Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1768

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1768 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2024 lena bhformheastar an tsubstaint bhunúsach millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

C/2024/4292

IO L, 2024/1768, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1768/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1768/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1768

27.6.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1768 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meitheamh 2024

lena bhformheastar an tsubstaint bhunúsach millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Márta 2021 fuair an Coimisiún iarratas ó Multifolia Sas ar fhormheas millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) mar shubstaint bhunúsach lena húsáid i gcosaint plandaí mar néimeataicíd ar fhíniúnacha.

(2)

Tar éis na seiceálacha inghlacthachta, bhí an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 23(3), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag gabháil leis an iarratas, mar a fuarthas é i mí an Mhárta 2021.

(3)

D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 9 Nollaig 2022 chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) (2).

(4)

Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithniúcháin (3) agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 21 Márta 2024 agus an 23 Bealtaine 2024, faoi seach.

(5)

Léirítear san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an iarrthóir go bhfuil millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) ar an margadh faoi láthair mar bheatha ainmhithe agus mar leasachán. Thairis sin, ní úsáidtear millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) chun críoch cosanta plandaí go príomha ach is féidir leo a bheith úsáideach maidir le cosaint plandaí. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarratas agus sa Tuarascáil Theicniúil ón Údarás, is féidir teacht ar an gconclúid nach substaint ar údar imní í millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh). Níl inniúlacht bhunúsach aici bheith ina cúis le héifeachtaí suaiteora inchrínigh, éifeachtaí néarthocsaineacha nó éifeachtaí imdhíon-thocsaineacha, agus níl sé ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí. Dá réir sin, comhlíonann millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(6)

Ní raibh aon mheastóireacht ábhartha ar fáil a bhí déanta i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Chomhphobail.

(7)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas agus ar na doiciméid ghaolmhara uile, d’fhéadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonann millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh), go ginearálta, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe maidir leis na húsáidí a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh i dtuarascáil athbhreithniúcháin an Choimisiúin. Dá bhrí sin, is iomchuí millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) a fhormheas mar shubstaint bhunúsach.

(8)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith thuarascáil theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, áfach, coinníollacha áirithe le haghaidh an fhormheasa a chur san áireamh.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (4) ón gCoimisiún a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas substainte bunúsaí

An tsubstaint millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh), mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, formheastar í mar shubstaint bhunúsach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  EFSA (European Food Safety Authority) [An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia]), 2023. Technical report on the outcome of the consultation with Member States and EFSA on the basic substance application for approval of sainfoin (Onobrychis viciifolia. var. Perly) dried pellets to be used in plant protection as a nematicide in grapevines [Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus EFSA maidir leis an iarratas ar fhormheas millíní triomaithe goirme coiligh (Onobrychis viciifolia de chineál Perly) mar shubstaint bhunúsach lena húsáid i gcosaint plandaí mar néimeataicíd ar fhíniúnacha] (Foilseachán tacaíochta EFSA 2023:EN-7763, 94 lch., doi:10.2903/sp.efsa.2023.EN-7763).

(3)  Final Review report for the basic substance Onobrychis viciifolia (sainfoin) dried pellets finalised by the Standing Committee on Plants, Animals, Food and Feed on 23 May 2024 in view of the approval of Onobrychis viciifolia (sainfoin) dried pellets as basic substance in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009. [Tuarascáil athbhreithniúcháin chríochnaitheach maidir leis an tsubstaint bhunúsach millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) arna tabhairt chun críche ag cruinniú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 23 Bealtaine 2024 d’fhonn millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) a fhormheas mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009].

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

Millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh)

Uimh. CAS: Níl sí ar fáil

Uimh. CIPAC: Níl sí ar fáil

Níl sí ar fáil

1 000 g/kg

Eisíontais ábhartha: Arsanaic (1 g/kg), Caidmiam (0,1 g/kg), Cróimiam-VI (0,1 g/kg), Mearcair (1 g/kg), Nicil (0,1 g/kg), Luaidhe (0,3 g/kg)

17 Iúil 2024

Úsáidfear millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le millíní triomaitshe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) (PLAN/2024/790 RR rev1) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas, sonraíocht agus modh úsáide na substainte bunúsaí.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

‘26

Millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh)

Uimh. CAS: Níl sí ar fáil

Uimh. CIPAC: Níl sí ar fáil

Níl sí ar fáil

1 000 g/kg

Eisíontais ábhartha: Arsanaic (1 g/kg), Caidmiam (0,1 g/kg), Cróimiam-VI (0,1 g/kg), Mearcair (1 g/kg), Nicil (0,1 g/kg), Luaidhe (0,3 g/kg)

17 Iúil 2024

Úsáidfear millíní triomaithe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le millíní triomaitshe Onobrychis viciifolia (goirm choiligh) (PLAN/2024/790 RR rev1) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.’


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas, sonraíocht agus modh úsáide na substainte bunúsaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1768/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top