This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1652
Council Regulation (EU) 2024/1652 of 30 May 2024 amending Annex I to Regulation (EEC) No 2658/87 on the tariff and statistical nomenclature and on the Common Customs Tariff
Rialachán (AE) 2024/1652 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
Rialachán (AE) 2024/1652 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
ST/9541/2024/INIT
IO L, 2024/1652, 10.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1652/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1652 |
10.6.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1652 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá méadú mór tagtha ar allmhairí gránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, chomh maith le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe isteach san Aontas ó ionradh mórscála na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022. |
(2) |
Cé go bhfuil Cónaidhm na Rúise fós ina soláthraí measartha beag na dtáirgí gránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, chomh maith le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe chuig margadh an Aontais, sí ar cheann de na mórtháirgeoirí agus na mórallmhaireoirí is mó sa domhain ó thaobh na dtáirgí sin. I bhfianaise méideanna móra na dtáirgí sin a allmhairíonn Cónaidhm na Rúise chuig an domhan faoi láthair, d’fhéadfadh sí méideanna móra soláthairtí a atreorú go héasca agus go tapa chuig an Aontais, rud a bheadh ina chúis le hinsreabhadh tobann táirgí ó na stoic mhóra atá aici faoi láthair agus a chuirfeadh isteach ar mhargaí an Aontais. Thairis sin, tá fianaise ann go bhfuil Cónaidhm na Rúise ag glacadh seilbh go neamhdhleathach faoi láthair ar mhéideanna móra de na gránaigh agus na holashíolta arna dtáirgeadh ar chríocha na hÚcráine, críocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach aici, agus go bhfuil na hearraí sin á dtreorú aici chuig a margaí onnmhairiúcháin agus é á líomhain aici gur táirgí Rúiseacha iad. |
(3) |
Is éard atá i ndleachtanna custaim erga onmnes an Aontais, taraifí an náisiúin barrfhabhair (NBF) atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhairí gránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, chomh maith le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe agus bíonn difear mór i gceist leo. Ag brath ar an táirge lena mbaineann, socraítear na taraifí sin ag nialas nó ag leibhéal an-íseal, sin nó tá siad ard cheana féin agus ní dhéantar aon trádáil. |
(4) |
Is gá bearta taraife iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur ar ghránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, chomh maith le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe de thionscnamh Chónaidhm na Rúise leanúint de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar théarmaí atá chomh fabhrach céanna leis na téarmaí a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí sin i gcás ina bhfuil áiteanna tionscnaimh neamhfhabhracha eile acu. Tá coinne leis go rannchuideoidh na bearta taraife iomchuí sin le cosc a chur ar Chónaidhm na Rúise cainníochtaí móra de na táirgí sin a threorú chuig an Aontas chun an tAontas a lagú go polaitiúil agus go heacnamaíoch, rud a chuirfeadh isteach ar mhargadh an Aontais, a chruthódh teannas sochaíoch agus easaontais laistigh den Aontas agus a chuirfeadh dea-fheidhmiú an aontais custaim i mbaol. Measadh an baol sin de bhun Airteagal 32, pointe (d), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin, ba cheart bearta a glacadh faoi Airteagal 31 de chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint. |
(5) |
Ba cheart bearta taraife iomchuí a ghlacadh go comhuaineach maidir le Poblacht na Bealarúise chun a sheachaint go ndéanfar allmhairí chuig an Aontas ó Chónaidhm na Rúise a atreorú trí Phoblacht na Bealarúise, i bhfianaise a dlúthnasc polaitiúil agus eacnamaíoch leis an Rúis, i gcás nach ndéantar athrú ar tharaifí an Aontais ar allmhairí earraí ábhartha ó Phoblacht na Bealarúise. |
(6) |
Dá réir sin, ba cheart allmhairí gránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, chomh maith le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach uathu a bheith faoi réir dleachtanna custaim níos airde ná na hallmhairí ó thríú tíortha eile, nuair atá na dleachtanna custaim atá i bhfeidhm socraithe ag nialas nó nuair nach bhfuil siad ard go leor. I gcás nach de thionscnamh Chónaidhm na Rúise ná Phoblacht na Bealarúise iad na táirgí sin nó nach n-onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ó Chónaidhm na Rúise ná ó Phoblacht na Bealarúise, níor cheart iad a bheith faoi réir na ndleachtanna custaim níos airde sin, fiú nuair a aistrítear trí Chónaidhm na Rúise nó trí Phoblacht na Bealarúise iad. |
(7) |
Ina theannta sin, níor cheart do Chónaidhm na Rúise ná do Phoblacht na Bealarúise tairbhe a bhaint as taraifí-chuótaí an Aontais ar théarmaí chóir an náisiúin barrfhabhair. Dá bhrí sin, na rátaí laghdaithe a leagtar amach i dtaraif-chuótaí an Aontais le haghaidh na dtáirgí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hallmhairí isteach san Aontas táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu. |
(8) |
An méadú atá beartaithe ar dhleachtanna custaim, níl coinne leis go mbeidh éifeacht dhiúltach aige ar an tslándáil bia dhomhanda ós rud é nach mbeadh tionchar aige ar idirthuras na dtáirgí lena mbaineann trí chríoch an Aontais chuig tríú tíortha cinn scríbe deiridh. Os a choinne sin, d’fhéadfadh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha agus infhaighteacht soláthairtí a mhéadú mar thoradh ar an méadú ar dhleachtanna allmhairiúcháin an Aontais. |
(9) |
An méadú atá beartaithe ar dhleachtanna custaim, tá sé comhsheasmhach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réimsí eile, mar a cheanglaítear le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá forbairt an-diúltach tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas, agus tá meath ar leith tagtha air le dhá bhliain anuas i bhfianaise neamhaird fhollasach Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus go háirithe an ionraidh mhórscála gan chúis gan údar atá déanta aici ar an Úcráin. Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Chónaidhm na Rúise. |
(10) |
Cé gur Comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) í Cónaidhm na Rúise, scaoiltear an tAontas, de bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus go háirithe Airteagal XXI (Eisceachtaí Slándála) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994, ón oibleagáid na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a thabhairt do tháirgí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise. |
(11) |
Tá an staid idir an tAontas agus Poblacht na Bealarúise imithe in olcas freisin le blianta beaga anuas, mar gheall ar neamhaird réimeas na Bealarúise ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear ar shaoirsí bunúsacha agus ar chearta an duine, agus mar gheall ar a tacaíocht do chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2020 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Phoblacht na Bealarúise. |
(12) |
Ós rud é nach Comhalta de EDT í Poblacht na Bealarúise, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua Chomhaontú EDT, cóir an náisiúin barrfhabhair a thabhairt do tháirgí ó Phoblacht na Bealarúise. Ina theannta sin, leis na comhaontuithe trádála atá ann cheana, ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil bonn cirt leo ar bhonn na gclásal eisceacht is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála. |
(13) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun an bunchuspóir a bhaint amach, is é sin a áirithiú nach gcuirfidh gránach, olashíolta agus táirgí díorthaithe, mar aon le millíní laíon biatais agus piseanna triomaithe ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise isteach ar mhargadh an Aontais do na táirgí sin ná ar dhea-fheidhmiú an aontais custaim, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos lena méadófar taraifí ar na táirgí sin le héifeacht láithreach. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá á saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE. |
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2024. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an téacs agus na fonótaí i gcolún 3 den tábla seo a leanas in ionad an téacs agus na bhfonótaí i gcolún 3 de sceideal na ndleachtanna custaim i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, le haghaidh chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) a chomhfhreagraíonn do na cóid AC a liostaítear i gcolún 1 den tábla seo a leanas:
Cód AC |
Tuairisc |
Gnáthráta dleachta (%) |
||
1 |
2 |
3 |
||
07 |
Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite |
|
||
0713 |
Glasraí léagúmacha triomaithe, iad scilligthe, bídís scafa nó scoilte nó ná bídís: |
|
||
0713 10 |
|
|
||
0713 10 10 |
|
Díolúine (6) |
||
0713 10 90 |
|
Díolúine (6) |
||
0713 20 00 |
|
Díolúine (6) |
||
10 |
Gránaigh |
|
||
1001 |
Cruithneacht agus maislín: |
|
||
|
|
|
||
1001 11 00 |
|
|||
1001 19 00 |
|
|||
|
|
|
||
1001 91 |
|
|
||
1001 91 10 |
|
12,8 (5) |
||
1001 91 20 |
|
|||
1001 91 90 |
|
95 €/t |
||
1001 99 00 |
|
|||
1002 |
Seagal: |
|
||
1002 10 00 |
|
|||
1002 90 00 |
|
|||
1003 |
Eorna: |
|
||
1003 10 00 |
|
93 €/t (2) |
||
1003 90 00 |
|
93 €/t (2) |
||
1005 |
Grán buí (arbhar Indiach): |
|
||
1005 10 |
|
|
||
|
|
|
||
1005 10 13 |
|
Díolúine (5) |
||
1005 10 15 |
|
Díolúine (5) |
||
1005 10 18 |
|
Díolúine (5) |
||
1005 10 90 |
|
|||
1005 90 00 |
|
|||
1007 |
Sorgam gráin: |
|
||
1007 10 |
|
|
||
1007 10 10 |
|
6,4 (5) |
||
1007 10 90 |
|
|||
1007 90 00 |
|
|||
1008 |
Síolta ruáin, síolta muiléid agus síolta éan; gránaigh eile: |
|
||
1008 10 00 |
|
37 €/t (5) |
||
|
|
|
||
1008 21 00 |
|
|||
1008 29 00 |
|
|||
1008 30 00 |
|
Díolúine (5) |
||
1008 40 00 |
|
37 €/t (5) |
||
1008 50 00 |
|
37 €/t (5) |
||
1008 90 00 |
|
37 €/t (5) |
||
11 |
Táirgí an tionscail mhuilleoireachta; braich; stáirsí; ionúilin; glútan cruithneachta |
|||
1106 |
Plúr, min agus púdar na nglasraí léagúmacha triomaithe, scilligthe atá faoi cheannteideal 0713, ó shág nó ó fhréamhacha nó ó thiúbair atá faoi cheannteideal 0714 nó ó na táirgí atá faoi Chaibidil 8: |
|
||
1106 10 00 |
|
7,7 (6) |
||
12 |
Olashíolta agus torthaí olúla; cineálacha grán, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; plandaí tionsclaíocha nó íocshláinte; cochán agus farae |
|
||
1201 |
Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís: |
|
||
1201 10 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1201 90 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1202 |
Piseanna talún, gan bheith rósta ná cócaráilte ar bhealach eile, bídís scilligthe nó briste nó ná bídís: |
|
||
1202 30 00 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
1202 41 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1202 42 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1203 00 00 |
Copra |
Díolúine (6) |
||
1204 00 |
Ros lín, bíodh sé briste nó ná bíodh: |
|
||
1204 00 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1204 00 90 |
|
Díolúine (8) |
||
1205 |
Síolta ráibe nó síolta colsa, bídís briste nó ná bídís: |
|
||
1205 10 |
|
|
||
1205 10 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1205 10 90 |
|
Díolúine (6) |
||
1205 90 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1206 00 |
Síolta lus na gréine, bídís briste nó ná bídís: |
|
||
1206 00 10 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
1206 00 91 |
|
Díolúine (6) |
||
1206 00 99 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 |
Síolta ola eile agus torthaí olúla, bídís briste nó ná bídís: |
|
||
1207 10 00 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
1207 21 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 29 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 30 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 40 |
|
|
||
1207 40 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 40 90 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 50 |
|
|
||
1207 50 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 50 90 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 60 00 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 70 00 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
1207 91 |
|
|
||
1207 91 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 91 90 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 99 |
|
|
||
1207 99 20 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
1207 99 91 |
|
Díolúine (6) |
||
1207 99 96 |
|
Díolúine (6) |
||
1208 |
Plúr agus min ó shíolta ola nó ó thorthaí olúla, seachas iad siúd ó mhustard: |
|
||
1208 10 00 |
|
4,5 (6) |
||
1208 90 00 |
|
Díolúine (6) |
||
14 |
Ábhar fíocháin phlandúla; táirgí ó phlandaí nach bhfuil sonraithe ná san áireamh in áit eile |
|
||
1404 |
Táirgí plandúla nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile: |
|
||
1404 90 00 |
|
Díolúine (6) |
||
15 |
Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla |
|
||
1507 |
Ola pónaire soighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach: |
|
||
1507 10 |
|
|
||
1507 10 10 |
|
3,2 (6) |
||
1507 10 90 |
|
6,4 (6) |
||
1507 90 |
|
|
||
1507 90 10 |
|
5,1 (6) |
||
1507 90 90 |
|
9,6 (6) |
||
1508 |
Ola pise talún agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach: |
|
||
1508 10 |
|
|
||
1508 10 10 |
|
Díolúine (6) |
||
1508 10 90 |
|
6,4 (6) |
||
1508 90 |
|
|
||
1508 90 10 |
|
5,1 (6) |
||
1508 90 90 |
|
9,6 (6) |
||
1512 |
Ola lus na gréine, ola cróch bréige nó ola síl cadáis agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach: |
|
||
|
|
|
||
1512 11 |
|
|
||
1512 11 10 |
|
3,2 (6) |
||
|
|
|
||
1512 11 91 |
|
6,4 (6) |
||
1512 11 99 |
|
6,4 (6) |
||
1512 19 |
|
|
||
1512 19 10 |
|
5,1 (6) |
||
1512 19 90 |
|
9,6 (6) |
||
|
|
|
||
1512 21 |
|
|
||
1512 21 10 |
|
3,2 (6) |
||
1512 21 90 |
|
6,4 (6) |
||
1512 29 |
|
|
||
1512 29 10 |
|
5,1 (6) |
||
1512 29 90 |
|
9,6 (6) |
||
1514 |
Ola ráibe, ola colsa nó ola mustaird agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach: |
|
||
|
|
|
||
1514 11 |
|
|
||
1514 11 10 |
|
3,2 (6) |
||
1514 11 90 |
|
6,4 (6) |
||
1514 19 |
|
|
||
1514 19 10 |
|
5,1 (6) |
||
1514 19 90 |
|
9,6 (6) |
||
|
|
|
||
1514 91 |
|
|
||
1514 91 10 |
|
3,2 (6) |
||
1514 91 90 |
|
6,4 (6) |
||
1514 99 |
|
|
||
1514 99 10 |
|
5,1 (6) |
||
1514 99 90 |
|
9,6 (6) |
||
1515 |
Saillte agus olaí plandúla miocróbacha do-ghalaithe eile (lena n-áirítear ola hahóba) agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach: |
|
||
|
|
|
||
1515 11 00 |
|
3,2 (6) |
||
1515 19 |
|
|
||
1515 19 10 |
|
5,1 (6) |
||
1515 19 90 |
|
9,6 (6) |
||
|
|
|
||
1515 21 |
|
|
||
1515 21 10 |
|
3,2 (6) |
||
1515 21 90 |
|
6,4 (6) |
||
1515 29 |
|
|
||
1515 29 10 |
|
5,1 (6) |
||
1515 29 90 |
|
9,6 (6) |
||
1515 90 |
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
1515 90 40 |
|
3,2 (6) |
||
|
|
|
||
1515 90 51 |
|
12,8 (6) |
||
1515 90 59 |
|
6,4 (6) |
||
|
|
|
||
1515 90 60 |
|
5,1 (6) |
||
|
|
|
||
1515 90 91 |
|
12,8 (6) |
||
1515 90 99 |
|
9,6 (6) |
||
1516 |
Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu: |
|
||
1516 20 |
|
|
||
|
|
|
||
1516 20 91 |
|
12,8 (6) |
||
|
|
|
||
1516 20 95 |
|
5,1 (6) |
||
|
|
|
||
1516 20 96 |
|
9,6 (6) |
||
1516 20 98 |
|
10,9 (6) |
||
1518 00 |
Saillte agus olaí ainmhíocha, nó saillte agus olaí plandúla, agus a gcodáin, iad beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás nó modhnaithe go ceimiceach ar bhealach eile, gan na saillte agus na holaí atá faoi cheannteideal 1516; meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte ainmhíocha nó plandúla, nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gcaibidil seo, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile: |
|
||
|
|
|
||
1518 00 31 |
|
3,2 (6) |
||
1518 00 39 |
|
5,1 (6) |
||
|
|
|
||
1518 00 91 |
|
7,7 (6) |
||
|
|
|
||
1518 00 95 |
|
2 (6) |
||
1518 00 99 |
|
7,7 (6) |
||
23 |
Iarmhair agus dramh ó na tionscail bhia; farae ullmhaithe d’ainmhithe |
|
||
2302 |
Bran, géara agus iarmhair eile, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, a fhaightear ó ghránaigh nó ó phlandaí léagúmacha a chriathrú, a mhuilleáil nó a phróiseáil ar bhealach eile: |
|
||
2302 30 |
|
|
||
2302 30 10 |
|
|||
2302 30 90 |
|
89 €/t (2) |
||
2302 40 |
|
|
||
|
|
|
||
2302 40 10 |
|
|||
2302 40 90 |
|
89 €/t (2) |
||
2303 |
Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla, laíon biatais, bagás agus dramhaíl eile ó mhonarú siúcra, dríodar agus dramhaíl ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís: |
|
||
2303 10 |
|
|
||
|
|
|
||
2303 10 11 |
|
320 €/t (2) |
||
2303 10 19 |
|
Díolúine (6) |
||
2303 10 90 |
|
Díolúine (6) |
||
2303 20 |
|
|
||
2303 20 10 |
|
Díolúine (6) |
||
2303 20 90 |
|
Díolúine (6) |
||
2303 30 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2304 00 00 |
Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola pónairí soighe a úscadh |
Díolúine (6) |
||
2305 00 00 |
Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola piseanna talún a úscadh |
Díolúine (6) |
||
2306 |
Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó shaillte plandúla nó miocróbacha nó ó olaí plandúla nó miocróbacha a úscadh, seachas na cinn atá faoi cheannteideal 2304 nó 2305: |
|
||
2306 10 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 20 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 30 00 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
2306 41 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 49 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 50 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 60 00 |
|
Díolúine (6) |
||
2306 90 |
|
|
||
2306 90 05 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
2306 90 90 |
|
Díolúine (6) |
||
2308 00 |
Ábhair glasraí agus dramhaíl glasraí, iarmhair glasraí agus seachtháirgí glasraí, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile: |
|
||
2308 00 90 |
|
1,6 (6) |
||
2309 |
Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: |
|
||
2309 90 |
|
|
||
2309 90 20 |
|
Díolúine (6) |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
2309 90 31 |
|
|||
|
|
|
||
2309 90 41 |
|
|||
|
|
|
||
2309 90 51 |
|
|||
|
|
|
||
2309 90 91 |
|
12 (6) |
||
2309 90 96 |
|
9,6 (6) |
(1) Glacann an tAontas mar chúram air féin, seachas i gcás táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu, dleacht a chur i bhfeidhm ar leibhéal agus ar bhealach a fhágfaidh nach mó an praghas allmhairiúcháin a íocfar as na gránaigh sin, agus an dleacht san áireamh ann, ná an praghas idirghníomhaithe éifeachtach (nó i gcás modhnú ar an gcóras atá ann faoi láthair, an praghas tacaíochta éifeachtach) arna mhéadú faoi 55 %. In aon chás, ní sháróidh an dleacht a chuirtear i bhfeidhm an dleacht a léirítear i gcolún 3 le haghaidh na ngránach faoi na ceannteidil seo a leanas:
|
ex 1001 cruithneacht, |
|
1002 seagal, |
|
ex 1005 grán buí, seachas síolta hibrideacha, agus |
|
ex 1007 sorgam, seachas hibridí atá le cur. |
(2) Taraif-chuóta EDT. Níl feidhm ag an gcuóta seo maidir le táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu.
(3) Maidir le hiontráil a dhéanamh faoin bhfo-cheannteideal seo, tá sé sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i roinn II, mír F, de na réamhfhorálacha.
(4) Dleachtráta custaim is infheidhme maidir le táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúisenó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu.
(5) Dleacht chustaim is infheidhme, seachas i gcás táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu, a bhfuil ráta EUR 95/t i bhfeidhm maidir leo.
(6) Dleacht custaim is infheidhme, seachas i gcás táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu, a bhfuil ráta dleachta ad valorem 50 % i bhfeidhm maidir leo.
(7) Maidir le hiontráil a dhéanamh faoin bhfo-cheannteideal seo, tá sé sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)).
(8) Dleacht chustaim is infheidhme, cé is moite de tháirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise nó onnmhairithe go díreach nó go hindíreach uathu, i gcás ina bhfuil feidhm ag ráta dleachta ad valorem 10 % go dtí an 31 Nollaig 2024, beidh feidhm ag ráta dleachta ad valorem 20 % ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus beidh feidhm ag ráta dleachta ad valorem 50 % ón 1 Eanáir 2026.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1652/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)