Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1689

    Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/24/2024/REV/1

    IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1689

    12.7.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Meitheamh 2024

    lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16 agus 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le córais intleachta saorga (córais IS) a fhorbairt, a chur ar an margadh, a chur i seirbhís agus a úsáid san Aontas, i gcomhréir le luachanna an Aontais, chun glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa (intleacht shaorga) a chur chun cinn agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil, chun cosaint a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas, agus chun tacú le nuálaíocht. Áirithítear leis an Rialachán seo saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margaíocht agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin má údaraítear sin go sainráite leis an Rialachán seo.

    (2)

    Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le luachanna an Aontais mar a chumhdaítear sa Chairt iad, rud a éascóidh cosaint daoine nádúrtha, gnóthas, an daonlathais, an smachta reachta agus cosaint an chomhshaoil, agus ag an am céanna a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht agus faoin bhfostaíocht agus a fhágfaidh go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le glacadh na hintleachta saorga iontaofa.

    (3)

    Is féidir córais intleachta saorga a úsáid go héasca i raon leathan earnálacha den gheilleagar agus in go leor codanna den tsochaí, lena n-áirítear thar theorainneacha, agus is féidir iad a scaipeadh go héasca ar fud an Aontais. Tá fiosruithe déanta ag Ballstáit áirithe cheana féin maidir le rialacha náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga iontaofa agus sábháilte agus go bhforbraítear agus go n-úsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus laghdú ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí a fhorbraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann córais intleachta saorga, d’fhéadfadh an méid sin a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann. Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú ar fud an Aontais chun intleacht shaorga iontaofa a ghnóthú, agus dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht, nuálaíocht, cur in úsáid agus glacadh na gcóras intleachta saorga laistigh den mhargadh inmheánach, mar aon leis na táirgí agus na seirbhísí a bhaineann leo a chosc trí oibleagáidí aonfhoirmeacha le haghaidh oibreoirí a leagan síos agus trí chosaint aonfhoirmeach cúiseanna sáraitheacha a ráthú a bhaineann le leas an phobail agus cosaint daoine ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa mhéid go bhfuil rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le srianta ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh measúnuithe riosca ar dhaoine nádúrtha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí agus ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú, a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin, ar Airteagal 16 CFAE. I bhfianaise na rialacha sonracha sin agus iontaoibh Airteagal 16 CFAE, is iomchuí dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

    (4)

    Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag athrú go tapa agus a chuireann le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha ar fud raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. Trí fheabhas a chur ar thuar, oibríochtaí agus leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a phearsantú, is féidir le húsáid na hintleachta saorga príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do ghnóthais agus tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol, mar shampla i gcúram sláinte, talmhaíocht, sábháilteacht bia, oideachas agus oiliúint, na meáin, spóirt, cultúr, bainistiú bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, faireachán comhshaoil, bithéagsúlacht agus éiceachórais a chaomhnú agus a athbhunú agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

    (5)

    Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena cur i bhfeidhm sonrach, lena húsáid agus le leibhéal na forbartha teicneolaíche, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna an phobail agus cearta bunúsacha atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh an díobháil sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha, lena n-áirítear díobháil fhisiceach, shíceolaíoch, shochaíoch nó eacnamaíoch.

    (6)

    I bhfianaise an mhórthionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar an tsochaí agus an gá le muinín a chothú, tá sé ríthábhachtach go bhforbrófaí an intleacht shaorga agus a creat rialála i gcomhréir le luachanna an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí agus, de bhun Airteagal 6 CAE, an Chairt. Mar réamhriachtanas, ba cheart an intleacht shaorga a bheith ina teicneolaíocht atá dírithe ar an duine. Ba cheart di feidhmiú mar uirlis do dhaoine, agus é mar aidhm dheiridh léi dea-bhail an duine a fheabhsú.

    (7)

    Chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí a mhéid a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, ba cheart rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart na rialacha sin a bheith comhsheasmhach leis an gCairt, neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta trádála an Aontais. Ba cheart dóibh an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití agus na treoirlínte eitice le haghaidh intleacht shaorga iontaofa ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga a chur san áireamh freisin.

    (8)

    Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse agus úsáid córas intleachta saorga áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligean do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Ba cheart na rialacha sin a bheith soiléir agus láidir maidir le cearta bunúsacha a chosaint, ba cheart dóibh tacú le réitigh nuálacha nua, lena gcumasófar éiceachóras Eorpach de ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthaíonn córais intleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais agus a bhaineann leas as acmhainneacht an chlaochlaithe dhigitigh fud réigiúin uile an Aontais. Trí na rialacha sin a leagan síos chomh maith le bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tacaíonn an Rialachán seo leis an gcuspóir cur chuige Eorpach duinelárnach i leith na hintleachta saorga a chur chun cinn agus a bheith mar cheannaire domhanda i bhforbairt intleachta saorga atá slán, iontaofa agus eiticiúil mar a luaigh an Chomhairle Eorpach (5), agus áirithítear leis cosaint na bprionsabal eiticiúil, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go sonrach (6).

    (9)

    Ba cheart rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a leagan síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Creat Reachtach Nua). Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha comhchuibhithe a leagtar síos sa Rialachán seo ar fud na n-earnálacha agus, i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, ba cheart iad a bheith gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana, go háirithe maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí, cearta bunúsacha, fostaíocht, cosaint oibrithe, agus sábháilteacht táirgí, lena bhfuil an Rialachán seo comhlántach. Mar thoradh air sin, maidir leis na cearta agus na leigheasanna uile dá bhforáiltear leis an dlí sin de chuid an Aontais do thomhaltóirí, agus do dhaoine eile a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag córais intleachta saorga orthu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúiteamh damáistí a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Threoir 85/374/CEE ón gComhairle (10), ní dhéanfar difear dóibh agus beidh siad infheidhme go hiomlán. Thairis sin, i gcomhthéacs na fostaíochta agus chosaint na n-oibrithe, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do dhlí an Aontais maidir le beartas sóisialta agus dlí náisiúnta an tsaothair, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le dálaí fostaíochta agus oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe. Anuas air sin, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, chomh maith leis an gceart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha arb é is aidhm dóibh dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin a leagtar síos i dTreoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Thairis sin, is é is aidhm don Rialachán seo éifeachtacht na gceart agus na leigheasanna sin atá ann cheana a neartú trí cheanglais agus oibleagáidí sonracha a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le trédhearcacht, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead na gcóras intleachta saorga. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a chuirtear ar oibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu le slabhra luacha na hintleachta saorga faoin Rialachán seo gan dochar don dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, a bhfuil d’éifeacht acu úsáid córas intleachta saorga áirithe a theorannú i gcás ina dtagann an dlí sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó ina saothraíonn sé cuspóirí dlisteanacha maidir le leas an phobail seachas na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán seo. Mar shampla, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don dlí saothair náisiúnta agus don dlí maidir le cosaint mionaoiseach, eadhon daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta an linbh i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach á gcur san áireamh, sa mhéid nach mbaineann siad go sonrach le córais intleachta saorga agus go saothraíonn siad cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail.

    (10)

    Cumhdaítear an ceart bunúsach maidir le cosaint sonraí pearsanta go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 (11) agus (AE) 2018/1725 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ina theannta sin, le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), cosnaítear an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena n-áirítear trí choinníollacha a chur ar fáil maidir le haon stóráil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtrealamh teirminéil nó rochtain ar na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta sin ó threalamh teirminéil. Tá na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais ina mbunús le próiseáil sonraí inbhuanaithe agus fhreagrach, lena n-áirítear cásanna ina gcuimsítear le tacair sonraí teaglaim de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Ní fhéachtar leis an Rialachán seo le difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais atá ann cheana lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta neamhspleách atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-ionstraimí sin. Ina theannta sin, ní dhéantar leis difear d’oibleagáidí soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ina ról mar rialaitheoirí nó próiseálaithe sonraí a eascraíonn as dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann dearadh, forbairt nó úsáid córas intleachta saorga le próiseáil sonraí pearsanta. Is iomchuí a shoiléiriú freisin go leanann na hábhair sonraí de bheith ag tairbhiú de na cearta agus na ráthaíochtaí go léir a bhronntar orthu le dlí sin an Aontais, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cinnteoireacht aonair uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú. Le rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid, ba cheart cur chun feidhme éifeachtach chearta na n-ábhar sonraí a éascú agus feidhmiú na gceart sin agus leigheasanna eile a ráthaítear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chumasú.

    (11)

    Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (12)

    Ba cheart an coincheap ‘córas intleachta saorga’ sa Rialachán seo a shainiú go soiléir agus ba cheart é a ailíniú go dlúth le hobair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag obair ar an intleacht shaorga chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, comhchuibhiú agus glacadh forleathan a éascú, agus solúbthacht á soláthar ag an am céanna chun freastal ar na forbairtí tapa teicneolaíocha sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe na gcóras intleachta saorga chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus córais bogearraí traidisiúnta nó cuir chuige ríomhchlárúcháin níos simplí agus níor cheart a chumhdach leis córais atá bunaithe ar na rialacha arna sainiú ag daoine nádúrtha amháin chun oibríochtaí a chur i gcrích go huathoibríoch. Príomh-shaintréith de chórais intleachta saorga is ea a gcumas tuisceana. Maidir leis an gcumas tuisceana sin, is tagairt é don phróiseas atá ann aschuir a fháil, amhail tuartha, inneachar, moltaí, nó cinntí, ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla agus fíorúla, agus do chumas na gcóras intleachta saorga samhlacha nó algartaim a dhíorthú ó ionchuir nó ó shonraí. Ar na teicnící lena gcumasaítear an tuiscint sin agus córas intleachta saorga á thógáil, tá cuir chuige mheaisínfhoghlama a fhoghlaimíonn ó shonraí conas cuspóirí áirithe a bhaint amach, agus cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe a fhaigheann an tuiscint ó eolas ionchódaithe nó ó léiriú siombalach, nó ón dá rud, ar an tasc atá le réiteach. Tá níos mó i gceist le cumas an chórais intleachta saorga tuiscint a bheith aige ná próiseáil sonraí bunúsacha sa mhéid is go gcumasaíonn sé foghlaim, réasúnaíocht nó samhaltú. Tagraíonn an téarma ‘meaisín-bhunaithe’ don fhíoras go mbíonn córais intleachta saorga ag feidhmiú ar mheaisíní. Leis an tagairt do chuspóirí sainráite nó intuigthe, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir le córais intleachta saorga oibriú de réir cuspóirí sainráite nó cuspóirí intuigthe. Féadfaidh cuspóirí an chórais intleachta saorga a bheith éagsúil leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga i gcomhthéacs sonrach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart timpeallachtaí a thuiscint mar na comhthéacsanna ina n-oibríonn na córais intleachta saorga, ach a mhéid a bhaineann le haschuir arna nginiúint ag an gcóras intleachta saorga, léiríonn siad feidhmeanna éagsúla a dhéanann córais intleachta saorga agus áirítear leo tuartha, inneachar, moltaí nó cinntí. Tá córais intleachta saorga ceaptha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, rud a chiallaíonn go bhfuil méid áirithe neamhspleáchais gníomhaíochtaí acu ar rannpháirtíocht an duine agus méid áirithe neamhspleáchais cumais oibriú gan idirghabháil ón duine. An leibhéal oiriúnachta a d’fhéadfadh córas intleachta saorga a thaispeáint tar éis a bheith curtha in úsáid, is tagairt é sin do chumais féinfhoghlama, rud a fhágann gur féidir leis an gcóras athrú agus é á úsáid. Is féidir córais intleachta saorga a úsáid ar bhonn neamhspleách nó mar chomhpháirt táirge, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an córas comhtháite go fisiciúil sa táirge (leabaithe) nó ag freastal ar fheidhmiúlacht an táirge gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe).

    (13)

    Ba cheart an coincheap ‘úsáideoir gairmiúil’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a léirmhíniú mar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige faoina údarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil. Ag brath ar an gcineál córais intleachta saorga, d’fhéadfadh úsáid an chórais difear a dhéanamh do dhaoine nach iad an t-úsáideoir gairmiúil iad.

    (14)

    Ba cheart an coincheap ‘sonraí bithmhéadracha’ a úsáidtear sa Rialachán seo a léirmhíniú i bhfianaise choincheap na sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (14) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 3, pointe (18) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 3, pointe (13) de Threoir (AE) 2016/680. Le sonraí bithmhéadracha, is féidir fíordheimhniú, sainaithint nó catagóiriú daoine nádúrtha a chumasú, chomh maith lena mothúcháin a aithint.

    (15)

    Ba cheart an coincheap ‘sainaitheantas bithmhéadrach’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar aithint uathoibrithe ghnéithe fisiciúla, fiseolaíocha agus iompraíochta an duine amhail aghaidh an duine, gluaiseacht súl, cruth coirp, guth, prosóid, siúl, iompar coirp, ráta croí, brú fola, boladh, saintréithe eochairbhuille, chun críche céannacht duine aonair a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine aonair sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha daoine aonair eile ar sonraí iad arna stóráil i mbunachar sonraí tagartha, gan beann ar thoiliú an duine aonair a bheith tugtha nó gan a bheith tugtha. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin.

    (16)

    Ba cheart an coincheap ‘catagóiriú bithmhéadrach’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar seo: coincheap lena sanntar daoine nádúrtha do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha. D’fhéadfadh baint a bheith ag na catagóirí sonracha sin le raon gnéithe, amhail gnéas, aois, dath súl, dath gruaige, tatúnna, tréithe iompraíochta nó pearsantachta, teanga, reiligiún, ballraíocht i mionlach náisiúnta, gnéaschlaonadh nó claonadh polaitiúil. Ní áirítear leis sin córais catagóirithe bhithmhéadraigh ar gné choimhdeach amháin iad a bhfuil dlúthbhaint acu le seirbhís tráchtála eile, rud a chiallaíonn nach féidir an ghné a úsáid, ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla, gan an phríomhsheirbhís agus nach bealach é comhtháthú na gné sin chun dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scagairí a dhéanann aicmiú ar ghnéithe aghaidhe nó coirp a úsáidtear ar mhargaí ar líne a bheith ina ngné choimhdeach den sórt sin toisc nach féidir iad a úsáid ach amháin i ndáil leis an bpríomhsheirbhís arb é atá inti táirge a dhíol trí ligean don tomhaltóir réamhamharc a bheith aige nó aici den táirge air féin nó uirthi féin, rud a chuidíonn leis an tomhaltóir cinneadh ceannaigh a dhéanamh. Maidir le scagairí a úsáidtear ar sheirbhísí líonra shóisialta ar líne lena ndéantar gnéithe den aghaidh nó gnéithe den chorp a chatagóiriú chun gur féidir le húsáideoirí pictiúir nó físeáin a chur ann nó a mhodhnú, d’fhéadfaí a mheas gur gné choimhdeach iad toisc nach féidir an scagaire sin a úsáid gan príomhsheirbhís na seirbhísí líonra shóisialta arb é atá inti inneachar a chomhroinnt ar líne.

    (17)

    Ba cheart an coincheap ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha a shainaithint gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, go cianda de ghnáth, trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear. Is iondúil go n-úsáidtear na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí sin chun roinnt daoine nó a n-iompar a bhrath ag an am céanna chun sainaithint daoine nádúrtha a éascú go suntasach gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Tá údar leis an eisiamh sin toisc gur dócha go mbeidh tionchar beag ag na córais sin ar chearta bunúsacha daoine nádúrtha i gcomparáid leis na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a d’fhéadfaí a úsáid chun sonraí bithmhéadracha líon mór daoine a phróiseáil gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga lena mbaineann trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le feiste eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar, amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann.

    (18)

    Ba cheart an coincheap ‘córais aitheanta mothúcháin’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar chóras intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a oibriú amach ar bhonn na sonraí sin. Tagraíonn an coincheap do raon mothúchán nó rún, amhail sonas, brón, fearg, iontas, déistin, náire, sceitimíní, aiféaltas, drochmheas, sásamh agus sult. Ní áirítear leis staideanna fisiciúla, amhail pian nó tuirse lena n-áirítear, mar shampla, córais a úsáidtear chun tuirse píolótaí nó tiománaithe gairmiúla a bhrath chun tionóiscí a chosc. Ní áirítear leis sin ach oiread gothaí gnúise, gothaí nó gluaiseachtaí atá ríshoiléir a bhrath, ach amháin má úsáidtear iad chun mothúcháin a aithint nó a thuiscint. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na gothaí sin gothaí aghaidhe bunúsacha, amhail strainc nó miongháire, nó gothaí amhail gluaiseacht na lámh, na ngéag nó an chinn, nó tréithe guth duine, ar nós guth ard nó a bheith ag cogarnach.

    (19)

    Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an coincheap ‘spás atá inrochtana don phobal’ a thuiscint mar thagairt d’aon spás fisiciúil atá inrochtana do líon neamhchinntithe daoine nádúrtha, agus gan beann ar an spás atá i gceist a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, gan beann ar an ngníomhaíocht a bhféadfar an spás a úsáid ina leith, amhail le haghaidh tráchtála, mar shampla, siopaí, bialanna, caiféanna; le haghaidh seirbhísí, mar shampla, bainc, gníomhaíochtaí gairmiúla, fáilteachas; le haghaidh spóirt, mar shampla, linnte snámha, giomnáisiamaí, staideanna; le haghaidh iompair, mar shampla, stáisiúin bus, mheitreo agus iarnróid, aerfoirt, modhanna iompair; le haghaidh siamsaíochta, mar shampla, pictiúrlanna, amharclanna, músaeim, hallaí ceolchoirme agus comhdhálacha; nó le haghaidh fóillíochta nó eile, mar shampla, bóithre agus cearnóga poiblí, páirceanna, foraoisí, clóis súgartha. Ba cheart spás a aicmiú freisin mar áit atá inrochtana don phobal freisin más rud é, gan beann ar acmhainneacht nó srianta slándála a d’fhéadfadh a bheith ann, go bhfuil rochtain faoi réir coinníollacha réamhshocraithe áirithe ar féidir le líon neamhchinntithe daoine iad a chomhlíonadh, amhail ticéad a cheannach nó ticéad iompair a cheannach, clárúchán roimh ré nó aois áirithe a bheith slánaithe agat. Os a choinne sin, níor cheart a mheas go bhfuil spás inrochtana don phobal má tá rochtain teoranta do dhaoine nádúrtha sonracha agus sainithe trí dhlí an Aontais nó tríd an dlí náisiúnta a bhaineann go díreach le sábháilteacht nó slándáil phoiblí nó trí léiriú soiléir thoil an duine a bhfuil an t-údarás ábhartha aige ar an spás. Ní thugtar le tuiscint go bhfuil ar an spás inrochtana don phobal díreach toisc gur féidir rochtain a fháil uirthi, amhail doras nach bhfuil glas air nó geata oscailte i bhfál, agus comharthaí nó imthosca inti a thugann a mhalairt le fios, amhail comharthaí lena dtoirmisctear nó lena sriantar rochtain. Is spásanna iad áitribh chuideachta agus mhonarchan, chomh maith le hoifigí agus ionaid oibre nach bhfuil inrochtana don phobal, cé is moite d'fhostaithe ábhartha agus soláthraithe seirbhíse, mar a bheartaítear é. Níor cheart príosúin nó rialú teorann a áireamh i spásanna atá inrochtana don phobal. D’fhéadfadh roinnt spásanna eile a bheith comhdhéanta de limistéir atá inrochtana don phobal agus spásanna nach bhfuil inrochtana don phobal, amhail halla foirgnimh chónaithe phríobháidigh atá riachtanach chun rochtain a fháil ar oifig dochtúra nó an t-aerfort. Ní chumhdaítear spásanna ar líne, ós rud é nach spásanna fisiciúla iad. Cé acu atá spás a bhfuil rochtain ag an bpobal air nó nach bhfuil, áfach, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint do shonraíochtaí an cháis aonair faoi chaibidil.

    (20)

    Chun na tairbhí is mó a fháil ó chórais intleachta saorga agus, ag an am céanna, cearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht a chosaint agus rialú daonlathach a chumasú, ba cheart do litearthacht intleachta saorga na coincheapa is gá a thabhairt do sholáthraithe, d’úsáideoirí gairmiúla agus do dhaoine a ndéantar difear dóibh chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le córais intleachta saorga. D’fhéadfadh na coincheapa sin a bheith éagsúil maidir leis an gcomhthéacs ábhartha agus is féidir a áireamh leo tuiscint a fháil ar chur i bhfeidhm ceart na n-eilimintí teicniúla le linn chéim forbartha an chórais intleachta saorga, na bearta atá le cur i bhfeidhm le linn a húsáide, na bealaí oiriúnacha chun aschur an chórais intleachta saorga a léirmhíniú, agus, i gcás na ndaoine a ndéantar difear dóibh, an t-eolas is gá chun go dtuigfidh siad an tionchar a bheidh ag cinntí a dhéanfar le cúnamh na hintleachta saorga orthu. I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do litearthacht intleachta saorga na léargais is gá a sholáthar do na gníomhaithe ábhartha uile i slabhra luacha na hintleachta saorga chun comhlíonadh iomchuí agus forfheidhmiú ceart a áirithiú. Ina theannta sin, dá gcuirfí bearta litearthachta intleachta saorga chun feidhme go forleathan agus dá dtabharfaí gníomhaíochtaí leantacha iomchuí isteach, d’fhéadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus, ar deireadh, tacú le comhdhlúthú agus conair nuálaíochta na hintleachta saorga iontaofa san Aontas. Ba cheart don Bhord Eorpach um an Intleacht Shaorga (‘an Bord’) tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorga, feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí, na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorga a chur chun cinn. I gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tarraingt suas cód iompair deonach a éascú chun litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn i measc daoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid na hintleachta saorga.

    (21)

    Chun cothrom na Féinne agus cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí daoine aonair ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar iad a bheith bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír, agus maidir le húsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga atá bunaithe laistigh den Aontas.

    (22)

    I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú nuair nach gcuirtear ar an margadh iad, nach gcuirtear i seirbhís iad, nó nuair nach n-úsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe i dtríú tír i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an t-oibreoir i dtríú tír, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i seirbhís nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid atá sé beartaithe an t-aschur arna tháirgeadh ag na córais sin a úsáid san Aontas. Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le comhpháirtithe eachtracha amach anseo a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú an chomhair nó an chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit, ar choinníoll go gcuireann an tríú tír ábhartha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gcás inarb ábhartha, féadfar a chumhdach leis sin gníomhaíochtaí na n-eintiteas ar chuir na tríú tíortha de chúram orthu cúraimí sonracha a dhéanamh chun tacú le forfheidhmiú an dlí agus leis an gcomhar breithiúnach sin. Bunaíodh an creat comhair sin nó na comhaontuithe sin go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis forfheidhmithe dlí agus ar na húdaráis bhreithiúnacha faoin Rialachán seo a mheas cé acu atá nó nach bhfuil coimircí leordhóthanacha i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint san áireamh sna creataí comhair nó sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin. Údaráis náisiúnta is faighteoirí agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhaineann úsáid as an aschur sin san Aontas, leanann siadsan de bheith cuntasach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad dlí an Aontais. Nuair a dhéanfar na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a athbhreithniú nó nuair a thabharfar comhaontuithe nua i gcrích amach anseo, ba cheart do na páirtithe conarthacha a ndícheall a dhéanamh na comhaontuithe sin a ailíniú le ceanglais an Rialacháin seo.

    (23)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar sholáthraí nó úsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga.

    (24)

    Má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan modhnú na gcóras sin chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo gan beann ar an gcineál eintitis atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin, amhail más eintiteas poiblí nó príobháideach é. A mhéid a bhaineann le críocha míleata agus cosanta, tá údar leis an eisiamh sin de bharr Airteagal 4(2) CAE agus shonraíochtaí na mBallstát agus chomhbheartas cosanta an Aontais a chumhdaítear le Caibidil 2 de Theideal V CAE atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta phoiblí, arb é, dá bhrí sin, an creat dlíthiúil is iomchuí chun córais intleachta saorga a rialáil i gcomhthéacs úsáid fornirt mharfaigh agus córas intleachta saorga eile i gcomhthéacs gníomhaíochtaí míleata agus cosanta. A mhéid a bhaineann le cuspóirí slándála náisiúnta, tá údar leis an eisiamh toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an tslándáil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE agus mar gheall ar chineál sonrach agus riachtanais oibríochtúla na ngníomhaíochtaí slándála náisiúnta agus rialacha náisiúnta sonracha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin. Mar sin féin, maidir le córas intleachta saorga a fhorbraítear, a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáidtear chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, má úsáidtear an córas intleachta saorga sin lasmuigh de na críocha sin go sealadach nó go buan chun críocha eile, mar shampla chun críocha sibhialta nó daonnúla, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó na slándála poiblí, thiocfadh an córas sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Sa chás sin, ba cheart don eintiteas a úsáideann an córas intleachta saorga chun críocha eile seachas críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonann an córas an Rialachán seo, ach amháin i gcás go gcomhlíonann an córas intleachta saorga sin an Rialachán seo cheana féin. Maidir le córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís chun críocha eisiata, eadhon chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta agus chun críche amháin nó níos mó nach bhfuil eisiata, amhail críocha sibhialta nó forfheidhmiú an dlí, tagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart do sholáthraithe na gcóras sin comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Sna cásanna sin, ós rud é go bhféadfadh córas intleachta saorga teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo, níor cheart dó difear a dhéanamh don fhéidearthacht go bhféadfadh eintitis gníomhaíochtaí slándála náisiúnta, cosanta agus míleata a dhéanamh, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin, córais intleachta saorga a úsáid chun críocha slándála náisiúnta, míleata agus cosanta, a bhfuil a n-úsáid eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le córas intleachta saorga a chuirtear ar an margadh chun críocha sibhialta nó fhorfheidhmiú an dlí agus a úsáidtear le modhnú nó gan mhodhnú chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.

    (25)

    Ba cheart don Rialachán seo tacú leis an nuálaíocht, ba cheart dó saoirse na heolaíochta a urramú, agus níor cheart dó an bonn a bhaint de ghníomhaíocht taighde agus forbartha. Is gá, dá bhrí sin, córais agus samhlacha intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i mbun seirbhíse go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh óna raon feidhme. Thairis sin, is gá a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear ar shlí eile do thaighde eolaíoch agus do ghníomhaíocht forbartha ar chórais intleachta saorga nó ar shamhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i seirbhís iad. A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht taighde, tástála agus forbartha atá dírithe ar tháirgí maidir le córais nó samhlacha intleachta saorga, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo sula gcuirfear na córais agus na samhlacha sin i seirbhís nó sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá an t-eisiamh sin gan dochar don oibleagáid maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh i gcás ina gcuirtear córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh nó i seirbhís mar thoradh ar an ngníomhaíocht taighde agus forbartha sin agus do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus tástáil i bhfíordhálaí. Thairis sin, gan dochar d’eisiamh na gcóras intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i seirbhís go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche agus chun na críche sin amháin, ba cheart d’aon chóras intleachta saorga eile a d’fhéadfaí a úsáid chun aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh leanúint de bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. In aon chás, ba cheart aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla proifisiúnta aitheanta don taighde eolaíoch agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

    (26)

    Chun tacar rialacha ceangailteacha atá comhréireach agus éifeachtach a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga, ba cheart cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir a leanúint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cineál agus inneachar na rialacha sin a chur in oiriúint do dhéine agus raon feidhme na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais intleachta saorga. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chleachtais dho-ghlactha intleachta saorga áirithe, ceanglais a leagan síos maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na n-oibreoirí ábhartha, agus oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos maidir le córais intleachta saorga áirithe.

    (27)

    Cé go bhfuil an cur chuige rioscabhunaithe mar bhonn do thacar comhréireach agus éifeachtach rialacha ceangailteacha, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar threoirlínte Eitice 2019 le haghaidh intleacht shaorga iontaofa a d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ar grúpa neamhspleách é arna cheapadh ag an gCoimisiún. Sna treoirlínte sin, d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga seacht bprionsabal eiticiúla neamhcheangailteacha le haghaidh intleacht shaorga atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga iontaofa agus fónta ó thaobh eitice de. Áirítear ar na seacht bprionsabal gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna; stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht; príobháideachas agus rialachas sonraí; trédhearcacht; éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime; dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil agus cuntasacht. Gan dochar do cheanglais an Rialacháin seo atá ceangailteach ó thaobh dlí agus d’aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, rannchuidíonn na treoirlínte sin le dearadh intleachta saorga atá comhleanúnach, iontaofa agus duinelárnach, i gcomhréir leis an gCairt agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. De réir threoirlínte an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ciallaíonn gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga mar uirlis a fhónann do dhaoine, a urramaíonn dínit an duine agus neamhspleáchas pearsanta, agus a fheidhmíonn ar bhealach ar féidir le daoine í a rialú agus a mhaoirsiú go hiomchuí. Ciallaíonn stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht go ndéantar córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach lena gceadaítear stóinseacht i gcás fadhbanna agus athléimneacht i gcoinne iarrachtaí chun úsáid nó feidhmíocht an chórais intleachta saorga a athrú chun ligean do thríú páirtithe úsáid neamhdhleathach a bhaint as, agus díobháil neamhbheartaithe a íoslaghdú. Ciallaíonn príobháideachas agus rialachas sonraí go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga i gcomhréir leis na rialacha príobháideachais agus cosanta sonraí, agus próiseáil á déanamh ar shonraí a chomhlíonann ardchaighdeáin ó thaobh cáilíochta agus sláine de. Ciallaíonn trédhearcacht go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach lenar féidir inrianaitheacht agus inmhínitheacht iomchuí a dhéanamh, agus daoine á gcur ar an eolas ag an am céanna go ndéanann siad cumarsáid nó idirghníomhú le córas intleachta saorga, chomh maith le húsáideoirí gairmiúla á gcur ar an eolas go cuí faoi chumais agus teorainneacha an chórais intleachta saorga sin agus daoine dá ndéantar difear á gcur ar eolas faoina gcearta. Ciallaíonn éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach ina n-áirítear gníomhaithe éagsúla agus ina gcuirtear rochtain chomhionann, comhionannas inscne agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn, agus tionchair idirdhealaitheacha agus claontachtaí éagóracha a thoirmisctear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta á seachaint ag an am céanna. Ciallaíonn dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a théann chun tairbhe do gach duine, agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ag an am céanna ar na tionchair fhadtéarmacha ar an duine aonair, ar an tsochaí agus ar an daonlathas. Ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a léiriú, nuair is féidir, i ndearadh agus in úsáid samhlacha intleachta saorga. Ba cheart dóibh fónamh, ar aon chuma, mar bhunús chun cóid iompair a dhréachtú faoin Rialachán seo. Moltar do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear lucht tionscail, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí um chaighdeánú, na prionsabail eiticiúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí, chun dea-chleachtais agus caighdeáin dheonacha a fhorbairt.

    (28)

    Cé is moite de na húsáidí tairbhiúla éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí í a mhí-úsáid freisin agus uirlisí úra cumhachtacha a sholáthar le haghaidh cleachtais ionramhálacha dhúshaothraithe agus cleachtais smachta sóisialta. D’fhéadfaí dochar ar leith a dhéanamh agus droch-íde ar leith a thabhairt, leis na cleachtais sin, agus ba cheart iad a thoirmeasc toisc go dtagann siad salach ar luachanna an Aontais maidir le meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun na cosanta sonraí, an ceart chun príobháideachais agus cearta an linbh.

    (29)

    Is féidir teicnící ionramhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga a úsáid chun a chur ina luí ar dhaoine dul i mbun iompraíocht neamh-inmhianaithe, nó chun iad a mheabhlú trí thathant orthu cinntí a dhéanamh ar bhealach a threascraíonn agus a chuireann isteach ar a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a saor-roghanna. Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a bhfuil sé mar chuspóir leo iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, nó a bhfuil d’éifeacht acu iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, sa chaoi is gur dócha go ndéanfaí díobháil shuntasach, a dhéanfadh go leor dochair, go háirithe, go fisiciúil, go síceolaíoch nó do leasanna airgeadais, tá siad thar a bheith contúirteach agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Imscarann na córais intleachta saorga sin comhpháirteanna fothairseachúla, amhail spreagthaigh fuaime, íomhá, físe nach féidir le daoine a bhrath ós rud é go bhfuil siad lasmuigh de dhearcadh an duine nó teicnící eile ionramhála nó meabhlacha a threascraíonn nó a chuireann isteach ar neamhspleáchas, ar chinnteoireacht nó ar shaor-rogha daoine ar bhealaí nach bhfuil daoine ar an eolas faoi na teicnící sin go comhfhiosach, nó, i gcás ina mbíonn siad ar an eolas fúthu, gur féidir an dallamullóg a chur orthu mar sin féin nó nach bhfuil smacht acu orthu nó nach bhfuil siad in ann diúltú dóibh. D’fhéadfaí é sin a éascú, mar shampla, trí chomhéadain meaisín-inchinn nó réaltacht fhíorúil toisc go gceadaíonn siad leibhéal níos airde smachta ar an spreagadh a thugtar do dhaoine, sa mhéid go bhféadfaidís a n-iompar a shaobhadh go hábhartha ar bhealach atá an-díobhálach. Ina theannta sin, féadfaidh córais intleachta saorga leas a bhaint as leochaileachtaí duine nó grúpa shonraigh daoine mar gheall ar a n-aois, a míchumas de réir bhrí Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), nó staid shóisialta nó eacnamaíoch shonrach ar dócha go mbeidh na daoine sin níos leochailí i leith an dúshaothraithe dá barr, amhail daoine atá ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht, mionlaigh eitneacha nó reiligiúnacha. Is féidir na córais intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid leis an gcuspóir nó an éifeacht iompar duine a shaobhadh go hábhartha agus ar bhealach a ndéantar díobháil shuntasach nó ar dócha go ndéanfar díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile nó do ghrúpaí daoine, lena n-áirítear díobháil a d’fhéadfaí a charnadh le himeacht ama agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Ní gá go bhféadfaí glacadh leis go bhfuil sé beartaithe iompraíocht a shaobhadh i gcás ina n-eascraíonn an saobhadh as fachtóirí lasmuigh den chóras intleachta saorga nach bhfuil smacht ag an soláthraí ná ag an úsáideoir gairmiúil orthu, eadhon fachtóirí nach bhféadfaí a thuar go réasúnta agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh soláthraí ná úsáideoir gairmiúil an chórais intleachta saorga iad a mhaolú. I gcás ar bith, ní gá go mbeadh sé ar intinn ag an soláthraí ná ag an úsáideoir gairmiúil díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch a dhéanamh, ar choinníoll gur as na cleachtais ionramhála nó dhúshaothraithe atá cumasaithe ag intleacht shaorga a eascraíonn an díobháil sin. Tá na toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga sin comhlántach leis na forálacha atá i dTreoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), go háirithe go dtoirmisctear i ngach cás cleachtais tráchtála éagóracha as a n-eascraíonn díobháil eacnamaíoch nó airgeadais do thomhaltóirí, gan beann ar iad a bheith curtha i bhfeidhm trí chórais intleachta saorga nó ar bhealach eile. Níor cheart leis na toirmisc ar chleachtais ionramhála agus dhúshaothraithe sa Rialachán seo difear a dhéanamh do chleachtais dhleathacha i gcomhthéacs cóireála leighis, amhail cóireáil shíceolaíoch do ghalar meabhrach nó athshlánú fisiciúil, nuair a dhéantar na cleachtais sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus leis na caighdeáin leighis is infheidhme, mar shampla toiliú sainráite ó na daoine aonair nó óna n-ionadaithe dlíthiúla. Ina theannta sin, níor cheart cleachtais tráchtála choiteanna agus dhlisteanacha, mar shampla i réimse na fógraíochta, atá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a mheas, iontu féin, mar chleachtais ionramhála dhíobhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga.

    (30)

    Ba cheart toirmeasc a chur ar chórais chatagóirithe bhithmhéadracha atá bunaithe ar shonraí bithmhéadracha daoine nádúrtha, amhail aghaidh nó méarlorg duine aonair, chun tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, cine, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine aonair a aimsiú nó a chur in iúl. Níor cheart a chumhdach, leis an toirmeasc sin, lipéadú, scagadh nó catagóiriú dleathach tacar sonraí bithmhéadracha a fhaightear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta de réir sonraí bithmhéadracha, amhail sórtáil íomhánna de réir dath gruaige nó dhath na súl, ar féidir iad a úsáid, mar shampla, i réimse fhorfheidhmiú an dlí.

    (31)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh grúpaí áirithe ann de thoradh scóráil shóisialta daoine nádúrtha ag gníomhaithe poiblí nó príobháideacha, rud a sholáthraítear le córais intleachta saorga áirithe. D’fhéadfadh sé go sárófaí leo an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus luachanna maidir le comhionannas agus an ceartas. Déanann na córais intleachta saorga sin meastóireacht nó aicmiú ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh bunaithe ar iliomad pointí sonraí a bhaineann lena n-iompraíocht shóisialta i gcomhthéacsanna éagsúla nó saintréithe pearsanta nó pearsantachta intuigthe nó tuartha thar thréimhsí áirithe ama. De thoradh an scóir shóisialta arna fháil ó na córais intleachta saorga sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go neamhfhabhrach nó go díobhálach le daoine nádúrtha nó grúpaí iomlána daoine nádúrtha i gcomhthéacsanna sóisialta nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcomhthéacs inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach báire nó d’fhéadfadh sé go gcaithfí leo go díobhálach ar bhealach atá gan údar nó díréireach le tromchúis a n-iompraíochta sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, córais intleachta saorga lena mbaineann na cleachtais scórála neamh-inghlactha sin a thoirmeasc, ar córais iad a mbíonn torthaí díobhálacha nó neamhfhabhracha den sórt sin mar thoradh orthu. Níor cheart don toirmeasc sin difear a dhéanamh do chleachtais mheastóireachta dhleathacha daoine nádúrtha a dhéantar chun críche sonraí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    (32)

    Maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, cuireann sí isteach go mór ar chearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, sa mhéid go bhfuil féidearthacht ann go ndéanfaí difear do shaol príobháideach cuid mhór den phobal, go nginfí mothúchán go bhfuiltear faoi fhaireachas leanúnach agus go ndéanfaí feidhmiú saoirse tionóil agus cearta bunúsacha eile a dhíspreagadh. Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. Na torthaí claonta agus na héifeachtaí idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann, tá siad ábhartha go háirithe maidir le haois, eitneacht, cine, gnéas nó míchumais. Thairis sin, i bhfianaise neasacht an tionchair agus na ndeiseanna teoranta atá ann maidir le seiceálacha agus ceartuithe breise i ndáil le húsáid na gcóras sin a oibríonn i bhfíor-am, bíonn rioscaí níos mó ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine lena mbaineann i gcomhthéacs gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, nó a mbíonn tionchar ag gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí orthu.

    (33)

    Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na gcóras sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin maidir le cásanna atá liostaithe go cuimsitheach agus sainithe go cúng, cásanna lena bhfuil dianghá le húsáid na gcóras sin chun freastal ar leas substaintiúil maidir leis an bpobal, ina meastar gur mó a dtábhacht ná na rioscaí. Baineann na cásanna sin le cuardach íospartach áirithe coireachta, lena n-áirítear daoine ar iarraidh; bagairtí áirithe ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta; agus logánú nó sainaithint dhéantóirí nó amhrastach na gcionta coiriúla a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil na cionta coiriúla sin inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse ceithre bliana ar a laghad agus mar a shainítear iad i ndlí an Bhallstáit sin. An tairseach sin maidir leis an bpianbhreith choimeádta nó ordú coinneála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rannchuidíonn sí chun a áirithiú gur cheart an cion a bheith tromchúiseach go leor le húdar a thabhairt le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’. Thairis sin, tá liosta na gcionta coiriúla dá bhforáiltear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na 32 chion choiriúla a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (18), á chur san áireamh gur dócha go mbeidh cuid de na cionta sin níos ábhartha ná a chéile, i gcleachtas, sa mhéid is go bhféadfadh sé go mbeadh gá ar leibhéil éagsúla go hintuartha le hiontaoibh cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus go mbeadh sé comhréireach ar leibhéil éagsúla den chur chun cinn praiticiúil maidir le logánú nó sainaithint duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla éagsúla a liostaítear agus ag féachaint do na héagsúlachtaí dóchúla maidir le tromchúis, dóchúlacht agus leibhéal na díobhála nó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha a bheith mar thoradh freisin ar shuaitheadh tromchúiseach ar bhonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i gcás ina mbeadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil duine mar thoradh ar shuaitheadh nó scriosadh an bhonneagair chriticiúil sin, lena n-áirítear trí dhíobháil thromchúiseach do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú phríomhfheidhm an Stáit. Ina theannta sin, ba cheart go gcaomhnófaí leis an Rialachán seo cumas na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó na n-údarás tearmainn seiceálacha aitheantais a dhéanamh i láthair an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir leis na seiceálacha sin. Go háirithe, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn a bheith in ann úsáid a bhaint as córais faisnéise, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, chun daoine a shainaithint a dhiúltaíonn a bheith sainaitheanta nó nach bhfuil in ann a gcéannacht a shonrú nó a chruthú, gan ceangal a bheith orthu leis an Rialachán seo réamhúdarú a fháil. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, duine a raibh baint aige le coir, nó duine nach bhfuil toilteanach, nó nach bhfuil ar a chumas, mar gheall ar thimpiste nó riocht sláinte, a aitheantas a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe dlí.

    (34)

    Chun a áirithiú go n-úsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur san áireamh i ngach ceann de na cásanna a liostaítear go cuimsitheach agus a sainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis is cúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Thairis sin, maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart sin a dhéanamh ach amháin chun céannacht an duine aonair spriocdhírithe a dheimhniú agus ba cheart an úsáid sin a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis maidir leis an tréimhse ama, chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na tásca maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó an déantóir. Níor cheart úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal a údarú ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha curtha i gcrích ag an údarás ábhartha forfheidhmithe dlí agus, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, má chláraigh sé an córas sa bhunachar sonraí mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na cásanna a luaitear thuas.

    (35)

    Gach úsáid a bhaintear as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart don úsáid sin a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ó údarás breithiúnach nó ó údarás riaracháin neamhspleách de chuid Ballstáit a bhfuil a chinneadh ceangailteach. Ba cheart, i bprionsabal, an t-údarú sin a fháil sula n-úsáidfear an córas intleachta saorga d’fhonn duine nó daoine a shainaithint. Ba cheart eisceachtaí ar an riail sin a cheadú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar fhoras práinne, eadhon, cásanna ina bhfuil sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil, de thairbhe úsáid an chórais intleachta saorga, údarú a fháil sula n-úsáidfear an córas i dtrácht. Sna cásanna práinneacha sin, ba cheart úsáid an chórais intleachta saorga a theorannú don íosmhéid a bhfuil géarghá leis agus í a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta agus a shonraítear i gcomhthéacs gach cáis phráinnigh ar leith ag an údarás forfheidhmithe dlí féin. Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí an t-údarú sin a iarraidh sna cásanna sin agus na cúiseanna a thabhairt nach raibh sé in ann é a iarraidh níos luaithe, gan moill mhíchuí agus laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, ba cheart deireadh a chur, láithreach, le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama atá nasctha leis an údarú sin agus ba cheart na sonraí uile a bhaineann leis an úsáid sin a chur i leataobh agus a scriosadh. Áirítear leis na sonraí sin sonraí ionchuir arna bhfáil go díreach ag córas intleachta saorga agus an córas sin á úsáid chomh maith le torthaí agus aschuir na húsáide atá nasctha leis an údarú sin. Níor cheart ionchur a fhaightear go dlíthiúil i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile a áireamh ann. I gcás ar bith, níor cheart aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí amháin.

    (36)

    Chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna rialacha náisiúnta, ba cheart fógra a thabhairt don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta cosanta sonraí maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí dá dtugtar fógra tuarascáil bhliantúil maidir le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    (37)

    Thairis sin, is iomchuí a fhoráil, laistigh de chreat uileghabhálach an Rialacháin seo, nár cheart an úsáid sin ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith indéanta ach amháin i gcás inar chinn an Ballstát lena mbaineann, agus sa mhéid gur chinn an Ballstát lena mbaineann, foráil a dhéanamh go sainráite go bhféadfaí an úsáid sin a údarú ina rialacha mionsonraithe den dlí náisiúnta. Dá réir sin, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit faoin Rialachán seo gan foráil a dhéanamh in aon chor maidir le féidearthacht mar sin nó gan foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht mar sin ach amháin i leith cuid de na cuspóirí a bhfuil sé de chumas acu údar a thabhairt le húsáid údaraithe a shainaithnítear sa Rialachán seo. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha náisiúnta sin laistigh de 30 lá tar éis a nglactha.

    (38)

    Is gá sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun córas intleachta saorga a úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach fíor-ama daoine nádúrtha i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Na rialacha sa Rialachán seo maidir le toirmeasc a chur ar an úsáid sin, faoi réir eisceachtaí áirithe, atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE, ba cheart feidhm a bheith acu mar lex specialis i leith na rialacha atá in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha, agus dá bhrí sin an úsáid sin agus an phróiseáil sonraí bithmhéadracha lena mbaineann a rialáil go cuimsitheach. Dá bhrí sin, níor cheart an úsáid agus an phróiseáil sin bheith indéanta ach a mhéid atá siad comhoiriúnach leis an gcreat a leagtar amach leis an Rialachán seo, gan féidearthacht a bheith ann, lasmuigh den chreat sin, do na húdaráis inniúla, agus iad ag gníomhú chun críche fhorfheidhmiú an dlí, na córais sin a úsáid agus na sonraí sin lena mbaineann a phróiseáil ar na forais a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Sa chomhthéacs sin, níl an Rialachán seo beartaithe a bheith ina bhunús dlí leis an bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/680. Maidir le húsáid córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear úsáid ag údaráis inniúla, níor cheart í a chumhdach, áfach, leis an gcreat sonrach maidir leis an úsáid sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí a shocraítear leis an Rialachán seo. An úsáid sin chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart, dá bhrí sin, í a bheith faoi réir an cheanglais údaraithe faoin Rialachán seo ná na rialacha mionsonraithe is infheidhme sa dlí náisiúnta lena dtabharfaí éifeacht don údarú sin.

    (39)

    Maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach, ach amháin i ndáil le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí mar a rialáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart an phróiseáil sin leanúint de bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá mar thoradh ar Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, toirmisctear le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 próiseáil sonraí bithmhéadracha faoi réir eisceachtaí teoranta dá bhforáiltear sna hAirteagail sin. Agus Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 á chur i bhfeidhm, bhí úsáid cian-sainaitheanta bithmhéadraí chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí faoi réir cinntí toirmisc cheana féin arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí.

    (40)

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid córas catagóirithe bhithmhéadraigh le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (d), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga arna gcumhdach leis an bhforáil sin, Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 5(2) go (6) agus Airteagal 26(10) den Rialachán seo arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a chomhlíonadh.

    (41)

    I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid córas catagóirithe bhithmhéadraigh le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (d), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga arna gcumhdach leis an bhforáil sin, Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h), (2) go (6) agus Airteagal 26(10) den Rialachán seo arna nglacadh ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg.

    (42)

    I gcomhréir le toimhde na neamhchiontachta, is de réir a n-iompraíochta iarbhír ba cheart daoine nádúrtha san Aontas a mheas i gcónaí. Níor cheart daoine nádúrtha a mheas riamh de réir iompraíocht atá tuartha ag an intleacht shaorga bunaithe ar phróifíliú, ar a dtréithe nó ar a saintréithe pearsantachta, amhail náisiúntacht, áit bhreithe, áit chónaithe, líon leanaí, leibhéal fiachais nó cineál gluaisteáin, agus orthu sin amháin, gan amhras réasúnach go bhfuil an duine sin rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil bunaithe ar fhíorais infhíoraithe oibiachtúla agus gan measúnú daonna a dhéanamh ar na nithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart measúnuithe riosca a thoirmeasc a dhéantar maidir le daoine nádúrtha i dtaobh an dóchúlacht atá ann go ndéanfaidís cion a mheas nó lena thuar go ndéanfaí cion coiriúil iarbhír nó féideartha, bunaithe ar phróifíliú nó ar mheasúnú ar a dtréithe agus a saintréithe pearsantachta, agus orthu sin amháin. I gcás ar bith, ní thagraíonn an toirmeasc sin d’anailísíocht riosca ná ní bhaineann sé le hanailísíocht riosca nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú daoine aonair ná ar thréithe ná saintréithe pearsantachta daoine aonair, amhail córais intleachta saorga a úsáideann anailísíocht riosca chun an dóchúlacht go ndéanfadh gnóthais calaois airgeadais a mheas bunaithe ar idirbhearta amhrasacha nó a úsáideann uirlisí anailíseacha riosca chun an dóchúlacht go bhfuil támhshuanaigh nó earraí aindleathacha á logánú ag údaráis chustaim a thuar, mar shampla bunaithe ar bhealaí aitheanta gáinneála.

    (43)

    Ba cheart toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI, toisc go gcuireann an cleachtas sin le braistint ollfhaireachais agus go bhféadfadh mórsháruithe ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais, a bheith mar thoradh air.

    (44)

    Tá imní mhór ann faoi bhunús eolaíoch na gcóras intleachta saorga arb é is aidhm dóibh mothúcháin a shainaithint nó a chur in iúl, go háirithe ós rud é go bhfuil éagsúlachtaí móra ann i measc cultúir agus cásanna, agus fiú laistigh de dhuine aonair, maidir le mothúcháin a léiriú. I measc phríomheasnaimh na gcóras sin tá an iontaofacht theoranta, an easpa sainiúlachta agus an inghinearálaitheacht theoranta. Dá bhrí sin, maidir le córais intleachta saorga lena ndéantar mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint nó a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha, d’fhéadfadh torthaí idirdhealaitheacha eascairt astu agus d’fhéadfaidís cur isteach ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine lena mbaineann. I bhfianaise éagothroime na cumhachta i gcomhthéacs na hoibre nó an oideachais, in éineacht le cineál ionrach na gcóras sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go díobhálach nó go neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh mar thoradh ar na córais sin. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid, ar córais iad atá beartaithe lena n-úsáid chun staid mhothúchánach daoine aonair a bhrath i gcásanna a bhaineann leis an ionad oibre agus leis an oideachas. Níor cheart córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta, agus ar na cúiseanna sin amháin, a chumhdach leis an toirmeasc sin, amhail córais atá beartaithe le haghaidh úsáid theiripeach.

    (45)

    Leis an Rialachán seo níor cheart difear a dhéanamh do chleachtais a thoirmisctear le dlí an Aontais, lena n-áirítear an dlí cosanta sonraí, an dlí neamh-idirdhealaitheach, an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlí na hiomaíochta.

    (46)

    Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca a chur ar mhargadh an Aontais, a chur i mbun seirbhíse ná a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais shainordaitheacha áirithe. Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ar fáil san Aontas nó a n-úsáidtear a n-aschur san Aontas ar shlite eile, nach mbeadh rioscaí neamh-inghlactha ag baint leo do leasanna tábhachtacha poiblí an Aontais mar atá aitheanta agus faoi chosaint ag dlí an Aontais. Ar bhonn an Chreata Reachtaigh Nua, mar a soiléiríodh san fhógra ón gCoimisiún ‘An “Treoir Ghorm” maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le táirgí 2022’ (20), is é an riail ghinearálta go bhféadfadh feidhm a bheith ag níos mó ná gníomh dlí amháin de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, amhail Rialacháin (AE) 2017/745 (21) agus (AE) 2017/746 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), maidir le táirge amháin, ós rud é nach féidir an cur ar fáil nó cur i mbun seirbhíse a dhéanamh ach amháin nuair a chomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha nó costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe táirge ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo agus ag ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leo, ba cheart solúbthacht a bheith acu maidir le cinntí oibríochtúla maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge ina bhfuil córas intleachta saorga amháin nó níos mó ceanglais uile is infheidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar bhealach optamach. Ba cheart córais intleachta saorga a shainaithnítear mar chórais ardriosca a theorannú dóibh siúd a bhfuil tionchar suntasach díobhálach acu ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar chearta bunúsacha daoine san Aontas agus, ba cheart, leis an teorannú sin, aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann ar thrádáil idirnáisiúnta a íoslaghdú.

    (47)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar neamhfhabhrach ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina n-oibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna sábháilteachta táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena n-áirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a n-uathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim atá sé, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn le cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn.

    (48)

    Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge thionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínit an duine, maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun oideachais, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, cearta maoine intleachtúla, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart na cosanta agus toimhde na neamhchiontachta, agus an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a forbraíodh a thuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach, ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorga a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.

    (49)

    A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28),Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.

    (50)

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe de chuid an Aontais a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar an táirge lena mbaineann le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha sin de chuid an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, trealamh raidió, brú-threalamh, trealamh le haghaidh árthaí áineasa, suiteálacha cábla-bhealaigh, fearais a dhónn breoslaí gásacha, feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mótarfheithiclí agus eitlíocht.

    (51)

    Maidir le haicmiú córas intleachta saorga mar chóras ardriosca de bhun an Rialacháin seo, níor cheart gá a bheith ann go gciallódh sin go measfar an táirge a bhfuil an córas intleachta saorga ann mar chomhpháirt sábháilteachta, nó an córas intleachta saorga féin mar tháirge, a bheith ina tháirge ardriosca faoi na critéir a bhunaítear sa reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir leis an táirge. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, ina ndéantar foráil do mheasúnú comhréireachta tríú páirtí le haghaidh táirgí meánriosca agus ardriosca.

    (52)

    A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga neamhspleácha, eadhon córais intleachta saorga ardriosca cé is moite de na córais is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad, nó is táirgí iad féin, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca más rud é, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, go bhfuil ardriosca díobhála ag baint leo do shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha daoine, agus déine na díobhála féideartha agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil á gcur san áireamh agus más rud é go n-úsáidtear iad i roinnt limistéir réamhshainithe shonracha a shonraítear sa Rialachán seo. Tá sainaithint na gcóras sin bunaithe ar an modheolaíocht chéanna agus ar na critéir chéanna atá beartaithe freisin maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca ar cheart an Coimisiún a chumhachtú chun iad a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun mearluas na forbartha teicneolaíche a chur san áireamh, chomh maith leis na hathruithe ionchasacha ar úsáid na gcóras intleachta saorga.

    (53)

    Tá sé tábhachtach a shoiléiriú freisin go bhféadfadh cásanna sonracha a bheith ann nach mbeidh na córais intleachta saorga dá dtagraítear i réimsí réamhshainithe a shonraítear sa Rialachán seo ina gcúis le riosca suntasach díobhála do na leasanna dlíthiúla a chosnaítear faoi na limistéir sin toisc nach n-imríonn siad tionchar ábhartha ar an gcinnteoireacht nó nach ndéanann siad dochar suntasach do na leasanna sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir le córas intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta, ba cheart a thuiscint gur córas intleachta saorga é nach bhfuil tionchar aige ar shubstaint na cinnteoireachta, agus ar an gcaoi sin ar thoradh na cinnteoireachta, bíodh sé sin ina chóras daonna nó uathoibrithe. D’fhéadfaí a áireamh ar chóras intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta cásanna ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas. Is é ba cheart a bheith ar an gcéad choinníoll sin go bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an córas intleachta saorga cúram cúng nós imeachta, amhail córas intleachta saorga lena gclaochlaítear sonraí neamhstruchtúrtha ina sonraí struchtúrtha, córas intleachta saorga lena n-aicmítear doiciméid inteachta ina gcatagóirí nó córas intleachta saorga a úsáidtear chun dúbláil as measc líon mór feidhmchlár a bhrath. Is cúraimí chomh cúng agus chomh teoranta sin iad nach mbaineann ach rioscaí teoranta leo nach méadaítear trí úsáid a bhaint as córas intleachta saorga i gcomhthéacs a liostaítear mar úsáid ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Is é ba cheart a bheith ar an dara coinníoll gurb é atá beartaithe leis an gcúram a dhéanann an córas intleachta saorga feabhas a chur ar an toradh a bhí ar ghníomhaíocht a rinne duine roimhe sin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha chun críocha na n-úsáidí ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. I bhfianaise na saintréithe sin, ní dhéanann an córas intleachta saorga ach sraith bhreise a chur le gníomhaíocht dhaonna agus riosca laghdaithe ag baint leis dá bhrí sin. Bheadh feidhm ag an gcoinníoll sin, mar shampla, maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha feabhas a chur ar an teanga a úsáideadh i ndoiciméid a dréachtaíodh roimhe seo, mar shampla maidir le ton gairmiúil, stíl acadúil teanga nó trí théacs a ailíniú le teachtaireachtaí áirithe branda. Is é ba cheart a bheith ar an tríú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta roimhe seo a bhrath. Laghdófaí an riosca toisc go leanann úsáid an chórais intleachta saorga measúnú daonna a cuireadh i gcrích roimhe seo agus nach bhfuil sé i gceist é a ionadú ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna. Áirítear ar na córais intleachta saorga sin, mar shampla, na córais sin is féidir a úsáid, i bhfianaise patrún áirithe grádaithe múinteora, lena sheiceáil ex post cibé acu a d’imigh an múinteoir ón bpatrún grádaithe d’fhonn neamhréireachtaí nó aimhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl. Is é ba cheart a bheith ar an gceathrú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga cúram a dhéanamh nach bhfuil ann ach cúram ullmhúcháin do mheasúnú atá ábhartha chun críocha na gcóras intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, rud a fhágann go bhféadfadh tionchar an-íseal a bheith ag aschur an chórais ó thaobh riosca a bheith ag gabháil leis an measúnú a leanúint. Cumhdaítear leis an gcoinníoll sin, inter alia, réitigh chliste chun comhaid a láimhseáil, lena n-áirítear feidhmeanna éagsúla ó innéacsú, cuardach, téacs agus próiseáil urlabhra nó sonraí a nascadh le foinsí sonraí eile, nó córais intleachta saorga a úsáidtear chun doiciméid tosaigh a aistriú. In aon chás, córais intleachta saorga a úsáidtear i gcásanna úsáide ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart a mheas go bhfuil rioscaí suntasacha díobhála ag baint leis na córais intleachta saorga ardriosca sin do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha má tá próifíliú intuigthe leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 4, pointe (4) de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 3, pointe (4) de Threoir (AE) 2016/680 nó Airteagal 3, pointe (5) de Rialachán (AE) 2018/1725. Chun inrianaitheacht agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraí a mheasann nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga ar bhonn na gcoinníollacha dá dtagraítear thuas doiciméadacht an mheasúnaithe a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ba cheart dó an doiciméadacht sin a sholáthar d’údaráis inniúla náisiúnta arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart oibleagáid a bheith ar an soláthraí sin an córas intleachta saorga a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais arna bhunú faoin Rialachán seo. D’fhonn tuilleadh treorach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gcoinníollacha faoinar córais neamh-ardriosca, ar bhonn eisceachtúil, iad na córais intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a sholáthar lena sonraítear go bhfuil an cur chun feidhme praiticiúil sin curtha i gcrích le liosta cuimsitheach de shamplaí praiticiúla de chásanna úsáide córas intleachta saorga atá ardriosca agus úsáide nach bhfuil.

    (54)

    Ós rud é gur catagóir speisialta sonraí pearsanta iad sonraí bithmhéadracha, is iomchuí roinnt cásanna úsáide criticiúla de chórais bhithmhéadracha a aicmiú mar chásanna lena mbaineann ardriosca, a mhéid a cheadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí ábhartha náisiúnta. Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. An riosca go mbeadh torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaitheacha ann, tá sí ábhartha go háirithe maidir le haois, eitneacht, cine, gnéas nó míchumais. Dá bhrí sin, ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a aicmiú mar chórais ardriosca i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo. Ní áirítear le haicmiú den sórt sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn an duine sin a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Ina theannta sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach de réir airíonna íogaire nó saintréithe íogaire dá dtugtar cosaint faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar bhonn sonraí bithmhéadracha, sa mhéid nach dtoirmisctear iadsan sin faoin Rialachán seo, agus córais aitheanta mothúcháin nach dtoirmisctear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Córais bhithmhéadracha atá beartaithe lena n-úsáid chun críche bearta cibearshlándála agus cosanta sonraí pearsanta a chumasú, agus chun na críche sin amháin, níor cheart a mheas gur córais intleachta saorga ardriosca iad.

    (55)

    A mhéid a bhaineann le bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar na córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú bonneagair dhigitigh chriticiúil mar a liostaítear i bpointe (8) d’Iarscríbhinn I de Threoir (AE) 2022/2557, trácht bóthair agus soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais, ós rud é go bhféadfadh a dteip nó a mífheidhmiú beatha agus sláinte daoine a chur i mbaol agus go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann i ngnáthchúrsa na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha de bharr na gcóras sin. Is éard atá i gcomhpháirteanna sábháilteachta bonneagair chriticiúil, lena n-áirítear bonneagar digiteach criticiúil, córais a úsáidtear chun sláine fhisiceach an bhonneagair chriticiúil nó sláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine a chosaint go díreach ach nach bhfuil riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an córas. D’fhéadfadh rioscaí do shláine fhisiciúil an bhonneagair chriticiúil a bheith mar thoradh ar chliseadh nó mífheidhmiú na gcomhpháirteanna sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh rioscaí do shláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine a bheith mar thoradh air sin. Níor cheart comhpháirteanna atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch cibearshlándála amháin a cháiliú mar chomhpháirteanna sábháilteachta. D’fhéadfaí a áireamh ar shamplaí de chomhpháirteanna sábháilteachta an bhonneagair chriticiúil sin córais chun faireachán a dhéanamh ar bhrú uisce nó ar chórais rialaithe aláraim dóiteáin in ionaid néalríomhaireachta.

    (56)

    Tá sé tábhachtach córais intleachta saorga a úsáid san oideachas chun oideachas agus oiliúint dhigiteach ardcháilíochta a chur chun cinn agus chun go mbeidh gach foghlaimeoir agus múinteoir in ann na scileanna agus na hinniúlachtaí digiteacha is gá a fháil agus a chomhroinnt, lena n-áirítear litearthacht sna meáin, agus smaointeoireacht chriticiúil, chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa gheilleagar, sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha. Maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint, áfach, go háirithe chun rochtain nó ligean isteach a chinneadh, chun daoine a shannadh d’institiúidí oideachais agus gairmoiliúna nó cláir ag gach leibhéal, chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama daoine, chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal iomchuí oideachais do dhuine aonair agus tionchar ábhartha a imirt ar an leibhéal oideachais agus oiliúna a gheobhaidh daoine aonair nó ar a mbeidh siad in ann rochtain a fháil nó chun faireachán a dhéanamh ar iompar toirmiscthe mac léinn le linn tástálacha agus é a bhrath, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go bhféadfaidh siad cúrsa oideachais agus gairmiúil saoil duine a chinneadh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí difear a dhéanamh dá gcumas a slí bheatha a áirithiú. Má cheaptar nó má úsáidtear iad go míchuí, d’fhéadfadh an-chur isteach a bheith i gceist leis na córais sin agus d’fhéadfadh siad an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéanfaí idirdhealú ina n-aghaidh a shárú agus patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe.

    (57)

    Ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach chun daoine a earcú agus a roghnú, chun cinntí a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar choinníollacha caidrimh a bhaineann leis an obair, ar ardú céime agus ar fhoirceannadh caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, chun cúraimí a shannadh bunaithe ar iompar aonair, tréithe nó saintréithe pearsanta agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfaidís mórthionchar a imirt ar ionchais ghairme, ar shlite beatha na ndaoine sin agus ar chearta na n-oibrithe amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu ar bhealach fóinteach. Le linn an phróisis earcaíochta agus i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, d’fhéadfadh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe. Córais intleachta saorga a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht na ndaoine sin, d’fhéadfadh siad an bonn a bhaint óna gcearta bunúsacha chun cosaint sonraí agus príobháideachais.

    (58)

    Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe bhunriachtanacha phríobháideacha agus phoiblí agus tairbhiú díobh chun go mbeidh daoine in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go háirithe, daoine nádúrtha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar shochair chúnaimh phoiblí nó ar sheirbhísí cúnaimh phoiblí nó a fhaigheann na sochair nó na seirbhísí sin ó údaráis phoiblí, eadhon seirbhísí cúraim sláinte, sochair slándála sóisialta, seirbhísí sóisialta a sholáthraíonn cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcás ina gcailltear fostaíocht agus cúnamh sóisialta agus tithíochta, is iondúil a bhíonn na daoine sin ag brath ar na sochair agus seirbhísí sin agus is iondúil a bhíonn siad i riocht leochaileach i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh ar cheart do na húdaráis na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, lena n-áirítear cé acu atá tairbhithe i dteideal na dtairbhí nó na seirbhísí sin go dlisteanach nó nach bhfuil, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach ag na córais sin ar shlí bheatha na ndaoine agus go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun dínite daonna nó an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálach sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos forleithne a bhaint as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ina theannta sin, córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, ba cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na gcríoch sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí idirdhealú idir daoine nó grúpaí, agus go mbuanófaí patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, amhail patrúin bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, inscne, míchumais, aois nó gnéaschlaonadh, nó go gcruthófaí cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar sin féin, córais intleachta saorga dá bhforáiltear le dlí an Aontais chun calaois a bhrath i soláthar seirbhísí airgeadais agus chun críocha stuamachta chun ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais a ríomh, níor cheart na córais sin a mheas mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo. Thairis sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le hárachas sláinte agus saoil do dhaoine nádúrtha, is féidir leo tionchar suntasach a imirt ar shlí bheatha daoine agus mura ndéantar iad a cheapadh, a fhorbairt agus a úsáid go cuí, is féidir leo a gcearta bunúsacha a shárú agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha do shaol agus do shláinte daoine, lena n-áirítear eisiamh airgeadais agus idirdhealú, a bheith mar thoradh orthu. Ar deireadh, ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun glaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha a mheas agus a aicmiú nó chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt agus na seirbhísí sin á seoladh, lena n-áirítear seirbhísí arna soláthar ag póilíní, comhraiceoirí dóiteán agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca freisin, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna atá criticiúil do bheatha agus sláinte daoine agus a maoin.

    (59)

    I bhfianaise a róil agus a bhfreagrachta, gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le húsáidí áirithe córas intleachta saorga, is iad saintréithe na ngníomhaíochtaí sin éagothroime cumhachta shuntasach agus dá thoradh sin d’fhéadfadh sé go ndéanfaí faireachas ar dhuine nádúrtha, nó é a ghabháil nó saoirse a bhaint dó chomh maith le tionchair dhíobhálacha eile maidir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. Go sonrach, mura gcuirtear oiliúint ar an gcóras intleachta saorga le sonraí ardcháilíochta, mura gcomhlíonann an córas ceanglais leormhaithe i dtéarmaí feidhmíochta, cruinnis nó stóinseachta, nó mura ndéantar é a cheapadh agus a thástáil go hiomchuí sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile, d’fhéadfadh sé go ndíreofaí ar dhaoine i mbealach idirdhealaithe nó ar shlí eile atá mícheart nó éagórach. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú ceart nós imeachta bunúsach, amhail an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa chomh maith le cearta na cosanta agus an ceart chun toimhde na neamhchiontachta, i gcás nach bhfuil na córais intleachta saorga sin trédhearcach, inmhínithe agus doiciméadaithe go leor. A mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar roinnt córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, comhthéacs ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, iontaofacht agus trédhearcacht chun tionchair dhíobhálacha a sheachaint, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht agus cúiteamh éifeachtach a áirithiú. I bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí agus na rioscaí a bhaineann leo, ba cheart a áirithiú leis na córais intleachta saorga ardriosca sin, go háirithe, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ar a son, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais mar thaca le húdaráis forfheidhmithe dlí chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go bhféadfadh duine nádúrtha a bheith ina íospartach cionta coiriúla, le brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise in imscrúdú nó ionchúiseamh imeachtaí coiriúla, agus, a mhéid nach dtoirmeasctar faoin Rialachán seo, chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion nó go ndéanfaidh sé cion athuair ní ar bhonn an phróifílithe ar dhaoine nádúrtha ná na meastóireachta ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart amháin, chun próifíliú a dhéanamh le linn na cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Córais intleachta saorga atá beartaithe go sonrach lena n-úsáid le haghaidh imeachtaí riaracháin ag na húdaráis chánach nó chustaim chomh maith le haonaid faisnéise airgeadais atá i mbun cúraimí riaracháin lena ndéantar anailís ar fhaisnéis de bhun dhlí an Aontais chun an sciúradh airgid a chomhrac, níor cheart na córais sin a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Níor cheart úsáid uirlisí intleachta saorga ag údaráis fhorfheidhmithe dlí agus údaráis ábhartha eile a bheith ina gné den neamhionannas ná den eisiamh. Níor cheart neamhaird a dhéanamh den tionchar atá ag úsáid uirlisí intleachta saorga ar chearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras, go háirithe an deacracht le faisnéis fhiúntach a fháil maidir le feidhmiú na gcóras sin agus an deacracht, dá bharr sin, le torthaí na n-uirlisí a cheistiú sa chúirt, go háirithe ag daoine nádúrtha atá faoi imscrúdú.

    (60)

    Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, déantar difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha na ndaoine a ndearnadh difear dóibh a áirithiú, go háirithe a gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealaithe, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. A mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó ar a son nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil cúraimí orthu i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann le brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí áirithe a bhaineann le daoine nádúrtha a thagann isteach i gcríoch Ballstáit nó a dhéanann iarratas ar víosa nó ar thearmann, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú gaolmhar ar iontaofacht na fianaise, ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint i gcomhthéacs na himirce, an tearmainn nó an bhainistithe rialaithe teorann cé is moite de dhoiciméid taistil a fhíorú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit ná d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí an Aontais, i gcás ar bith, úsáid a bhaint as córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann chun teacht timpeall ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 arna leasú le Prótacal an 31 Eanáir 1967. Ná níor cheart iad a úsáid chun prionsabal an non-refoulement a shárú ar bhealach ar bith, ná chun bealaí dlíthiúla sábháilte agus éifeachtacha a dhiúltú i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun cosaint idirnáisiúnta a fháil.

    (61)

    Maidir le córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe lena n-úsáid chun an ceartas agus na próisis dhaonlathacha a riar, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, mar gheall ar an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a bheith acu ar an daonlathas, an smacht reachta, saoirsí aonair agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Go sonrach, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí claonta, earráidí agus doiléireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó ar a shon chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhreithiúnacha maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras. Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag comhlachtaí réiteach malartach díospóidí chun na críocha sin, ba cheart a mheas gur córais ardriosca iad freisin i gcás ina mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag torthaí na n-imeachtaí réiteach malartach díospóidí do na páirtithe. Is féidir le húsáid uirlisí intleachta saorga tacú le cumhacht cinnteoireachta na mbreithiúna nó le neamhspleáchas na mbreithiúna, ach níor cheart an úsáid sin a chur in ionad na cumhachta sin: ní mór don chinnteoireacht deiridh leanúint de bheith ina gníomhaíocht atá faoi stiúir daoine. Níor cheart aicmiú na gcóras intleachta saorga mar chórais ardriosca a leathnú, áfach, chun córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin atá coimhdeach amháin agus nach ndéanann difear do riaradh iarbhír an cheartais i gcásanna aonair, amhail anaithnidiú nó bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, cumarsáid idir pearsanra, cúraimí riaracháin.

    (62)

    Gan dochar do na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach seachtrach míchuí ar an gceart vótála a chumhdaítear in Airteagal 39 den Chairt, agus le héifeachtaí díobhálacha ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, ba cheart córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú vóta a chaitheamh i dtoghcháin nó reifrinn a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, cé is moite de chórais intleachta saorga nach bhfuil daoine nádúrtha neamhchosanta go díreach ar a n-aschur, amhail uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú agus a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.

    (63)

    Ós rud é go n-aicmítear córas intleachta saorga mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo, níor cheart a léirmhíniú leis sin go léirítear gur gá úsáid an chórais a bheith dleathach faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, amhail cosaint sonraí pearsanta, úsáid brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó córais eile chun staid mhothúchánach daoine nádúrtha a bhrath. Ba cheart leanúint den úsáid sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá mar thoradh ar an gCairt agus ar na gníomhartha is infheidhme de dhlí tánaisteach an Aontais agus den dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na ceanglais sin amháin. Níor cheart a thuiscint leis an Rialachán seo go bhforáiltear maidir leis an bhforas dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcás inarb ábhartha, mura bhforáiltear go sonrach dá mhalairt sa Rialachán seo.

    (64)

    Chun na rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse a mhaolú agus chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais shainordaitheacha áirithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca, agus an chríoch atá beartaithe agus comhthéacs úsáid an chórais intleachta saorga á gcur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí. Ba cheart a chur san áireamh, sna bearta arna nglacadh ag na soláthraithe chun ceanglais shainordaitheacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, staid reatha na teicneolaíochta a aithnítear go ginearálta maidir le hintleacht shaorga, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus éifeachtach chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua, mar a soiléiríodh san fhógra ón gCoimisiún ‘An “Treoir Ghorm” maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i ndáil le táirgí 2022’, is é an riail ghinearálta go bhféadfadh feidhm a bheith ag níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais maidir le táirge amháin, ós rud é nach féidir an cur ar fáil nó cur i mbun seirbhíse a dhéanamh ach amháin nuair a chomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme de chuid an Aontais. Baineann guaiseacha na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le ceanglais an Rialacháin seo le gnéithe atá éagsúil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana agus, dá bhrí sin, bheadh ceanglais an Rialacháin seo ina gcomhlánú ar chorpas reachtaíochta comhchuibhithe an Aontais atá ann cheana. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le hinnealra nó táirgí feistí leighis a chorpraíonn córas intleachta saorga ar rioscaí iad nach dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais, toisc nach ndéileáiltear sa dlí earnála sin le rioscaí a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga. Chuige sin, ní mór na gníomhartha reachtacha éagsúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach agus go comhlántach. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun ualach riaracháin neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe táirge ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo agus ag ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leo, ba cheart solúbthacht a bheith acu maidir le cinntí oibríochtúla maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge ina bhfuil córas intleachta saorga amháin nó níos mó na ceanglais uile is infheidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar bhealach optamach. Leis an tsolúbthacht sin, mar shampla, d’fhéadfadh cinneadh ón soláthraí cuid de na próisis tástála agus tuairiscithe, den fhaisnéis agus den doiciméadacht is gá a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhtháthú i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Níor cheart dó sin, ar bhealach ar bith, an bonn a bhaint ón oibleagáid atá ar an soláthraí na ceanglais uile is infheidhme a chomhlíonadh.

    (65)

    Is éard ar cheart a bheith sa chóras bainistithe riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart an próiseas sin a bheith dírithe ar rioscaí ábhartha na gcóras intleachta saorga maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha a shainaithint agus a mhaolú. Ba cheart an córas bainistithe riosca a athbhreithniú agus a nuashonrú go tráthrialta chun a éifeachtacht leanúnach a áirithiú, chomh maith le bonn cirt agus doiciméadú aon chinntí suntasacha agus aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi réir an Rialacháin seo. Leis an bpróiseas sin, ba cheart a áirithiú go sainaithníonn an soláthraí rioscaí nó drochthionchair agus go gcuirfidh sé bearta maolaithe chun feidhme maidir leis na rioscaí aitheanta agus measartha intuartha a bhaineann le córais intleachta saorga don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus mí-úsáid atá measartha intuartha, lena n-áirítear na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as an idirghníomhaíocht idir an córas intleachta saorga agus an timpeallacht ina n-oibríonn sé. Ba cheart don chóras bainistithe riosca na bearta bainistithe riosca is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise staid na teicneolaíochta san intleacht shaorga. Agus na bearta bainistithe riosca is iomchuí á sainaithint aige, ba cheart don soláthraí na cinntí a rinneadh a dhoiciméadú agus a mhíniú agus, nuair is ábhartha, saineolaithe agus geallsealbhóirí seachtracha a thabhairt isteach. Agus mí-úsáid measartha intuartha na gcóras intleachta saorga ardriosca á sainaithint, ba cheart don soláthraí úsáidí córas intleachta saorga a chumhdach ar córais iad nach gcumhdaítear go díreach leis an gcríoch atá beartaithe agus dá bhforáiltear sa treoir maidir le húsáid, ach a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta mar sin féin go mbeidh siad mar thoradh ar iompraíocht an duine atá intuartha go héasca i gcomhthéacs saintréithe sonracha agus úsáid córais intleachta saorga ar leith. Aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha, ba cheart na himthosca sin a áireamh sna treoracha úsáide arna soláthar ag an soláthraí. Déantar an méid sin chun a áirithiú go bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil ar an eolas agus go gcuirfidh sé san áireamh iad agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid aige. Maidir le bearta maolaithe riosca a shainaithint agus a chur chun feidhme le haghaidh mí-úsáid intuartha faoin Rialachán seo, níor cheart oiliúint bhreise shonrach don chóras intleachta saorga ardriosca a bheith ag teastáil ón soláthraí chun aghaidh a thabhairt orthu. Moltar do na soláthraithe, áfach, machnamh a dhéanamh ar na bearta breise oiliúna sin chun mí-úsáidí intuartha réasúnta a mhaolú de réir mar is gá agus is iomchuí.

    (66)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le bainistiú rioscaí, cáilíocht agus ábharthacht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach. Ós rud é nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, ní srianta trádála nach bhfuil údar leo iad na ceanglais sin.

    (67)

    Tá ról ríthábhachtach ag sonraí ardcháilíochta agus rochtain ar shonraí ardcháilíochta maidir le struchtúr a sholáthar agus feidhmíocht roinnt mhaith córas intleachta saorga a áirithiú, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear teicnící a bhaineann le hoiliúint a chur ar shamhlacha, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas intleachta saorga ardriosca go sábháilte agus de réir mar atá beartaithe dó agus nach mbeidh sé ina fhoinse d’idirdhealú atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais. Chun tacair sonraí ardcháilíochta a fháil le haghaidh oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, teastaíonn cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bainistíochta a chur chun feidhme. Maidir leis na tacair sonraí le haghaidh oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, lena n-áirítear na lipéid, ba cheart dóibh a bheith ábhartha, sách ionadaíoch, agus a mhéid is mó is féidir, saor ó earráidí agus iomlán, i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras. Chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a éascú, amhail Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart a áireamh i gcleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta, i gcás sonraí pearsanta, trédhearcacht maidir le cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí. Ba cheart na hairíonna staidrimh iomchuí a bheith ag na tacair sonraí freisin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith, agus aird ar leith á tabhairt ar aon chlaontacht a d’fhéadfadh a bheith sna tacair sonraí a mhaolú, ar claontacht í ar dócha go ndéanfadh sí difear do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go mbeadh tionchar diúltach aici ar chearta bunúsacha nó go mbeadh idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais mar thoradh uirthi go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí amach anseo (lúba aiseolais). Mar shampla, d’fhéadfadh claontachtaí a bheith ina ndlúthchuid de bhuntacair sonraí, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sonraí stairiúla, nó a ghiniúint nuair a chuirtear na córais chun feidhme i bhfíordhálaí. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na claontachtaí bunúsacha sin, a bhfuil sé mar nós leo méadú de réir a chéile, ar thorthaí a sholáthraíonn córais intleachta saorga agus, ar an gcaoi sin, déantar idirdhealú atá ann cheana a bhuanú agus a mhéadú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí leochaileacha áirithe iad, lena n-áirítear grúpaí ciníocha nó eitneacha. An ceanglas go mbeadh na tacair sonraí iomlán agus saor ó earráidí, a mhéid is mó is féidir, níor cheart dó difear a dhéanamh d’úsáid teicnící caomhnaithe príobháideachais i gcomhthéacs fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh sna tacair sonraí, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, na saintréithe, tréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid. Is féidir na ceanglais a bhaineann le rialachas sonraí a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh tríú páirtithe a thairgeann seirbhísí comhlíontachta deimhnithe lena n-áirítear fíorú ar rialachas sonraí, sláine tacair sonraí, agus cleachtais oiliúna, bailíochtaithe agus tástála sonraí, a mhéid a áirithítear comhlíonadh cheanglais sonraí an Rialacháin seo.

    (68)

    Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga ardriosca agus measúnú a dhéanamh orthu, ba cheart do ghníomhaithe áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis ábhartha eile, amhail Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, rochtain a bheith acu ar thacair sonraí ardcháilíochta agus a bheith in ann iad a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaitheach a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás cúrsaí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí sláinte agus oiliúint na n-algartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.

    (69)

    Ní mór an ceart chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga. I ndáil leis an méid sin, tá prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí iad, infheidhme nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil. Féadfar a áireamh ar na bearta arna nglacadh ag soláthraithe chun comhlíonadh na bprionsabal sin a áirithiú, ní hamháin anaithnidiú agus criptiú, ach úsáid teicneolaíochta freisin lena gceadaítear algartaim a thabhairt chuig na sonraí agus lenar féidir oiliúint a chur ar chórais intleachta saorga gan tarchur idir páirtithe ná cóipeáil na sonraí loma nó struchtúrtha iad féin, gan dochar do na ceanglais maidir le rialachas sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    (70)

    Chun ceart daoine eile a chosaint ar an idirdhealú a d’fhéadfadh eascairt as an gclaontacht i gcórais intleachta saorga, ba cheart do na soláthraithe, go heisceachtúil, a mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus tar éis chur i bhfeidhm na gcoinníollacha uile is infheidhme a leagtar síos faoin Rialachán seo i dteannta na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil freisin, mar ábhar leasa phoiblí shubstaintiúil de réir bhrí Airteagal 9(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (71)

    Tá sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis intuigthe ann maidir leis an gcaoi ar forbraíodh córais intleachta saorga ardriosca agus maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn siad ar feadh a saolré chun inrianaitheacht na gcóras sin a éascú, chun comhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo a fhíorú, agus chun faireachán a dhéanamh ar a n-oibríochtaí agus ar fhaireachán iarmhargaidh. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha agus chun faireachán iarmhargaidh a éascú. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna n-úsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca agus ba cheart an fhaisnéis a leagan amach go soiléir agus go cuimsitheach. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a choinneáil cothrom le dáta go hiomchuí feadh shaolré an chórais intleachta saorga. Ina theannta sin, ba cheart, ó thaobh na teicneolaíochta de, go gceadódh le córais intleachta saorga ardriosca taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais, trí bhíthin logaí, feadh shaolré an chórais.

    (72)

    Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le doiléireacht agus castacht córas intleachta saorga áirithe agus chun cuidiú le húsáideoirí gairmiúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a bheith trédhearcach sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a cheapadh ar bhealach a chuirfidh ar chumas úsáideoirí gairmiúla tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an córas intleachta saorga, meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmiúlacht, agus a láidreachtaí agus a theorainneacha a thuiscint. Ba cheart faisnéis iomchuí i bhfoirm treoracha úsáide a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart saintréithe, cumais agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. Chumhdófaí leo faisnéis maidir le himthosca aitheanta agus intuartha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear gníomhaíocht de chuid an úsáideora ghairmiúil a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht agus feidhmíocht an chórais, faoina bhféadfadh rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a bheith mar thoradh ar an gcóras intleachta saorga, maidir leis na hathruithe a réamhchinntíodh agus a ndearnadh measúnú orthu le haghaidh comhréireachta ag an soláthraí agus maidir leis na bearta ábhartha formhaoirseachta daonna, lena n-áirítear na bearta chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur an chórais intleachta saorga a éascú. Ba cheart go gcuideoidh trédhearcacht, lena n-áirítear na treoracha úsáide a ghabhann leis, le húsáideoirí gairmiúla an córas a úsáid agus cinnteoireacht eolasach a dhéanamh. Ba cheart gur fearr a bheidh na húsáideoirí gairmiúla, inter alia, in ann an córas a n-úsáidfidh siad é a roghnú i bhfianaise na n-oibleagáidí is infheidhme maidir leo, ba cheart oideachas a bheith faighte acu faoi na húsáidí atá beartaithe agus coiscthe, ba cheart dóibh a bheith in ann an córas intleachta saorga a úsáid i gceart agus de réir mar is iomchuí. Chun inléiteacht agus inrochtaineacht na faisnéise a áirítear sna treoracha úsáide a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí, ba cheart samplaí léiritheacha a chur san áireamh, mar shampla maidir le teorainneacha agus úsáidí beartaithe agus coiscthe an chórais intleachta saorga. Ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go mbeidh sa doiciméadacht uile, lena n-áirítear na treoracha úsáide, faisnéis fhóinteach, chuimsitheach, inrochtana agus intuigthe, agus riachtanais agus eolas intuartha na sprioc-úsáideoirí gairmiúla á gcur san áireamh. Ba cheart treoracha úsáide a chur ar fáil i dteanga is féidir leis na sprioc-úsáideoirí gairmiúla a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

    (73)

    Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a cheapadh agus a fhorbairt sa chaoi gur féidir le daoine nádúrtha formhaoirseacht a dhéanamh ar a bhfeidhmiú, a áirithiú go n-úsáidfear iad mar a bhí beartaithe agus go dtabharfar aghaidh ar a dtionchar thar shaolré an chórais. Chuige sin, ba cheart do sholáthraí an chórais bearta iomchuí maidir le formhaoirseacht dhaonna a shainaithint sula gcuirfear an córas ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Go sonrach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go bhfuil an córas faoi réir srianta oibríochtúla ionsuite nach féidir leis an gcóras é féin a shárú agus atá freagrúil don oibreoir daonna, agus go bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá ag na daoine nádúrtha ar sannadh an fhormhaoirseacht dhaonna orthu chun an ról sin a dhéanamh. Tá sé ríthábhachtach freisin, de réir mar is iomchuí, a áirithiú go n-áireofar i gcórais intleachta saorga ardriosca sásraí chun duine nádúrtha ar sannadh formhaoirseacht dhaonna dó a threorú agus a chur ar an eolas chun cinntí eolasacha a dhéanamh ar cheart, cathain agus conas idirghabháil a dhéanamh chun iarmhairtí diúltacha nó rioscaí a sheachaint, nó chun stop a chur leis an gcóras mura bhfeidhmíonn sé mar a bhí beartaithe. I bhfianaise na n-iarmhairtí suntasacha do dhaoine i gcás meaitseáil mhícheart ó chórais sainaitheanta bithmhéadraí áirithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ceanglas feabhsaithe formhaoirseachta daonna do na córais sin ionas nach bhféadfaidh an t-úsáideoir gairmiúil aon ghníomh ná cinneadh a dhéanamh ar bhonn an tsainaitheantais a d’eascair as an gcóras murar rud é go ndearna beirt daoine nádúrtha ar a laghad é sin a fhíorú agus a dhearbhú ar leithligh. D’fhéadfadh na daoine sin a bheith ó eintiteas amháin nó níos mó agus ba cheart dóibh an duine a oibríonn nó a úsáideann an córas a áireamh. Níor cheart ualach ná moilleanna nach bhfuil gá leo a chruthú leis an gceanglas sin agus d’fhéadfadh sé a bheith leordhóthanach go ndéanfaí na fíoruithe ar leithligh a dhéanann na daoine éagsúla a thaifeadadh go huathoibríoch sna logaí arna nginiúint ag an gcóras. I bhfianaise shainiúlachtaí réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an rialaithe teorann agus an tearmainn, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i gcás ina measann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta go bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais sin díréireach.

    (74)

    Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne. Moltar don Choimisiún agus d’eagraíochtaí agus geallsealbhóirí ábhartha aird chuí a thabhairt ar mhaolú rioscaí agus ar thionchair dhiúltacha an chórais intleachta saorga. Ba cheart an leibhéal méadrachtaí feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leis a dhearbhú sna treoracha úsáide a ghabhann leis. Iarrtar ar sholáthraithe an fhaisnéis sin a chur in iúl d’úsáideoirí gairmiúla ar bhealach soiléir sothuigthe a bheidh saor ó mhíthuiscintí nó ó ráitis mhíthreoracha. Is é is aidhm do dhlí an Aontais maidir leis an méadreolaíocht dhlíthiúil, lena n-áirítear Treoracha 2014/31/AE (35) agus 2014/32/AE (36) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruinneas na dtomhas a áirithiú agus cuidiú le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, ba cheart don Choimisiún a mholadh go bhforbrófaí, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais le haghaidh córais intleachta saorga. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ag obair ar an méadreolaíocht agus ar tháscairí tomhais ábhartha a bhaineann leis an intleacht shaorga a thabhairt dá aire agus comhoibriú leo.

    (75)

    Is ceanglas bunriachtanach é stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach i ndáil le hiompraíocht dhíobhálach nó neamh-inmhianaithe ar shlí eile a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shrianta laistigh de na córais nó den timpeallacht ina n-oibríonn na córais (e.g. earráidí, lochtanna, neamhréireachtaí, cásanna nach raibh coinne leo). Dá bhrí sin, ba cheart bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla a dhéanamh chun stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, mar shampla trí réitigh theicniúla iomchuí a dhearadh agus a fhorbairt chun iompraíocht atá díobhálach nó atá neamh-inmhianaithe ar bhealach eile a chosc nó a íoslaghdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na réitigh theicniúla sin, mar shampla, sásraí a chuireann ar chumas an chórais briseadh isteach go sábháilte ar a oibríocht (pleananna ‘slán i gcás teipe’) más ann d’aimhrialtachtaí áirithe nó nuair a sháraíonn an oibríocht teorainneacha réamhchinntithe áirithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga.

    (76)

    Tá ról ríthábhachtach ag an gcibearshlándáil chun a áirithiú go bhfuil na córais intleachta saorga athléimneach in aghaidh iarrachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe mailíseacha úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht na gcóras a athrú nó cur isteach ar a n-airíonna slándála agus leochaileachtaí an chórais á saothrú acu. Féadfaidh cibirionsaithe in aghaidh córais intleachta saorga sócmhainní sonracha intleachta saorga a ghiaráil, amhail tacair sonraí oiliúna (e.g. nimhiú sonraí) nó samhlacha oilte (e.g. ionsaithe sáraíochta nó infeireas ballraíochta), nó leochaileachtaí a shaothrú i sócmhainní digiteacha an chórais nó ina bhonneagar foluiteach TFC. Chun leibhéal cibearshlándála atá i gcomhréir leis na rioscaí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca bearta oiriúnacha a dhéanamh, amhail rialuithe slándála, agus an bonneagar foluiteach TFC á cur san áireamh freisin de réir mar is iomchuí.

    (77)

    Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le stóinseacht agus cruinneas a leagtar amach sa Rialachán seo, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcomhréir leis an rialachán sin, féadfaidh siad comhlíonadh cheanglais chibearshlándála an Rialacháin seo a léiriú trí chomhlíonadh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach sa rialachán sin. Nuair a chomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca ceanglais fhíor-riachtanacha rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a léirítear gur baineadh amach na ceanglais sin sa dearbhú AE arna eisiúint faoin rialachán sin. maidir le comhréireacht an chórais nó i gcodanna den dearbhú sin. Chuige sin, sa mheasúnú ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá aicmithe, de réir an Rialacháin seo, mar chóras intleachta saorga ardriosca, ar measúnú é a dhéantar faoi rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart rioscaí do chibear-athléimneacht córais intleachta saorga a mheas a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe neamhúdaraithe úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht an chórais a athrú, lena n-áirítear leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga amhail nimhiú sonraí nó ionsaithe sáraíochta, chomh maith le, de réir mar is ábhartha, rioscaí do chearta bunúsacha mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

    (78)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá aicmithe mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo. Níor cheart, áfach, laghdú ar an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá cáilithe freisin mar tháirgí tábhachtacha criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach maidir leo a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá siad faoi réir forálacha measúnaithe comhréireachta de rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéid a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha an rialacháin sin. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus an t-eolas agus an saineolas atá ag ENISA maidir leis an mbeartas cibearshlándála agus na cúraimí cibearshlándála a shanntar dó faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le ENISA maidir le saincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga.

    (79)

    Is iomchuí go nglacfadh duine sonrach nádúrtha nó dlítheanach, atá sainmhínithe mar an soláthraí, freagracht maidir le córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse, gan beann ar cé acu is é an soláthraí sin an duine nádúrtha nó dlítheanach an córas a dhearadh nó a fhorbairt nó nach ea.

    (80)

    Agus síniú curtha acu le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus a gcomhionannas a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide, agus chun a áirithiú go n-urramófar príobháideachas do dhaoine faoi mhíchumas. I bhfianaise thábhacht agus úsáid mhéadaitheach na gcóras intleachta saorga, le cur i bhfeidhm phrionsabail an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht agus seirbhís nua, ba cheart rochtain iomlán chothrom a áirithiú do gach duine a bhféadfadh teicneolaíochtaí intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh nó a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach ina gcuirtear a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht bhunúsach san áireamh go hiomlán. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh soláthraithe go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na ceanglais inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart do sholáthraithe comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta is gá a chomhtháthú a mhéid is féidir i ndearadh an chórais intleachta saorga ardriosca.

    (81)

    Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. Ba cheart an deis a bheith ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir oibleagáidí maidir le córais bainistíochta cáilíochta faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais, ba cheart an deis a bheith acu eilimintí den chóras bainistíochta cáilíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áireamh mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta atá ann cheana dá bhforáiltear sa dlí earnálach eile sin de chuid an Aontais. Ba cheart an chomhlántacht idir an Rialachán seo agus dlí earnálach an Aontais atá ann cheana a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe nó i dtreoraíocht a ghlacfaidh an Coimisiún amach anseo. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a chuireann córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta arna ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí lena mbaineann á gcur san áireamh.

    (82)

    Chun gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus chun cothrom na Féinne a chruthú le haghaidh oibreoirí, agus, ag cur san áireamh na bhfoirmeacha éagsúla chun táirgí digiteacha a chur ar fáil, tá sé tábhachtach a áirithiú, i ngach cás, gur féidir le duine atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis maidir le comhlíontacht an chórais intleachta saorga. Dá bhrí sin, sula gcuirfidh siad a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, ba cheart soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas a ainmniú, trí shainordú i scríbhinn. Tá ról ríthábhachtach ag an ionadaí údaraithe maidir le comhlíontacht a áirithiú i gcás na gcóras intleachta saorga ardriosca a chuireann na soláthraithe sin nach bhfuil bunaithe san Aontas ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas agus maidir le fónamh mar dhuine teagmhála atá bunaithe san Aontas.

    (83)

    I bhfianaise chineál agus chastacht an tslabhra luacha le haghaidh córais intleachta saorga agus i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, tá sé ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Dá bhrí sin, is gá ról agus oibleagáidí sonracha na n-oibreoirí ábhartha feadh an tslabhra luacha sin a shoiléiriú, amhail allmhaireoirí agus dáileoirí a d’fhéadfadh rannchuidiú le forbairt na gcóras intleachta saorga. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh na hoibreoirí sin gníomhú i níos mó ná ról amháin ag an am céanna agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh na hoibleagáidí ábhartha uile a bhaineann leis na róil sin a chomhlíonadh go carnach. Mar shampla, d’fhéadfadh oibreoir gníomhú mar dháileoir agus mar allmhaireoir ag an am céanna.

    (84)

    Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú gur cheart, faoi choinníollacha sonracha áirithe, aon duine ar dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó tríú páirtí eile é a mheas mar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca agus, dá bhrí sin, ba cheart dó na hoibleagáidí ábhartha uile a ghlacadh chuige féin. B’amhlaidh an cás dá gcuirfeadh an páirtí sin a ainm nó a thrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháiltear na hoibleagáidí ar bhealach eile. Bheadh sé sin amhlaidh freisin dá ndéanfadh an páirtí sin modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh cheana féin nó a cuireadh i mbun seirbhíse cheana féin ar bhealach a fhágann go bhfuil sé fós ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó dá modhnódh sé an cuspóir atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nár aicmíodh mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin, ar bhealach ina ndéanfaí córas ardriosca den chóras sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin gan dochar d’fhorálacha níos sonraí arna mbunú i gcuid áirithe de reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú atá bunaithe ar an gCreat Nua Reachtach, ar in éineacht leo ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo. Mar shampla, bunaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/745 nár cheart a mheas, maidir le hathruithe áirithe, gur modhnuithe ar fheiste a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme na hathruithe sin, agus ba cheart feidhm a bheith ag an Airteagal sin fós maidir le córais intleachta saorga ardriosca ar feistí leighis iad de réir bhrí an Rialacháin sin.

    (85)

    Féadfar córais intleachta saorga ilchuspóireacha a úsáid mar chórais intleachta saorga ardriosca leo féin nó mar chomhpháirteanna de chórais intleachta saorga ardriosca eile. Dá bhrí sin, mar gheall ar a gcineál ar leith agus chun comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí feadh an tslabhra luacha intleachta saorga a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras sin, gan beann ar cé acu is mar chórais ardriosca nó is mar chomhpháirteanna de chórais intleachta saorga ardriosca a d’fhéadfadh soláthraithe eile iad a úsáid, agus mura bhforáiltear a mhalairt faoin Rialachán seo, ba cheart dóibh comhoibriú go dlúth le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca ábhartha chun gur féidir leo na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus leis na húdaráis inniúla arna mbunú faoin Rialachán seo.

    (86)

    I gcás, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, nár cheart an soláthraí a chéadchuir an córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a mheas a thuilleadh mar an soláthraí chun críocha an Rialacháin seo, agus i gcás nach bhfuil eisiata go sainráite ag an soláthraí sin go n-iompófaí an córas intleachta saorga ina chóras intleachta saorga ardriosca, mar sin féin, ba cheart don soláthraí mar a bhí comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile a sholáthar a bhfuiltear ag súil léi go réasúnta agus is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar chórais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh.

    (87)

    Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca ina chomhpháirt sábháilteachta de tháirge a chumhdaítear faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus nach gcuirtear an córas sin ar an margadh ná i mbun seirbhíse go neamhspleách ar an táirge, ba cheart do mhonaróir an táirge, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht sin, oibleagáidí an tsoláthraí a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus ba cheart dó a áirithiú, go háirithe, go gcomhlíonann an córas intleachta saorga, atá leabaithe sa táirge deiridh, ceanglais an Rialacháin seo.

    (88)

    Feadh an luachshlabhra intleachta saorga, is minic eintitis iomadúla ann a sholáthraíonn córais, uirlisí agus seirbhísí intleachta saorga ach freisin comhpháirteanna nó próisis a chorpraíonn an soláthraí sa chóras intleachta saorga agus cuspóirí éagsúla aige, lena n-áirítear oiliúint samhla, athoiliúint samhla, tástáil agus meastóireacht samhla, comhtháthú le bogearraí, nó gnéithe eile d’fhorbairt samhla. Tá ról tábhachtach ag na páirtithe sin sa slabhra luacha i leith sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca ina ndéantar a gcórais, a n-uirlisí, a seirbhísí, a gcomhpháirteanna nó a bpróisis intleachta saorga a chomhtháthú, agus ba cheart dóibh, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile is gá a sholáthar don soláthraí sin bunaithe ar an úrscothacht a aithnítear i gcoitinne, chun a chur ar chumas an tsoláthraí sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán, gan baint dá gcearta maoine intleachtúla ná dá rúin trádála féin.

    (89)

    Maidir le tríú páirtithe a chuireann rochtain ar fáil don phobal d’uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna intleachta saorga cé is moite de shamhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, níor cheart sainordú a bheith orthu ceanglais a chomhlíonadh lena ndírítear ar na freagrachtaí feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, go háirithe na cinn a dhírítear ar an soláthraí a d’úsáid nó a chomhtháthaigh na huirlisí, na seirbhísí, na próisis nó na comhpháirteanna intleachta saorga sin, i gcás ina gcuirfear ar fáil faoi cheadúnas saor agus oscailte iad. Mar sin féin, ba cheart forbróirí uirlisí, seirbhísí, próiseas nó comhpháirteanna intleachta saorga atá saor agus ar nithe foinse oscailte iad ach nach samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha iad, ba cheart na forbróirí sin a spreagadh chun cleachtais doiciméadachta a bhfuil glacadh forleathan leo a chur chun feidhme, amhail cártaí samhla agus bileoga sonraí, mar bhealach chun dlús a chur le comhroinnt faisnéise feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, rud a cheadódh cur chun cinn na gcóras intleachta saorga iontaofa san Aontas.

    (90)

    D’fhéadfadh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca, chun an comhar feadh an tslabhra luacha a éascú. Nuair a bheidh na téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Choimisiún ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha.

    (91)

    I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh úsáideoirí gairmiúla. Ba cheart, go háirithe, d’úsáideoirí gairmiúla bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla a áirithiú go bhfuil an inniúlacht is gá ag na daoine a fhágtar orthu na treoracha úsáide agus formhaoirseachta daonna a chur chun feidhme mar a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe leibhéal leordhóthanach litearthachta, oiliúna agus údaráis intleachta saorga chun na cúraimí sin a chomhlíonadh i gceart. Ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí eile ar úsáideoirí gairmiúla i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

    (92)

    Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí ar fhostóirí a n-oibrithe a chur ar an eolas maidir le cinntí chun córais intleachta saorga a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, nó dul i gcomhairle leo nó lena n-ionadaithe faoi sin, ar oibleagáidí iad siúd atá orthu faoi dhlí agus cleachtas an Aontais nó faoi dhlí agus cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Tá sé riachtanach fós a áirithiú go gcuirfear oibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas maidir le cur in úsáid beartaithe córas intleachta saorga ardriosca san ionad oibre i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na hoibleagáidí faisnéise nó na hoibleagáidí faisnéise agus comhairliúcháin sin in ionstraimí dlí eile. Thairis sin, tá an ceart faisnéise sin coimhdeach agus riachtanach maidir leis an gcuspóir atá mar bhonn leis an Rialachán seo, is é sin cearta bunúsacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas faisnéise chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon chearta atá ag oibrithe cheana.

    (93)

    Cé gur féidir rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga a bheith ann mar thoradh ar an gcaoi a ndeartar córais den sórt sin, is féidir rioscaí a bheith ann freisin ón gcaoi a n-úsáidtear na córais intleachta saorga sin. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i dtaobh a áirithiú go gcosnaítear cearta bunúsacha, rud a chomhlánaíonn oibleagáidí an tsoláthraí agus an córas intleachta saorga á fhorbairt. Is fearr is féidir leis na húsáideoirí gairmiúla tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca go nithiúil agus, dá bhrí sin, is féidir leo rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann nár tuaradh sa chéim forbartha a shainaithint, mar gheall ar eolas níos beaichte ar chomhthéacs na húsáide, ar na daoine nó ar na grúpaí daoine ar dócha go ndéanfar difear dóibh, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha. Tá ról ríthábhachtach acu siúd a úsáideann córais intleachta saorga ardriosca go gairmiúil agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo freisin maidir le daoine nádúrtha a chur ar an eolas agus ba cheart dóibh, nuair a dhéanann siad cinntí nó nuair a chuidíonn siad le cinntí a dhéanamh a bhaineann le daoine nádúrtha, i gcás inarb infheidhme, na daoine nádúrtha a chur ar an eolas go bhfuil córas intleachta saorga ardriosca á úsáid ina leith. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin an chríoch atá beartaithe di agus an cineál cinntí a dhéanfaidh sí. Ba cheart don úsáideoir gairmiúil daoine nádúrtha a chur ar an eolas freisin maidir leis an gceart atá acu míniú a fháil faoin Rialachán seo. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart an oibleagáid sin a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680.

    (94)

    Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí bithmhéadracha a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ní mór di Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh, ar Airteagal é nach gceadaítear leis an phróiseáil sin ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, agus i gcás ina n-údaraítear í le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Maidir leis an úsáid sin, nuair a údaraítear í, ní mór di na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2016/680 a urramú freisin, lena n-áirítear dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, cruinneas agus teorannú stórála.

    (95)

    Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680, i bhfianaise chineál ionrach na gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha, ba cheart úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir coimircí. Ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha a úsáid i gcónaí ar bhealach atá comhréireach, dlisteanach agus fíor-riachtanach, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíriú, i dtéarmaí na ndaoine aonair atá le sainaithint, ar an suíomh, ar an raon feidhme ama agus a bheith bunaithe ar thacar sonraí iata d’fhís-sleachta a fuarthas go dleathach. I gcás ar bith, níor cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha a úsáid faoi chuimsiú fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach a n-eascródh faireachas neamh-idirdhealaitheach as. I gcás ar bith, níor cheart do na coinníollacha maidir le cian-sainaithint bhithmhéadrach iar-aimseartha bunús a sholáthar chun dul timpeall ar choinníollacha an toirmisc agus ar na heisceachtaí dochta maidir le hiar-shainaithint bhithmhéadrach fíor-ama.

    (96)

    Chun a áirithiú go héifeachtúil go gcosnófar cearta bunúsacha, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó eintitis phríobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca áirithe a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, amhail eintitis bhaincéireachta nó árachais, ba cheart dóibh measúnú tionchair ceart bunúsach a dhéanamh air sula mbainfear úsáid as. Féadfaidh sé gur eintitis phríobháideacha iad na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí atá tábhachtach do dhaoine aonair agus ar de chineál poiblí iad. Is cúraimí a bhaineann le leas an phobail amhail i réimsí an oideachais, an chúraim sláinte, na seirbhísí sóisialta, na tithíochta agus riar an cheartais na cúraimí a bhíonn ar eintitis phríobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí den sórt sin. Is é is aidhm don mheasúnú tionchair ceart bunúsach go sainaithneoidh an t-úsáideoir gairmiúil na rioscaí sonracha do chearta daoine aonair nó grúpaí daoine aonair ar dócha go ndéanfar difear dóibh agus bearta a shainaithint a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí sin chun cinn. Ba cheart an measúnú tionchair a dhéanamh sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca in úsáid, agus ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasann an t-úsáideoir gairmiúil go bhfuil athrú tagtha ar aon cheann de na tosca ábhartha. Ba cheart a shainaithint sa mheasúnú tionchair próisis ábhartha an úsáideora ghairmiúil ina n-úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó, agus ba cheart a áireamh ann tuairisc ar an tréimhse ama agus ar an minicíocht ina bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid mar aon le catagóirí sonracha de dhaoine nádúrtha agus de ghrúpaí ar dócha go ndéanfar difear dóibh i gcomhthéacs sonrach na húsáide. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú freisin sainaithint na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar chearta bunúsacha na ndaoine nó na ngrúpaí sin. Agus an measúnú sin á dhéanamh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil faisnéis atá ábhartha do mheasúnú tionchair cuí a chur san áireamh, lena n-áirítear an fhaisnéis a thugann soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca sna treoracha úsáide, ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin. I bhfianaise na rioscaí a sainaithníodh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil na bearta a chinneadh a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí sin chun cinn, lena n-áirítear, amhail socruithe rialachais sa chomhthéacs sonrach úsáide sin, mar shampla socruithe maidir le formhaoirseacht dhaonna de réir na dtreoracha úsáide nó, nósanna imeachta láimhseála gearán agus sásaimh, toisc go bhféadfaidís a bheith ríthábhachtach chun rioscaí do chearta bunúsacha i gcásanna úsáide nithiúla a mhaolú. Tar éis dó an measúnú tionchair sin a dhéanamh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil fógra a thabhairt don údarás faireachais margaidh ábhartha. I gcás inarb iomchuí, chun faisnéis ábhartha a bhailiú a theastaíonn chun an measúnú tionchair a dhéanamh, d’fhéadfadh úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga ardriosca, go háirithe nuair a úsáidtear córais intleachta saorga san earnáil phoiblí, ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe grúpaí daoine ar dócha go ndéanfaidh an córas intleachta saorga difear dóibh, saineolaithe neamhspleácha, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, is é sin ról maidir leis na measúnuithe tionchair sin a dhéanamh agus bearta a dhearadh a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí chun cinn. Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga teimpléad a fhorbairt le haghaidh ceistneora chun comhlíonadh a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar úsáideoirí gairmiúla a laghdú.

    (97)

    Ba cheart coincheap na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a shainiú go soiléir agus a scaradh ó choincheap na gcóras intleachta saorga chun gur féidir deimhneacht dhlíthiúil a bheith ann. Ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar na príomh-shaintréithe feidhmiúla a bhaineann le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, go háirithe an ghinearáltacht agus an cumas raon leathan cúraimí leithleacha a dhéanamh go hinniúil. Is iondúil go gcuirtear oiliúint ar na samhlacha sin le méideanna móra sonraí, trí mhodhanna éagsúla, amhail foghlaim fhéinmhaoirsithe, foghlaim neamh-mhaoirsithe nó foghlaim atreisiúcháin. Féadfar samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí leabharlanna, comhéadain feidhmchláir (APInna), mar íoslódáil dhíreach, nó mar chóip fhisiciúil. Féadfar na samhlacha sin a mhodhnú nó a mhionchoigeartú a thuilleadh chun samhlacha nua a dhéanamh díobh. Cé gur comhpháirteanna bunriachtanacha de chórais intleachta saorga iad samhlacha intleachta saorga, ní córais intleachta saorga iad iontu féin. Ní mór comhpháirteanna breise a chur le samhlacha intleachta saorga, amhail comhéadan úsáideora mar shampla, sula mbeidh siad ina gcórais intleachta saorga. De ghnáth, comhtháthaítear samhlacha intleachta saorga i gcórais intleachta saorga agus is comhpháirteanna de na córais sin iad. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha sonracha le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann rioscaí sistéamacha, ar cheart feidhm a bheith acu freisin nuair is samhlacha comhtháite i gcóras intleachta saorga iad nó nuair is comhpháirt de chóras intleachta saorga iad. Ba cheart a thuiscint gur cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a luaithe a chuirfear na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh. I gcás ina gcomhtháthaíonn soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí samhail dá chuid féin ina chóras intleachta saorga féin a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse, ba cheart a mheas go bhfuil an tsamhail sin curtha ar an margadh agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag na hoibleagáidí sa Rialachán seo ar shamhlacha, sa bhreis orthu sin le haghaidh córais intleachta saorga. I gcás ar bith, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a leagtar síos maidir le samhlacha nuair nach n-úsáidtear samhail dhílis ach amháin le haghaidh próisis inmheánacha nach bhfuil fíor-riachtanach chun táirge nó seirbhís a sholáthar do thríú páirtithe agus nach ndéanann difear do chearta daoine nádúrtha. I bhfianaise na n-éifeachtaí diúltacha suntasacha a d’fhéadfadh a bheith acu, ba cheart na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach a bheith faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo i gcónaí. Níor cheart samhlacha intleachta saorga a úsáidtear sula gcuirtear ar an margadh iad a chumhdach sa sainmhíniú más rud é nach n-úsáidtear ach chun críche gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus fréamhshamhaltaithe iad. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid an Rialachán seo a chomhlíonadh nuair a chuirtear samhail ar an margadh tar éis na ngníomhaíochtaí sin.

    (98)

    Cé go bhféadfaí roinnt pharaiméadar, inter alia, a úsáid, freisin, chun ginearáltacht samhla a chinneadh, ba cheart a mheas go bhfuil ginearáltacht shuntasach á léiriú agus raon leathan cúraimí sainiúla á ndéanamh go hinniúil ag samhlacha ag a bhfuil ar a laghad billiún paraiméadar agus oiliúint le méid mór sonraí ar a ndéantar féinmhaoirseacht ar mórscála.

    (99)

    Is sampla tipiciúil de shamhail intleachta saorga ilchuspóireach an tsamhail mhór giniúna intleachta saorga, ós rud é go gceadaítear léi ábhar a ghiniúint ar bhealach solúbtha, amhail i bhfoirm téacs, fuaime, íomhánna nó físeáin, ar féidir leo freastal go héasca ar raon leathan cúraimí leithleacha.

    (100)

    I gcás ina bhfuil samhail intleachta saorga ilchuspóireach comhtháite i gcóras intleachta saorga nó inar comhpháirt de chóras intleachta saorga í, ba cheart an córas sin a mheas mar chóras intleachta saorga ilchuspóireach más rud é, mar gheall ar an gcomhtháthú sin, go bhfuil sé de chumas ag an gcóras sin freastal ar chuspóirí éagsúla. Féadfar córas intleachta saorga ilchuspóireach a úsáid go díreach, nó is féidir é a bheith comhtháite i gcórais intleachta saorga eile.

    (101)

    Tá ról agus freagracht ar leith ag soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, cionn is go bhféadfadh na samhlacha a sholáthraíonn siad a bheith mar bhonn do raon córas iartheachtach ar minic is soláthraithe iartheachtacha a sholáthraíonn iad agus dar gá tuiscint mhaith ar na samhlacha agus ar a gcumais, chun comhtháthú na samhlacha sin ina dtáirgí a chumasú, agus chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialacháin eile a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart bearta trédhearcachta comhréireacha a leagan síos, lena n-áirítear doiciméadacht a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach maidir lena húsáid ag na soláthraithe iartheachtacha. Ba cheart do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí an doiciméadacht theicniúil a ullmhú agus a choinneáil cothrom le dáta chun í a chur ar fáil, arna iarraidh sin, ag an Oifig intleachta saorga agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart an tacar íosta eilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht sin a leagan amach in iarscríbhinní sonracha a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na hiarscríbhinní sin a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha a thiocfaidh chun cinn.

    (102)

    Maidir le bogearraí agus sonraí, lena n-áirítear samhlacha, a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lenar féidir iad a chomhroinnt go hoscailte agus i gcás inar féidir le húsáideoirí iad a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh gan bhac, is é sin na samhlacha sin nó leaganacha modhnaithe díobh, is féidir leis na bogearraí agus na sonraí sin rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht sa mhargadh agus deiseanna suntasacha fáis a chur ar fáil do gheilleagar an Aontais. Ba cheart breathnú ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnais shaora agus foinse oscailte chun ardleibhéil trédhearcachta agus oscailteachta a áirithiú má chuirtear ar fáil go poiblí a bparaiméadar, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla. Ba cheart a mheas gur ceadúnas saor agus foinse oscailte é freisin nuair a cheadaíonn sé d’úsáideoirí bogearraí agus sonraí a rith, a chóipeáil, a dháileadh, staidéar a dhéanamh orthu, iad a athrú agus iad a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha ar an gcoinníoll go dtugtar creidiúint do sholáthraí bunaidh na samhla agus go n-urramaítear na téarmaí dáilte comhionanna nó inchomparáide.

    (103)

    Tagraíonn comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte do na bogearraí agus do na sonraí, lena n-áirítear samhlacha agus samhlacha, uirlisí, seirbhísí nó próisis intleachta saorga ilchuspóireacha de chuid córais intleachta saorga. Is féidir comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte a sholáthar trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear iad a fhorbairt ar stórais oscailte. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir le comhpháirteanna intleachta saorga a sholáthraítear ar phraghas nó a gcuirtear luach airgid orthu ar bhealach eile, lena n-áirítear trí thacaíocht theicniúil nó seirbhísí eile a sholáthar, lena n-áirítear trí ardán bogearraí, a bhaineann leis an gcomhpháirt de chóras intleachta saorga, nó úsáid sonraí pearsanta ar chúiseanna seachas go heisiach chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú, cé is moite d’idirbhearta idir micrifhiontair, níor cheart dóibh tairbhe a bhaint as na heisceachtaí a sholáthraítear le comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte. Níor cheart a thuiscint as comhpháirteanna córais intleachta saorga a chur ar fáil trí stórais oscailte go bhfuil luach airgid á chur orthu.

    (104)

    Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, ba cheart iad a bheith faoi réir eisceachtaí a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le trédhearcacht arna bhforchur ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ach amháin más féidir a mheas go bhfuil riosca sistéamach ag baint leo, ar sa chás sin nár cheart a mheas gur cúis leordhóthanach í an tsamhail a bheith trédhearcach agus ceadúnas foinse oscailte a bheith ag gabháil léi chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a eisiamh. In aon chás, ós rud é nach gá go nochtann scaoileadh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte faisnéis shubstaintiúil maidir leis an tacar sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a oiliúint nó a mhionchoigeartú agus maidir leis an gcaoi a ndearnadh comhlíonadh dhlí an chóipchirt a áirithiú dá bhrí sin, níor cheart, maidir leis an eisceacht dá bhforáiltear le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le trédhearcacht, baint a bheith aici leis an oibleagáid achoimre a sholáthar ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúint samhla ná leis an oibleagáid beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shainaithint agus a chomhlíonadh (40).

    (105)

    Le samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, go háirithe mórshamhlacha giniúnacha intleachta saorga, atá in ann téacs, íomhánna agus ábhar eile a ghiniúint, cuirtear deiseanna nuálaíochta uathúla ach dúshláin lena chois sin roimh ealaíontóirí, údair agus cruthaitheoirí eile agus faoin gcaoi a ndéantar a n-ábhar cruthaitheach a chruthú, a dháileadh, a úsáid agus a thomhailt. Chun na samhlacha sin a fhorbairt agus a oiliúint, ní mór rochtain a fháil ar mhéideanna ollmhóra de théacsanna, d’íomhánna, d’fhíseáin agus de shonraí eile. Féadfar teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí a úsáid go forleathan sa chomhthéacs sin chun ábhar den sórt sin a aisghabháil agus a anailísiú, ábhar a d’fhéadfadh a bheith á chosaint le cóipcheart agus le cearta gaolmhara. Ní mór údarú a bheith faighte ó shealbhóir an chirt lena mbaineann chun aon úsáid a bhaint as ábhar atá faoi chosaint cóipchirt ach amháin má tá feidhm ag eisceachtaí agus teorainneacha cóipchirt ábhartha. Le Treoir (AE) 2019/790 tugtar isteach eisceachtaí agus teorainneacha lena gceadaítear saothair nó ábhar eile a atáirgeadh agus a asbhaint, chun críche mianadóireachta téacsanna agus sonraí, faoi choinníollacha áirithe. Faoi na rialacha sin, féadfaidh sealbhóirí cirt a roghnú a gcearta ar a saothair nó ar ábhar eile a fhorchoimeád chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chosc, ach amháin más chun críoch taighde eolaíoch an mhianadóireacht sin. I gcás inar forchoimeádadh na cearta chun rogha an diúltaithe a úsáid go sainráite ar bhealach iomchuí, ní mór do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt más mian leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh sna saothair sin.

    (106)

    Soláthraithe a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart dóibh comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha sa Rialachán seo a áirithiú. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart arna gcur in iúl ag sealbhóirí cirt de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh. Aon soláthraí a chuireann samhail intleachta saorga ilchuspóireach ar mhargadh an Aontais, ba cheart dó an oibleagáid sin a chomhlíonadh, gan beann ar an dlínse ina ndéantar na gníomhartha atá ábhartha ó thaobh cóipchirt de agus atá mar bhonn agus mar thaca le hoiliúint na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha sin. Tá sin riachtanach, chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, nár cheart d’aon soláthraí a bheith in ann buntáiste iomaíoch a fháil i margadh an Aontais trí chaighdeáin chóipchirt atá níos ísle ná na caighdeáin dá bhforáiltear san Aontas a chur i bhfeidhm.

    (107)

    Chun trédhearcacht a mhéadú maidir leis na sonraí a úsáidtear i réamhoiliúint agus oiliúint samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear téacs agus sonraí atá á gcosaint ag dlí an chóipchirt, is leor go ndéanfaidh na soláthraithe samhlacha sin achoimre atá mionsonraithe go leordhóthanach a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí ar an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach. Agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint, ba cheart an achoimre sin a bheith cuimsitheach go ginearálta ina raon feidhme seachas a bheith mionsonraithe go teicniúil chun éascú do pháirtithe a bhfuil leasanna dlisteanacha acu, lena n-áirítear na sealbhóirí cóipchirt, a gcearta a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú faoi dhlí an Aontais, mar shampla trí na príomhbhailiúcháin sonraí nó na príomhthacair sonraí a cuireadh faoi oiliúint a liostú, amhail bunachair sonraí mhóra phríobháideacha nó phoiblí nó cartlanna sonraí, agus trí mhíniú insinte a sholáthar faoi fhoinsí sonraí eile a úsáideadh. Is iomchuí don Oifig um Intleacht Shaorga teimpléad a sholáthar le haghaidh na hachoimre sin, ar cheart dó a bheith simplí, éifeachtach, agus a chur ar chumas an tsoláthraí an achoimre is gá a sholáthar i bhfoirm insinte.

    (108)

    Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha chun beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh agus achoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh na hoiliúna a chur ar fáil go poiblí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga faireachán a dhéanamh ar cibé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an soláthraí na hoibleagáidí sin gan measúnú ‘saothar ar shaothar’ ar na sonraí oiliúna ó thaobh comhlíonadh cóipchirt de a fhíorú nó leanúint ar aghaidh leis. Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fhorfheidhmiú rialacha cóipchirt dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais.

    (109)

    Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith i gcomhréir agus comhréireach leis an gcineál soláthraí samhla, gan an gá atá le comhlíonadh a chur san áireamh i gcás daoine a fhorbraíonn nó a úsáideann samhlacha chun críocha taighde neamhghairmiúil nó eolaíoch, ba cheart, mar sin féin, a spreagadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh go deonach. Gan dochar do dhlí cóipchirt an Aontais, ba cheart, agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh, aird chuí a thabhairt ar mhéid an tsoláthraí agus bealaí simplithe comhlíonta a cheadú do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar bealaí iad nár cheart a bheith ina gcostas iomarcach agus nár cheart dóibh úsáid na samhlacha sin a dhíspreagadh. I gcás modhnú nó mionchoigeartú ar shamhail, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a theorannú don mhodhnú nó don mhionchoigeartú sin, mar shampla tríd an doiciméadacht theicniúil atá ann cheana a chomhlánú le faisnéis maidir leis na modhnuithe, lena n-áirítear foinsí sonraí oiliúna nua, mar mhodh chun na hoibleagáidí maidir leis an slabhra luacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

    (110)

    D’fhéadfadh rioscaí sistéamacha a bheith ag baint le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena n-áirítear aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó measartha intuartha i ndáil le mórthionóiscí, cur isteach ar earnálacha criticiúla agus iarmhairtí tromchúiseacha ar an tsláinte phoiblí agus ar an tsábháilteacht phoiblí; aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó measartha intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an tslándáil phoiblí agus eacnamaíoch; ábhar neamhdhleathach, bréagach nó idirdhealaitheach a scaipeadh, ach gan a bheith teoranta dóibh. Maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart a thuiscint go méadófaí iad le cumais na samhla agus le raon na samhla, gur féidir leo teacht chun cinn feadh shaolré iomlán na samhla, agus go mbeidh tionchar ag coinníollacha mí-úsáide, iontaofacht na samhla, cothroime na samhla agus slándáil na samhla, leibhéal neamhspleáchais na samhla, a rochtain ar uirlisí, módúlachtaí nua nó comhcheangailte, straitéisí scaoilte agus dáilte, an fhéidearthacht ráillí cosanta a bhaint agus fachtóirí eile orthu. Go háirithe, sainaithníodh i gcuir chuige idirnáisiúnta gur gá aird a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as mí-úsáid d’aon ghnó a d’fhéadfadh a bheith ann nó saincheisteanna rialaithe neamhbheartaithe a bhaineann le hailíniú le hintinn an duine; rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, amhail na bealaí inar féidir bacainní ar iontráil a ísliú, lena n-áirítear chun airm a fhorbairt, a dhearadh, a fháil nó a úsáid; cibearchumais ionsaitheacha, amhail na bealaí inar féidir aimsiú, saothrú nó úsáid oibríochtúil leochaileachta a chumasú; éifeachtaí na hidirghníomhaíochta agus úsáid uirlisí, lena n-áirítear, mar shampla, an cumas córais fhisiceacha a rialú agus cur isteach ar bhonneagar criticiúil; rioscaí ó shamhlacha maidir le cóipeanna a dhéanamh díobh féin nó ‘féinmhacasamhlú’ a dhéanamh nó oiliúint a chur ar shamhlacha eile; na bealaí ina bhféadfadh claontacht dhíobhálach agus idirdhealú díobhálach a bheith mar thoradh ar shamhlacha agus rioscaí a bheith ag baint leo sin do dhaoine aonair, do phobail nó do shochaithe; bréagaisnéis a éascú nó dochar a dhéanamh don phríobháideachas agus bagairtí mar gheall orthu sin ar luachanna daonlathacha agus ar chearta an duine; riosca go bhféadfadh imoibriú slabhrúil a bheith mar thoradh ar theagmhas ar leith a mbeadh éifeachtaí diúltacha suntasacha aige a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chathair iomlán, do ghníomhaíocht fearainn iomlán nó do phobal iomlán.

    (111)

    Is iomchuí modheolaíocht a bhunú chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Ós rud é go n-eascraíonn rioscaí sistéamacha as cumais an-ard, ba cheart a mheas go bhfuil rioscaí sistéamacha ag baint le samhail intleachta saorga ilchuspóireach má tá cumais ardtionchair aici, a ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn uirlisí agus modheolaíochtaí teicniúla iomchuí, nó tionchar suntasach ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain. Ciallaíonn cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha. D’fhéadfaí raon iomlán na gcumas i samhail a thuiscint ar bhealach níos fearr tar éis í a chur ar an margadh nó nuair a idirghníomhaíonn úsáideoirí gairmiúla leis an tsamhail. De réir staid na teicneolaíochta tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá méid carnach an ríomha a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a thomhaistear in oibríochtaí snámhphointe ar cheann de na neastacháin ábhartha le haghaidh chumais na samhla. Áirítear le méid an ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúna an ríomh a úsáidtear ar fud na ngníomhaíochtaí agus na modhanna atá beartaithe chun feabhas a chur ar chumais na samhla sula n-úsáidtear í, amhail réamhoiliúint, giniúint sonraí sintéiseacha agus mionchoigeartú. Dá bhrí sin, ba cheart tairseach tosaigh oibríochtaí snámhphointe a leagan síos, rud a fhágann, má chomhlíontar í le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, go nglactar leis gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach í an tsamhail a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Ba cheart an tairseach sin a choigeartú le himeacht ama chun athruithe teicneolaíocha agus tionsclaíocha a léiriú, ar nós feabhsuithe algartamacha nó éifeachtúlacht crua-earraí mhéadaithe, agus ba cheart í a fhorlíonadh le tagarmharcanna agus táscairí i gcomhair chumas na samhla. Chun bonn eolais a chur leis an méid sin, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga dul i dteagmháil leis an bpobal eolaíochta, leis an tionscal, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe eile. Ba cheart tairseacha, chomh maith le huirlisí agus tagarmharcanna chun measúnú a dhéanamh ar chumais ardtionchair, a bheith ina réamhtháscairí láidre ar ghinearáltacht, ar chumais samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus ar an riosca sistéamach gaolmhar a bhaineann leo, agus d’fhéadfaidís an chaoi a gcuirfear an tsamhail ar an margadh nó líon na n-úsáideoirí a bhféadfadh sí difear a dhéanamh dóibh a chur san áireamh. Chun an córas sin a chomhlánú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinntí aonair a dhéanamh lena n-ainmneofar samhail intleachta saorga ilchuspóireach mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach má fhaightear go bhfuil cumais nó tionchar ag an tsamhail sin atá coibhéiseach leo siúd a ghabhtar leis an tairseach a leagtar síos. Ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh ar bhonn measúnú foriomlán ar na critéir chun samhail intleachta saorga ilchuspóireach a ainmniú lena mbaineann riosca sistéamach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, amhail cáilíocht nó méid an tacair sonraí oiliúna, líon na n-úsáideoirí gnó agus deiridh, a mhódúlachtaí ionchuir agus aschuir, a leibhéal neamhspleáchais agus inscálaitheachta, nó na huirlisí a bhfuil rochtain aige orthu. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó sholáthraí ar ainmníodh a shamhail mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil riosca sistéamach aici, ba cheart don Choimisiún an iarraidh a chur san áireamh agus féadfaidh sé a chinneadh athmheasúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas fós go bhfuil rioscaí sistéamacha ag baint leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach.

    (112)

    Is iomchuí nós imeachta a shoiléiriú freisin chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Maidir le samhail intleachta saorga ilchuspóireach lena gcomhlíontar an tairseach is infheidhme le haghaidh cumais ardtionchair, ba cheart a thoimhdiú gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach í lena mbaineann riosca sistéamach. Ba cheart don soláthraí fógra a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga coicís ar a dhéanaí tar éis na ceanglais a chomhlíonadh nó tar éis dó a bheith ar an eolas go gcomhlíonfaidh samhail intleachta saorga ilchuspóireach na ceanglais as a n-eascraíonn an toimhde. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le tairseach na n-oibríochtaí snámhphointe toisc go bhfuil pleanáil shuntasach i gceist le hoiliúint samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena n-áirítear leithdháileadh tosaigh acmhainní ríomhaireachta agus, dá bhrí sin, tá soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha in ann a fháil amach an gcomhlíonfadh a samhail an tairseach sula gcuirfí an oiliúint i gcrích. I gcomhthéacs an fhógra sin, ba cheart don soláthraí a bheith in ann a léiriú, mar gheall ar a saintréithe sonracha, nach mbaineann rioscaí sistéamacha go heisceachtúil le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, agus nár cheart, dá bhrí sin, í a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Tá an fhaisnéis sin luachmhar don Oifig um Intleacht Shaorga chun réamh-mheas a dhéanamh maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chur ar an margadh agus is féidir leis na soláthraithe tosú ag plé leis an Oifig um Intleacht Shaorga go luath. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfaisnéis sin maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil sé beartaithe iad a scaoileadh mar fhoinse oscailte, ós rud é, tar éis scaoileadh na samhla foinse oscailte, go bhféadfadh sé a bheith níos deacra bearta riachtanacha a chur chun feidhme chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú.

    (113)

    Má fhaigheann an Coimisiún amach go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na ceanglais chun aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach, nach raibh ar eolas roimhe sin nó nár thug an soláthraí ábhartha fógra ina leith don Choimisiún, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún í a ainmniú amhlaidh. Le córas foláireamh cáilithe, ba cheart a áirithiú go gcuirfidh an painéal eolaíoch an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas faoi shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar cheart iad a aicmiú, b’fhéidir, mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach, sa bhreis ar ghníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga.

    (114)

    Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu, sa bhreis ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bheith faoi réir oibleagáidí arb é is aidhm dóibh na rioscaí sin a shainaithint agus a mhaolú agus leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú, gan beann ar cibé acu a sholáthraítear mar shamhail neamhspleách í nó atá sí leabaithe i gcóras intleachta saorga nó i dtáirge. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart leis an Rialachán seo ceangal a chur ar sholáthraithe na meastóireachtaí samhla is gá a dhéanamh, go háirithe sula gcuirtear ar an margadh den chéad uair iad, lena n-áirítear tástáil sáraíochta samhlacha a dhéanamh agus a dhoiciméadú, de réir mar is iomchuí, trí thástáil inmheánach nó trí thástáil sheachtrach neamhspleách. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu rioscaí sistéamacha a mheasúnú agus a mhaolú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear, amhail trí bheartais bainistithe riosca a chur i bhfeidhm, ar nós próisis chuntasachta agus rialachais, faireachán iarmhargaidh a chur chun feidhme, bearta iomchuí a dhéanamh feadh shaolré iomlán na samhla agus comhoibriú le gníomhaithe ábhartha feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.

    (115)

    Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus iad a mhaolú. Más rud é, in ainneoin iarrachtaí chun rioscaí a bhaineann le samhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhféadfadh rioscaí sistéamacha a bheith aici a shainaithint agus a chosc, go bhfuil forbairt nó úsáid na samhla ina cúis le teagmhas tromchúiseach, ba cheart don soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha súil a choinneáil ar an teagmhas gan moill mhíchuí agus aon fhaisnéis ábhartha agus aon bhearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla náisiúnta. Thairis sin, ba cheart do na soláthraithe leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú don tsamhail agus dá bonneagar fisiciúil, más iomchuí, feadh shaolré iomlán na samhla. Le cosaint chibearshlándála a bhaineann le rioscaí sistéamacha a ghabhann le húsáid mhailíseach nó ionsaithe, ba cheart aird chuí a thabhairt ar sceitheadh samhla de thaisme, scaoileadh neamhúdaraithe, teacht timpeall ar bhearta sábháilteachta, agus cosaint ar chibirionsaithe, rochtain neamhúdaraithe nó goid samhla. D’fhéadfaí an chosaint sin a éascú trí ualaí samhlacha, algartaim, freastalaithe agus tacair sonraí a dhaingniú, amhail trí bhearta slándála oibríochtúla le haghaidh slándáil faisnéise, beartais shonracha chibearshlándála, réitigh theicniúla leordhóthanacha agus réitigh bhunaithe leordhóthanacha, agus cibir-rialuithe agus rialuithe rochtana fisiciúla, atá iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí lena mbaineann.

    (116)

    Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas, athbhreithniú agus oiriúnú cód cleachtais a spreagadh agus a éascú, agus cuir chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith rannpháirteach. Chun a áirithiú go léireoidh na cóid chleachtais an úrscothacht agus go gcuirfear san áireamh go cuí iontu tacar éagsúil peirspictíochtaí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, agus d’fhéadfadh sí, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí agus saineolaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an painéal eolaíoch, chun na cóid sin a tharraingt suas. Leis na cóid chleachtais, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chumhdach. Ina theannta sin, maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart do chóid chleachtais a bheith ina gcuidiú chun tacsanomaíocht riosca a bhunú de chineál agus de nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí. Ba cheart do chóid chleachtais a bheith dírithe freisin ar mheasúnú riosca sonrach agus ar bhearta maolaithe sonracha.

    (117)

    Ba cheart do na cóid chleachtais a bheith ina n-uirlis lárnach chun na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go cuí. Ba cheart do sholáthraithe a bheith in ann brath ar na cóid chleachtais chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a léiriú. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas, nó, de rogha air sin, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí ábhartha, más rud é, faoin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche nó nach measann an Oifig um Intleacht Shaorga é a bheith leordhóthanach. A luaithe a fhoilseofar caighdeán comhchuibhithe agus a mheasfar go bhfuil sé oiriúnach chun go gcumhdóidh an Oifig um Intleacht Shaorga na hoibleagáidí ábhartha, ba cheart, le comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe Eorpaigh, toimhde comhréireachta a dheonú do sholáthraithe. Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith in ann comhlíonadh a léiriú trí mhodhanna leordhóthanacha eile a úsáid, mura bhfuil na cóid chleachtais nó na caighdeáin chomhchuibhithe ar fáil, nó má roghnaíonn siad gan a bheith ag brath orthu sin.

    (118)

    Leis an Rialachán seo, rialáiltear córais intleachta saorga agus samhlacha intleachta saorga trí cheanglais agus oibleagáidí áirithe a fhorchur ar ghníomhaithe margaidh ábhartha atá á gcur ar an margadh, á gcur i mbun seirbhíse nó á n-úsáid san Aontas, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leabaíonn na córais nó na samhlacha sin ina seirbhísí a rialáiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlánú. A mhéid atá na córais nó na samhlacha sin leabaithe in ardáin an-mhór ar líne ainmnithe nó in innill chuardaigh an-mhór ar líne ainmnithe, tá siad faoi réir an chreata bainistithe riosca dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/2065. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíontar oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo, mura rud é go dtagann rioscaí sistéamacha suntasacha chun cinn nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2022/2065 agus go sainaithnítear iad sna samhlacha sin. Faoi chuimsiú an mhéid sin, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha féideartha a eascraíonn as ceapadh, feidhmiú agus úsáid a gcuid seirbhísí, lena n-áirítear an chaoi a bhféadfadh ceapadh na gcóras algartamach a úsáidtear sa tseirbhís rannchuidiú leis na rioscaí sin, chomh maith le rioscaí sistéamacha a eascraíonn as mí-úsáidí féideartha. Tá sé d’oibleagáid ar na soláthraithe sin freisin bearta maolaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cearta bunúsacha á n-urramú.

    (119)

    I bhfianaise luas tapa na nuálaíochta agus éabhlóid theicneolaíoch na seirbhísí digiteacha i raon feidhme ionstraimí éagsúla dhlí an Aontais, go háirithe agus aird á tabhairt ar úsáid agus dearcadh a bhfaighteoirí, féadfar na córais intleachta saorga atá faoi réir an Rialacháin seo a sholáthar mar sheirbhísí idirghabhálacha nó mar chodanna díobh de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065, ar cheart iad a léirmhíniú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Mar shampla, féadfar córais intleachta saorga a úsáid chun innill chuardaigh ar líne a sholáthar, go háirithe, a mhéid a dhéanann córas intleachta saorga, ar nós bota comhrá ar líne, cuardaigh, i bprionsabal, ar na suíomhanna gréasáin uile, agus a chorpraíonn sé ansin na torthaí san eolas atá aige cheana agus a úsáideann sé an t-eolas nuashonraithe chun aschur aonair a ghiniúint ina gcomhcheanglaítear foinsí éagsúla faisnéise.

    (120)

    Ina theannta sin, na hoibleagáidí a chuirtear ar sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe sa Rialachán seo chun gur féidir aschur na gcóras sin a bhrath agus a nochtadh go ndéantar aschur na gcóras sin a ghiniúint nó a chúbláil go saorga, tá siad ábhartha go háirithe chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a éascú. Tá feidhm aige sin go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú a d’fhéadfadh eascairt as scaipeadh ábhair a gineadh nó a ionramháladh go saorga, go háirithe an riosca go mbeidh éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis.

    (121)

    Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú chun réitigh theicniúla a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, i gcomhréir leis an úrscothacht, chun an nuálaíocht a chur chun cinn mar aon leis an iomaíocht agus an fás sa mhargadh aonair. Comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (1)(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a mbeifí ag súil leis go léireofaí an úrscothacht leo, ba cheart an comhlíonadh sin a bheith ina mhodh ag soláthraithe chun comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart ionadaíocht chothrom ar leasanna a bhfuil baint ag na geallsealbhóirí ábhartha uile i bhforbairt caighdeán leo, go háirithe FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a spreagadh. Chun comhlíonadh a éascú, ba cheart don Choimisiún na hiarrataí ar chaighdeánú a eisiúint gan moill mhíchuí. Agus an iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach agus an Bord chun saineolas ábhartha a bhailiú. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, áfach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a bhunú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach, maidir le ceanglais áirithe faoin Rialachán seo. Ba cheart an tsonraíocht choiteann a bheith ina réiteach cúltaca eisceachtúil chun oibleagáid an tsoláthraí a éascú ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, nuair nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ar chaighdeánú, nó nuair a thugann na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha aghaidh neamhdhóthanach ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha, nó nuair nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh, nó nuair a bhíonn moill ar chaighdeán comhchuibhithe iomchuí a ghlacadh. I gcás inarb é castacht theicniúil an chaighdeáin sin is cúis leis an moill sin maidir le caighdeán comhchuibhithe a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún é sin a mheas sula ndéanfaidh sé machnamh ar shonraíochtaí coiteanna a bhunú. Agus sonraíochtaí coiteanna á bhforbairt, moltar don Choimisiún comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú.

    (122)

    Gan dochar d’úsáid caighdeán comhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna, is iomchuí a thoimhdiú i ndáil le soláthraithe córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh oiliúint agus tástáil air maidir le sonraí lena léirítear an suíomh geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a úsáid, go gcomhlíonann siad an beart ábhartha dá bhforáiltear faoin gceanglas maidir le rialachas sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo. Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le stóinseacht agus cruinneas a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2019/881, ba cheart a thoimhdiú maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun an Rialacháin sin agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann siad ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó codanna de ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo. Tá sé seo gan dochar fós do chineál deonach na scéime cibearshlándála sin.

    (123)

    Chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú i gcórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart na córais sin a bheith faoi réir measúnú comhréireachta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad.

    (124)

    Chun an t-ualach ar oibreoirí a íoslaghdú agus chun aon dúbláil a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua, is iomchuí gur cheart a mheasúnú a mhéid a chomhlíonann na córais intleachta saorga sin ceanglais an Rialacháin seo mar chuid den mheasúnú comhréireachta dá bhforáiltear cheana sa dlí sin. Níor cheart d’infheidhmeacht na gceanglas sa Rialachán seo difear a dhéanamh do loighic, modheolaíocht nó struchtúr ginearálta an mheasúnaithe comhréireachta faoi reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais.

    (125)

    I bhfianaise chastacht na gcóras intleachta saorga ardriosca agus na rioscaí a bhaineann leo, tá sé tábhachtach nós imeachta leordhóthanach um measúnú comhréireachta a fhorbairt le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca lena mbaineann comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ar a dtugtar measúnú comhréireachta tríú páirtí. I bhfianaise thaithí reatha na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, áfach, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtí le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite díobh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar na córais sin faoina fhreagracht féin, cé is moite de chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh bithmhéadrachta.

    (126)

    Chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh nuair a cheanglaítear sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta fógra a thabhairt do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar ceanglas, go háirithe maidir leis an neamhspleáchas, an inniúlacht, an easpa coinbhleachtaí leasa agus ceanglais chibearshlándála oiriúnacha. Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta fógra faoi na comhlachtaí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal R23 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

    (127)

    I gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, is leor aitheantas frithpháirteach a éascú do thorthaí an mheasúnaithe comhréireachta a tháirgeann comhlachtaí inniúla um measúnú comhréireachta, neamhspleách ar an gcríoch ina bhfuil siad bunaithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta sin arna mbunú faoi dhlí tríú tír ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas a mhéid sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún féachaint go gníomhach ar ionstraimí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann chun na críche sin agus go háirithe tabhairt i gcrích comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach le tríú tíortha a shaothrú.

    (128)

    Aon uair a tharlaíonn athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht córais intleachta saorga ardriosca leis an Rialachán seo (e.g. athrú ar an gcóras oibriúcháin nó ar ailtireacht na mbogearraí), nó nuair a thagann athrú ar an gcríoch atá beartaithe don chóras, is iomchuí gur cheart a mheas gur córas intleachta saorga nua é an córas intleachta saorga sin ar cheart measúnú comhréireachta nua a dhéanamh air i gcomhréir le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil a bhunaítear go coitianta le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Níor cheart, áfach, modhnú substaintiúil a bheith in athruithe a thagann ar an algartam agus ar fheidhmíocht na gcóras intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, eadhon oiriúnú go huathoibríoch don chaoi a ndéantar feidhmeanna, ar choinníoll go ndearna an soláthraí na hathruithe sin a réamhchinneadh agus go ndearnadh measúnú orthu tráth an mheasúnaithe comhréireachta.

    (129)

    Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe sa táirge, ba cheart marcáil CE fisiciúil a ghreamú orthu, agus féadfar é a chomhlánú le marcáil dhigiteach CE. I gcás córais intleachta saorga ardriosca nach soláthraítear ach go digiteach, ba cheart marcáil dhigiteach CE a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

    (130)

    Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh rochtain thapa ar theicneolaíochtaí nuálacha a bheith ríthábhachtach do shláinte agus sábháilteacht daoine, do chosaint an chomhshaoil agus don athrú aeráide agus don tsochaí ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás cúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le beatha nó sláinte daoine nádúrtha a chosaint, caomhnú an chomhshaoil agus cosaint sócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair ríthábhachtacha, go bhféadfadh údaráis faireachais margaidh údarú a thabhairt maidir le córais intleachta saorga nach ndearnadh measúnú comhréireachta orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis cosanta sibhialta córas intleachta saorga ardriosca sonrach a chur i mbun seirbhíse gan údarú ón údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin le linn na húsáide nó ina diaidh gan moill mhíchuí.

    (131)

    Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite díobh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, chomh maith le soláthraithe atá den tuairim, ar bhonn maolaithe, nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, iad féin agus faisnéis faoina gcóras intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Sula n-úsáidfidh siad córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí poiblí iad, iad féin a chlárú sa bhunachar sonraí sin agus an córas a bheartaíonn siad a úsáid a roghnú. Ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla eile a bheith i dteideal é sin a dhéanamh go deonach. Ba cheart an chuid seo de bhunachar sonraí an Aontais a bheith inrochtana don phobal, saor, ba cheart an fhaisnéis a bheith in-nascleanta go héasca, intuigthe agus inléite ag meaisín. Ba cheart bunachar sonraí an Aontais a bheith soláimhsithe freisin, mar shampla trí fheidhmiúlachtaí cuardaigh a sholáthar, lena n-áirítear trí eochairfhocail, lena gceadaítear don phobal i gcoitinne faisnéis ábhartha a aimsiú atá le cur isteach nuair a chláraítear córais intleachta saorga ardriosca agus maidir le cás úsáide na gcóras intleachta saorga ardriosca, a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, dá gcomhfhreagraíonn na córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart aon mhodhnú substaintiúil ar chórais intleachta saorga ardriosca a chlárú freisin i mbunachar sonraí an Aontais. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca i réimse fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, ba cheart na hoibleagáidí clárúcháin a chomhlíonadh i roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais. Ba cheart rochtain ar an roinn shlán neamhphoiblí a theorannú go docht don Choimisiún agus d’údaráis faireachais margaidh maidir lena roinn náisiúnta den bhunachar sonraí sin. Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca i réimse an bhonneagair chriticiúil a chlárú ach amháin ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart forbairt na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun bunachar sonraí an Aontais a shocrú. Ba cheart don Choimisiún rioscaí cibearshlándála a chur san áireamh agus a chúraimí mar rialaitheoir sonraí á ndéanamh aige ar bhunachar sonraí an Aontais. Chun infhaighteacht agus úsáid bhunachar sonraí an Aontais ag an bpobal a uasmhéadú, ba cheart bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd, na ceanglais faoi Threoir (AE) 2019/882 a chomhlíonadh.

    (132)

    Córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe le hidirghníomhú le daoine nádúrtha nó le hábhar a ghiniúint, d’fhéadfadh siad rioscaí sonracha a chothú maidir le pearsanú nó meabhlaireacht gan beann ar cé acu atá siad incháilithe mar ardriosca nó nach bhfuil. In imthosca áirithe, ba cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha trédhearcachta gan dochar do na ceanglais agus na hoibleagáidí le haghaidh córas intleachta saorga ardriosca agus faoi réir eisceachtaí spriocdhírithe chun riachtanas speisialta fhorfheidhmiú an dlí a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart fógra a thabhairt do dhaoine nádúrtha go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó thaobh duine nádúrtha atá réasúnta eolach, géarchúiseach agus cáiréiseach, agus na himthosca agus comhthéacs na húsáide á gcur san áireamh. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart saintréithe daoine nádúrtha, ar de ghrúpaí leochaileacha iad mar gheall ar a n-aois nó a míchumas, a chur san áireamh a mhéid atá sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga idirghníomhú leis na grúpaí sin chomh maith. Thairis sin, ba cheart fógra a thabhairt do dhaoine nádúrtha nuair a nochtar córais intleachta saorga dóibh ar féidir leo, trína sonraí bithmhéadracha a phróiseáil, mothúcháin nó intinn na ndaoine sin a shainaithint nó a thabhairt le tuiscint nó iad a shannadh do chatagóirí sonracha. D’fhéadfadh baint a bheith ag na catagóirí sonracha sin le gnéithe, amhail gnéas, aois, dath gruaige, dath súile, tatúnna, tréithe pearsanta, bunús eitneach, roghanna pearsanta agus leasanna pearsanta. Ba cheart an fhaisnéis agus na fógraí sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas.

    (133)

    Is féidir le córais intleachta saorga éagsúla méideanna móra d’ábhar sintéiseach a ghiniúint a éiríonn níos deacra do dhaoine idirdhealú a dhéanamh ó ábhar a ghintear ag an duine agus ó ábhar barántúil. Bíonn tionchar suntasach ag infhaighteacht leathan agus cumais mhéadaitheacha na gcóras sin ar shláine éiceachóras na faisnéise agus ar an muinín a chuirtear ann, rud a chruthaíonn rioscaí nua mífhaisnéise agus cúblála ar scála, calaois, pearsanú agus meabhlaireacht tomhaltóirí. I bhfianaise na dtionchar sin, an luais thapa teicneolaíochta agus an ghá atá le modhanna agus teicnící nua chun tionscnamh faisnéise a rianú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe na gcóras sin réitigh theicniúla a leabú lena bhféadfar marcáil a dhéanamh i bhformáid mheaisín-inléite agus a bhrath gur gineadh nó gur ionramháladh an t-aschur le córas intleachta saorga seachas ag duine. Ba cheart na teicnící agus na modhanna sin a bheith iontaofa, idir-inoibritheach, éifeachtach agus stóinseach a mhéid is indéanta sin go teicniúil, agus na teicnící atá ar fáil nó meascán de na teicnící sin á gcur san áireamh, amhail comharthaí uisce, sainaithint meiteashonraí, modhanna cripteagrafacha chun bunáitíocht agus barántúlacht an ábhair a chruthú, modhanna logála, méarloirg nó teicnící eile, de réir mar is iomchuí. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart do sholáthraithe sainiúlachtaí agus srianta na gcineálacha éagsúla ábhair agus na forbairtí ábhartha teicneolaíochta agus margaidh sa réimse, mar a léirítear iad sna forbairtí úrscothacha lena nglactar go ginearálta, a chur san áireamh freisin. Is féidir na teicnící agus na modhanna sin a chur chun feidhme ar leibhéal an chórais intleachta saorga nó ar leibhéal na samhla intleachta saorga, lena n-áirítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena ngintear ábhar, agus, ar an gcaoi sin, comhlíonadh na hoibleagáide sin a éascú ag soláthraí iartheachtach an chórais intleachta saorga. Chun leanúint de bheith comhréireach, is iomchuí foráil a dhéanamh nár cheart a chumhdach leis an oibleagáid mharcála sin córais intleachta saorga a fheidhmíonn feidhm chúnta go príomha le haghaidh eagarthóireacht chaighdeánach nó córais intleachta saorga nach n-athróidh go substaintiúil na sonraí ionchuir arna soláthar ag an úsáideoir gairmiúil nó an tséimeantaic a ghabhann leo.

    (134)

    Sa bhreis ar na réitigh theicniúla a úsáideann soláthraithe an chórais intleachta saorga, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla, a úsáideann córas intleachta saorga chun ábhar íomhá, fuaime nó físe atá cosúil go suntasach le daoine, réada, áiteanna, eintitis nó imeachtaí atá ann cheana a ghiniúint nó a chúbláil agus a dhealródh go bréagach do dhuine go bhfuil sé barántúil nó fírinneach (domhainbhrionnuithe), a nochtadh go soiléir agus go sainiúil gur cruthaíodh nó gur ionramháladh an t-ábhar go saorga trí aschur na hintleachta saorga a lipéadú dá réir sin agus a thionscnamh saorga a nochtadh. Níor cheart comhlíonadh na hoibleagáide trédhearcachta sin a léirmhíniú mar léiriú go gcuireann úsáid an chórais intleachta saorga nó a aschur bac ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus ar an gceart chun saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a ráthaítear sa Chairt, go háirithe i gcás inar cuid de shaothar nó de chlár, nó ina cuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár, cruthaitheach, aorach, ealaíonta, ficseanúil é an t-ábhar, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí tríú páirtithe. Sna cásanna sin, tá an oibleagáid trédhearcachta maidir le domhainbhrionnuithe a leagtar amach sa Rialachán seo teoranta do nochtadh gur ann d’ábhar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh na hoibre, lena n-áirítear a ghnáthshaothrú agus a ghnáthúsáid, agus áirgiúlacht agus cáilíocht na hoibre á gcoinneáil ag an am céanna. Ina theannta sin, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid nochta chomhchosúil i ndáil le téacs arna ghiniúint nó arna chúbláil ag intleacht shaorga a mhéid a fhoilsítear é chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail mura rud é go ndeachaigh an t-ábhar arna ghiniúint ag intleacht shaorga faoi phróiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta agus go bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.

    (135)

    Gan dochar do chineál éigeantach agus infheidhmeacht iomlán na n-oibleagáidí trédhearcachta, féadfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód cleachtais a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais chun cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí maidir le brath agus lipéadú ábhair arna ghiniúint nó arna chúbláil go saorga a éascú, lena n-áirítear tacú le socruithe praiticiúla chun na sásraí braite a dhéanamh inrochtana, de réir mar is iomchuí, agus comhar a éascú le gníomhaithe eile feadh an tslabhra luacha, ábhar a scaipeadh nó a bharántúlacht agus a fhoinse a sheiceáil chun a chur ar chumas an phobail idirdhealú éifeachtach a dhéanamh idir ábhar arna ghiniúint ag intleacht shaorga.

    (136)

    Na hoibleagáidí a chuirtear ar sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe sa Rialachán seo chun gur féidir aschur na gcóras sin a bhrath agus a nochtadh go ndéantar aschur na gcóras sin a ghiniúint nó a chúbláil go saorga, tá siad ábhartha go háirithe chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a éascú. Tá feidhm aige sin go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú a d’fhéadfadh eascairt as scaipeadh ábhair a gineadh nó a ionramháladh go saorga, go háirithe an riosca go mbeadh éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis. Tá an ceanglas maidir le hábhar a ghintear le córais intleachta saorga faoin Rialachán seo a lipéadú gan dochar don oibleagáid in Airteagal 16(6) de Rialachán (AE) 2022/2065 atá ar sholáthraithe seirbhísí óstála fógraí a phróiseáil maidir le hábhar neamhdhleathach a fhaightear de bhun Airteagal 16(1) den Rialachán sin agus níor cheart dó tionchar a imirt ar an measúnú ná ar an gcinneadh maidir le neamhdhleathacht an ábhair shonraigh. Níor cheart an measúnú sin a dhéanamh ach amháin ag tagairt do na rialacha lena rialaítear dlíthiúlacht an ábhair.

    (137)

    Níor cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí trédhearcachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a léirmhíniú mar léiriú go bhfuil úsáid nó aschur an chórais intleachta saorga dleathach faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais agus na mBallstát agus ba cheart é a bheith gan dochar d’oibleagáidí trédhearcachta eile ar úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

    (138)

    Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag forbairt go tapa agus a bhfuil formhaoirseacht rialála agus spás rialaithe sábháilte le haghaidh turgnamhaíochta ag teastáil ina leith, agus nuálaíocht fhreagrach agus comhtháthú coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca á n-áirithiú. Chun creat dlíthiúil a chuireann an nuálaíocht chun cinn, atá stóinseach don todhchaí, agus athléimneach in aghaidh suaite a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunódh a n-údaráis inniúla náisiúnta bosca gainimh rialála intleachta saorga amháin ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta chun forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga nuálach faoi fhormhaoirseacht rialála dhian a éascú sula gcuirfear na córais sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile. D’fhéadfadh na Ballstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh freisin trí pháirt a ghlacadh i mboscaí gainimh rialála atá ann cheana nó trí bhosca gainimh a bhunú go comhpháirteach le húdarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó, a mhéid a sholáthraíonn an rannpháirtíocht sin leibhéal coibhéiseach cumhdaigh náisiúnta do na Ballstáit rannpháirteacha. D’fhéadfaí boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú i bhfoirm fhisiciúil, dhigiteach nó hibrideach agus d’fhéadfadh siad freastal ar tháirgí fisiciúla agus digiteacha. Ba cheart d’údaráis bhunaitheacha a áirithiú freisin go bhfuil na hacmhainní leordhóthanacha ag na boscaí gainimh rialála intleachta saorga chun go bhfeidhmeoidh siad, lena n-áirítear acmhainní airgeadais agus daonna.

    (139)

    Ba cheart a bheith i gceist le cuspóirí na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga nuálaíocht intleachta saorga a chothú trí thimpeallacht rialaithe turgnamhaíochta agus tástála a bhunú sa chéim forbartha agus réamh-mhargaithe d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na córais intleachta saorga nuálacha an Rialachán seo agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta eile, Thairis sin, le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ba cheart é a bheith mar aidhm feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil do nuálaithe agus ar fhormhaoirseacht agus tuiscint na n-údarás inniúil ar na deiseanna, ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar thionchair na húsáide a bhaintear as intleacht shaorga, foghlaim rialála a éascú d’údaráis agus gnóthais, lena n-áirítear d’fhonn an creat dlíthiúil a oiriúnú amach anseo, tacú le comhar agus le comhroinnt dea-chleachtas leis na húdaráis a bhfuil baint acu le bosca gainimh rialála intleachta saorga, agus rochtain ar mhargaí a luathú, lena n-áirítear trí bhacainní do FBManna a bhaint, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bheith ar fáil go forleathan ar fud an Aontais, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a n-inrochtaineacht do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga díriú ar shaincheisteanna lena n-ardaítear éiginnteacht dhlíthiúil do sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha chun nuálaíocht a dhéanamh, triail a bhaint as an intleacht shaorga san Aontas agus cur le foghlaim rialála atá bunaithe ar fhianaise. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an maoirseacht ar na córais intleachta saorga sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga a bhforbairt, a n-oiliúint, a dtástáil agus a mbailíochtú sula gcuirfear na córais ar an margadh nó i mbun seirbhíse, chomh maith leis an gcoincheap maidir le modhnú substaintiúil agus tarlú an mhodhnaithe shubstaintiúil a bhféadfadh nós imeachta nua um measúnú comhréireachta a bheith ag teastáil ina leith. Má shainaithnítear aon rioscaí suntasacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin, ba cheart maolú leordhóthanach a dhéanamh agus, ina éagmais sin, ba cheart an próiseas forbartha agus tástála a chur ar fionraí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bhunaíonn boscaí gainimh rialála intleachta saorga oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann maoirseacht ar chosaint na gceart bunúsach, agus d’fhéadfaidís rannpháirtíocht gníomhaithe eile a cheadú laistigh den éiceachóras intleachta saorga, amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta, Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus eagraíochtaí ábhartha geallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneacht scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir leis na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a chur chun feidhme agus creat a bhunú maidir le comhar idir na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i maoirseacht na mboscaí gainimh. Ba cheart boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí eile lena gceadaítear boscaí gainimh eile a bhunú arb é is aidhm dóibh comhlíonadh dlí, cé is moite den Rialachán seo, a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha atá i gceannas ar na boscaí gainimh rialála eile féachaint ar na tairbhí a bhaineann leis na boscaí gainimh sin a úsáid freisin chun comhlíonadh na gcóras intleachta saorga leis an Rialachán seo a áirithiú. Féadfar tástáil faoi fhíordhálaí a oibriú agus a mhaoirsiú freisin faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga, faoi réir comhaontú idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus na rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga.

    (140)

    Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí do na soláthraithe agus na soláthraithe ionchasacha sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga chun sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile a úsáid chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga, faoi choinníollacha sonraithe amháin, i gcomhréir le hAirteagail 6(4) agus 9(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagail 5, 6 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus gan dochar d’Airteagail 4(2) agus 10 de Threoir (AE) 2016/680. Beidh feidhm fós ag na hoibleagáidí eile ar fad atá ar rialaitheoirí sonraí agus ag cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, níor cheart bunús dlí a sholáthar leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 22(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart do sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha an bhosca gainimh rialála intleachta saorga coimircí iomchuí a áirithiú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear trína dtreoir a leanúint agus trí ghníomhú go tapa agus de mheon macánta chun aon ardriosca sainaitheanta suntasach a mhaolú maidir le sábháilteacht, sláinte, agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na forbartha, na tástála agus na turgnamhaíochta sa bhosca gainimh sin.

    (141)

    Chun dlús a chur leis an bpróiseas chun na córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a fhorbairt agus a chur ar an margadh, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha na gcóras sin tairbhiú de chóras sonrach chun na córais sin a thástáil faoi fhíordhálaí, gan a bheith rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga. I gcásanna den sórt sin, áfach, agus na hiarmhairtí, a d’fhéadfadh a bheith ag an tástáil sin, ar dhaoine aonair á gcur san áireamh, ba cheart a áirithiú go dtabharfar isteach leis an Rialachán seo ráthaíochtaí agus coinníollacha iomchuí agus leordhóthanacha do sholáthraithe nó soláthraithe ionchasacha. Ba cheart a áireamh ar na ráthaíochtaí sin, inter alia, toiliú feasach a iarraidh ó dhaoine nádúrtha chun páirt a ghlacadh sa tástáil faoi fhíordhálaí, cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí i gcás ina gcuirfí cosc ar thástáil an chórais intleachta saorga mar gheall ar thoiliú feasach a bheith á lorg. Tá toiliú na ndaoine is ábhar don tástáil chun páirt a ghlacadh sa tástáil sin faoin Rialachán seo éagsúil ó thoiliú na n-ábhar sonraí chun a sonraí pearsanta a phróiseáil faoin dlí ábhartha maidir le cosaint sonraí agus gan dochar don toiliú sin. Tá sé tábhachtach freisin na rioscaí a íoslaghdú agus formhaoirseacht ag na húdaráis inniúla a chumasú agus, dá bhrí sin, ceangal a chur ar sholáthraithe ionchasacha plean tástála i bhfíordhálaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faireachais margaidh, an tástáil a chlárú i gcodanna tiomnaithe de bhunachar sonraí an Aontais faoi réir roinnt eisceachtaí teoranta, teorainneacha a leagan síos maidir leis an tréimhse inar féidir an tástáil a dhéanamh agus coimircí breise a éileamh do dhaoine, lena n-áirítear daoine ar de ghrúpaí leochaileacha áirithe iad chomh maith le comhaontú i scríbhinn lena sainítear róil agus freagrachtaí na soláthraithe ionchasacha agus na n-úsáideoirí gairmiúla agus formhaoirseacht éifeachtach ag pearsanra inniúil a bhfuil baint acu leis an tástáil i bhfíordhálaí. Thairis sin, is iomchuí coimircí breise a bheartú chun a áirithiú gur féidir tuartha, moltaí nó cinntí an chórais intleachta saorga a aisiompú go héifeachtach agus neamhaird a thabhairt orthu agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus a scriosadh nuair a tharraingíonn na daoine is ábhar siar a dtoiliú chun páirt a ghlacadh sa tástáil gan dochar dá gcearta mar ábhair sonraí faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. A mhéid a bhaineann le sonraí a aistriú, is iomchuí a bheartú nár cheart sonraí a bhailítear agus ar a ndéantar próiseáil chun críche tástála i bhfíordhálaí a aistriú go tríú tíortha ach amháin i gcás ina gcuirtear coimircí iomchuí agus is infheidhme faoi dhlí an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhréir le boinn chun sonraí pearsanta a aistriú faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, agus, i gcás sonraí neamhphearsanta, cuirtear coimircí iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail Rialacháin (AE) 2022/868 (42) agus (AE) 2023/2854 (43) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (142)

    Chun a áirithiú go mbeidh torthaí a théann chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol mar thoradh ar an intleacht shaorga, moltar do na Ballstáit tacú le taighde agus forbairt réiteach intleachta saorga agus iad a chur chun cinn chun tacú le torthaí atá chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil, amhail réitigh bunaithe ar an intleacht shaorga chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú, dul i ngleic le neamhionannais shocheacnamaíocha, nó spriocanna comhshaoil a bhaint amach, trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh, lena n-áirítear cistiú poiblí agus cistiú ón Aontas, agus, i gcás inarb iomchuí agus ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin, agus go háirithe tionscadail lena saothraítear na cuspóirí sin á gcur san áireamh. Ba cheart na tionscadail sin a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhair idirdhisciplínigh idir forbróirí intleachta saorga, saineolaithe ar neamhionannas agus neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, cearta tomhaltóirí, comhshaoil agus digiteacha, chomh maith le hacadóirí.

    (143)

    Chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, tá sé tábhachtach leasanna FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga iad, a chur san áireamh go háirithe. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt atá dírithe ar na hoibreoirí sin, lena n-áirítear maidir le hardú feasachta agus cumarsáid faisnéise. Ba cheart do na Ballstáit rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin agus gan bac a chur ar sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha eile rochtain a fháil ar na boscaí gainimh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na critéir chéanna. Ba cheart do na Ballstáit na bealaí atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh bealaí tiomnaithe nua le haghaidh cumarsáid le FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla, a bhunú chun tacú le FBManna feadh a gconaire forbartha trí threoir a thabhairt agus freagairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na bealaí sin oibriú le chéile chun sineirgí a chruthú agus aonchineálacht a áirithiú ina dtreoir do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí gairmiúla. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sna próisis forbartha um chaighdeánú a éascú. Thairis sin, ba cheart leasanna sonracha agus riachtanais shonracha ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh agus táillí measúnaithe comhréireachta á socrú ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don Choimisiún measúnú tráthrialta ar na costais deimhniúcháin agus chomhlíontachta do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, trí chomhairliúcháin thrédhearcacha agus oibriú leis na Ballstáit chun na costais sin a laghdú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist le costais aistriúcháin a bhaineann le doiciméadacht agus cumarsáid shainordaitheach leis na húdaráis, le haghaidh soláthraithe agus oibreoirí eile, go háirithe iad siúd ar mionscála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, más féidir, maidir leis na teangacha a chinnfidh siad agus a nglacfaidh siad leo le haghaidh dhoiciméadacht ábhartha na soláthraithe agus cumarsáid leis na hoibreoirí inti, gur teanga í ceann amháin de na teangacha sin a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí gairmiúla trasteorann is féidir uirthi. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ba cheart don Choimisiún teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna iarraidh sin don Bhord. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún iarrachtaí na mBallstát a chomhlánú trí fhaisnéis atá éasca le húsáid maidir leis an Rialachán seo a sholáthar d’ardán faisnéise aonair do gach soláthraí agus úsáideoir gairmiúil, trí fheachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a ardú maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, agus trí mheasúnú agus cur chun cinn a dhéanamh ar chóineasú na gcleachtas is fearr i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga. Ba cheart rochtain a bheith ag fiontair mheánmhéide a cháiligh mar fhiontair bheaga go dtí le déanaí de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (44) ar na bearta tacaíochta sin, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní dlíthiúla ná an oiliúint is gá ag na fiontair mheánmhéide nua sin uaireanta chun tuiscint cheart ar an Rialachán seo agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

    (144)

    Chun nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, gach clár agus tionscadal cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, a bheith ina rannchuidiú, de réir mar is iomchuí, le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

    (145)

    Chun na rioscaí maidir le cur chun feidhme mar thoradh ar easpa eolais agus saineolais sa mhargadh a íoslaghdú agus chun comhlíontacht na soláthraithe, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, do na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus do na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Laistigh dá misean agus dá réimsí inniúlachta faoi seach, tá an tArdán um Intleacht Shaorga ar éileamh, na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta in ann tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a sholáthar go háirithe do sholáthraithe agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

    (146)

    Thairis sin, i bhfianaise a laghad is atá cuid de na hoibreoirí agus chun comhréireacht maidir le costais nuálaíochta a áirithiú, is iomchuí cead a thabhairt do mhicrifhiontair ceann de na hoibleagáidí is costasaí a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, eadhon an oibleagáid córas bainistíochta cáilíochta a bhunú lena laghdófaí an t-ualach riaracháin agus na costais do na fiontair sin gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta agus don ghá atá leis na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun na gnéithe den chóras bainistíochta cáilíochta atá le comhlíonadh ar an mbealach simplithe sin ag micrifhiontair a shonrú.

    (147)

    Is iomchuí go n-éascóidh an Coimisiún, a mhéid agus is féidir, rochtain ar shaoráidí tástála agus turgnamhaíochta le haghaidh comhlachtaí, grúpaí nó saotharlanna arna mbunú nó arna gcreidiúnú de bhun aon reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais agus a chomhlíonann cúraimí i gcomhthéacs measúnaithe comhréireachta táirgí nó feistí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás painéil saineolaithe, sain-saotharlanna agus saotharlanna tagartha i réimse na bhfeistí leighis de bhun Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746.

    (148)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart creat rialachais a bhunú lenar féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chomhordú agus tacú leis ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le cumais a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus geallsealbhóirí a chomhtháthú i réimse na hintleachta saorga. Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, tá gá le creat rialachais lenar féidir saineolas lárnach a chomhordú agus a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Bunaíodh an Oifig um Intleacht Shaorga le Cinneadh ón gCoimisiún (45) agus tá sé de mhisean aici saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt i réimse na hintleachta saorga agus rannchuidiú le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir leis an intleacht shaorga. Ba cheart do na Ballstáit cúraimí na hOifige um Intleacht Shaorga a éascú d’fhonn tacú le forbairt shaineolas agus chumais an Aontais ar leibhéal an Aontais agus d’fhonn feidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh a neartú. Ina theannta sin, ba cheart Bord a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit, painéal eolaíoch chun an pobal eolaíoch a chomhtháthú agus fóram comhairleach chun ionchur ó gheallsealbhóirí a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a áireamh freisin agus saineolas agus cumais an Aontais á bhforbairt úsáid a bhaint as na hacmhainní agus an saineolas atá ann cheana, go háirithe trí shineirgí le struchtúir arna bhforbairt i gcomhthéacs forfheidhmiú dlí eile ar leibhéal an Aontais agus sineirgí le tionscnaimh ghaolmhara ar leibhéal an Aontais, amhail an Comhghnóthas EuroHPC agus saoráidí tástála agus turgnamhaíochta intleachta saorga faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

    (149)

    Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord a bhunú. Ba cheart don Bhord leasanna éagsúla an éiceachórais intleachta saorga a léiriú agus ba cheart ionadaithe ó na Ballstáit a bheith air. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle a thabhairt nó cur le treoir maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin, sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla náisiúnta maidir le ceisteanna sonracha a bhaineann leis an intleacht shaorga. Chun solúbthacht áirithe a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-ionadaithe ar an mBord a ainmniú, féadfaidh aon duine a bhaineann le heintitis phoiblí ar cheart na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha a bheith aige chun comhordú a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus chun rannchuidiú le cúraimí an Bhoird a bhaint amach a bheith ina ionadaí sin. Ba cheart don Bhord dhá bhuan-fhoghrúpa a bhunú chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach. Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí an bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh trí mheastóireachtaí margaidh nó staidéir mhargaidh a dhéanamh, go háirithe d’fhonn gnéithe den Rialachán seo a shainaithint a dteastaíonn comhordú sonrach agus práinneach ina leith i measc na n-údarás faireachais margaidh. Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. Ba cheart don Bhord dul i gcomhar freisin, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí, grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha an Aontais atá gníomhach i gcomhthéacs dhlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear go háirithe iad siúd atá gníomhach faoi dhlí ábhartha an Aontais maidir le sonraí, táirgí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.

    (150)

    D’fhonn a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí rannpháirteach i gcur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart fóram comhairleach a bhunú chun comhairle a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún agus chun saineolas teicniúil a sholáthar dóibh. Chun ionadaíocht éagsúil agus chothrom na ngeallsealbhóirí a áirithiú idir leas tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile, ba cheart a bheith san fhóram comhairleach inter alia an lucht tionscail, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI).

    (151)

    Chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe gníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ba cheart painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha a bhunú. Ba cheart na saineolaithe neamhspleácha atá mar chuid den phainéal eolaíoch a roghnú ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga agus ba cheart dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh le neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu a áirithiú. Chun gur féidir na hacmhainneachtaí náisiúnta is gá a threisiú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an díorma saineolaithe arb iad an painéal eolaíoch iad dá ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.

    (152)

    Chun tacú le forfheidhmiú leordhóthanach a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun acmhainneachtaí na mBallstát a threisiú, ba cheart struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga an Aontais a bhunú agus a chur ar fáil do na Ballstáit.

    (153)

    Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás amháin ar a laghad a thugann fógra agus údarás amháin ar a laghad faireachais margaidh a ainmniú mar údaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh eintiteas poiblí d’aon chineál a cheapadh chun cúraimí na n-údarás inniúil náisiúnta a dhéanamh de réir bhrí an Rialacháin seo, i gcomhréir lena saintréithe eagraíochtúla náisiúnta sonracha agus lena riachtanais eagraíochtúla náisiúnta shonracha. Chun éifeachtúlacht eagraíochtúil na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe teagmhála aonair a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart do gach Ballstát údarás faireachais margaidh a ainmniú chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair.

    (154)

    Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht, chun prionsabail oibiachtúlachta a ngníomhaíochtaí agus a gcúraimí a choimirciú agus chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart do chomhaltaí na n-údarás sin staonadh ó aon ghníomhaíocht nach luíonn lena ndualgais agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir rialacha rúndachta faoin Rialachán seo.

    (155)

    Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca taithí a chur san áireamh maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar an bpróiseas ceaptha agus forbartha nó gur féidir leo aon bheart ceartaitheach féideartha a dhéanamh go tráthúil, ba cheart do gach soláthraí córas faireacháin iarmhargaidh a bheith i bhfeidhm aige. I gcás inarb ábhartha, áireofar le faireachán iarmhargaidh anailís ar an idirghníomhaíocht le córais intleachta saorga eile, lena n-áirítear feistí agus bogearraí eile. Le faireachán iarmhargaidh, níor cheart sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla ar údaráis forfheidhmithe dlí iad a chumhdach. Tá an córas sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe freisin córas a bheith i bhfeidhm acu chun aon teagmhas tromchúiseach a eascraíonn as úsáid a gcóras intleachta saorga a thuairisciú do na húdaráis ábhartha, is é sin teagmhas nó mífheidhmiú as a n-eascraíonn bás nó damáiste tromchúiseach don tsláinte, cur isteach tromchúiseach do-aisiompaithe ar bhainistiú agus oibriú bonneagair chriticiúil, sáruithe ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá beartaithe chun cearta bunúsacha nó damáiste tromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol a chosaint.

    (156)

    Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na cumhachtaí forfheidhmiúcháin go léir a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a gcumhachtaí a fheidhmiú agus a ndualgais a chomhlíonadh go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht. Cé nach bhfuil formhór na gcóras intleachta saorga faoi réir ceanglais shonracha agus oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta a dhéanamh i ndáil leis na córais intleachta saorga uile nuair a bhaineann riosca leo i gcomhréir leis an Rialachán seo. De bharr chineál sonrach institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, is iomchuí an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a ainmniú mar údarás inniúil faireachais margaidh dóibh. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’ainmniú údarás inniúil náisiúnta ag na Ballstáit. Níor cheart le gníomhaíochtaí faireachais margaidh difear a dhéanamh do chumas na n-eintiteas faoi mhaoirseacht a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách, nuair a cheanglaítear an neamhspleáchas sin le dlí an Aontais.

    (157)

    Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí, cúraimí, cumhachtaí agus neamhspleáchas na n-údarás nó na gcomhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais agus údaráis cosanta sonraí. I gcás inar gá sin dá sainordú, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta sin freisin ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart nós imeachta cosanta sonrach a leagan síos chun forfheidhmiú leordhóthanach tráthúil a áirithiú i gcoinne córais intleachta saorga a bhfuil riosca don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha ag baint leo. Ba cheart an nós imeachta le haghaidh na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil riosca ag baint leo a chur i bhfeidhm ar chórais intleachta saorga ardriosca a bhfuil riosca ag baint leo, ar chórais thoirmiscthe a cuireadh ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó a úsáideadh de shárú ar na cleachtais thoirmiscthe a leagtar síos sa Rialachán seo agus ar chórais intleachta saorga a cuireadh ar fáil de shárú ar na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca ag baint leo.

    (158)

    Le dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais rialáilte le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus rialacha agus cheanglais ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgid a áirithiú, ba cheart na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht agus forfheidhmiú na ngníomhartha dlí sin, go háirithe na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) agus Treoracha 2008/48/CE (47), 2009/138/CE (48), 2013/36/AE (49), 2014/17/AE (50) agus (AE) 2016/97 (51) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ainmniú, faoina n-inniúlachtaí faoi seach, mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht, mura gcinnfidh na Ballstáit údarás eile a ainmniú chun na cúraimí faireachais margaidh sin a chomhlíonadh. Ba cheart gach cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla sin faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun ceanglais agus oibleagáidí an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí chun ár ngníomhaíochtaí faireachais margaidh ex post a dhéanamh, cumhachtaí is féidir a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, ina sásraí maoirseachta agus ina nósanna imeachta maoirseachta atá ann cheana faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Agus iad ag gníomhú mar údaráis faireachais margaidh faoin Rialachán seo, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (52), is iomchuí a bheartú gur cheart do na húdaráis sin tuairisciú gan mhoill don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iomchuí freisin cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú riosca, faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras céanna maidir le gnóthais árachais agus athárachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais faoi Threoir 2009/138/CE agus maidir leis na hidirghabhálaithe árachais faoi Threoir (AE) 2016/97 agus cineálacha eile institiúidí airgeadais faoi réir na gceanglas maidir le rialachas inmheánach, socruithe nó próisis arna mbunú de bhun dhlí ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais chun comhsheasmhacht agus cóir chomhionann a áirithiú san earnáil airgeadais.

    (159)

    Ba cheart cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaitheacha agus ceartaitheacha a bheith ag gach údarás faireachais margaidh i réimse na bithmhéadrachta, mar a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a úsáidtear na córais sin ar chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, imirce, tearmann agus bainistiú rialaithe teorann, nó leis an gceartas agus na próisis dhaonlathacha a riar, lena n-áirítear ar a laghad an chumhacht chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta uile atá á bpróiseáil agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a gcumhachtaí a fheidhmiú trí ghníomhú ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Ba cheart aon teorainneacha a bhaineann leis an rochtain atá acu ar shonraí oibríochtúla íogaire faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do na cumhachtaí a thugtar dóibh le Treoir (AE) 2016/680. Níor cheart d’eisiamh ar bith maidir le sonraí a nochtadh d’údaráis náisiúnta um chosaint sonraí faoin Rialachán seo difear a dhéanamh do na cumhachtaí atá ag na húdaráis sin faoi láthair nó a bheidh acu amach anseo lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

    (160)

    Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún a bheith in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh mar aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorga ardriosca agus a bhfaightear amach ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. Ba cheart gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun comhlíonadh a chur chun cinn a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin a chur ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.

    (161)

    Is gá na freagrachtaí agus na hinniúlachtaí a shoiléiriú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Chun inniúlachtaí forluiteacha a sheachaint, i gcás ina bhfuil córas intleachta saorga bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus inarb é an soláthraí céanna a sholáthraíonn an tsamhail agus an córas, ba cheart an mhaoirseacht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais tríd an Oifig um Intleacht Shaorga, ar cheart na cumhachtaí a bhíonn ag údarás faireachais margaidh a bheith aici de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1020 chun na críche sin. I ngach cás eile, beidh na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh freagrach fós as maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga. Mar sin féin, i gcás córais intleachta saorga ilchuspóireacha is féidir le húsáideoirí gairmiúla a úsáid agus cuspóir amháin ar a laghad acu a aicmítear mar chuspóir a mbaineann ardriosca leis, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh eile a chur ar an eolas dá réir. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann cúnamh a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga i gcás nach bhfuil an t-údarás faireachais margaidh in ann imscrúdú a thabhairt i gcrích maidir le córas intleachta saorga ardriosca mar nach bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ar ar bunaíodh an córas intleachta saorga ardriosca. I gcásanna mar sin, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an nós imeachta maidir le cúnamh frithpháirteach i gcásanna trasteorann i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.

    (162)

    Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as saineolas agus sineirgí láraithe an Aontais ar leibhéal an Aontais, ba cheart inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún i dtaca le cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart di a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar a tionscnamh féin, de réir thorthaí a gníomhaíochtaí faireacháin, nó arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun tacú le faireachán éifeachtach arna dhéanamh ag an Oifig um Intleacht Shaorga, ba cheart a fhoráil don fhéidearthacht go ndéanfaidh soláthraithe iartheachtacha gearáin faoi sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe na samhlacha agus na gcóras intleachta saorga ilchuspóireach.

    (163)

    D’fhonn na córais rialachais le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chomhlánú, ba cheart don phainéal eolaíoch tacú le gníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga agus féadfaidh sé, i gcásanna áirithe, foláirimh cháilithe a chur ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga trína spreagfar bearta leantacha, amhail imscrúduithe. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil údar ag an bpainéal eolaíoch amhras a bheith air go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach. Thairis sin, ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil cúis ag an bpainéal eolaíoch amhras a bheith air go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na critéir lenar bhféadfaí an tsamhail a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena ngabhann riosca sistéamach. Chun go mbeidh an fhaisnéis is gá chun na cúraimí sin a dhéanamh ag an bpainéal eolaíochta, ba cheart sásra a bheith ann trínar féidir leis an bpainéal eolaíoch a iarraidh ar an gCoimisiún doiciméadacht nó faisnéis a éileamh ar sholáthraí.

    (164)

    Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann sáruithe féideartha a imscrúdú i gcomhréir leis na cumhachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí dhoiciméadacht agus faisnéis a iarraidh, trí mheastóireachtaí a dhéanamh, agus trí bhearta a iarraidh ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Agus meastóireachtaí á ndéanamh, chun úsáid a bhaint as saineolas neamhspleách, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann páirt a thabhairt do shaineolaithe neamhspleácha chun na meastóireachtaí a dhéanamh thar a ceann. Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a bheith in-fhorfheidhmithe, inter alia, trí iarrataí ar bhearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear bearta maolaithe riosca i gcás rioscaí sistéamacha sainaitheanta chomh maith le srian a chur leis an tsamhail a bheith ar fáil ar an margadh agus an tsamhail a tharraingt siar nó a aisghairm. Mar chosaint i gcás inar gá sa bhreis ar na cearta nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart na cearta nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith ag soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ar cheart feidhm mutatis mutandis a bheith acu, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

    (165)

    De thoradh forbairt córas intleachta saorga cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh glacadh níos fairsinge le hintleacht shaorga eiticiúil iontaofa ann san Aontas. Ba cheart soláthraithe córas intleachta saorga nach mbaineann ardriosca leo a spreagadh chun cóid iompair a chruthú, lena n-áirítear sásraí rialachais gaolmhara, arna gceapadh chun go ndéanfaí cuid de na ceanglais éigeantacha nó iad uile is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur i bhfeidhm go deonach, ar córais iad a ndéantar oiriúnú orthu i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus an riosca níos ísle lena mbaineann agus na réitigh theicniúla atá ar fáil agus dea-chleachtais an tionscail, amhail samhail agus cártaí sonraí, á gcur san áireamh. Ba cheart a mholadh do sholáthraithe agus, mar is iomchuí, d’úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga uile, bíodh ardriosca ag baint leo nó ná bíodh, agus d’úsáideoirí gairmiúla samhlacha saorga intleachta, ceanglais bhreise a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach a bhaineann, mar shampla, le gnéithe de Threoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa, inbhuanaitheacht chomhshaoil, bearta litearthachta intleachta saorga, ceapadh agus forbairt chuimsitheach éagsúil córas intleachta saorga, lena n-áirítear aird a thabhairt ar dhaoine leochaileacha agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha mar is iomchuí, amhail eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht léinn agus eagraíochtaí taighde, ceardchumainn agus eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí i gceapadh agus forbairt na gcóras intleachta saorga, agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha, lena n-áirítear cothromaíocht inscne. Chun a áirithiú go mbeidh na cóid iompair dheonacha éifeachtach, ba cheart iad a bheith bunaithe ar chuspóirí soiléire agus ar phríomhtháscairí feidhmíochta chun gur féidir a mhéid a bhaintear na cuspóirí sin amach a thomhas. Ba cheart iad a fhorbairt freisin ar bhealach cuimsitheach, mar is iomchuí, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha, amhail eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht léinn, eagraíochtaí taighde, ceardchumainn agus eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí. D’fhéadfadh an Coimisiún tionscnaimh a fhorbairt, lena n-áirítear tionscnaimh de chineál earnála, chun laghdú bac teicniúil a éascú, ar baic iad lena gcuirtear isteach ar mhalartú sonraí trasteorann maidir le forbairt intleachta saorga, lena n-áirítear sonraí maidir le bonneagar rochtana sonraí, idir-inoibritheacht shéimeantach agus theicniúil cineálacha éagsúla sonraí.

    (166)

    Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar ardriosca a bheith ag baint leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, bheadh feidhm ag Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53) mar líontán sábhála.

    (167)

    Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ba cheart dóibh a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina dtabharfar cosaint go háirithe, do chearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála, cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, leasanna slándála poiblí agus náisiúnta, sláine imeachtaí coiriúla agus riaracháin, agus sláine faisnéise rúnaicmithe.

    (168)

    Ba cheart a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo fhorfheidhmiú trí phionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile a fhorchur. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos má sháraítear na forálacha sin, agus chun prionsabal ne bis in idem a urramú. Chun na pionóis riaracháin a ghearrfar má sháraítear an Rialachán seo a neartú agus a chomhchuibhiú, ba cheart na huasteorainneacha le haghaidh fíneálacha riaracháin i gcás sáruithe sonracha áirithe a leagan síos. Agus méid na bhfíneálacha á mheasúnú, ba cheart do na Ballstáit, i ngach cás aonair, imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar mhéid an tsoláthraí, go háirithe más FBM nó gnólacht nuathionscanta é an soláthraí. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (169)

    Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí i gcás soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith in-fhorfheidhmithe, inter alia, trí fhíneálacha. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha a leagan síos freisin maidir le sárú na n-oibleagáidí sin, lena n-áirítear mura gcomhlíontar na bearta a d’iarr an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi réir tréimhsí teorann iomchuí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Beidh gach cinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE lena n-áirítear dlínse neamhtheoranta na Cúirte Breithiúnais maidir le pionóis de bhun Airteagal 261 CFAE.

    (170)

    Foráiltear do leigheasanna éifeachtacha cheana féin le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a ndéanann an úsáid a bhaintear as córas intleachta saorga difear dá gcearta agus dá saoirsí. Gan dochar do na leigheasanna sin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige a mheas gur sáraíodh an Rialachán seo, ba cheart dó a bheith i dteideal gearán a thaisceadh leis an údarás ábhartha faireachais margaidh.

    (171)

    Ba cheart é a bheith de cheart ag daoine dá ndéantar difear míniú a fháil i gcás ina mbunaítear cinneadh úsáideora ghairmiúil go príomha ar an aschur ó chórais áirithe ardriosca intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh sin nó a bhfuil tionchair shuntasacha chomhchosúla aige ar na daoine sin ionas go measann siad go n-imrítear tionchar díobhálach ar a sláinte, ar a sábháilteacht nó ar a gcearta bunúsacha. Ba cheart an míniú sin a bheith soiléir agus fóinteach agus ba cheart bonn a sholáthar leis do na daoine dá ndéantar difear chun go mbeidh siad in ann a gcearta a fheidhmiú. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart chun míniú a fháil maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil baint ag na heisceachtaí nó na srianta a bhaineann leo le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin sa mhéid nach bhforáiltear don cheart sin cheana faoi dhlí an Aontais.

    (172)

    Ba cheart daoine a ghníomhaíonn mar sceithirí i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a chosaint faoi dhlí an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54) maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a chosaint.

    (173)

    Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar na coinníollacha ar fúthu nach bhfuil córas intleachta saorga le meas mar chóras lena mbaineann ardriosca, ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca, ar na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil, ar ábhar an dearbhaithe comhréireachta AE, ar na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ar na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistithe cáilíochta agus ar mheasúnú na doiciméadachta teicniúla, ar an tairseach, na tagarmharcanna agus na táscairí, lena n-áirítear trí na tagarmharcanna agus na táscairí sin a fhorlíonadh, sna rialacha chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar na critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar an doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus ar an bhfaisnéis thrédhearcach do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (55). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (174)

    I bhfianaise na bhforbairtí gasta teicneolaíochta agus an tsaineolais theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart don Choimisiún meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo faoin 2 Lúnasa 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin agus ba cheart dó tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ina theannta sin, agus na himpleachtaí do raon feidhme an Rialacháin seo á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a riachtanaí atá sé liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca agus liosta na gcleachtas toirmiscthe a leasú uair sa bhliain. Thairis sin, faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar liosta na limistéar ardriosca san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar na córais intleachta saorga faoi raon feidhme na n-oibleagáidí trédhearcachta, ar éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais agus ar an dul chun cinn maidir le forbairt spriocanna insoláthartha caighdeánaithe i ndáil le forbairt atá tíosach ar fhuinneamh na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear an gá le bearta nó gníomhaíochtaí breise, agus an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ar deireadh, faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht na gcód iompair deonach chun cur i bhfeidhm na gceanglas a fhoráiltear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i gcás córais intleachta saorga seachas córais intleachta saorga ardriosca, agus b’fhéidir, ceanglais bhreise eile le haghaidh córais intleachta saorga mar sin.

    (175)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56).

    (176)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus tacú leis an nuálaíocht, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (177)

    Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tréimhse oiriúnaithe iomchuí a áirithiú d’oibreoirí agus suaitheadh ar an margadh a sheachaint, lena n-áirítear trí leanúnachas úsáid na gcóras intleachta saorga a áirithiú, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh dháta ginearálta chur i bhfeidhm na gcóras sin, más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha ar a ndearadh nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh. Is iomchuí a shoiléiriú, i ndáil leis sin, gur cheart coincheap an athraithe shuntasaigh a thuiscint mar choincheap atá coibhéiseach ó thaobh substainte de le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil, coincheap a úsáidtear i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca amháin de bhun an Rialacháin seo. Ar bhonn eisceachtúil agus i bhfianaise na cuntasachta poiblí, ba cheart d’oibreoirí córas intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus d’oibreoirí córas intleachta saorga ardriosca atá ceaptha lena n-úsáid ag údaráis phoiblí, faoi seach, na bearta is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoi dheireadh 2030 agus faoin 2 Lúnasa 2030.

    (178)

    Moltar do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca tosú ar oibleagáidí ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ar bhonn deonach, cheana féin le linn na hidirthréimhse.

    (179)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 2 Lúnasa 2026. Mar sin féin, agus an riosca do-ghlactha a bhaineann le hintleacht shaorga a úsáid ar bhealaí áirithe á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc chomh maith le forálacha ginearálta an Rialacháin seo cheana féin ón 2 Feabhra 2025. Cé go mbunaítear rialachas agus fhorfheidhmiú an Rialacháin seo de bharr éifeacht iomlán na dtoirmeasc seo, tá sé tábhachtach réamh-mheas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtoirmeasc chun rioscaí do-ghlactha a chur san áireamh agus chun go mbeidh éifeacht aige ar nósanna imeachta eile, amhail sa dlí sibhialta. Thairis sin, ba cheart an bonneagar a bhaineann leis an rialachas agus an córas um measúnú comhréireachta a bheith oibríochtúil roimh an 2 Lúnasa 2026, dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus struchtúr rialachais ón 2 Lúnasa 2025. I bhfianaise chomh tapa agus atá an dul chun cinn teicneolaíoch á dhéanamh agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha á nglacadh, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó 2 Lúnasa 2025. Ba cheart do na cóid chleachtais a bheith réidh faoin 2 Bealtaine 2025 chun go mbeidh soláthraithe in ann comhlíonadh a léiriú in am. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a áirithiú go bhfuil rialacha agus nósanna imeachta maidir le haicmiú cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis a leagan síos agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, agus a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin chun feidhme go héifeachtach iomchuí faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le pionóis ón 2 Lúnasa 2025.

    (180)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad an tuairim chomhpháirteach uathu an 18 Meitheamh 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga (IS) atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus chun tacú leis an nuálaíocht.

    2.   Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

    (a)

    rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;

    (b)

    toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;

    (c)

    ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;

    (d)

    rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe;

    (e)

    rialacha comhchuibhithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh;

    (f)

    rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;

    (g)

    bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse nó a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh san Aontas, gan beann ar cé acu san Aontas nó i dtríú tír atá na soláthraithe sin bunaithe nó lonnaithe;

    (b)

    úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;

    (c)

    soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras intleachta saorga;

    (d)

    allmhaireoirí agus dáileoirí na gcóras intleachta saorga;

    (e)

    monaróirí táirgí a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse mar aon lena dtáirge agus faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin;

    (f)

    ionadaithe údaraithe na soláthraithe, nach bhfuil bunaithe san Aontas;

    (g)

    daoine dá ndéantar difear atá lonnaithe san Aontas.

    2.   Ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 6(1), Airteagail 102 go 109 agus Airteagal 112 maidir leis na córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 57 ach a mhéid a dhéanfar na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo a chomhtháthú faoin reachtaíocht chomhchuibhithe sin de chuid an Aontais.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus i gcás ar bith, ní dhéanfaidh sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis ar leag na Ballstáit na cúraimí i ndáil leis na hinniúlachtaí sin air.

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga más rud é go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, na córais sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga nach gcuirtear ar an margadh nó nach gcuirtear i mbun seirbhíse san Aontas, i gcás ina n-úsáidtear an t-aschur go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhar nó comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcuirfidh tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta mar sin coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair a chosaint.

    5.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2065.

    6.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga ná samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear a n-aschur, a fhorbraítear go sonrach agus a chuirtear i mbun seirbhíse chun críche taighde eolaíoch agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin.

    7.   Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, príobháideachas agus rúndacht chumarsáide maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, ná do Threoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680, gan dochar d’Airteagal 10(5) agus Airteagal 59 den Rialachán seo.

    8.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon ghníomhaíocht taighde, tástála nó forbartha a bhaineann le córais intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Déanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. Ní chumhdófar an tástáil a dhéantar i bhfíordhálaí leis an díolúine sin.

    9.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí.

    10.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí atá ar úsáideoirí gairmiúla ar daoine nádúrtha iad a úsáideann córais intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil amháin.

    11.   Leis an rialachán seo, ní chuirtear bac ar an Aontas ná na Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir lena gcearta a chosaint i ndáil le córais intleachta saorga a bheith á n-úsáid ag fostóirí, ná ar chur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a mholadh nó a cheadú.

    12.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga a eisítear faoi cheadúnais foinse oscailte saor mura gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chórais intleachta saorga ardriosca nó córas intleachta saorga a thagann faoi Airteagal 5 nó Airteagal 50.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla;

    (2)

    ciallaíonn ‘riosca’ an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;

    (3)

    ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

    (4)

    ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;

    (5)

    ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;

    (6)

    ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír air;

    (7)

    ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais;

    (8)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ soláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoir;

    (9)

    ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

    (10)

    ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena dháileadh nó lena dáileadh nó lena úsáid nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

    (11)

    ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúil lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dó;

    (12)

    ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe dó’ an úsáid a bheartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;

    (13)

    ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile, lena n-áirítear le córais intleachta saorga eile;

    (14)

    ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta’ comhpháirt de tháirge nó de chóras intleachta saorga a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras intleachta saorga nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol;

    (15)

    ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraí chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dó;

    (16)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla a thabhairt ar ais don soláthraí nó é a thógáil as seirbhís nó a úsáid a dhíchumasú;

    (17)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a tharraingt siar’ aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar chóras intleachta saorga sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

    (18)

    ciallaíonn ‘feidhmíocht córais intleachta saorga’ an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;

    (19)

    ciallaíonn ‘an t-údarás a thugann fógra’ an t-údarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;

    (20)

    ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca;

    (21)

    ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí, lena n-áirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;

    (22)

    ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais;

    (23)

    ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;

    (24)

    ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamú;

    (25)

    ciallaíonn ‘córas faireacháin iarmhargaidh’ na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe na gcóras intleachta saorga taithí a bhailiú agus athbhreithniú, ar taithí í a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;

    (26)

    ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ an t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;

    (27)

    ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

    (28)

    ciallaíonn ‘sonraíocht choiteann’ tacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

    (29)

    ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ na sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú;

    (30)

    ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, chun, inter alia, tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc;

    (31)

    ciallaíonn ‘tacar sonraí bailíochtaithe’ tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna, mar scoilt sheasta nó athraitheach;

    (32)

    ciallaíonn ‘sonraí tástála’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;

    (33)

    ciallaíonn ‘sonraí ionchuir’ sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;

    (34)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

    (35)

    ciallaíonn ‘sainaithint bhithmhéadrach’ aithint uathoibrithe gnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta nó síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine nádúrtha a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí;

    (36)

    ciallaíonn ‘fíorú bithmhéadrach’ fíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sin;

    (37)

    ciallaíonn ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725;

    (38)

    ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla íogaire’ sonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iad;

    (39)

    ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha;

    (40)

    ciallaíonn ‘córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha mura bhfuil sé coimhdeach le seirbhís tráchtála eile agus go bhfuil géarghá leis ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla;

    (41)

    ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shainaithint, de ghnáth go cianda, gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha;

    (42)

    ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama”’córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach, a bhfuil i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta chun nach dtiocfar timpeall ar an gcóras;

    (43)

    ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “iar-aimseartha”’ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí seachas córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;

    (44)

    ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach a bhfuil rochtain ag líon neamhchinntithe daoine nádúrtha uirthi gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le rochtain, gan beann ar na srianta acmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith ann;

    (45)

    ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí’:

    (a)

    aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc; nó

    (b)

    aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;

    (46)

    ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;

    (47)

    ciallaíonn ‘an Oifig um Intleacht Shaorga’ feidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht Shaorga;

    (48)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;

    (49)

    ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh díreach nó indíreach atá air aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    bás duine nó díobháil thromchúiseach do shláinte duine;

    (b)

    cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht nó oibriú bonneagair chriticiúil.

    (c)

    sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint;

    (d)

    díobháil thromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;

    (50)

    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

    (51)

    ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

    (52)

    ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

    (53)

    ciallaíonn ‘plean tástála i bhfíordhálaí’ doiciméad lena ndéantar cur síos ar chuspóirí, modheolaíocht, tíreolaíocht, daonra agus raon feidhme ama, faireachán, eagrú agus déanamh tástála i bhfíordhálaí;

    (54)

    ciallaíonn ‘plean bosca gainimh’ doiciméad arna chomhaontú idir an soláthraí rannpháirteach agus an t-údarás inniúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí, na coinníollacha, an tráthchlár, an mhodheolaíocht agus na ceanglais le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den bhosca gainimh;

    (55)

    ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála intleachta saorga’ creat rialaithe arna chur ar bun ag údarás inniúil lena dtugtar an deis do sholáthraithe nó do sholáthraithe ionchasacha córais intleachta saorga córas intleachta saorga nuálach a fhorbairt, a oiliúint, a bhailíochtú agus a thástáil, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí, de bhun plean bosca gainimh ar feadh tréimhse theoranta faoi mhaoirseacht rialála;

    (56)

    ciallaíonn ‘litearthacht intleachta saorga’ na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh;

    (57)

    ciallaíonn ‘tástáil i bhfíordhálaí’ tástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60;

    (58)

    ciallaíonn ‘duine is ábhar’ chun críoch na tástála i bhfíordhálaí duine nádúrtha a ghlacann páirt i dtástáil i bhfíordhálaí;

    (59)

    ciallaíonn ‘toiliú feasach’ nochtadh saor, sonrach, soiléir agus deonach an duine is ábhar don tástáil go bhfuil sé nó sí toilteanach páirt a ghlacadh i dtástáil ar leith i bhfíordhálaí, tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha maidir le cinneadh an duine is ábhar don tástáil a bheith rannpháirteach;

    (60)

    ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ íomhá atá ginte nó ionramháilte ag an intleacht shaorga, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach;

    (61)

    ciallaíonn ‘sárú forleathan’ aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:

    (a)

    lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát:

    (i)

    inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

    (ii)

    ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe lonnaithe nó bunaithe; nó

    (iii)

    ina bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil bunaithe, nuair is é an t- úsáideoir gairmiúil a dhéanann an sárú;

    (b)

    lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát, ar a laghad;

    (62)

    ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ bonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557;

    (63)

    ciallaíonn ‘samhail intleachta saorga ilchuspóireach’ samhail intleachta saorga, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, seachas samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

    (64)

    ciallaíonn ‘cumais ardtionchair’ cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha;

    (65)

    ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ riosca a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luacha;

    (66)

    ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ilchuspóireach’ córas intleachta saorga atá bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus a bhfuil sé de chumas ann freastal ar chuspóirí éagsúla, bíodh sin mar úsáid dhíreach nó mar chomhtháthú i gcórais intleachta saorga eile araon;

    (67)

    ciallaíonn ‘oibríocht snámhphointe’ aon oibríocht nó sannadh matamaiticiúil lena mbaineann uimhreacha snámhphointe, ar fothacar iad de na fíoruimhreacha a léirítear de ghnáth ar ríomhairí ag slánuimhir bheacht sheasta atá scálaithe ag slánuimhir de bhonn seasta;

    (68)

    ciallaíonn ‘soláthraí iartheachtach’ soláthraí córais intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena gcomhtháthaítear samhail intleachta saorga, gan beann ar cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin an tsamhail intleachta saorga agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhtháite go hingearach nó á soláthar ag eintiteas eile bunaithe ar ghaol conarthach.

    Airteagal 4

    Litearthacht intleachta saorga

    Déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga, a mhéid is féidir, bearta chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a áirithiú i measc a bhfoirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann, agus a gcuid eolais theicniúil, a gcuid taithí, a gcuid oideachais agus a gcuid oiliúna agus an comhthéacs ina mbeidh na córais intleachta saorga le húsáid á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar na daoine nó na grúpaí díobh a n-úsáidfear na córais intleachta saorga orthu.

    CAIBIDIL II

    CLEACHTAIS INTLEACHTA SAORGA AR A GCUIRTEAR TOIRMEASC

    Airteagal 5

    Cleachtais intleachta saorga a gcuirtear toirmeasc orthu

    1.   Cuirfear toirmeasc ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:

    (a)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é lena n-imscartar teicnící fo-thairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara dóibh cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis léi sin;

    (b)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar dhuine nádúrtha nó ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas nó staid shonrach shóisialta nó eacnamaíoch, agus é de chuspóir nó d’éifeacht iompar an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

    (c)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh i gcaitheamh tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta atá ar eolas, intuigthe nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

    (ii)

    caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine nach bhfuil údar léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;

    (d)

    córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun a mheas nó a thuar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion coiriúil bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha, agus air sin amháin, nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a thréithe agus a shaintréithe pearsantachta; ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun tacú leis an measúnú daonna ar rannpháirtíocht duine i ngníomhaíocht choiriúil atá bunaithe cheana féin ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht choiriúil;

    (e)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;

    (f)

    córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun mothúcháin duine nádúrtha a thuiscint i réimsí an ionaid oibre agus na n-institiúidí oideachais, ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid an chórais intleachta saorga a chur ar bun nó a chur isteach sa mhargadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta;

    (g)

    córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha aonair a aicmiú bunaithe ar a sonraí bithmhéadracha chun cine, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, saol gnéis nó gnéaschlaonadh a dhéanamh amach nó a thuiscint; ní chumhdaítear faoin toirmeasc sin aon lipéadú ná scagadh ar thacair sonraí bithmhéadracha a fuarthas go dleathach, amhail íomhánna, bunaithe ar shonraí bithmhéadracha nó catagóiriú sonraí bithmhéadracha i réimse fhorfheidhmiú an dlí;

    (h)

    córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a bheith á n-úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

    (i)

    cuardach spriocdhírithe a dhéanamh ar íospartaigh shonracha a bhaineann le fuadach, gáinneáil ar dhaoine nó teacht i dtír gnéasach ar dhaoine, chomh maith le daoine atá ar iarraidh a chuardach;

    (ii)

    garbhagairt shonrach shubstaintiúil ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc nó fíorbhagairt láithreach nó fíorbhagairt intuartha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

    (iii)

    logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad.

    Tá pointe (h) den chéad fhomhír gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí.

    2.   Ní úsáidfear córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), chun na gcríoch a leagtar amach sa phointe sin ach amháin chun céannacht an duine a bhfuiltear ag díriú air go sonrach a dheimhniú, agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:

    (a)

    staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;

    (b)

    iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin.

    Ina theannta sin, maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo, comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil lena n-úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-údaraítear a n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta. Ní údarófar úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 27 curtha i gcrích ag an údarás forfheidhmithe dlí agus má chláraigh sé an córas i mbunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49. I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, áfach, féadfar tús a chur le húsáid na gcóras sin agus gan iad a bheith cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll go gcuirfear an clárú sin i gcrích gan moill mhíchuí.

    3.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (h) agus mhír 2, maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar an mBallstát ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil údar cuí léi, féadfar tús a chur le húsáid an chórais sin gan údarú ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin gan moill mhíchuí, laistigh de 24 uair an chloig, ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, cuirfear deireadh leis an úsáid le héifeacht láithreach agus, déanfar na sonraí go léir, chomh maith le torthaí agus aschur na húsáide sin, a chur i leataobh agus a scriosadh láithreach.

    Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach ná an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh agus, go háirithe, go bhfuil sé fós teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach maidir leis an tréimhse ama chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás sin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Ní fhéadfar aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ amháin.

    4.   Gan dochar do mhír 3, déanfar gach úsáid a bhaintear as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a chur in iúl don údarás faireachais margaidh ábhartha agus don údarás náisiúnta cosanta sonraí i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Beidh san fhógra, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear faoi mhír 6 agus ní áireofar ann sonraí oibríochtúla íogaire.

    5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), agus i míreanna 2 agus 3. Leagfaidh na Ballstáit sin lena mbaineann síos ina ndlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht agus tuairisciú a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (h)(iii) di, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu na cuspóirí sin agus cé acu na cionta sin a bhféadfaidh na húdaráis inniúla a údarú ina leith na córais sin a úsáid chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin 30 lá, ar a dhéanaí, tar éis a nglactha. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’.

    6.   Cuirfidh údaráis náisiúnta faireachas margaidh agus údaráis náisiúnta cosanta sonraí na mBallstát ar tugadh fógra dóibh maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí de bhun mhír 4, cuirfidh siad tuarascálacha bliantúla maidir leis an úsáid sin faoi bhráid an Choimisiúin. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún teimpléad ar fáil do na Ballstáit agus do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na gcinntí a rinne an t-údarás inniúil breithiúnach nó an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar iarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 3 agus ar thorthaí na gcinntí sin.

    7.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, bunaithe ar shonraí comhiomlánaithe sna Ballstáit ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 6. Ní áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí lena mbaineann.

    8.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do na toirmisc a bhfuil feidhm leo i gcás ina sáraíonn cleachtas intleachta saorga dlí eile de chuid an Aontais.

    CAIBIDIL III

    CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA

    ROINN 1

    Córas intleachta saorga a aicmiú mar chórais ardriosca

    Airteagal 6

    Rialacha aicmithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca

    1.   Gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse go neamhspleách ar na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), measfar an córas intleachta saorga sin a bheith ina chóras ardriosca i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é an córas intleachta saorga é féin, a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b)

    maidir leis an táirge sin ar comhpháirt sábháilteachta de, de bhun phointe (a), an córas intleachta saorga, nó an córas intleachta saorga ar táirge sábháilteachta é, ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I.

    2.   I dteannta na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, measfar na córais intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina gcórais ardriosca.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, ní mheasfar córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina chóras ardriosca i gcás nach bhfuil riosca suntasach díobhála ann do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear gan tionchar ábhartha a imirt ar thoradh na cinnteoireachta.

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram cúng nós imeachta a dhéanamh;

    (b)

    go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga feabhas a chur ar thoradh gníomhaíochta arna cur i gcrích roimhe sin ag an duine;

    (c)

    go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta a bhí ann roimhe seo a bhrath agus nach bhfuil sé i gceist leis an gcóras sin teacht in ionad an mheasúnaithe dhaonna a cuireadh i gcrích roimhe sin ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna; nó

    (d)

    go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram ullmhúcháin a dhéanamh maidir le measúnú atá ábhartha chun críocha na gcásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III.

    D’ainneoin na chéad fhomhíre, measfar i gcónaí gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcás ina ndéanann an córas intleachta saorga próifíliú ar dhaoine nádúrtha.

    4.   Déanfaidh an soláthraí a mheasann nach córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé a mheasúnú a dhoiciméadú sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Beidh an soláthraí sin faoi réir na hoibleagáide clárúcháin a leagtar amach in Airteagal 49(2). Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla náisiúnta, soláthróidh an soláthraí doiciméadacht an mheasúnaithe.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um an Intleacht Shaorga (an ‘Bord’), agus tráth nach déanaí ná an 2 Feabhra 2026, treoirlínte a chur ar fáil lena sonraítear cur chun feidhme praiticiúil an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 96 mar aon le liosta cuimsitheach de shamplaí praiticiúla de chásanna úsáide córas intleachta saorga ardriosca vis-à-vis cásanna úsáide córas intleachta saorga neamh-ardriosca.

    6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo trí choinníollacha nua a chur leo siúd a leagtar síos inti, nó trína modhnú; i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ann go bhfuil córais intleachta saorga ann a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn III agus nach mbaineann riosca suntasach díobhála do shláinte, do shábháilteacht ná do chearta bunúsacha daoine nádúrtha leo.

    7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo trí aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos inti a scriosadh, i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ann go bhfuil gá leis sin chun an leibhéal cosanta do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun.

    8.   Ní laghdófar le haon leasú ar na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, an dara fomhír, arna nglacadh i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo an leibhéal foriomlán cosanta do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo agus áiritheofar leis comhsheasmhacht leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 7(1), agus cuirfear forbairtí margaidh agus teicneolaíocha san áireamh.

    Airteagal 7

    Leasuithe ar Iarscríbhinn III

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 lena leasaítear Iarscríbhinn III trí chásanna úsáide de chórais intleachta saorga ardriosca a chur leis nó a mhodhnú i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil na córais intleachta saorga ceaptha lena n-úsáid in aon cheann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn III;

    (b)

    go bhfuil an baol ann mar gheall ar na córais intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go n-imreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, agus gurb ionann an riosca sin agus an baol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, i ndáil lena thromchúisí agus a dhóchúla atá an díobháil sin nó an drochthionchar sin.

    2.   Agus measúnú á dhéanamh ar an gcoinníoll faoi mhír 1, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

    (a)

    an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

    (b)

    a mhéid a úsáideadh córas intleachta saorga nó a mhéid is dócha go n-úsáidfear é;

    (c)

    cineál agus méid na sonraí arna bpróiseáil agus arna n-úsáid ag an gcóras intleachta saorga, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil nó nach ndéantar;

    (d)

    a mhéid a ghníomhaíonn an córas intleachta saorga go neamhspleách agus an fhéidearthacht go sáródh an duine cinneadh nó moltaí, ar cinneadh nó moltaí iad a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh;

    (e)

    a mhéid atá díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga, díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, a imríodh drochthionchar cheana ar chearta bunúsacha mar gheall ar úsáid córais intleachta saorga nó a mhéid atá an úsáid sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil nó an drochthionchar sin, faoi mar a léirítear, mar shampla, i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta, nó i dtuairiscí eile, de réir mar is iomchuí;

    (f)

    méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh do níos mó ná duine amháin nó difear díréireach a dhéanamh do ghrúpa áirithe daoine;

    (g)

    maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an toradh a tháirgtear le córas intleachta saorga, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach sa toradh sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;

    (h)

    a mhéid atá éagothroime cumhachta ann nó atá na daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu i staid leochaileach i ndáil le húsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar stádas, údarás, eolas, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aois;

    (i)

    a mhéid is féidir an toradh a tháirgtear lena mbaineann córas intleacht shaorga a cheartú nó a mhalartú go héasca, agus na réitigh theicniúla atá ar fáil chun é a cheartú nó a aisiompú á gcur san áireamh, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil drochthionchar acu ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht nó ar chearta bunúsacha a bheith incheartaithe nó inmhalartaithe go héasca;

    (j)

    a mhéid a rachadh imscaradh an chórais intleachta saorga chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghrúpaí nó don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, agus an dóchúlacht go mbeadh an tairbhe sin ann;

    (k)

    i ndáil le dlí an Aontais atá ann faoi láthair, a mhéid a dhéantar foráil maidir leis an méid a leanas:

    (i)

    bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí a eisiamh uathu;

    (ii)

    bearta éifeachtacha chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú go suntasach.

    3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an liosta in Iarscríbhinn III a leasú trí chórais intleachta saorga ardriosca a bhaint i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    níl aon rioscaí suntasacha do chearta bunúsacha, do shláinte ná do shábháilteacht ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a thuilleadh, agus na critéir a liostaítear i mír 2 á gcur san áireamh;

    (b)

    ní laghdaíonn an scriosadh an leibhéal foriomlán cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais.

    ROINN 2

    Ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca

    Airteagal 8

    Ceanglais a chomhlíonadh

    1.   Comhlíonfaidh córais intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar síos sa Roinn seo, agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh chomh maith leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Cuirfear an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9 san áireamh agus comhlíontacht leis na ceanglais sin á háirithiú.

    2.   I gcás ina bhfuil córas intleachta saorga i dtáirge, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo maidir leis chomh maith le ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, beidh soláthraithe freagrach as a áirithiú go bhfuil a dtáirge i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais uile is infheidhme faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme. Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú, an dúbailt a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú, beidh rogha ag soláthraithe na próisis tástála agus tuairiscithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá a sholáthraíonn siad maidir lena dtáirge a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I.

    Airteagal 9

    Córas bainistíochta riosca

    1.   Bunófar córas bainistíochta riosca, cuirfear chun feidhme é, déanfar é a dhoiciméadú agus a choimeád ar bun i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

    2.   Is é a thuigfear le córas bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas inar gá athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta córasach. Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:

    (a)

    sainaithint agus anailís na rioscaí aitheanta agus na rioscaí atá measartha intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha nuair a úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;

    (b)

    meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;

    (c)

    meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72;

    (d)

    bearta bainistíochta riosca atá iomchuí agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint de bhun phointe (a).

    3.   Ní bhainfidh na rioscaí dá dtagraítear san Airteagal seo ach leo siúd a d’fhéadfaí a mhaolú nó deireadh a chur leo go réasúnta trí fhorbairt nó dearadh an chórais intleachta saorga ardriosca, nó trí fhaisnéis theicniúil leormhaith a sholáthar.

    4.   Leis na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), tabharfar aird chuí ar na héifeachtaí agus ar an idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, d’fhonn rioscaí a íoslaghdú ar bhealach níos éifeachtaí agus cothroime iomchuí a bhaint amach i gcur chun feidhme na mbeart chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

    5.   Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), go measfar go bhfuil aon riosca iarmharach ábhartha a bhaineann le gach guais agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha.

    Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:

    (a)

    díothú nó laghdú rioscaí arna sainaithint agus arna measúnú de bhun mhír 2 a mhéid is indéanta go teicniúil trí dhearadh agus forbairt leormhaith an chórais intleachta saorga ardriosca;

    (b)

    i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme beart maolaithe agus rialaithe leormhaith lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí nach féidir a dhíothú;

    (c)

    soláthar na faisnéise is gá de bhun Airteagal 13, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla.

    D’fhonn na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á dhíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint ar cheart don úsáideoir gairmiúil a bheith ag súil leo agus ar chomhthéacs úsáide intuartha an chórais.

    6.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a thástáil chun críocha shainaithint na mbeart bainistíochta riosca is iomchuí agus is spriocdhírithe. Áiritheofar leis an tástáil go bhfeidhmeoidh córais intleachta saorga ardriosca go comhsheasmhach don chríoch atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo.

    7.   Féadfar tástáil i bhfíordhálaí a áireamh sna nósanna imeachta tástála i gcomhréir le hAirteagal 60.

    8.   Déanfar an tástáil ar na córais intleachta saorga ardriosca, de réir mar is iomchuí, tráth ar bith le linn an phróisis forbartha, agus in aon chás, sula gcuirfear ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Déanfar tástáil in aghaidh méadrachtaí a shaineofar roimh ré agus tairseach dhóchúil a bheidh iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    9.   Agus an córas bainistíochta riosca dá bhforáiltear i míreanna 1 go 7 á chur chun feidhme, déanfaidh soláthraithe a mheas, i bhfianaise na críche atá beartaithe dó, cíbe an dócha go mbeidh drochthionchar ag an gcóras intleachta saorga ardriosca ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois agus, de réir mar is iomchuí, ar ghrúpaí leochaileacha eile.

    10.   I gcás soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir ceanglais maidir le próisis inmheánacha bainistíochta riosca faoi fhorálacha ábhartha eile an Aontais, féadfaidh na gnéithe dá bhforáiltear i míreanna 1 go 9 a bheith mar chuid de na nósanna imeachta bainistíochta riosca a bhunaítear de bhun an dlí sin, nó féadfar iad a chomhcheangal leo.

    Airteagal 10

    Sonraí agus rialachas sonraí

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha intleachta saorga le sonraí, déanfar iad a fhorbairt ar bhonn tacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5, agus tacair sonraí den sórt sin in úsáid.

    2.   Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta atá iomchuí chun na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca. Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na roghanna ábhartha maidir le dearadh;

    (b)

    próisis bailithe sonraí agus tionscnamh na sonraí, agus i gcás sonraí pearsanta, cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí;

    (c)

    oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, nuashonrú, saibhriú agus comhiomlánú;

    (d)

    toimhdí a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha le tomhas agus le hionadaíocht a dhéanamh uirthi;

    (e)

    measúnú ar infhaighteacht, cainníocht agus oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;

    (f)

    iniúchadh i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine, tionchar diúltach a bheith acu ar chearta bunúsacha nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo;

    (g)

    bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú, arna sainaithint i gcomhréir le pointe (f);

    (h)

    bearnaí nó easnaimh ábhartha sonraí a shainaithint lena gcoisctear comhlíonadh an Rialacháin seo, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.

    3.   Maidir leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, beidh siad ábhartha, sách ionadaíoch, agus a mhéid is mó is féidir, saor ó earráidí agus iomlán, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh. Beidh na hairíonna staidrimh iomchuí acu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí díobh a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith. Féadfar saintréithe na dtacar sonraí sin a chomhlíonadh ar leibhéal na dtacar aonair sonraí nó ar leibhéal atá ar mheascán díobh sin.

    4.   Cuirfear san áireamh sna tacair sonraí, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, cuirfear san áireamh na saintréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid.

    5.   A mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le mír (2), pointí (f) agus (g) den Airteagal seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh chun go dtarlóidh próiseáil den sórt sin:

    (a)

    ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;

    (b)

    tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus maidir le hathúsáid beart úrscothach slándála agus beart caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;

    (c)

    tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir bearta chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán, faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht na rochtana, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí acu ar na sonraí pearsanta sin;

    (d)

    ní bheidh na catagóirí speisialta sonraí pearsanta le tarchur ná le haistriú ná ní bheidh rochtain ar bhealach eile ag páirtithe eile orthu;

    (e)

    scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a bheidh an chlaontacht ceartaithe nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce;

    (f)

    áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh géarghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.

    6.   Chun córais intleachta saorga ardriosca a fhorbairt nach n-úsáideann teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha intleachta saorga, ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 ach amháin maidir leis na tacair sonraí tástála.

    Airteagal 11

    Doiciméadacht theicniúil

    1.   Déanfar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus coinneofar cothrom le dáta í.

    Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo agus go gcuirfear an fhaisnéis go léir is gá, i bhfoirm shoiléir chuimsitheach, ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais sin. Beidh, ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, na heilimintí a bhaineann leis an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún foirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil a bheidh dírithe ar riachtanais na bhfiontar beag agus na micrifhiontar. I gcás ina roghnaíonn FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, an fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críoch measúnaithe comhréireachta.

    2.   Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirge a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina gcuirtear ar an margadh é nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, déanfar doiciméadacht theicniúil aonair amháin a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis go léir a leagtar amach i mír I chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin.

    3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá chun a áirithiú, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, go soláthraítear sa doiciméadacht theicniúil an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht an chórais leis na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo a mheasúnú.

    Airteagal 12

    Coimeád taifead

    1.   Ceadóidh córais intleachta saorga ardriosca go teicniúil taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais (logaí) ar feadh shaolré an chórais.

    2.   Chun leibhéal inrianaitheachta a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais intleachta saorga atá iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras, leis na cumais logála, beifear in ann taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí atá ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cásanna a shainaithint ina bhféadfadh riosca a theacht ón gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) nó ina bhféadfadh modhnú substaintiúil a bheith mar thoradh orthu;

    (b)

    an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 a éascú; agus

    (c)

    faireachán ar oibriú na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 26(5).

    3.   Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, soláthrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis na cumais logála:

    (a)

    taifead ar thréimhse gach úsáide a bhaintear as an gcóras (dáta agus am tosaithe agus dáta agus am críochnaithe gach úsáide);

    (b)

    an bunachar sonraí tagartha ar seiceáladh na sonraí ionchuir ina leith leis an gcóras;

    (c)

    na sonraí ionchuir ar tháinig meaitseáil ina leith as an gcuardach;

    (d)

    sainaithint na ndaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le fíorú na dtorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 14(5).

    Airteagal 13

    Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla

    1.   Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí gairmiúla in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí. Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta d’fhonn comhlíontacht an tsoláthraí agus an úsáideora ghairmiúil lena n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i Roinn 3.

    2.   Beidh treoracha úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena n-áireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí gairmiúla.

    3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sna treoracha úsáide:

    (a)

    céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;

    (b)

    saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (i)

    an chríoch atá beartaithe dó;

    (ii)

    an leibhéal cruinnis, lena n-áirítear a méadrachtaí, agus an leibhéal stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

    (iii)

    aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh orthu don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

    (iv)

    i gcás inarb infheidhme, soláthrófar le cumais agus saintréithe teicniúla an chórais intleachta saorga ardriosca faisnéis atá ábhartha ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a mhíniú;

    (v)

    i gcás inarb iomchuí, feidhmíocht an chórais maidir le daoine sonracha nó grúpaí sonracha daoine a mbeartaítear an córas a úsáid ina leith;

    (vi)

    nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéise ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca á cur san áireamh;

    (vii)

    i gcás inarb infheidhme, faisnéis chun úsáideoirí gairmiúla a chumasú ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú agus é a úsáid go hiomchuí;

    (c)

    na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;

    (d)

    na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a éascú;

    (e)

    na hacmhainní ríomhaireachtúla agus na hacmhainní crua-earraí is gá, agus saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá, lena n-airítear a minicíocht, chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí;

    (f)

    i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na sásraí a áirítear sa chóras intleachta saorga ardriosca lenar féidir le húsáideoirí gairmiúla na logaí a bhailiú, a stóráil agus a léirmhíniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12.

    Airteagal 14

    Formhaoirseacht dhaonna

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt le huirlisí iomchuí comhéadain duine le meaisín ar bhealach lenar féidir le daoine nádúrtha iad a mhaoirsiú go héifeachtach le linn na tréimhse ina mbeidh an córas intleachta saorga ardriosca in úsáid.

    2.   Beidh sé d’aidhm ag an bhformhaoirseacht dhaonna na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc nó a íoslaghdú nuair a úsáidtear córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi choinníollacha mí-úsáide atá measartha intuartha, go háirithe nuair a leanann na rioscaí sin de bheith ann d’ainneoin chur i bhfeidhm na gceanglas eile a leagtar amach sa Roinn seo.

    3.   Beidh na bearta formhaoirseachta i gcomhréir le rioscaí, leibhéal neamhspleáchais agus comhthéacs úsáide an chórais intleachta saorga ardriosca, agus áiritheofar iad trí cheann amháin nó tríd an dá cheann de na cineálacha beart seo a leanas:

    (a)

    bearta arna sainaithint agus arna dtógáil sa chóras intleachta saorga ardriosca ag an soláthraí nuair is indéanta go teicniúil, sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é;

    (b)

    bearta arna sainaithint ag an soláthraí sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, ar bearta iad atá iomchuí don úsáideoir gairmiúil a chur chun feidhme.

    4.   Chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme, déanfar an córas intleachta saorga ardriosca a sholáthar don úsáideoir gairmiúil sa chaoi go ndéanfar daoine nádúrtha a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, de réir mar is iomchuí agus comhréireach, a chumasú an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    tuiscint cheart a fháil ar acmhainneachtaí agus teorainneacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, lena n-áirítear i bhfianaise aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;

    (b)

    a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (claontacht uathoibrithe), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil le haghaidh cinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;

    (c)

    aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus na huirlisí agus na modhanna léirmhínithe atá ar fáil, mar shampla, á gcur san áireamh;

    (d)

    a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca ná gan neamhaird a thabhairt ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca ná é a shárú nó a aisiompú ar shlí eile;

    (e)

    idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó cur isteach ar an gcóras le cnaipe ‘stad’ nó trí nós imeachta eile den chineál sin lenar féidir leis an gcóras teacht chun stad ar bhealach sábháilte.

    5.   Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, beidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo de chineál a áiritheoidh, ina theannta sin, nach ndéanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil aon ghníomh ná cinneadh ar bhonn an tsainaitheantais sin a dhéanfar leis an gcóras mura ndearna beirt daoine nádúrtha ar a laghad ag a bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá an sainaitheantas a fhíorú agus a dhearbhú ar leithligh.

    Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le fíorú ar leithligh a dhéanfaidh beirt daoine nádúrtha ar a laghad maidir le córais intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, imirce, rialaithe teorann nó tearmainn, i gcásanna ina bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais sin díréireach de réir dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

    Airteagal 15

    Cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil

    1.   Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go mbainfidh siad amach leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála, agus go bhfeidhmeoidh siad go comhsheasmhach ar feadh a saolré.

    2.   Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla i ndáil le leibhéil iomchuí chruinnis agus stóinseachta mar a leagtar amach i mír 1 iad mar aon le haon mhéadracht feidhmíochta ábhartha eile a thomhas, molfaidh an Coimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, go ndéanfar, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais a fhorbairt.

    3.   Sna treoracha úsáide a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha.

    4.   Beidh córais intleachta saorga ardriosca chomh hathléimneach agus is féidir maidir le hearráidí, fabhtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina n-oibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a n-idirghníomhú le daoine nádúrtha nó córais eile. Déanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla ina thaobh sin.

    Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta theicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach ina ndíothaítear nó ina laghdaítear a oiread is féidir an riosca go n-imreodh aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta tionchar ar ionchur le haghaidh oibríochtaí sa todhchaí (‘lúba aischothaithe’), agus chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar aon lúba aischothaithe mar iad le bearta maolaithe iomchuí.

    5.   Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach i gcoinne iarrachtaí tríú páirtithe a n-úsáid, a n-aschuir nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.

    Maidir leis na réitigh theicniúla arb é is aidhm dóibh cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, beidh siad iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí.

    Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, áireofar iontu sin, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ionsaithe atá ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar an tacar sonraí oiliúna (nimhiú sonraí) a chosc, a bhrath, freagairt orthu, a réiteach agus rialú lena n-aghaidh, nó comhpháirteanna réamhoilte a úsáidtear san oiliúint (nimhiú samhla), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail intleachta saorga botún mar gheall orthu (samplaí sáraíochta nó imghabháil samhla), ionsaithe rúndachta nó lochtanna samhla.

    ROINN 3

    Oibleagáidí sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca mar aon le páirtithe eile

    Airteagal 16

    Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca

    Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an méid seo a leanas:

    (a)

    a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2;

    (b)

    a chur in iúl ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo;

    (c)

    córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm lena gcomhlíontar Airteagal 17;

    (d)

    an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 18 a choimeád;

    (e)

    agus iad faoina rialú, na logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a gcórais intleachta saorga ardriosca, dá dtagraítear in Airteagal 19, a choimeád;

    (f)

    a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 43, i bhfeidhm ar an gcóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;

    (g)

    dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 47;

    (h)

    an mharcáil CE a ghreamú den chóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 48;

    (i)

    na hoibleagáidí maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh;

    (j)

    na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 20 a sholáthar;

    (k)

    ar iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú;

    (l)

    a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais inrochtaineachta i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 agus (AE) 2019/882.

    Airteagal 17

    Córas bainistíochta cáilíochta

    1.   Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:

    (a)

    straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar an gcóras intleachta saorga a bhainistiú;

    (b)

    teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;

    (c)

    teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;

    (d)

    nósanna imeachta scrúdaithe, tástála agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;

    (e)

    sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine nó nach gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar amach i Roinn 2 leo, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais sin;

    (f)

    córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear fáil sonraí, bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na críche sin;

    (g)

    an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;

    (h)

    córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 72;

    (i)

    nósanna imeachta a bhaineann le teagmhas tromchúiseach a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 73;

    (j)

    láimhseáil na cumarsáide le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a thugann rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis an rochtain sin, le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;

    (k)

    córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;

    (l)

    bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;

    (m)

    creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí an lucht bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.

    2.   Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí. Urramóidh soláthraithe, in aon chás, an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcórais intleachta saorga ardriosca an Rialachán seo.

    3.   Dála soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir oibleagáidí maidir le córais bainistíochta cáilíochta nó feidhm choibhéiseach faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais, féadfaidh siad na gnéithe a liostaítear i mír 1 a áireamh mar chuid de na córais bainistíochta cáilíochta a bhunaítear de bhun an dlí sin.

    4.   I gcás soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm, cé is moite de mhír 1, pointí (g), (h) agus (i) den Airteagal seo, trí na rialacha maidir le socruithe nó próisis rialachais inmheánaigh de bhun dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais a chomhlíonadh. Chuige sin, cuirfear san áireamh aon chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40.

    Airteagal 18

    Doiciméadacht a choimeád

    1.   Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, an méid seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:

    (a)

    an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11;

    (b)

    an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;

    (c)

    an doiciméadacht a bhaineann leis na hathruithe arna bhformheas ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;

    (d)

    na cinntí agus na doiciméid eile a d’eisigh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;

    (e)

    dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.

    2.   Cinnfidh gach Ballstát na coinníollacha faoina bhfanfaidh an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ar feadh na tréimhse a shonraítear sa mhír sin i gcásanna ina mbreithneofaí ina fhéimheach é soláthraí nó a ionadaí údaraithe atá bunaithe ar a chríoch nó ina gcuireann sé deireadh lena chuid gníomhaíochtaí roimh dheireadh na tréimhse sin.

    3.   Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad an doiciméadacht theicniúil mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.

    Airteagal 19

    Logaí a ghintear go huathoibríoch

    1.   Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghintear go huathoibríoch lena gcórais intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú. Gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme, coinneofar na logaí ar feadh tréimhse a bheidh ag teacht leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca, 6 mhí ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

    2.   Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí a ghineann a gcórais intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.

    Airteagal 20

    Gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an dualgas maidir le faisnéis

    1.   Soláthraithe córas intleachta saorga a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a astarraingt, chun é a dhíchumasú, nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh siad na dáileoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, na húsáideoirí gairmiúla, an t-ionadaí údaraithe agus na hallmhaireoirí ar an eolas faoin gcóras intleachta saorga ardriosca dá réir sin.

    2.   I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) agus ina dtagann soláthraí an chórais ar an eolas faoin riosca sin, fiosróidh sé na cúiseanna láithreach bonn, i ndlúthchomhar leis an úsáideoir gairmiúil a thuairiscigh an riosca, i gcás inarb infheidhme, agus cuirfidh sé údaráis faireachais margaidh atá inniúil maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca lena mbaineann ar an eolas ina thaobh, agus i gcás inarb infheidhme, an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh deimhniúchán don chóras intleachta saorga ardriosca sin i gcomhréir le hAirteagal 44, go háirithe i ndáil le cineál an neamhchomhlíonta agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach ábhartha a rinneadh.

    Airteagal 21

    Comhar leis na húdaráis inniúla

    1.   Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, i dteanga is furasta don údarás a thuiscint i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a chinnfidh an Ballstát i dtrácht.

    2.   Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, tabharfaidh soláthraithe rochtain don údarás inniúil iarrthach, de réir mar is infheidhme, ar logaí arna nginiúint go huathoibríoch den chóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a mhéid atá na logaí sin faoina rialú.

    3.   Aon fhaisnéis a fhaigheann údarás inniúil de bhun an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    Airteagal 22

    Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca

    1.   Sula gcuirfidh siad a gcórais intleachta saorga ardriosca ar fáil ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas.

    2.   Cuirfidh an soláthraí ar chumas a ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí a dhéanamh.

    3.   Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais a chinnfidh an t-údarás inniúil. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

    (a)

    a fhíorú gur dréachtaíodh an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus go ndearna an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí;

    (b)

    sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe, cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an doiciméadacht theicniúil agus, más infheidhme, an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(10), ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse;

    (c)

    ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, a chur ar fáil d’údarás inniúil chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, lena n-áirítear rochtain ar na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghineann an córas intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí;

    (d)

    comhoibriú le húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú;

    (e)

    i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh nó, más é an soláthraí féin a dhéanann an clárú, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn A d’Iarscríbhinn VIII ceart.

    Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

    4.   Foirceannfaidh an t-ionadaí údaraithe an sainordú má mheasann sé, nó má tá cúis aige lena mheas, go bhfuil an soláthraí ag gníomhú contrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an t-údarás ábhartha faireachais margaidh, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra, ar an eolas láithreach faoi fhoirceannadh an tsainordaithe agus faoi na cúiseanna atá leis.

    Airteagal 23

    Oibleagáidí allmhaireoirí

    1.   Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an córas i gcomhréir leis an Rialachán seo trína fhíorú:

    (a)

    gur chuir soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 43 i bhfeidhm;

    (b)

    gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Iarscríbhinn IV;

    (c)

    go bhfuil an mharcáil CE is gá ar an gcóras agus go bhfuil an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis;

    (d)

    go bhfuil ionadaí údaraithe ceaptha ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagal 22(1).

    2.   I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag allmhaireoir a mheas nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó gur falsaíodh é, nó gur cuireadh doiciméadacht fhalsaithe leis, ní chuirfidh sé an córas ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an t-allmhaireoir soláthraí an chórais, an t-ionadaí údaraithe agus na húdaráis faireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

    3.   Cuirfidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a phacáistíocht nó sa doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, i gcás inarb infheidhme.

    4.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair, i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 i mbaol.

    5.   Coinneoidh allmhaireoirí, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, cóip den deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme, de na treoracha úsáide agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.

    6.   Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha, ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 5, chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, i dteanga a bheidh sothuigthe dóibh. Chun na críche sin, áiritheoidh siad freisin gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin.

    7.   Comhoibreoidh allmhaireoirí leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir le córas intleachta saorga ardriosca arna chur ar an margadh ag na hallmhaireoirí, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis a laghdú agus a mhaolú.

    Airteagal 24

    Oibleagáidí na ndáileoirí

    1.   Sula gcuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad go bhfuil an mharcáil comhréireachta CE is gá ar an gcóras, go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis, agus gur chomhlíon soláthraí agus allmhaireoir an chórais sin, de réir mar is infheidhme, a gcuid oibleagáidí faoi seach a leagtar síos i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 16 agus in Airteagal 23(3).

    2.   I gcás ina measann dáileoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ní chuirfidh sé an córas intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh go dtí go mbeidh an córas tugtha chun comhréireachta leis na ceanglais sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an dáileoir soláthraí nó allmhaireoir an chórais, de réir mar is infheidhme, ar an eolas faoi sin.

    3.   Áiritheoidh dáileoirí, fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair, i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 i mbaol.

    4.   Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an soláthraí, an t-allmhaireoir nó aon oibreoir ábhartha, de réir mar is iomchuí, na bearta ceartaitheacha sin. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an dáileoir an soláthraí nó an t-allmhaireoir den chóras agus údaráis inniúla atá inniúil maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, agus tabharfaidh sé tuairisc, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil ábhartha, cuirfidh dáileoirí córais intleachta saorga ardriosca an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin maidir lena ngníomhaíochtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 chun comhréireacht an chórais sin leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú.

    6.   Comhoibreoidh dáileoirí leis na húdaráis inniúla ábhartha in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir le córas intleachta saorga ardriosca a chuir na dáileoirí ar fáil ar an margadh, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis a laghdú agus a mhaolú.

    Airteagal 25

    Freagrachtaí feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga

    1.   Measfar gur soláthraí córas intleachta saorga ardriosca é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    cuireann siad a n-ainm nó a dtrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháilfear na hoibleagáidí ar shlí eile;

    (b)

    déanann siad modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana agus ar bhealach go leanfaidh sé de bheith ina chóras intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6;

    (c)

    modhnaíonn siad an chríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nach bhfuil aicmithe mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ar bhealach a fhágann go mbeidh an córas intleachta saorga lena mbaineann ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

    2.   Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí an chórais intleachta saorga áirithe sin chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ar an margadh ar dtús nó chuir i mbun seirbhíse é ar dtús. Oibreoidh an soláthraí tosaigh sin i ndlúthchomhar le soláthraithe nua agus cuirfidh sé an fhaisnéis is gá ar fáil agus soláthróidh sé an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile a mbeifí ag súil go réasúnta leis agus a bheadh riachtanach chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le comhlíonadh an mheasúnaithe comhréireachta ar chórais intleachta saorga ardriosca. Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcásanna ina bhfuil sé sonraithe go soiléir ag an soláthraí tosaigh nach bhfuil a chóras intleachta saorga le hathrú ina chóras intleachta saorga ardriosca agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoin oibleagáid an doiciméadacht a thabhairt ar láimh.

    3.   I gcás córas intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad atá cumhdaithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, measfar gurb é monaróir na dtáirgí soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca, agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí faoi Airteagal 16 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh in éineacht leis an táirge faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge;

    (b)

    i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh.

    4.   Déanfaidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca agus an tríú páirtí a sholáthraíonn córas intleachta saorga, uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna, nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil, agus an cúnamh eile is gá a shonrú bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, chun a chur ar chumas sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tríú páirtithe a dhéanann uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna, seachas samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, inrochtana don phobal faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte.

    Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga téarmaí eiseamláireacha deonacha do chonarthaí a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca. Nuair a bheidh na téarmaí eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha. Foilseofar na téarmaí eiseamláireacha deonacha agus beidh siad ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach sho-úsáidte.

    5.   Tá míreanna 2 agus 3 gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    Airteagal 26

    Oibleagáidí úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca

    1.   Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais sin i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leo, de bhun mhíreanna 3 agus 6.

    2.   Sannfaidh úsáideoirí gairmiúla maoirseacht dhaonna do dhaoine nádúrtha a bhfuil an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá, chomh maith leis an tacaíocht is gá, acu.

    3.   Tá na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’oibleagáidí eile úsáideoirí gairmiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta ná do shaoirse an úsáideora ghairmiúil a chuid acmhainní féin agus a ghníomhaíochtaí féin a eagrú chun na bearta formhaoirseachta daonna arna gcur in iúl ag an soláthraí a chur chun feidhme.

    4.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, sa mhéid go bhfeidhmíonn an t-úsáideoir gairmiúil smacht ar na sonraí ionchuir, áiritheoidh an t-úsáideoir gairmiúil sin go mbeidh na sonraí ionchuir ábhartha agus ionadaíoch go leordhóthanach i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

    5.   Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad na soláthraithe ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 72. I gcás ina mbeidh cúis ag úsáideoirí gairmiúla a mheas go bhféadfadh riosca de réir bhrí Airteagal 79(1) a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga mar thoradh ar úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir agus an t-údarás ábhartha faireachais margaidh ar an eolas gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad úsáid an chórais sin ar fionraí. I gcás ina sainaithníonn úsáideoirí gairmiúla teagmhas tromchúiseach, láithreach bonn, cuirfidh siad an soláthraí ar dtús agus ansin an t-allmhaireoir nó an dáileoir agus na húdaráis ábhartha faireachais margaidh ar an eolas faoin teagmhas sin. Mura féidir leis an úsáideoir gairmiúil teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 73 mutatis mutandis. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ar údaráis forfheidhmithe dlí iad.

    I gcás úsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun an dlí seirbhísí airgeadais ábhartha a chomhlíonadh.

    6.   Coimeádfaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin a mhéid atá na logaí sin faoina rialú, ar feadh tréimhse is iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca, tréimhse 6 mhí ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

    Maidir le húsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar de bhun dhlí sheirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.

    7.   Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse nó sula n-úsáidfear é san ionad oibre, cuirfidh úsáideoirí gairmiúla ar fostóirí iad in iúl d’ionadaithe na n-oibrithe agus do na hoibrithe lena mbaineann go mbeidh siad faoi réir úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí agus cleachtas an Aontais agus i ndlí agus cleachtas náisiúnta maidir le faisnéis a bhaineann le hoibrithe agus a n-ionadaithe.

    8.   Úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais iad, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49. I gcás ina bhfaigheann na húsáideoirí gairmiúla sin amach nár cláraíodh an córas intleachta saorga ardriosca a bheartaíonn siad a úsáid i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, ní úsáidfidh siad an córas sin agus cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas.

    9.   I gcás inarb infheidhme, bainfidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca úsáid as an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 13 den Rialachán seo chun a n-oibleagáid measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh.

    10.   Gan dochar do Threoir (AE) 2016/680, faoi chuimsiú imscrúdú ar chuardach spriocdhírithe ar dhuine atá faoi amhras nó atá ciontaithe i gcion coiriúil a dhéanamh, iarrfaidh úsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga ardriosca le haghaidh córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha údarú, ex ante, nó gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig, ó údarás breithiúnach nó údarás riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach agus faoi réir athbhreithniú breithiúnach, chun an córas sin a úsáid, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear é chun duine a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras a shainaithint den chéad uair bunaithe ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhaineann go díreach leis an gcion. Beidh gach úsáid teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar chion coiriúil sonrach.

    Má dhiúltaítear don údarú a iarrtar de bhun na chéad fomhíre, cuirfear deireadh, le héifeacht láithreach, le húsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha atá nasctha leis an údarú iarrtha sin agus scriosfar na sonraí pearsanta atá nasctha le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarradh an t-údarú ina leith.

    I gcás ar bith, ní úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca mar sin le haghaidh córas cian-sainaitheanta iar-aimseartha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach nach bhfuil spriocdhírithe, gan aon nasc le cion coiriúil, le himeacht coiriúil, le fíorbhagairt atá ann nó fíorbhagairt intuartha maidir le cion coiriúil, ná le duine sonrach atá ar iarraidh a chuardach. Áiritheofar nach bhféadfaidh na húdaráis forfheidhmithe dlí aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine bunaithe ar aschur na gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha sin.

    Tá an mhír seo gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus d’Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil.

    Gan beann ar chuspóir na húsáide ná cuspóir an úsáideora ghairmiúil, déanfar gach úsáid a bhaintear as na córais intleachta saorga ardriosca sin a dhoiciméadú sa chomhad póilíneachta ábhartha agus cuirfear ar fáil í don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta um chosaint sonraí arna iarraidh sin, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Beidh an fhomhír seo gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’údaráis mhaoirseachta le Treoir (AE) 2016/680.

    Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na n-údarás ábhartha faireachais margaidh agus na n-údarás náisiúnta um chosaint sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann siad as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a nochtadh. Féadfar na tuarascálacha a chomhiomlánú chun níos mó ná imscaradh amháin a chumhdach.

    Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha.

    11.   Maidir le húsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a dhéanann cinntí nó a chabhraíonn le cinntí a dhéanamh maidir le daoine nádúrtha, déanfaidh siad, gan dochar d’Airteagal 50 den Rialachán seo, na daoine nádúrtha a chur ar an eolas go bhfuil siad faoi réir úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. I gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, beidh feidhm ag Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680.

    12.   Comhoibreoidh úsáideoirí gairmiúla leis na húdaráis inniúla ábhartha maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin i ndáil leis an gcóras intleachta saorga ardriosca chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Airteagal 27

    Measúnú tionchair ar chearta bunúsacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca

    1.   Sula n-úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid sa réimse a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó ar eintitis phríobháideacha iad a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 5 (b) agus (c) d’Iarscríbhinn III, measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid an chórais sin ar chearta bunúsacha. Chun na críche sin, áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú a dhéanfaidh úsáideoirí gairmiúla:

    (a)

    tuairisc ar na próisis a bheidh ag an úsáideoir gairmiúil agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;

    (b)

    tuairisc ar an tréimhse ama ina bhfuil sé beartaithe gach córas intleachta saorga ardriosca a úsáid, agus a mhinice a úsáidfear é;

    (c)

    catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dócha go ndéanfaidh a úsáid sa chomhthéacs sonrach difear dóibh;

    (d)

    na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar na catagóirí daoine nádúrtha nó ar na grúpaí daoine a shainaithnítear de bhun phointe (c) den mhír seo, agus an fhaisnéis a thabharfaidh an soláthraí de bhun Airteagal 13 á cur san áireamh;

    (e)

    tuairisc ar chur chun feidhme na mbeart formhaoirseachta daonna, de réir na dtreoracha úsáide;

    (f)

    na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn na rioscaí sin, lena n-áirítear na socruithe maidir le rialachas inmheánach agus sásraí gearáin.

    2.   Tá feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le céadúsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Féadfaidh an t-úsáideoir gairmiúil, i gcásanna comhchosúla, brath ar mheasúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh roimhe sin nó ar mheasúnuithe tionchair a rinne soláthraí cheana. Más rud é, le linn úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, go measann an t-úsáideoir gairmiúil gur athraigh aon cheann de na heilimintí a liostaítear i mír 1 nó nach bhfuil sé cothrom le dáta a thuilleadh, déanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil na bearta is gá chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta.

    3.   A luaithe a bheidh an measúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanta, tabharfaidh an t-úsáideoir gairmiúil fógra don údarás faireachais margaidh faoi na torthaí a bhí air, lena n-áirítear an teimpléad comhlánaithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal a chur isteach mar chuid den fhógra. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 46(1), féadfar úsáideoirí gairmiúla a dhíolmhú ón oibleagáid sin fógra a thabhairt.

    4.   Má comhlíonadh cheana féin aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo tríd an measúnú tionchair ar chosaint sonraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, comhlánóidh an measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an measúnú tionchair sin ar chosaint sonraí.

    5.   Forbróidh an Oifig um Intleacht Shaorga teimpléad le haghaidh ceistneora, lena n-áirítear trí uirlis uathoibrithe, chun cabhrú le húsáideoirí gairmiúla a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh ar bhealach simplithe.

    ROINN 4

    Na húdaráis a thugann fógra agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

    Airteagal 28

    Na húdaráis a thugann fógra

    1.   Déanfaidh gach Ballstát ar a laghad údarás amháin a thugann fógra a ainmniú nó a chur ar bun, údarás a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu. Forbrófar na nósanna imeachta sin i gcomhar idir údaráis na mBallstát uile a thugann fógra.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil comhlacht náisiúnta creidiúnaithe leis an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.

    3.   Bunófar, eagrófar agus riarfar údaráis a thugann fógra ar bhealach chun aon choinbhleacht leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a sheachaint, agus chun go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí.

    4.   Eagrófar údaráis a thugann fógra ar bhealach a n-áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú ar na comhlachtaí sin, a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.

    5.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh na húdaráis a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

    6.   Déanfaidh na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.

    7.   Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ar fáil dóibh ag na húdaráis a thugann fógra chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart. Beidh an saineolas is gá ag an bpearsanra inniúil, i gcás inarb infheidhme, dá bhfeidhm, i réimsí ar nós na dteicneolaíochtaí faisnéise, intleacht shaorga agus an dlí, lena n-áirítear maoirseacht ar chearta bunúsacha.

    Airteagal 29

    Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta

    1.   Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

    2.   Beidh ag gabháil leis an iarratas ar fhógra tuairisc ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, an modúl nó na modúil measúnaithe comhréireachta agus cineálacha na gcóras intleachta saorga a maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31.

    Cuirfear isteach aon doiciméad bailí a bhaineann le hainmniúcháin an chomhlachta is iarratasóir faoina dtugtar fógra faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais.

    3.   I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán tráthrialta a dhéanamh air sin.

    4.   Maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí. Tar éis don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ainmnithe, déanfaidh sé an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a nuashonrú aon uair a tharlaíonn athruithe ábhartha, le cur ar chumas an údaráis atá freagrach as comhlachtaí faoina dtugtar fógra faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas go léir a leagtar síos in Airteagal 31 agus é sin a fhíorú.

    Airteagal 30

    Nós imeachta um fhógra a thabhairt

    1.   Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

    2.   Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, maidir le gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Beidh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann, agus ar dhearbhú ábhartha na hinniúlachta. I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta mar aon leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán tráthrialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31.

    4.   Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a bheith ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 29(3) a bheith san fhógra.

    5.   I gcás ina ndéantar agóidí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit ábhartha agus leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta. Ag féachaint don mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gcomhlacht ábhartha um measúnú comhréireachta.

    Airteagal 31

    Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

    1.   Bunófar comhlacht faoina dtugtar fógra faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

    2.   Comhlíonfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir le heagrúchán, bainistíocht cáilíochta, acmhainní agus próiseas is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, chomh maith le ceanglais chibearshlándála oiriúnacha.

    3.   Áiritheofar leis an struchtúr eagrúcháin, leithdháileadh freagrachtaí, na línte tuairiscithe agus oibriú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh muinín i bhfeidhmíocht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus i dtorthaí na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

    4.   Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith. Ní choiscfear, leis sin, córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta, ná córais intleachta saorga ardriosca mar iad a úsáid chun críoch pearsanta.

    5.   Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, forbairt, margú ná úsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra fúthu ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas seo, go háirithe, maidir le seirbhísí comhairleachta.

    6.   Eagrófar agus oibreofar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra sa chaoi go gcaomhnófar neamhspleáchas, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra struchtúr agus nósanna imeachta a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun neamhchlaontacht a choimirciú agus chun prionsabail na neamhchlaontachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta agus ina ngníomhaíochtaí measúnaithe agus i measc a gcuid foirne.

    7.   Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra lena áirithiú go gcoimeádfaidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 78, rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta faoina dtugtar fógra rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích.

    8.   Beidh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga lena mbaineann.

    9.   Beidh árachas dliteanais iomchuí ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra le haghaidh a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina nglacann an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe dliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil an Ballstát sin féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

    10.   Beidh sé de chumas ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcúraimí uile faoin Rialachán seo a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht is gá sa réimse sonrach, bíodh na cúraimí sin á ndéanamh ag na comhlachtaí féin faoina dtugtar fógra nó thar a gceann agus faoina bhfreagracht.

    11.   Beidh go leor inniúlachtaí inmheánacha ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun gur féidir leo meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann páirtithe seachtracha thar a gceann. Beidh foireann leordhóthanach riaracháin, theicniúil, dhlíthiúil agus eolaíoch ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra i gcónaí, foireann ag a bhfuil taithí agus eolas a bhaineann leis na cineálacha ábhartha córas intleachta saorga, cineálacha sonraí agus ríomhaireacht sonraí ábhartha agus leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2.

    12.   Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt go díreach in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, nó déanfar ionadaíocht orthu sna heagraíochtaí sin, nó áiritheoidh siad go bhfuil siad ar an eolas faoi na caighdeáin ábhartha agus cothrom le dáta ina leith.

    Airteagal 32

    Toimhde maidir le comhréireacht le ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

    I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, agus na tagairtí ina leith sin foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

    Airteagal 33

    Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoirí

    1.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

    2.   Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann aon fhochonraitheoirí nó aon fhochuideachtaí.

    3.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón soláthraí. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra liosta dá bhfochuideachtaí ar fáil go poiblí.

    4.   I gcás na ndoiciméad ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, coimeádfar iad ar fáil don údarás a thugann fógra go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta foirceanta na fochonraitheoireachta.

    Airteagal 34

    Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

    1.   Fíoróidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43.

    2.   Seachnóidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad an aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, go háirithe d’fhonn ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta a íoslaghdú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear chun go gcomhlíonfaidh an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an Rialacháin seo..

    3.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an doiciméadacht ábhartha uile, lena n-áirítear doiciméadacht an tsoláthraí, a chur ar fáil agus a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra dá dtagraítear in Airteagal 28, arna iarraidh sin orthu, ionas go mbeidh an t-údarás sin in ann dul i mbun a ghníomhaíochtaí maidir le measúnú, ainmniú, fógra a thabhairt agus faireachán agus chun an measúnú a leagtar amach sa Roinn seo a éascú.

    Airteagal 35

    Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

    1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais aonair do gach comhlacht faoina dtugtar fógra, fiú i gcás ina dtugtar fógra do chomhlacht faoi bhreis is gníomh amháin de chuid an Aontais.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n-áireofar a n-uimhreacha aitheantais agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra ina dtaobh, agus cuirfear ar fáil don phobal é. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an liosta cothrom le dáta i gcónaí.

    Airteagal 36

    Athruithe ar na fógraí

    1.   Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe ábhartha ar fhógra a thabhairt faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra tríd an uirlis leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

    2.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 29 agus 30 maidir le leathnú ar raon feidhme an fhógra.

    I gcás athruithe ar an bhfógra cé is moite de leathnú ar a raon feidhme, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna (3) go (9).

    3.   I gcás ina gcinnfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deireadh a chur lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, cuirfidh sé é sin in iúl don údarás a thugann fógra agus do na soláthraithe lena mbaineann, a luaithe is féidir agus má shocraítear deireadh a chur le gníomhaíochtaí, bliain amháin ar a laghad roimh dó deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí. Féadfaidh na deimhnithe ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith fós bailí go ceann tréimhse 9 mí tar éis deireadh a chur le gníomhaíochtaí an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar choinníoll gur dhearbhaigh comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go ngabhfadh sé na freagrachtaí air féin maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear faoi na deimhnithe sin. Déanfaidh an comhlacht eile faoina dtugtar fógra measúnú iomlán ar na córais intleachta saorga ardriosca a ndéantar difear dóibh faoi dheireadh na tréimhse 9 mí sin roimh dó deimhnithe nua a eisiúint le haghaidh na gcóras sin. I gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí, tarraingeoidh an t-údarás a thugann fógra siar an t-ainmniú.

    4.   I gcás ina bhfuil cúis imleor ag údarás a thugann fógra a mheas nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin a thugann fógra an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an t-údarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin an t-ainmniú a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

    5.   I gcás inar cuireadh ainmniú comhlachta faoina dtugtar fógra ar fionraí, inar cuireadh srian air nó ina ndearnadh é a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, déanfaidh sé na soláthraithe lena mbaineann a chur ar an eolas laistigh de 10 lá.

    6.   I gcás ina ndéantar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra na bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar comhaid an chomhlachta faoina dtugtar fógra a choinneáil agus cuirfidh sé ar fáil iad d’údaráis a thugann fógra i mBallstáit eile agus d’údaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin dóibh.

    7.   I gcás ina ndéanfar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas:

    (a)

    measúnú ar an tionchar atá ar na deimhnithe a eisíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra;

    (b)

    tuarascáil lena gcuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoi na hathruithe ar an ainmniú a thabhairt;

    (c)

    ceangal a chur ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a eisíodh go míchuí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, laistigh de thréimhse réasúnta ama a chinnfidh an t-údarás chun comhréireacht leanúnach na gcóras intleachta saorga ardriosca atá ar an margadh a áirithiú;

    (d)

    an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheimhnithe a d’éiligh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

    (e)

    gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí maidir leis na deimhnithe atá sé ag éileamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; déanfaidh an t-údarás sin na bearta iomchuí is gá chun baol ionchasach do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha a sheachaint.

    8.   Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a chur ar fionraí nó a shrianadh, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí i gceann de na cúinsí seo a leanas:

    (a)

    dhearbhaigh an t-údarás a thugann fógra, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an chur ar fionraí nó an tsrianta, nach ann do bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha maidir le deimhnithe a ndearnadh difear dóibh de bharr na fionraí nó an tsrianta agus tá amlíne gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an údarás a thugann fógra chun an fhionraí nó an srianadh a réiteach; nó

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag an údarás a thugann fógra nach ndéanfar aon deimhnithe a bhaineann leis an bhfionraí a eisiúint, a leasú, nó a atheisiúint, le linn na fionraí nó an tsrianta, agus go luafaidh an t-údarás an bhfuil an cumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra leanúint d’fhaireachán a dhéanamh agus de bheith freagrach as deimhnithe atá ann cheana a eisíodh do thréimhse na fionraí nó an tsrianta; i gcás ina gcinnfidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil sé de chumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra tacú le deimhnithe a eisíodh cheana féin, dearbhóidh soláthraí an chórais a chumhdaítear leis an deimhniú i scríbhinn d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe, laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó ón srianadh, go bhfuil feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na deimhnithe agus bheith freagrach astu á nglacadh ag comhlacht cáilithe eile faoina dtugtar fógra, ar bhonn sealadach, le linn na tréimhse fionraí nó srianta.

    9.   Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí, agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a tharraingt siar, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí go ceann tréimhse 9 mí sna cúinsí seo a leanas:

    (a)

    tá sé dearbhaithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis an deimhniú nach ngabhann aon bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha leis na córais intleachta saorga ardriosca atá i gceist; agus

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go nglacfaidh sé chuige láithreach an fhreagracht maidir leis na córais intleachta saorga sin agus go mbeidh measúnú orthu curtha i gcrích aige laistigh de 12 mhí ón uair a rinneadh an t-ainmniú a tharraingt siar.

    Sna cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí córais a chumhdaítear leis an deimhniú síneadh ama a chur le bailíocht shealadach na ndeimhnithe go ceann tréimhsí breise 3 mhí, gan a bheith níos faide ná 12 mhí san iomlán.

    Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhlacht faoina dtugtar fógra a ghlacann feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra a mbeidh tionchar ag an athrú ar an ainmniú air an Coimisiún, na Ballstáit eile agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Airteagal 37

    Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

    1.   Imscrúdóidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gach cás a bhfuil amhras air ina leith maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag leanúint de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31 agus na bhfreagrachtaí is infheidhme atá air.

    2.   Cuirfidh an t-údarás a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann nó maidir le cothabháil a inniúlachta.

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhun an Airteagail seo, i gcomhréir le hAirteagal 78.

    4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá sin. I gcás ina dteipeann ar an mBallstát na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an t-ainmniú a chur ar fionraí, a shrianadh nó a tharraingt siar. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    Airteagal 38

    Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, go gcuirfear ar bun comhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá gníomhach i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta de bhun an Rialacháin seo agus go n-oibreofar mar is ceart iad i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

    2.   Áiritheoidh gach údarás a thugann fógra go mbeidh na comhlachtaí a dtugann siad fógra fúthu rannpháirteach in obair grúpa dá dtagraítear i mír 1, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú eolais agus dea-chleachtas idir údaráis a thugann fógra.

    Airteagal 39

    Comhlachtaí um measúnú comhréireachta i dtríú tíortha

    Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna mbunú faoi dhlí tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas léi, féadfar na comhlachtaí sin a údarú chun gníomhaíochtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanamh faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31, nó go n-áirithíonn siad leibhéal coibhéiseach comhlíontachta.

    ROINN 5

    Caighdeáin, measúnú comhréireachta, deimhnithe, clárú

    Airteagal 40

    Caighdeáin chomhchuibhithe agus spriocanna insoláthartha um chaighdeánú

    1.   Córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin.

    2.   I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eiseoidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdófar na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo agus, de réir mar is infheidhme, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdaítear oibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo. Leis an iarraidh ar chaighdeánú, iarrfar freisin spriocanna insoláthartha maidir le próisis tuairiscithe agus doiciméadachta chun feidhmíocht acmhainní na gcóras intleachta saorga a fheabhsú, amhail ídiú fuinnimh agus acmhainní eile an chórais intleachta saorga ardriosca a laghdú le linn a shaolré, agus maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorbairt ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh. Agus iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairleach.

    Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór na caighdeáin a bheith soiléir, comhsheasmhach, lena n-áirítear leis na caighdeáin a forbraíodh sna hearnálacha éagsúla le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe reatha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse san Aontas na ceanglais ábhartha nó oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

    Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú fianaise a sholáthar maidir lena ndícheall na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

    3.   Féachfaidh rannpháirtithe an phróisis caighdeánaithe le hinfheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, chomh maith le hiomaíochas agus fás mhargadh an Aontais, agus le rannchuidiú le comhar domhanda maidir le caighdeánú a neartú agus caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana i réimse na hintleachta saorga atá comhsheasmhach le luachanna, cearta bunúsacha agus leasanna an Aontais á gcur san áireamh, agus leis an rialachas il-gheallsealbhóra lena n-áirithítear ionadaíocht chothrom ar leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile i gcomhréir le hAirteagail 5, 6, agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a fheabhsú.

    Airteagal 41

    Sonraíochtaí coiteanna

    1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, agus:

    (i)

    nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó

    (ii)

    nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

    (iii)

    nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha; nó

    (iv)

    nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

    (b)

    nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

    Agus na sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    2.   Sula n-ullmhóidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo a bheith comhlíonta.

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, nó le codanna de na sonraíochtaí sin, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.

    4.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó codanna díobh, lena gcumhdaítear na ceanglais chéanna a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí céanna a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V.

    5.   I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla lena gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V go leibhéal atá coibhéiseach leo ar a laghad.

    6.   I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an eolas sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann lena mbaineann a leasú.

    Airteagal 42

    Toimhde comhréireachta le ceanglais áirithe

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a léiríonn an suíomh sonrach geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, toimhdeofar go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais ábhartha a leagtar síos in Airteagal 10(4).

    2.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh.

    Airteagal 43

    Measúnú comhréireachta

    1.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, roghnóidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas bunaithe ar:

    (a)

    an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI; nó

    (b)

    an measúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

    Agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chás:

    (a)

    nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil;

    (b)

    nár chuir an soláthraí an caighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó nár chuir sé ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm;

    (c)

    gur ann do na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a), ach nár chuir an soláthraí i bhfeidhm iad;

    (d)

    gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus ar an gcuid sin amháin den chaighdeán ar cuireadh srian uirthi.

    Chun críocha an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a roghnú. Ach nuair a bheidh sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a bheith á chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) nó (9), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht faoina dtugtar fógra.

    2.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III, leanfaidh soláthraithe an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI, nach ndéantar foráil leis maidir le rannpháirtíocht comhlachta faoina dtugtar fógra.

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá faoi chumhdach reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta de réir mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca sin agus beidh siad mar chuid den mheasúnú sin. Beidh feidhm freisin ag pointí 4.3., 4.4., 4.5. agus ag an gcúigiú mír de phointe 4.6 d’Iarscríbhinn VII.

    Chun críocha an mheasúnaithe sin, na comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar tugadh fógra fúthu faoi na gníomhartha dlí sin, beidh siad i dteideal rialú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31(4), (5), (10) agus (11) i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi na gníomhartha dlí sin.

    I gcás ina gcuireann gníomh dlí a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I ar chumas mhonaróir an táirge a roghnú gan a bheith páirteach i measúnú comhréireachta tríú páirtí, ar choinníoll gur chuir an monaróir sin na caighdeáin chomhchuibhithe uile i bhfeidhm lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile, ní fhéadfaidh an monaróir sin úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 curtha i bhfeidhm aige freisin, lena gcumhdaítear na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo.

    4.   Cuirfear nós imeachta nua um measúnú comhréireachta i bhfeidhm maidir le córais intleachta saorga ardriosca, ar córais iad a bhí faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta cheana, i gcás modhnú substaintiúil, gan beann ar an mbeartaítear an córas modhnaithe a dháileadh a thuilleadh nó an leanann an t-úsáideoir gairmiúil reatha d’úsáid a bhaint as.

    Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, ní modhnú substaintiúil a bheidh in athruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht, athruithe arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh agus ar cuid iad den fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinní VI agus VII a leasú trína dtabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil.

    6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 lena leasaítear míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo chun na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III a chur faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII nó faoi réir codanna de. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin, agus éifeachtacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta á cur san áireamh aige bunaithe ar an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI maidir leis na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, agus do chosaint na gceart bunúsach a thugtar leis na córais sin, a chosc nó a íoslaghdú chomh maith le hinfhaighteacht inniúlachtaí leordhóthanacha na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

    Airteagal 44

    Deimhnithe

    1.   Maidir le deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga is éasca do na húdaráis ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe a thuiscint.

    2.   Beidh na deimhnithe bailí ar feadh na tréimhse a léirítear orthu, tréimhse nach mairfidh níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn III. Arna iarraidh sin don soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn III, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme. Beidh aon fhorlíonadh ar dheimhniú bailí ar choinníoll gur bailí don deimhniú a fhorlíonann sé.

    3.   Má chinneann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó cuirfidh sé srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de sprioc-am a leagfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra síos. Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na cúiseanna lena chinneadh.

    Beidh nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear achomhairc maidir le deimhnithe comhréireachta a eisítear.

    Airteagal 45

    Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra

    1.   Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

    (a)

    aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, agus aon fhormheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

    (b)

    aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

    (c)

    aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;

    (d)

    aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

    (e)

    má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

    2.   Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

    (a)

    formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a d’aistarraing sé, agus, arna iarraidh sin dó, formheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé;

    (b)

    Deimhnithe de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó aon fhorlíonadh orthu a dhiúltaigh sé, a d’aistarraing sé, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile, agus, arna iarraidh sin dó, na deimhnithe agus/nó na forlíontaí orthu a d’eisigh sé.

    3.   Soláthróidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna n-iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na cineálacha céanna córais intleachta saorga.

    4.   Déanfaidh na húdaráis faoina dtugtar fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.

    Airteagal 46

    Maolú ar nós imeachta um measúnú comhréireachta

    1.   De mhaolú ar Airteagal 43 agus ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh aon údarás faireachais margaidh a údarú córais intleachta saorga ardriosca shonracha a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha agus sláinte daoine, le cosaint an chomhshaoil nó le príomhshócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair a chosaint. Is ar feadh tréimhse theoranta a bheidh an t-údarú sin, fad a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is gá á gcur i gcrích, agus na cúiseanna eisceachtúla lena dtugtar údar maith leis an maolú á gcur san áireamh. Tabharfar faoi na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí.

    2.   I gcás práinne a bhfuil údar cuí léi ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó i gcás garbhagairt shonrach, shuntasach agus láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiceach daoine nádúrtha, féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis cosanta sibhialta córas intleachta saorga ardriosca sonrach a chur i mbun seirbhíse gan an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin le linn na húsáide nó ina diaidh gan moill mhíchuí. Má dhiúltaítear an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, cuirfear deireadh le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca le héifeacht láithreach, agus déanfar torthaí agus aschuir uile na húsáide sin a dhiúscairt láithreach.

    3.   Ní eiseofar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chinneann an t-údarás faireachais margaidh go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais Roinn 2. Tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údarú arna eisiúint de bhun mhíreanna 1 agus 2. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí údaráis forfheidhmithe dlí.

    4.   Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le húdarú arna eisiúint ag údarás faireachais margaidh i mBallstát i gcomhréir le mír 1, measfar bonn cirt a bheith leis an údarú sin.

    5.   Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 3 a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne údarú arna eisiúint ag údarás faireachais margaidh i mBallstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an t-údarú contrártha le dlí an Aontais nó le conclúid na mBallstát maidir le comhlíontacht an chórais dá dtagraítear i mír 3 a bheith gan bhunús, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát ábhartha gan mhoill. Rachfar i gcomhairle leis na hoibreoirí lena mbaineann agus beidh an deis acu a dtuairimí a chur in iúl. Ag féachaint don mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig na hoibreoirí lena mbaineann.

    6.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt leis an údarú, déanfaidh údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann é a aistarraingt.

    7.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ní bheidh feidhm ach ag na maoluithe ar an measúnú comhréireachta a bhunaítear i reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais.

    Airteagal 47

    Dearbhú comhréireachta AE

    1.   Déanfaidh an soláthraí dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn atá inléite ag meaisín agus is féidir a shíniú i scríbhinn nó go leictreonach a tharraingt suas le haghaidh gach córais intleachta saorga ardriosca agus coimeádfaidh sé ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an córas intleachta saorga ardriosca dá bhfuil sé tarraingthe suas. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha arna iarraidh sin.

    2.   Sonrófar sa dearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca lena mbaineann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2. Beidh sa dearbhú comhréireachta AE an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus aistreofar é go dtí teanga is éasca d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó ar fáil a thuiscint.

    3.   I gcás ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE freisin, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach dlí de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca. Áireofar sa dearbhú an fhaisnéis uile is gá chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a shainaithint lena mbaineann an dearbhú.

    4.   Agus an dearbhú comhréireachta AE á tharraingt suas aige, glacfaidh an soláthraí freagracht as comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2. Coinneoidh an soláthraí an dearbhú comhréireachta AE cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn V a leasú chun an dearbhú comhréireachta AE a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta, chun gnéithe is gá i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a thabhairt isteach.

    Airteagal 48

    Marcáil CE

    1.   Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    2.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar fáil go digiteach, ní úsáidfear marcáil dhigiteach CE, ach amháin más féidir í a rochtain go héasca tríd an gcomhéadan óna bhfuil rochtain ar an gcóras sin, nó trí chód meaisín-inléite nó trí mhodh leictreonach eile atá inrochtana go héasca.

    3.   Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach inléite doscriosta maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá léi mar gheall ar chineál an chórais intleachta saorga ardriosca, greamófar í den phacáistíocht nó den doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, de réir mar is iomchuí.

    4.   I gcás inarb infheidhme, i ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43. Greamóidh an comhlacht féin faoina dtugtar fógra nó, arna ordú sin dóibh, an soláthraí nó ionadaí údaraithe an tsoláthraí uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Cuirfear an uimhir aitheantais in iúl freisin ar aon ábhar fógraíochta ar a luaitear go bhfuil na ceanglais maidir le marcáil CE á gcomhlíonadh ag an gcóras intleachta saorga.

    5.   I gcásanna ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir dlí eile de chuid an Aontais lena ndéantar foráil freisin maidir le marcáil CE a ghreamú, léireofar le marcáil CE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an dlí eile sin freisin.

    Airteagal 49

    Clárú

    1.   Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe iad féin agus a gcóras sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.

    2.   Maidir le córas intleachta saorga arb é meas an tsoláthraí nach bhfuil ardriosca ag baint leis de réir Airteagal 6(3), sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí sin nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, iad féin agus an córas sin i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.

    3.   Sula ndéanfar córas intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar údaráis phoiblí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó daoine atá ag gníomhú thar a gceann iad féin a chlárú, an córas a roghnú agus a úsáid a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.

    4.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, beidh an clárú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcuid neamhphoiblí shlán de bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, agus ní áireofar ann ach an fhaisnéis seo a leanas, de réir mar is infheidhme, dá dtagraítear:

    (a)

    i Roinn A, pointí 1 go 10 d’Iarscríbhinn VIII, cé is moite de phointí 6, 8 agus 9;

    (b)

    i Roinn B, pointí 1 go 5, agus pointí 8 agus 9 d’Iarscríbhinn VIII;

    (c)

    i Roinn C, pointí 1 go 3, d’Iarscríbhinn VIII;

    (d)

    i bpointí 1, 2, 3, agus 5, d’Iarscríbhinn IX.

    Ní bheidh rochtain ach ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(8) ar na ranna srianta sin faoi seach de bhunachar sonraí an Aontais atá liostaithe sa chéad fhomhír den mhír seo.

    5.   Déanfar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III a chlárú ar an leibhéal náisiúnta.

    CAIBIDIL IV

    OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA DO SHOLÁTHRAITHE AGUS D’ÚSÁIDEOIRÍ GAIRMIÚLA CÓRAS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE

    Airteagal 50

    Oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe

    1.   Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú go díreach le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a gcuirfidh na daoine nádúrtha lena mbaineann ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó thaobh duine nádúrtha atá measartha eolasach, géarchúiseach agus cáiréiseach, agus na himthosca agus comhthéacs na húsáide á gcur san áireamh. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí tríú páirtithe, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.

    2.   Soláthraithe córas intleachta saorga, lena n-áirítear córais intleachta saorga ilchuspóireacha, lena ngintear ábhar sintéiseach fuaime, íomhá, físe nó téacs, áiritheoidh siad go ndéanfar aschuir an chórais intleachta saorga a mharcáil i bhformáid mheaisín-inléite agus go mbeidh siad inbhraite mar ábhar a gineadh nó a ionramháladh go saorga. Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh a réitigh theicniúla éifeachtach, idir-inoibritheach, láidir agus iontaofa a mhéid is indéanta sin go teicniúil, agus sainiúlachtaí agus teorainneacha cineálacha éagsúla ábhair, costais an chur chun feidhme agus an úrscothacht a nglactar leo i gcoitinne á gcur san áireamh, mar a d’fhéadfaí a léiriú sna caighdeáin theicniúla ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin a mhéid a dhéanann na córais intleachta saorga feidhm chúnta le haghaidh eagarthóireacht chaighdeánach nó nach ndéanann siad athrú substaintiúil ar na sonraí ionchuir arna soláthar ag an úsáideoir gairmiúil ná ar shéimeantaic na sonraí sin, nó i gcás ina n-údaraítear le dlí iad chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    3.   Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla córas aitheanta mothúchán nó córas catagóirithe bhithmhéadraigh na daoine nádúrtha atá nochta dó ar an eolas faoi oibriú an chórais, agus próiseálfaidh siad na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach agus aithint mothúchán, a cheadaítear de réir dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú, faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí tríú páirtithe agus i gcomhréir le dlí an Aontais.

    4.   Maidir le húsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann ábhar íomhá, fuaime nó físe ar domhainbhrionnú é, nochtfaidh siad go ndearnadh an t-ábhar a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina bhfuil an úsáid údaraithe le dlí chun cion coiriúil a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás ina bhfuil an t-ábhar ina chuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár ar léir é a bheith ealaíonta, cruthaitheach, aorach nó ficseanúil, tá na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach sa mhír seo teoranta do nochtadh gur ann d’inneachar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh an tsaothair.

    I gcás úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, nochtfaidh siad go ndearnadh an téacs a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina n-údaraítear le dlí an úsáid chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i gcás ina ndearnadh próiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta ar an inneachar a ghintear le IS agus i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.

    5.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 seo a sholáthar do na daoine nádúrtha lena mbaineann ar bhealach soiléir inaitheanta, ar a dhéanaí tráth a dhéanfar an chéad idirghníomhaíocht nó an chéad nochtadh. Beidh an fhaisnéis i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.

    6.   Ní dhéanfaidh míreanna 1 go 4 difear do na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, agus beidh siad gan dochar d’oibleagáidí trédhearcachta eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta le haghaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga.

    7.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas cód cleachtais a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais chun cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí maidir le brath agus lipéadú inneachair a ghintear go saorga nó a ndearnadh cúbláil air a éascú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cóid chleachtais sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 56(6). Má mheasann sé nach bhfuil an cód leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar comhrialacha maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 98(2).

    CAIBIDIL V

    SAMHLACHA INTLEACHTA SAORGA ILCHUSPÓIREACHA

    ROINN 1

    Rialacha maidir le haicmiú

    Airteagal 51

    Samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach

    1.   Aicmeofar samhail intleachta saorga ilchuspóireach mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena ngabhann riosca sistéamach má chomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá cumais ardtionchair aige a ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn uirlisí agus modheolaíochtaí teicniúla iomchuí, lena n-áirítear táscairí agus tagarmharcanna;

    (b)

    bunaithe ar chinneadh ón gCoimisiún, ex officio nó tar éis foláireamh cáilithe ón bpainéal eolaíoch, tá cumais nó tionchar aige atá coibhéiseach leis na cinn a leagtar amach i bpointe (a) ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

    2.   Toimhdeofar go bhfuil cumais ardtionchair ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach de bhun mhír 1, pointe (a), i gcás inar mó ná 10^25 méid carnach an ríomha a úsáidtear dá hoiliúint arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun na tairseacha a liostaítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a leasú, agus chun tagarmharcanna agus táscairí a fhorlíonadh i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn, amhail feabhsuithe algartamacha nó méadú ar éifeachtúlacht crua-earraí, nuair is gá, ionas go mbeidh na tairseacha sin in ann an úrscothacht a léiriú.

    Airteagal 52

    Nós imeachta

    1.   I gcás ina gcomhlíonfaidh samhail intleachta saorga ilchuspóireach an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), tabharfaidh an soláthraí ábhartha fógra don Choimisiún gan mhoill agus in aon chás laistigh de dhá sheachtain tar éis an ceanglas sin a bheith comhlíonta nó tar éis dó a bheith curtha ar an eolas go gcomhlíonfar é. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis is gá chun a léiriú gur comhlíonadh an ceanglas ábhartha. Má fhaigheann an Coimisiún amach faoi shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann rioscaí sistéamacha nár tugadh fógra dó ina leith, féadfaidh sé a chinneadh í a ainmniú mar shamhail lena mbaineann riosca sistéamach.

    2.   Féadfaidh soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo a chur i láthair, in éineacht lena fhógra, chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go gcomhlíonann sé an ceanglas sin, nach mbaineann rioscaí sistéamacha leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, mar gheall ar a saintréithe sonracha, agus nár cheart, dá bhrí sin, í a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach.

    3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a cuireadh isteach de bhun mhír 2 agus nach raibh an soláthraí ábhartha in ann a thaispeáint nach bhfuil an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ag léiriú, mar gheall ar a saintréithe sonracha, a rioscaí sistéamacha, diúltóidh sé do na hargóintí sin, agus measfar gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach í an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún samhail intleachta saorga ilchuspóireach a ainmniú mar shamhail lena mbaineann rioscaí sistéamacha, ex officio nó tar éis foláireamh cáilithe ón bpainéal eolaíoch de bhun Airteagal 90(1), pointe (a), ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII trí na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a shonrú agus a thabhairt cothrom le dáta.

    5.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó sholáthraí ar ainmníodh a shamhail mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach de bhun mhír 4, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh san áireamh agus féadfaidh sé a chinneadh athmheasúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas fós go mbaineann rioscaí sistéamacha leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII. Beidh san iarraidh sin cúiseanna oibiachtúla, mionsonraithe agus nua a tháinig chun cinn ó rinneadh an cinneadh ainmniúcháin. Féadfaidh soláthraithe athmheasúnú a iarraidh 6 mhí ar a luaithe tar éis an chinnidh ainmniúcháin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó athmheasúnú a dhéanamh, an t-ainmniú mar shamhail ilchuspóireach intleachta saorga lena mbaineann riosca sistéamach a choinneáil, féadfaidh soláthraithe athmheasúnú a iarraidh sé mhí ar a luaithe tar éis an chinnidh sin.

    6.   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar liosta de shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta, gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    ROINN 2

    Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca

    Airteagal 53

    Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca

    1.   Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha an méid seo a leanas:

    (a)

    doiciméadacht theicniúil na samhla a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear a próiseas oiliúna agus tástála agus torthaí a meastóireachta, ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XI chun í a sholáthar, arna iarraidh sin, don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta;

    (b)

    faisnéis agus doiciméadacht a tharraingt suas, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorga a bhfuil sé ar intinn acu an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú lena gcórais intleachta saorga. Gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, déanfar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht:

    (i)

    a chur ar a gcumas do sholáthraithe córas intleachta saorga tuiscint mhaith a bheith acu ar chumais agus teorainneacha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo; agus

    (ii)

    ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bheith inti;

    (c)

    beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, agus go háirithe chun forchoimeád ceart arna chur in iúl de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí úrscothacha;

    (d)

    achoimre atá mionsonraithe go leor a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, de réir teimpléad arna sholáthar ag an Oifig um Intleacht Shaorga.

    2.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lena gceadaítear rochtain, úsáid, modhnú agus dáileadh na samhla, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena ngabhann rioscaí sistéamacha.

    3.   Comhoibreoidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha de réir mar is gá leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta i bhfeidhmiú a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí de bhun an Rialacháin seo.

    4.   Féadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha brath ar chóid chleachtais de réir bhrí Airteagal 56 chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a léiriú, go dtí go bhfoilseofar caighdeán comhchuibhithe. Trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chomhlíonadh, deonaítear do sholáthraithe toimhde comhréireachta a mhéid a chumhdaítear na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha nach gcloíonn le cód cleachtais formheasta nó nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe Eorpach, léireoidh siad modhanna malartacha leordhóthanacha comhlíontachta le haghaidh measúnú ag an gCoimisiún.

    5.   Chun comhlíonadh Iarscríbhinn XI a éascú, go háirithe pointí 2(d) agus (e) di, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun modheolaíochtaí tomhais agus ríofa a mhionsonrú d’fhonn doiciméadacht inchomparáide infhíoraithe a cheadú.

    6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97(2) chun Iarscríbhinní XI agus XII a leasú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn.

    7.   Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaightear de bhun an Airteagail seo, rúin trádála san áireamh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    Airteagal 54

    Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    1.   Sula gcuirfidh siad samhail intleachta saorga ilchuspóireach ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas.

    2.   Cuirfidh an soláthraí ar chumas a ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí a dhéanamh.

    3.   Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

    (a)

    a fhíorú gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI agus go bhfuil na hoibleagáidí uile dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 55 comhlíonta ag an soláthraí;

    (b)

    cóip den doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI a choinneáil ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta, go ceann 10 mbliana tar éis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar an margadh, agus sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe a choinneáil;

    (c)

    an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar don Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh réasúnaithe ina leith, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b), chun a léiriú go gcomhlíonann sí na hoibleagáidí sa Chaibidil seo;

    (d)

    comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanann siad i ndáil leis an samhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear nuair a dhéantar an tsamhail a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas.

    4.   Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

    5.   Foirceannfaidh an t-ionadaí údaraithe an sainordú má mheasann sé, nó má tá cúis aige lena mheas, go bhfuil an soláthraí ag gníomhú contrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas láithreach freisin faoi fhoirceannadh an tsainordaithe agus faoi na cúiseanna atá leis.

    6.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach san Airteagal seo maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lenar féidir an tsamhail a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a dháileadh, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, mura rud é go bhfuil rioscaí sistéamacha ag na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.

    ROINN 3

    Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu

    Airteagal 55

    Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu

    1.   Sa bhreis ar na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagail 53 agus 54, déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu an méid seo a leanas:

    (a)

    meastóireacht samhla a dhéanamh i gcomhréir le prótacail agus uirlisí caighdeánaithe a léiríonn an úrscothacht, lena n-áirítear tástáil sáraíochta ar an tsamhail a dhéanamh agus a dhoiciméadú d’fhonn na rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú;

    (b)

    rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, a mheasúnú agus a mhaolú, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh eascairt as samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu a fhorbairt, a chur ar an margadh, nó a úsáid;

    (c)

    súil a choinneáil ar fhaisnéis ábhartha faoi theagmhais thromchúiseacha agus bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt orthu, agus an fhaisnéis sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú gan moill mhíchuí don Oifig um Intleacht Shaorga agus, de réir mar is iomchuí, do na húdaráis inniúla náisiúnta;

    (d)

    leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú i gcomhair na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a bhfuil riosca sistéamach aici agus bhonneagar fisiciúil na samhla.

    2.   Féadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu brath ar chóid chleachtais de réir bhrí Airteagal 56 chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a léiriú, go dtí go bhfoilseofar caighdeán comhchuibhithe. Trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chomhlíonadh, deonaítear do sholáthraithe toimhde comhréireachta a mhéid a chumhdaítear na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu nó nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe Eorpach, léireoidh siad modhanna comhlíontachta leordhóthanacha malartacha le haghaidh measúnú ag an gCoimisiún.

    3.   Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaightear de bhun an Airteagail seo, rúin trádála san áireamh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    ROINN 4

    Cóid chleachtais

    Airteagal 56

    Cóid iompair

    1.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas cód cleachtais ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus a éascú chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus cineálacha cur chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

    2.   Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go gcumhdófar leis na cóid chleachtais ar a laghad na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    modhanna lena áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a) agus (b), cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha;

    (b)

    leibhéal leordhóthanach mionsonraí le haghaidh na hachoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúna;

    (c)

    sainaithint chineál agus nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, i gcás inarb iomchuí;

    (d)

    na bearta, na nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an doiciméadacht faoin méid sin, a bheidh comhréireach leis na rioscaí, déanfaidh siad déine agus dóchúlacht na rioscaí sin a mheas agus na dúshláin shonracha a bhaineann le dul i ngleic leis na rioscaí sin a chur san áireamh i bhfianaise na mbealaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus teacht ann na rioscaí sin feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.

    3.   Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, chomh maith leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, páirt a ghlacadh i dtarraingt suas na gcód cleachtais. Féadfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht tionscail, an lucht léinn agus geallsealbhóirí ábhartha eile, ar nós soláthraithe iartheachtacha agus saineolaithe neamhspleácha, tacú leis an bpróiseas.

    4.   Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go leagtar amach go soiléir sna cóid chleachtais a gcuspóirí sonracha agus go mbeidh gealltanais nó bearta iontu, lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, agus leis na cóid chleachtais sin, tabharfar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear na daoine dá ndéantar difear, ar leibhéal an Aontais.

    5.   Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga a áirithiú go dtuairisceoidh rannpháirtithe sna cóid chleachtais go tráthrialta don Oifig um Intleacht Shaorga maidir le cur chun feidhme na ngealltanas agus na mbeart a rinneadh agus a dtorthaí, lena n-áirítear arna dtomhas de réir na bpríomhtháscairí feidhmíochta de réir mar is iomchuí. Léireofar sna príomhtháscairí feidhmíochta agus sna gealltanais tuairiscithe na difríochtaí idir rannpháirtithe éagsúla ó thaobh méide agus acmhainne de.

    6.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach chuspóirí na gcód cleachtais ag na rannpháirtithe agus ar a rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord measúnú i dtaobh an gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis na cóid chleachtais na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach a gcuspóirí. Foilseoidh siad a measúnú ar leordhóthanacht na gcód cleachtais.

    Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    7.   Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, cloí leis na cóid chleachtais. I gcás soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha nach bhfuil rioscaí sistéamacha acu, féadfar a theorannú nach gcloíonn siad ach leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 53, ach amháin má dhearbhaíonn siad go sainráite gur spéis leo a bheith páirteach sa chód iomlán.

    8.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, de réir mar is iomchuí, oiriúnú na gcód cleachtais agus an t-athbhreithniú orthu a spreagadh agus a éascú, go háirithe i bhfianaise caighdeáin atá ag teacht chun cinn. Tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cúnamh maidir le measúnú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ar fáil.

    9.   Beidh na cóid chleachtais réidh tráth is déanaí ón 2 Bealtaine 2025. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na bearta is gá, lena n-áirítear cuireadh a thabhairt do sholáthraithe de bhun mhír 7.

    Más rud é, faoin 2 Lúnasa 2025, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche, nó má mheasann an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil sé leordhóthanach tar éis a mheasúnaithe faoi mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    CAIBIDIL VI

    BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT

    Airteagal 57

    Boscaí gainimh rialála intleachta saorga

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh a n-údaráis inniúla bosca gainimh rialála intleachta saorga amháin ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta, a bheidh oibríochtúil faoin 2 Lúnasa 2026. Féadfar an bosca gainimh sin a bhunú i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát eile. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil, comhairle agus uirlisí a sholáthar chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú.

    Féadfar an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh freisin trí pháirt a ghlacadh i mbosca gainimh atá ann cheana, a mhéid a chuirfidh an rannpháirtíocht sin leibhéal coibhéiseach cumhdaigh náisiúnta ar fáil i gcomhair na mBallstát rannpháirteach.

    2.   Féadfar boscaí gainimh rialála intleachta saorga sa bhreis, ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil nó a chuirtear ar bun i gcomhpháirt le húdaráis inniúla Ballstát eile, a bhunú freisin.

    3.   Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunú freisin i gcomhair institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus féadfaidh sé róil agus cúraimí na n-údarás inniúil náisiúnta a fheidhmiú i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh go héifeachtach agus go tráthúil. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le húdaráis ábhartha eile agus féadfaidh siad rannpháirtíocht gníomhaithe eile laistigh d’éiceachóras na hintleachta saorga a cheadú. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do bhoscaí gainimh rialála eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit leibhéal iomchuí comhair idir na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh eile sin agus na húdaráis inniúla náisiúnta.

    5.   Boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoi mhír (1), déanfaidh siad foráil maidir le timpeallacht rialaithe lena gcothófar nuálaíocht agus lena n-éascófar forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú na gcóras intleachta saorga nuálach ar feadh tréimhse theoranta sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad de bhun plean bosca gainimh sonrach arna chomhaontú idir na soláthraithe nó na soláthraithe ionchasacha agus an t-údarás inniúil. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sna boscaí gainimh rialála sin tástáil i bhfíordhálaí a ndéantar maoirseacht orthu iontu.

    6.   Soláthróidh na húdaráis inniúla, de réir mar is iomchuí, treoir, maoirseacht agus tacaíocht laistigh de bhosca gainimh rialála intleachta saorga d’fhonn rioscaí a shainaithint, go háirithe do chearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht, tástáil, bearta maolaithe, agus a n-éifeachtacht i ndáil le hoibleagáidí agus ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, dlí eile de chuid an Aontais dlí eile náisiúnta a ndéantar maoirseacht air laistigh den bhosca gainimh.

    7.   Soláthróidh na húdaráis inniúla treoir do sholáthraithe agus do sholáthraithe ionchasacha atá rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga maidir leis na hionchais rialála agus an chaoi a ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

    Arna iarraidh sin do sholáthraí an chórais intleachta saorga nó do sholáthraí ionchasach an chórais intleachta saorga, soláthróidh an t-údarás inniúil cruthúnas i scríbhinn ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus ar éirigh leo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil imeachta ar fáil freisin ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus na torthaí gaolmhara agus na torthaí foghlama. Féadfaidh soláthraithe an doiciméadacht sin a úsáid chun a léiriú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo tríd an bpróiseas um measúnú comhréireachta nó trí ghníomhaíochtaí faireachais margaidh ábhartha. I ndáil leis sin, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na tuarascálacha imeachta agus an cruthúnas i scríbhinn arna soláthar ag an údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh go dearfach d’fhonn dlús réasúnach a chur leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta.

    8.   Faoi réir na bhforálacha rúndachta in Airteagal 78 agus le comhaontú ón soláthraí nó ón soláthraí ionchasach, údarófar don Choimisiún agus don Bhord rochtain a fháil ar na tuarascálacha imeachta agus cuirfidh siad san áireamh iad, de réir mar is iomchuí, agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu. Má chomhaontaíonn an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-údarás inniúil náisiúnta go sainráite, féadfar an tuarascáil imeachta a chur ar fáil go poiblí tríd an ardán faisnéise aonair dá dtagraítear san Airteagal seo.

    9.   Beidh sé d’aidhm ag bunú boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannchuidiú a dhéanamh leis na cuspóirí seo a leanas:

    (a)

    feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil chun comhlíonadh rialála an Rialacháin seo a bhaint amach nó, i gcás inarb ábhartha, comhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme;

    (b)

    tacú le comhroinnt dea-chleachtas trí chomhar leis na húdaráis a bhfuil baint acu leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga;

    (c)

    nuálaíocht agus iomaíochas a chothú agus forbairt éiceachórais intleachta saorga a éascú;

    (d)

    cur le foghlaim rialála bunaithe ar fhianaise;

    (e)

    rochtain ar mhargadh an Aontais a éascú i gcomhair córais intleachta saorga agus dlús a chur léi, go háirithe nuair a sholáthraíonn FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, iad.

    10.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta, a mhéid a bhaineann na córais intleachta saorga nuálacha le próiseáil sonraí pearsanta nó a thagann ar shlí eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil eile a sholáthraíonn rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, go mbeidh na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí agus na húdaráis náisiúnta eile nó na húdaráis inniúla sin bainteach le hoibriú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga agus go mbeidh baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar na gnéithe sin a mhéid is féidir lena gcúraimí agus a gcumhachtaí faoi seach.

    11.   Ní dhéanfaidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga difear do chumhachtaí maoirseachta ná ceartaitheacha na n-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Má shainaithnítear aon riosca suntasach don tsláinte agus don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin, beidh maolú leormhaith ann. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta an próiseas tástála, nó rannpháirtíocht sa bhosca gainimh a chur ar fionraí go sealadach nó go buan mura féidir maolú éifeachtach a dhéanamh agus an Oifig um Intleacht Shaorga a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí maoirseachta laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha, agus a gcumhachtaí lánroghnacha á n-úsáid acu nuair a bheidh forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme acu maidir le tionscadal sonrach bosca gainimh rialála intleachta saorga ar leith, agus é mar chuspóir acu tacú leis an nuálaíocht san intleacht shaorga san Aontas.

    12.   Beidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha is rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga faoi dhliteanas i gcónaí faoin dlí dliteanais náisiúnta is infheidhme agus faoi dhlí de chuid an Aontais is infheidhme i leith aon dochair a dhéantar do thríú páirtithe mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar sa bhosca gainimh. Mar sin féin, ar choinníoll go n-urramóidh na soláthraithe ionchasacha an plean sonrach agus na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht agus go leanfaidh siad de mheon macánta an treoir arna tabhairt ag an údarás inniúil náisiúnta, ní fhorchuirfidh na húdaráis aon fhíneálacha riaracháin i leith sáruithe ar an Rialachán seo. I gcás ina raibh údaráis inniúla eile atá freagrach as dlí eile de chuid an Aontais agus as an dlí náisiúnta rannpháirteach go gníomhach i maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga sa bhosca gainimh agus a mhéid a thug siad treoir maidir le comhlíonadh, ní fhorchuirfear aon fhíneálacha riaracháin maidir leis an dlí sin.

    13.   Déanfar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a éascóidh, i gcás inarb ábhartha, comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta.

    14.   Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad le chéile faoi chuimsiú an Bhoird.

    15.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord ar an eolas faoi bhosca gainimh a bhunú, agus féadfaidh siad tacaíocht agus treoir a iarraidh orthu. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga liosta de bhoscaí gainimh atá beartaithe agus atá ann cheana a chur ar fáil go poiblí agus coinneoidh sí cothrom le dáta é chun tuilleadh idirghníomhaíochta a spreagadh sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus sa chomhar trasteorann.

    16.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga agus an Bhoird; tosóidh siad bliain amháin ón mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus déanfaidh amhlaidh gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go bhfoirceannfar é, agus go dtí an tuarascáil chríochnaitheach. Sna tuarascálacha sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn agus torthaí chur chun feidhme na mboscaí gainimh sin, lena n-áirítear dea-chleachtais, teagmhais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena gcur ar bun agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm agus athbhreithniú féideartha an Rialacháin seo, a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme san áireamh, agus maidir le cur i bhfeidhm dhlí eile an Aontais a ndéanann na húdaráis inniúla maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na tuarascálacha bliantúla sin nó achoimrí díobh ar fáil don phobal ar líne. Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na tuarascálacha bliantúla san áireamh agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu.

    17.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan aonair tiomnaithe ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le boscaí gainnimh rialála intleachta saorga chun ligean do gheallsealbhóirí idirghníomhú le boscaí gainnimh rialála intleachta saorga agus fiosrúcháin a dhéanamh leis na húdaráis inniúla, agus treoir neamhcheangailteach a lorg maidir le comhréireacht táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó nuálacha lena leabaítear teicneolaíochtaí intleachta saorga, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c). Comhordóidh an Coimisiún go réamhghníomhach leis na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcás inarb ábhartha.

    Airteagal 58

    Socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus feidhmiú boscaí gainimh rialála intleachta saorga

    1.   Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe chun na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a mhaoirsiú. Sna gníomhartha cur chun feidhme, áireofar na prionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin don rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga;

    (b)

    na nósanna imeachta maidir leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga a chur i bhfeidhm, rannpháirtíocht inti, faireachán uirthi, imeacht uaithi agus í a fhoirceannadh, lena n-áirítear plean bosca gainimh agus an tuarascáil imeachta;

    (c)

    na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:

    (a)

    tá boscaí gainimh rialála intleachta saorga oscailte d’aon soláthraí nó soláthraí ionchasach córais intleachta saorga a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a bheidh cothrom trédhearcach, agus cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta iarratasóirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de thrí mhí ón iarratas;

    (b)

    le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ceadófar rochtain leathan chomhionann agus coinneofar suas leis an éileamh ar rannpháirtíocht; féadfaidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha iarratais a chur isteach freisin i gcomhpháirtíocht le húsáideoirí gairmiúla agus le haon tríú páirtithe ábhartha eile;

    (c)

    na socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na coinníollacha a bhaineann leo, a mhéid is féidir, tacaíonn siad le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta chun a mboscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú;

    (d)

    beidh an rochtain ar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga saor in aisce do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, gan dochar do na costais eisceachtúla a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla náisiúnta a ghnóthú ar bhealach cothrom comhréireach;

    (e)

    éascaíonn siad soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha, trí bhíthin thorthaí foghlama na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga, agus na hoibleagáidí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu agus cur i bhfeidhm deonach na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 95;

    (f)

    déanfaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras intleachta saorga a éascú, amhail comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eagraíochtaí um chaighdeánú, FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair, nuálaithe, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta agus moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach, ionaid barr feabhais, taighdeoirí aonair, chun comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach a cheadú agus a éascú;

    (g)

    beidh nósanna imeachta, próisis agus ceanglais riaracháin maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh rialála intleachta saorga simplí, sothuigthe agus curtha in iúl go soiléir chun rannpháirtíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, a bhfuil acmhainneachtaí teoranta dlíthiúla agus riaracháin acu a éascú agus déanfar iad a chuíchóiriú ar fud an Aontais, chun ilroinnt a sheachaint agus beidh rannpháirtíocht i mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaíonn Ballstát nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aitheanta go frithpháirteach agus go haonfhoirmeach agus beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna aici ar fud an Aontais;

    (h)

    beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus méid an tionscadail, a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh a chur leis;

    (i)

    éascóidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga an fhorbairt ar uirlisí agus bonneagair lena ndéantar tástáil, tagarmharcáil agus measúnú ar ghnéithe de chórais intleachta saorga atá ábhartha d’fhoghlaim rialála, amhail cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil chomh maith le bearta chun rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsochaí i gcoitinne a mhaolú, agus lena dtugtar míniú ina leith.

    3.   Díreofar soláthraithe ionchasacha sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chuig seirbhísí réamh-úsáidte, i gcás inarb ábhartha, amhail treoir maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, chuig seirbhísí breisluacha eile amhail cabhair le doiciméid agus deimhniú um chaighdeánú, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach agus ionaid barr feabhais.

    4.   I gcás ina bhféachann na húdaráis inniúla náisiúnta le tástáil i bhfíordhálaí a údarú a ndéantar a mhaoirsiú faoi chuimsiú bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoin Airteagal seo, comhaontóidh siad go sonrach maidir le téarmaí agus coinníollacha na tástála sin agus, go háirithe maidir leis na coimircí iomchuí leis na rannpháirtithe d’fhonn cearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht a chosaint. I gcás inarb iomchuí, comhoibreoidh siad le húdaráis inniúla náisiúnta eile d’fhonn cleachtais chomhsheasmhacha a áirithiú ar fud an Aontais.

    Airteagal 59

    Próiseáil bhreise ar shonraí pearsanta chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt chun leas an phobail sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga

    1.   I mbosca gainimh rialála intleachta saorga, sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, ní fhéadfar iad a phróiseáil i mbosca gainimh rialála intleachta saorga ach amháin chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt, a oiliúint agus a thástáil sa bhosca gainimh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh údarás poiblí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile na córais intleachta saorga a fhorbairt chun leas poiblí substaintiúil a chosaint i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

    (i)

    an tsábháilteacht phoiblí agus an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galar a bhrath, a dhiagnóisiú, a chosc, a rialú agus a chóireáil agus córais cúraim sláinte a fheabhsú;

    (ii)

    ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, cosaint na bithéagsúlachta, cosaint ar thruailliú, bearta maidir leis an aistriú glas, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

    (iii)

    inbhuanaitheacht fuinnimh;

    (iv)

    sábháilteacht agus athléimneacht na gcóras iompair agus na soghluaisteachta, an bhonneagair chriticiúil agus na ngréasán;

    (v)

    éifeachtúlacht agus cáilíocht an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;

    (b)

    tá na sonraí a phróiseáiltear riachtanach chun ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil III a chomhlíonadh i gcás nach féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí anaithnide, sintéiseacha nó neamhphearsanta eile a phróiseáil;

    (c)

    tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a aithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn thástáil an bhosca gainimh, agus tá sásraí freagartha ann chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, deireadh a chur leis an bpróiseáil;

    (d)

    aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh, tá siad i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme, leithlisithe agus cosanta, ar timpeallacht í atá faoi rialú an tsoláthraí ionchasaigh agus níl rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;

    (e)

    ní féidir le soláthraithe na sonraí a bailíodh ar dtús a chomhroinnt a thuilleadh ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí; ní féidir aon sonraí pearsanta a chruthaítear sa bhosca gainimh a chomhroinnt lasmuigh den bhosca gainimh;

    (f)

    níl bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimhná ní dhéanann an phróiseáil sin difear do chur i bhfeidhm a gceart a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta;

    (g)

    aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh, beidh siad cosanta trí bhíthin bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí agus scriosfar iad nuair a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;

    (h)

    coinnítear logaí phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

    (i)

    coinneofar i dteannta a chéile tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus an bunús le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú an chórais intleachta saorga agus torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;

    (j)

    foilseofar ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil achoimre ghearr ar an tionscadal intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo; ní chumhdófar, leis an oibleagáid seo sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.

    2.   Chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, beidh próiseáil sonraí pearsanta i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga bunaithe, faoi rialú agus faoi fhreagracht údarás forfheidhmithe dlí, ar dhlí sonrach de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta sonrach agus beidh sí faoi réir na gcoinníollacha carnacha céanna dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Beidh mír 1 gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta a eisiann próiseáil na sonraí pearsanta chun críocha seachas iad sin a luaitear go sainráite sa dlí sin, chomh maith le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena leagtar síos an bunús le próiseáil na sonraí pearsanta, rud is gá chun córais intleachta saorga nuálacha a fhorbairt, a thástáil nó a oiliúint nó aon bhunús dlí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

    Airteagal 60

    Córais intleachta saorga ardriosca a thástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga

    1.   Féadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III tástáil a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an bplean chun tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí dá dtagraítear san Airteagal seo, gan dochar do na toirmisc faoi Airteagal 5.

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe mionsonraithe an phlean chun tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    Beidh an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a thástáil i bhfíordhálaí.

    2.   Féadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha tástáil a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i bhfíordhálaí tráth ar bith sula gcuirfear an córas intleachta saorga ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é ar a gconlán féin nó i gcomhpháirtíocht le húsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach amháin nó níos mó.

    3.   Beidh tástáil córas intleachta saorga ardriosca i bhfíordhálaí faoin Airteagal seo gan dochar d’aon athbhreithniú eiticiúil a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

    4.   Ní fhéadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha an tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá plean tástála i bhfíordhálaí tarraingthe suas ag an soláthraí nó ag an soláthraí ionchasach agus é curtha faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí le déanamh;

    (b)

    tá an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta ag an údarás faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil le déanamh i bhfíordhálaí; i gcás nár thug an t-údarás faireachais margaidh freagra laistigh de 30 lá, tuigfear go bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta; i gcás nach ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le formheas intuigthe, leanfaidh an tástáil i bhfíordhálaí de bheith faoi réir údaraithe;

    (c)

    chláraigh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, cé is moite de sholáthraithe nó soláthraithe ionchasacha córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an bhainistithe tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, agus na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 71(4) le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IX; chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, an tástáil i bhfíordhálaí sa roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49(4), pointe (d), le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear ann; gur chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 49(5);

    (d)

    tá an soláthraí nó an soláthraí ionchasach atá ag déanamh na tástála i bhfíordhálaí bunaithe san Aontas nó tá ionadaí dlíthiúil ceaptha aige atá bunaithe san Aontas;

    (e)

    ní dhéanfar sonraí a bhailítear agus a phróiseáiltear chun críche tástála i bhfíordhálaí a aistriú chuig tríú tíortha ach amháin ar choinníoll go gcuirfear coimircí iomchuí is infheidhme faoi dhlí an Aontais chun feidhme;

    (f)

    ní mhaireann an tástáil i bhfíordhálaí níos faide ná mar is gá chun a cuspóirí a bhaint amach, agus in aon chás ní mhairfidh sí níos faide ná 6 mhí, a fhéadfar a fhadú ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, faoi réir fógra a fháil roimh ré ón soláthraí nó soláthraí ionchasach don údarás faireachais margaidh, mar aon le míniú ar an ngá atá leis an bhfadú sin;

    (g)

    tabharfar cosaint iomchuí do dhaoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí ar daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad mar gheall ar a n-aois nó a míchumas;

    (h)

    i gcás ina n-eagraíonn soláthraí nó soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhar le húsáideoir gairmiúil ionchasach amháin nó níos mó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, cuireadh an t-úsáideoir gairmiúil ionchasach sin nó na húsáideoirí ionchasacha sin ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha dá gcinneadh a bheith rannpháirteach, agus tugadh na treoracha úsáide ábhartha dóibh chun an córas intleachta saorga a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 13; tabharfaidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach comhaontú i gcrích ina sonrófar a róil agus a bhfreagrachtaí d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le tástáil i bhfíordhálaí faoin Rialachán seo agus faoi dhlí infheidhme eile de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát;

    (i)

    tá toiliú feasach tugtha ag na daoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 61, nó i gcás fhorfheidhmiú an dlí, i gcás ina gcuirfeadh lorg toiliú feasach cosc ar thástáil an chórais intleachta saorga, ní bheidh aon éifeacht dhiúltach ag an tástáil féin ná ag toradh na tástála sna fíordhálaí ar na daoine is ábhar, agus scriosfar a sonraí pearsanta tar éis don tástáil a bheith déanta;

    (j)

    déanann an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, mar aon le húsáideoirí gairmiúla nó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, maoirseacht éifeachtach ar an tástáil i bhfíordhálaí trí dhaoine atá cáilithe go cuí sa réimse ábhartha agus a bhfuil an acmhainneacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun a gcúraimí a dhéanamh;

    (k)

    an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh, is féir é sin a aisiompú go héifeachtach agus neamhaird a thabhairt air.

    5.   Féadfaidh aon duine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí, nó a n-ionadaí arna ainmniú de réir dlí, de réir mar is iomchuí, gan dochar dó dá dheasca agus gan aon dualgas a bheith orthu bonn cirt a thabhairt, tarraingt siar ón tástáil tráth ar bith trína dtoiliú feasach a chúlghairm agus féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar a sonraí pearsanta a scriosadh láithreach agus go buan. Ní dhéanfaidh tarraingt siar an toilithe fheasaigh difear do na ghníomhaíochtaí a rinneadh cheana.

    6.   I gcomhréir le hAirteagal 75, tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí chun a cheangal ar sholáthraithe agus ar sholáthraithe ionchasacha faisnéis a sholáthar, cianchigireachtaí gan réamhfhógra nó cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, agus seiceálacha a dhéanamh ar dhéanamh na tástála i bhfíordhálaí agus ar na córais intleachta saorga ardriosca ghaolmhara. Úsáidfidh na húdaráis faireachais margaidh na cumhachtaí sin chun a áirithiú go ndéanfar tástáil a fhorbairt go sábháilte i bhfíordhálaí.

    7.   Aon teagmhas tromchúiseach a shainaithnítear le linn na tástála i bhfíordhálaí, déanfar é a thuairisciú don údarás náisiúnta faireachais margaidh i gcomhréir le hAirteagal 73. Glacfaidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach bearta maolaithe láithreacha nó, ina éagmais sin, cuirfidh sé an tástáil i bhfíordhálaí ar fionraí go dtí go ndéanfar an maolú sin nó cuirfidh sé deireadh léi. Bunóidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach nós imeachta chun an córas intleachta saorga a aisghairm go pras i gcás ina ndéanfaí an tástáil i bhfíordhálaí a fhoirceannadh.

    8.   Má dhéantar an tástáil i bhfíordhálaí a fhoirceannadh nó a fhionraí, tabharfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha fógra don údarás náisiúnta faireachais margaidh sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina bhfuil an tástáil le déanamh faoi sin agus faoi na torthaí deiridh.

    9.   Beidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát maidir le dliteanais i leith aon damáiste a dhéantar le linn a rannpháirtíochta sa tástáil i bhfíordhálaí.

    Airteagal 61

    Toiliú feasach lena bheith rannpháirteach i dtástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga

    1.   Chun críche tástála i bhfíordhálaí faoi Airteagal 60, gheofar toiliú feasach arna thabhairt faoi shaoirse ó na daoine is ábhar don tástáil sula nglacfaidh siad páirt sa tástáil sin agus tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go cuí le faisnéis bheacht, shoiléir, ábhartha agus intuigthe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál agus cuspóirí na tástála i bhfíordhálaí agus an mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena rannpháirtíocht;

    (b)

    na dálaí ina ndéanfar an tástáil i bhfíordhálaí, lena n-áirítear cé chomh fada a mheastar go mbeidh an duine nó na daoine is ábhar rannpháirteach inti;

    (c)

    a gcearta, agus na ráthaíochtaí maidir lena rannpháirtíocht, go háirithe maidir lena gceart diúltú lena bheith rannpháirteach agus an ceart tarraingt siar ón tástáil i bhfíordhálaí ag tráth ar bith gan dochar agus gan gá le húdar a thabhairt;

    (d)

    na socruithe chun a iarraidh go n-aisiompófaí an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh nó go ndéanfaí neamhaird de;

    (e)

    uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 60(4) pointe (c) agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó a ionadaí dlíthiúil ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.

    2.   Déanfar an toiliú feasach a dhátú agus a dhoiciméadú agus tabharfar cóip do na daoine is ábhar don tástáil nó dá n-ionadaí dlíthiúil.

    Airteagal 62

    Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:

    (a)

    rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin; ní chuirfidh an rochtain tosaíochta bac ar FBManna eile, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain a fháil ar bhosca gainimh rialála intleachta saorga, ar choinníoll go gcomhlíonann siad freisin na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin;

    (b)

    gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais na FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla;

    (c)

    bealaí tiomnaithe atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, cinn nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga;

    (d)

    rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a éascú.

    2.   Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid, le méid an mhargaidh agus le táscairí ábhartha eile.

    3.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a shonróidh an Bord ina iarraidh;

    (b)

    ardán faisnéise aonair a fhorbairt agus a chothabháil lena soláthrófar faisnéis atá éasca le húsáid i ndáil leis an Rialachán seo do gach oibreoir ar fud an Aontais;

    (c)

    feachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo;

    (d)

    cóineasú na ndea-chleachtas i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga a mheas agus a chur chun cinn.

    Airteagal 63

    Maoluithe d’oibreoirí sonracha

    1.   Féadfaidh micrifhiontair de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE gnéithe áirithe den chóras bainistithe cáilíochta a cheanglaítear le hAirteagal 17 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, ar choinníoll nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha acu de réir bhrí an Mholta sin. Chun na críche sin, forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na heilimintí den chóras bainistithe cáilíochta a fhéadfar a chomhlíonadh ar bhealach simplithe i bhfianaise riachtanais na micrifhiontar, gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta ná don ghá atá le comhlíonadh na gceanglas i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

    2.   Ní thuigfear as mír 1 den Airteagal seo go ndíolmhaítear na hoibreoirí sin ó aon cheanglais nó oibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a bhunaítear in Airteagail 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 72 agus 73.

    CAIBIDIL VII

    RIALACHAS

    ROINN 1

    Rialachas ar leibhéal an Aontais

    Airteagal 64

    Oifig um Intleacht Shaorga

    1.   Déanfaidh an Coimisiún saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt i réimse na hintleachta saorga tríd an Oifig um Intleacht Shaorga.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit na cúraimí a chuirtear ar an Oifig um Intleacht Shaorga a éascú, mar a léirítear sa Rialachán seo.

    Airteagal 65

    An Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú agus struchtúr an Bhoird sin

    1.   Bunaítear leis seo an Bord Eorpach um Intleacht Shaorga (‘an Bord’).

    2.   Ionadaí amháin ó gach Ballstát a bheidh ar an mBord. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rannpháirteach ann mar bhreathnóir. Freastalóidh an Oifig um Intleacht Shaorga ar chruinnithe an Bhoird freisin gan páirt a ghlacadh sa vótáil. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt d’údaráis, do chomhlachtaí nó do shaineolaithe náisiúnta agus de chuid an Aontais eile freastal ar na cruinnithe ar bhonn cás ar chás, i gcás inarb ábhartha dóibh na saincheisteanna a bheidh á bplé.

    3.   Ainmneoidh na Ballstáit a n-ionadaí ar feadh tréimhse 3 bliana, agus féadfar iad a athnuachan uair amháin.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit i ndáil lena n-ionadaí ar an mBord an méid seo a leanas:

    (a)

    go mbeidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha acu ina mBallstát chun rannchuidiú ar bhealach gníomhach le baint amach chúraimí an bhoird dá dtagraítear in Airteagal 66;

    (b)

    go ndéanfar iad a ainmniú mar phointe teagmhála aonair vis-à-vis an Bord agus, i gcás inarb iomchuí, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh, mar phointe teagmhála aonair do gheallsealbhóirí;

    (c)

    go mbeidh sé de chumhacht acu an chomhsheasmhacht agus an comhordú a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta ina mBallstát maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí shonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú chun a gcúraimí ar an mBord a chomhlíonadh.

    5.   Glacfaidh ionadaithe ainmnithe na mBallstát rialacha nós imeachta an Bhoird trí thromlach dhá thrian. Leagfar síos leis na rialacha nós imeachta, go háirithe, nósanna imeachta don phróiseas roghnúcháin, ré shainordú an Chathaoirligh, agus sonraíochtaí chúraimí an Chathaoirligh, socruithe mionsonraithe maidir le vótáil, agus eagrú ghníomhaíochtaí an Bhoird agus ghníomhaíochtaí a fhoghrúpaí.

    6.   Bunóidh an Bord dhá bhuan-fhoghrúpa chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach.

    Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020.

    Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe an fhóraim chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 67 chuig na foghrúpaí sin nó chuig cruinnithe sonracha de na foghrúpaí sin mar bhreathnóirí.

    7.   Déanfar an Bord a thugann fógra a eagrú agus a oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

    8.   Déanfaidh ionadaí amháin d’ionadaithe na mBallstát cathaoirleacht ar an mBord. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga rúnaíocht an Bhoird ar fáil don Bhord, tionólfaidh sí na cruinnithe arna iarraidh sin don Chathaoirleach, agus ullmhóidh sí an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus a rialacha nós imeachta.

    Airteagal 66

    Cúraimí an Bhoird

    Tabharfaidh an Bord comhairle agus cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo a éascú. Chuige sin, féadfaidh an Bord go háirithe:

    (a)

    rannchuidiú leis an gcomhordú i measc na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann agus faoina réir, tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(11);

    (b)

    saineolas agus dea-chleachtais theicniúla agus rialála a bhailiú agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;

    (c)

    comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialacha a fhorfheidhmiú maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;

    (d)

    rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas riaracháin sna Ballstáit, lena n-áirítear maidir leis an maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 46, feidhmiú na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na tástála i bhfíordhálaí dá dtagraítear in Airteagail 57, 59 agus 60;

    (e)

    arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, moltaí agus tuairimí i scríbhinn a eisiúint maidir le haon ábhair ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtach, lena n-áirítear:

    (i)

    maidir le cóid iompair agus cóid chleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le treoirlínte an Choimisiúin;

    (ii)

    meastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo de bhun Airteagal 112, lena n-áirítear maidir leis na tuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 73, agus feidhmiú bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ullmhú, agus a mhéid a bhaineann le hailíniú féideartha an Rialacháin seo le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (iii)

    maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;

    (iv)

    maidir le caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid;

    (v)

    treochtaí, amhail iomaíochas domhanda na hEorpa san intleacht shaorga, glacadh na hintleachta saorga san Aontas, agus forbairt scileanna digiteacha;

    (vi)

    treochtaí maidir le tíopeolaíocht athraitheach shlabhraí luacha na hintleachta saorga, go háirithe maidir leis na himpleachtaí a eascraíonn as sin i dtéarmaí cuntasachta;

    (vii)

    maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir le hAirteagal 7, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 5 de bhun Airteagal 112, agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil agus na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh;

    (f)

    tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorga, feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí agus na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorga a chur chun cinn;

    (g)

    an fhorbairt ar chritéir chomhchoiteanna agus comhthuiscint idir oibreoirí margaidh agus údaráis inniúla ar na coincheapa ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú, lena n-áirítear trí rannchuidiú le forbairt tagarmharcanna;

    (h)

    comhoibriú, de réir mar is iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe i réimsí na sábháilteachta táirgí, na cibearshlándála, na hiomaíochta, na seirbhísí digiteacha agus na meán, na seirbhísí airgeadais, na cosanta tomhaltóirí, na cosanta sonraí agus na gceart bunúsach;

    (i)

    rannchuidiú leis an gcomhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (j)

    cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún an saineolas eagraíochtúil agus teicniúil is gá a fhorbairt chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna do bhaill foirne na mBallstát atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

    (k)

    cúnamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga tacú le húdaráis inniúla náisiúnta chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a fhorbairt, agus comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú i measc boscaí gainimh rialála intleachta saorga;

    (l)

    rannchuidiú le treoirdhoiciméid a fhorbairt agus comhairle ábhartha a chur ar fáil ina leith;

    (m)

    comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair idirnáisiúnta a bhaineann leis an intleacht shaorga;

    (n)

    tuairimí a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na foláirimh cháilithe i ndáil le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;

    (o)

    tuairimí a fháil ó na Ballstáit maidir le foláirimh cháilithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus maidir le taithí agus cleachtais náisiúnta i ndáil le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chórais intleachta saorga, go háirithe córais lena gcomhtháthaítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.

    Airteagal 67

    Fóram comhairleach

    1.   Bunófar fóram comhairleach chun saineolas teicniúil a sholáthar agus chun comhairle a chur ar an mBord agus ar an gCoimisiún, agus chun rannchuidiú lena gcúraimí faoin Rialachán seo.

    2.   Beidh ballraíocht an fhóraim chomhairligh ina léiriú ar roghnú cothrom na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta agus an lucht léinn. Déanfar ballraíocht an fhóraim chomhairligh a chothromú maidir le leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile.

    3.   Ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an fhóraim chomhairligh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, as measc geallsealbhóirí a bhfuil saineolas aitheanta acu i réimse na hintleachta saorga.

    4.   Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an fhóraim chomhairligh 2 bhliain, agus féadfar síneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis.

    5.   Beidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) ina gcomhaltaí buana den fhóram comhairleach.

    6.   Déanfaidh an fóram comhairleach a rialacha nós imeachta a tharraingt suas. Toghfaidh sé beirt chomhchathaoirleach as measc a chomhaltaí, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Mairfidh téarma oifige na gcomhchathaoirleach 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

    7.   Tionólfaidh an fóram comhairleach cruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh an fóram comhairleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí eile chuig a chruinnithe.

    8.   Féadfaidh an fóram comhairleach tuairimí, moltaí agus rannchuidithe i scríbhinn a ullmhú arna iarraidh sin don Bhord nó don Choimisiún.

    9.   Féadfaidh an fóram comhairleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú de réir mar is iomchuí chun ceisteanna sonracha a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a scrúdú.

    10.   Déanfaidh an fóram comhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

    Airteagal 68

    Painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, forálacha maidir le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha (an ‘painéal eolaíochta’) a bhunú, ar painéal é a bheartaítear chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    2.   Ar an bpainéal eolaíoch, beidh saineolaithe arna roghnú ag an gCoimisiún ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga atá riachtanach le haghaidh na gcúraimí a leagtar amach i mír 3, agus beidh sé in ann a léiriú go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    saineolas agus inniúlacht ar leith agus saineolas eolaíoch nó teicniúil a bheith acu i réimse na hintleachta saorga;

    (b)

    neamhspleáchas ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireach;

    (c)

    an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

    Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, líon na saineolaithe ar an bpainéal i gcomhréir leis na riachtanais is gá agus áiritheoidh sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach.

    3.   Tabharfaidh an painéal eolaíoch comhairle agus tacaíocht don Oifig um Intleacht Shaorga, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    foláireamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga faoi rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcomhréir le hAirteagal 90;

    (ii)

    rannchuidiú le huirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear trí thagarmharcanna;

    (iii)

    comhairle a sholáthar maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo;

    (iv)

    comhairle a thabhairt maidir le haicmiú samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach;

    (v)

    rannchuidiú le huirlisí agus teimpléid a fhorbairt;

    (b)

    tacú le hobair na n-údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh;

    (c)

    tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 74(11), gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh;

    (d)

    tacú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus a dualgais á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs nós imeachta cosanta an Aontais de bhun Airteagal 81.

    4.   Déanfaidh na saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch a gcúraimí a chomhlíonadh le neamhchlaontacht agus le hoibiachtúlacht, agus áiritheoidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu faoi mhír 3. Dréachtóidh gach saineolaí dearbhú leasanna a chuirfear ar fáil don phobal. Bunóidh an Oifig um Intleacht Shaorga córais agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú go gníomhach agus a chosc.

    5.   Áireofar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir leis na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe don phainéal eolaíoch agus dá chomhaltaí chun foláirimh a eisiúint, agus chun cúnamh na hOifige um Intleacht Shaorga a iarraidh chun cúraimí an phainéil eolaíoch a fheidhmiú.

    Airteagal 69

    Rochtain ar an díorma saineolaithe do na Ballstáit

    1.   Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar shaineolaithe an phainéil eolaíoch tacú lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo.

    2.   Féadfar a cheangal ar na Ballstáit táillí a íoc as comhairle agus tacaíocht a fhaightear ó na saineolaithe. Leagfar amach struchtúr agus leibhéal na dtáillí chomh maith le scála agus struchtúr na gcostas inghnóthaithe trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 68(1), agus na cuspóirí maidir le cur chun feidhme leordhóthanach an Rialacháin seo, costéifeachtúlacht agus a riachtanaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach do na Ballstáit uile ar shaineolaithe á gcur san áireamh.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún rochtain thráthúil ar na saineolaithe a éascú do na Ballstáit, de réir mar is gá, agus áiritheoidh sé go ndéanfar an meascán gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag tacaíocht tástála intleachta saorga an Aontais de bhun Airteagal 84 agus saineolaithe de bhun an Airteagail seo a eagrú go héifeachtúil agus go gcuirfear an breisluach is fearr is féidir ar fáil.

    ROINN 2

    Údaráis inniúla náisiúnta

    Airteagal 70

    Ainmniú na n-údarás inniúil náisiúnta agus pointí teagmhála aonair

    1.   Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin ar a laghad a thugann fógra agus údarás faireachais margaidh amháin ar a laghad chun críocha an Rialacháin seo. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta sin a gcumhachtaí go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht chun oibiachtúlacht a ngníomhaíochtaí agus a gcúraimí a choimirciú, agus chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Staonfaidh comhaltaí na n-údarás sin ó aon ghníomh nach luíonn le cineál a bhfeidhmeanna. Ar choinníoll go n-urramófar na prionsabail sin, féadfaidh údarás ainmnithe amháin nó níos mó údarás ainmnithe na gníomhaíochtaí agus na cúraimí sin a dhéanamh, i gcomhréir le riachtanais eagraíochtúla an Bhallstáit.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún céannacht na n-údarás a thugann fógra agus na n-údarás faireachais margaidh agus cúraimí na n-údarás sin, chomh maith le haon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don phobal faoin gcaoi ar féidir dul i dteagmháil le húdaráis inniúla agus le pointí teagmhála aonair, trí mhodhanna cumarsáide leictreonaí faoin 2 Lúnasa 2025. Ainmneoidh na Ballstáit údarás faireachais margaidh chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair don Rialachán seo, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi chéannacht an phointe teagmhála aonair. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála aonair ar fáil go poiblí.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha ar fáil dá n-údaráis inniúla náisiúnta, mar aon le bonneagar chun a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh líon leordhóthanach pearsanra ag na húdaráis inniúla náisiúnta a mbeidh fáil bhuan orthu agus a n-áireofar ar a n-inniúlachtaí agus ar a saineolas tuiscint dhomhain ar theicneolaíochtaí intleachta saorga, ar shonraí agus ar ríomhaireacht sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar chibearshlándáil, ar chearta bunúsacha, ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta agus ar eolas ar na caighdeáin agus na ceanglais. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhonn bliantúil agus, má mheastar gur gá, nuashonróidh siad na ceanglais inniúlachta agus acmhainní dá dtagraítear sa mhír seo.

    4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta bearta iomchuí chun leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú.

    5.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, gníomhóidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    6.   Faoin 2 Lúnasa 2025, agus uair amháin gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le stádas acmhainní airgeadais agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta, le measúnú ar a leordhóthanacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBord lena plé agus le haghaidh moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

    7.   Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

    8.   Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a sholáthar maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus treoir agus comhairle an Bhoird agus an Choimisiúin á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Nuair atá sé beartaithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le dlí eile de chuid an Aontais, rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoin dlí sin, de réir mar is iomchuí.

    9.   Nuair a thagann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an t-údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh orthu.

    CAIBIDIL VIII

    BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE HAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA

    Airteagal 71

    Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III

    1.   I gcomhar leis na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún bunachar sonraí an Aontais ar bun, agus déanfaidh sé é a chothabháil, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 49 agus 60 agus córais intleachta saorga nach meastar a bheith ina n-ardriosca de bhun Airteagal 6(3) agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 49. Agus sonraíochtaí feidhmiúla an bhunachair sonraí sin á socrú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na saineolaithe ábhartha, agus nuair a bheidh sonraíochtaí feidhmiúla an bhunachair sonraí sin á nuashonrú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord.

    2.   Déanfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe na sonraí a liostaítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn VIII a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais.

    3.   Déanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil, ar údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht poiblí é, nó a ghníomhaíonn thar ceann údaráis phoiblí, gníomhaireachta poiblí nó comhlachta phoiblí, na sonraí a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn VIII a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 49(3) agus (4).

    4.   Cé is moite den roinn dá dtagraítear in Airteagal 49(4) agus in Airteagal 60(4), pointe (c), beidh an fhaisnéis atá i mbunachar sonraí an Aontais arna clárú i gcomhréir le hAirteagal 49 inrochtana agus ar fáil don phobal ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir. Ba cheart an fhaisnéis a bheith inseolta go héasca agus inléite ag meaisín. An fhaisnéis a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 60, ní bheidh sí inrochtana ach amháin d’údaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún, mura rud é go bhfuil toiliú tugtha ag an soláthraí ionchasach nó ag an soláthraí go ndéanfaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal freisin.

    5.   Ní bheidh sonraí pearsanta i mbunachar sonraí an Aontais ach amháin a mhéid is gá chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an gcóras a chlárú agus a mbeidh an t-údarás dlíthiúil acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí nó an úsáideora ghairmiúil, de réir mar is iomchuí.

    6.   Is é an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais. Cuirfidh sé tacaíocht theicniúil agus riaracháin leordhóthanach ar fáil do sholáthraithe, do sholáthraithe ionchasacha agus d’úsáideoirí gairmiúla. Comhlíonfaidh bunachar sonraí an Aontais na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.

    CAIBIDIL IX

    FAIREACHÁN IARMHARGAIDH, COMHROINNT FAISNÉISE AGUS FAIREACHAS MARGAIDH

    ROINN 1

    Faireachán iarmhargaidh

    Airteagal 72

    Faireachán iarmhargaidh arna dhéanamh ag soláthraithe agus plean faireacháin iarmhargaidh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca

    1.   Bunóidh soláthraithe córas faireacháin iarmhargaidh agus déanfaidh siad é a dhoiciméadú ar bhealach atá comhréireach le cineál na dteicneolaíochtaí intleachta saorga agus leis na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca.

    2.   Déanfaidh an córas faireacháin iarmhargaidh sonraí ábhartha a bhailiú, a dhoiciméadú agus a anailísiú go gníomhach agus go córasach, ar sonraí iad a fhéadfaidh úsáideoirí gairmiúla a sholáthar nó a fhéadfar a bhailiú trí fhoinsí eile maidir le feidhmíocht córas intleachta saorga ardriosca ar feadh a saolré, agus lena gceadaítear don soláthraí meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás inarb ábhartha, áireofar le faireachán iarmhargaidh anailís ar an idirghníomhaíocht le córais intleachta saorga eile. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire na n-úsáideoirí gairmiúla ar údaráis forfheidhmithe dlí iad.

    3.   Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena mbunófar teimpléad don phlean faireacháin iarmhargaidh agus liosta na n-eilimintí atá le háireamh sa phlean faoin 2 Feabhra 2026. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    4.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil córas agus plean faireacháin iarmhargaidh bunaithe cheana féin faoin reachtaíocht sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbláil a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú, beidh rogha ag soláthraithe na heilimintí is gá a ndéantar cur síos orthu i míreanna 1, 2 agus 3 a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, trí úsáid a bhaint as an teimpléad dá dtagraítear i mír 3 i gcórais agus i bpleananna atá ann cheana faoin reachtaíocht sin, ar choinníoll go mbainfear amach leis leibhéal coibhéiseach cosanta.

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí airgeadais ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus atá faoi réir ceanglais faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais maidir lena rialachas, a socruithe nó a bpróisis inmheánacha.

    ROINN 2

    Faisnéis a chomhroinnt faoi theagmhais thromchúiseacha

    Airteagal 73

    Teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú

    1.   Soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar mhargadh an Aontais, déanfaidh siad aon teagmhas tromchúiseach a thuairisciú d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar tharla an teagmhas sin.

    2.   Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 láithreach tar éis don soláthraí nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas tromchúiseach nó an dóchúlacht réasúnta go mbeidh nasc den sórt sin ann, agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis don soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, don úsáideoir gairmiúil, fáil amach faoin teagmhas tromchúiseach.

    Cuirfear tromchúis an teagmhais thromchúisigh san áireamh sa tréimhse chun an tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.

    3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, i gcás sárú forleathan nó teagmhas tromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (49)(b), soláthrófar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo láithreach, agus tráth nach déanaí ná 2 lá tar éis don soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, don úsáideoir gairmiúil teacht ar an eolas faoin teagmhas sin.

    4.   D’ainneoin mhír 2, i gcás bás duine, cuirfear an tuairisc ar fáil láithreach tar éis don soláthraí nó don úsáideoir gairmiúil gaolmhaireacht cúise idir an córas intleachta saorga ardriosca agus an teagmhas tromchúiseach a bhunú, nó a luaithe a bhíonn amhras air faoin teagmhas tromchúiseach, ach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a thiocfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-úsáideoir gairmiúil ar an eolas faoin teagmhas tromchúiseach.

    5.   I gcás inar gá chun tuairisciú tráthúil a áirithiú, féadfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-úsáideoir gairmiúil, tuarascáil tosaigh atá neamhiomlán a thíolacadh, agus tuarascáil iomlán a thíolacadh ina dhiaidh sin.

    6.   Nuair a thuairisceofar teagmhas tromchúiseach de bhun mhír 1, déanfaidh an soláthraí, gan mhoill, na himscrúduithe is gá maidir leis an teagmhas tromchúiseach agus an córas intleachta saorga lena mbaineann. Áireofar leis sin measúnú riosca ar an teagmhas, agus beart ceartaitheach.

    Comhoibreoidh an soláthraí leis na húdaráis inniúla agus i gcás inarb ábhartha leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann, le linn na n-imscrúduithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ní dhéanfaidh sé aon imscrúdú ina n-athrófar an córas intleachta saorga lena mbaineann ar bhealach a mbeadh tionchar aige ar mheastóireacht ar bith a dhéanfaí ina dhiaidh sin maidir le cúiseanna an teagmhais, sula gcuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin mbeart.

    7.   Ar fhógra a fháil maidir le teagmhas tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c), cuirfidh an t-údarás ábhartha faireachais margaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1) ar an eolas. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a éascú. Eiseofar an treoir sin faoin 2 Lúnasa 2025, agus déanfar measúnú tráthrialta uirthi.

    8.   Déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh bearta iomchuí, dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, laistigh de 7 lá ón dáta a fuair sé an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus leanfaidh sé na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

    9.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chuireann soláthraithe, atá faoi réir ionstraimí reachtacha de chuid an Aontais lena leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo, ar an margadh nó i mbun seirbhíse, beidh an fógra faoi theagmhais thromchúiseacha teoranta dóibh siúd dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c).

    10.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta d’fheistí iad, nó ar feistí iontu féin iad, arna gcumhdach le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, ní thabharfar fógra faoi theagmhais thromchúiseacha ach amháin ina gcás siúd dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c) den Rialachán seo, agus tabharfar an fógra don údarás inniúil náisiúnta arna roghnú chun na críche sin ag an mBallstát inar tharla an teagmhas.

    11.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta fógra láithreach don Choimisiún faoi aon teagmhas tromchúiseach, bíodh beart déanta acu ina leith nó ná bíodh, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

    ROINN 3

    Forfheidhmiú

    Airteagal 74

    Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

    (a)

    aon tagairt d’oibreoir eacnamaíoch faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí na hoibreoirí uile a shainaithnítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo;

    (b)

    aon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí gach córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    2.   Mar chuid dá n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, tuairisceoidh na húdaráis faireachais margaidh go bliantúil don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta. Tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún freisin maidir le húsáid cleachtas toirmiscthe a tharla le linn na bliana sin agus maidir leis na bearta a rinneadh.

    3.   Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, is é an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo a bheidh ar an údarás atá freagrach as gníomhaíochtaí faireachais margaidh a ainmnítear faoi na gníomhartha dlí seo.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus in imthosca iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarás ábhartha eile a ainmniú chun gníomhú mar údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad comhordú leis na húdaráis faireachais margaidh earnálacha ábhartha atá freagrach as forfheidhmiú na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

    4.   Na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 79 go 83 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhforáiltear cheana féin leis na gníomhartha dlí sin do nósanna imeachta lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta agus a bhfuil an cuspóir céanna acu. I gcásanna mar sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta earnálacha sin ina n-ionad.

    5.   Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(4), pointí (d) agus (j), den Rialachán sin a fheidhmiú go cianda, de réir mar is iomchuí.

    6.   I gcás córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáideann institiúidí airgeadais a rialáiltear le dlí seirbhísí airgeadais an Aontais, is é an t-údarás faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá freagrach as maoirseacht airgeadais na n-institiúidí sin faoin reachtaíocht sin a mhéid atá baint dhíreach ag an gcóras intleachta saorga a bheith á chur ar an margadh, á chur i mbun seirbhíse nó á úsáid le soláthar na seirbhísí airgeadais sin.

    7.   De mhaolú ar mhír 6, in imthosca iomchuí, agus ar choinníoll go ndéantar an comhordú a áirithiú, féadfaidh an Ballstát údarás ábhartha eile a shainiú mar an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo.

    Údaráis náisiúnta faireachais margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa rialáilte arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) arna bhunú le Rialachán Uimh. 1024/2013, ba cheart dóibh tuairisciú, gan mhoill, don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin.

    8.   I gcás córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, a mhéid a úsáidtear na córais chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, le haghaidh bainistiú teorainneacha agus ceartais agus an daonlathais agus le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointí 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir (AE) 2016/680, nó aon údarás eile arna ainmniú de bhun na gcoinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagail 41 go 44 de Threoir (AE) 2016/680. Ní dhéanfaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh difear ar bhealach ar bith do neamhspleáchas na n-údarás breithiúnach ná ní chuirfidh siad isteach ar aon bhealach eile ar a ngníomhaíochtaí agus iad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.

    9.   I gcás ina dtagann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar a n-údarás faireachais margaidh, ach amháin i ndáil le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í ag gníomhú ina cáil bhreithiúnach.

    10.   Éascóidh na Ballstáit comhordú idir údaráis faireachais margaidh a ainmnítear faoin Rialachán seo agus údaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

    11.   Beidh údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh sé d’aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt nó treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorga ardriosca a gcinntear ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.

    12.   Gan dochar do na cumhachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020, agus i gcás inarb ábhartha, ach teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfaidh soláthraithe rochtain iomlán do na húdaráis faireachais margaidh ar an doiciméadacht agus ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh i bhforbairt an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí chomhéadain feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.

    13.   Tabharfar rochtain d’údaráis faireachais margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarraidh réasúnaithe agus ní thabharfar an rochtain sin dóibh ach amháin nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    tá gá le rochtain ar chód foinseach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2; agus,

    (b)

    ídíodh na nósanna imeachta tástála nó iniúchóireachta agus na fíoruithe ar fad bunaithe ar na sonraí agus an doiciméadacht arna soláthar ag an soláthraí nó léiríodh nár leor iad.

    14.   Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaigheann na húdaráis faireachais margaidh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    Airteagal 75

    Cúnamh frithpháirteach, faireachas margaidh agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha a rialú

    1.   I gcás ina mbeidh córas intleachta saorga bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach, agus is é an soláthraí céanna a fhorbraíonn an tsamhail agus an córas, beidh cumhachtaí ag an Oifig um Intleacht Shaorga faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga sin i dtaca le hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun a cúraimí faireacháin agus maoirseachta a dhéanamh, beidh cumhachtaí uile údaráis faireachais margaidh ag an Oifig um Intleacht Shaorga dá bhforáiltear sa Roinn seo agus i Rialachán (AE) 2019/1020.

    2.   I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag na húdaráis ábhartha faireachais margaidh chun a mheas go bhfuil córais intleachta saorga ilchuspóireacha ar féidir le húsáideoirí gairmiúla iad a úsáid go díreach chun críche amháin ar a laghad a aicmítear mar ardriosca de bhun an Rialacháin seo neamhchomhréireach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, comhoibreoidh siad leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí comhlíontachta a dhéanamh, agus cuirfidh siad an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh ar an eolas dá réir sin.

    3.   I gcás nach mbeidh údarás faireachais margaidh in ann a imscrúdú ar an gcóras intleachta saorga ardriosca a thabhairt i gcrích toisc nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga in ainneoin gach iarracht iomchuí a bheith déanta aige an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga, trína ndéanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil táirge neamhchomhlíontach. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.

    Airteagal 76

    Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar thástáil i bhfíordhálaí

    1.   Beidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ag na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go mbeidh tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   I gcás ina ndéantar tástáil i bhfíordhálaí le haghaidh córais intleachta saorga a ndéantar maoirseacht orthu laistigh de bhosca gainimh intleachta saorga faoi Airteagal 58, fíoróidh na húdaráis faireachais margaidh go bhfuil Airteagal 60 á gcomhlíonadh, mar chuid dá ról maoirseachta maidir le bosca gainimh intleachta saorga. Féadfaidh na húdaráis sin, de réir mar is iomchuí, cead a thabhairt don soláthraí nó don soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí a dhéanamh de mhaolú ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 60(4), pointí (f) agus (g).

    3.   I gcás inar chuir an soláthraí ionchasach, an soláthraí nó aon tríú páirtí an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas faoi theagmhas tromchúiseach nó i gcás ina mbeidh forais eile aige lena mheas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 60 agus 61, féadfaidh sé ceachtar den dá chinneadh seo a leanas a dhéanamh ar a chríoch, de réir mar is iomchuí:

    (a)

    an tástáil i bhfíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi;

    (b)

    a cheangal ar an soláthraí nó ar an soláthraí ionchasach agus ar an úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach aon ghné den tástáil a mhodhnú i bhfíordhálaí.

    4.   I gcás ina bhfuil cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo déanta ag údarás faireachais margaidh nó ina bhfuil agóid déanta aige de réir bhrí Airteagal 60(4), pointe (b), léireofar sa chinneadh nó san agóid forais an chinnidh nó na hagóide sin agus an chaoi ar féidir leis an soláthraí nó an soláthraí ionchasach cur i gcoinne an chinnidh nó na hagóide.

    5.   I gcás inarb infheidhme, ina mbeidh cinneadh dá dtagraítear i mír 3 déanta ag údarás faireachais margaidh, cuirfidh sé na forais atá leis an gcinneadh sin in iúl do na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit eile ina ndearnadh an córas intleachta saorga a thástáil i gcomhréir leis an bplean tástála.

    Airteagal 77

    Cumhachtaí na n-údarás a chosnaíonn cearta bunúsacha

    1.   Maidir le húdaráis phoiblí náisiúnta nó comhlachtaí poiblí náisiúnta a dhéanann maoirseacht nó forfheidhmiú ar urramú na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealaithe, i ndáil le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, beidh sé de chumhacht acu aon doiciméadacht arna cruthú nó arna coimeád ar bun faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi i dteanga agus i bhformáid inrochtana nuair is gá an rochtain ar an doiciméadacht sin chun a sainorduithe a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha a ndlínse. Cuirfidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí ábhartha an t-údarás faireachais margaidh sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh mar sin.

    2.   Faoin 2 Samhain 2024, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus cuirfidh sé liosta ar fáil go poiblí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin liosta sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus coinneoidh siad an liosta cothrom le dáta.

    3.   I gcás nach leor an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 chun a fháil amach ar tharla sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, féadfaidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí dá dtagraítear i mír 1 iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh, chun tástáil an chórais intleachta saorga ardriosca a eagrú trí mhodhanna teicniúla. Eagróidh an t-údarás faireachais margaidh an tástáil trí dhlúthbhaint leis an údarás poiblí iarrthach nó leis an gcomhlacht poiblí iarrthach laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata.

    4.   Aon fhaisnéis nó aon doiciméadacht a gheobhaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo de bhun an Airteagail seo, déileálfar léi sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

    Airteagal 78

    Rúndacht

    1.   Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:

    (a)

    cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57);

    (b)

    cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

    (c)

    leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

    (d)

    seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;

    (e)

    faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

    2.   Na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun mhír 1, ní iarrfaidh siad ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh siad bearta cibearshlándála leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear a chosaint, agus scriosfaidh siad na sonraí arna mbailiú a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche dá bhfuarthas iad, i gcomhréir le dlí is infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

    3.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir gairmiúil nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe teorann, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, agus nuair a chuirfeadh an nochtadh sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol. Ní chumhdófar, leis an malartú faisnéise sin, sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.

    Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.

    4.   Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 ná 3 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus a n-údarás ábhartha, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair trasteorann, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá agus i gcomhréir le forálacha ábhartha comhaontuithe idirnáisiúnta agus trádála, faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leordhóthanach rúndachta.

    Airteagal 79

    Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le córais intleachta saorga lena mbaineann riosca

    1.   Maidir le córais intleachta saorga lena mbaineann riosca, tuigfear iad a bheith mar ‘táirge lena mbaineann riosca’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann rioscaí don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine leo.

    2.   I gcás ina mbeidh cúis leormhaith ag an údarás faireachais margaidh i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh sé meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar chórais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo do ghrúpaí leochaileacha. I gcás ina sainaithnítear rioscaí do chearta bunúsacha, cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(1) ar an eolas freisin agus oibreoidh sé i gcomhar iomlán leo. Comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha, de réir mar is gá, leis an údarás faireachais margaidh agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 77(1).

    Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás faireachais margaidh i gcomhar leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé, gan moill mhíchuí, ar an oibreoir ábhartha gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, an córas intleachta saorga a aistarraingt ón margadh, nó é a aisghairm laistigh de thréimhse a fhéadfaidh an t-údarás faireachais magaidh a fhorordú, agus in aon chás laistigh de 15 lá oibre, nó de réir mar a fhoráiltear i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.

    Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

    3.   I gcás ina measann an t-údarás faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh sé ar an oibreoir a dhéanamh.

    4.   Áiritheoidh an t-oibreoir go ndéantar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na gcóras intleachta saorga uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar mhargadh an Aontais.

    5.   I gcás nach ndéanfaidh oibreoir córais intleachta saorga beart ceartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an córas intleachta saorga a thoirmeasc nó a shrianadh óna bheith á chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta agus óna bheith á chur i mbun seirbhíse, chun an táirge nó an córas intleachta saorga neamhspleách a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm. Tabharfaidh an t-údarás sin fógra, gan moill mhíchuí, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sin.

    6.   San fhógra dá dtagraítear i mír 5 beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe an fhaisnéis is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios go háirithe ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (a)

    neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (b)

    nár chomhlíon córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;

    (c)

    go raibh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 lena mbronntar toimhde comhréireachta;

    (d)

    neamhchomhlíonadh Airteagal 50.

    7.   Maidir leis na húdaráis faireachais margaidh nach iad an t-údarás faireachais margaidh sa Bhallstát atá ag tionscnamh an nós imeachta iad, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n-agóidí.

    8.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit ná ag an gCoimisiún maidir le beart sealadach a ghlac údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit eile measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin. Beidh an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020. Laghdófar an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear sa mhír seo go 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.

    9.   Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge nó an chórais intleachta saorga lena mbaineann, amhail an táirge nó an córas intleachta saorga a tharraingt siar óna margadh gan moill mhíchuí.

    Airteagal 80

    Nós imeachta chun déileáil le córais intleachta saorga atá aicmithe ag an soláthraí mar chóras nach mbaineann ardriosca leis agus Iarscríbhinn III á cur i bhfeidhm

    1.   I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údarás faireachais margaidh lena mheas gur córas ardriosca i ndáiríre é córas intleachta saorga arna aicmiú ag an soláthraí mar chóras nach mbaineann ardriosca leis de bhun Airteagal 6(3), déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann i ndáil lena aicmiú mar chóras intleachta saorga ardriosca bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) agus i dtreoirlínte an Choimisiúin.

    2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga lena mbaineann, ceanglóidh sé gan moill mhíchuí ar an soláthraí ábhartha gach beart is gá a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, chomh maith le beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh laistigh de thréimhse a fhorordóidh an t-údarás faireachais margaidh.

    3.   I gcás ina measann an t-údarás faireachais margaidh nach bhfuil úsáid an chórais intleachta saorga lena mbaineann srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh sé ar an oibreoir a dhéanamh.

    4.   Áiritheoidh an soláthraí go ndéanfar gach beart is gá chun an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás nach ndéanfaidh soláthraí an chórais intleachta saorga lena mbaineann an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí sin laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an soláthraí faoi réir fíneálacha i gcomhréir le hAirteagal 99.

    5.   Áiritheoidh an soláthraí go ndéantar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na gcóras intleachta saorga uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar mhargadh an Aontais.

    6.   I gcás nach ndéanfaidh soláthraí an chórais intleachta saorga lena mbaineann beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 79(5) go (9).

    7.   I gcás ina suífidh an t-údarás faireachais margaidh, le linn na meastóireachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go ndearna an soláthraí an córas intleachta saorga a mhí-aicmiú mar chóras nach mbaineann ardriosca leis chun teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidil III, Roinn 2, beidh an soláthraí faoi réir fíneálacha i gcomhréir le hAirteagal 99.

    8.   Agus a gcumhacht á feidhmiú acu chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1020, féadfaidh údaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí a dhéanamh, agus faisnéis a stóráiltear i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo á cur san áireamh go háirithe.

    Airteagal 81

    Nós imeachta coimirce an Aontais

    1.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5) a fháil, nó laistigh de 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, go ndéanfaidh údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit agóidí i gcoinne beart a rinne údarás faireachais margaidh eile, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan moill mhíchuí le húdarás faireachais margaidh an Bhallstáit ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí, nó laistigh de 60 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, ag tosú leis an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5), an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh d’údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún gach údarás faireachais margaidh eile ar an eolas freisin faoina chinneadh.

    2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil údar leis an mbeart a rinne an Ballstát ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit uile go ndéanfaidh siad bearta sriantacha iomchuí i ndáil leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann, amhail a cheangal go dtarraingeofaí siar an córas intleachta saorga óna margadh gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

    3.   I gcás ina measfar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

    Airteagal 82

    Córais intleachta saorga chomhlíontacha lena mbaineann riosca

    1.   Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 79, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), go gcinnfidh údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit, cé go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca an Rialachán seo, go bhfuil, dá ainneoin sin, riosca ag baint leis do shláinte nó sábháilteacht daoine, do chearta bunúsacha, nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse é, gan moill mhíchuí, laistigh de thréimhse a fhéadfaidh sé a fhorordú.

    2.   Áiritheoidh an soláthraí nó an t-oibreoir ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na córais intleachta saorga go léir lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar mhargadh an Aontais laistigh den amlíne arna forordú ag údarás faireachais margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach maidir le cinneadh faoi mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an córas intleachta saorga lena mbaineann, áit tionscnaimh agus slabhra soláthair an chórais intleachta saorga, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

    4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis na hoibreoirí ábhartha, gan moill mhíchuí, agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta arna ndéanamh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil údar leis an mbeart, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí eile.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl láithreach do na Ballstáit lena mbaineann agus do na hoibreoirí ábhartha. Cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas freisin.

    Airteagal 83

    Neamhchomhlíonadh foirmiúil

    1.   I gcás ina ndéanann údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit aon cheann de na cinntí seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an soláthraí ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann, laistigh de thréimhse a fhéadfaidh sé a fhorordú:

    (a)

    gur sárú é ar Airteagal 48 an mharcáil CE a ghreamú;

    (b)

    nár greamaíodh an mharcáil CE;

    (c)

    nár tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    (d)

    nár tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    (e)

    nach ndearnadh an clárú i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71;

    (f)

    i gcás inarb infheidhme, nár ceapadh aon ionadaí údaraithe;

    (g)

    nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil.

    2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann gach beart iomchuí agus comhréireach chun an córas intleachta saorga ardriosca a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh, gan mhoill.

    Airteagal 84

    Struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga de chuid an Aontais

    1.   Ainmneoidh an Coimisiún struchtúr tacaíochta tástála intleachta saorga amháin nó níos mó de chuid an Aontais chun na cúraimí a dhéanamh a liostaítear faoi Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 i réimse na hintleachta saorga.

    2.   Gan dochar do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga an Aontais comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch freisin arna iarraidh sin don Bhord, don Choimisiún nó d’údaráis faireachais margaidh.

    ROINN 4

    Leigheasanna

    Airteagal 85

    Ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás faireachais margaidh

    Gan dochar do leigheasanna riaracháin nó breithiúnacha eile, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige lena mheas gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, féadfaidh sé gearáin a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh ábhartha.

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirfear na gearáin sin san áireamh chun críche gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh agus láimhseálfar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta tiomnaithe arna mbunú chuige sin ag na húdaráis faireachais margaidh.

    Airteagal 86

    Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair

    1.   Aon duine dá ndéantar difear atá faoi réir cinneadh a dhéanann an t-úsáideoir gairmiúil ar bhonn an aschuir ó chóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais a liostaítear faoi phointe 2 di, agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige nó a dhéanann difear suntasach comhchosúil don duine sin ar bhealach a measann siad go bhfuil drochthionchar aige ar a shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha, beidh sé de cheart aige mínithe soiléire agus fiúntacha a fháil ón úsáideoir gairmiúil ar ról an chórais intleachta saorga sa nós imeachta cinnteoireachta agus ar phríomhghnéithe an chinnidh a rinneadh.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le húsáid córas intleachta saorga dá dtagann eisceachtaí ón oibleagáid faoin mír sin, nó srianta ar an oibleagáid sin, ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin a mhéid nach bhforáiltear ar shlí eile don cheart dá dtagraítear i mír 1 faoi dhlí an Aontais.

    Airteagal 87

    Sáruithe a thuairisciú agus daoine a dhéanann tuairisciú a chosaint

    Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn sáruithe mar sin a chosaint.

    ROINN 5

    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    Airteagal 88

    Forfheidhmiú oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    1.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun Caibidil V a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, agus na ráthaíochtaí nós imeachta faoi Airteagal 94 á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na gcúraimí sin a shannadh don Oifig um Intleacht Shaorga, gan dochar do chumhachtaí eagrúcháin an Choimisiúin ná do roinnt na n-inniúlachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas bunaithe ar na Conarthaí.

    2.   Gan dochar d’Airteagal 75(3), féadfaidh údaráis faireachais margaidh a iarraidh ar an gCoimisiún na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú, i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun cabhrú lena gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

    Airteagal 89

    Gníomhaíochtaí faireacháin

    1.   Chun na cúraimí a shanntar di faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo arna ndéanamh ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear go bhfuil siad ag cloí leis na cóid chleachtais fhormheasta.

    2.   Beidh sé de cheart ag soláthraithe iartheachtacha gearán a thaisceadh ina líomhnaítear sárú ar an Rialachán seo. Beidh réasúnú cuí leis an ngearán agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

    (a)

    pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann;

    (b)

    tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha ábhartha an Rialacháin seo, agus an chúis a measann an soláthraí iartheachtach gur sháraigh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an Rialachán seo;

    (c)

    aon fhaisnéis eile a mheasann an soláthraí iartheachtach a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

    Airteagal 90

    Foláirimh ón bpainéal eolaíoch maidir le rioscaí sistéamacha

    1.   Féadfaidh an painéal eolaíoch foláireamh cáilithe a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga i gcás ina bhfuil cúis amhrais aige:

    (a)

    go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach; nó,

    (b)

    go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51.

    2.   Ar fholáireamh cáilithe mar sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tríd an Oifig um Intleacht Shaorga agus tar éis dó an Bord a chur ar an eolas, na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú chun an t-ábhar a mheasúnú. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an Bord ar an eolas faoi aon bheart i gcomhréir le hAirteagail 91 go 94.

    3.   Beidh réasúnú cuí leis an bhfoláireamh cáilithe agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

    (a)

    pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann a bhfuil riosca sistéamach ag baint leis;

    (b)

    tuairisc ar na fíorais ábhartha agus ar na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh ón bpainéal eolaíoch;

    (c)

    aon fhaisnéis eile a mheasann an painéal eolaíoch a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

    Airteagal 91

    An chumhacht chun doiciméadacht agus faisnéis a iarraidh

    1.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an doiciméadacht arna tarraingt suas ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 55 a sholáthar, nó aon fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag an soláthraí.

    2.   Sula seolfar an iarraidh ar fhaisnéis, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí.

    3.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón bpainéal eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis a eisiúint chuig soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás ina bhfuil an rochtain ar fhaisnéis riachtanach agus comhréireach chun cúraimí an phainéil eolaíoch a chomhlíonadh faoi Airteagal 68(2).

    4.   San iarraidh ar fhaisnéis, luafar bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonrófar cén fhaisnéis a theastaíonn, socrófar tréimhse ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a thabhairt, agus léireofar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 101 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

    5.   Soláthróidh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann, nó a ionadaí, an fhaisnéis a iarrtar. I gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag an soláthraí, soláthróidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a reachta an rochtain arna hiarraidh thar ceann sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú faisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Mar sin féin, leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

    Airteagal 92

    An chumhacht chun meastóireachtaí a dhéanamh

    1.   Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, tar éis di dul i gcomhairle leis an mBord, meastóireachtaí a dhéanamh ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann:

    (a)

    measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí, i gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 91; nó,

    (b)

    imscrúdú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais a bheith ag baint le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach, go háirithe tar éis foláireamh cáilithe a fháil ón bpainéal eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 90, pointe (a).

    2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann, lena n-áirítear saineolaithe ón bpainéal eolaíoch arna bhunú de bhun Airteagal 68. Comhlíonfaidh saineolaithe neamhspleácha arna gceapadh don chúram sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 68(2).

    3.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún rochtain ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann a iarraidh trí APInna nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí breise, lena n-áirítear an cód foinseach.

    4.   Luafar san iarraidh ar rochtain bunús dlí, cuspóir agus cúiseanna na hiarrata agus socrófar inti an tréimhse ar laistigh di nach mór rochtain a thabhairt, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 101 i gcás nach dtugtar rochtain.

    5.   Soláthraithe na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann nó a ionadaí, soláthróidh siad an fhaisnéis a iarrtar. I gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag an soláthraí, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh siad an rochtain arna hiarraidh thar ceann sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann.

    6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na socruithe mionsonraithe agus na coinníollacha le haghaidh na meastóireachtaí, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le saineolaithe neamhspleácha a rannpháirtiú, agus an nós imeachta maidir lena roghnú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    7.   Sula n-iarrfar rochtain ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le tástáil inmheánach na samhla, coimircí inmheánacha chun rioscaí sistéamacha a chosc, agus nósanna imeachta agus bearta inmheánacha eile atá déanta ag an soláthraí chun na rioscaí sin a mhaolú.

    Airteagal 93

    An chumhacht bearta a iarraidh

    1.   I gcás inar gá agus inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bearta iomchuí a dhéanamh chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 53 agus 54 a chomhlíonadh;

    (b)

    bearta maolaithe a chur chun feidhme, i gcás inar ann d’ábhar imní tromchúiseach agus réasúnaithe maidir le riosca sistéamach ar leibhéal an Aontais mar thoradh ar an meastóireacht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 92;

    (c)

    an tsamhail a shrianadh óna cur ar fáil ar an margadh, í a tharraingt siar nó a aisghairm.

    2.   Sula ndéantar iarraidh ar bheart, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí.

    3.   Más rud é, le linn an idirphlé struchtúrtha dá dtagraítear i mír 2, go dtugann soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a mbaineann riosca sistéamach léi gealltanais bearta maolaithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal orthu agus a dhearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann le haghaidh gníomhaíochta.

    Airteagal 94

    Cearta nós imeachta oibreoirí eacnamaíocha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le soláthraithe na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    CAIBIDIL X

    CÓID IOMPAIR AGUS TREOIRLÍNTE

    Airteagal 95

    Cóid iompair le haghaidh cur chun feidhme deonach ceanglas sonrach

    1.   Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear sásraí rialachais gaolmhara, lena mbeartaítear cur i bhfeidhm deonach roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, agus na réitigh theicniúla agus na dea-chleachtais tionscail atá ar fáil á gcur san áireamh, lenar féidir na ceanglais sin a chur i bhfeidhm.

    2.   Éascóidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair maidir le cur i bhfeidhm deonach, lena n-áirítear tarraingt suas cód iompair a bheith á cur i bhfeidhm ag úsáideoirí gairmiúla, ceanglas sonrach maidir le gach córas intleachta saorga, ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun baint amach na gcuspóirí sin a thomhas, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas, mar shampla, ach gan a bheith teoranta dóibh:

    (a)

    gnéithe is infheidhme dá bhforáiltear i dTreoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa;

    (b)

    measúnú a dhéanamh ar thionchar córas intleachta saorga ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus é a íoslaghdú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le clársceidealú atá tíosach ar fhuinneamh agus teicnící maidir le ceapadh, oiliúint agus úsáid na hIntleachta Saorga ar bhealach éifeachtach;

    (c)

    litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn, go háirithe litearthacht na ndaoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid intleachta saorga;

    (d)

    éascú a dhéanamh ar cheapadh córas intleachta saorga le go mbeidís cuimsitheach, éagsúil, lena n-áirítear trí fhoirne forbartha cuimsitheacha, éagsúla a bhunú agus trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas sin a chur chun cinn;

    (e)

    measúnú a dhéanamh ar thionchar diúltach na gcóras intleachta saorga ar dhaoine leochaileacha nó ar ghrúpaí de dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar chomhionannas inscne, agus an tionchar diúltach sin a chosc.

    3.   Féadfaidh soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i dteannta rannpháirtíocht aon gheallsealbhóra leasmhair agus a eagraíocht ionadaíoch, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an lucht léinn. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht na críche atá beartaithe do na córais ábhartha.

    4.   Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit leasanna agus riachtanais shonracha na FBManna, na gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, agus tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á héascú acu.

    Airteagal 96

    Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo

    1.   Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 15 agus in Airteagal 25;

    (b)

    na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (c)

    cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúil;

    (d)

    cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 50;

    (e)

    faisnéis mhionsonraithe faoin nasc idir an Rialachán seo agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht a bhforfheidhmithe;

    (f)

    cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar chóras intleachta saorga mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (1).

    Agus treoirlínte mar sin á n-eisiúint aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, riachtanais na n-údarás poiblí áitiúil agus na n-earnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh.

    Sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar aird chuí ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga, ar chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41, nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla sin a leagtar amach de bhun dhlí comhchuibhithe an Aontais.

    2.   Arna iarraidh sin do na Ballstáit nó don Oifig um Intleacht Shaorga, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a glacadh roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasfar gur gá sin.

    CAIBIDIL XI

    TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

    Airteagal 97

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(6) nó (7), Airteagal 7(1) nó (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) nó (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) nó Airteagal 53(5) nó (6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 98

    An nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL XII

    PIONÓIS

    Airteagal 99

    Pionóis

    1.   I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile, lena bhféadfar rabhaidh agus bearta neamhairgeadaíochta a áireamh freisin, ar rialacha iad a bheidh infheidhme maidir le sáruithe arna ndéanamh ag oibreoirí ar an Rialachán seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go cuí agus go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 96 á gcur san áireamh. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh siad san áireamh leasanna FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus a n-inmharthanacht eacnamaíoch.

    2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus ar a dhéanaí faoin dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm, faoi na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

    3.   Maidir le neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 35 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 7 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    4.   Maidir le neamhchomhlíontacht le haon cheann de na forálacha seo a leanas a bhaineann le hoibreoirí nó le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 3 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

    (a)

    oibleagáidí na soláthraithe de bhun Airteagal 16;

    (b)

    oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe de bhun Airteagal 22;

    (c)

    oibleagáidí na n-allmhaireoirí de bhun Airteagal 23;

    (d)

    oibleagáidí na ndáileoirí de bhun Airteagal 24;

    (e)

    oibleagáidí na n-úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 26;

    (f)

    ceanglais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 31, Airteagal 33(1), (3)agus (4) nó Airteagal 34;

    (g)

    oibleagáidí trédhearcachta i gcás soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 50.

    5.   Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 7 500 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

    6.   I gcás FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, déanfar gach fíneáil dá dtagraítear san Airteagal seo a uasteorannú ag na céatadáin nó an méid dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5, cibé acu is ísle.

    7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

    (b)

    ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna;

    (c)

    ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;

    (d)

    méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;

    (e)

    aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;

    (f)

    méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

    (g)

    méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;

    (h)

    an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;

    (i)

    cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

    (j)

    aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú.

    8.   Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

    9.   Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile na fíneálacha de réir mar is infheidhme sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.

    10.   Maidir le cumhachtaí a bheith á bhfeidhmiú aige faoin Airteagal seo, beidh sé sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leighis bhreithiúnacha éifeachtacha agus próis chuí.

    11.   Tuairisceoidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’eisigh siad le linn na bliana sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha lena mbaineann.

    Airteagal 100

    Fíneálacha riaracháin ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

    1.   Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

    (b)

    leibhéal freagrachta na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;

    (c)

    aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;

    (d)

    méid an chomhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;

    (e)

    aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais roimhe;

    (f)

    an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;

    (g)

    buiséad bliantúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais.

    2.   Maidir le neamhchomhlíontacht an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 1 500 000.

    3.   Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 750 000.

    4.   Sula ndéantar cinneadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí deis d’institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais is ábhar do na himeachtaí atá á riar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht a fháil ar an ní maidir leis an sárú féideartha. Ní bhunóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntí ar aon ní ach amháin ar na heilimintí agus imthosca a raibh ar chumas na bpáirtithe lena mbaineann tuairim a thabhairt ina leith. Beidh dlúthbhaint ag na gearánaigh, más ann dóibh, leis na himeachtaí.

    5.   Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, faoi réir leas dlisteanach daoine aonair nó gnólachtaí maidir lena gcuid sonraí pearsanta nó a gcuid rúin ghnó a chosaint.

    6.   Rannchuideoidh cistí arna mbailiú trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo le buiséad ginearálta an Aontais. Ní dhéanfaidh na fíneálacha difear d’oibriú éifeachtach na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais ar gearradh fíneáil air nó uirthi.

    7.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar bhonn bliantúil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’fhorchuir sé de bhun an Airteagail seo agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha a thionscain sé.

    Airteagal 101

    Fíneálacha le haghaidh sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    1.   Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 3 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin nó EUR 15 000 000, cibé acu is airde, a fhorchur ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas d’aon ghnó nó le faillí:

    (a)

    sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

    (b)

    níor chomhlíon sé iarraidh ar dhoiciméad nó ar fhaisnéis de bhun Airteagal 91, nó sholáthair sé faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach;

    (c)

    níor chomhlíon sé beart a iarradh faoi Airteagal 93;

    (d)

    níor chuir sé rochtain ar fáil don Choimisiún ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach nó ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a mbaineann riosca sistéamach léi d’fhonn meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 92.

    Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 93(3) nó gealltanais a rinneadh i gcóid chleachtais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 56.

    2.   Sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus tabharfaidh sé deis dó éisteacht a fháil.

    3.   Beidh na fíneálacha a ghearrfar i gcomhréir leis an Airteagal seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    4.   Cuirfear faisnéis faoi fhíneálacha a fhorchuirtear faoin Airteagal seo in iúl don Bhord freisin de réir mar is iomchuí.

    5.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón gCoimisiún maidir le fíneáil a shocrú faoin Airteagal seo. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

    6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh socruithe mionsonraithe agus coimircí nós imeachta iomchuí maidir le himeachtaí i bhfianaise na gcinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

    CAIBIDIL XIII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 102

    Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008

    In Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) 300/2008, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 103

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

    In Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 104

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013

    In Airteagal 22 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 105

    Leasú ar Threoir 2014/90/AE

    In Airteagal 8 de Threoir 2014/90/AE, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘5.   Maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), agus a ghníomhaíochtaí á ndéanamh aige de bhun mhír 1 agus le linn dó sonraíochtaí teicniúla agus caighdeáin tástála a ghlacadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.

    Airteagal 106

    Leasú ar Threoir (AE) 2016/797

    In Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘12.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 11 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 107

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/858

    In Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘4.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 3 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 108

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139

    Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    (*)  Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;"

    (2)

    in Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘4.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘4.   Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’

    ;

    (4)

    in Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 57, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’

    ;

    (6)

    in Airteagal 58, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’.

    Airteagal 109

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144

    In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 2, maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

    Airteagal 110

    Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

    Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) Uimh. 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58):

    ‘(68)

    Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj)’.

    Airteagal 111

    Córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a cuireadh ar an margadh cheana féin

    1.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 5 dá dtagraítear in Airteagal 113(3), pointe (a), déanfar córais intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn X a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh an 2 Lúnasa 2027 a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2030.

    Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn X agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha dlí sin agus i gcás ina ndéanfar na gníomhartha dlí sin a ionadú nó a leasú.

    2.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 5 dá dtagraítear in Airteagal 113(3), pointe (a), beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí córas intleachta saorga ardriosca, seachas na córais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh an 2 Lúnasa 2026, ach amháin más rud é, ón dáta sin ar aghaidh, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha ar a ndearaí. I gcás ar bith, déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí na bearta is gá chun ceanglais agus oibleagáidí an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2030.

    3.   Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a cuireadh ar an margadh roimh an 2 Lúnasa 2025 na bearta is gá chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2027.

    Airteagal 112

    Meastóireacht agus athbhreithniú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn III agus ar an liosta de chleachtais intleachta saorga atá toirmiscthe a leagtar síos in Airteagal 5, uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus go dtí deireadh thréimhse an tarmligin cumhachta a leagtar síos in Airteagal 97. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    2.   Faoin 2 Lúnasa 2028, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo leanas:

    (a)

    an gá atá le leasuithe lena leathnaítear ceannteidil limistéir atá ann cheana nó lena gcuirtear ceannteidil limistéir nua le hIarscríbhinn III;

    (b)

    leasuithe ar liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta in Airteagal 50;

    (c)

    leasuithe lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais.

    3.   Faoin 2 Lúnasa 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil measúnú maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le gníomhaireacht de chuid an Aontais chun aon easnaimh a sainaithníodh a réiteach. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

    4.   Leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, tabharfar aird shonrach ar an méid seo a leanas:

    (a)

    stádas acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;

    (b)

    staid na bpionós, go háirithe, staid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(1), arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sáruithe ar an Rialachán seo;

    (c)

    caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna arna bhforbairt chun tacú leis an Rialachán seo a glacadh;

    (d)

    líon na ngnóthas a chuirtear ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus líon na ngnóthas ar FBManna iad.

    5.   Faoin 2 Lúnasa 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na hOifige um Intleacht Shaorga, i dtaobh ar tugadh cumhachtaí agus inniúlachtaí leordhóthanacha don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cúraimí a chomhlíonadh, agus an mbeadh sí ábhartha agus riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí chun an Oifig um Intleacht Shaorga agus a hinniúlachtaí forfheidhmiúcháin a uasghrádú agus chun a hacmhainní a mhéadú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir lena mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    6.   Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an athbhreithniú ar an dul chun cinn ar fhorbairt spriocanna insoláthartha caighdeánaithe maidir le forbairt atá tíosach ar fhuinneamh na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus measúnóidh sé an gá le bearta nó gníomhaíochtaí breise, lena n-áirítear bearta nó gníomhaíochtaí ceangailteacha. Déanfar an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus poibleofar í.

    7.   Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus éifeachtacht na gcód iompair deonach chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 le haghaidh córais intleachta saorga a chothú seachas córais intleachta saorga ardriosca, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga seachas córais intleachta saorga ardriosca, más féidir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.

    8.   Chun críocha mhíreanna 1 go 7, cuirfidh an Bord, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus gan moill mhíchuí.

    9.   I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile.

    10.   Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe forbairtí maidir leis an teicneolaíocht, tionchar na gcóras intleachta saorga ar an tsláinte agus an tsábháilteacht, agus ar chearta bunúsacha, agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.

    11.   Chun na meastóireachtaí agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 den Airteagal seo a threorú, gabhfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga uirthi féin modheolaíocht oibiachtúil agus rannpháirteach a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil riosca bhunaithe ar na critéir a leagtar amach sna hAirteagail ábhartha agus córais nua a áireamh sna nithe seo a leanas:

    (a)

    an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil nua limistéir a chur leis san Iarscríbhinn sin;

    (b)

    liosta na gcleachtas toirmiscthe a leagtar amach in Airteagal 5; agus

    (c)

    liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta de bhun Airteagal 50.

    12.   Maidir le haon leasú ar an Rialachán seo de bhun mhír 10, nó gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha, a bhaineann le reachtaíocht chomhchuibhithe earnálach an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirfear san áireamh ann sainiúlachtaí rialála gach earnála, mar aon leis an rialachas atá ann cheana, measúnú comhréireachta agus sásraí forfheidhmithe agus údaráis arna mbunú ann.

    13.   Faoin 2 Lúnasa 2031, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuairisceoidh sé faoi do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na chéad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á gcur san áireamh aige. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá atá le gníomhaireacht de chuid an Aontais aon easnaimh shainaitheanta a réiteach.

    Airteagal 113

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2026.

    Mar sin féin:

    (a)

    Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II ón 2 Feabhra 2025;

    (b)

    Beidh feidhm ag Caibidil III Roinn 4, Caibidil V, Caibidil VII agus Caibidil XII agus Airteagal 78 ón 2 Lúnasa 2025;

    (c)

    Beidh cheart feidhm ag Airteagal 6(1) agus oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo ón 2 Lúnasa 2027.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MICHEL


    (1)   IO C 517, 22.12.2021, lch. 56.

    (2)   IO C 115, 11.3.2022, lch. 5.

    (3)   IO C 97, 28.2.2022, lch. 60.

    (4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.

    (5)  An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.

    (6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara, 2020/2012(INL).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

    (8)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

    (9)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus ar chomhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

    (10)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

    (11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (13)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (14)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    (15)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1)

    (16)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

    (17)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

    (18)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

    (19)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).

    (20)   IO C 247, 29.6.2022, lch. 1.

    (21)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (22)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

    (23)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

    (24)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

    (25)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

    (26)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

    (27)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

    (28)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    (29)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    (30)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (31)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1).

    (32)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

    (33)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

    (34)  Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).

    (35)  Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).

    (36)  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).

    (37)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

    (38)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

    (39)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo(IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

    (40)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (42)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

    (43)  Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).

    (44)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (45)  Cinneadh ón gCoimisiún an 24.1.2024 lena mbunaítear an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga C(2024) 390.

    (46)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (47)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

    (48)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

    (49)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (50)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

    (51)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

    (52)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

    (53)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).

    (54)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

    (55)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (56)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (57)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

    (58)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais

    Roinn A. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua

    1.

    Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24);

    2.

    Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1);

    3.

    Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90);

    4.

    Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251);

    5.

    Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309);

    6.

    Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62);

    7.

    Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164);

    8.

    Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1);

    9.

    Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51);

    10.

    Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99);

    11.

    Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1);

    12.

    Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

    Roinn B. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais

    13.

    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72);

    14.

    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52);

    15.

    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1);

    16.

    Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

    17.

    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44);

    18.

    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1);

    19.

    Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1.);

    20.

    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), a mhéid a bhaineann le dearadh, táirgeadh agus cur ar an margadh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b) de, i gcás ina mbaineann sé le haerárthaí gan foireann agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh lena ndéantar cianrialú orthu.

    IARSCRÍBHINN II

    Liosta na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii)

    Cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii):

    sceimhlitheoireacht,

    gáinneáil ar dhaoine,

    teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,

    gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha nó ar shubstaintí síceatrópacha,

    gáinneáil aindleathach ar airm, muinisin nó pléascáin,

    dúnmharú, mórdhíobháil choirp,

    trádáil aindleathach in orgáin dhaonna nó fíochán daonna,

    gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,

    fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall,

    coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,

    urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long,

    éigniú,

    coireacht chomhshaoil,

    robáil eagraithe nó armtha,

    sabaitéireacht,

    rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil atá páirteach i gceann amháin nó níos mó de na cionta a liostaítear thuas.


    IARSCRÍBHINN III

    Córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2)

    Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:

    1.

    Bithmhéadracht a mhéid a cheadaítear í a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:

    (a)

    córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí.

    Ní áireofar ann córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, de réir tréithe nó saintréithe íogaire nó cosanta atá bunaithe ar thátal na dtréithe nó na saintréithe sin;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun mothúcháin a aithint.

    2.

    Bonneagar criticiúil: Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú an bhonneagair dhigitigh chriticiúil, tráchta bóthair nó i soláthar uisce, gáis, téimh nó leictreachais.

    3.

    Oideachas agus gairmoiliúint:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a ligean isteach nó a shannadh chucu;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na torthaí sin chun próiseas foghlama daoine nádúrtha a stiúradh in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais a gheobhaidh duine aonair nó a mbeidh duine in ann rochtain a fháil air, i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal nó laistigh díobh;

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe na mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal, nó laistigh díobh, agus an iompraíocht sin a bhrath.

    4.

    Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí poist spriocdhírithe a fhógairt, chun anailís nó scagadh a dhéanamh ar iarratais ar phoist agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí;

    (b)

    Na córais intleachta saorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh a dhéanann dochar don chaidreamh a bhaineann leis an obair, caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair a chur chun cinn nó a fhoirceannadh, chun tascanna a leithdháileadh ar bhonn iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine i gcaidrimh mar sin.

    5.

    Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí bunriachtanacha poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí bunriachtanacha cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte, agus chun na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte;

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó mar thosaíocht i seoladh na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála.

    6.

    Forfheidhmiú an dlí, sa mhéid go gceadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh duine nádúrtha ina íospartach cionta coiriúla;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh duine nádúrtha cion nó athchiontú ní ar bhonn próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 amháin, nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;

    (e)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    7.

    Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, sa mhéid a cheadaítear iad a chur i bhfeidhm faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce neamhrialta, nó riosca sláinte, i gcás riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;

    (c)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, víosaí nó ceadanna cónaithe agus le haghaidh gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag cur isteach ar stádas, lena n-áirítear measúnuithe gaolmhara ar iontaofacht fianaise;

    (d)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhthéacs bhainistiú na himirce, an tearmainn nó an rialaithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint, cé is moite d’fhíorú doiciméad taistil.

    8.

    Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:

    (a)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidfear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide;

    (b)

    Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, mar shampla uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú nó a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.


    IARSCRÍBHINN IV

    Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1)

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), de réir mar is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ábhartha:

    1.

    tuairisc ghinearálta ar an gcóras intleachta saorga, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    an chríoch atá beartaithe dó, ainm an tsoláthraí agus leagan an chórais lena léirítear an gaol atá aige le leaganacha a bhí ann roimhe sin;

    (b)

    conas a idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga, nó conas is féidir é a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí, lena n-áirítear le córais eile intleachta saorga, nach cuid den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;

    (c)

    na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglais a bhaineann le nuashonruithe ar an leagan;

    (d)

    an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, mar shampla pacáistí bogearraí atá leabaithe i gcrua-earraí, íoslódálacha nó APInna;

    (e)

    an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a rith;

    (f)

    i gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirgí, grianghraif nó léaráidí ina léirítear gnéithe seachtracha, an mharcáil agus leagan amach inmheánach na dtáirgí sin;

    (g)

    tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil;

    (h)

    treoracha úsáide don úsáideoir gairmiúil, agus tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil, i gcás inarb infheidhme;

    2.

    Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí an chórais intleachta saorga agus ar an bpróiseas chun é a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na modhanna agus na céimeanna a rinneadh chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dul ar iontaoibh córas agus uirlisí réamhoilte arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe agus an chaoi a ndearna an soláthraí iad a úsáid, a chomhtháthú nó a mhodhnú;

    (b)

    sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n-algartam; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, lena n-áirítear maidir le daoine nó grúpaí daoine ar i ndáil leo atá an córas le húsáid; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú, agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; an tuairisc ar aschur ionchasach agus cáilíocht aschur an chórais; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh;

    (c)

    an tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;

    (d)

    i gcás inarb ábhartha, na ceanglais sonraí i dtéarmaí bileoga sonraí ina gcuirtear síos ar na modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna agus ar na tacair sonraí oiliúna a úsáidtear, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar na tacair sonraí sin, faisnéis maidir lena bhfoinse, a raon feidhme agus a bpríomh-shaintréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí; nósanna imeachta lipéadaithe (e.g. i gcás foghlaim faoi mhaoirseacht), modheolaíochtaí glanta sonraí (e.g. asluitigh a bhrath);

    (e)

    measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 13(3), pointe (d);

    (f)

    i gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athruithe réamhshocraithe ar an gcóras intleachta saorga agus ar a fheidhmíocht, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réitigh theicniúla a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga go leanúnach na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;

    (g)

    na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f);

    (h)

    bearta cibearshlándála curtha i bhfeidhm;

    3.

    Faisnéis mhionsonraithe i ndáil le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;

    4.

    Tuairisc ar oiriúnacht na méadrachta feidhmíochta don chóras intleachta saorga sonrach;

    5.

    Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 9;

    6.

    Tuairisc ar na hathruithe ábhartha arna ndéanamh ag an soláthar ar an gcóras le linn a shaolré;

    7.

    Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;

    8.

    Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    9.

    Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais intleachta saorga sa chéim iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 72, lena n-áirítear an plean faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72(3).


    IARSCRÍBHINN V

    Dearbhú comhréireachta AE

    Beidh sa dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an fhaisnéis seo uile a leanas:

    1.

    Ainm agus cineál an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;

    2.

    Ainm agus seoladh an tsoláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe;

    3.

    Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    4.

    Ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, más infheidhme, le haon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais faoina bhforáiltear d’eisiúint an dearbhaithe comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    5.

    I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le córas intleachta saorga, ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680;

    6.

    Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó d’aon sonraíocht choiteann eile lena ndearbhaítear go bhfuil sé i gcomhréir leis nó léi;

    7.

    I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;

    8.

    Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, ainm agus feidhm an duine a shínigh é, chomh maith le tásc don duine, nó thar a cheann, a shínigh an duine sin, síniú.


    IARSCRÍBHINN VI

    Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach

    1.   

    An nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach, is é sin an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2, 3 agus 4.

    2.   

    Fíoraíonn an soláthraí go bhfuil an córas bainistíochta cáilíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 17.

    3.   

    Déanann an soláthraí scrúdú ar an bhfaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2.

    4.   

    Fíoraíonn an soláthraí freisin go bhfuil próiseas deartha agus forbartha an chórais intleachta saorga agus a fhaireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 comhsheasmhach leis an doiciméadacht theicniúil.


    IARSCRÍBHINN VII

    Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil

    1.   Réamhrá

    Is í an chomhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 5.

    2.   Forbhreathnú

    An córas bainistíochta cáilíochta formheasta chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil de bhun Airteagal 17, déanfar scrúdú air i gcomhréir le pointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 5. Déanfar scrúdú ar dhoiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga i gcomhréir le pointe 4.

    3.   Córas bainistíochta cáilíochta

    3.1.

    Cuimseofar an méid seo a leanas in iarratas an tsoláthraí:

    (a)

    ainm agus seoladh an tsoláthraí agus, más ionadaí údaraithe a thaisceann an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

    (b)

    liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

    (c)

    an doiciméadacht theicniúil le haghaidh gach córais intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

    (d)

    an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta lena gcumhdófar na gnéithe uile a liostaítear faoi Airteagal 17;

    (e)

    tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an córas bainistithe cáilíochta leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí;

    (f)

    dearbhú i scríbhinn nach bhfuil an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.

    3.2.

    Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas bainistíochta cáilíochta a mheasúnú, agus cinnfidh sé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 17.

    Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe.

    Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

    3.3.

    Leanfaidh an soláthraí den chóras bainistíochta cáilíochta mar atá formheasta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.

    3.4.

    Tarraingeoidh an soláthraí aird an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar aon athrú atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta nó ar liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear leis.

    Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar na hathruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an mbeidh an córas bainistíochta cáilíochta modhnaithe in ann leanúint de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá le hathmheasúnú.

    Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don soláthraí maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra sin conclúidí an scrúdaithe ar na hathruithe, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

    4.   Rialú ar an doiciméadacht theicniúil.

    4.1.

    I dteannta an iarratais dá dtagraítear i bpointe 3, déanfaidh soláthraí iarratas a thaisceadh lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga a bhfuil sé i gceist aige é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse agus a chumhdaítear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear faoi phointe 3.

    4.2.

    Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

    (a)

    ainm agus seoladh an tsoláthraí;

    (b)

    dearbhú scríofa nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;

    (c)

    an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

    4.3.

    Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a dhéanfaidh scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil. I gcás inarb ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfar rochtain iomlán don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí API nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.

    4.4.

    Agus an doiciméadacht theicniúil á scrúdú, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar nó tuilleadh tástálacha a dhéanamh chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás nach mbeidh an comhlacht faoina dtugtar fógra sásta leis na tástálacha a dhéanann an soláthraí, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin tástálacha leordhóthanacha go díreach, de réir mar is iomchuí.

    4.5.

    I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga, lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha. Beidh an rochtain sin faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint.

    4.6.

    Tabharfar fógra faoi chinneadh an chomhlachta faoina dtugtar fógra don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe. Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

    I gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an tsoláthraí, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga a shainaithint.

    Beidh sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis gach faisnéis ábhartha chun gur féidir comhréireacht an chórais intleachta saorga a mheas, agus chun gur féidir an córas intleachta saorga a rialú agus é in úsáid, i gcás inarb infheidhme.

    I gcás nach bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

    I gcás nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga an ceanglas a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur air, beidh gá le hathoiliúint an chórais intleachta saorga sula ndéanfar iarratas ar mheasúnú comhréireachta nua. Sa chás sin, beidh breithnithe sonracha maidir leis na sonraí cáilíochta a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh, i gcinneadh measúnaithe réasúnaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra a dhiúltaíonn deimhniú an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint.

    4.7.

    Aon athrú ar an gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais nó don chríoch atá beartaithe dó, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil an t-athrú sin a mheas. Cuirfidh an soláthraí an comhlacht sin faoina dtugtar fógra ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige aon cheann de na hathruithe thuasluaite a thabhairt isteach, nó cuirfidh sé ar an eolas é má fhaigheann sé amach ar bhealach eile faoi na hathruithe sin a tharla. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na hathruithe atá beartaithe a mheasúnú agus cinnfidh sé an éilítear measúnú nua comhréireachta leis na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 43(4) nó an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin forlíonadh leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Sa chás deiridh, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar na hathruithe, tabharfaidh sé fógra don soláthraí faoina chinneadh, agus i gcás ina bhformheasfar na hathruithe, tabharfaidh sé forlíonadh don soláthraí leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil.

    5.   Faireachas ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta.

    5.1.

    Is é is cuspóir don fhaireachas a dhéanann an comhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bPointe 3 a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí go cuí téarmaí agus coinníollacha an chórais bainistíochta cáilíochta fhormheasta.

    5.2.

    Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an soláthraí cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra rochtain a fháil ar an áitreabh ina bhfuil dearadh, forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga á ndéanamh. Thairis sin, roinnfidh an soláthraí an fhaisnéis uile is gá leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra.

    5.3.

    Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an soláthraí an córas bainistíochta cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don soláthraí. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tástálacha breise a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ar eisíodh deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil ina leith.

    IARSCRÍBHINN VIII

    Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hairteagal 49

    Roinn A — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(1)

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(1):

    1.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

    2.

    I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;

    3.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;

    4.

    Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;

    5.

    Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus ar na comhpháirteanna agus na feidhmeanna a dtacaítear leo tríd an gcóras intleachta saorga seo;

    6.

    Tuairisc bhunúsach agus ghonta ar an bhfaisnéis a úsáideann an córas (sonraí, ionchuir) agus a loighic oibriúcháin;

    7.

    Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairthe);

    8.

    Cineál, uimhir agus dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus ainm nó uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;

    9.

    Cóip scanta den deimhniú dá dtagraítear i bpointe 8, i gcás inarb infheidhme;

    10.

    Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;

    11.

    Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;

    12.

    Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí fhorfheidhmithe an dlí nó imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7;

    13.

    URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).

    Roinn B — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(2)

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(2):

    1.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

    2.

    I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;

    3.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;

    4.

    Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;

    5.

    Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

    6.

    An coinníoll nó na coinníollacha faoi Airteagal 6(3) ar bunaithe air nó orthu nach meastar gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga;

    7.

    Achoimre ghearr ar na forais ar a meastar nach bhfuil ardriosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga agus an nós imeachta á chur i bhfeidhm faoi Airteagal 6(3);

    8.

    Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairithe);

    9.

    Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas.

    Roinn C — Faisnéis atá le tíolacadh ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(3)

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(3):

    1.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an úsáideora ghairmiúil;

    2.

    Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine a chuireann faisnéis isteach thar ceann an úsáideora ghairmiúil;

    3.

    URL le haghaidh iontráil an chórais intleachta saorga i mbunachar sonraí an Aontais ag a sholáthraí;

    4.

    Achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27;

    5.

    Achoimre ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 mar a shonraítear in Airteagal 26(8) den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.


    IARSCRÍBHINN IX

    Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí i gcomhréir le hairteagal 60

    Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 60:

    1.

    Uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála faoi fhíordhálaí;

    2.

    Ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó an tsoláthraí ionchasaigh agus na n-úsáideoirí gairmiúla a bhfuil baint acu leis an tástáil faoi fhíordhálaí;

    3.

    Tuairisc ghairid ar an gcóras intleachta saorga, ar an gcríoch atá beartaithe dó agus ar fhaisnéis eile is gá chun an córas a shainaithint;

    4.

    Achoimre ar phríomhthréithe an phlean chun tástáil a dhéanamh faoi fhíordhálaí;

    5.

    Faisnéis maidir leis an tástáil faoi fhíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi.


    IARSCRÍBHINN X

    Gníomhartha reachtaíochta an Aontais maidir le córais TF ar mhórscála i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais

    1.   Córas Faisnéise Schengen

    (a)

    Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

    (b)

    Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

    (c)

    Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

    2.   An Córas Faisnéise Víosaí

    (a)

    Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí, (IO L 248, 13.7.2021, lch. 1).

    (b)

    Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).

    3.   Eurodac

    Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1315 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).

    4.   An Córas Dul Isteach/Imeachta

    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

    5.   An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil

    (a)

    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

    (b)

    Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).

    6.   An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát

    Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

    7.   Idir-inoibritheacht

    (a)

    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

    (b)

    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).


    IARSCRÍBHINN XI

    Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    Roinn 1

    Faisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe uile na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) de réir mar is iomchuí maidir le méid agus próifíl riosca na samhla:

    1.

    Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na cúraimí a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí iad leis an tsamhail agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;

    (b)

    na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;

    (c)

    an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;

    (d)

    an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;

    (e)

    an mhódúlacht (e.g. téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;

    (f)

    an ceadúnas.

    2.

    Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí na samhla dá dtagraítear i bpointe 1, agus faisnéis ábhartha faoin bpróiseas le haghaidh na forbartha, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:

    (a)

    na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga;

    (b)

    sonraíochtaí deartha na samhla agus an phróisis oiliúna, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna, na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh; an rud a bhfuil sé beartaithe an tsamhail a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil, de réir mar is infheidhme;

    (c)

    faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta (e.g. glanadh, scagadh etc.), líon na bpointí sonraí, a raon feidhme agus a bpríomhthréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí chomh maith le gach beart eile chun mí-oiriúnacht foinsí sonraí agus modhanna a bhrath chun claontachtaí in-sainaitheanta a bhrath, i gcás inarb infheidhme;

    (d)

    na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail (e.g. an líon oibríochtaí snámhphointe), am oiliúna, agus sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an oiliúint;

    (e)

    tomhaltas fuinnimh atá ar eolas nó measta maidir leis an tsamhail.

    Maidir le pointe (e), i gcás nach eol tomhaltas fuinnimh na samhla, féadfar an tomhaltas fuinnimh a bhunú ar fhaisnéis faoi na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear.

    Roinn 2

    An fhaisnéis bhreise atá le cur ar fáil ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo

    1.

    Tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí meastóireachta, ar bhonn na bprótacal agus na n-uirlisí meastóireachta poiblí nó ar bhonn a mhalairt de mhodheolaíochtaí meastóireachta eile. Áireofar sna straitéisí meastóireachta critéir mheastóireachta, méadrachtaí agus an mhodheolaíocht maidir le teorainneacha a shainaithint.

    2.

    I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun críche tástála sáraíochta inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéanamh (e.g. modh na foirne deirge), oiriúnuithe ar shamhail, lena n-áirítear ailíniú agus mionchoigeartú.

    3.

    I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán.

    IARSCRÍBHINN XII

    Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga

    Beidh na rudaí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b):

    1.

    Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na cúraimí a bhfuil sé beartaithe leis an tsamhail iad a dhéanamh agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;

    (b)

    na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;

    (c)

    an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;

    (d)

    an chaoi a n-idirghníomhaíonn an tsamhail, nó an chaoi ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den tsamhail í féin, i gcás inarb infheidhme;

    (e)

    leaganacha de bhogearraí ábhartha i ndáil le húsáid na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás inarb infheidhme;

    (f)

    an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;

    (g)

    an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;

    (h)

    an ceadúnas le haghaidh na samhla.

    2.

    Tuairisc ar eilimintí na samhla agus ar an bpróiseas chun í a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú sna córais intleachta saorga;

    (b)

    an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá, etc.) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur agus a n-uasmhéid (e.g., fad na fuinneoige comhthéacs, etc.);

    (c)

    faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta.


    IARSCRÍBHINN XIII

    Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51

    Chun críche a chinneadh go bhfuil cumais nó tionchar atá coibhéiseach leo sin a leagtar amach in Airteagal 51(1), pointe (a), ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

    (a)

    líon pharaiméadair na samhla;

    (b)

    cáilíocht nó méid an tacair sonraí, mar shampla tomhaiste trí chomharthaí;

    (c)

    an méid ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúint a chur ar an tsamhail, arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe nó arna léiriú le meascán d’athróga eile mar shampla costas measta na hoiliúna, an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil le haghaidh na hoiliúna, nó ídiú measta fuinnimh le haghaidh na hoiliúna;

    (d)

    módúlachtaí ionchuir agus aschuir na samhla, mar shampla téacs go téacs (samhlacha móra teanga), téacs go híomhá, ilmhódúlacht, agus tairseacha úrscothacha chun cumais ardtionchair a chinneadh le haghaidh gach modhúlachta, agus cineál sonrach na n-ionchur agus na n-aschur (e.g. seichimh bhitheolaíocha);

    (e)

    na tagarmharcanna agus meastóireachtaí ar chumais na samhla, lena n-áirítear líon na gcúraimí gan oiliúint bhreise, inoiriúnaitheacht chun cúraimí nua ar leith a fhoghlaim, leibhéal a neamhspleáchais agus a hinscálaitheachta, na huirlisí a bhfuil rochtain aici orthu;

    (f)

    an bhfuil tionchar mór aici ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain, rud a thoimhdeofar nuair a bheidh sí curtha ar fáil do 10 000 úsáideoir gnó cláraithe ar a laghad atá bunaithe san Aontas;

    (g)

    líon na n-úsáideoirí deiridh cláraithe.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top