This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1727
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1727 of 20 June 2024 withdrawing from the market certain feed additives
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1727 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2024 lena dtarraingítear siar ón margadh breiseáin bheathaithe áirithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1727 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2024 lena dtarraingítear siar ón margadh breiseáin bheathaithe áirithe
C/2024/4161
IO L, 2024/1727, 21.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1727/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1727 |
21.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1727 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Meitheamh 2024
lena dtarraingítear siar ón margadh breiseáin bheathaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 10(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Go sonrach, le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena gceanglaítear go dtarraingeofaí siar ón margadh breiseáin bheathaithe nár cuireadh iarratais isteach ina leith mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an spriocdháta dá bhforáiltear san fhoráil sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Rialachán a ghlacadh a bhainfeadh le breiseáin bheathaithe ar cuireadh iarratas isteach ina leith ach ar tarraingíodh siar ina dhiaidh sin é. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na breiseáin bheathaithe mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a tharraingt siar ón margadh. |
|
(4) |
I gcás breiseáin bheathaithe ar cuireadh iarratais isteach ina leith le haghaidh speicis áirithe nó catagóirí ainmhíocha áirithe agus le haghaidh na speiceas nó na gcatagóirí sin amháin, nó i gcás breiseáin bheathaithe ar tarraingíodh siar iarratais ina leith le haghaidh speicis áirithe nó catagóirí ainmhíocha áirithe agus le haghaidh na speiceas nó na gcatagóirí sin amháin, níor cheart go mbainfeadh an tarraingt siar ón margadh ach leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí ainmhíocha nár cuireadh iarratas isteach ina leith nó ar tarraingíodh an t-iarratas siar ina leith. |
|
(5) |
Is iomchuí idirthréimhse a cheadú ina bhféadfaí na stoic atá ann cheana de na breiseáin lena mbaineann, na réamh-mheascáin, an bheatha chumaisc agus na hábhair bheatha arna dtáirgeadh leis na breiseáin sin a ídiú i ndáil leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí ainmhíocha a gceanglaítear an tarraingt siar ón margadh ina leith, ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann oiriúnú don oibleagáid na táirgí sin a tharraingt siar ón margadh. |
|
(6) |
Maidir le tarraingt siar na dtáirgí ón margadh a liostaítear san Iarscríbhinn, ní chiallaíonn sin nach gcuirfear cosc ar a n-údarú ná nach mbeidh siad faoi réir birt maidir lena stádas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tarraingt siar ón margadh
Na breiseáin bheathaithe a shonraítear san Iarscríbhinn, mar a údaraítear iad de bhun Threoir 70/524/CEE, tarraingeofar siar ón margadh iad i ndáil leis na speicis agus na catagóirí ainmhíocha a luaitear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Maidir leis na stoic de na breiseáin bheathaithe atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 11 Iúil 2025.
2. Maidir leis na réamh-mheascáin arna dtáirgeadh leis na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2025.
3. Maidir le beatha chumaisc agus ábhair bheatha arna dtáirgeadh leis na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 11 Iúil 2026.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/2021-03-27.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/2003-03-31.
IARSCRÍBHINN
Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh, dá dtagraítear in Airteagal 1
CUID 1
Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh gach speicis agus catagóire ainmhíche
|
Uimhir aitheantais |
Breiseán |
An speiceas nó an chatagóir ainmhíche |
||||||
|
Substaintí blaistithe agus substaintí blasta |
||||||||
|
Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh na luibheolaíochta de |
||||||||
|
|
Citrus sinensis (L.) Osbeck = Citrus sinensis (L.) Pers. = Citrus aurantium L. var. dulcis: Ola oráiste thiubhaithe CAS 8028-48-6 FEMA 2822, seachas na foirmeacha seo a leanas (1):
|
Gach speiceas |
||||||
|
|
Echinacea angustifolia DC.: Tintiúr echinacea Blacksamson |
Gach speiceas |
||||||
|
|
Hypericum perforatum L.: Tintiúr lus na Maighdine Muire CoE 234 |
Gach speiceas |
||||||
|
|
Linum usitatissimum L.: Tintiúr rois lín CoE 263 |
Gach speiceas |
||||||
|
|
Thymus mastichina L.: Ola as oragán cumhra Spáinneach CAS 8016-33-9 EINECS 284-294-8 |
Gach speiceas |
||||||
CUID 2
Breiseáin bheathaithe atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh speicis agus catagóirí ainmhíocha áirithe
|
Uimhir aitheantais |
Breiseán |
An speiceas nó an chatagóir ainmhíche |
||||||||||||
|
Leasaithigh |
||||||||||||||
|
E 270 |
Aigéad lachtach |
Athchogantaigh a bhfuil cogansach neamhfheidhmiúil acu |
||||||||||||
|
E 295 |
Formáit amóiniam |
Béaróga, cránacha, athchogantaigh dhéiríochta, peataí agus ainmhithe nach bia-ainmhithe iad |
||||||||||||
|
E 327 |
Lachtáit chailciam |
Athchogantaigh a bhfuil cogansach neamhfheidhmiúil acu |
||||||||||||
|
Datháin, lena n-áirítear líocha |
||||||||||||||
|
Datháin eile |
||||||||||||||
|
E 127 |
Eiritrisín [feidhmghrúpa 2 a (i)] |
Éisc ornáideacha agus reiptílí |
||||||||||||
|
Substaintí blaistithe agus substaintí blasta |
||||||||||||||
|
Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh na luibheolaíochta de |
||||||||||||||
|
|
Anethum graveolens L.: Bláthola luibh lusa mhín CAS 8006-75-5 FEMA 2383 CoE 42 EINECS 289-790-8 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Angelica sinensis (Oliv.) Diels: Tintiúr dong quai |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Boswellia serrata Roxb. ex Colebr.: Eastóscán olibanum |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí |
||||||||||||
|
|
Citrus aurantiifolia (Christm.) Swingle: Bláthola líoma driogtha |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus aurantium L.: Bláthola petitgrain bigarade CAS 8014- 17-3 EINECS 283-881-6 FEMA 2855 CoE 136 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, muca lena ramhrú, bainbh, cránacha atá ag tál, laonna, ba déiríochta, eallaí lena ramhrú, caoirigh/gabhair, capaill, coiníní, salmainidí, madraí, cait agus éisc ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus x aurantium L.: Eastóscán as oráistí Sevilla |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus limon (L.) Osbeck: Bláthola líomóide fhuarbhrúite |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus limon (L.) Osbeck: Codán iarmharach d’ola líomóide fhuarbhrúite, é driogtha |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus reticulata Blanco.: Bláthola oráiste mandairín fhuarbhrúite |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus sinensis (L.) Osbeck = Citrus sinensis (L.) Pers. = Citrus aurantium L. var. dulcis: Bláthola oráiste dhriogtha |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus sinensis (L.) Osbeck = Citrus sinensis (L.) Pers. = Citrus aurantium L. var. dulcis: Bláthola oráiste fhuarbhrúite |
Madraí, cait, éisc ornáideacha agus éin ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Citrus sinensis (L.) Osbeck = Citrus sinensis (L.) Pers. = Citrus aurantium L. var. dulcis: Ola oráiste thiubhaithe CAS 8028-48-6 FEMA 2822, sna foirmeacha seo a leanas a údaraíodh le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (2):
|
|
||||||||||||
|
|
Curcuma longa L.: Tintiúr tuirmirice |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí |
||||||||||||
|
|
Eleutherococcus senticosus (Rupr. et Maxim.) Maxim.: Tintiúr fréamh taiga |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Ferula assa-foetida L.: Ola asafoetida CAS 9000-04-8 FEMA 2108 CoE 196 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Litsea cubeba (Lour.) Pers.: Bláthola caoire Litsea CAS 68855- 99-2 EINECS 290-018-7 FEMA 3846 CoE 491 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, muca lena ramhrú, bainbh, cránacha atá ag tál, laonna, ba déiríochta, eallaí lena ramhrú, caoirigh/gabhair, capaill, coiníní, salmainidí, madraí, cait agus éisc ornáideacha |
||||||||||||
|
|
Panax ginseng C. A. Mey.: Tintiúr ginsinge CoE 318 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Piper nigrum L.: Eastóscán forchriticiúil piobair dhuibh |
Gach speiceas ainmhíoch seachas madraí agus cait |
||||||||||||
|
|
Schisandra chinensis (Turcz.) Baill: Tintiúr omicha |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill, madraí, cait, éanlaith chlóis agus éin ghéim |
||||||||||||
|
|
Zingiber officinale Roscoe: Oiléaroisín sinséir CoE 489 |
Gach speiceas ainmhíoch seachas sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, bainbh, muca lena ramhrú, cránacha, ba déiríochta, laonna feola (bainne púdrach), eallaí lena ramhrú, caoirigh agus gabhair, capaill, coiníní, éisc agus peataí |
||||||||||||
|
|
Zingiber officinale Roscoe: Tintiúr sinséir |
Gach speiceas ainmhíoch seachas capaill agus madraí |
||||||||||||
|
Táirgí nádúrtha agus táirgí sintéiseacha comhfhreagracha |
||||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 106-24-1 / Geréiniól / Uimh. Flavis 02.012 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 104-54-1/Alcól cionnaimile / Uimh. Flavis 02.017 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 4602-84-0 / 3,7,11-Trímheitildóideaca-2,6,10-trí-éin-1-ól / Uimh. Flavis 02.029 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 122-97-4 / 3-Feiniolprópán-1-ól / Uimh. Flavis 02.031 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 106-25-2 / (Z)-Nearól / Uimh. Flavis 02.058 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 5392-40-5 / Ciotral / Uimh. Flavis 05.020 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 93-53-8 / 2-Feiniolprópánal / Uimh. Flavis 05.038 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-95-7 / 3-(p-Cúiméinil)-2-meitiolpróipianaildéad / Uimh. Flavis 05.045 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 101-39-3 / Alfa-Meitilcionnamaildéad / Uimh. Flavis 05.050 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 104-53-0 / 3-Feiniolprópánal / Uimh. Flavis 05.080 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 621-82-9 / Aigéad cionnaimile / Uimh. Flavis 08.022 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 105-87-3 / Aicéatáit gheiréinile / Uimh. Flavis 09.011 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-54-8 / Aicéatáit chionnaimile / Uimh. Flavis 09.018 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 106-29-6 / Bútaráit gheiréinile / Uimh. Flavis 09.048 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-61-7 / Bútaráit chionnaimile / Uimh. Flavis 09.053 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 105-86-2 / Formáit gheiréinile / Uimh. Flavis 09.076 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 105-90-8 / Próipianáit gheiréinile / Uimh. Flavis 09.128 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 105-91-9 / Próipianáit neirile / Uimh. Flavis 09.169 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 2142-94-1 / Formáit neirile / Uimh. Flavis 09.212 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 141-12-8 / Aicéatáit neirile / Uimh. Flavis 09.213 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 2345-24-6 / Iseabútaráit neirile / Uimh. Flavis 09.424 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-58-2 / Iseabútaráit 3-feinilpróipile / Uimh. Flavis 09.428 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 2345-26-8 / Iseabútaráit gheiréinile / Uimh. Flavis 09.431 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 140-27-2 / Iseavailéaráit chionnaimile / Uimh. Flavis 09.459 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-59-3 / Iseabútaráit chionnaimile / Uimh. Flavis 09.470 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 1191-16-9 / Aicéatáit phreinile / Uimh. Flavis 09.692 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-36-6 / Cionnamáit eitile / Uimh. Flavis 09.730 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 103-26-4 / Cionnamáit mheitile / Uimh. Flavis 09.740 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
|
Uimh. CAS 7779-65-9 / Cionnamáit isipeintile / Uimh. Flavis 09.742 |
Ainmhithe muirí |
||||||||||||
|
Substaintí saorga |
||||||||||||||
|
E 954(iii) |
Siúicrín sóidiam |
Bainbh |
||||||||||||
(1) Údaraíodh trí fhoirm d’ola oráiste thiubhaithe [2b143-f, 2b143-f-i agus 2b143-f-ii] le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421 an 22 Lúnasa 2022 ón gCoimisiún maidir le húdarú bláthola oráiste fhuarbhrúite, bláthola oráiste dhriogtha agus olaí oráiste tiubhaithe as Citrus sinensis (L.) Osbeck mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (IO L 218, 23.8.2022, lch. 27), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1421/oj.
(2) Údaraíodh trí fhoirm d’ola oráiste thiubhaithe [2b143-f, 2b143-f-i agus 2b143-f-ii] le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1421.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1727/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)