Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1720

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1720 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1148 a mhéid a bhaineann le tiomsú innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí

    C/2024/4153

    IO L, 2024/1720, 21.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1720/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1720/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1720

    21.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1720 ÓN gCOIMISIÚN

    an 20 Meitheamh 2024

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1148 a mhéid a bhaineann le tiomsú innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 4(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2016/792 leagtar síos creat comhchoiteann maidir le táirgeadh an innéacs chomhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT), an praghasinnéacs comhchuibhithe tomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS), an praghasinnéacs tithíochta úinéir-áitithe agus an t-innéacs praghsanna tithe.

    (2)

    D’fhéadfadh athrú suntasach buan, suas nó anuas ar leibhéal an innéacs a bheith ann dá ndéanfaí athrú suntasach ar mhodhanna táirgthe ICPT agus ICPT-CS. D’fhágfadh sin go mbeadh rátaí athraithe bliantúla saofa ar feadh bliana tar éis an t-athrú a dhéanamh. Chun rátaí athraithe neamhchlaonta a áirithiú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le leibhéal an innéacs a choigeartú. Ba cheart coigeartú den sórt sin a fháil ó phraghsanna a breathnaíodh.

    (3)

    Chun a áirithiú gur féidir na hinnéacsanna comhchuibhithe a chur i gcomparáid lena chéile, tá coinníollacha aonfhoirmeacha chun coigeartuithe a úsáid ag teastáil i dtiomsú ICPT agus ICPT-CS i gcás athruithe suntasacha ar mhodhanna táirgthe.

    (4)

    Na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear pointí (34) agus (35) seo a leanas leis:

    ‘(34)

    Ciallaíonn ‘fachtóir athraithe leibhéil’ fachtóir arna chinneadh ag an gcóimheas idir na hathruithe ar phraghsanna a fhaightear trí mhodhanna táirgthe reatha agus modhanna táirgeachta nua a úsáid, trína dtomhaistear an t-athrú ar phraghas ó bhliain féilire go tréimhse thagartha na bpraghsanna, faoi seach:

    Formula

    Is le

    Formula
    a chuirtear in iúl an t-innéacs slabhraithe i mí na Nollag na bliana
    Formula
    , ag baint úsáide as an modh táirgthe reatha. Is le y a chuirtear meán bliantúil an innéacs seo in iúl in aon bhliain féilire t roimh an mbliain reatha ChI y . Ar an gcaoi chéanna, is le ChI New a chuirtear in iúl na hinnéacsanna slabhraithe, ag baint úsáide as an modh táirgthe nua. Is féidir tréimhsí tagartha innéacs éagsúla a bheith ag na hinnéacsanna ChI agus ChI New .

    (35)

    Ciallaíonn ‘coigeartú athraithe leibhéil’ go ndéantar an t-innéacs a iolrú ag baint úsáide as an modh táirgthe nua in ICPT agus ICPT-CS, agus mí na Nollag den bhliain

    Formula

    mar thréimhse tagartha an phraghais, faoi fhachtóir athraithe leibhéil faoi seach, ag tosú ón gcéad mhí ina dtugtar an modh táirgthe nua isteach go dtí deireadh na bliana féilire.’

    (2)

    Cuirtear an tAirteagal 22 seo a leanas i gCaibidil 2:

    ‘Airteagal 22

    Coigeartuithe athraithe leibhéil a chur i bhfeidhm

    1.   Féadfaidh na Ballstáit coigeartú athraithe leibhéil a chur i bhfeidhm más amhlaidh, agus sa chás sin amháin, go dtagann athrú buan suntasach ar an modh táirgthe, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(21) de Rialachán (AE) 2016/792 é, suas nó anuas, ar leibhéal an innéacs slabhraithe.

    2.   Cuirfear an coigeartú athraithe leibhéil i bhfeidhm ar an leibhéal is mionsonraithe ag ar féidir na hinnéacsanna arna ríomh de réir na modhanna táirgthe reatha agus na modhanna táirgthe nua a nascadh.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi na fo-innéacsanna a gcuirtear coigeartuithe athraithe leibhéil i bhfeidhm orthu agus faoi luach na gcoigeartuithe tráth an chéad tarchuir sonraí a ndéantar na coigeartuithe orthu.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 11, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2016/792/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1720/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top