise le chéile, eadhon 33 %.

    (52)

    Faoi láthair, níl aon reachtaíocht shonrach ann ar fud an Aontais lena gcuirtear teorainn le hastaíochtaí meatáin ó earnáil an ghuail d’ainneoin réimse leathan teicneolaíochtaí maolaithe a bheith ar fáil. Níl aon chaighdeán Aontais ná idirnáisiúnta faireacháin, tuairiscithe ná fíoraithe ann a bhaineann go sonrach leis an ngual. San Aontas, tá tuairisciú astaíochtaí meatáin ón tionscal guail mar chuid den tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanann na Ballstáit. Áirítear sonraí ó mhianaigh ghuail faoi thalamh freisin sa Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

    (53)

    De réir staidéar a rinneadh le déanaí, baineann astaíochtaí meatáin go príomha le gníomhaíochtaí mianadóireachta faoi thalamh, i mianaigh ghníomhacha, dhúnta agus thréigthe araon. I mianaigh ghuail ghníomhacha faoi thalamh, rialaítear an tiúchan meatáin san aer go leanúnach mar is guais sláinte agus sábháilteachta é. I gcás mianaigh ghuail faoi thalamh, tarlaíonn an chuid is mó ar fad d’astaíochtaí meatáin trí na córais aerála agus draenála nó díghásúcháin, arb iad an dá phríomhbhealach iad chun tiúchain mheatáin a laghdú sna pasáistí aeir i mianach guail.

    (54)

    Tar éis deireadh a bheith curtha le táirgeadh agus mianach guail a bheith dúnta nó tréigthe, leanann sé air de bheith ag scaoileadh meatáin, rud ar a dtugtar meatán mianaigh thréigthe (AMM). Tarlaíonn na hastaíochtaí meatáin sin go tipiciúil ag pointí foinse dea-shainithe amhail seaftaí aerála nó gaothairí faoisimh brú. De réir mar a mhéadaíonn ar an uaillmhian i leith na haeráide agus a aistrítear an táirgeadh fuinnimh chuig foinsí fuinnimh ar lú a lorg carbóin, is dócha go dtiocfaidh astaíochtaí AMM san Aontais in airde. Meastar go leanann meatán de bheith á scaoileadh as mianaigh ghuail nach bhfuil faoi uisce fiú 10 mbliana tar éis deireadh a bheith curtha le mianadóireacht iontu agus ar leibhéil atá chomh hard le 40 % de na hastaíochtaí sin a taifeadadh tráth a ndúnta. Thairis sin, bíonn ilroinnt i gceist sa chóir a thugtar do mheatán mianaigh thréigthe i gcónaí toisc mianaigh a bheith faoi úinéireacht éagsúil agus mar gheall ar chearta agus oibleagáidí saothraithe difriúla ar fud an Aontais. Mar sin, ba cheart do na Ballstáit fardail a bhunú de na mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus de na mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an … [70 bliain roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ba cheart a cheangal ar an bpáirtí freagrach aitheanta feistí a shuiteáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas.

    (55)

    Táirgtear lignít i mianaigh ghuail dhromchla ghníomhacha san Aontas agus astaítear níos lú meatán astusan ná as mianaigh ghuail faoi thalamh. Is mianaigh dhromchla ghuail den chuid is mó na mianaigh ligníte ghuail atá san Aontas, cé is moite de mhianach ligníte guail amháin faoi thalamh atá i mBallstát amháin. De réir fhardal gás ceaptha teasa an Aontais, in 2019 astaíodh 166 chileathona meatáin as mianaigh ghuail dhromchla ghníomhacha i gcomparáid le 828 gcileathona meatáin as mianaigh ghuail faoi thalamh. Tá sé dúshlánach astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhromchla a thomhas mar gheall ar an gclaonadh meatáin a scaipeadh thar limistéar leathan. Dá bhrí sin, agus d’ainneoin an teicneolaíocht leordhóthanach a bheith ar fáil lena aghaidh, is annamh a thomhaistear astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail dhromchla. Is féidir astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail dhromchla a dhíorthú ag úsáid fachtóirí astaíochta guail a bhaineann go sonrach leis an imchuach agus, le tuilleadh beachtais, ag úsáid fachtóirí astaíochta a bhaineann go sonrach leis an mianach nó leis an bhfosú ós rud é go bhfuil fosuithe éagsúla in imchuacha guail ar féidir leo méideanna éagsúla meatáin a iompar. Is féidir fachtóirí astaíochta a dhíorthú ón méid gáis a thomhaistear sna síoga a shampláiltear le croíleacáin as poill tóraíochta taiscéalaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí astaíochtaí meatáin i mianaigh ghuail dhromchla a chainníochtú trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta den sórt sin.

    (56)

    Is gnách go dtagann laghdú suntasach le himeacht ama ar astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh atá go hiomlán faoi uisce de réir mar a chobhsaíonn na dálaí hidrigeolaíocha tar éis dhúnadh an mhianaigh guail agus tar éis an próiseas tuilte a bheith curtha i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta na mianaigh ghuail sin a dhíolmhú ó oibleagáidí cainníochtaithe, i gcás ina bhfuil údar cuí leis.

    (57)

    Ba cheart d’oibreoirí mianaigh astaíochtaí meatáin as seaftaí aerála i mianaigh ghuail faoi thalamh a thomhas agus a chainníochtú go leanúnach, agus meatán scaoilte agus bladhmtha i stáisiúin draenála a thomhas go leanúnach. Ba cheart dóibh fachtóirí astaíochta sonracha a úsáid maidir le mianaigh ghuail dhromchla. Ba cheart dóibh na sonraí sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

    (58)

    Is i mianaigh ghuail faoi thalamh atá gníomhach agus atá dúnta nó i mianaigh ghuail faoi thalamh atá tréigthe is fearr is féidir astaíochtaí meatáin a mhaolú. Tá maolú éifeachtach ar astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail dhromchla ghníomhacha agus dúnta nó tréigthe teoranta faoi láthair ag an teicneolaíocht. Chun tacú le taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí chun na hastaíochtaí meatáin sin a mhaolú amach anseo, áfach, ba cheart faireachán, tuairisciú agus fíorú a bheith á ndéanamh ar scála na n-astaíochtaí meatáin sin ar bhealach éifeachtach mionsonraithe.

    (59)

    Is mianaigh ghalghuail nó mianaigh ghuail chóic iad mianaigh ghníomhacha faoi thalamh. Is mar fhoinse fuinnimh go príomha a úsáidtear galghual agus is mar bhreosla agus imoibreán sa phróiseas déanta cruach a úsáidtear gual cóic. Ba cheart ceangal a chur ar mhianaigh ghalghuail agus mianaigh ghuail cóic araon faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin, iad a fhíorú agus bearta maolaithe a dhéanamh ina leith. Ba cheart bearta maolaithe a chur chun feidhme trí dheireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh. Níor cheart go dtiocfadh meath ar shábháilteacht na n-oibrithe mar thoradh ar bhearta maolaithe.

    (60)

    I gcás mianaigh ghníomhacha ghuail faoi thalamh, ba cheart bearta maolaithe a chur chun feidhme trí dheireadh a chur de réir a chéile le feistí bladhmtha a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 %. Cé gur féidir le tuilte i mianaigh ghuail dúnta nó tréigthe faoi thalamh astaíochtaí meatáin a chosc, ní dhéantar go córasach é agus tá rioscaí comhshaoil ag baint leis. Sna mianaigh ghuail sin, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile freisin le feistí bladhmtha a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 %. Ó tharla go bhfágann srianta geolaíocha agus cúrsaí comhshaoil nach bhfuil an cur chuige céanna i ndáil le mianaigh thréigthe faoi thalamh, ba cheart do na Ballstáit a bplean maolúcháin féin a bhunú agus na srianta sin agus indéantacht theicniúil mhaolú AMM á gcur san áireamh.

    (61)

    Chun astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail ghníomhacha a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit córais dreasachtaí a thabhairt isteach chun astaíochtaí meatáin a laghdú, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Go háirithe, d’fhéadfadh na córais sin borradh a chur faoi infheistíochtaí i ngabháil agus instealladh meatáin san eangach agus laghdú ar astaíochtaí meatáin ó sheaftaí aerála agus ó bhladhmadh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit córais thiomnaithe táillí agus muirear a thabhairt isteach chun infheistíochtaí i laghdú astaíochtaí meatáin a éascú, inter alia, mar chuid de chláir Státchabhrach atá dírithe ar acmhainní táirgthe guail a dhíchoimisiúnú, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.

    (62)

    Ba ceart na dea-chleachtais mhaolúcháin is fearr atá ann cheana féin chun astaíochtaí meatáin a laghdú a cheadú i mianaigh ghuail dhúnta nó thréigthe, mar shampla tionscadail gheoiteirmeacha agus stórála teasa a fhorbairt i mianaigh ghuail faoi uisce, feidhmeanna hidreachumhachta i mianaigh ghuail nach bhfuil faoi uisce, astaíochtaí meatán a ghabháil trí dhíghású, úsáid a bhaint as gairis dhíghásaithe atá ábhartha don tsábháilteacht, gás mianaigh a úsáid le haghaidh táirgeacht fuinnimh nó uisce mianach a ghaibhniú agus úsáidí eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

    (63)

    Braitheann an tAontas ar allmhairí le haghaidh 70 % dá thomhaltas guail, 97 % dá thomhaltas ola agus 90 % dá thomhaltas gáis iontaise. Cé nach meastar go bhfuil sciar na n-astaíochtaí meatáin antrapaigineacha domhanda arna n-astú san Eoraip ach thart ar 6 %, cuireann tomhaltas breoslaí iontaise, agus an spleáchas ar allmhairí orthu, go mór le hastaíochtaí meatáin an Aontais.

    (64)

    Is iarmhairtí trasteorann iad na hiarmhairtí téimh dhomhanda arb iad astaíochtaí meatáin is cúis leo. Cé go bhfuil roinnt tríú tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise ag tosú ag gníomhú sa chríoch baile chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ina n-earnáil fuinnimh, is iomaí táirgeoir tríú tír agus onnmhaireoir tríú tír nach bhfuil faoi réir aon rialachán ina mhargadh intíre féin. Tá dreasachtaí soiléire de dhíth orthu chun a n-astaíochtaí meatáin a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis thrédhearcach maidir le hastaíochtaí meatáin a bhaineann le táirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur ar fáil do na margaí agus don phobal i gcoitinne.

    (65)

    Tá méid teoranta sonraí cruinne, a thuairiscítear ar Leibhéal 3 de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó trí úsáid a bhaint as modhanna comhionanna atá ann faoi láthair, maidir le hastaíochtaí meatáin idirnáisiúnta. Tá go leor tríú tíortha onnmhairiúcháin fuinnimh iontaise ann nár chuir sonraí fardail iomlána faoi bhráid rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide go fóill. Ina theannta sin, tá fianaise ann go bhfuil méadú mór tagtha ar astaíochtaí meatáin as táirgeadh ola agus gáis go domhanda, eadhon ó 65 go 80 Mt/bliain le 20 bliain anuas.

    (66)

    Mar a fógraíodh sa Straitéis um Meatán, tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair i gcomhar lena chomhpháirtithe fuinnimh agus le príomh thríú tíortha eile onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin fuinnimh iontaise chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ar fud an domhain. Tá torthaí tábhachtacha ann cheana de bharr taidhleoireacht fuinnimh maidir le hastaíochtaí meatáin. I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán, a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26) i mí na Samhna 2021. Is gealltanas polaitiúil é an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán chun oibriú le chéile chun astaíochtaí meatáin domhanda a laghdú 30 % i gcomparáid le leibhéil 2020 faoi 2030, agus chun gníomhaíochtaí cuimsitheacha intíre a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. San áireamh ann freisin, tá gealltanas go mbogfar i dtreo na modheolaíochtaí fardail is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú. Tá breis agus 100 tír, arb ionann iad agus beagnach leath na n-astaíochtaí meatáin antrapaigineacha domhanda, tar éis dul isteach sa Ghealltanas Domhanda maidir le Meatán cheana féin.

    (67)

    Tá ról tábhachtach ceannasach ag IMEO chun trédhearcacht a mhéadú maidir le hastaíochtaí meatáin domhanda in earnáil an fhuinnimh agus ba cheart don Choimisiún leanúint den chomhar le IMEO.

    (68)

    I gcomhthráth leis an obair thaidhleoireachta a leanfar léi chun gealltanais dhomhanda i leith laghdú mór ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach, spreagann an tAontas a thuilleadh na hiarrachtaí ar fad a bhaineann le laghdú mór ar na hastaíochtaí sin ar fud an domhain, agus go háirithe sna tríú tíortha a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas.

    (69)

    Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar allmhaireoirí amhola, gáis nádúrtha agus guail chuig an Aontas faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla ábhartha maidir le bearta a bhaineann le tomhas, tuairisciú, fíorú agus maolú astaíochtaí meatáin arna ndéanamh ag onnmhaireoirí chuig an Aontas agus táirgeoirí tríú tír, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm beart rialála nó deonach chun rialú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin na dtáirgeoirí tríú tír a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual, cosúil le suirbhéanna LDAR nó bearta chun teagmhais scaoilte agus bhladhmtha a rialú agus a shrianadh. Ba cheart go bhfreagródh na leibhéil tomhais agus tuairiscithe a leagtar amach sna ceanglais faisnéise a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhaireoirí do na cinn a chuirtear i bhfeidhm maidir le hoibreoirí an Aontais. Thairis sin, níor cheart an oibleagáid ar allmhaireoirí faisnéis a sholáthar maidir le bearta a dhéantar chun rialú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin a bheith níos troime ná an oibleagáid chomhfhreagrach ar oibreoirí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis faoi na bearta sin a chur in iúl don Choimisiún. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Aontas bunachar sonraí trédhearcachta meatáin a bhunú agus a bhainistiú, ina bhfuil, inter alia, faisnéis arna tuairisciú ag gnóthais de chuid an Aontais agus ag allmhaireoirí amhola, gáis nádúrtha agus guail. Bheadh bunachar sonraí den sórt sin ina fhoinse faisnéise dóibh siúd a allmhairíonn amhola, gás nádúrtha agus gual isteach san Aontas chun cinntí ceannaigh a dhéanamh agus do pháirtithe leasmhara eile agus don phobal. Sa bhreis ar an mbunachar sonraí trédhearcachta meatáin, ba cheart don Choimisiún próifílí feidhmíochta meatáin a fhorbairt, ina mbeidh na sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin a bhaineann le hamhola, gás nádúrtha agus gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Ba cheart a áireamh ar na próifílí sin freisin measúnú ar na hiarrachtaí atá déanta ag táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais, agus táirgeoirí agus onnmhaireoirí fuinnimh iontaise ó thríú tíortha chuig an Aontas chun a n-astaíochtaí meatáin a thomhas agus a thuairisciú, chomh maith le laghdú a dhéanamh orthu. Ba cheart faisnéis a áireamh freisin sna próifílí sin maidir leis na gníomhaíochtaí rialála maidir leis an tomhas, an tuairisciú, an fíorú agus an maolú a dhéanann tríú tíortha ina dtáirgtear amhola, gás nádúrtha agus gual.

    (70)

    Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún uirlis faireacháin ar astaíochtaí domhanda meatáin a chur ar bun lena soláthrófar faisnéis maidir le tarlú, méid agus suíomh teagmhas ardastaíochta meatáin ó fhoinsí fuinnimh, chomh maith le sásra mearfhreagartha chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais shár-astaíochta a tharlaíonn laistigh den Aontas nó lasmuigh de. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún aon fhaisnéis chuí-réasúnaithe a fhaightear ó na Ballstáit nó tríú páirtithe maidir le teagmhais sár-astaíochta a chur san áireamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an fhaisnéis sin a roinnt leis an gCoimisiún. Leis na huirlisí sin, ba cheart tuilleadh fíorthorthaí inléirithe a spreagadh ó chur chun feidhme beart lena rialaítear astaíochtaí meatáin agus ó ghníomhaíochtaí maolaithe éifeachtacha a dhéanann gnóthais san Aontas agus iad siúd a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas. Ba cheart go bhféadfaí na huirlisí sin a bhunú ar uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana. Ba cheart do na huirlisí sin sonraí ó roinnt soláthraithe agus seirbhísí deimhnithe sonraí a chomhthiomsú, lena n-áirítear comhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus IMEO. Ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar chun críocha idirphlé déthaobhach an Choimisiúin le tríú tíortha ábhartha i ndáil le beartais agus bearta maidir le hastaíochtaí meatáin.

    (71)

    Ba cheart don bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin, na próifílí feidhmíochta meatáin, an uirlis faireacháin ar astaíochtaí domhanda meatáin agus an sásra mearfhreagartha, ag feidhmiú le chéile dóibh, rannchuidiú le trédhearcacht a fheabhsú le haghaidh ceannaitheoirí san Aontas, ag cur ar a gcumas cinntí soláthair eolasacha a dhéanamh, agus an fhéidearthacht go nglacfar réitigh maolúcháin astaíochtaí meatáin ar bhonn níos forleithne ar fud an domhain a mhéadú. Ina theannta sin, ba cheart do na hionstraimí sin gnóthais tríú tír a dhreasú a thuilleadh chun caighdeáin idirnáisiúnta tomhais agus tuairiscithe ar astaíochtaí meatáin a chur i bhfeidhm, amhail na cinn sin arna nglacadh faoi chuimsiú chreat OGMP 2.0, nó chun bearta éifeachtacha tomhais, agus tuairiscithe agus maolaithe, a ghlacadh, agus ionas gur féidir fíorú a dhéanamh.

    (72)

    Le conarthaí nua a thugann allmhaireoirí de chuid an Aontais i gcrích maidir le soláthar amhola, gáis nádúrtha nó guail, ba cheart glacadh rialacha i dtríú tíortha a neartú chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart rialacha a chur i bhfeidhm chun é a chur ar chumas soláthraithe tríú tír agus allmhaireoirí de chuid an Aontais coibhéis na mbeart sin a léiriú le ceanglais an Rialacháin seo, maidir le hamhola, gás nádúrtha nó gual a allmhairítear chuig an Aontas. Cé nach féidir clásail chuige sin a fhorchur i gcás conarthaí atá ann cheana, is féidir na clásail sin a áireamh i gconarthaí nua nó i gconarthaí atá ann cheana agus atá á n-athnuachan, fiú go hintuigthe. Sa chomhthéacs sin, bheadh clásail eiseamláireacha arna moladh ag an gCoimisiún úsáideach do ghnóthais.

    (73)

    Ba cheart go bhféadfaí coibhéis an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach ní hamháin le bearta arna gcur i bhfeidhm ag gnóthais aonair, ach ar leibhéal tríú tír freisin, trí na creataí dlíthiúla atá i bhfeidhm lena rialaítear an faireachán, an tuairisciú agus an fíorú sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na ceanglais a bhunú a bhaineann le fianaise atá le cur ar fáil ag tríú tíortha ina leith sin, a bheith i mbun rannpháirtíocht ghníomhach leis na tríú tíortha uile ar onnmhaireoirí iad agus aird chuí a thabhairt d’aon imthosca éagsúla atá sna tríú tíortha sin agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin coibhéis a bhunú agus a chúlghairm maidir le tríú tíortha aonair, i gcás inarb iomchuí.

    (74)

    Ba cheart ionstraimí, lena n-áirítear idirphlé maidir leis na teagmhais sár-astaíochta, na cinntí coibhéise faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe agus glacadh creataí comhair, a bheartú chun cur chun feidhme cuí na n-oibleagáidí ar allmhaireoirí a áirithiú, agus ar tháirgeoirí nó onnmhaireoirí atá bunaithe i dtríú tíortha a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual don Aontas. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann ionstraimí a mholadh chun go mbeadh sé ar a gcumas comhoibriú le tríú tíortha. Ba cheart glacadh na n-ionstraimí sin a bheith faoi réir fhorálacha ábhartha na gConarthaí, i gcás inarb infheidhme.

    (75)

    Níor cheart don Choimisiún dul i mbun idirphlé le tríú tíortha maidir le teagmhais sár-astaíochta, ba cheart dó staonadh ó chinntí coibhéise a ghlacadh agus níor cheart dó a mholadh go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht maidir le creat-chomhaontú um chomhar i gcás ina mbeadh baol ann go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha a glacadh faoi Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nó faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le hallmhairiú amhola, gáis nádúrtha agus guail.

    (76)

    A luaithe a bheidh an bunachar sonraí trédhearcachta meatáin, na próifílí feidhmíochta meatáin, an uirlis dhomhanda faireacháin meatáin agus an sásra mearfhreagartha i bhfeidhm, ba cheart don Coimisiún an mhodheolaíocht a bhunú chun déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a ríomh. Ba cheart an mhodheolaíocht sin a chur ar fáil go poiblí. Ar an mbonn sin ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leibhéil éagsúla uasluachanna déine meatáin ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, agus ar iomaíochas gheilleagar an Aontais.

    (77)

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún uasluachanna déine agus aicmí éigeantacha meatáin a bhunú a bhaineann le táirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais, bunaithe ar an modheolaíocht chun déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a ríomh agus ar an measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbunófaí uasluachanna déine meatáin. Ba cheart na luachanna sin a shocrú ar leibhéil lena gcuirtear laghdú ar astaíochtaí meatáin chun cinn ar fud an domhain, agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á caomhnú ag an am céanna, lena n-áirithítear cóir nach bhfuil idirdhealaitheach agus lena gcosnaítear iomaíochas gheilleagar an Aontais.

    (78)

    Chun cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú agus chun comhchreat teicniúil a chruthú do na gníomhaithe uile san earnáil ola, gháis agus ghuail, ba cheart don Choimisiún breithniú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ar iarraidh ar na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na hastaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú sna hearnálacha ola, gáis agus guail, le haghaidh suirbhéanna LDAR agus le haghaidh trealamh scaoilte agus bladhmtha. Ba cheart na caighdeáin sin a bheith éigeantach chun críocha chur chun feidhme an Rialacháin seo, chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i measc oibreoirí, gnóthas agus oibreoirí mianaigh agus i measc na n-oibreoirí sin a bhfuil baint acu le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na fíoraitheoirí. I gcás nach féidir caighdeáin chomhchuibhithe a sheachadadh nó nach n-áirithítear leo comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún saintreoracha teicniúla a ghlacadh chun na ceanglais is gá a chumhdach. Go dtí an dáta a gcuirfear na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla sin i bhfeidhm, ba cheart d’oibreoirí, gnóthais agus oibreoirí mianaigh cleachtais tionscail úrscothacha agus na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a leanúint.

    (79)

    Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go bhféadfadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha a áireamh sna pionóis sin. Chun go mbeidh éifeacht shuntasach díspreagtha ag na pionóis sin, ba ceart dóibh a bheith leordhóthanach do chineál an tsáraithe, an tsochair eacnamaíoch a díorthaíodh ón sárú, cineál agus tromchúis an damáiste comhshaoil, agus an tionchar ar shábháilteacht agus ar shláinte an duine. Agus pionóis á ngearradh, ba cheart do na húdaráis ábhartha aird chuí a thabhairt ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart pionóis a fhorchur ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, an dlí idirnáisiúnta agus an dlí náisiúnta. Ba cheart coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú.

    (80)

    Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart liosta de na cineálacha sáraithe ba cheart a bheith faoi réir pionós a leagan amach. Chomh maith leis sin, chun cur i bhfeidhm pionós ar bhealach chomhsheasmhach ar fud na mBallstát a éascú, ba cheart gnáthchritéir tháscacha neamh-uileghabhálacha le haghaidh cur i bhfeidhm pionós a leagan amach. Ba cheart éifeacht dhíspreagtha na bpionós a atreisiú tríd an bhféidearthacht a chur ar fáil go bhfoilseofaí an fhaisnéis a bhaineann leis na pionóis arna ngearradh ag na Ballstáit faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 (17) agus (AE) 2018/1725 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás ina bhforchuirtear na pionóis ar dhaoine nádúrtha.

    (81)

    De thoradh na bhforálacha lena gceanglaítear go gcuirfear infheistíochtaí arna ndéanamh ag eintitis rialáilte san áireamh agus taraifí á socrú, ba cheart Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a leasú chun é a chur ar iontaoibh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais infheistíochta aonaid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a chainníochtú, a fhaireachán, a thuairisciú, a fhíorú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide.

    (82)

    Chun gnéithe den phróiseas ina gcuirfear deireadh de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh i mianaigh ghuail chóic a shainiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shrianta a leagan amach le haghaidh mianaigh ghuail chóic maidir le scaoileadh meatáin as seaftaí aerála. Ina theannta sin, chun gur féidir a cheangal ar allmhaireoirí tuilleadh faisnéise a sholáthar, i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí nó trí chur léi. Thairis sin, chun an mhodheolaíocht a bhunú chun déine meatáin a bhaineann le hamhola, gás nádúrtha agus gual a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais ar leibhéal an táirgeora a ríomh, chomh maith leis na huasluachanna agus na haicmí ábhartha déine meatáin a bhunú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh. Ar deireadh, chun cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin chomhchuibhithe agus saintreoracha teicniúla a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (83)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh i ndáil le teimpléid chun astaíochtaí meatáin a thuairisciú, íosteorainneacha braite agus teicnící braite le haghaidh feistí braite agus tairseacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcéad chéim de shuirbhéanna LDAR, chomh maith leis an nós imeachta agus na ceanglais agus cinntí aonair i ndáil le bearta maidir le coibhéis an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe i dtríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

    (84)

    Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin go háirithe ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo, ar leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí meatáin a baineadh amach agus ar cibé an bhfuil gá le bearta breise nó malartacha. Ba cheart reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimsí gaolmhara a chur san áireamh sa tuarascáil sin. Ag brath ar na conclúidí sa tuarascáil sin agus mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh tograí reachtacha a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí.

    (85)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha a leagan síos chun astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas a thomhas, a chainníochtú, a thuairisciú agus a fhíorú go cruinn, chun faireachán cruinn a dhéanamh orthu agus chun iad a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, de bharr fhairsing agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas a thomhas, a chainníochtú, a thuairisciú agus a fhíorú go gcruinn, maidir le faireachán cruinn a dhéanamh orthu, agus maidir le laghdú na n-astaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití, oibleagáidí deisiúcháin agus srianta ar scaoileadh agus bladhmadh. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le huirlisí lena n-áirithítear trédhearcacht i ndáil le hastaíochtaí meatáin.

    2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

    (a)

    próiseáil agus taiscéalaíocht réamhtheachtach ola agus gáis iontaise, agus bailiú agus próiseáil gáis iontaise;

    (b)

    toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe;

    (c)

    tarchur agus dáileadh gáis nádúrtha, lena n-eisítear córais mhéadraithe ag pointí tomhaltais deiridh agus codanna de línte seirbhíse idir an líonra dáileacháin agus an córas méadraithe atá suite ar áitreabh na gcustaiméirí deiridh, chomh maith le stóráil agus oibríochtaí faoi thalamh i saoráidí GNL; agus

    (d)

    mianaigh ghuail faoi thalamh agus mianaigh ghuail dromchla atá gníomhach, mianaigh ghuail faoi thalamh atá dúnta agus mianaigh ghuail faoi thalamh atá tréigthe.

    3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hastaíochtaí meatáin a tharlaíonn lasmuigh den Aontas, i ndáil le hamhola, gás nádúrtha agus gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais, dá dtagraítear i gCaibidil 5.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin’ na hastaíochtaí díreacha uile as aon chomhpháirt, bídís de thoradh ar scaoileadh, dóchán neamhiomlán ó bhladhmadh, nó arsceití;

    (2)

    ciallaíonn ‘comhpháirt’ aon chuid nó aon eilimint de threalaimh a úsáidtear i suiteálacha nó bonneagar ola, gáis nádúrtha nó guail, a bhfuil sé d’acmhainn aige meatán a astú;

    (3)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn sócmhainn nó, i gcás ina bhforáiltear dó nó di faoin dlí náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó nó di cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil sócmhainne;

    (4)

    ciallaíonn ‘sócmhainn’ gnó nó aonad oibríochtúil ar féidir é a bheith comhdhéanta de shaoráidí nó láithreán éagsúla, lena n-áirítear sócmhainn oibrithe agus sócmhainn neamhoibrithe;

    (5)

    ciallaíonn ‘sócmhainní oibrithe’ sócmhainní atá faoi rialú oibríochtúil an oibreora;

    (6)

    ciallaíonn ‘sócmhainní neamhoibrithe’ sócmhainní nach bhfuil faoi rialú oibríochtúil an oibreora;

    (7)

    ciallaíonn ‘láithreán’ bailiúchán comhpháirteanna a bhfuil gaol éigin acu lena chéile mar fhoroinn sócmhainne;

    (8)

    ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur arna shainiú in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

    (9)

    ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2024/1788;

    (10)

    ciallaíonn ‘dáileadh’ dáileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2024/1788;

    (11)

    ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir (AE) 2024/1788;

    (12)

    ciallaíonn ‘oibreoir mianaigh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn mianach guail nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil mianaigh ghuail;

    (13)

    ciallaíonn ‘fíorú’ na gníomhaíochtaí a dhéanann fíoraitheoir chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na dtuarascálacha arna dtarchur ag na hoibreoirí, na gnóthais agus na hoibreoirí mianaigh de bhun an Rialacháin seo leis an Rialachán seo;

    (14)

    ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach a thugann faoi na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe, tráth a eisítear ráiteas fíorúcháin, ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó, gan dochar d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, duine nádúrtha atá údaraithe ar shlí eile gníomhaíochtaí fíoraithe a dhéanamh;

    (15)

    ciallaíonn ‘foinse’ comhpháirt nó struchtúr geolaíoch as a scaoiltear meatán isteach san atmaisféar bíodh an scaoileadh sin beartaithe nó neamhbheartaithe, treallach nó leanúnach;

    (16)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ comhéifeacht a chainníochtaíonn na hastaíochtaí gáis in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, atá bunaithe ar shampla de shonraí tomhais nó modhanna cainníochtaithe eile, meánaithe ar mhaithe le ráta ionadaíoch astaíochta le haghaidh leibhéal gníomhaíochta ar leith, faoi choinníollacha oibriúcháin ar leith, a fhorbairt;

    (17)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta cineálach’ fachtóir astaíochta caighdeánaithe do gach cineál foinse astaíochtaí a dhíorthaítear ó fhardail nó ó bhunachair sonraí, ach in aon chás gan a bheith fíoraithe trí bhíthin tomhais dhíreacha;

    (18)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta sonrach’ fachtóir astaíochta le haghaidh cineál foinse astaíochta a dhíorthaítear ó thomhais dhíreacha;

    (19)

    ciallaíonn ‘tomhas díreach’ tomhas na n-astaíochtaí meatáin ag leibhéal na foinse le feiste tomhais lenar féidir meatán a thomhas;

    (20)

    ciallaíonn ‘cainníochtú’ gníomhaíochtaí chun cainníocht na n-astaíochtaí meatáin a chinneadh, trí mheán tomhais dhíreacha nó, i gcás nach bhfuil tomhais dhíreacha indéanta, bunaithe ar mhodhanna eile mar shampla uirlisí ionsamhlúcháin agus ríomhanna innealtóireachta mionsonraithe eile nó meascán de na modhanna sin;

    (21)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin’ gach foinse astaíochtaí meatáin laistigh de láithreán;

    (22)

    ciallaíonn ‘tomhas ag leibhéal láithreáin’ tomhas lena bhfaightear forléargas iomlán ar na hastaíochtaí meatáin uile ar leibhéal an láithreáin, lena n-áirítear, i gcás gréasán píblíne, na hastaíochtaí as deighleoga den ghréasán sin, agus is iondúil go n-úsáidtear braiteoirí atá suite ar ardán móibíleach, amhail feithicil, ladrann, aerárthach, bád nó satailít, nó go n-úsáidtear modhanna eile, amhail braiteoirí seasta nó gréasáin de bhraiteoirí leanúnacha ag pointí áirithe.;

    (23)

    ciallaíonn ‘gnóthas’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis iontaise, bailiú agus próiseáil gáis iontaise nó tarchur, dáileadh agus stóráil gáis faoi thalamh, lena n-áirítear maidir le GNL;

    (24)

    ciallaíonn ‘saoráid GNL’ saoráid GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2024/1788;

    (25)

    ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití’ nó ‘suirbhé LDAR’ suirbhé lena ndéantar foinsí sceite meatáin agus astaíochtaí neamhbheartaithe eile meatáin a shainaithint agus a bhrath, agus na comhpháirteanna ábhartha a dheisiú nó a athsholáthair;

    (26)

    ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití de chineál 1’ nó ‘suirbhé LDAR de chineál 1’ suirbhé braite agus deisithe sceití a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach faoi Airteagal 14(2), (7) agus (8) agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn I maidir le suirbhéanna LDAR de chineál 1;

    (27)

    ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití de chineál 2’ nó ‘suirbhé LDAR de chineál 2’ suirbhé braite agus deisithe sceite a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach faoi Airteagal 14(2), (7), (8) agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn I i gcás suirbhéanna LDAR de chineál 2;

    (28)

    ciallaíonn ‘suíomh táirgthe’ suíomh ina n-eastósctar ola nó gás nádúrtha ón talamh agus ar thalamh é nach ndéantar aon phróiseáil air;

    (29)

    ciallaíonn ‘suíomh próiseála’ suíomh ina gcuirtear próisis, amhail ola agus gás nádúrtha a dheighilt ó uisce, i bhfeidhm chun ola agus gás nádúrtha a chóireáil;

    (30)

    ciallaíonn ‘múchadh córais’ cás nach n-oibríonn láithreán ná cuid dá chomhpháirteanna faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin a thuilleadh agus ina múchtar é, agus ina bhfuil gá leis an mbrú a laghdú go hiomlán nó go páirteach sula dtionscnaítear oibreacha deisiúcháin nó cothabhála;

    (31)

    ciallaíonn ‘scaoileadh’ an scaoileadh díreach meatáin neamhdhóite isteach san atmaisféar;

    (32)

    ciallaíonn ‘bladhmadh’ diúscairt meatáin trí dhóchán rialaithe, i ngaireas saindeartha chun na críche sin;

    (33)

    ciallaíonn ‘gnáthbhladhmadh’ gnáth-tháirgeadh ola nó gáis iontaise, i gcás nach ann d’áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a ath-instealladh, agus é a úsáid ar an láithreán nó é a sheoladh chuig margadh, agus bladhmadh de dheasca éigeandála nó mífheidhmithe a eisiamh;

    (34)

    ciallaíonn ‘simléar bladhaire’ gaireas atá feistithe le bladhmlastóir a úsáidtear le haghaidh an bhladhmtha;

    (35)

    ciallaíonn ‘éigeandáil’ cás sealadach, gan choinne, neamhchoitianta ina mbíonn astaíochtaí meatáin dosheachanta agus riachtanach chun drochthionchar substaintiúil láithreach ar shábháilteacht an duine, an tsláinte nó an comhshaol a chosc, agus eisítear cásanna a eascraíonn as na teagmhais a leanas, nó a bhaineann leo:

    (a)

    mainneachtain an oibreora an trealamh iomchuí d’inniúlacht leordhóthanach a shuiteáil don ráta agus brú i dtaca leis an táirgeadh tuartha nó iarbhír;

    (b)

    mainneachtain an oibreora an táirgeadh a theorannú nuair atá an ráta táirgthe níos mó ná inniúlacht an trealaimh ghaolmhair nó an chórais bailiúcháin, ach amháin má tá an rótháirgeacht sin mar thoradh ar éigeandáil iartheachtach, mífheidhmiú, nó deisiúchán nach bhfuil sceidealaithe agus nach maireann níos mó ná 8 n-uair an chloig ó am an fhógra maidir leis an bhfadhb inniúlachta iartheachtaí;

    (c)

    cothabháil sceidealta;

    (d)

    faillí an oibreora;

    (e)

    mainneachtain arís agus arís eile, eadhon ceithre mhainneachtain nó níos mó laistigh den 30 lá roimhe sin, den phíosa céanna trealaimh;

    (36)

    ciallaíonn ‘mífheidhmiú’ mainneachtain nó cliseadh tobann dosheachanta de threalamh nach bhfuil faoi smacht réasúnta an oibreora a chuireann isteach go substaintiúil ar oibríochtaí ach nach teip ná cliseadh trealaimh atá ann go hiomlán nó i bpáirt mar thoradh ar chothabháil lag nó oibríocht neamartach nó aon chás eile go bhféadfaí a chosc;

    (37)

    ciallaíonn ‘éifeachtúlacht scriosta agus bainte’ an céatadán maise meatáin a scriostar nó a bhaintear tar éis scor an dócháin i gcoibhneas leis an gcainníocht meatáin a théann isteach sa simléar bladhaire;

    (38)

    ciallaíonn ‘tobar neamhghníomhach’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, nach ndearnadh, ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad, aon oibríochtaí ann le haghaidh taiscéalaíochta ná táirgthe, cé is moite de thoibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe;

    (39)

    ciallaíonn ‘tobar atá líonta go sealadach’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, ina bhfuil bacainní tobair suiteáilte chun an taiscumair arna soláthair a leithlisiú go sealadach agus ina bhforáiltear do rochtain ar an tobar fós;

    (40)

    ciallaíonn ‘tobar atá líonta go buan agus atá tréigthe’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, a líonadh agus nach rachfar isteach ann arís, inar foirceannadh na hoibríochtaí uile agus inar baineadh gach suiteáil a bhaineann leis an tobar i gcomhréir leis na ceanglais rialála is infheidhme, agus inar féidir doiciméadacht a sholáthar mar a bhunaítear i gCuid 1, pointe 3, d’Iarscríbhinn V;

    (41)

    ciallaíonn ‘leigheasadh’ an próiseas chun uisce agus ithir éilithe a ghlanadh suas;

    (42)

    ciallaíonn ‘aisghabháil’ an próiseas chun go mbeadh dálaí ithreach agus fásra ag tobar ola nó gáis nó láithreán tobair cosúil leis na coinníollacha a bhí ann sular cuireadh isteach air;

    (43)

    ciallaíonn ‘mianach guail’ láithreán ina dtarlaíonn nó inar tharla gualmhianadóireacht, lena n-áirítear tailte, tochailtí, pasáistí faoi thalamh, seaftaí, fánaí, tolláin agus oibriúcháin, struchtúir, áiseanna, trealamh, meaisíní agus uirlisí suite ar an dromchla nó faoi thalamh agus úsáidte le linn na hoibre a bhaineann le lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint óna fosuithe nádúrtha sa talamh ar aon mhodh nó aon bhealach, lena n-áirítear an obair a bhaineann leis an obair ullmhúcháin ar an ngual le haghaidh asbhainte;

    (44)

    ciallaíonn ‘mianach guail gníomhach’ mianach guail a dtagann tromlach an ioncaim ó lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint, agus lena mbíonn feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

    (a)

    tá forbairt mianaigh ar siúl;

    (b)

    táirgeadh gual le 90 lá anuas;

    (c)

    tá gaothráin aerála mianaigh ag oibriú;

    (45)

    ciallaíonn ‘mianach guail faoi thalamh’ mianach guail ina dtairgtear an gual trí thollánú isteach sa talamh chuig an mianach guail, ina déantar mianadóireacht ar an ngual le trealamh mianadóireachta guail faoi thalamh amhail meaisíní gearrtha agus meaisíní mianadóireachta guail leanúnach balla fhada agus balla ghearr, agus ansin a iompraítear chuig an dromchla;

    (46)

    ciallaíonn ‘mianach guail dromchla’ mianach guail ina luíonn an gual gar don dromchla agus ar féidir é a asbhaint trí na sraitheanna cumhdaigh carraige agus ithreach a bhaint;

    (47)

    ciallaíonn ‘seafta aerála’ pasáiste ingearach a úsáidtear chun aer úr a bhogadh faoi thalamh nó chun meatán agus gáis eile a bhaint as mianach guail faoi thalamh;

    (48)

    ciallaíonn ‘stáisiún draenála’ stáisiún a bhailíonn meatán ó chóras draenála gáis i mianach guail;

    (49)

    ciallaíonn ‘córas draenála’ córas, ina bhféadfar an iliomad foinsí meatáin a chuimsiú agus a thaoscann gás atá saibhir ó thaobh meatán de ó shíoga guail nó strataim carraige mórthimpeall agus a iompraíonn é chuig stáisiún draenála;

    (50)

    ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iarmhianadóireachta’ gníomhaíochtaí a dhéantar tar éis gual a bhaint agus a iompar chuig an dromchla, lena n-áirítear láimhseáil, próiseáil, stóráil agus iompar guail;

    (51)

    ciallaíonn ‘tomhas leanúnach’ tomhas dá nglactar an léamh gach nóiméad ar a laghad;

    (52)

    ciallaíonn ‘fosú guail’ limistéar a bhfuil tiúchain shuntasacha agus cainníocht in-inmhianaithe guail, arna sainmhíniú de réir mhodheolaíocht an Ballstáit maidir le doiciméadú fosuithe mianraí geolaíochta;

    (53)

    ciallaíonn ‘mianach guail dúnta’ mianach guail ina bhfuil deireadh tagtha le táirgeadh guail agus atá dúnta i gcomhréir leis na ceanglais cheadúnúcháin is infheidhme nó le comhshocraíochtaí eile, agus a bhfuil cead, ceadúnas nó doiciméad dlíthiúil eile fós ag oibreoir, úinéir nó ceadúnaí ina leith lena dtugtar freagracht an mhianaigh guail dó nó di;

    (54)

    ciallaíonn ‘mianach guail tréigthe’ mianach guail ina bhfuil deireadh tagtha le táirgeadh guail ach nach bhfuiltear in ann oibreoir, úinéir nó ceadúnaí an mhianaigh a shainaithint atá faoi réir na n-oibleagáidí faoi cead, ceadúnas nó doiciméad dlíthiúil eile fós lena dtugtar freagracht an mhianaigh guail dó nó di, nó nár dúnadh ar bhealach rialaithe;

    (55)

    ciallaíonn ‘úsáid mhalartach ar mhianach guail atá tréigthe faoi thalamh’ úsáid a bhaint as bonneagar mianach fodhromchla agus trealamh mianadóireachta guail chun críocha eile seachas táirgeadh guail;

    (56)

    ciallaíonn ‘trealamh mianadóireachta guail’ aon trealamh a fhanann agus nasc aige leis na strataim iompair meatáin, amhail gobghaothairí agus píopaí draenála;

    (57)

    ciallaíonn ‘mianach guail cóic’ mianach guail arb é gual cóic ar a laghad 50 % den aschur táirgthe meánaithe do na 3 bliana is deireanaí atá ar fáil, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

    (58)

    ciallaíonn ‘táirgeoir’ gnóthas a tháirgeann amhola, gás nádúrtha nó gual le linn gníomhaíocht tráchtála tríd an ábhar sin a eastóscadh ón talamh i limistéar ceadúnaithe, é a phróiseáil nó é a iompar trí bhonneagar nasctha laistigh den limistéar ceadúnaithe sin;

    (59)

    ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann, le linn gníomhaíocht tráchtála, amhola, gás nádúrtha nó gual de thionscnamh tríú tír ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a cheaptar chun gníomhartha agus foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoi Chaibidil 5 a chur i gcrích;

    (60)

    ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ contrapháirtí conarthach an allmhaireora i ngach conradh a thugtar i gcrích chun amhola, gás nádúrtha nó gual a sholáthar isteach san Aontas;

    (61)

    ciallaíonn ‘próifíl feidhmíochta meatáin’ na bileoga aonair faisnéise agus sonraí le haghaidh na mBallstát, tríú tíortha agus, de réir mar is infheidhme, tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais, chomh maith le táirgeoirí nó onnmhaireoirí tríú tíortha a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual don Aontas nó a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, de réir mar is infheidhme, a fhoilsítear sa bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin;

    (62)

    ciallaíonn ‘teagmhas sár-astaíochta’ teagmhas a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas ina n-astaíonn foinse nó sraith foinsí dlúthcheangailte ar láithreán os cionn 100 kg meatáin in aghaidh na huaire;

    (63)

    ciallaíonn ‘próiseas réitigh’ an t-imscrúdú agus an míniú ar na cúiseanna atá le haon neamhréireachtaí suntasacha staidrimh idir an cainníochtú astaíochtaí meatáin ag an leibhéal foinse agus an tomhas astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin.

    Airteagal 3

    Costais arna dtabhú ag oibreoirí

    1.   Agus comhshocrú nó formheas á dhéanamh ar na taraifí nó na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí saoráide GNL nó eintitis rialáilte eile, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, oibreoirí stórála gáis faoi thalamh, tabharfaidh na húdaráis rialála faoi Airteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944 agus Caibidil X de Threoir (AE) 2024/1788 aird ar na costais a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais eintitis rialáilte atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus go bhfuil siad trédhearcach.

    Féadfaidh na húdaráis rialála na costais infheistíochta aonaid dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun na costais arna dtabhú ag oibreoirí a thagarmharcáil.

    2.   Gach 3 bliana, déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais infheistíochta aonaid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a chainníochtú, a fhaire, a thuairisciú, a fhíorú agus a laghdú, lena n-áirítear trí sceitheadh, scaoileadh nó bladhmadh, le haghaidh tionscadail inchomparáide.

    Soláthróidh na húdaráis rialála ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus na heintitis rialáilte ábhartha na sonraí uile is gá le haghaidh na comparáide dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo do ACER.

    CAIBIDIL 2

    NA HÚDARÁIS INNIÚLA AGUS FÍORÚ NEAMHSPLEÁCH

    Airteagal 4

    Na húdaráis inniúla

    1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as faireachán agus forfheidhmiú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála a n-údarás inniúil laistigh den 5 Feabhra 2025. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe ar ainmneacha nó ar shonraí teagmhála a n-údarás inniúil.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go tráthrialta ar fhógra a fháil ó Bhallstát faoi aon athrú.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála agus go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní leormhaithe acu chun na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh.

    Airteagal 5

    Cúraimí na n-údarás inniúil

    1.   Glacfaidh na húdaráis inniúla, agus a gcúraimí á ndéanamh acu, na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

    2.   Tabharfaidh oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun cúraimí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo a chumasú agus a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird, rochtain ar an láithreán agus, i gcás ina bhfuil an láithreán suite amach ón gcósta, iompar go dtí an láithreán nó uaidh.

    3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, agus féadfaidh siad oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Bunóidh an Coimisiún líonra d’údaráis inniúla chun an comhar a chothú, líonra ina leagfar amach na socruithe is gá maidir le faisnéis a mhalartú, go háirithe maidir le faireachán, rialáil agus comhlíonadh, agus dea-chleachtais agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh. Tacóidh na pointí teagmhála arna mbunú laistigh de na húdaráis inniúla leis na gníomhaíochtaí sin.

    4.   I gcás ina gceanglaítear tuarascálacha a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil iad go poiblí saor in aisce, ar shuíomh gréasáin ainmnithe agus i bhformáid atá inrochtana gan chostas, in-íoslódáilte agus meaisín-inléite.

    I gcás ina gcoinnítear faisnéis siar ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE nó, i gcás inarb infheidhme, faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus na cúiseanna leis sin.

    Airteagal 6

    Cigireachtaí

    1.   Áireofar sna cigireachtaí cigireachtaí rialta i gcás oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus cigireachtaí neamhrialta i gcás oibreoirí, gnóthas, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí, faoi mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   Áireofar sna cigireachtaí, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin nó iniúchtaí allamuigh, scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, brath agus tomhas astaíochtaí meatáin agus aon ghníomhaíocht leantach a ghabhann na húdaráis inniúla de láimh nó a ghabhtar de láimh thar a gceann chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a sheiceáil agus a chur chun cinn.

    I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, maidir le bearta ceartaitheacha a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, agus spriocdhátaí soiléire á leagan amach le haghaidh na mbeart sin.

    De rogha air sin, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh iarraidh ar an oibreoir, ar an ngnóthas, ar an oibreoir mianaigh nó ar an allmhaireoir sraith beart ceartaitheach lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe tromchúiseacha atá sainaitheanta acu a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha lena bhformheas laistigh de mhí amháin ón dáta a chríochnaigh an chigireacht. Áireofar na gníomhaíochtaí sin sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

    3.   Críochnófar an chéad chigireacht rialta faoin 5 Bealtaine 2026 . Tar éis na chéad chigireachta rialta, déanfaidh na húdaráis inniúla cláir a tharraingt suas le haghaidh cigireachtaí rialta bunaithe ar mheasúnú riosca. Féadfaidh an t-údarás inniúil raon feidhme agus minicíocht na gcigireachtaí rialta a chinneadh, bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann le gach láithreán, cuir i gcás an riosca comhshaoil, lena n-áirítear tionchar carnach na n-astaíochtaí meatáin uile mar thruailleán, agus na rioscaí do shábháilteacht an duine agus don tsláinte, chomh maith le haon sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithnítear.

    Ní bheidh an tréimhse idir na cigireachtaí níos faide ná 3 bliana. I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo a shainaithint, déanfar an chigireacht ina dhiaidh sin laistigh de 10 mí.

    4.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí neamhrialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    gearáin a bhfuil bunús leo, dá dtagraítear in Airteagal 7, agus teagmhais neamhchomhlíonta a imscrúdú a luaithe is féidir tar éis an dáta a thagann na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na gearáin nó na teagmhais neamhchomhlíonta sin agus tráth nach déanaí ná 10 mí tar éis an dáta sin;

    (b)

    a áirithiú, i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil sé sin ábhartha, go ndearnadh comhpháirteanna a dheisiú nó a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus gur cuireadh bearta maolúcháin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 18, 22 agus 26;

    (c)

    comhlíontacht a áirithiú i gcás inar deonaíodh maolú faoi Airteagal 14(5);

    (d)

    a fhíorú, i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil sé sin ábhartha, go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag gnóthais agus allmhaireoirí.

    5.   I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina sonrófar bunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, lena n-áirítear na spriocdhátaí dá gcur chun feidhme.

    I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla tuarascáil amháin a ullmhú lena gcumhdófar cigireachtaí éagsúla ar shócmhainní, láithreáin nó comhpháirteanna an oibreora, an ghnóthais, an oibreora mianaigh nó an allmhaireora chéanna ar choinníoll go ndéanfar na cigireachtaí sin roimh an gcéad chigireacht rialta eile.

    Tabharfar fógra maidir leis an tuarascáil don oibreoir, don ghnóthas, don oibreoir mianaigh nó don allmhaireoir lena mbaineann agus cuirfear ar fáil go poiblí í laistigh de 2 mhí ó dháta na cigireachta. I gcás inar ghearán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7 ba shiocair leis an gcigireacht, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don ghearánach nuair a bheidh an tuarascáil ar fáil go poiblí.

    Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. I gcás ina gcoinnítear faisnéis siar ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus na cúiseanna leis sin.

    6.   I gcás ina mbainfear de thátal as an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 nach gcomhlíonann an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir ceanglais an Rialacháin seo, déanfaidh an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir sin gach beart is gá chun a chuid oibríochtaí a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na gníomhaíochtaí gan mhoill laistigh den tréimhse arna leagan amach ag na húdaráis inniúla.

    7.   Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe foirmiúla a dhéanamh le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí nó seirbhísí ábhartha de chuid an Aontais nó le Ballstáit eile nó le heagraíochtaí idir-rialtasacha nó comhlachtaí poiblí ábhartha eile, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, chun saineolas speisialaithe a sholáthar chun tacú lena n-údaráis inniúla na cúraimí a shanntar dóibh leis an Airteagal seo a chur i gcrích.

    Chun críocha na míre seo, ní mheasfar eagraíocht idir-rialtasach nó comhlacht poiblí a bheith oiriúnach i gcás ina bhféadfaí a oibiachtúlacht a bheith i mbaol mar gheall ar choinbhleacht leasa.

    Airteagal 7

    Gearáin

    1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach gearán i scríbhinn a dhéanamh leis na húdaráis inniúla maidir le sárú féideartha ar an Rialachán seo ag oibreoir, gnóthas, oibreoir mianaigh nó allmhaireoir.

    2.   Beidh bunús cuí-réasúnaithe leis an ngearán agus dóthain fianaise ann faoin sárú líomhnaithe.

    3.   I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú, cuirfidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama, ach tráth nach déanaí ná 2 mhí ón ngearán a fháil, maidir leis na cúiseanna lena gcinneadh gan imscrúdú a thionscnamh.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina ndéanfar gearáin nach bhfuil bunús leordhóthanach leo a thaisceadh arís agus arís eile agus ar an gcúis sin ina measfaidh na húdaráis inniúla iad a bheith mí-úsáideach.

    4.   Gan dochar do mhír 3 agus an dlí náisiúnta is infheidhme, coinneoidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas faoi na céimeanna a tugadh sa nós imeachta agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfear an gearánach ar an eolas faoi fhoirmeacha eile sásaimh, mar shampla leas a bhaint as cúirteanna náisiúnta nó aon nós imeachta eile náisiúnta nó idirnáisiúnta iomchuí.

    5.   Gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme agus ar bhonn nósanna inchomparáide, bunóidh na húdaráis náisiúnta tréimhsí táscacha chun cinneadh a ghlacadh maidir le gearáin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí fíorúcháin agus ráiteas fíorúcháin

    1.   Déanfaidh na fíoraitheoirí gníomhaíochtaí fíorúcháin chun a mheas an bhfuil na tuarascálacha astaíochtaí arna gcur faoina mbráid ag oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Áireofar ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin sin athbhreithniú ar na foinsí sonraí agus na modheolaíochtaí uile a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na dtuarascálacha astaíochtaí, go háirithe an méid seo a leanas:

    (a)

    rogha agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta;

    (b)

    na modheolaíochtaí, na ríomhanna, na samplálacha nó na dáileacháin staidrimh atá mar bhonn le hastaíochtaí meatáin a chinneadh;

    (c)

    aon riosca maidir le tomhas nó tuairisciú míchuí;

    (d)

    aon chórais rialaithe cáilíochta nó dearbhaithe cáilíochta arna gcur i bhfeidhm ag na hoibreoirí, na gnóthais, na hoibreoirí mianaigh nó na hallmhaireoirí.

    2.   Agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh acu, úsáidfidh na fíoraitheoirí na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla, de réir mar is infheidhme, le haghaidh astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú, agus le haghaidh maolú arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 32.

    Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus na saintreoracha teicniúla sin, tabharfaidh oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí, de réir mar is infheidhme, faisnéis do na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin ábhartha, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, nó na modheolaíochtaí ábhartha arna n-úsáid acu, chun críche gníomhaíochtaí fíorúcháin.

    Áireofar freisin ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin, le réamhfhógra agus gan réamhfhógra, chun iontaofacht, creidiúnacht agus cruinneas na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear a mheas.

    3.   Déanfar na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo a ailíniú le caighdeáin agus modheolaíochtaí Eorpacha nó caighdeáin agus modheolaíochtaí idirnáisiúnta eile le haghaidh fíoratheoirí chun an t-ualach ar oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí agus ar údaráis inniúla a theorannú, agus tabharfar aird chuí ar chineál na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus ar an treoir arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil leis an méid sin.

    4.   Más rud é, tar éis mheasúnú an fhíoraitheora, go gcinneann an fíoraitheoir, le dearbhú réasúnach, go gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an fíoraitheoir ráiteas fíorúcháin lena ndearbhaítear comhréireacht na tuarascála astaíochtaí agus ina sonrófar na gníomhaíochtaí fíorúcháin a rinneadh.

    Ní eiseoidh an fíoraitheoir ráiteas fíorúcháin ach amháin i gcás inar féidir na hastaíochtaí meatáin a chinneadh le méid réasúnta cinnteachta le sonraí agus faisnéis iontaofa, inchreidte agus chruinn agus ar an gcoinníoll go bhfuil na sonraí tuairiscithe ag teacht leis na sonraí sealadacha, foriomlán agus comhleanúnach.

    Más rud é, tar éis mheasúnú an fhíoraitheora, go gcinneann an fíoraitheoir nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh an fíoraitheoir an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh an fíoraitheoir aiseolas réasúnaithe don oibreoir, don ghnóthas, don oibreoir mianaigh nó don allmhaireoir i bhfianaise na gcaighdeán aitheanta. Cuirfidh an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir tuarascáil athbhreithnithe astaíochtaí faoi bhráid an fhíoraitheora gan mhoill agus roimh an spriocdháta arna leagan síos ag an bhfíoraitheoir.

    5.   Tabharfaidh oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí gach cúnamh is gá do na fíoraitheoirí chun feidhmíocht na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar an láithreán agus le doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird.

    Airteagal 9

    Neamhspleáchas agus creidiúnú nó údarú fíoraitheoirí

    1.   Beidh fíoraitheoirí neamhspleách ar oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí agus cuirfidh siad na gníomhaíochtaí fíorúcháin faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní oibreoir, gnóthas, oibreoir mianaigh nó allmhaireoir a bheidh i bhfíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna, ná ní bheidh úinéireacht ag an bhfíoraitheoir ná ag aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna ar oibreoir, gnóthas, oibreoir mianaigh nó allmhaireoir, ná ní bheidh an fíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna faoi úinéireacht oibreora, gnóthais, oibreora mianaigh nó allmhaireora.

    Ní bheidh caidreamh ag na fíoraitheoirí le hoibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí, ar caidreamh é a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar neamhspleáchas nó neamhchlaontacht na bhfíoraitheoirí.

    2.   Déanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin fíoraitheoirí ar daoine dlítheanacha iad a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    I gcás nach ndéantar aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine nádúrtha a údarú mar fhíoraitheoirí chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh údarás náisiúnta nach é an comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin arna cheapadh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 é na fíoraitheoirí sin a údarú.

    4.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát mír 3 a chur i bhfeidhm, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha an Rialachán seo agus cuirfidh sé an fhianaise dhoiciméadach uile is gá ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chun inniúlacht na bhfíoraitheoirí arna n-údarú faoin mír sin a fhíorú.

    Airteagal 10

    Faisnéis a úsáid agus a chomhroinnt

    1.   Le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo, breithneoidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na fíoraitheoirí an fhaisnéis arna cur ar fáil go poiblí ag an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO), an Chomhpháirtíocht Ola agus Meatáin Gáis (OGMP), nó faisnéis ábhartha eile atá ar fáil go hidirnáisiúnta, go háirithe faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    comhiomlánú na sonraí astaíochtaí meatáin i gcomhréir le modhanna staidrimh iomchuí;

    (b)

    fíorú agus bailíochtú na modheolaíochtaí agus na bpróiseas staidrimh a úsáidtear sa tionscal chun sonraí astaíochtaí meatáin a chainníochtú;

    (c)

    forbairt ar chomhiomlánú sonraí agus modheolaíochtaí anailíse i gcomhréir le dea-chleachtais eolaíochta agus staidrimh chun leibhéal níos airde cruinnis maidir le meastacháin astaíochtaí meatáin a áirithiú, chomh maith le saintréithriú iomchuí na héiginnteachta;

    (d)

    sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú de réir croífhoinse agus leibhéal tuairiscithe, agus arna n-aicmiú, i gcás ina bhfuil fáil orthu, de réir sócmhainní oibrithe agus neamhoibrithe, i gcomhréir le ceanglais iomaíochta agus rúndachta;

    (e)

    tuairisciú ar thorthaí maidir le neamhréireachtaí móra idir foinsí sonraí a rannchuidíonn le modheolaíochtaí eolaíocha níos láidre a thógáil;

    (f)

    tuairisciú teagmhas sár-astaíochta arna sainaithint trí chóras luathbhraite agus rabhaidh.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid IMEO na sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin atá ar fáil go poiblí agus a mheasann sé a bheith ábhartha, arna soláthar don Choimisiún ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    CAIBIDIL 3

    ASTAÍOCHTAÍ MEATÁIN SNA HEARNÁLACHA OLA AGUS GÁIS

    Airteagal 11

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a), (b) agus (c).

    Airteagal 12

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Faoin 5 Lúnasa 2025 , cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mbeidh cainníochtú na n-astaíochtaí meatáin measta ag leibhéal foinse, trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta atá cineálach ar a laghad le haghaidh gach foinse. Féadfaidh cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse a bheith sa tuarascáil sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 le haghaidh roinnt foinsí nó le haghaidh na bhfoinsí uile.

    2.   Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe, ar tuarascáil í ina mbeidh cainníochtú ar na hastaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse:

    (a)

    i gcás sócmhainní oibrithe, faoin 5 Feabhra 2026; agus

    (b)

    i gcás sócmhainní neamhoibrithe, faoin 5 Feabhra 2027, i gcás nár tuairiscíodh na sócmhainní sin faoi phointe (a).

    I gcás nach féidir tomhas díreach a dhéanamh, is éard a bheidh i gceist leis an tuairisciú úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta sonracha bunaithe ar chainníochtú nó sampláil ag leibhéal foinse.

    3.   Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe, ar tuarascáil í ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse, arna comhlánú le tomhais ar astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, agus ar an gcaoi sin beifear in ann measúnú a dhéanamh ar na meastacháin ag leibhéal foinse, arna gcomhiomlánú de réir láithreáin, agus comparáid a dhéanamh leo:

    (a)

    i gcás sócmhainní oibrithe, faoin 5 Feabhra 2027 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin; agus

    (b)

    i gcás sócmhainní neamhoibrithe, faoin 5 Lúnasa 2028 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, i gcás nár tuairiscíodh na sócmhainní sin faoi phointe (a).

    Sula gcuirfidh siad an tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil, áiritheoidh oibreoirí agus gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar an tuarascáil agus go n-áiritheofar inti ráiteas maidir le fíorú arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8.

    4.   Cumhdófar leis na tuarascálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu an fhaisnéis a leanas ar a laghad:

    (a)

    cineál agus suíomh na bhfoinsí astaíochta;

    (b)

    sonraí mionsonraithe maidir le gach cineál foinse astaíochtaí, arna dtuairisciú i dtonaí meatáin agus i dtonaí de choibhéis CO2, agus úsáid á baint as poitéinseal téimh dhomhanda mar a shainmhínítear sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) iad;

    (c)

    faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe;

    (d)

    gach astaíocht meatáin maidir le sócmhainní oibrithe;

    (e)

    sciar na húinéireachta agus na n-astaíochtaí meatáin dar bun sócmhainní neamhoibrithe arna n-iolrú faoi sciar na húinéireachta;

    (f)

    liosta na n-eintiteas a bhfuil rialú oibríochtúil ar na sócmhainní neamhoibrithe acu.

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad tuairiscithe a leagan síos le haghaidh na dtuarascálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus na tuarascálacha fardail náisiúnta atá i bhfeidhm cheana agus na treoirdhoiciméid theicniúla agus na teimpléid tuairiscithe is déanaí ó OGMP á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

    Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme, úsáidfidh oibreoirí agus gnóthais na treoirdhoiciméid theicniúla agus teimpléid tuairiscithe de chuid OGMP 2.0 i gcomhair oibríochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha, de réir mar is infheidhme.

    5.   Déanfar na tomhais agus an cainníochtú dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla, de réir mar is infheidhme, arna mbunú faoi Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh oibreoirí agus gnóthais cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas na treoirdhoiciméid theicniúla is déanaí ó OGMP 2.0 arna bhformheas faoin 5 Lúnasa 2024 a úsáid chun na gcríoch sin.

    Soláthróidh oibreoirí agus gnóthais faisnéis do na húdaráis inniúla agus na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.

    6.   Déanfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin a chur i gcomparáid le chéile. Má tá neamhréireachtaí suntasacha staidrimh idir an cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus ag leibhéal láithreáin, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais an méid seo a leanas:

    (a)

    fógra a thabhairt gan mhoill do na húdaráis inniúla roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe;

    (b)

    próiseas réitigh a chur i gcrích a luaithe is féidir agus an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis réitigh, lena n-áirítear aon fhianaise agus doiciméid tacaíochta de réir mar is gá, tráth nach déanaí ná an chéad tréimhse tuairiscithe eile.

    Leis an bpróiseas réitigh, tabharfar aghaidh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na neamhréireachtaí, lena n-áirítear ar a laghad cruinneas agus oiriúnacht na dteicneolaíochtaí agus na modhanna a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú ag leibhéal foinse agus a thomhas ag leibhéal láithreáin, nó aon éiginnteachtaí sonraí sna torthaí mar gheall ar mhodhanna, teicneolaíochtaí nó eachtarshuíomh na dtorthaí a roghnaíodh.

    Chun críocha an phróisis réitigh, breithneoidh na hoibreoirí agus na gnóthais cainníochtú breise ag leibhéal foinse nó tomhais bhreise ag leibhéal láithreáin chun an fhianaise is gá a sholáthar chun míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí. Bunaithe ar thorthaí an phróisis réitigh, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais coigeartuithe ina dhiaidh sin i dtéarmaí uimhriúla i gcainníochtú ag leibhéal foinse nó i dtomhais ag leibhéal láithreáin a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí.

    Má mheasann na húdaráis inniúla nach dtugtar míniú leordhóthanach san fhaisnéis arna soláthar ag an oibreoir nó ag an ngnóthas de bhun phointe (b) den chéad fhomhír ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí, féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar an oibreoir nó ar an ngnóthas faisnéis bhreise a sholáthar nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

    7.   I gcás ina bhfuil faisnéis faoi rún i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), sonróidh na hoibreoirí nó na gnóthais lena mbaineann sa tuarascáil an cineál faisnéise a coinníodh siar agus an chúis leis sin.

    8.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ón dáta a dtíolacfaidh na hoibreoirí nó na gnóthais ábhartha iad.

    Airteagal 13

    Oibleagáid maolaithe ghinearálta

    Déanfaidh oibreoirí gach beart maolaithe iomchuí chun astaíochtaí meatáin a chosc agus a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

    Airteagal 14

    Brath agus deisiú sceití

    1.   Faoin 5 Bealtaine 2025 maidir le láithreáin atá ann cheana agus laistigh de 6 mhí ó dháta thús na n-oibríochtaí le haghaidh láithreán nua, cuirfidh oibreoirí clár braite agus deisithe sceití (‘clár LDAR’) faoi bhráid na n-údarás inniúil.

    Áireofar i gclár LDAR tuairisc mhionsonraithe ar shuirbhéanna agus gníomhaíochtaí LDAR, lena n-áirítear amlínte sonracha, atá le déanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, Codanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I agus leis na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla ábhartha, de réir mar is infheidhme, a bunaíodh faoi Airteagal 32. Má dhéantar aon athrú ar chlár LDAR, cuirfidh na hoibreoirí clár nuashonraithe LDAR faoi bhráid na n-údarás inniúil a luaithe is féidir.

    Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla a bunaíodh faoi Airteagal 32, leanfaidh na hoibreoirí cleachtais tionscail úrscothacha agus beidh na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála acu le haghaidh suirbhéanna LDAR. Cuirfidh oibreoirí faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear na caighdeáin idirnáisiúnta, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir clár LDAR a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    2.   Tionscnóidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 ar na comhpháirteanna uile atá faoina gcúram i gcomhréir le clár LDAR a luaithe is féidir ón 4 Lúnasa 2024.

    In aon chás, déanfaidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 faoin 5 Lúnasa 2025 maidir le láithreáin atá ann cheana. Gan dochar do na minicíochtaí a bhunaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh oibreoirí suirbhéanna LDAR de chineál 2 a dhéantar idir an 3 Lúnasa 2022 agus an 4 Lúnasa 2024 a mheas mar an chéad suirbhé LDAR de chineál 2.

    Laistigh de 9 mí ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí láithreán nua, déanfaidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 ar na comhpháirteanna uile atá faoina gcúram i gcomhréir le clár LDAR.

    Tar éis dóibh an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 a dhéanamh, déanfaidh oibreoirí suirbhéanna LDAR de chineál 1 agus de chineál 2 leis na minicíochtaí seo a leanas:

    (a)

    maidir le comhpháirteanna os cionn talún agus faoi thalamh, cé is moite de ghréasáin dáileacháin agus tarchurtha, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 1, d’Iarscríbhinn I;

    (b)

    maidir le comhpháirteanna na ngréasán dáileacháin agus tarchurtha, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 2, d’Iarscríbhinn I;

    (c)

    maidir le gach comhpháirt amach ón gcósta, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3, d’Iarscríbhinn I;

    (d)

    maidir le gach comhpháirt eile, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i g Cuid 1, pointe 4, d’Iarscríbhinn I.

    3.   Gan dochar don oibleagáid suirbhéanna LDAR de chineál 2 a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, nuair is gá suirbhé LDAR de chineál 1 a dhéanamh, féadfaidh oibreoirí rogha a dhéanamh suirbhé LDAR de chineál 2 a dhéanamh seachas suirbhé LDAR de chineál 1 a dhéanamh.

    4.   Mar chuid de shuirbhéanna LDAR, féadfaidh oibreoirí ardteicneolaíochtaí braite a úsáid, ar choinníoll:

    (a)

    go bhformheasfaidh na húdaráis inniúla a n-úsáid i gcomhthéacs chlár LDAR;

    (b)

    go ndéantar an tomhas ar leibhéal gach foinse astaíochtaí féideartha ar leith; agus

    (c)

    go gcomhlíonann na hardteicneolaíochtaí braite na ceanglais a leagtar amach i míreanna 7 agus 8 agus atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I.

    5.   De mhaolú ar an gceathrú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina soláthraíonn oibreoirí a tháirgeann nó a phróiseálann ola nó gás nádúrtha fianaise, ar bhonn tomhas ón 5 bliana roimhe sin atá tuairiscithe ag na hoibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 12 agus atá fíoraithe ag fíoraitheoir, go bhfuil níos lú ná 1 % dá gcomhpháirteanna agus dá bhfo-chomhpháirteanna uile i ngach láithreán ag sceitheadh agus gur lú na hastaíochtaí meatáin comhiomlánaithe a eascraíonn as an sceitheadh sin ná 0,08 % de thoirt iomlán an gháis nó 0,015 % de mhais iomlán na hola a próiseáladh nó a eastóscadh, d’fhéadfaí minicíochtaí éagsúla suirbhé LDAR ar chomhpháirteanna ar láithreáin nár sainaithníodh aon sceitheadh iontu a chur i bhfeidhm, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil agus ar choinníoll:

    (a)

    go ndéantar suirbhéanna braite agus deisithe sceite de Chineál 1 ar gach comhpháirt ag suíomhanna próiseála gach 12 mhí ar a laghad;

    (b)

    go ndéantar suirbhéanna LDAR de chineál 2 gach 12 mhí ar 25 % ar a laghad de na comhpháirteanna uile ag suíomhanna próiseála, agus go ndéantar na comhpháirteanna uile a sheiceáil gach 48 mí ar a laghad;

    (c)

    go déantar suirbhéanna LDAR de chineál 1 ar gach comhpháirt ag suíomhanna táirgeachta gach 36 mhí ar a laghad;

    (d)

    go déantar suirbhéanna LDAR de chineál 2 ar gach comhpháirt ag suíomhanna próiseála gach 60 mí ar a laghad.

    Más rud é, tar éis na suirbhéanna LDAR a dhéantar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, go bhfuil 1 % nó níos mó de na comhpháirteanna agus na fo-chomhpháirteanna uile i ngach láithreán ag sceitheadh nó gurb ionann na hastaíochtaí meatáin comhiomlánaithe atá bainteach leis an sceitheadh sin agus níos mó ná 0,08 % de thoirt iomlán an gháis nó 0,015 % de mhais iomlán amhola a próiseáladh nó a eastóscadh, beidh an t-oibreoir lena mbaineann faoi réir na n-oibleagáidí faoi mhír 2 ag an láithreán sin.

    Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún faoi na maoluithe a dheonaítear de bhun na míre seo agus déanfaidh sé cigireachtaí neamhrialta dá dtagraítear in Airteagal 6(4).

    6.   Déanfar suirbhéanna LDAR le feistí braite lenar féidir sceitheadh a shainaithint mar a leanas, i gcás gach cineáil comhpháirte:

    (a)

    ar leibhéal atá chomh gar agus is féidir do gach foinse astaíochtaí féideartha aonair le haghaidh comhpháirteanna os cionn talún agus comhpháirteanna os cionn leibhéal na farraige;

    (b)

    ag an gcomhéadan idir an talamh agus an t-atmaisféar le haghaidh comhpháirteanna faoi thalamh mar chéad chéim agus, i gcás ina mbraitear sceitheadh mar a shonraítear sa ghníomh chur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 7, chomh gar agus is féidir don fhoinse astaíochta mar dhara céim;

    (c)

    na teicnící braite is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála a chur i bhfeidhm le haghaidh comhpháirteanna amach ón gcósta atá faoi bhun leibhéal na farraige nó faoi bhun ghrinneall na farraige.

    7.   Faoin 5 Lúnasa 2025, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

    (a)

    na híosteorainneacha braite agus na teicnící braite atá le húsáid i gcás na bhfeistí braite éagsúla a úsáidtear chun na ceanglais maidir leis na comhpháirteanna uile i mír 8 a chomhlíonadh;

    (b)

    na tairseacha is infheidhme maidir leis an gcéad chéim de shuirbhéanna LDAR atá le húsáid chun na ceanglais maidir le comhpháirteanna faoi thalamh i mír 8 a chomhlíonadh.

    Bunófar na híosteorainneacha braite, na teicnící agus na tairseacha sin ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus ar na teicnící braite is fearr atá ar fáil, agus na cineálacha éagsúla comhpháirteanna agus suirbhéanna LDAR á gcur san áireamh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

    Go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin, chun ceanglais mhír 8 a chomhlíonadh, bainfidh oibreoirí úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus as na teicnící braite is fearr atá ar fáil, i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra maidir le hoibriú agus cothabháil.

    8.   Déanfaidh oibreoirí na comhpháirteanna uile a dheisiú nó a athsholáthar, ar comhpháirteanna iad a bhfuarthas amach go bhfuil siad ag astú meatáin ag na leibhéil seo a leanas nó os a gcionn ag teocht chaighdeánach agus ag brú caighdeánach agus úsáid á baint acu as feistí braite i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra maidir le hoibriú agus cothabháil:

    (a)

    maidir le suirbhéanna LDAR de chineál 1: 7 000 páirt in aghaidh an mhilliúin de thoirt meatáin nó 17 ngram in aghaidh na huaire de mheatán;

    (b)

    maidir le suirbhéanna LDAR de chineál 2:

    (i)

    500 páirt in aghaidh an mhilliúin de thoirt meatáin nó aon ghram in aghaidh na huaire de mheatán le haghaidh comhpháirteanna os cionn talún agus le haghaidh comhpháirteanna amach ón gcósta os cionn leibhéal na farraige;

    (ii)

    1 000 páirt in aghaidh an mhilliúin de thoirt meatáin nó 5 ghram in aghaidh na huaire de mheatán don dara céim de shuirbhéanna LDAR ar chomhpháirteanna faoi thalamh;

    (iii)

    7 000 páirt in aghaidh an mhilliúin de thoirt meatáin nó 17 ngram in aghaidh na huaire de mheatán le haghaidh comhpháirteanna amach ón gcósta atá faoi bhun leibhéal na farraige nó faoi bhun ghrinneall na farraige.

    9.   Déanfar na comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 8 a dheisiú nó a athsholáthar láithreach tar éis iad a bhrath. Mura féidir an deisiú a dhéanamh díreach tar éis an bhraith, déanfar iarracht é a dheisiú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis an bhraith agus cuirfear i gcrích é laistigh de 30 lá tar éis an bhraith.

    I gcás inar féidir le hoibreoir a léiriú nach n-éireodh nó nach bhféadfaí an deisiú nó an t-athsholáthar a dhéanamh laistigh de 5 lá don chéad iarracht nó i gcás ina bhfuil an t-oibreoir ag súil leis nach bhféadfaí deisiú iomlán a dhéanamh laistigh de 30 lá mar gheall ar chúinsí sábháilteachta, riaracháin nó teicniúla, tabharfaidh an t-oibreoir fógra do na húdaráis inniúla agus tabharfaidh sé fianaise dóibh ina leith sin mar aon leis na sceidil dheisiúcháin agus faireacháin ina bhfuil ar a laghad na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn II tráth nach déanaí ná 12 lá ó dháta an bhraith.

    Áireofar sna sceidil deisiúcháin agus faireacháin sin an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar le haon mhoill. Áireofar leo go n-íoslaghdófar an tionchar ar an gcomhshaol, agus na cúinsí sábháilteachta, riaracháin agus teicniúla ábhartha á n-urramú ag an am céanna. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir na sceidil deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh. In aon chás, déanfar an deisiú nó an t-athsholáthar a luaithe is féidir.

    Tabharfaidh na hoibreoirí tosaíocht do dheisiú na sceití is mó.

    Bainfear úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus a sholáthraíonn cosaint fhadtéarmach ar sceitheadh amach anseo maidir leis na deisiúcháin nó athsholáthairtí dá dtagraítear sa mhír seo.

    Beidh cúinsí sábháilteachta, riaracháin agus teicniúla, dá dtagraítear sa mhír seo, teoranta don mhéid seo a leanas:

    (a)

    sábháilteacht pearsanra agus daoine eile i ngaireacht don sceitheadh a braitheadh;

    (b)

    aon drochthionchar ar an gcomhshaol más féidir leis an oibreoir a léiriú go mbeadh an tionchar sin níos mó ná na tairbhí a bheadh ann don chomhshaol, mar shampla i gcás ina bhféadfadh leibhéal foriomlán níos airde astaíochtaí meatáin a bheith mar thoradh ar dheisiú ná mar a bheadh ann mura ndéanfaí deisiú;

    (c)

    inrochtaineacht comhpháirte, lena n-áirítear cothabháil sceidealta, ceanglais maidir le próiseas ceadaithe nó údarú riaracháin riachtanach;

    (d)

    neamh-infhaighteacht na bpáirteanna athsholáthair is gá chun an chomhpháirt nó na comhpháirteanna athsholáthair a dheisiú; agus

    (e)

    meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis ar dócha go mbeidh leibhéal géarchéime mar thoradh air dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

    10.   I gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 9, an séú fomhír, pointí (a) go (e), agus ina bhfuil gá le múchadh córais sula bhféadfar an deisiú nó an t-athsholáthar a dhéanamh, íoslaghdóidh oibreoirí an sceitheadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis an bhraith agus deiseoidh siad an sceitheadh faoi dheireadh an chéad mhúchadh córais sceidealaithe eile nó laistigh de bhliain, cibé acu is luaithe, mura rud é go bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an méid meatáin a scaoiltear le linn oibríochtaí deisiúcháin i bhfad níos airde ná an méid meatáin a sceithfeadh in éagmais deisiúcháin, nó mura bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh saincheisteanna maidir le slándáil an tsoláthair i gcórais bheaga nasctha mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944 mar thoradh ar dheisiú níos luaithe a dhéanamh.

    Soláthróidh an t-oibreoir, gan mhoill, an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar lena chinneadh moill a chur leis an deisiú do na húdaráis inniúla.

    Beidh cinneadh maidir le moill a chur leis an deisiú mar gheall ar chúinsí sábháilteachta, riaracháin agus teicniúla faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla agus áireofar é sna sceidil deisiúcháin agus faireacháin. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir lena mbaineann na sceidil deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    11.   Bunóidh oibreoirí taifead de na cinntí uile maidir le deisiúchán a mhoilliú de bhun an Airteagail seo gan mhoill, coinneoidh siad an taifead sin cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil go hiomlán é do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar le gach cinneadh agus leis na sceidil deisiúcháin agus faireacháin chomhfhreagracha.

    12.   D’ainneoin mhír 2, déanfaidh oibreoirí suirbhé ar chomhpháirteanna a bhfuarthas amach go raibh siad ag astú:

    (a)

    ar leibhéil meatáin arb ionann iad agus na tairseacha a leagtar amach i mír 8 nó atá níos mó ná sin ag teocht chaighdeánach agus brú caighdeánach le linn shuirbhé LDAR roimhe sin, láithreach tar éis an deisiú a bheith déanta de bhun mhír 9 agus tráth nach déanaí ná 45 lá ina dhiaidh sin, chun a áirithiú gur éirigh leis an deisiú; agus

    (b)

    ar leibhéil meatáin atá níos ísle ná na tairseacha a leagtar amach i mír 8 ag teocht chaighdeánach agus brú caighdeánach, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis bhrath na n-astaíochtaí, chun a sheiceáil ar a laghad uair amháin ar athraíodh méid an chaillteanais meatáin agus cibé acu atá nó nach bhfuil gá le deisiú.

    I gcás ina sainaithnítear go bhfuil riosca níos airde don tsábháilteacht nó do chaillteanais mheatáin ann, féadfaidh na húdaráis inniúla a mholadh go ndéanfaí suirbhéanna LDAR ar na comhpháirteanna ábhartha níos minice.

    13.   Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun mhír 14, déanfaidh oibreoirí gach sceitheadh a shainaithneofar a thaifeadadh gan beann ar a méid, agus déanfaidh siad measúnú orthu go rialta agus áiritheoidh siad go ndeiseofar iad i gcomhréir le mír 9.

    Coinneoidh oibreoirí an taifead ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin dóibh.

    14.   Gach bliain, déanfaidh oibreoirí gach sceideal deisiúcháin agus faireacháin agus tuarascáil ina mbeidh achoimre ar thorthaí gach suirbhé LDAR a cuireadh i gcrích le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní ábhartha lonnaithe.

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar na hoibreoirí an tuarascáil nó na sceidil deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    15.   Féadfaidh oibreoirí aon cheann de na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a tharmligean. Le cúraimí tarmligthe, ní dhéanfar dochar do fhreagracht oibreoirí agus ní bheidh tionchar acu ar éifeachtacht na maoirseachta a dhéanann na húdaráis inniúla.

    16.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhnithe, scéimeanna creidiúnaithe nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta, lena n-áirítear cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil le haghaidh soláthraithe seirbhíse LDAR agus le haghaidh oibreoirí i ndáil le suirbhéanna LDAR.

    17.   Gan dochar do Threoracha 2008/56/CE (26) agus 2013/30/AE (27) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh comhpháirteanna ola agus gáis amach ón gcósta atá suite ina gcríoch ar doimhneacht uisce is mó ná 700 méadar a dhíolmhú ó na ceanglais faoin Airteagal seo más féidir leis an oibreoir lena mbaineann fianaise láidir a chur ar fáil a léiríonn gur rídhócha gur diomaibhseach an tionchar ar an aeráid a bheidh ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh teacht ó na comhpháirteanna sin.

    Airteagal 15

    Srianta ar scaoileadh agus bladhmadh

    1.   Toirmiscfear scaoileadh ach amháin sna himthosca dá bhforáiltear san Airteagal seo. Déanfar gnáthbhladhmadh a thoirmeasc.

    2.   Ní cheadófar scaoileadh ná bladhmadh ach amháin i gcás éigeandála nó mífheidhme.

    3.   D’ainneoin mhír 2, ceadófar scaoileadh nó bladhmadh i gcás nach féidir iad a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leo agus faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16.

    Measfar scaoileadh agus bladhmadh a bheith dosheachanta agus fíor-riachtanach sna cásanna sonracha seo a leanas i gcás nach féidir scaoileadh nó bladhmadh, de réir mar is infheidhme, a dhíothú go hiomlán nó i gcás ina bhfuil gá leis ar chúiseanna sábháilteachta:

    (a)

    le linn gnáthoibríochtaí gaireas neomatach, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, nó comhpháirteanna eile atá ceaptha le scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh sin na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32 agus go ndéantar é a chothabháil i gceart chun caillteanais meatáin a íoslaghdú;

    (b)

    chun bac leachtach a dhíluchtú nó a ghlanadh i dtobar ar bhrú atmaisféarach;

    (c)

    le linn umar stórála nó soitheach ísealbhrú eile a thomhas nó a shampláil, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32;

    (d)

    le linn leachtanna a aistriú ó umar stórála nó soitheach ísealbhrú eile go feithicil iompair ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32;

    (e)

    le linn deisithe, cothabhála, nósanna imeachta tástála agus díchoimisiúnaithe, lena n-áirítear trealamh a shéidghlanadh agus a dhíbhrú chun deisiú agus cothabháil a dhéanamh;

    (f)

    le linn thástáil cinn Braden;

    (g)

    le linn tástáil sceite pacálaí;

    (h)

    le linn tástáil táirgthe a mhaireann níos lú ná 24 uair an chloig;

    (i)

    i gcás nach gcomhlíonann meatán sonraíochtaí na píblíne bailithe, ar choinníoll go ndéanann an t-oibreoir anailís ar shamplaí meatáin dhá uair sa tseachtain chun a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh na sonraíochtaí amach agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an meatán i bpíblíne bhailithe trína mbíthin a luaithe agus a chomhlíontar na sonraíochtaí píblíne;

    (j)

    nuair a bhíonn píblínte, trealamh nó saoráidí á gcoimisiúnú, a fhad is gá chun eisíontais a thugtar isteach ón bpíblíne nó ón trealamh a ghlanadh,;

    (k)

    nuair a bhíonn scríobaireacht á déanamh ar phíblíne, nuair a bhíonn séidghlanadh á dhéanamh ar phíblíne chun í a dheisiú, nuair a bhíonn píblíne á díchoimisiúnú nó nuair a bhíonn sciúradh á dhéanamh ar phíblíne chun í a dheisiú nó a chothabháil, agus i gcás nach féidir an gás a choinneáil istigh nó a atreorú isteach i gcuid den phíblíne nach ndearnadh difear di, agus sa chás sin amháin.

    4.   I gcás ina gceadaítear scaoileadh de bhun mhíreanna 2 agus 3, ní scaoilfidh oibreoirí ach i gcás nach bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil mar gheall ar easpa inadhainteachta nó neamhábaltacht lasair a chothú, rioscaí a chuirfeadh sábháilteacht oibríochtaí nó pearsanra i mbaol nó i gcás ina mbeadh tionchar níos measa aige ar an gcomhshaol i dtéarmaí astaíochtaí. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla agus soláthróidh siad fianaise maidir leis an ngá atá le scaoileadh a úsáid in ionad bladhmtha.

    5.   Tiocfaidh trealamh malartach nach n-astaíonn astaíochtaí in ionad an trealaimh scaoilte i gcás ina mbeidh fáil tráchtála air sin agus má chomhlíonann sé na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla le haghaidh comhpháirteanna atá ceaptha le scaoileadh arna mbunú faoi Airteagal 32.

    6.   De bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, ní cheadófar bladhmadh ach amháin i gcás nach bhfuil sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin nó a sheoladh chuig margadh ar chúiseanna seachas cúinsí eacnamaíocha. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le bladhmadh a úsáid in ionad an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin nó a sheoladh chuig margadh.

    7.   I gcás ina ndéantar láithreán a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú ina iomláine, ní dhéanfaidh oibreoirí ach gairis neomatacha atá saor ó astaíochtaí, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, atá ar fáil ar bhonn tráchtála, a shuiteáil agus a úsáid. I gcás ina ndéantar láithreán a ionadú nó a athchóiriú go páirteach, ní dhéanfaidh oibreoirí ach gairis neomatacha atá saor ó astaíochtaí, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, atá ar fáil ar bhonn tráchtála, a shuiteáil agus a úsáid sa chuid sin.

    8.   Comhlíonfaidh oibreoirí an tAirteagal seo gan mhoill agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 5 Feabhra 2026 maidir le láithreáin atá ann cheana, agus tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dháta thús na n-oibríochtaí maidir le láithreáin nua. I gcás nach bhfuil oibreoirí in ann an tAirteagal seo a chomhlíonadh mar gheall ar mhoill eisceachtúil arb é is cúis léi an gá le cead nó aon údarú riaracháin eile a fháil ó na húdaráis ábhartha nó toisc nach bhfuil trealamh scaoilte nó bladhmtha ar fáil, soláthróidh siad sceideal cur chun feidhme mionsonraithe do na húdaráis inniúla. Beidh fianaise leordhóthanach sa sceideal sin gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh na húdaráis inniúla modhnuithe ar an sceideal sin a éileamh.

    Airteagal 16

    Tuairisciú ar theagmhais scaoilte agus bhladhmtha

    1.   Cuirfidh oibreoirí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi theagmhais scaoilte agus bhladhmtha:

    (a)

    arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo; nó

    (b)

    atá ar siúl ar feadh 8 n-uair an chloig nó níos mó laistigh de thréimhse 24 uair an chloig ó theagmhas aonair.

    Tabharfar an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan mhoill tar éis an teagmhais agus laistigh de 48 n-uair an chloig ón tráth a thosaigh an teagmhas nó ón tráth a tháinig an t-oibreoir ar an eolas faoi ar a dhéanaí, i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfar bladhmadh rialaithe a tharlaíonn le linn múchta córais a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil.

    2.   Cuirfidh oibreoirí tuarascálacha bliantúla ar gach teagmhas scaoilte agus bladhmtha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 15, i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III faoi bhráid na n-údarás inniúil agus mar chuid den tuarascáil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12.

    Airteagal 17

    Ceanglais éifeachtúlachta bladhmtha

    1.   I gcás ina ndéanfar láithreán a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú ina iomláine nó go páirteach, nó i gcás ina suiteáiltear simléir bhladhaire nua nó gairis dócháin eile, ní shuiteálfaidh oibreoirí ach simléir bhladhaire nó gairis dócháin a bhfuil uath-adhainteoir nó bladhmlastóir leanúnach acu agus a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh 99 % ar a laghad acu.

    2.   Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann gach simléar bladhaire nó gach gaireas dócháin eile ceanglais mhír 1 faoin 5 Feabhra 2026.

    3.   Déanfaidh oibreoirí cigireacht ar shimléir bhladhaire nó gairis dócháin eile gach 15 lá i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, ach amháin i gcás nach n-úsáidtear iad ar bhonn rialta. I gcás nach n-úsáidtear simléir bhladhaire nó feistí dócháin eile ar bhonn rialta, déanfaidh oibreoirí cigireacht orthu roimh gach úsáid.

    De rogha ar chigireachtaí rialta, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh oibreoirí córais chianfhaireacháin nó uathoibrithe, mar a shonraítear i gcomhréir le pointí (1) agus (2) d’Iarscríbhinn IV, a úsáid.

    I gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, déanfaidh oibreoirí cúis na neamhrialtachta a imscrúdú agus í a leigheas laistigh de 6 huair an chloig nó, i gcás teagmhas adhaimsire nó dálaí foircneacha eile, laistigh de 6 uair an chloig tar éis do ghnáthdhálaí a bheith ann arís.

    4.   I gcás ina n-úsáidtear uath-adhainteoirí nó bladhmlastóirí leanúnacha, bainfidh oibreoirí úsáid as trealamh maoirseachta lasrach chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an bpríomhlasair bhladhaire nó ar an lasair phíolótach chun a áirithiú nach dtarlóidh scaoileadh de bharr staid inar múchadh an lasair.

    Airteagal 18

    Toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe

    1.   Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha, na dtoibreacha atá líonta go sealadach agus na dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe go léir atá ar a gcríoch nó faoina ndlínse ar a bhfuil taifead a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí nó i gcás ina mbeidh faisnéis nó fianaise maidir lena suíomh ar fáil nó i gcás inar féidir an áit ina bhfuil siad lonnaithe a shainaithint le gach iarracht réasúnta. Beidh san fhardal sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V ar a laghad.

    Déanfaidh na Ballstáit an fardal sin a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear trí gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun gach tobar neamhghníomhach sainaitheanta, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe ar a gcríoch nó faoina ndlínse a aimsiú agus a dhoiciméadú, bunaithe ar mheasúnú láidir agus na torthaí eolaíocha is cothroime le déanaí agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, maidir leis na Ballstáit a thugann fógra don Choimisiún i dtaobh fianaise a léiríonn go bhfuil 40 000 tobar nó níos mó taifeadta ar a gcríoch nó faoina ndlínse, bíodh na toibreacha sin neamhghníomhach, líonta go sealadach nó líonta go buan agus tréigthe, féadfaidh siad plean a ghlacadh chun an fardal dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú agus chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú nó chun a léiriú nach bhfuil aon astaíochtaí meatáin ann, de réir mar is infheidhme, i ndáil leis na toibreacha sin, lena n-áirítear ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus é a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll:

    (a)

    faoin 5 Lúnasa 2025, áirítear ar a laghad 20 % de na toibreacha sin san fhardal lena dtugtar tús áite do thoibreacha neamhghníomhacha agus do thoibreacha atá líonta go sealadach;

    (b)

    faoin 5 Lúnasa 2026, go n-áirítear ar a laghad 40 % de na toibreacha sin san fhardal;

    (c)

    gach 12 mhí tar éis 5 Lúnasa 2026, go n-áirítear ar a laghad 15 % breise de na toibreacha sin san fhardal;

    (d)

    go n-áireofar gach tobar san fhardal faoin 5 Lúnasa 2030.

    Beidh an plean sin faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil.

    3.   Gan dochar do mhír 4, cuirfear tuarascálacha ina bhfuil faisnéis maidir le cainníochtú astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, faisnéis ar fhaireachán brú ó gach tobar neamhghníomhach agus gach tobar atá líonta go sealadach, cuirfear iad faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Bealtaine 2026 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.

    Áireofar sna tuarascálacha sin cainníochtú ar astaíochtaí meatáin isteach san aer agus san uisce agus faisnéis maidir le faireachán ar bhrú, i gcás inarb infheidhme, agus úsáid á baint as na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla arna mbunú faoi Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh na hoibreoirí agus na Ballstáit, de réir mar is infheidhme, cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú.

    I gcás ina dtuairiscíonn oibreoirí nó Ballstáit astaíochtaí meatáin faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta nó réigiúnacha a bhfuil an tAontas nó an Ballstát ábhartha ina pháirtí iontu, féadfar a áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear sa mhí seo an fhaisnéis a thuairiscítear faoi chuimsiú na gcomhaontuithe sin.

    Maidir le tuarascálacha a bhaineann le toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach agus atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil 40 000 tobar nó níos mó, bídís neamhghníomhach, líonta go sealadach nó líonta agus tréigthe go buan, déanfar iad a thíolacadh faoi 12 mhí tar éis gach ceann de na toibreacha a áireamh san fhardal agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.

    4.   I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla cainníochtú ar astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, sonraí faireacháin brú a chruthaíonn nach raibh aon astaíochtaí meatáin ó thobar ar tír atá líonta go shealadach le linn na 5 bliana deireanacha, scoirfidh mír 3 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an tobar sin.

    I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla cainníochtú ar astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, sonraí faireacháin brú lena gcruthaítear nach raibh aon astaíochtaí meatáin ó thobar neamhghníomhach amach ón gcósta nó ó thobar amach ón gcósta atá líonta go sealadach le 3 bliana anuas, scoirfidh mír 3 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an tobar sin.

    5.   I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla fianaise iontaofa maidir le méideanna ábhartha na n-astaíochtaí meatáin i dtobar neamhghníomhach amach ón gcósta nó i dtobar atá líonta go sealadach tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 4 nó i dtobar atá líonta go buan agus atá tréigthe agus i gcás inar dhearbhaigh tríú páirtí neamhspleách an fhianaise sin, déanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na toibreacha atá líonta go sealadach.

    6.   I gcás ina mbraitear astaíochtaí meatáin i dtoibreacha neamhghníomhacha, i dtoibreacha atá líonta go sealadach nó i dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí atá freagrach de bhun mhír 8 gach beart is gá atá ar fáil dóibh chun an tobar sin a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan, de réir mar is infheidhme, i gcás inarb indéanta go teicniúil agus tionchar comhshaoil na n-oibreacha riachtanacha á chur san áireamh i bhfianaise an laghdaithe ghaolmhair ar na hastaíochtaí meatáin.

    7.   Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus áireofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 8.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3 go 7 agus i mír 9. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir, úinéir, ceadúnaí nó páirtí atá freagrach ar shlí eile as an tobar faoin dlí náisiúnta fianaise imleor iontaofa a sholáthar don údarás inniúil chun a léiriú nach bhfuil dóthain acmhainní airgeadais aige chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh nó i gcás nach féidir an páirtí atá freagrach a aithint, is ar an mBallstát a bheidh an fhreagracht as na hoibleagáidí sin.

    9.   Faoin 5 Lúnasa 2026, déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí atá freagrach de bhun mhír 8, plean maolúcháin a ullmhú chun toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan, lena n-áirítear ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus cuirfidh siad chun feidhme é laistigh de 12 mhí ó tíolacadh an chéad tuarascáil dá dtagraítear i mír 3.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás inar féidir le Ballstát nó an páirtí freagrach de bhun mhír 8 a thaispeáint nach féidir an plean maolúcháin sin a chur chun feidhme laistigh den spriocdháta sin mar gheall ar chúinsí sábháilteachta, riaracháin nó teicniúla, féadfaidh sé a chur chun feidhme a chur siar. Áireofar sa phlean maolúcháin an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar le cinneadh den sórt sin. I gcásanna den sórt sin, déanfar an cur chun feidhme a luaithe is féidir agus áiritheofar nach mbeidh an dáta deiridh le haghaidh na ngníomhaíochtaí maolúcháin do gach tobar níos faide ná 3 bliana ó thíolacadh na chéad tuarascála dá dtagraítear i mír 3

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an bpáirtí freagrach an plean maolúcháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    Déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí freagrach de bhun mhír 8 an plean maolúcháin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i gcomhréir leis an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus le haon athruithe nó le haon fhaisnéis nua a dhíorthaítear astu, agus bunaithe ar mheasúnú stóinsithe agus na torthaí eolaíocha is cothroime le dáta agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.

    Sna pleananna maolúcháin, bainfear úsáid as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 chun tosaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

    (a)

    toibreacha a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan;

    (b)

    bóithre rochtana gaolmhara nó an ithir faoi uisce ina dtimpeall, de réir mar is infheidhme, a athshlánú;

    (c)

    talamh, uisce, grinneall agus gnáthóg a ndearnadh dochar dóibh leis na toibreacha agus na hoibríochtaí roimhe seo a athshlánú;

    (d)

    faireachán chun a áirithiú nach foinse astaíochtaí meatáin iad toibreacha atá líonta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    10.   Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na tuarascálacha agus ar na pleananna maolúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo agus cuirfidh siad iad ar fáil don phobal agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ó thíolaic oibreoir plean maolúcháin nó ó chuir Ballstát i gcrích é.

    11.   Gan dochar do Threoracha 2008/56/CE agus 2013/30/AE, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh toibreacha ola agus gáis amach ón gcósta atá suite ar dhoimhneacht uisce is mó ná 700 méadar a dhíolmhú ó na ceanglais faoi mhír 3 nó faoi mhír 9 den Airteagal seo, más féidir fianaise láidir a chur ar fáil a léiríonn gur rídhócha gur diomaibhseach an tionchar ar an aeráid a bheidh ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh teacht ó na toibreacha sin.

    12.   Gan dochar do Threoracha 2008/56/CE agus 2013/30/AE, agus faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, féadfar toibreacha amach ón gcósta atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe atá suite ar dhoimhneacht uisce idir 200 agus 700 méadar a dhíolmhú ó na ceanglais faoi mhír 3 nó 9 den Airteagal seo, i gcás inar féidir leis an oibreoir a léiriú gur rídhócha gur diomaibhseach an tionchar ar an aeráid a bheidh ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh teacht ó na toibreacha sin trí thagairt a dhéanamh do mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a rinneadh roimh dhruileáil nó tar éis tionóiscí le linn oibríochtaí.

    CAIBIDIL 4

    ASTAÍOCHTAÍ MEATÁIN SAN EARNÁIL GUAIL

    Roinn I

    Faireachán agus tuairisciú i mianaigh ghuail ghníomhacha

    Airteagal 19

    Raon Feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le mianaigh ghuail ghníomhacha faoi thalamh agus mianaigh ghuail ghníomhacha dhromchla.

    2.   Áirítear na hastaíochtaí a leanas le hastaíochtaí meatáin a eascraíonn as mianaigh ghuail ghníomhacha faoi thalamh:

    (a)

    astaíochtaí meatáin as gach seafta aerála a úsáideann an t-oibreoir mianaigh;

    (b)

    astaíochtaí meatáin ó stáisiúin draenála agus ón gcóras draenála meatáin, cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn siad de thoradh scaoileadh beartaithe nó neamhbheartaithe, nó de thoradh dóchán neamhiomlán bladhmtha;

    (c)

    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar-mhianadóireachta agus laistigh de limistéar an mhianaigh guail.

    3.   Áirítear na hastaíochtaí a leanas le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail ghníomhacha dhromchla:

    (a)

    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn ag an mianach guail le linn an phróisis mianadóireachta;

    (b)

    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar-mhianadóireachta agus laistigh de limistéar an mhianaigh guail.

    Airteagal 20

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   I gcás mianaigh ghuail faoi thalamh, déanfaidh oibreoirí mianaigh tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse ar gach seafta aerála sceite. Tuairisceoidh oibreoirí mianaigh do na húdaráis inniúla maidir le hastaíochtaí meatáin in aghaidh an tseafta aerála in aghaidh na bliana i gcileathona meatáin, trí úsáid a bhaint as trealamh agus as modheolaíochtaí as a n-eascraíonn cruinneas tomhais le lamháltas 0,5 cileathona de mheatán in aghaidh na bliana nó 5 % den mhéid tuairiscithe, pé acu luach is ísle.

    2.   Déanfaidh oibreoirí stáisiúin draenála tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal ar scaoileadh iomlán an mheatáin scaoilte agus bhladhmtha, gan beann ar na cúiseanna atá le scaoileadh nó bladhmadh mar sin.

    3.   I gcás mianaigh ghuail dhromchla, bainfidh oibreoirí mianaigh úsáid as fachtóirí astaíochta meatáin mianaigh guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú chun astaíochtaí meatáin a eascraíonn as oibríochtaí mianadóireachta a chainníochtú. Leagfaidh oibreoirí mianaigh na fachtóirí astaíochta sin amach ar bhonn ráithiúil, i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí agus na hastaíochtaí meatáin ó strataim máguaird á gcur san áireamh acu.

    4.   Tabharfar faoi na tomhais agus faoin gcainníochtú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir leis na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla is infheidhme arna mbunú de bhun Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh oibreoirí mianaigh cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú. Cuirfidh oibreoirí mianaigh faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na fiosraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear na caighdeáin idirnáisiúnta, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.

    Maidir le tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás nach bhfuil cuid den trealamh tomhais ag feidhmiú ar feadh tréimhse áirithe, féadfar léamha a glacadh le linn na dtréimhsí nuair a bhí an trealamh ag feidhmiú a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar shonraí ar bhonn pro rata le haghaidh na tréimhse nach raibh an trealamh ag feidhmiú inti.

    Feidhmeoidh an trealamh a úsáidtear chun tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n-úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú agus deisiúcháin a dhéanamh a chur san áireamh.

    5.   I gcás inarb ábhartha, déanfaidh oibreoirí mianaigh meastachán ar astaíochtaí meatáin guail iar-mhianadóireachta trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta guail iar-mhianadóireachta, arna nuashonrú go bliantúil, bunaithe ar shamplaí guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú agus i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí.

    6.   Faoin 5 Lúnasa 2025 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála tuarascáil ina mbeidh sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Cumhdófar leis an tuarascáil sin tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áireofar inti na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VI maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh atá gníomhach, i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VI maidir le mianaigh ghuail dhromchla atá gníomhach agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI maidir le stáisiúin draenála.

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa mhír seo agus go n-áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 8.

    7.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ó thíolaic oibreoirí mianaigh iad.

    Roinn II

    Astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail ghníomhacha faoi thalamh a mhaolú

    Airteagal 21

    Raon Feidhme

    Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

    Airteagal 22

    Bearta maolúcháin

    1.   Cuirfear toirmeasc ar bhladhmadh a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 % agus ar scaoileadh meatáin as stáisiúin draenála ón 1 Eanáir 2025, ach amháin i gcás éigeandála nó mífheidhme, nó i gcás nach féidir iad a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leo chun críoch cothabhála agus cé is moite de scaoilte i gcomhréir le mír 2. I gcásanna den sórt sin, ní scaoilfidh oibreoirí stáisiúin draenála ach amháin mura bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó má tá riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 23, léireoidh oibreoirí stáisiúin draenála do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná cúig thona meatáin in aghaidh an chileathona guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás éigeandála.

    Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná trí thona meatáin in aghaidh an chileathona guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2031, ach amháin i gcás éigeandála.

    Beidh feidhm ag na tairseacha sin in aghaidh na bliana, in aghaidh an mhianaigh agus in aghaidh an oibreora, i gcás ina n-oibríonn eintiteas amháin roinnt mianach guail.

    Ní ghinfidh na bearta a dhéanfar i gcomhréir leis an mír seo meath ar shábháilteacht na n-oibrithe.

    3.   Faoin 5 Lúnasa 2027 glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shrianta ar mheatán a scaoileadh ó sheaftaí aerála a leagan amach maidir le mianaigh ghuail chóic.

    4.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus chun astaíochtaí meatáin a laghdú, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as córas dreasachtaí bunaithe ar tháillí, muirir nó pionóis dá dtagraítear in Airteagal 33, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí mianach guail atá ann cheana na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 23

    Tuairisciú ar theagmhais scaoilte agus bhladhmtha

    1.   Ón 1 Eanáir 2025, tabharfaidh oibreoirí stáisiúin draenála fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach teagmhas scaoilte agus bladhmtha a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 % agus:

    (a)

    arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo,

    (b)

    a tharlaíonn go dosheachanta, de bharr chothabháil an chórais draenála.

    Déanfar an fógra sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, gan mhoill, tar éis an teagmhais agus laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí ón tráth a thosaigh an teagmhas nó ón tráth ar tháinig an t-oibreoir ar an eolas faoi.

    2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a cuireadh faoina mbráid de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún ar bhonn bliantúil agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

    Roinn III

    Astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus ó mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh

    Airteagal 24

    Raon Feidhme

    Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na hastaíochtaí meatáin seo a leanas ó mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus ó mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh inar scoireadh de tháirgeadh guail tar áis an 3 Lúnasa 1954:

    (a)

    astaíochtaí meatáin ó gach seafta aerála a leanann de mheatán a astú;

    (b)

    astaíochtaí meatáin ó threalamh mianaigh ghuail, ar scoireadh a úsáid;

    (c)

    astaíochtaí meatáin ó fhoinsí astaíochtaí dea-shainithe astaíochta eile mar a shonraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII.

    Airteagal 25

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Faoin 5 Lúnasa 2025 déanfaidh na Ballstáit fardal na mianach guail dúnta faoi thalamh go léir agus na mianach guail tréigthe faoi thalamh go léir ina gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, i gcás inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an 3 Lúnasa 1954, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus lena n-áirítear ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII.

    2.   Ón 5 Bealtaine 2026, tomhaisfear astaíochtaí meatáin i ngach mianach guail dúnta faoi thalamh agus i ngach mianach guail tréigthe faoi thalamh i gcás inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an 3 Lúnasa 1954.

    Suiteálfar trealamh tomhais ar na heilimintí uile a liostaítear i gCuid 1, pointe 1.5, d’Iarscríbhinn VIII a bhfuarthas amach ina leith go n-astaíonn siad os cionn 0,5 tona meatáin in aghaidh na bliana bunaithe ar an bhfardal i mír 1 den Airteagal seo. Leis an trealamh sin, déanfar tomhas nó cainníochtú díreach ag an leibhéal foinse i gcomhréir leis na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla is infheidhme arna mbunú de bhun Airteagal 32, gach uair an chloig ar a laghad agus ar cháilíocht leordhóthanach ionas gur féidir meastachán ionadaíoch a dhéanamh ar na hastaíochtaí bliantúla meatáin as na heilimintí go léir a liostaítear i gCuid 1, pointe 1.5 d’Iarscríbhinn VIII a suíodh go raibh meatán á n-astú acu. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh oibreoirí mianaigh cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú. Cuirfidh oibreoirí mianaigh faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, na saintreoracha teicniúla nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.

    Feidhmeoidh an trealamh tomhais ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n-úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí meatáin, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú agus deisiúcháin a dhéanamh a chur san áireamh.

    3.   Má bhreathnaítear go bhfuil astaíochtaí bliantúla meatáin a thagann ó eilimint a liostaítear i gCuid 1, pointe 1.5, d’Iarscríbhinn VIII faoi bhun 1 thona meatáin ar feadh 6 bliana as a chéile i gcás mianach guail faoi thalamh faoi uisce nó 12 bhliain as a chéile i gcás mianach guail faoi thalamh nach bhfuil faoi uisce, ní dhéanfar tuilleadh faireacháin ná tuairiscithe ar an eilimint áirithe sin.

    4.   Arna iarraidh sin don pháirtí freagrach, féadfaidh na húdaráis inniúla mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh a dhíolmhú ó cheanglais mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo agus de Chuid 1, pointe 1.5, d’Iarscríbhinn VIII i gcás ina léiríonn an páirtí freagrach go bhfuil na mianaigh sin go hiomlán faoi uisce ar feadh 10 mbliana ar a laghad roimh dháta na hiarrata.

    Beidh tuarascáil ón bpáirtí freagrach ag gabháil leis an iarraidh sin. Léireofar sa tuarascáil sin cobhsú na ndálaí hidrigeolaíocha chomh maith le heaspa méideanna ábhartha d’astaíochtaí meatáin ón mianach guail ábhartha. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    5.   I gcás ina bhfaighidh na húdaráis inniúla fianaise iontaofa i dtaobh méideanna ábhartha astaíochtaí meatáin ó mhianach guail dúnta faoi thalamh nó ó mhianach guail tréigthe faoi thalamh dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 maidir leis an mianach guail sin.

    6.   Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil meastacháin ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Lúnasa 2026 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.

    Cumhdófar leis na tuarascálacha sin an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu na heilimintí a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VIII.

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa mhír seo. Áireofar iontu ráiteas fíorúcháin arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8.

    7.   Beidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh. Beidh na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh. I gcás úsáidí malartacha mianach guail tréigthe faoi thalamh, beidh sealbhóir an cheada dá dtagraítear in Airteagal 26(3) freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

    8.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ó thíolaic an páirtí freagrach iad.

    Airteagal 26

    Bearta maolúcháin

    1.   Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolúcháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus ó mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an 3 Lúnasa 1954.

    Cuirfear an plean maolúcháin sin faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Feabhra 2027. Áireofar ann na príomh-gharspriocanna dá chur chun feidhme agus ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VIII.

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil úsáid meatáin nó maolú astaíochtaí meatáin indéanta go teicniúil nó ina bhfuil riosca ann go gcuirfear sábháilteacht comhshaoil, sábháilteacht an duine, lena n-áirítear sábháilteacht an phearsanra, nó an tsláinte i mbaol leo. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh in ionad an meatán a úsáid nó na hastaíochtaí meatáin a laghdú.

    3.   Ceadófar úsáid mhalartach a bhaint as mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh de réir nós imeachta ceadúcháin arna chur in oiriúint d’úsáid mhalartach an mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh. Soláthróidh an t-iarratasóir do na húdaráis inniúla plean mionsonraithe beart chun astaíochtaí meatáin a sheachaint. Comhlíonfaidh sealbhóir an cheada na hoibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus maolúcháin faoi Airteagal 25 agus faoin Airteagal seo.

    4.   Gan dochar do dhlí earnáilsonrach is infheidhme an Aontais, i gcás mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh, ceadófar na cleachtais maolúcháin is fearr atá ann cheana chun astaíochtaí meatáin a laghdú.

    CAIBIDIL 5

    ASTAÍOCHTAÍ MEATÁIN Ó AMHOLA, GÁS NÁDÚRTHA AGUS GUAL ARNA GCUR AR MHARGADH AN AONTAIS

    Airteagal 27

    Na ceanglais is infheidhme maidir le hallmhaireoirí

    1.   Faoin 5 Bealtaine 2025 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, soláthróidh allmhaireoirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. I gcás ina mainníonn allmhaireoirí an fhaisnéis sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, tabharfaidh siad údar maith le mainneachtain den sórt sin do na húdaráis inniúla agus leagfaidh siad amach na gníomhaíochtaí a rinne siad chun an fhaisnéis sin a fháil.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a leasú trí mhodhnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cheanglaítear ar allmhaireoirí a sholáthar.

    2.   Faoin 5 Lúnasa 2025 agus faoin 31 Lúnasa gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a sholáthróidh allmhaireoirí faoi bhráid an Choimisiúin.

    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 30.

    Airteagal 28

    Coibhéis na mbeart faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe

    1.   Ón 1 Eanáir 2027, léireoidh allmhaireoirí, agus tuairisceoidh siad i gcomhréir le hAirteagal 27(1), d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe nach gcumhdaíonn na conarthaí arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan an 4 Lúnasa 2024 nó ina dhiaidh sin maidir le soláthar amhola, gáis nádúrtha nó guail a tháirgtear lasmuigh den Aontas ach amhola, gás nádúrtha nó gual atá faoi réir bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe arna gcur i bhfeidhm ar leibhéal an táirgeora atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo.

    2.   I gcás conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Lúnasa 2024 maidir le soláthar amhola, gáis nádúrtha nó guail arna dtáirgeadh lasmuigh den Aontas, déanfaidh allmhaireoirí gach iarracht réasúnta chun a éileamh go mbeidh amhola, gás nádúrtha nó gual faoi réir bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal an táirgeora atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfar leasú ar na conarthaí sin a áireamh sna hiarrachtaí sin.

    Ón 1 Eanáir 2027, cuirfidh allmhaireoirí údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe ar an eolas gach bliain maidir le torthaí na n-iarrachtaí sin, mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar de bhun Airteagal 27(1) agus, i gcás mainneachtana, tabharfaidh siad údar maith le mainneachtain den sórt sin do na húdaráis inniúla sin agus leagfaidh siad amach na gníomhaíochtaí a rinne siad mar chuid de na hiarrachtaí sin.

    3.   Eiseoidh an Coimisiún moltaí ina mbeidh clásail eiseamláireacha roghnacha a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar chun críocha mhíreanna 1 agus 2, atá le húsáid ag allmhaireoirí a chuireann amhola, gás nádúrtha agus gual ar mhargadh an Aontais agus conarthaí atá ann cheana á modhnú nó á n-athnuachan nó conarthaí nua maidir le soláthar amhola, gáis nádúrtha agus guail á síniú.

    4.   Cosnóidh údaráis inniúla na mBallstát rúndacht na faisnéise a fhaightear ó allmhaireoirí faoin Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin don Choimisiún a chosnóidh rúndacht na faisnéise sin, i gcomhréir le dlí an Aontais.

    5.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bheith coibhéiseach leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá amhola, gás nádúrtha agus gual faoi réir fíorú neamhspleách tríú páirtí atá coibhéiseach leis an bhfíorú a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9 agus tá na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag an táirgeoir atá bunaithe i dtríú tír:

    (i)

    maidir le hamhola agus gás nádúrtha, bearta faireacháin agus tuairiscithe lena n-áirithítear cainníochtú astaíochtaí meatáin atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 12 nó faireachán agus tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0;

    (ii)

    maidir le gual, bearta faireacháin agus tuairiscithe atá coibhéiseach leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 20; nó

    (b)

    tá creat rialála maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú i bhfeidhm ag an tríú tír sin maidir le táirgeoirí agus onnmhaireoirí atá bunaithe sa tríú tír sin agus a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual do mhargadh an Aontais agus tá an creat sin á chur i bhfeidhm ag an tríú tír sin, ar creat é atá coibhéiseach ar a laghad leis an gcreat sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas; go háirithe, tá sé léirithe ag an tríú tír go n-áirithítear leis na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe sin cainníochtú ar leibhéal na foinse agus an láithreáin ar a laghad agus tuairisciú rialta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 12, maidir le hamhola agus gás nádúrtha, agus in Airteagal 20, maidir le gual, agus go bhfuil fíorú éifeachtach i bhfeidhm ag tríú páirtí neamhspleách atá coibhéiseach leis an méid a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9, chomh maith le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach.

    6.   Chun críocha mhír 5, pointe (b), leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an nós imeachta agus na ceanglais maidir le fianaise atá le soláthar ag tríú tír chun coibhéis a shuíomh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

    Féadfar an nós imeachta chun coibhéis a shuíomh a thionscnamh arna iarraidh sin ag tríú tír nó ag an gCoimisiún.

    Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil go gníomhach leis na tríú tíortha uile a onnmhairíonn amhola, gás nádúrtha nó gual chuig margadh an Aontais chun a gcomhaontú a fháil chun nós imeachta den sórt sin a thionscnamh, agus an chainníocht a allmhairítear ó na tríú tíortha sin agus a n-acmhainneacht chun a n-astaíochtaí meatáin a laghdú á gcur san áireamh.

    Ní bhunóidh an Coimisiún coibhéis, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcás gach tríú tír ábhartha, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an tríú tír na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo agus ina gcuirtear an fhianaise uile is gá ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán seo. Staonfaidh an Coimisiún ó ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcás ina rachadh glacadh gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena gcuirtear srian ar amhola, gás nádúrtha nó gual a allmhairiú.

    Féadfaidh an Coimisiún coibhéis a chúlghairm tráth ar bith, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcás nach gcomhlíonann an tríú tír, sa dlí nó sa chleachtas, na coinníollacha a leagtar amach i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo le linn tréimhse 12 mhí ar a laghad. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3). Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra don tríú tír faoina ábhair imní agus tabharfaidh sé deis di a thuairimí a chur in iúl.

    Agus gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin dá dtagraítear sa mhír seo á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe le haghaidh táirgí ola agus peitriliam, arna bhunú le Treoir 2009/119/CE ón gComhairle (28), an Grúpa Comhordaithe Gáis, arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais, arna bhunú ag an gCoimisiún, mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile, ar an eolas faoi. Tiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 30 lá féilire tar éis dháta a nglactha.

    7.   Beidh allmhaireoirí díolmhaithe ó na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 i gcás ina n-allmhairíonn siad amhola, gás nádúrtha nó gual ó thríú tír a bhfuil coibhéis bunaithe ina leith i gcomhréir le mír 6.

    8.   Ón 4 Lúnasa 2024, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme, molfaidh an Coimisiún agus beidh sé mar aidhm aige go ndéanfaidh an tAontas creataí comhair le tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual chun tacú leo córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú a bheidh coibhéiseach leis an gcóras a bhunaítear sa Rialachán seo. Ní mholfaidh an Coimisiún go ndéanfaí na creataí comhair sin i gcás ina rachadh na creataí sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE maidir le hallmhairiú amhola, gáis nádúrtha nó guail.

    Airteagal 29

    Déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail

    1.   Faoin 5 Lúnasa 2028 agus gach bliain ina dhiaidh sin, maidir leis na conarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan an 4 Lúnasa 2024 nó ina dhiaidh sin, tuairisceoidh táirgeoirí de chuid an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí de chuid an Aontais d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

    Maidir le conarthaí soláthair a tugadh i gcrích roimh an 4 Lúnasa 2024, déanfaidh táirgeoirí an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí an Aontais, gach iarracht réasúnta déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Ón 5 Lúnasa 2028, tabharfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais tuarascáil bhliantúil d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe maidir le torthaí na n-iarrachtaí sin.

    2.   Faoin 5 Lúnasa 2030 agus gach bliain ina dhiaidh sin, léireoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais a chuireann amhola, gás nádúrtha agus gual ar mhargadh an Aontais faoi chonarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan tar éis an 5 Lúnasa 2030 d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe go bhfuil déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4, faoi bhun na n-uasluachanna déine meatáin arna mbunú i gcomhréir le mír 6 chun laghduithe ar astaíochtaí meatáin domhanda le haghaidh na dtáirgí sin a chur chun cinn.

    3.   Cosnóidh údaráis inniúla na mBallstát rúndacht na faisnéise a fhaightear ó tháirgeoirí agus ó allmhaireoirí an Aontais faoin Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin don Choimisiún, a chosnóidh rúndacht faisnéise den sórt sin, i gcomhréir le dlí an Aontais.

    4.   Faoin 5 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan amach chun déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a ríomh, ar leibhéal an táirgeora. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sin próisis táirgthe éagsúla agus dálaí láithreáin éagsúla, chomh maith leis na modheolaíochtaí idirnáisiúnta agus an dea-chleachtas atá ann cheana chun déine meatáin a ríomh. Beidh an mhodheolaíocht sin neamh-idirdhealaitheach agus beidh sí bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe le haghaidh táirgí ola agus peitriliam, an Grúpa Comhordaithe Gáis, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an eolas faoi.

    5.   Faoin 5 Lúnasa 2029, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leibhéil éagsúla uasluachanna déine meatáin a bhaineann le hamhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar leibhéal an táirgeora, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar an laghdú a d’fhéadfadh a bheith ann ar astaíochtaí meatáin domhanda, ar an tionchar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ar iomaíochas gheilleagar an Aontais, agus ar an saobhadh margaidh domhanda agus réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann. Áireofar sa tuarascáil sin freisin measúnú margaidh maidir le déine meatáin na soláthairtí reatha agus na soláthairtí a bheidh ann amach anseo chuig an Aontas go dtí 2049 trí chonarthaí fadtéarmacha agus spotcheannacháin araon. Déanfar anailís sa mheasúnú sin ar an staid in aghaidh an Bhallstáit, agus gealltanais chonarthacha a tugadh roimh an 4 Lúnasa 2024, acmhainneachtaí bonneagair fuinnimh agus srianta féideartha á gcur san áireamh.

    6.   Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 5 agus ar chritéir oibiachtúla, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na huasluachanna déine meatáin a bhaineann leis an amhola, an gás nádúrtha agus an gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar leibhéal an táirgeora a leagan amach. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin comhsheasmhach leis an modheolaíocht chun déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a ríomh a leagtar amach i gcomhréir leis an Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin freisin aicmí éagsúla déine meatáin le haghaidh amhola, gás nádúrtha agus guail. Déanfar na huasluachanna déine meatáin sin a chinneadh ar leithligh le haghaidh amhola, gás nádúrtha agus guail, lena gcumhdófar an aicme nó na haicmí is fearr feidhmíocht. Cuirfear san áireamh sna huasluachanna déine meatáin sin agus sna haicmí déine meatáin sin na foinsí, na próisis táirgthe agus na dálaí láithreáin éagsúla agus socrófar iad ar leibhéil lena gcuirtear chun cinn laghduithe ar astaíochtaí meatáin domhanda i ndáil leis an amhola, an gás nádúrtha agus an gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á caomhnú ag an am céanna, lena n-áiritheofar dáileadh cothrom na méideanna amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais chomh maith le cóireáil neamh-idirdhealaitheach, agus lena gcosnaítear iomaíochas gheilleagar an Aontais.

    Airteagal 30

    Bunachar sonraí trédhearcachta meatáin agus próifílí feidhmíochta meatáin

    1.   Faoin 5 Feabhra 2026, déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí trédhearcachta meatáin a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear faisnéis ábhartha faoi na Ballstáit agus faoi thríú tíortha, faoi ghnóthais, faoi allmhaireoirí agus faoi mhéideanna amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais, go háirithe an fhaisnéis a chuirtear faoina bhráid de bhun Airteagal 12(8), Airteagal 18(10), Airteagal 20(7), Airteagal 23(2), Airteagal 25(8), Airteagal 27(2), Airteagal 28(4) agus Airteagal 29(3).

    2.   Anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa bhunachar sonraí ar a laghad:

    (a)

    liosta de thríú tíortha ina dtáirgtear amhola, gás nádúrtha nó gual agus óna n-onnmhairítear chuig an Aontas é;

    (b)

    i gcás gach Ballstáit nó tríú tír dá dtagraítear i bpointe (a), an fhaisnéis seo a leanas:

    (i)

    cibé acu atá nó nach bhfuil bearta rialála éigeantacha i bhfeidhm acu maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, lena gcumhdaítear na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú, go háirithe srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh,;

    (ii)

    cibé acu ar shínigh nó nár shínigh siad Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus an bhfuil siad rannpháirteach sa Ghealltanas Domhanda maidir le Meatán;

    (iii)

    cibé acu atá nó nach bhfuil tuarascálacha náisiúnta fardail á dtíolacadh i gcomhréir le riachtanais UNFCCC, i gcás inarb infheidhme;

    (iv)

    cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear tuairisciú na n-astaíochtaí fuinnimh meatáin ar leibhéal 3 sna tuarascálacha náisiúnta fardail a cuireadh isteach de bhun UNFCCC, i gcás inarb infheidhme, agus lena sonraítear catagóirí na n-astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ar leibhéal 3;

    (v)

    an méid astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh atá sonraithe sna tuarascálacha náisiúnta fardail arna dtíolacadh de bhun UNFCCC, i gcás inarb infheidhme, agus cibé acu a bhí nó nach raibh na sonraí sin faoi réir fíorú neamhspleách;

    (vi)

    i gcás ina bhfuil siad ar fáil, naisc leictreonacha le foinsí sonraí náisiúnta mar aon le faisnéis maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh;

    (c)

    liosta d’allmhaireoirí a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, maidir le gach Ballstát;

    (d)

    an fhaisnéis seo a leanas, maidir le gach tríú tír dá dtagraítear i bpointe (a):

    (i)

    liosta de tháirgeoirí nó onnmhaireoirí amhola, gáis nádúrtha nó guail isteach san Aontas, de réir mar is infheidhme, agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad mar chuid d’aon tionscnamh domhanda chun astaíochtaí meatáin a laghdú, mar shampla OGMP agus an Tionscnamh Saor ó Ghnáthbhladhmadh;

    (ii)

    luachanna táscacha lena ndéantar meastachán ar na hastaíochtaí meatáin a bhaineann le hiompar amhola, gáis nádúrtha agus guail.

    Beidh an bunachar sonraí trédhearcachta meatáin ina uirlis faisnéise a bheidh ar fáil go poiblí saor in aisce.

    Léireofar sa bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin má tá cáilíocht agus iontaofacht na faisnéise arna cur isteach fíoraithe ag tríú páirtithe neamhspleácha.

    3.   Faoin 5 Lúnasa 2026, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil sa bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin, foilseoidh an Coimisiún próifílí feidhmíochta meatáin na mBallstát agus tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais, de réir mar is infheidhme, a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, chomh maith le próifílí feidhmíochta meatáin tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus próifílí feidhmíochta meatáin tháirgeoirí nó onnmhaireoirí tríú tíortha a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual don Aontas.

    4.   Déanfar na próifílí feidhmíochta meatáin arna bhfoilsiú i gcomhréir le mír 3 a thabhairt cothrom le dáta gach bliain agus beidh na nithe seo a leanas iontu, ar a laghad agus de réir mar is infheidhme:

    (a)

    astaíochtaí meatáin a bhaineann le hamhola, gás nádúrtha agus gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus measúnú cáilíochta sonraí le haghaidh astaíochtaí meatáin tuairiscithe, lena n-áirítear tuairisciú ar leibhéal 2.0 de OGMP, i gcás inarb ábhartha;

    (b)

    measúnú ar na hiarrachtaí arna ndéanamh ag táirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais chun astaíochtaí meatáin a fhaire, a thuairisciú agus a laghdú, chomh maith le táirgeoirí nó onnmhaireoirí tríú tír, a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear de réir réigiúin i gcás inarb ábhartha;

    (c)

    anailís ar theagmhais sár-astaíochta a tharla sna Ballstáit nó i dtríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus conas a tugadh aghaidh ar na teagmhais sin.

    5.   Déanfar na próifílí feidhmíochta meatáin arna bhfoilsiú i gcomhréir le mír 3 a chur ar fáil go poiblí ar líne saor in aisce.

    6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do Threoir (AE) 2016/943.

    Airteagal 31

    Uirlis faireacháin meatáin dhomhanda agus sásra mearfhreagartha

    1.   Faoin 5 Lúnasa 2026, bunóidh an Coimisiún uirlis faireacháin meatáin dhomhanda a bheidh bunaithe ar shonraí satailíte agus ar ionchur ó roinnt soláthraithe deimhnithe sonraí agus ó roinnt seirbhísí, lena n-áirítear comhchuid Copernicus Chlár Spáis an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2021/696. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

    Cuirfear an uirlis faireacháin meatáin dhomhanda ar fáil go poiblí agus soláthrófar leis nuashonruithe rialta ar a laghad maidir le teagmhais ardastaíochta meatáin ó fhoinsí fuinnimh laistigh nó lasmuigh den Aontas a bheith ann, a mhéid agus a shuíomh.

    2.   Faoin 5 Feabhra 2026, bunóidh an Coimisiún sásra mearfhreagartha chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais sár-astaíochta.

    Tabharfaidh an Coimisiún fógra, go pras, faoi aon teagmhas sár-astaíochta a braitheadh don Bhallstát nó don tríú tír ar faoina dhlínse a tharla an teagmhas, de réir mar is iomchuí. I gcás inarb indéanta, tabharfaidh an Coimisiún fógra freisin don táirgeoir a bhaineann leis an bhfoinse nó leis an tacar foinsí nasctha a astaíonn meatán. Áireofar san fhógra sin iarraidh ar fhaisnéis bhreise a chur ar fáil go pras maidir leis an teagmhas sár-astaíochta agus na bearta feabhais a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh chun an tionchar a mhaolú nó an teagmhas a stopadh, lena n-áirítear an tréimhse ama ina mbeidh na bearta sin á ndéanamh. Déanfaidh an Coimisiún na teagmhálacha uile is gá chun an fhaisnéis a fhaightear maidir leis an teagmhas a fháil agus a fhíorú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún uirlisí nó creataí idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

    3.   Molfaidh an Coimisiún idirphlé déthaobhach a bhunú thar ceann an Aontais le tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus é mar aidhm aige creat a bhunú le haghaidh malartú faisnéise agus córas luathbhraite agus rabhaidh chun teagmhais sár-astaíochta agus bearta feabhais a rinneadh nó atá le déanamh a bhrath agus foláireamh a thabhairt dá chéile chun na teagmhais sin a chosc nó a stopadh. Beidh sé d’aidhm ag an idirphlé sin freisin bealaí a shainaithint chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus, más gá, féadfar malartú dea-chleachtas agus comhairle a thairiscint chun bearta faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus laghdaithe a chur ar bun a bheidh coibhéiseach leis na bearta a bhunaítear sa Rialachán seo.

    Ní mholfaidh an Coimisiún idirphlé déthaobhach a bhunú le tríú tíortha i gcás ina rachadh sé sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE maidir le hallmhairiú amhola, gáis nádúrtha agus guail.

    4.   Bunaithe ar an bhfaireachán a dhéantar i gcomhthéacs na n-idirphléití dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhógraí faoi theagmhais sár-astaíochta agus faoi chur chun feidhme beart feabhais san Aontas agus i dtríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

    5.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do Threoir (AE) 2016/943.

    CAIBIDIL 6

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 32

    Caighdeáin agus saintreoracha teicniúla

    1.   Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a thomhas agus a chainníochtú;

    (b)

    suirbhéanna LDAR dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

    (c)

    trealamh dá dtagraítear in Airteagal 15(3) agus (5);

    (d)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chainníochtú; agus

    (e)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus Airteagal 25(2) a thomhas agus a chainníochtú.

    Ar dhréachtchaighdeán a fháil ó eagraíocht Eorpach um chaighdeánú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a chomhréireacht leis an iarraidh ábhartha ar chaighdeánú, leis an Rialachán seo agus le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin éigeantacha, nó codanna díobh, dá dtagraítear sa mhír seo a bhunú.

    2.   I gcás nár glacadh aon ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shaintreoracha teicniúla éigeantacha, nó codanna díobh, a bhunú chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a thomhas agus a chainníochtú;

    (b)

    suirbhéanna LDAR dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

    (c)

    trealamh dá dtagraítear in Airteagal 15(3) agus (5);

    (d)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chainníochtú; agus

    (e)

    astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus Airteagal 25(2) a thomhas agus a chainníochtú.

    Ní fhéadfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina mbeidh iarraidh ar chaighdeánú eisithe aige do cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    nach bhfuil glactha leis an iarraidh;

    (b)

    nár seachadadh na caighdeáin arna n-iarraidh laistigh den sprioc-am a leagadh síos;

    (c)

    nach gcomhlíonann na caighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an iarraidh; nó

    (d)

    meastar nach leor na caighdeáin a d’fhorbair an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú chun ceanglais an Rialacháin seo a chumhdach, go hiomlán nó i bpáirt.

    Airteagal 33

    Pionóis

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

    Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus áireofar an méid a leanas leo ar a laghad:

    (a)

    fíneálacha ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, agus leis an tionchar ar shábháilteacht an duine agus ar an tsláinte, arna socrú ar leibhéal:

    (i)

    lena mbainfear, ar a laghad, go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn siad ón sárú; agus

    (ii)

    agus lena ndéanfar méadú de réir a chéile as sáruithe tromchúiseacha leantacha;

    (b)

    íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chun iallach a chur ar oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí deireadh a chur le sárú, cinneadh a chomhlíonadh ina n-ordaítear gníomhaíochtaí leighis nó bearta ceartaitheacha, faisnéis a sholáthar nó dul faoi chigireacht, de réir mar is infheidhme.

    Faoin 5 Lúnasa 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur i gcás sáruithe ar Airteagal 12, Airteagal 14(14), Airteagal 16(2), Airteagal 20, Airteagal 23(1), Airteagal 27(1), Airteagal 28(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) agus (2), ar choinníoll nach gcuirfear slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol leo:

    (a)

    cinneadh a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an duine deireadh a chur leis an sárú;

    (b)

    a ordú go gcoigisteofar na brabúis a gnóthaíodh nó na caillteanais a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

    (c)

    foláirimh phoiblí nó fógraí poiblí a eisiúint;

    (d)

    cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla;

    (e)

    cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha riaracháin.

    I gcás daoine dlítheanacha, ní bheidh méid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear i bpointe (e) níos mó ná 20 % den láimhdeachas bliantúil sa bhliain ghnó roimhe sin. I gcás daoine nádúrtha, ní bheidh méid na bhfíneálacha sin níos mó ná 20 % den ioncam bliantúil sa bhliain féilire roimhe sin.

    3.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit d’fhíneálacha riaracháin, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla fíneálacha a ghearradh arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla. Beidh na fíneálacha sin éifeachtach agus beidh éifeacht na bhfíneálacha coibhéiseach le héifeacht na bhfíneálacha riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis riaracháin.

    4.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin Airteagal seo, oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go bhfeidhmeofar a gcumhachtaí, agus go ndéanfar na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin a fhorchuirfidh siad a cheapadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais.

    5.   Beidh na sáruithe a leanas, ar a laghad, faoi réir pionós:

    (a)

    mainneachtain oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí an cúnamh is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla nó do na fíoraitheoirí chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (b)

    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh na gníomhaíochtaí a leagtar amach sna tuarascálacha cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6) a dhéanamh;

    (c)

    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh na tuarascálacha astaíochtaí meatáin a chur isteach mar a cheanglaítear le hAirteagail 12, 18(3), 20 agus 25(6), lena n-áirítear an ráiteas fíoraithe arna eisiúint ag fíoraitheoirí neamhspleácha i gcomhréir le hAirteagal 8(4);

    (d)

    mainneachtain oibreoirí clár LDAR a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14(1) nó suirbhé LDAR a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(2), (5) agus (6);

    (e)

    mainneachtain oibreoirí comhpháirteanna a dheisiú nó a athsholáthar, breathnú ar chomhpháirteanna go leanúnach agus sceití a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 14(8) go (13);

    (f)

    mainneachtain oibreoirí tuarascáil a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14(14);

    (g)

    scaoileadh nó bladhmadh, lena n-áirítear gnáthbhladhmadh, arna ndéanamh ag oibreoirí nó oibreoirí mianaigh seachas sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) agus (3), Airteagal 22(1) agus (2), agus Airteagal 26(2);

    (h)

    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh an gá le scaoileadh a úsáid in ionad bladhmadh a léiriú agus an gá le bladhmadh a úsáid in ionad an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin nó a sheoladh chuig margadh a léiriú, i gcás oibreoirí, nó in ionad é a úsáid nó a mhaolú, i gcás oibreoirí mianaigh, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus (6), Airteagal 22(1) agus (2), agus Airteagal 26(2);

    (i)

    mainneachtain oibreoirí trealamh scoilte a athsholáthar nó a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 15(5) agus (7);

    (j)

    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh fógra a thabhairt faoi theagmhais scaoilte nó bhladhmtha nó iad a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 16(1), Airteagal 23(1) nó Airteagal 26, de réir mar is infheidhme;

    (k)

    úsáid simléir bhladhaire nó gairis dócháin de shárú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 17, 22 agus 23;

    (l)

    mainneachtain an pháirtí fhreagraigh bearta maolúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18(6) agus (9);

    (m)

    mainneachtain allmhaireoirí an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 27(1) agus le hIarscríbhinn IX;

    (n)

    mainneachtain allmhaireoirí an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (2);

    (o)

    mainneachtain tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 29(1) agus (2);

    (p)

    mainneachtain tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais na huasluachanna déine meatáin a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(6) a chomhlíonadh.

    6.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(8), déanfaidh na Ballstáit breithniú ar phionóis a laghdú nó gan pionóis a fhorchur ar oibreoirí don tréimhse cur chun feidhme a mheasann na húdaráis náisiúnta a bheith riachtanach.

    7.   Cuirfidh na Ballstát na critéir tháscacha a leanas, ar a laghad, san áireamh maidir le pionóis a fhorchur, de réir mar is iomchuí:

    (a)

    fad nó tionchair ama, cineál agus tromchúis an tsáraithe;

    (b)

    aon bheart arna dhéanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir chun an damáiste a mhaolú nó a leigheas go tráthúil;

    (c)

    cineál an tsáraithe, is é sin más d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh é;

    (d)

    aon sárú a rinne an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh, nó an t- allmhaireoir roimhe sin nó arís agus arís eile;

    (e)

    na tairbhí eacnamaíocha a ghnóthaigh an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir go díreach nó go hindíreach, nó na caillteanais a sheachain siad go díreach nó go hindíreach, de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

    (f)

    méid an oibreora, an ghnóthais, an oibreora mianaigh nó an allmhaireora;

    (g)

    méid an chomhair leis na húdaráis;

    (h)

    an bealach a bhfuair na húdaráis eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir nó nár chuir an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir an sárú in iúl go tráthúil, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl go tráthúil é;

    (i)

    aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tríú páirtí.

    8.   Foilseoidh na Ballstáit go bliantúil faisnéis maidir le cineál agus méid na bpionós a forchuireadh faoin Rialachán seo, agus maidir leis na sáruithe agus na hoibreoirí, na gnóthais, na hoibreoirí mianaigh nó na hallmhaireoirí ar a bhforchuireadh pionóis.

    I gcás inarb infheidhme, tuairisceofar faisnéis den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

    Airteagal 34

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(3), 27(1), 29(4) agus (6), agus 32 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 4 Lúnasa 2024 a bheidh le fadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3), Airteagal 27(1), Airteagal 29(4) agus (6), agus Airteagal 32 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22(3), Airteagal 27(1), Airteagal 29(4) agus (6), nó Airteagal 32 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 35

    An nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh Coiste an Aontais Fuinnimh, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 36

    Faireachán, athbhreithniú agus tuarascálacha ón gCoimisiún

    1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Eanáir 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

    2.   Déanfar athbhreithniú go háirithe ar na nithe seo sa chéad tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo maidir le rialacha trédhearcacha agus cruinne a bhunú maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú agus maidir le hastaíochtaí meatáin a bhaineann le táirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a laghdú;

    (b)

    más indéanta, an leibhéal laghdaithe ar astaíochtaí meatáin a bhaineann le táirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais mar thoradh ar an Rialachán seo;

    (c)

    cibé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta breise nó malartacha chun laghdú astaíochtaí meatáin i slabhra luacha na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chothú agus a luathú chun tacú le sprioc an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050 agus lena ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras.

    Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimsí gaolmhara. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach mar aon lena thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimsí gaolmhara á cur san áireamh.

    3.   Chun críoch an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla agus cuirfidh sé san áireamh go háirithe an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit ina bPleananna Comhtháthaithe Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, mar aon lena gcuid nuashonruithe ar na pleananna sin agus an fhaisnéis arna soláthar acu ina dtuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar dhul chun cinn de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

    Airteagal 37

    Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942

    In Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/942, cuirtear an mhír seo leis:

    ‘8.   Gach 3 bliana, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí chun comparáid a dhéanamh idir na costais infheistíochta aonaid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a chainníochtú, a fhaire, a thuairisciú, a fhíorú agus a laghdú, lena n-áirítear scaoileadh agus bladhmadh i gcás tionscadail inchomparáide. Eiseoidh sé moltaí maidir le táscairí agus luachanna tagartha le haghaidh costais infheistíochta aonaid chun críocha na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a chomhlíonadh mar a fhoráiltear in Airteagal 3 den Rialachán sin.

    Airteagal 38

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 101.

    (2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 83.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024.

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

    (6)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

    (8)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

    (10)   IO L 33, 7.2.1994, lch. 13.

    (11)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (12)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

    (13)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú, agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

    (18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (19)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

    (20)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (22)  Treoir 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L ,2024/1799, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).

    (23)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

    (24)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

    (25)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

    (26)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

    (27)  Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).

    (28)  Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).

    (29)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

    (30)  Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE agus 2009/123/CE (IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj).


    IARSCRÍBHINN I

    Suirbhéanna braite agus deisithe sceití dá dtagraítear in Airteagal 14

    Cuid 1

    Minicíocht shuirbhéanna LDAR

    1.

    I gcás comhpháirteanna os cionn talún agus faoi thalamh, cé is moite de ghréasáin dáileacháin agus tarchurtha, déanfar suirbhéanna LDAR ag an íosmhinicíocht seo a leanas:

    Cineál an tsuirbhé LDAR

    An cineál comhpháirte

    Minicíocht

    Suirbhé LDAR de Chineál 1

    Stáisiún comhbhrúiteora

    Stóráil faoi thalamh

    Saoráid GNL

    Stáisiún rialála agus méadraithe

    4 mhí

     

    Stáisiún comhla

    9 mí

    Suirbhé LDAR de Chineál 2

    Stáisiún comhbhrúiteora

    Stóráil faoi thalamh

    Saoráid GNL

    Stáisiún rialála agus méadraithe

    8 mhí

     

    Stáisiún comhla

    18 mhí

    Cineál an tsuirbhé LDAR

    An cineál ábhair

    Minicíocht

    Suirbhé LDAR de Chineál 1

    Leathán biotúmain

    Iarann teilgthe liath

    3 mhí

     

    Aispeist

    Iarann teilgthe insínte

    6 mhí

     

    Cruach neamhchosanta

    Copar

    9 mí

     

    Poileitiléin

    PVC

    Cruach cosanta

    15 mhí

    Suirbhé LDAR de chineál 2

    Leathán biotúmain

    Iarann teilgthe liath

    6 mhí

     

    Aispeist

    Iarann teilgthe insínte

    12 mhí

     

    Cruach neamhchosanta

    Poileitiléin

    PVC

    Copar

    18 mí

     

    Cruach cosanta

    30 mí

    I gcás nach féidir an cineál ábhair a chinneadh, úsáidfear an uasmhinicíocht don chineál suirbhé LDAR faoi seach.

    2.

    Maidir le gach comhpháirt de na gréasáin dáileacháin agus tarchurtha, déanfar suirbhéanna LDAR ag an íosmhinicíocht seo a leanas:

    Cineál an tsuirbhé LDAR

    An cineál comhpháirte

    Minicíocht

    Suirbhé LDAR de Chineál 1

    (brú deartha > 16 bhar)

    Stáisiún comhbhrúiteora

    Stáisiún rialála agus méadraithe

    4 mhí

     

    Stáisiún comhla

    9 mí

    Suirbhé LDAR de Chineál 2

    (brú deartha > 16 bhar)

    Stáisiún comhbhrúiteora

    Stáisiún rialála agus méadraithe

    8 mí

     

    Stáisiún comhla

    18 mí

    Suirbhé LDAR de Chineál 2

    (brú deartha ≤ 16 bhar)

    Stáisiún rialála agus méadraithe

    9 mí

     

    Stáisiún comhla

    21 mhí

    Cineál an tsuirbhé LDAR

    An cineál ábhair

    Minicíocht an tsuirbhé

    Suirbhé LDAR de Chineál 1

    (brú deartha > 16 bhar)

    Iarann teilgthe liath

    Leathán biotúmain

    3 mhí

     

    Aispeist

    Iarann teilgthe insínte

    6 mhí

     

    Cruach neamhchosanta

    Copar

    12 mhí

     

    Poileitiléin

    PVC

    Cruach cosanta

    24 mhí

    Suirbhé LDAR de Chineál 2

    (brú deartha > 16 bhar)

    Iarann teilgthe liath

    Leathán biotúmain

    6 mhí

     

    Aispeist

    Iarann teilgthe insínte

    12 mhí

     

    Cruach neamhchosanta

    Copar

    24 mhí

     

    Poileitiléin

    PVC

    Cruach cosanta

    36 mhí

    Suirbhé LDAR de Chineál 2

    (brú deartha ≤ 16 bhar)

    Iarann teilgthe liath

    Leathán biotúmain

    6 mhí

     

    Aispeist

    Iarann teilgthe insínte

    12 mhí

     

    Cruach neamhchosanta

    Copar

    24 mhí

     

    Poileitiléin

    PVC

    Cruach cosanta

    36 mhí

    I gcás nach féidir an cineál ábhair a chinneadh, úsáidfear an uasmhinicíocht don chineál suirbhé LDAR faoi seach.

    Féadfar suirbhéanna LDAR a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cur chuige dhá chéim: ar dtús ó fhad agus, i gcás ina mbraitear sceitheadh agus sa chás sin amháin, tríd an dara brath chomh gar agus is féidir don fhoinse.

    I gcás píblínte faoi thalamh agus faoi bhun leibhéal na farraige a bhfuil brú deartha os cionn 16 bhar orthu, déanfaidh oibreoirí bainistiú coisctheach rioscabhunaithe ar shláine na píblíne chun aon sceitheadh a chosc i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha ábhartha nó le reachtaíocht náisiúnta maidir le bainistiú sláine píblíne. Áireofar i mbainistiú shláine na píblíne coiscthí faireachán leanúnach ar shreabhadh, comhdhéanamh sreabháin, brú agus teocht an gháis a iompraítear sa chóras chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn na paraiméadair sin do na sonraíochtaí sláine píblínte is infheidhme, agus chun foinse na n-astaíochtaí meatáin féideartha a aimsiú agus chun meastachán a dhéanamh orthu. Agus torthaí bhainistiú sláine coisctheach na píblíne sin á gcur san áireamh, féadfaidh an t-údarás inniúil minicíocht éagsúil suas le 36 mhí a fhormheas le haghaidh suirbhé LDAR de chineál 1 agus 48 mí le haghaidh suirbhé LDAR de chineál 2.

    3.

    Maidir le gach comhpháirt amach ón gcósta, déanfar suirbhéanna LDAR ar an íosmhinicíocht seo:

    Cineál an tsuirbhé LDAR

    An cineál comhpháirte

    Minicíocht

    Suirbhé LDAR de chineál 1

    Comhpháirteanna amach ón gcósta os cionn leibhéal na farraige

    12 mhí

     

    Comhpháirteanna amach ón gcósta atá faoi bhun leibhéal na farraige

    24 mhí

     

    Comhpháirteanna amach ón gcósta atá faoi bhun ghrinneall na farraige

    36 mhí

    Suirbhé LDAR de chineál 2

    Comhpháirteanna amach ón gcósta os cionn leibhéal na farraige

    24 mhí

    4.

    Maidir le gach comhpháirt eile, déanfar suirbhéanna LDAR de chineál 1 gach 6 mhí agus déanfar suirbhéanna LDAR de chineál 2 gach 12 mhí.

    Cuid 2

    Ceanglais faisnéise maidir le feistí a úsáidtear i suirbhéanna LDAR

    Mar chuid de chlár LDAR dá dtagraítear in Airteagal 14(1), ní mór d’oibreoirí an méid seo a leanas a sholáthar:

    1.

    faisnéis ón monaróir faoin bhfeiste;

    2.

    faisnéis faoi chumais braite sceite, iontaofacht, agus teorainneacha na feiste, lena n-áirítear an cumas chun sceitheadh sonrach nó suíomhanna sonracha a shainaithint, teorainneacha braite, agus aon srianta ar úsáid, chomh maith le sonraí tacaíochta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

    3.

    tuairisc ar an áit, ar an uair agus ar an gcaoi a n-úsáidfear an fheiste.


    IARSCRÍBHINN II

    Sceidil chun sceitheadh a bhrath, a dheisiú agus faireachán a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 14

    Sceideal deisiúcháin

    Sa tuarascáil deisiúcháin, beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad:

    (1)

    fardal a dhéanamh de na comhpháirteanna uile a seiceáladh agus iad a shainaithint;

    (2)

    toradh na cigireachta i dtéarmaí cibé acu a braitheadh nó nár braitheadh caillteanas meatáin agus, má braitheadh, méid an chaillteanais;

    (3)

    maidir le comhpháirteanna i suirbhé LDAR a fhaightear go bhfuil siad ag astú ag na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 14(9), nó os a gcionn, léiriú ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán nó athsholáthar le linn s LDAR agus sa chás nach ndearnadh, na heilimintí a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar le haghaidh deisiúchán nó athsholáthar moillithe a chur san áireamh, dá dtagraítear in Airteagal 14(8), agus sceideal beartaithe deisiúcháin ina léirítear dáta an deisithe nó an athsholáthair;

    (4)

    maidir le comhpháirteanna a fhaightear go bhfuil siad ag astú faoi na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 14(8) i suirbhé LDAR roimhe seo, ach a fhaightear go bhfuil siad ag astú ag na tairsí sin nó os a gcionn sin le linn fhaireachán iar-bhraite agus iardheisithe sceití chun a sheiceáil ar tháinig athrú ar mhéid an chaillteanais meatáin, léiriú ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán nó athsholáthar láithreach agus sa chás nach ndearnadh an chúis a bhí leis sin agus na heilimintí á gcur san áireamh a d’fhéadfadh údar maith a thabhairt le deisiú nó athsholáthar moillithe, dá dtagraítear in Airteagal 14(9), agus an sceideal beartaithe deisiúcháin ina léirítear dáta an deisithe nó an athsholáthair.

    Leanfaidh sceideal iardheisiúcháin an sceideal deisiúcháin chun a léiriú cathain a rinneadh na deisiúcháin nó na hathsholáthairtí iarbhír.

    Sceideal faireacháin

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa sceideal faireacháin:

    (1)

    fardal a dhéanamh de na comhpháirteanna uile a seiceáladh agus iad a shainaithint;

    (2)

    toradh na cigireachta i dtéarmaí cibé acu a braitheadh nó nár braitheadh caillteanas meatáin agus, má braitheadh, méid an chaillteanais;

    (3)

    maidir le comhpháirteanna a fhaightear go bhfuil siad ag astú ag na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 14(8) i suirbhé LDAR roimhe seo nó os a gcionn sin, faisnéis faoin deisiú nó an t-athsholáthar a rinneadh agus torthaí an fhaireacháin tar éis an deisithe lena sheiceáil ar éirigh leis an deisiú nó leis an athsholáthar;

    (4)

    maidir le comhpháirteanna a fhaightear go bhfuil siad ag astú faoi na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 14(8) i suirbhé LDAR roimhe seo, torthaí faireacháin iarbhraite agus iardheisithe sceití le seiceáil cibé acu a tháinig nó nár tháinig forbairt ar mhéid an chaillteanais meatáin agus moladh ar bhonn na dtorthaí sin.


    IARSCRÍBHINN III

    Tuairisciú ar theagmhais scaoilte agus bhladhmtha dá dtagraítear in Airteagal 16

    Tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla faoin bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir le teagmhais scaoilte agus bhladhmtha:

    (1)

    ainm an oibreora;

    (2)

    suíomh, ainm agus cineál na sócmhainne;

    (3)

    an trealamh lena mbaineann;

    (4)

    dáta(í) agus am(anna) a braitheadh an teagmhas nó a tosaíodh agus a críochnaíodh é;

    (5)

    cainníochtú mhéid tomhaiste an mheatáin arna scaoileadh nó arna bhladhmadh;

    (6)

    leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh an tsimléir bladhaire nó an ghairis dócháin eile a úsáidtear agus cineál an tsimléir bladhaire nó an ghairis dócháin eile a úsáidtear;

    (7)

    cúis agus cineál an teagmhais;

    (8)

    bearta a rinneadh chun teorainn a chur le fad agus le méid an teagmhais;

    (9)

    gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna ndéanamh chun cúis agus atarlú na dteagmhas sin a dhíchur;

    (10)

    torthaí na gcigireachtaí atá le déanamh uair amháin gach 2 sheachtain ar shimléir bhladhaire nó ar ghairis dócháin eile agus ar na córais chianfhaireacháin nó uathoibrithe, de réir mar is infheidhme, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17, go háirithe i gcás inar sainaithníodh neamhrialtacht;

    (11)

    cinneadh maidir le trealamh scaoilte agus sceideal athsholáthair a ionadú, i gcás inarb infheidhme.


    IARSCRÍBHINN IV

    Cigireachtaí ar shimléir bhladhaire agus ar ghairis dócháin eile

    Áireofar i gcigireachtaí ar shimléir bhladhaire nó ar ghairis dócháin eile cigireacht chuimsitheach Fuaime, Amhairc agus Bolaidh, lena n-áirítear amharc-chigireacht sheachtrach ar shimléir bhladhaire nó ar ghairis dócháin eile, éisteacht le haghaidh sceití brú agus leachta agus bolú le haghaidh bolaidh neamhghnácha agus láidre.

    Áireofar na breithnithe seo a leanas sa tuarascáil:

    (1)

    I gcás simléir bhladhaire lasta nó gairis dócháin eile: cibé acu a mheastar nó nach meastar an dóchán a bheith leordhóthanach;

    (2)

    i gcás simléir bhladhaire neamhlasta nó gairis dócháin eile: cibé acu atá nó nach bhfuil gaothaire gáis ag an mbladhm neamhlasta; i gcás ina bhfuil córas cianfhaireacháin nó uathoibrithe feistithe ar an simléar bladhaire nó ar an ngaireas dócháin eile, déanfar na hastaíochtaí meatáin a ríomh bunaithe ar an ráta sreafa agus ar mheatáin neamhdhóite i gcás ina bhfuil gaothaire gáis ann.

    Chun críocha phointe (1), ciallaíonn dóchán neamh-leordhóthanach dóchán ag a bhfuil astaíochtaí infheicthe a mhaireann níos mó ná 5 nóiméad san iomlán le linn aon 2 uair an chloig as a chéile nó, i gcás simléar bladhaire nó gaireas dócháin eile atá feistithe le córas cianfhaireacháin nó uathoibrithe, déanfar dóchán ag a bhfuil astaíochtaí infheicthe a mhaireann níos mó ná 5 nóiméad san iomlán le linn aon 2 uair an chloig as a chéile a thaifeadadh ar bhonn beo.


    IARSCRÍBHINN V

    Fardail toibreacha neamhghníomhacha agus, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe dá dtagraítear in Airteagal 18, agus pleananna maolúcháin le haghaidh na dtoibreacha sin.

    Cuid 1

    1.

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe:

    (a)

    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, de réir mar is infheidhme;

    (b)

    ainm, cineál agus suíomh an tobair nó láithreán an tobair, ag sonrú cibé an tobar neamhghníomhach, tobar atá líonta go sealadach nó tobar atá líonta go buan agus atá tréigthe é;

    (c)

    i gcás inarb indéanta, léarscáil ar a léirítear teorainneacha an tobair nó láithreán an tobair;

    (d)

    torthaí ar chainníochtú na n-astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce a rinneadh.

    2.

    Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe:

    (a)

    dátaí le haghaidh na druileála tosaigh agus na hoibríochta deireanaí;

    (b)

    treoshuíomh (ingearach, cothrománach agus claonta);

    (c)

    doimhneacht fhoriomlán an tobair;

    (d)

    cibé acu a tharla nó nár tharla aon teagmhais shuntasacha le linn an phróisis druileála, mar shampla ‘ciceanna’;

    (e)

    cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh an tobar i dteagmháil le gás ina bhfuil méideanna suntasacha de chomhdhúile sulfair (gás sulfarach) nó rianmhéideanna de chomhdhúile sulfair (gás beagshulfair);

    (f)

    na sonraí seismeacha atá ar fáil maidir leis an tobar san 1 000 m uachtaracha dá ruthag agus ga 1 000 m aige;

    (g)

    an tuarascáil is déanaí ar an measúnú ar shláine an tobair;

    (h)

    cibé acu is tobar taiscéalaíochta nó tobar táirgthe é;

    (i)

    cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh an tobar i dteagmháil le haon phócaí gáis éadomhain, aon chriosanna gáis éadomhain nó aon chriosanna caillte imshruthúcháin;

    (j)

    cibé acu atá nó nach bhfuil an tobar suite ar an gcósta (luaigh uirbeach, tuaithe, nó eile) nó amach ón gcósta (luaigh doimhneacht an uisce);

    (k)

    i gcás toibreacha amach ón gcósta, faisnéis maidir le haon dála ar ghrinneall na farraige a d’fhéadfadh cabhrú le hascnamh an mheatáin tríd an gcolún uisce;

    (l)

    faisnéis faoi stádas saolré an tobair (gníomhach, neamhghníomhach, domhainlíonta, díchoimisiúnaithe ag dromchla etc.);

    (m)

    i gcás caipín a bhaineann le tobar díchoimisiúnaithe, cibé acu atá nó nach bhfuil gaothaire air.

    3.

    Maidir le toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, áireofar na nithe seo a leanas sna fardail freisin:

    (a)

    na tomhais nó an cainníochtú is déanaí is eol ar astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce, más ann dóibh;

    (b)

    faisnéis lena léirítear gur dheimhnigh an t-údarás inniúil ábhartha go gcomhlíonann an tobar nó láithreán an tobair atá i gceist na critéir a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (40);

    (c)

    doiciméadacht atá leordhóthanach chun a léiriú nach ann d’astaíochtaí meatáin ón tobar ná ó láithreán an tobair, lena n-áirítear cainníochtú atá bunaithe ar fhachtóirí astaíochta nó atá bunaithe ar shamplaí nó fianaise iontaofa ar leithlisiú fodhromchla buan i gcomhréir le caighdeán ISO 16530-1:2017;

    (i)

    maidir le gach tobar a líonadh agus a tréigeadh go buan an 3 Lúnasa 1994 nó dá éis sin;

    (ii)

    i gcás ina bhfuil sí ar fáil, doiciméadacht maidir le gach tobar a líonadh agus a tréigeadh go buan roimh an 3 Lúnasa 1994.

    Cuid 2

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bpleananna maolúcháin le haghaidh toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach:

    (1)

    an sceideal chun aghaidh a thabhairt ar gach tobar neamhghníomhach agus gach tobar atá líonta go sealadach, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh;

    (2)

    ainm agus seoladh oibreoir, úinéir nó cheadúnaí an tobair neamhghníomhaigh nó an tobair atá líonta go sealadach, de réir mar is infheidhme;

    (3)

    dáta réamh-mheasta faoina ndéanfar toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha líonta go sealadach a leigheas, a athshlánú nó a líonadh.


    IARSCRÍBHINN VI

    Tuarascálacha maidir le mianaigh ghuail ghníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 20

    Cuid 1

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha maidir le mianaigh ghuail ghníomhacha faoi thalamh:

    (1)

    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

    (2)

    seoladh an mhianaigh guail;

    (3)

    tonnáiste gach cineáil guail a tháirgtear as an mianach;

    (4)

    maidir leis na seaftaí aerála uile a úsáidtear sa mhianach guail:

    (a)

    ainm (más ann dó);

    (b)

    tréimhse úsáide, más difriúil leis an tréimhse tuairiscithe;

    (c)

    comhordanáidí;

    (d)

    cuspóir (iontógáil, sceitheadh);

    (e)

    sonraíochtaí teicniúla an trealaimh tomhais a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas agus a chainníochtú agus na dálaí optamacha oibriúcháin a shonraíonn an monaróir;

    (f)

    cion an ama a bhí trealamh tomhais leanúnaigh á oibriú;

    (g)

    tagairt do na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla is infheidhme maidir leis an méid seo a leanas:

    suíomh samplála an trealaimh tomhais meatáin;

    le haghaidh tomhas rátaí sreafa;

    le haghaidh tomhas tiúchan meatáin;

    (h)

    astaíochtaí meatáin arna gclárú ag an trealamh tomhais leanúnaigh (i dtonaí);

    (i)

    astaíochtaí meatáin arna gclárú trí shampláil mhíosúil (i dtonaí/uair an chloig) ina gcumhdaítear faisnéis faoin méid seo a leanas:

    dáta samplála;

    teicníc samplála;

    léamha ar dhálaí an atmaisféir (brú, teocht, bogthaise), arna ndéanamh faoi fhad iomchuí chun na dálaí ina n-oibríonn an trealamh tomhais leanúnaigh a léiriú;

    (j)

    i gcás ina bhfuil an mianach guail ceangailte le mianach guail eile ar bhealach ar bith inar féidir le haer bogadh idir an dá mhianach, ainm an mhianaigh guail sin;

    (5)

    fachtóirí astaíochta iarmhianadóireachta agus tuairisc ar an modh a úsáidtear chun iad a ríomh;

    (6)

    astaíochtaí iar-mhianadóireachta (i dtonaí).

    Cuid 2

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha maidir le mianaigh ghuail ghníomhacha dhromchla:

    (1)

    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

    (2)

    seoladh an mhianaigh guail;

    (3)

    tonnáiste gach cineáil guail a tháirgtear as an mianach;

    (4)

    léarscáil na spruadar uile a úsáideann an mianach, ar a léirítear teorainneacha na spruadar sin;

    (5)

    maidir le gach spruadar guail:

    (a)

    ainm (más ann dó);

    (b)

    tréimhse úsáide, más difriúil leis an tréimhse tuairiscithe;

    (c)

    achoimre ar an modh turgnamhach a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a eascraíonn as gníomhaíochtaí mianadóireachta a chinneadh, lena n-áirítear roghnú na modheolaíochta chun astaíochtaí meatáin ó strataim máguaird a chur san áireamh;

    (6)

    fachtóirí astaíochta iarmhianadóireachta agus tuairisc ar an modh a úsáidtear chun iad a ríomh;

    (7)

    astaíochtaí iarmhianadóireachta.

    Cuid 3

    Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha maidir le stáisiúin draenála:

    (1)

    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

    (2)

    tonnáiste an mheatáin a iompraíonn mianach nó córas draenála mianaigh, in aghaidh an mhianaigh;

    (3)

    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh;

    (4)

    tonnáiste an mheatáin arna bhladhmadh;

    (5)

    leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh an tsimléir bladhaire nó an ghairis dócháin eile;

    (6)

    meatán gafa a úsáid.


    IARSCRÍBHINN VII

    Tuairisciú ar theagmhais scaoilte agus bhladhmtha i stáisiúin draenála dá dtagraítear in Airteagal 23

    Tuairisceoidh oibreoirí stáisiún draenála do na húdaráis inniúla na gnéithe seo a leanas ar a laghad maidir le teagmhais scaoilte agus bhladhmtha:

    (1)

    ainm agus seoladh an oibreora stáisiúin draenála;

    (2)

    an t-am a braitheadh an teagmhas;

    (3)

    cúis an teagmhais;

    (4)

    an bonn cirt atá le scaoileadh a úsáid in ionad bladhmadh, más infheidhme;

    (5)

    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh nó arna bhladhmadh, nó meastachán mura bhfuil cainníochtú indéanta.


    IARSCRÍBHINN VIII

    Fardail, tuarascálacha agus pleananna maolúcháin maidir le mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh dá dtagraítear in Airteagail 24, 25 agus 26

    Cuid 1

    1.

    I gcás gach láithreáin, beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san fhardal de mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus de mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 25:

    1.1.

    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, de réir mar is infheidhme;

    1.2.

    seoladh an láithreáin;

    1.3.

    léarscáil ar a léirítear teorainneacha an mhianaigh guail;

    1.4.

    scéimeanna na n-oibriúchán mianaigh guail agus a stádas;

    1.5.

    torthaí tomhais meatáin dhírigh nó cainníochtaithe dhírigh ar leibhéal na foinse ag na poncfhoinsí astaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    na seaftaí uile a úsáideadh sa mhianach guail nuair a bhí sé gníomhach, i dteannta:

    (i)

    comhordanáidí an tseafta;

    (ii)

    ainm an tseafta (más ann dó);

    (iii)

    stádas séalaithe agus modh séalaithe, más eol;

    (b)

    píopaí scaoilte neamhúsáidte;

    (c)

    tobair dhraenála gáis neamhúsáidte;

    (d)

    poncfhoinsí féideartha astaíochtaí taifeadta eile.

    2.

    Déanfar na tomhais dá dtagraítear i bpointe 1.5 i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

    2.1.

    déanfar na tomhais ag brú atmaisféarach ionas go mbeifear in ann aon sceitheadh meatáin féideartha a bhrath agus i gcomhréir leis na caighdeáin eolaíochtaí is iomchuí;

    2.2.

    déanfar na tomhais agus úsáid á baint as trealamh ag a bhfuil cruinneas 0,5 tona ar a laghad in aghaidh na bliana;

    2.3.

    cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil leis na tomhais:

    (a)

    dáta an tomhais;

    (b)

    an brú atmaisféarach;

    (c)

    sonraí teicniúla an trealaimh arna úsáid le haghaidh an tomhais;

    2.4.

    má bhí seaftaí aerála in úsáid ag dhá mhianach guail nó níos mó go stairiúil, sannfar iad d’aon mhianach guail amháin, chun ríomh dúbailte a sheachaint.

    Cuid 2

    An tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 25(6), cuimseofar na gnéithe seo a leanas inti:

    1.

    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, de réir mar is infheidhme;

    2.

    seoladh an láithreáin;

    3.

    astaíochtaí meatáin ó na poncfhoinsí astaíochta uile a leagtar amach i gCuid 1, lena n-áirítear:

    (a)

    an cineál poncfhoinse astaíochta;

    (b)

    sonraí teicniúla an trealaimh tomhais agus an modh a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin, lena n-áirítear íogaireacht;

    (c)

    cion an ama nuair a bhí an trealamh tomhais á oibriú;

    (d)

    an tiúchan meatáin arna clárú leis an trealamh tomhais;

    (e)

    meastacháin ar astaíochtaí meatáin ón bponcfhoinse astaíochta.

    Cuid 3

    1.

    Áireofar sa phlean maolúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(1) na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

    1.1.

    liosta de na poncfhoinsí astaíochta uile dá dtagraítear i gCuid 1;

    1.2.

    indéantacht theicniúil maidir le hastaíochtaí meatáin a mhaolú ar leibhéal an láithreáin, bunaithe ar phoncfhoinsí astaíochtaí;

    1.3.

    amlíne an mhaolúcháin ar astaíochtaí meatáin ó gach láithreán;

    1.4.

    measúnú ar éifeachtúlacht na dtionscadal maidir le meatán ó mhianach guail tréigthe a bhailiú, i gcás ina gcuirtear chun feidhme é.

    2.

    Féadfar a áireamh sa phlean maolúcháin forléargas ar na cleachtais mhaolúcháin a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a laghdú, mar shampla tionscadail gheoiteirmeacha agus stórála teasa a fhorbairt i mianaigh ghuail faoi uisce, feidhmeanna hidreachumhachta i mianaigh ghuail nach bhfuil faoi uisce, meatán a ghabháil trí dhíghású, úsáid a bhaint as gairis dhíghásaithe atá ábhartha don tsábháilteacht, gás mianaigh a úsáid mar acmhainn fuinnimh nó uisce mianach a ghaibhniú agus úsáidí eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

    IARSCRÍBHINN IX

    Faisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí i gcomhréir le hAirteagal 27(1), Airteagal 28(1), (2) agus (3), agus Airteagal 29(1)

    Soláthróidh na hallmhaireoirí an fhaisnéis seo a leanas:

    (1)

    ainm agus seoladh an onnmhaireora, agus más difriúil leis an onnmhaireoir, ainm agus seoladh an táirgeora;

    (2)

    tríú tíortha agus réigiúin ar onnmhaireoirí iad, mar a aicmítear in ainmniúlacht aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) leibhéal 1 an Aontais, inar táirgeadh na táirgí, agus tíortha agus réigiúin, mar a aicmítear i leibhéal 1 NUTS, trínar iompraíodh na táirgí go dtí gur cuireadh ar mhargadh an Aontais iad;

    (3)

    a mhéid a bhaineann le hamhola agus gás nádúrtha, faisnéis i dtaobh an bhfuil tomhas agus cainníochtú á ndéanamh ag an táirgeoir nó ag an onnmhaireoir, de réir mar is infheidhme, ag leibhéal foinse agus ag leibhéal láithreáin, an bhfuil na sonraí sin faoi réir fíorú neamhspleách tríú páirtí, an bhfuil a astaíochtaí meatáin á dtuairisciú, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais UNFCCC, agus an bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC nó le caighdeáin OGMP 2.0.; cóip den tuarascáil is déanaí maidir le hastaíochtaí meatáin, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(4), i gcás ina bhforáiltear sin sa tuarascáil sin; modh an chainníochtaithe (mar shampla sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP 2.0) arna úsáid sa tuarascáil le haghaidh gach cineáil astaíochta meatáin;

    (4)

    a mhéid a bhaineann le hamhola agus gás nádúrtha, faisnéis i dtaobh cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an táirgeoir nó an t-onnmhaireoir, de réir mar is infheidhme, bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta ar nós suirbhéanna LDAR nó bearta chun teagmhais scaoilte agus bhladhmtha a rialú agus a shrianadh, lena n-áirítear tuairisc ar na bearta sin, mar aon le tuarascálacha ábhartha, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ó shuirbhéanna LDAR agus ó theagmhais scaoilte agus bhladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire dheireanach atá ar fáil;

    (5)

    a mhéid a bhaineann le gual, faisnéis i dtaobh an ndéanann an táirgeoir nó an onnmhaireoir tomhas agus cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse, de réir mar is infheidhme, cibé acu atá nó nach bhfuil na hastaíochtaí meatáin sin á ríomh agus á gcainníochtú i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, cibé acu atá nó nach bhfuil na sonraí sin faoi réir fíorú neamhspleách tríú páirtí, cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear a n-astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais UNFCCC, agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC nó i gcomhréir le caighdeán Eorpach nó caighdeán idirnáisiúnta eile chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin; cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(6); modh an chainníochtaithe (mar shampla sraitheanna UNFCCC) arna úsáid sa tuarascáil le haghaidh gach cineáil astaíochta meatáin;

    (6)

    a mhéid a bhaineann le gual, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an táirgeoir nó an t-onnmhaireoir bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta chun teagmhais scaoilte agus bhladhmtha a rialú agus a shrianadh; agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, toirteanna an mheatáin scaoilte agus bhladhmtha arna ríomh do gach mianach guail le linn na bliana féilire seo caite ar a laghad agus na pleananna maolúcháin atá ann cheana do gach mianach guail, mar aon le tuairisc ar na bearta sin, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, tuarascálacha ó theagmhais scaoilte agus ó theagmhais bhladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire dheireanach atá ar fáil;

    (7)

    ainm an eintitis a rinne an fíorú neamhspleách ar na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointí (3) agus (5), má rinneadh a leithéid;

    (8)

    faisnéis faoi Airteagal 28(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, lena léirítear go bhfuil an amhola, an gás nádúrtha nó an gual faoi réir bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe ar leibhéal an táirgeora atá coibhéiseach leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan an 4 Lúnasa 2024 nó dá éis sin agus faisnéis faoi na hiarrachtaí arna ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh amhola, gás nádúrtha nó gual arna soláthar faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh 4 Lúnasa 2024 faoi réir bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe ar leibhéal an táirgeora atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (9)

    faisnéis i dtaobh an n-úsáidtear na clásail eiseamláireacha dá dtagraítear in Airteagal 28(3) sna conarthaí soláthair, lena sonrófar na clásail eiseamláireacha atá i gceist;

    (10)

    faisnéis faoi Airteagal 29(1) maidir le déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais faoi na conarthaí soláthair ábhartha.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top