Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1618

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1618 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    C/2024/3624

    IO L, 2024/1618, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1618/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1618/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1618

    7.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1618 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meitheamh 2024

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 430(7), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 434a, an cúigiú fomhír, de,

    Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 45i(5), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 45i(6), an cúigiú fomhír, di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2022/2036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an ceanglas nach mór d’eintitis idirmheánacha i ngrúpa réitigh a sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe a úsáidtear chun an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh (‘ceanglas maidir le Cumas Iomlán Ionsúcháin Caillteanais inmheánach’ nó ‘TLAC inmheánach’) nó an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘íoscheanglas inmheánach le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe nó ‘ICDI inmheánach’) i gcás inar eintitis nach eintitis réitigh iad féin agus a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna a d’eisigh na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe sin. Dá bhrí sin, is gá an ceanglas asbhainte sin a chur san áireamh sna teimpléid chun nochtadh poiblí a dhéanamh ar fhaisnéis chomhchuibhithe maidir le ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún (5). Ba cheart an ceanglas asbhainte sin a chur san áireamh freisin san fhaisnéis chomhchuibhithe a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla agus d’údaráis réitigh.

    (2)

    Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, a leasaigh a thuilleadh an ceanglas asbhainte a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trína shonrú i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 nach bhfuil eintitis idirmheánacha i ngrúpa réitigh le hasbhaint a dhéanamh ar a sealúchais ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna agus nach eintitis réitigh iad féin ach amháin faoi réir coinníollacha áirithe a bhaineann le hábharthacht na sealúchas sin. Ba cheart na leasuithe sin a chur san áireamh freisin san fhaisnéis chomhchuibhithe a sholáthraítear i dteimpléid maidir le nochtadh poiblí agus tuairisciú do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh.

    (3)

    Eintitis atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 92a nó Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (‘ceanglas TLAC’) nó faoi réir an cheanglais a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE (‘ICDI’), féadfaidh siad, ach réamhchead a fháil óna n-údarás réitigh, ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Leis na méideanna a chumhdaítear leis an gcead sin, laghdaítear cumas na n-eintiteas ICDI nó ceanglas TLAC a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is gá a shonrú conas ba cheart tionchar an cheada sin a chur san áireamh i nochtaí poiblí agus i dtuairisciú d’údaráis inniúla agus d’údaráis réitigh.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 a leasú dá réir sin.

    (5)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

    (6)

    Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (7)

    Chun a ndóthain ama a thabhairt d’eintitis atá faoi réir na hoibleagáide faisnéis a thuairisciú nó a nochtadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Treoir 2014/59/AE chun oiriúnú do na hathruithe ar theimpléid agus ar fhaisnéis chomhchuibhithe, ba cheart feidhm a bheith ag na hathruithe 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear teimpléid M 02.00 agus M 03.00 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad theimpléid M 02.00 agus M 03.00 a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

    (2)

    cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II;

    (3)

    cuirtear teimpléid EU TLAC1 agus EU ILAC a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad theimpléid EU TLAC1 agus EU ILAC a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

    (4)

    cuirtear an téacs in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 27 Nollaig 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

    (2)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj.

    (3)  Rialachán (AE) 2022/2036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (IO L 275, 25.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2036/oj)

    (4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.06.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L 168, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/763/oj).

    (6)  Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L 2024/1174, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1174/oj).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


    IARSCRÍBHINN I

    TUAIRISCIÚ AR AN ÍOSCHEANGLAS LE hAGHAIDH CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE

    TEIMPLÉID ICDI agus TLAC

    UIMHIR AN TEIMPLÉID

    CÓD AN TEIMPLÉID

    AINM AN TEIMPLÉID / AN GHRÚPA TEIMPLÉAD

    AINM GAIRID

     

     

    MÉIDEANNA: PRÍOMH-MHÉADRACHT ICDI agus TLAC

     

    1

    M 01.00

    Príomh-mhéadracht le haghaidh ICDI agus TLAC (grúpaí réitigh / eintitis)

    KM2

     

     

    COMHDHÉANAMH AGUS AIBÍOCHT

     

    2

    M 02.00

    Acmhainneacht agus comhdhéanamh ICDI agus TLAC (grúpaí réitigh / eintitis)

    TLAC1

    3

    M 03.00

    ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach

    ILAC

    4

    M 04.00

    Struchtúr cistiúcháin dliteanas incháilithe

    LIAB-ICDI

     

     

    RANGÚ CREIDIÚNAITHE

     

    5

    M 05.00

    Rangú creidiúnaithe (eintiteas nach eintiteas réitigh é)

    TLAC2

    6

    M 06.00

    Rangú creidiúnaithe (eintitis réitigh)

    TLAC3

     

     

    FAISNÉIS A BHAINEANN GO SONRACH LE CONARTHAÍ

     

    7

    M 07.00

    Ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír

    MTCI

    M 01.00 - Príomh-mhéadracht le haghaidh ICDI agus TLAC (grúpaí réitigh / eintitis) (KM2)


     

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Ceanglas ar G-SIInna le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC)

    0010

    0020

     

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus tomhas na neamhchosanta iomláine

    0100

    MÉID NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE AR RIOSCA (TREA)

     

     

    0110

    TOMHAS NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE (TEM)

     

     

     

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    0200

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE

     

     

    0210

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

    0220

    Ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

     

     

    0230

    Ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

     

     

     

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

    0250

    DLITEANAIS EILE AR FÉIDIR TARRTHÁIL INMHEÁNACH A THABHAIRT ORTHU

     

     

    0260

    Ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

     

     

    0270

    Ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

     

     

    0280

    Aibíocht iarmhair < 1 bhliain

     

     

    0285

    Aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

     

    0290

    Aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

     

     

    Cóimheasa agus díolúintí fo-ordúcháin

    0300

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE MAR CHÉATADÁN DE MHÉID NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE AR RIOSCA (TREA)

     

     

    0310

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

    0320

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE MAR CHÉATADÁN DE THOMHAS NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE (TEM)

     

     

    0330

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

    0340

    An bhfuil feidhm ag an díolúine fo-ordúcháin a leagtar síos in Airteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? (díolúine 5 %)

     

     

    0350

    Méid comhiomlán na n-ionstraimí dliteanas incháilithe neamh-fho-ordaithe a cheadaítear má chuirtear an lánrogha fo-ordúcháin i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (díolúine 3.5 % ar a mhéad)

     

     

    0360

    Sciar d’iomlán na ndliteanas neamh-fho-ordaithe atá ar áireamh i gcistí dílse agus i ndliteanais incháilithe

     

     

    M 02.00 - Acmhainneacht agus comhdhéanamh ICDI agus TLAC (grúpaí réitigh / eintitis)(TLAC1)


     

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC)

    Ítim mheabhráin: Méideanna atá incháilithe chun críocha ICDI ach nach bhfuil incháilithe chun críocha TLAC

    0010

    0020

    0030

    0010

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE

     

     

     

    0020

    Cistí dílse (incháilithe)

     

     

     

    0030

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1

     

     

     

    0040

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 (atá incháilithe)

     

     

     

    0050

    Caipiteal Leibhéal 2 (atá incháilithe)

     

     

     

    0060

    Dliteanais incháilithe

     

     

     

    0070

    Ítimí dliteanas incháilithe roimh choigeartuithe

     

     

     

    0080

    ina measc: dliteanais incháilithe a mheastar a bheith fo-ordaithe ó thaobh struchtúir de

     

     

     

    0090

    Dliteanais incháilithe atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

     

     

     

    0100

    Ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh (nach bhfuil marthanaithe)

     

     

     

    0110

    Ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis eile laistigh den ghrúpa réitigh (nach bhfuil marthanaithe)

     

     

     

    0120

    Ionstraimí dliteanas incháilithe a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019

     

     

     

    0130

    Ionstraimí Leibhéal 2 ina bhfuil aibíocht iarmhair de bhlian amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2

     

     

     

    0132

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

     

     

     

    0135

    (-) ina measc: méideanna réamhcheada nár úsáideadh

     

     

     

    0140

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

     

     

     

    0150

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata (nach bhfuil marthanaithe, sula gcuirtear an uasteorainn i bhfeidhm)

     

     

     

    0160

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019 (sula gcuirtear an uasteorainn i bhfeidhm)

     

     

     

    0162

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

     

     

     

    0165

    (-) ina measc: méideanna réamhcheada nár úsáideadh

     

     

     

    0170

    Méideanna incháilithe tar éis uasteorainn Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm (nach bhfuil marthanaithe)

     

     

     

    0180

    Méideanna incháilithe tar éis uasteorainn Airteagal 72b (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear ítimí a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019

     

     

     

    0190

    (-) Asbhaintí

     

     

     

    0200

    (-) Neamhchosaintí idir grúpaí réitigh ilphointe iontrála (MPE)

     

     

     

    0211

    (-) Infheistíochtaí in ionstraimí dliteanas incháilithe eile

     

     

     

    0220

    Barrachas na n-asbhaintí ó dhliteanais incháilithe ar dhliteanais incháilithe (a asbhaintear ó Leibhéal 2)

     

     

     

    ÍTIMÍ MEABHRÁIN

     

     

     

    0400

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (%) atá ar fáil tar éis riachtanais an eintitis a chomhlíonadh

     

     

     

    0410

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte (%)

     

     

     

    0420

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais

     

     

     

    0430

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach

     

     

     

    0440

    ina measc: ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach

     

     

     

    0450

    ina measc: Maolán le haghaidh Institiúid Dhomhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (G-SII) nó le haghaidh Institiúid eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (O-SII)

     

     

     

    0460

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid institiúidí eile

     

     

     

    0470

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid G-SIInna

     

     

     

    0480

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid O-SIInna

     

     

     

    0490

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid institiúidí eile

     

     

     

    0500

    Dliteanais eisiata

     

     

     

    0600

    Ceadanna ad hoc le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe: Méid réamhchinntithe

     

     

     

    0610

    Réamhcheadanna ginearálta le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe: Méid réamhchinntithe

     

     

     

    M 03.00 - ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach (ILAC)


     

     

    ICDI inmheánach

    TLAC inmheánach

    0010

    0020

    0010

    Leibhéal an chur i bhfeidhm

     

     

     

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus tomhas na neamhchosanta iomláine

    0100

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA)

     

     

    0110

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM)

     

     

     

    Cistí dílse incháilithe agus dliteanais incháilithe

    0200

    Cistí dílse incháilithe agus dliteanais incháilithe

     

     

    0210

    Cistí dílse incháilithe

     

     

    0220

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1)

     

     

    0230

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 incháilithe

     

     

    0240

    Caipiteal Leibhéal 2 incháilithe

     

     

    0250

    Dliteanais incháilithe agus ráthaíochtaí

     

     

    0260

    Dliteanais incháilithe (seachas ráthaíochtaí)

     

     

    0265

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse: Méideanna réamhcheada nár úsáideadh

     

     

    0270

    Ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an eintiteas réitigh agus arna gceadú ag an údarás réitigh

     

     

    0280

    Ítim mheabhráin Cuid chomhthaobhaithe den ráthaíocht

     

     

    0290

    (-) Ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis neamhréitigh an ghrúpa réitigh chéanna

     

     

    0293

    (-) ina measc: Ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe

     

     

    0295

    Barrchas na n-asbhaintí ó dhliteanais incháilithe ar dhliteanais incháilithe

     

     

     

    Cóimheasa cistí dílse incháilithe agus dliteanas incháilithe

     

     

    0400

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

     

     

    0410

    ina measc: ráthaíochtaí ceadaithe

     

     

    0420

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

     

     

    0430

    ina measc: ráthaíochtaí ceadaithe

     

     

    0440

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (%) atá ar fáil tar éis riachtanais an eintitis a chomhlíonadh

     

     

     

    Ítimí meabhráin

    0500

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte (%)

     

     

    0510

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais

     

     

    0520

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach

     

     

    0530

    ina measc: ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach

     

     

    0540

    ina measc: Maolán le haghaidh Institiúid Dhomhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (G-SII) nó le haghaidh Institiúid eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (O-SII)

     

     

    0550

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

     

     

    0560

    ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

     

     

    0570

    ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

     

     

    0580

    Aibíocht iarmhair < 1 bhliain

     

     

    0590

    Aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

     

    0600

    Aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

     

    0610

    Dliteanais eisiata

     

     

    0620

    Ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe an ghrúpa réitigh chéanna

     

     

    0630

    Cóimheas sealúchas ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe ar chistí dílse incháilithe agus ar dhliteanais incháilithe

     

     

    M 04.00 - Struchtúr cistiúcháin dliteanas incháilithe (LIAB ICDI)


     

     

    Méid incháilithe le haghaidh ICDI / ICDI inmheánach

    0010

    0100

    DLITEANAS INCHÁILITHE

     

    0200

    Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach bhfuil fabhrach >= 1 bhliain

     

    0210

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0220

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0230

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0300

    Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe >= 1 bhliain

     

    0310

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0320

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0330

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0400

    Nótaí struchtúrtha >= 1 bhliain

     

    0410

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0420

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0430

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0500

    Dliteanais neamhurraithe shinsearacha >= 1 bhliain

     

    0510

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0520

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0530

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0600

    Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha >= 1 bhliain

     

    0610

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0620

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0630

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0700

    Dliteanais fho-ordaithe (nach n-aithnítear mar chistí dílse) >= 1 bhliain

     

    0710

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0720

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0730

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    0800

    Dliteanais incháilithe eile ICDI >= 1 bhliain

     

    0810

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

     

    0820

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

     

    0830

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

     

    M 05.00 - Rangú creidiúnaithe (eintiteas nach eintiteas réitigh é) (TLAC2)


    Rang dócmhainneachta

    Cineál creidiúnaí

    Tuairisc ar rang dócmhainneachta

     

    Dliteanais agus cistí dílse

     

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

     

    ina measc: dliteanais eisiata

     

     

     

     

    ina measc: cistí dílse agus dliteanais incháilithe chun críoch ICDI inmheánach

    ina measc: ina bhfuil aibíocht iarmhair

    ina measc: urrúis shuthaine

    ≥ 1 bhliain

    < 2 bhliain

    ≥ 2 bhliain

    < 5 bliana

    ≥ 5 bliana

    < 10 mbliana

    ≥ 10 mbliana

    0010

    0020

    0030

    0040

    0050

    0060

    0070

    0080

    0090

    0100

    0110

    0120

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    M 06.00 Rangú creidiúnaithe (eintitis réitigh) (TLAC3)


    Rang dócmhainneachta

    Tuairisc ar rang dócmhainneachta

     

    Dliteanais agus cistí dílse

     

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

     

    ina measc: dliteanais eisiata

     

     

     

    ina measc: cistí dílse agus dliteanais incháilithe a d’fhéadfadh a bheith incháilithe chun ICDI a chomhlíonadh

    ina measc: ina bhfuil aibíocht iarmhair

    ina measc: urrúis shuthaine

    ≥ 1 bhliain

    < 2 bhliain

    ≥ 2 bhliain

    < 5 bliana

    ≥ 5 bliana

    < 10 mbliana

    ≥ 10 mbliana

    0010

    0020

    0030

    0040

    0050

    0060

    0070

    0080

    0090

    0100

    0110

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    M 07.00 Ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír (MTCI)


    Eintiteas eisiúna

    Aitheantóir conartha

    An dlí rialaithe (tríú tír)

    Aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus comhshó

    Cóir rialála

    Méid

    Rang i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta

    Aibíocht

    Dáta na Céadrogha

    An céadrogha ar cheannach rialála é? (Is é./Ní hé.)

    Ainm

    Cód

    Cineál cóid

    Cineál cistí dílse nó cineál dliteanas incháilithe

    Cineál ionstraime

    An dlí rialaithe

    Rang dócmhainneachta

    0010

    0020

    0030

    0040

    0050

    0060

    0070

    0080

    0090

    0100

    0110

    0120

    0130

    0140

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     


    IARSCRÍBHINN II

    TUAIRISCIÚ AR AN ÍOSCHEANGLAS LE hAGHAIDH CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHETREORACHA

    CUID I

    TREORACHA GINEARÁLTA

    1.   Struchtúr agus coinbhinsiúin

    1.1.   Struchtúr

    1.

    Tá ceithre ghrúpa teimpléad sa chreat seo chun tuairisciú ar ICDI agus TLAC:

    (a)

    méideanna: príomh-mhéadracht ICDI agus TLAC;

    (b)

    comhdhéanamh agus aibíocht;

    (c)

    rangú creidiúnaithe;

    (d)

    faisnéis a bhaineann go sonrach le conarthaí.

    2.

    Cuirtear tagairtí dlí ar fáil i gcás gach teimpléid. Áirítear sa Chuid seo faisnéis mhionsonraithe bhreise faoi ghnéithe níos ginearálta den tuairisciú ar gach tacar teimpléad agus treoracha maidir le suíomhanna sonracha.

    1.2.   Gnás uimhriúcháin

    3.

    Sa doiciméad seo, leantar an gnás lipéadaithe a leagtar amach i bpointí (a) go (d) nuair a thagraítear do cholúin, do rónna agus do chealla na dteimpléad. Úsáidtear na cóid uimhriúla sin go forleathan sna rialacha maidir le bailíochtú mar a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

    (a)

    leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas: {Teimpléad;Ró;Colún};

    (b)

    i dtagairtí laistigh de theimpléad, ní áirítear léiriú ar an teimpléad: {Ró;Colún};

    (c)

    i gcás teimpléid nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do na rónna: {Teimpléad;Ró};

    (d)

    úsáidtear comhartha réiltín chun a chur in iúl go gcumhdaítear leis an tagairt na rónna nó na colúin a sonraíodh cheana.

    1.3.   Gnás maidir le comharthaí

    4.

    Déanfar aon mhéid a mhéadaíonn na cistí dílse agus dliteanais incháilithe, na méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca, tomhas neamhchosanta an chóimheasa giarála nó na ceanglais a thuairisciú mar fhigiúr deimhneach. Os a choinne sin, déanfar aon mhéid a laghdaíonn na cistí dílse agus na dliteanais incháilithe, na méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca, tomhas neamhchosanta an chóimheasa giarála nó na ceanglais a thuairisciú mar fhigiúr diúltach. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, ní bheidh coinne leis go dtuairisceofar figiúr deimhneach le haghaidh na hítime sin.

    1.4.   Giorrúcháin agus sainmhínithe

    5.

    Tá feidhm ag na giorrúcháin agus na sainmhínithe seo a leanas chun críocha na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo:

    (a)

    tagraíonn ‘ICDI’ don íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe de bhun Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE;

    (b)

    tagraíonn ‘TLAC’ do na ceanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) de bhun Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    tagraíonn ‘TLAC inmheánach’ don cheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna neamh-AE de bhun Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (d)

    tagraíonn ‘ICDI inmheánach’ don ICDI a chuirtear i bhfeidhm ar eintitis nach eintitis réitigh iad de bhun Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE;

    (e)

    ciallaíonn ‘méid réamhcheada nár úsáideadh’ an méid a chumhdaítear le réamhchead ionstraimí cistí dílse a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, a mhéid nár úsáid an t-eintiteas tuairiscithe an méid sin go fóill chun ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach. I gcás inar cead ad hoc é an cead agus ina dtagraíonn sé d’ionstraimí inghlaoite i gcás nach dtugtar dóthain cinnteachta go bhforghníomhófar an chéadrogha ar cheannach, ní áireofar aon ionstraim den sórt sin i méid an réamhcheada nár úsáideadh;

    (f)

    ciallaíonn ‘méid ceada ad hoc nár úsáideadh’ an méid a chumhdaítear le réamhchead ad hoc ionstraimí cistí dílse sonracha a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 28(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún (1) nó ionstraimí dliteanas incháilithe sonracha a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 32b(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014, de réir mar is infheidhme, a mhéid nár úsáid an t-eintiteas tuairiscithe an méid sin go fóill chun na hionstraimí sin a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach. I gcás ina dtagraíonn an cead d’ionstraimí inghlaoite i gcás nach dtugtar dóthain cinnteachta go bhforghníomhófar an chéadrogha ar cheannach, ní áireofar aon ionstraim den sórt sin i méid an réamhcheada nár úsáideadh;

    (g)

    ciallaíonn ‘méid ceada ghinearálta nár úsáideadh’ nó ‘méid RCG nár úsáideadh’ an méid a chumhdaítear le réamhchead ionstraimí cistí dílse a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 28(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 nó ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 32b(3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014, de réir mar is infheidhme, a mhéid nár úsáid an t-eintiteas tuairiscithe an méid sin go fóill chun na hionstraimí sin a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach.

    CUID II

    TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

    1.   Méideanna: M 01.00 – Príomh-mhéadracht le haghaidh ICDI agus TLAC (KM2)

    1.1.   Barúlacha ginearálta

    1.

    An colún ina ndéantar tagairt don íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), déanfaidh eintitis atá faoi réir an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe é a líonadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 45e de Threoir 2014/59/AE. Is iad na heintitis sin atá faoi oibleagáid an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, agus na heintitis sin amháin, a thuairisceoidh ítimí a thagraíonn don cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC).

    1.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colúin

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Airteagail 45 agus 45e de Threoir 2014/59/AE

    0020

    Ceanglas ar G-SIInna le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC)

    Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013


    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0100 – 0120

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus tomhas na neamhchosanta iomláine

    0100

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA)

    Airteagal 45(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Is éard a bheidh i méid na neamhchosanta iomláine ar riosca a thuairisceofar sa ró seo méid na neamhchosanta iomláine ar riosca atá ina bhonn le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme.

    0110

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM)

    Airteagal 45(2), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Is éard a bheidh i dtomhas na neamhchosanta iomláine a thuairisceofar sa ró seo tomhas na neamhchosanta iomláine atá mar bhonn le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme.

    0200 – 0230

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    0200

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    ICDI

    Déanfar méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirfear san áireamh le haghaidh ICDI a thuairisciú mar shuim na nithe seo a leanas:

    (i)

    cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (ii)

    ‘dliteanais incháilithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    TLAC

    Is éard a bheidh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh le haghaidh cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC) an méid dá dtagraítear in Airteagal 72l de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb é a bheidh ann:

    (i)

    cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (ii)

    dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72k de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0210

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

    Tuairisceofar méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe fo-ordaithe a chuirfear san áireamh le haghaidh ICDI mar shuim na nithe seo a leanas:

    (i)

    cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (ii)

    dliteanais incháilithe a áirítear i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b de Threoir 2014/59/AE ar ionstraimí incháilithe fo-ordaithe iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71b), den Treoir sin;

    (iii)

    dliteanais a áirítear i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b(3) de Threoir 2014/59/AE.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí ceanglais Airteagal 55 a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE.

    Maidir le dliteanais incháilithe fho-ordaithe, na méideanna glan ar na nithe seo a leanas a bheidh sna méideanna a thuairisceofar:

    (i)

    i gcás inarb infheidhme, sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe fo-ordaithe, dá dtagraítear in Airteagal 72e(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus

    (ii)

    méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraimí dliteanas fo-ordaithe i gcoitinne nó ionstraim dliteanas fo-ordaithe sonrach.

    0220

    Ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

    Méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe arna rialú faoi dhlí tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Na méideanna glan ar na nithe seo a leanas a bheidh sna méideanna a thuairisceofar:

    (i)

    sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 72e(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb infheidhme, agus sealúchais ionstraimí cistí dílse, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (f), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 66, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna rialú faoi dhlí tríú tír; agus

    (ii)

    méideanna ceada ad hoc nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraim cistí dílse nó ionstraim dliteanas incháilithe shonrach arna rialú faoi dhlí tríú tír.

    0230

    Ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

    Méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe arna rialú faoi dhlí tríú tír agus ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Na méideanna glan ar na nithe seo a leanas a bheidh sna méideanna a thuairisceofar:

    (i)

    sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 72e(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb infheidhme, agus sealúchais ionstraimí cistí dílse, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (f), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 66, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna rialú faoi dhlí tríú tír agus ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE agus

    (ii)

    méideanna ceada ad hoc nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraim cistí dílse nó ionstraim dliteanas incháilithe shonrach arna rialú faoi dhlí tríú tír agus ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0250 – 0290

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

    Na heintitis a bhfuil méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe ina seilbh acu, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, atá cothrom le, ar a laghad, 150 % den cheanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh díolúine acu ón bhfaisnéis a thuairisciú i rónna 0250 go 0290. Féadfaidh na heintitis sin a chinneadh an fhaisnéis sin a thuairisciú sa teimpléad seo ar bhonn deonach.

    Maidir le méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraim dliteanas incháilithe, measfar gur dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad chun críocha na rónna seo.

    0250

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

    Méid na ndliteanas ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71), de Threoir 2014/59/AE, nach n-áirítear i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b den Treoir sin.

    0260

    Ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

    Méid na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil a thabhairt orthu agus arna rialú faoi dhlí tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0270

    Ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

    Méid na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu arna rialú faoi dhlí tríú tír agus ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0280 – 0290

    Miondealú ar dhliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu de réir aibíocht iarmhair

    0280

    Aibíocht iarmhair < 1 bhliain

    0285

    Aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0290

    Aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0300 – 0360

    Cóimheasa agus díolúintí fo-ordúcháin

    0300

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

    Chun críocha an ró seo, sloinnfear méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a thuairiscítear i ró 0200 mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0310

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

    Chun críocha an ró seo, sloinnfear méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe fo-ordaithe a thuairiscítear i ró 0210 mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0320

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

    Chun críocha an ró seo, sloinnfear méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a thuairiscítear i ró 0200 mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0330

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

    Chun críocha an ró seo, sloinnfear méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe fo-ordaithe a thuairiscítear i ró 0210 mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0340

    An bhfuil feidhm ag an díolúine fo-ordúcháin a leagtar síos in Airteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? (díolúine 5 %)

    Ní dhéanfaidh ach eintitis atá faoi réir cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ceanglas TLAC) an ró seo a thuairisciú.

    I gcás ina gceadaíonn údarás réitigh dliteanais a cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh an t-eintiteas tuairiscithe ‘tá’ i gcolún 0020.

    I gcás nach gceadaíonn an t-údarás réitigh dliteanais cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh an t-eintiteas tuairiscithe ‘níl’ i gcolún 0020.

    Ó tharla go bhfuil díolúintí a leagtar síos in Airteagal 72b(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 comheisiach, ní líonfar isteach an ró seo más rud é gur líon an t-eintiteas tuairiscithe {r0350}.

    0350

    Méid comhiomlán na n-ionstraimí dliteanas incháilithe neamh-fho-ordaithe a cheadaítear má chuirtear an lánrogha fo-ordúcháin i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (díolúine 3,5 % ar a mhéad)

    Méid comhiomlán na ndliteanas neamh-fho-ordaithe a cheadaigh an t-údarás réitigh a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe chun críoch an cheanglais G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC) i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a cháilíonn de bhun Airteagal 494(3) den Rialachán sin.

    Ó tharla go bhfuil na díolúintí atá leagtha síos in Airteagal 72b(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 comheisiach, ní líonfar isteach an ró seo má chuireann an t-eintiteas tuairiscithe ‘tá’ i {r0340,c0020}.

    0360

    Sciar d’iomlán na ndliteanas neamh-fho-ordaithe atá ar áireamh i gcistí dílse agus i ndliteanais incháilithe

    Ní dhéanfaidh ach eintitis atá faoi réir cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ceanglas TLAC) an ró seo a thuairisciú.

    Má tá feidhm ag díolúine fo-ordúcháin a bhfuil uasteorainn curtha léi agus a leagtar síos in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh na heintitis an méid seo a leanas:

    (i)

    méid na ndliteanas a eisítear a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá ar áireamh sa mhéid a thuairiscítear i ró 0200 (tar éis an uasteorainn a chur i bhfeidhm),

    (ii)

    arna roinnt ar mhéid na ndliteanas a eisítear arna rangú pari passu le dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a d’aithneofaí faoi ró 0200 murar cuireadh aon uasteorainn i bhfeidhm.

    2.   Comhdhéanamh agus aibíocht

    2.1.   M 02.00 – acmhainneacht agus comhdhéanamh ICDI agus TLAC (grúpaí agus eintitis réitigh) (TLAC1)

    2.1.1.   Barúlacha ginearálta

    2.

    Tugtar tuilleadh sonraí maidir le comhdhéanamh na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i dteimpléad M 02.00 – acmhainneacht agus comhdhéanamh ICDI agus TLAC (grúpaí agus eintitis réitigh) (TLAC1).

    3.

    An colún ina ndéantar tagairt don íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), déanfaidh eintitis atá faoi réir an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe é a líonadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 45e de Threoir 2014/59/AE. Is iad na heintitis sin atá faoi oibleagáid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, agus na heintitis sin amháin, a thuairisceoidh ítimí a thagraíonn don cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC).

    2.1.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colún

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Airteagail 45 agus 45e de Threoir 2014/59/AE.

    0020

    Ceanglais ar G-SIInna le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0030

    Ítim mheabhráin: Méideanna atá incháilithe chun críocha ICDI ach nach bhfuil incháilithe chun críocha TLAC

    Ní dhéanfaidh ach eintitis atá faoi réir an cheanglais ar G-SIInna le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC) an ró seo a líonadh isteach.

    Léireoidh an colún seo an difríocht idir méideanna na gcistí dílse agus na ndliteanas atá incháilithe chun an ceanglas a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE i gcomhréir le hAirteagal 45e den Treoir sin agus méid na gcistí dílse agus na ndliteanas atá incháilithe chun an ceanglas a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.


    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe chun críocha Airteagal 45e de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    ICDI

    Déanfar méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirfear san áireamh le haghaidh ICDI a thuairisciú mar shuim na nithe seo a leanas:

    (i)

    cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (ii)

    ‘dliteanais incháilithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    TLAC

    Is éard a bheidh i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh le haghaidh an cheanglais ar G-SIInna le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC) an méid dá dtagraítear in Airteagal 72l de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb é a bheidh ann:

    (i)

    cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (ii)

    dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72k de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0020

    Cistí dílse (incháilithe)

    Airteagal 4(1), pointe (118) agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    I gcás ICDI, ní áireofar ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír sa ró seo agus i rónna 0040 agus 0050 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0030

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1

    Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0040

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 (atá incháilithe)

    Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0050

    Caipiteal Leibhéal 2 (atá incháilithe)

    Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0060

    Dliteanais incháilithe

    ICDI

    ‘Dliteanais incháilithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE; i gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 den Treoir sin.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72k de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0070

    Ítimí dliteanas incháilithe roimh choigeartuithe

    ICDI

    ‘Dliteanais incháilithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71a), de Threoir 2014/59/AE; i gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 den Treoir sin. Na méideanna glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar , a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe.

    TLAC

    Tuairisceofar dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Na méideanna glan ó shealúchas ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a bheidh sna méideanna a thuairisceofar , agus glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe.

    0080

    Ina measc: dliteanais incháilithe a mheastar a bheith fo-ordaithe ó thaobh struchtúir de

    ICDI

    Dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45b de Threoir 2014/59/AE toisc gurb é eintiteas réitigh ar cuideachta sealbhaíochta é a d’eisigh iad agus toisc nach ann do dhliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó atá sóisearach dóibh.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Áireofar sa ró seo freisin dliteanais incháilithe a cháilíonn mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Na méideanna glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann na critéir a shonraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo.

    TLAC

    Dliteanais:

    (a)

    a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus go háirithe an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 72b(2), pointe (d)(iii), den Rialachán sin, ach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointí (d)(i) nó (d)(ii) den mhír sin, nó

    (b)

    a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, agus a cheadaíonn na húdaráis réitigh a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) den Rialachán sin.

    Áireofar sa ró seo freisin dliteanais incháilithe a cháilíonn mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Na méideanna glan ó mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann na critéir a shonraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo.

    0090

    Dliteanais incháilithe atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

    ICDI

    Dliteanais incháilithe a áirítear i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b de Threoir 2014/59/AE ar ionstraimí incháilithe fo-ordaithe iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71b), den Treoir sin agus dliteanais a áirítear i méid na gcistí dílse agus dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b(3) den Treoir sin. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 den Treoir sin. Na méideanna glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite de dhliteanais a cheadaítear a gcáiliú mar ionstraimí dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) nó (4) den Rialachán sin. Na méideanna glan ó shealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe agus glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar , a mhéid a chumhdaítear leis an réamhchead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    0100

    Ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh (nach bhfuil marthanaithe)

    ICDI

    Dliteanais incháilithe a áirítear i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b de Threoir 2014/59/AE ar ionstraimí incháilithe fo-ordaithe iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71b), den Treoir sin agus arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 den Treoir sin. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh agus nach bhfuil marthanaithe.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite de dhliteanais a cheadaítear a gcáiliú mar ionstraimí dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) nó (4) den Rialachán sin, agus arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint go díreach ag an eintiteas réitigh agus nach bhfuil marthanaithe.

    Ní áireofar sa ró seo an chuid amúchta d’ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás inar mó ná 1 bhliain amháin an aibíocht iarmhair (Airteagal 72a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) ná na dliteanais incháilithe arna marthanú faoi Airteagal 494b den Rialachán sin.

    0110

    Ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis eile laistigh den ghrúpa réitigh (nach bhfuil marthanaithe)

    ICDI

    Dliteanais incháilithe a áirítear i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 45b de Threoir 2014/59/AE arna n-eisiúint ag fochuideachtaí agus a áirítear in ICDI i gcomhréir le hAirteagal 45b(3) den Treoir sin. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 den Treoir sin. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis eile laistigh den ghrúpa réitigh agus nach bhfuil marthanaithe.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite de dhliteanais a cheadaítear a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72b(3) nó (4) den Rialachán sin, agus arna n-eisiúint ag fochuideachtaí agus a cháilíonn chun go n-áirítear iad ar na hionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúite atá ag eintiteas i gcomhréir le hAirteagal 88a den Rialachán sin. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis eile laistigh den ghrúpa réitigh agus nach bhfuil marthanaithe.

    Ní áireofar sa ró seo an chuid amúchta d’ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás inar mó ná 1 bhliain amháin an aibíocht iarmhair (Airteagal 72a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) ná na dliteanais incháilithe arna marthanú faoi Airteagal 494b den Rialachán sin.

    0120

    Ítimí dliteanas incháilithe a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019

    ICDI

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    eisíodh iad roimh an 27 Meitheamh 2019;

    (b)

    is ionstraimí incháilithe fo-ordaithe iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71b), de Threoir 2014/59/AE;

    (c)

    áirítear iad i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (d)

    i gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    eisíodh iad roimh an 27 Meitheamh 2019;

    (b)

    comhlíonann siad Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    cáilíonn siad mar dhliteanais incháilithe mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019.

    0130

    Ionstraimí Leibhéal 2 ina bhfuil aibíocht iarmhair 1 bhliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2

    Airteagal 72a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    Sa ró seo, beidh an chuid amúchta d’ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás inar mó ná 1 bhliain amháin an aibíocht iarmhair. Ní thuairisceofar sa ró seo ach an méid nach n-aithnítear i gcistí dílse, ach a chomhlíonann na critéir incháilitheachta uile a leagtar síos in Airteagal 72b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    I gcás ICDI, na hionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar sa ró seo iad ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0132

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

    ICDI

    Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 32b(2), (3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014

    Sa ró seo, beidh méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata. Beidh an méid sa ró seo cothrom leis an méid i ró 0135 le haghaidh ICDI.

    TLAC

    Airteagal 72e(1), pointe (a), agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 32b(2), (3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014

    Sa ró seo, beidh an méid seo a leanas:

    (i)

    sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe fo-ordaithe atá le hasbhaint i gcomhréir le hAirteagal 72e(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

    (ii)

    méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    0135

    (-) ina measc: méideanna réamhcheada nár úsáideadh

    ICDI agus TLAC

    Tuairisceofar na méideanna seo a leanas sa ró seo:

    (i)

    méideanna ceada ad hoc nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata;

    (ii)

    méideanna réamhcheada ghinearálta (RCG) nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    Maidir le réamhchead ginearálta dá dtagraítear i bpointe (ii), i gcás nach sonraítear ann rangú na n-ionstraimí a fhéadfar a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach, tuairisceofar an méid RCG iomlán nár úsáideadh sa ró seo.

    0140

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

    ICDI

    Dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45b de Threoir 2014/59/AE agus nach bhfuil go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE. Na méideanna glan ar mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, agus a aithnítear mar dhliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) nó (4) den Rialachán sin. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar an méid tar éis chur i bhfeidhm na huasteorann a leagtar síos san Airteagal sin. Na méideanna glan ó shealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe agus glan ó mhéideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    0150

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata (nach bhfuil marthanaithe, sula gcuirtear an uasteorainn i bhfeidhm)

    ICDI

    Dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45b (1), (2) agus (3) de Threoir 2014/59/AE agus nach bhfuil go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata agus nach bhfuil marthanaithe.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, agus a bhféadfaí a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) den Rialachán sin a cheadú nó a cheadaítear a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) den Rialachán sin. Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata agus nach bhfuil marthanaithe.

    I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 72b(3) nó ag Airteagal 494(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar sa ró seo an méid iomlán gan na huasteorainneacha 3,5 % agus 2,5 % faoi seach a chur i bhfeidhm.

    Ní áireofar sa ró seo aon mhéid is féidir a aithint ar bhonn idirthréimhseach i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0160

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019 (sular cuireadh an uasteorainn i bhfeidhm)

    ICDI

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    eisíodh iad roimh an 27 Meitheamh 2019;

    (b)

    comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45b (1), (2) agus (3) de Threoir 2014/59/AE agus níl siad go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    cáilíonn siad mar dhliteanais incháilithe mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata agus a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019.

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    eisíodh iad roimh an 27 Meitheamh 2019;

    (b)

    comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, agus d’fhéadfaí a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) den Rialachán sin a cheadú nó ceadaítear a gcáiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) den Rialachán sin.

    (c)

    cáilíonn siad mar dhliteanais incháilithe mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata agus a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 72b(3) nó Airteagal 494(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar sa ró seo an méid iomlán gan na huasteorainneacha 3,5 % agus 2,5 % faoi seach a chur i bhfeidhm.

    0162

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata

    ICDI

    Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 32b(2), (3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014

    Sa ró seo, beidh méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata. Beidh an méid sa ró seo cothrom leis an méid i ró 0165 le haghaidh ICDI.

    TLAC

    Airteagal 72e(1), pointe (a), agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 32b(2), (3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014

    Sa ró seo, beidh an méid seo a leanas:

    (i)

    sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe neamh-fho-ordaithe atá le hasbhaint i gcomhréir le hAirteagal 72e(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

    (ii)

    méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    0165

    (-) ina measc: méideanna réamhcheada nár úsáideadh

    ICDI agus TLAC

    Tuairisceofar na méideanna seo a leanas sa ró seo:

    (i)

    méideanna ceada ad hoc nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraim dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    (ii)

    méideanna RCG nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata.

    Maidir le réamhchead ginearálta dá dtagraítear i bpointe (ii), i gcás nach sonraítear ann rangú na n-ionstraimí a fhéadfar a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach, tuairisceofar an méid RCG iomlán nár úsáideadh i ró 0135, agus ní thuairisceofar sa ró seo é.

    0170

    Méideanna incháilithe tar éis uasteorainn Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm (nach bhfuil marthanaithe)

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, tar éis Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm, cé is moite de dhliteanais a aithnítear de bhun an mharthanaithe a leagtar amach in Airteagal 494b(3) den Rialachán sin.

    I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go dtí an 31 Nollaig 2021, is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar sa ró seo an méid tar éis Airteagal 494(2) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm (uasteorainn 2,5 %).

    0180

    Méideanna incháilithe tar éis uasteorainn Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear ítimí a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019

    TLAC

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    eisíodh iad roimh an 27 Meitheamh 2019;

    (b)

    comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 72a go 72d de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointe (d), den Rialachán sin, tar éis Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

    (c)

    cáilíonn siad mar dhliteanais incháilithe mar thoradh ar mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 494b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go dtí an 31 Nollaig 2021, is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar sa ró seo an méid tar éis Airteagal 494(2) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm (uasteorainn 2,5 %).

    0190

    (-) Asbhaintí

    0200

    (-) Neamhchosaintí idir grúpaí réitigh ilphointe iontrála (MPE)

    TLAC

    Léireofar sa ró seo asbhaintí na neamhchosaintí idir grúpaí réitigh MPE G-SII, a chomhfhreagraíonn do shealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 72e(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0211

    (-) Infheistíochtaí in ionstraimí dliteanas incháilithe eile

    TLAC

    Tuairisceoidh eintitis asbhaint infheistíochtaí in ionstraimí dliteanas incháilithe eile, dá dtagraítear in Airteagal 72e(1), pointí (b), (c) agus (d), Airteagal 72e(2) agus (3) agus Airteagail 72g go 72j de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sa chaoi go gcinnfear an méid a bheidh le hasbhaint as ítimí dliteanas incháilithe i gcomhréir le Cuid a Dó, Teideal I, Caibidil 5a, Roinn 2, den Rialachán sin.

    0220

    Barrchas na n-asbhaintí ó dhliteanais incháilithe ar dhliteanais incháilithe

    Ní féidir dliteanais incháilithe a bheith diúltach, ach is féidir gur mó méid na n-asbhaintí ó ítimí dliteanas incháilithe ná méid na n-ítimí dliteanas incháilithe féin. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní mór na dliteanais incháilithe a bheith cothrom le nialas, agus tá barrachas na n-asbhaintí le hasbhaint ó Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Leis an ítim sin, fágann sé, maidir leis na dliteanais incháilithe mar a thuairiscítear i ró 0060 iad, nach bhfuil siad níos ísle ná nialas riamh.

    0400 – 0500

    Ítimí meabhráin

    0400

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (%) atá ar fáil tar éis riachtanais an eintitis a chomhlíonadh

    Méid Caipitil Gnáthchothromas Leibhéal 1, atá cothrom le nialas nó atá deimhneach, atá ar fáil tar éis gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2013/36/AE (2) a chomhlíonadh agus is airde ná:

    (a)

    i gcás inarb infheidhme, an ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (ceanglas TLAC), nuair a ríomhtar é i gcomhréir le mír (1), pointe (a), den Airteagal sin;

    (b)

    an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe de bhun Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE, nuair a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (a), den Treoir sin.

    Déanfar an Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ar fáil a shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca mar a thuairiscítear i ró 0100 de theimpléad M 01.00.

    An figiúr a thuairisceofar, beidh sé díreach mar an gcéanna i gcolún ICDI agus i gcolún TLAC.

    Cuirfear san áireamh ann éifeacht na bhforálacha idirthréimhseacha ar chistí dílse agus ar dhliteanais incháilithe, méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus na ceanglais féin. Ní chuirfear san áireamh an treoraíocht maidir le cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104b de Threoir 2013/36/AE ná an ceanglas maoláin chomhcheangailte a leagtar amach in Airteagal 128, an chéad fhomhír, pointe (6), den Treoir sin.

    0410

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte (%)

    Airteagal 128, an chéad fhomhír, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE

    Sloinnfear an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca.

    0420

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais.

    0430

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach.

    0440

    ina measc: ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach.

    0450

    ina measc: Maolán le haghaidh Institiúid Dhomhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (G-SII) nó le haghaidh Institiúid eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (O-SII)

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le maolán G-SII nó O-SII.

    0460

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid institiúidí eile

    Cinnfear na suíomhanna a thuairisceofar sa ró seo agus i rónna 0470 go 0490 de réir na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 72h de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (glansuíomhanna fada, cur chuige na trédhearcachta).

    0470

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid G-SIInna

    Méid sealúchas ionstraimí dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé is moite d’ionstraimí de bhun Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin, arna n-eisiúint ag G-SIInna.

    0480

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid O-SIInna

    Méid sealúchas ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna n-eisiúint ag O-SIInna.

    Ní thuairisceofar infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid O-SIInna ar G-SIInna iad san am céanna sa ró seo; tuairisceofar i ró 0470 iad, agus sa ró sin amháin.

    0490

    Infheistíochtaí i ndliteanais incháilithe fo-ordaithe de chuid institiúidí eile

    Méid sealúchas ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna n-eisiúint ag institiúidí nach G-SIInna ná O-SIInna iad.

    0500

    Dliteanais eisiata

    Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    0600

    Ceadanna ad hoc le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe: Méid réamhchinntithe

    Tuairisceofar sa ró seo méideanna a chumhdaítear le réamhchead ad hoc chun ionstraimí dliteanas incháilithe sonracha a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 32b(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Áireofar ann na méideanna a úsáideadh agus na méideanna nár úsáideadh araon.

    0610

    Réamhcheadanna ginearálta le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe: Méid réamhchinntithe

    Tuairisceofar sa ró seo méideanna a chumhdaítear le réamhchead ginearálta chun ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 32b(3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Áireofar ann na méideanna a úsáideadh agus na méideanna nár úsáideadh araon.

    2.2.   M 03.00 – ICDI Inmheánach agus TLAC Inmheánach (ILAC)

    2.2.1.   Barúlacha ginearálta

    4.

    Léirítear na cistí dílse agus na dliteanais incháilithe i dteimpléad M 3.00 chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    an ceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe eintiteas nach eintitis réitigh iad féin de bhun Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE (ICDI inmheánach); agus

    (b)

    an ceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna neamh-AE is infheidhme maidir le fochuideachtaí suntasacha G-SIInna tríú tír de bhun Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (TLAC inmheánach).

    5.

    An colún ina ndéantar tagairt do ICDI inmheánach, déanfaidh eintitis atá faoi réir an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe é a líonadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 45f de Threoir 2014/59/AE. Is iad na heintitis sin atá faoi oibleagáid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, agus na heintitis sin amháin, a thuairisceoidh ítimí a thagraíonn don cheanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC).

    2.2.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colúin

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    ICDI inmheánach

    Airteagail 45 agus 45f de Threoir 2014/59/AE.

    0020

    TLAC inmheánach

    Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.


    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    Leibhéal an chur i bhfeidhm

    I gcás ina bhfuil an t-eintiteas faoi réir ICDI inmheánach, agus i gcás inarb infheidhme faoi réir TLAC inmheánach, ar bhonn aonair, sonróidh sé ‘bonn aonair’.

    I gcás ina bhfuil an t-eintiteas faoi réir ICDI inmheánach, agus i gcás inarb infheidhme faoi réir TLAC inmheánach, ar bhonn comhdhlúite, sonróidh sé ‘bonn comhdhlúite’.

    0100 – 0110

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus tomhas na neamhchosanta iomláine

    0100

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA)

    Airteagal 45(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Is éard a bheidh i méid na neamhchosanta iomláine ar riosca a thuairisceofar sa ró seo méid na neamhchosanta iomláine ar riosca atá ina bhonn le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi seach, de réir mar is infheidhme.

    0110

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM)

    Airteagal 45(2), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Is éard a bheidh i dtomhas na neamhchosanta iomláine a thuairisceofar sa ró seo tomhas na neamhchosanta iomláine atá mar bhonn le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi seach, de réir mar is infheidhme.

    0200 – 0295

    Cistí dílse incháilithe agus dliteanais incháilithe

    0200

    Cistí dílse incháilithe agus dliteanais incháilithe

    ICDI inmheánach

    Suim na gcistí dílse incháilithe, na ndliteanas incháilithe agus na ráthaíochtaí a cheadaítear a chur san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE, agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 89(2), an ceathrú fomhír, den Treoir sin á chur san áireamh freisin.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar sa ró seo an méid tar éis na hasbhaintí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    TLAC inmheánach

    Cistí dílse incháilithe agus dliteanais incháilithe a cheadaítear a chur san áireamh le haghaidh TLAC inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 92b(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar sa ró seo an méid tar éis na hasbhaintí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0210

    Cistí dílse incháilithe

    Suim Chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá incháilithe agus Chaipiteal Leibhéal 2 atá incháilithe.

    I gcás ICDI inmheánach, áireofar sa ró seo agus i rónna 0230 agus 0240, de réir mar is infheidhme, ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 89(2), an ceathrú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

    Ní áireofar ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír sa ró seo agus i rónna 0230 agus 0240 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir sin.

    0220

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1)

    Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0230

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 incháilithe

    Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    ICDI inmheánach

    Ní dhéanfar ionstraimí a mheas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir dá dtagraítear in Airteagal 45f(2), pointe (b)(ii), de Threoir 2014/59/AE.

    TLAC inmheánach

    Ní dhéanfar ionstraimí a mheas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 92b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0240

    Caipiteal Leibhéal 2 incháilithe

    Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    ICDI inmheánach

    Ní dhéanfar ionstraimí a mheas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (b)(ii), de Threoir 2014/59/AE.

    TLAC inmheánach

    Ní dhéanfar ionstraimí a mheas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 92b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0250

    Dliteanais incháilithe agus ráthaíochtaí

    0260

    Dliteanais incháilithe (seachas ráthaíochtaí)

    ICDI inmheánach

    Dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, agus i gcás inarb infheidhme, Airteagal 89(2), an ceathrú fomhír, den Treoir sin á chur san áireamh chomh maith.

    I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe.

    TLAC inmheánach

    Ríomhfar méid na ndliteanas incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 72k de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcomhlíonfaidh na dliteanais sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(3) den Rialachán sin.

    Na méideanna sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh a bheidh sna méideanna a thuairisceofar, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe.

    0265

    (-) Ionstraimí dliteanas incháilithe dílse: Méideanna réamhcheada nár úsáideadh

    Tuairisceofar na méideanna seo a leanas sa ró seo:

    (i)

    méideanna ceada ad hoc nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe;

    (ii)

    méideanna réamhcheada ghinearálta nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraimí dliteanas incháilithe;

    0270

    Ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an eintiteas réitigh agus arna gceadú ag an údarás réitigh

    I gcás ina gceadóidh údarás réitigh na fochuideachta don eintiteas tuairiscithe an ceanglas maidir le ICDI inmheánach a chomhlíonadh le ráthaíochtaí, tuairisceofar méid na ráthaíochtaí a chuirfidh an t-eintiteas réitigh ar fáil agus a chomhlíonfaidh na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 45f(5) de Threoir 2014/59/AE.

    0280

    Ítim mheabhráin Cuid chomhthaobhaithe den ráthaíocht

    An chuid den ráthaíocht a thuairiscítear i ró 0270 agus atá comhthaobhaithe le socrú comhthaobhachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 45f(5), pointe (c), de Threoir 2014/59/AE.

    0290

    (-) Ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis neamhréitigh an ghrúpa réitigh chéanna

    Tuairisceofar sa ró seo sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe atá le hasbhaint i gcomhréir le hAirteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 45c(2a), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

    Chun na hasbhaintí a ríomh de bhun Airteagal 45c(2a) de Threoir 2014/59/AE, úsáidfear an cóimheas a thuairiscítear i ró 0630.

    0293

    (-) ina measc: Ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe

    Tuairisceofar infheistíochtaí sna hionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe den ghrúpa réitigh céanna, nár chinn an t-údarás réitigh íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Threoir 2014/59/AE, atá le hasbhaint i gcomhréir le hAirteagal 45c(2a), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

    Chun na hasbhaintí a ríomh de bhun Airteagal 45c(2a) de Threoir 2014/59/AE, úsáidfear an cóimheas a thuairiscítear i ró 0630.

    0295

    Barrchas na n-asbhaintí ó dhliteanais incháilithe ar dhliteanais incháilithe

    Ní féidir dliteanais incháilithe a bheith diúltach, ach is féidir gur mó méid na n-asbhaintí ó ítimí dliteanas incháilithe ná méid na n-ítimí dliteanas incháilithe féin. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní mór na dliteanais incháilithe a bheith cothrom le nialas, agus tá barrachas na n-asbhaintí le hasbhaint ó Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Leis an ítim sin, fágann sé, maidir leis na dliteanais incháilithe mar a thuairiscítear i ró 0251 iad, nach bhfuil siad níos ísle ná nialas riamh.

    0400 – 0440

    Cóimheasa cistí dílse incháilithe agus dliteanas incháilithe

    0400

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

    Méideanna chistí dílse incháilithe, dhliteanais incháilithe agus ráthaíochtaí ceadaithe an eintitis tuairiscithe a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach faoi seach, arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0410

    ina measc: ráthaíochtaí ceadaithe

    Méid chistí dílse incháilithe, dhliteanais incháilithe agus ráthaíochtaí ceadaithe an eintitis tuairiscithe ar ráthaíochtaí iad a chuir an t-eintiteas réitigh ar fáil agus a aithníonn an t-údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45f(5) de Threoir 2014/59/AE, a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0420

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

    Méideanna chistí dílse incháilithe agus dhliteanais incháilithe an eintitis tuairiscithe a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach faoi seach, arna sloinneadh mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus Airteagal 429a den Rialachán sin.

    0430

    ina measc: ráthaíochtaí ceadaithe

    Méid chistí dílse incháilithe agus dhliteanais incháilithe an eintitis thuairiscithe ar ráthaíochtaí iad a thug an t-eintiteas réitigh agus a aithníonn an t-údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45f(5) de Threoir 2014/59/AE, a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach, arna shloinneadh mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus le hAirteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0440

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (%) atá ar fáil tar éis riachtanais an eintitis a chomhlíonadh

    Méid Caipitil Gnáthchothromas Leibhéal 1, atá cothrom le nialas nó atá deimhneach, atá ar fáil tar éis gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh agus is airde ná:

    (a)

    i gcás inarb infheidhme an ceanglas maidir le TLAC inmheánach de bhun Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 92b(1) den Rialachán sin mar 90 % den cheanglas a leagtar amach in Airteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán sin;

    (b)

    an ceanglas maidir le ICDI inmheánach de bhun Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE, nuair a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (a), den Treoir sin.

    Déanfar Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ar fáil a shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca a thuairiscítear i ró 0100.

    An figiúr a thuairisceofar, beidh sé díreach mar an gcéanna sna colúin le haghaidh ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach.

    Cuirfear san áireamh ann éifeacht na bhforálacha idirthréimhseacha ar chistí dílse agus ar dhliteanais incháilithe, méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus na ceanglais iad féin. Ní chuirfear san áireamh an treoraíocht maidir le cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104b de Threoir 2013/36/AE ná an ceanglas maoláin chomhcheangailte a leagtar amach in Airteagal 128, an chéad fhomhír, pointe (6), den Treoir sin.

    0500 – 0550

    Ítimí meabhráin

    0500

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte (%)

    Airteagal 128, an chéad fhomhír, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE

    Sloinnfear an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca.

    0510

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais.

    0520

    ina measc: ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach.

    0530

    ina measc: ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach.

    0540

    ina measc: Maolán le haghaidh Institiúid Dhomhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (G-SII) nó le haghaidh Institiúid eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (O-SII)

    Méid an mhaoláin chomhcheangailte institiúidsonraigh (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine ar riosca) a bhaineann leis an gceanglas maidir le maolán G-SII nó O-SII.

    0550 – 0600

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

    Na heintitis a bhfuil méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe ina seilbh acu, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, atá cothrom le, ar a laghad, 150 % den cheanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh díolúine acu ón bhfaisnéis a thuairisciú i rónna 0550 go 0600. Féadfaidh na heintitis sin a chinneadh an fhaisnéis sin a thuairisciú sa teimpléad seo ar bhonn deonach.

    Maidir le méideanna réamhcheada nár úsáideadh, a mhéid a chumhdaítear leis an gcead ionstraim dliteanas incháilithe, measfar gur dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad chun críocha na rónna seo.

    0550

    Dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu

    Méid na ndliteanas ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71), de Threoir 2014/59/AE, nach bhfuil incháilithe chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 45 agus 45f den Treoir sin a chomhlíonadh.

    0560

    Ina measc: arna rialú faoi dhlí tríú tír

    Méid na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil a thabhairt orthu agus arna rialú faoi dhlí tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0570

    Ina measc: ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE

    Méid na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu arna rialú faoi dhlí tríú tír agus ina bhfuil clásal díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE.

    0580 – 0600

    Miondealú ar dhliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu de réir aibíocht iarmhair

    0580

    Aibíocht iarmhair < 1 bhliain

    0590

    Aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0600

    Aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0610

    Dliteanais eisiata

    Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0620

    Ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe an ghrúpa réitigh chéanna

    Sealúchais ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis neamhréitigh ar eintitis leachtaithe iad, cuid den ghrúpa réitigh céanna, agus nár chinn an t-údarás réitigh íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    Tuairisceofar an méid sin sa ró seo gan beann ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45c(2a), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

    0630

    Cóimheas sealúchas ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis leachtaithe ar chistí dílse incháilithe agus ar dhliteanais incháilithe

    Airteagal 45c(2a) de Threoir 2014/59/AE.

    Ní ríomhfar an cóimheas ach amháin don dáta íocaíochta, an 31 Nollaig. I gcás na ndátaí tagartha eile, tuairisceofar an cóimheas arna ríomh ón 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.

    Tuairisceofar an cóimheas mar a leanas:

    Uimhreoir: Meánluach an 12 luach mhíosúla ón mbliain féilire ábhartha atá ag na sealúchais ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag eintitis neamhréitigh ar eintitis leachtaithe iad, cuid den ghrúpa réitigh céanna, agus nár chinn an t-údarás réitigh íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    Ainmneoir: Meánluach an 12 luach mhíosúla ón mbliain féilire ábhartha atá ag cistí dílse agus dliteanais incháilithe an eintitis tuairiscithe, arna ríomh gan asbhaintí shealúchais na n-ionstraimí cistí dílse a chur san áireamh de bhun Airteagal 45c(2a), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

    2.3.   M 04.00 – Struchtúr cistiúcháin dliteanas incháilithe (LIAB-ICDI)

    2.3.1.   Barúlacha ginearálta

    6.

    Sa teimpléad seo ceanglaítear faisnéis maidir le struchtúr cistiúcháin dhliteanais incháilithe na n-eintiteas atá faoi réir ICDI. Déantar miondealú ar na dliteanais incháilithe de réir chineál an dliteanais agus na haibíochta.

    7.

    Sa teimpléad seo, ní thuairisceoidh eintitis ach dliteanais atá incháilithe chun an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE (ICDI/ICDI inmheánach) a chomhlíonadh.

    8.

    I gcás inar eintiteas réitigh é an t-eintiteas tuairiscithe, tuairisceofar dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (71d), de Threoir 2014/59/AE, sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh. I gcás dliteanais incháilithe arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar ach na dliteanais sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir sin.

    9.

    I gcás inar eintiteas nach eintiteas réitigh é an t-eintiteas tuairiscithe, tuairisceoidh sé dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE sa teimpléad sin, agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh sé san áireamh freisin Airteagal 89(2), an ceathrú fomhír, den Treoir, sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh. I gcás ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír, ní áireofar an ionstraim sa ró seo ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir sin.

    10.

    Tá an miondealú de réir an chineáil dliteanais bunaithe ar an tacar céanna cineálacha dliteanais a úsáidtear sa tuairisciú chun críoch pleanála réitigh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624. Cuirtear tagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme sin ar fáil chun na cineálacha éagsúla dliteanas a shainiú.

    11.

    I gcás ina mbeidh gá le miondealú ar aibíocht, is éard a bheidh san aibíocht iarmhair an tréimhse go dtí an aibíocht chonarthach nó, i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 72c(2) nó (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an dáta is luaithe is féidir ar a bhféadfar an rogha a fheidhmiú. I gcás íocaíochtaí eatramhacha príomhshuime, déanfar an phríomhshuim a dheighilt agus a leithdháileadh i dtráinsí aibíochta comhfhreagracha. I gcás inarb infheidhme, déanfar an aibíocht a mheas ar leithligh maidir leis an bpríomhshuim agus maidir leis an ús fabhraithe araon.

    2.3.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0100

    DLITEANAS INCHÁILITHE

    0200

    Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach bhfuil fabhrach >= 1 bhliain

    Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach bhfuil fabhrach, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0320 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0210

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0220

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0230

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0300

    Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe >= 1 bhliain

    Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0340 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0310

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0320

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0330

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0400

    Nótaí struchtúrtha >= 1 bhliain

    Nótaí struchtúrtha, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0350 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0410

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0420

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0430

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0500

    Dliteanais neamhurraithe shinsearacha >= 1 bhliain

    Dliteanais neamhurraithe shinsearacha, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0360 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0510

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0520

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0530

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0600

    Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha >= 1 bhliain

    Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0365 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0610

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0620

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0630

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0700

    Dliteanais fho-ordaithe (nach n-aithnítear mar chistí dílse) >= 1 bhliain

    Dliteanais fho-ordaithe, mar a shainmhínítear chun críocha ró 0370 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624, atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0710

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0720

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0730

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    0800

    Dliteanais incháilithe eile ICDI >= 1 bhliain

    Aon ionstraim eile atá incháilithe chun críocha Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE.

    0810

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

    0820

    ina measc: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

    0830

    ina measc: cinn a d’eisigh fochuideachtaí

    3.   Rangú creidiúnaithe

    12.

    Déantar rangú dliteanas incháilithe san ordlathas creidiúnaithe a chuimsiú i dteimpléid M 05.00 agus M 06.00. Déantar an dá theimpléad a thuairisciú ar leibhéal an eintitis aonair i gcónaí.

    13.

    I gcás na n-eintiteas nach eintitis réitigh iad féin, déanfar an méid is inchurtha i leith gach ranga a mhiondealú a thuilleadh i méideanna atá dlite don eintiteas réitigh agus i méideanna eile nach bhfuil dlite don eintiteas réitigh, i gcás inarb infheidhme.

    14.

    Léirítear an rangú in ord na sinsearachta; na cinn is sóisearaí ar dtús. Cuirfear rónna isteach le haghaidh ranganna go dtí go dtuairisceofar an ionstraim incháilithe is sinsearaí agus na dliteanais uile a rangaítear pari passu léi.

    3.1.   M 05.00 – Rangú creidiúnaithe (eintiteas nach eintiteas réitigh é)

    3.1.1.   Barúlacha ginearálta

    15.

    Na heintitis atá faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, tuairisceoidh siad na nithe seo a leanas sa teimpléad seo:

    (a)

    ítimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (b)

    ítimí chaipiteal breise leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    ionstraimí Leibhéal 2 agus an scairbhiseach gaolmhar, dá dtagraítear in Airteagal 62, pointe (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an chuid amúchta den ionstraim nach n-aithnítear chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 92 nó 92b den Rialachán sin (AE) nó Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh; agus

    (d)

    ionstraimí dliteanas atá incháilithe chun an ICDI inmheánach a chomhlíonadh;

    (e)

    dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu;

    (f)

    dliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach; beidh na dliteanais sin ar áireamh a mhéid a rangaítear pari passu iad le haon ionstraim a áirítear i méid na ndliteanas incháilithe chun críoch ICDI inmheánach nó a mhéid a rangaítear pari passu iad níos sóisearaí ná aon ionstraim den sórt sin.

    16.

    Méideanna na n-ionstraimí a cháilíonn chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 92 nó 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha is infheidhme, déanfar iad a mheas freisin i raon feidhme na n-ionstraimí agus na n-ítimí a liostaítear i mír 20.

    17.

    Is éard a bheidh i méideanna na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 20, pointí (a), (b) agus (c), an méid tar éis sealúchais ionstraimí dílse dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (f), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 66, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a asbhaint.

    18.

    Is éard a bheidh i méideanna na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 20, pointí (a) go (d), an méid sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh.

    19.

    Na heintitis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, ach atá faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 45f den Treoir sin, tuairisceoidh siad sa teimpléad seo na hionstraimí agus an ítim a shonraítear i mír 20 den Roinn seo, cé is moite de na dliteanais a eisiatar ón tarrtháil inmheánach dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír sin.

    20.

    De mhaolú ar mhír 24, féadfaidh na heintitis sin a chinneadh an raon feidhme céanna maidir le cistí dílse agus dliteanais a shonraítear i mír 20 a thuairisciú.

    21.

    Na heintitis a bhfuil méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe ina seilbh acu, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, arb ionann iad agus ar a laghad 150 % den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh díolúine acu ó fhaisnéis a thuairisciú ar dhliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Féadfaidh na heintitis sin a chinneadh faisnéis maidir le dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a thuairisciú sa teimpléad seo ar bhonn deonach.

    22.

    Is aitheantóir ró é comhdhéanamh cholúin 0010 agus 0020, agus beidh sé uathúil i ndáil leis na rónna uile sa teimpléad.

    3.1.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colúin

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    Rang dócmhainneachta

    Tuairisceofar uimhir an ranga dócmhainneachta in ordlathas creidiúnaithe an eintitis tuairiscithe, an rang is sóisearaí ar dtús.

    Beidh an rang dócmhainneachta ar cheann de na ranganna a áirítear sna ranguithe dócmhainneachta a fhoilseoidh údarás réitigh na dlínse sin.

    0020

    Cineál creidiúnaí

    Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál creidiúnaí:

    ‘Eintiteas réitigh’

    Roghnófar an iontráil seo chun na méideanna atá faoi úinéireacht an eintitis réitigh, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis feadh shlabhra na húinéireachta a thuairisciú, i gcás inarb infheidhme.

    ‘Eintitis seachas an t-eintiteas réitigh’

    Roghnófar an iontráil seo chun na méideanna atá faoi úinéireacht creidiúnaithe eile a thuairisciú, i gcás inarb infheidhme.

    0030

    Tuairisc ar rang dócmhainneachta

    An tuairisc a áirítear sna ranguithe dócmhainneachta arna bhfoilsiú ag údarás réitigh na dlínse sin, i gcás ina bhfuil liosta caighdeánaithe lena n-áirítear tuairisc den chineál sin ar fáil. Murach sin, tuairisc dhílis ar an rang dócmhainneachta ag an institiúid, ina luafar ar a laghad an príomhchineál ionstraime sa rang dócmhainneachta lena mbaineann.

    0040

    Dliteanais agus cistí dílse

    Tuairisceofar méid na gcistí dílse, na ndliteanas incháilithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu agus a leithdháiltear ar an rang dócmhainneachta a shonraítear i gcolún 0010.

    I gcás inarb infheidhme, áireofar sa cholún seo freisin dliteanais a eisiatar ón tarrtháil inmheánach a mhéid a rangaítear iad níos ísle ná cistí dílse agus dliteanais incháilithe nó a mhéid a rangaítear iad pari passu leo.

    I gcás eintiteas dá dtagraítear i mír 24, fágfar an colún seo folamh, ach amháin má chinneann na heintitis sin an maolú ar mhír 25 a chur i bhfeidhm.

    0050

    Ina measc: dliteanais eisiata

    Méid na ndliteanas a eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó le hAirteagal 44(2) de Threoir 2014/59/AE. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh dliteanais a eisiamh i gcomhréir le hAirteagal 44(3) den Treoir sin, déanfar na dliteanais eisiata sin a thuairisciú sa cholún seo freisin.

    I gcás eintiteas dá dtagraítear i mír 24, fágfar an colún seo folamh, ach amháin má chinneann na heintitis sin an maolú ar mhír 25 a chur i bhfeidhm.

    0060

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

    I gcás ina líonfaidh eintitis colún 0040 isteach, tuairisceofar méid na ndliteanas agus na gcistí dílse, mar a thuairiscítear i gcolún 0040, méid arna laghdú de réir mhéid na ndliteanas eisiata a thuairiscítear i gcolún 0050.

    I gcás nach líonann eintitis colún 0040 isteach, tuairisceoidh siad sa cholún seo cistí dílse agus dliteanais atá incháilithe chun críoch ICDI inmheánach. Tuairisceofar dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu sa cholún seo faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i mír 26.

    0070

    ina measc: cistí dílse agus dliteanais incháilithe chun críoch ICDI inmheánach

    Tuairisceofar méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.

    0080 – 0110

    ina measc: ina bhfuil aibíocht iarmhair

    Méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh le haghaidh ICDI inmheánach, mar a thuairiscítear i gcolún 0070, déanfar iad a mhiondealú de réir aibíocht iarmhair na n-ionstraimí éagsúla agus na n-ítimí éagsúla. Ní dhéanfar ionstraimí agus ítimí de chineál suthain a mheas sa mhiondealú sin, ach tuairisceofar iad ar leithligh i gcolún 0120.

    0080

    ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

    0090

    ≥ 2 bhliain < 5 bliana

    0100

    ≥ 5 bliana < 10 mbliana

    0110

    ≥ 10 mbliana

    0120

    Ina measc: urrúis shuthaine

    Urrúis shuthaine agus gach ítim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, chomh maith leis an scairbhiseach ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2 a áirítear i raon feidhme an teimpléid seo, leithdháilfear iad ar an gcolún seo.

    3.2.   M 06.00 – Rangú creidiúnaithe (eintiteas réitigh) (RANG)

    3.2.1.   Barúlacha ginearálta

    23.

    Na heintitis atá faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, tuairisceoidh siad na nithe seo a leanas sa teimpléad seo:

    (a)

    ítimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (b)

    ítimí chaipiteal breise leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    ionstraimí Leibhéal 2 agus an scairbhiseach gaolmhar, dá dtagraítear in Airteagal 62, pointe (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an chuid amúchta den ionstraim nach n-aithnítear chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 92 nó 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;

    (d)

    ionstraimí dliteanas atá incháilithe chun ICDI a chomhlíonadh;

    (e)

    dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu,

    (f)

    dliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach; beidh na dliteanais sin ar áireamh a mhéid a rangaítear pari passu iad le haon ionstraim a áirítear i méid na ndliteanas incháilithe chun críoch ICDI nó a mhéid a rangaítear pari passu iad níos sóisearaí ná aon ionstraim den sórt sin.

    24.

    Méideanna na n-ionstraimí a cháilíonn chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 92 nó 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha is infheidhme, déanfar iad a mheas freisin i raon feidhme na n-ionstraimí agus na n-ítimí a liostaítear i mír 28.

    25.

    Na heintitis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, ach atá faoi réir na hoibleagáide an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 45e den Treoir sin, tuairisceoidh siad sa teimpléad seo na hionstraimí agus na hítimí a shonraítear i mír 28 den Roinn seo, cé is moite de na dliteanais a eisiatar ón tarrtháil inmheánach dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír sin.

    26.

    De mhaolú ar mhír 30, féadfaidh na heintitis sin a chinneadh an raon feidhme céanna maidir le cistí dílse agus dliteanais a shonraítear i mír 28 a thuairisciú.

    27.

    Is éard a bheidh i méideanna na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 28, pointí (a), (b) agus (c), an méid tar éis sealúchais ionstraimí dílse dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (f), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 66, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a asbhaint.

    28.

    Is éard a bheidh i méideanna na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 28, pointí (a) go (d), an méid sula n-asbhainfear méideanna réamhcheada nár úsáideadh.

    29.

    Na heintitis a bhfuil méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe ina seilbh acu, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, arb ionann iad agus ar a laghad 150 % den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh díolúine acu ó fhaisnéis a thuairisciú ar dhliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Féadfaidh na heintitis sin a chinneadh faisnéis maidir le dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a thuairisciú sa teimpléad seo ar bhonn deonach.

    3.2.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colúin

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010

    Rang dócmhainneachta

    Féach treoracha ar cholún 0010 de theimpléad M 05.00

    Is aitheantóir ró é an colún seo, beidh sé uathúil i ndáil leis na rónna uile sa teimpléad.

    0020

    Tuairisc ar rang dócmhainneachta

    Féach treoracha ar cholún 0030 de theimpléad M 05.00

    0030

    Dliteanais agus cistí dílse

    Tuairisceofar méid na gcistí dílse, na ndliteanas incháilithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ndliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu agus a leithdháiltear ar an rang dócmhainneachta a shonraítear i gcolún 0010.

    I gcás inarb infheidhme, áireofar sa cholún seo freisin dliteanais a eisiatar ón tarrtháil inmheánach a mhéid a rangaítear iad níos ísle ná dliteanais incháilithe nó a mhéid a rangaítear iad pari passu leo.

    I gcás eintiteas dá dtagraítear i mír 30, fágfar an colún seo folamh, ach amháin má chinneann na heintitis sin an maolú ar mhír 31 a chur i bhfeidhm.

    0040

    Ina measc: dliteanais eisiata

    Méid na ndliteanas a eisiatar de bhun Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó de bhun Airteagal 44(2) de Threoir 2014/59/AE.

    I gcás eintiteas dá dtagraítear i mír 30, fágfar an colún seo folamh, ach amháin má chinneann na heintitis sin an maolú ar mhír 31 a chur i bhfeidhm.

    0050

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

    I gcás ina líonfaidh eintitis colún 0030 isteach, tuairisceofar méid na ndliteanas agus na gcistí dílse, mar a thuairiscítear i gcolún 0030, méid arna laghdú de réir mhéid na ndliteanas eisiata a thuairiscítear i gcolún 0040.

    I gcás nach líonann eintitis colún 0030 isteach, tuairisceoidh siad sa cholún seo cistí dílse agus dliteanais atá incháilithe chun críoch ICDI. Tuairisceofar dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu sa cholún seo faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i mír 34.

    0060

    ina measc: cistí dílse agus dliteanais a d’fhéadfadh a bheith incháilithe chun ICDI a chomhlíonadh

    Méid na gcistí dílse agus na ndliteanas is incháilithe chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 45e den Treoir sin.

    0070 – 0100

    ina measc: ina bhfuil aibíocht iarmhair

    Méid na gcistí dílse agus na ndliteanas is incháilithe chun an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 45e den Treoir sin, mar a thuairiscítear i gcolún 0060, déanfar iad a mhiondealú de réir aibíocht iarmhair na n-ionstraimí éagsúla agus na n-ítimí éagsúla. Ní dhéanfar ionstraimí agus ítimí de chineál suthain a mheas sa mhiondealú sin, ach tuairisceofar iad ar leithligh i gcolún 0110.

    0070

    ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

    0080

    ≥ 2 bhliain < 5 bliana

    0090

    ≥ 5 bliana < 10 mbliana

    0100

    ≥ 10 mbliana

    0110

    Ina measc: urrúis shuthaine

    Urrúis shuthaine agus gach ítim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, chomh maith leis an scairbhiseach ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2 a áirítear i raon feidhme an teimpléid seo, leithdháilfear iad ar an gcolún seo.

    4.   M 07.00 – Ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír (MTCI)

    4.1.   Barúlacha ginearálta

    30.

    Soláthraítear i dteimpléad M 07.00 miondealú ar bhonn gach conartha aonair ar ionstraimí a cháilíonn mar chistí dílse agus dliteanais incháilithe chun críoch ICDI. Ní thuairisceofar sa teimpléad ach ionstraimí arna rialú faoi dhlí tríú tír.

    31.

    I ndáil le dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata, ní thuairisceoidh eintitis ach urrúis ar ionstraimí airgeadais soshannta idirmhalartacha iad, cé is moite d’iasachtaí ná taiscí a áireamh.

    32.

    I gcás ionstraimí a cháilíonn go páirteach do dhá aicme éagsúla cistí dílse nó dliteanas incháilithe, tuairisceofar an ionstraim dhá uair chun na méideanna a leithdháiltear ar leithligh ar na haicmí caipitil éagsúla a léiriú.

    33.

    Is aitheantóir ró é comhdhéanamh cholúin 0020 (Cód an eintitis eisiúna), 0040 (Aitheantóir conartha) agus 0070 (Cineál na gcistí dílse nó na ndliteanas incháilithe), nach mór a bheith uathúil i gcás gach ró a thuairiscítear sa teimpléad.

    4.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

    Colúin

    Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

    0010 – 0030

    Eintiteas eisiúna

    I gcás ina dtuairisceofar an fhaisnéis faoi thagairt do ghrúpa réitigh, sonrófar eintiteas an ghrúpa a d’eisigh an ionstraim lena mbaineann. I gcás ina dtuairisceofar an fhaisnéis, agus tagairt á déanamh d’eintiteas réitigh aonair, is é an t-eintiteas eisiúna an t-eintiteas tuairiscithe féin.

    0010

    Ainm

    Ainm an eintitis a d’eisigh an ionstraim cistí dílse nó an ionstraim dliteanais incháilithe

    0020

    Cód

    Ainm an eintitis a d’eisigh an ionstraim cistí dílse nó an ionstraim dliteanais incháilithe.

    Ní mór an cód atá ina chuid d’aitheantóir ró a bheith uathúil i gcás gach eintitis tuairiscithe. I gcás institiúidí, is é an cód LEI (aitheantóir eintitis dhlítheanaigh) a bheidh sa chód. I gcás eintiteas eile, is é an cód LEI a bheidh sa chód, nó mura bhfuil sé sin ar fáil, úsáidfear cód náisiúnta. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus le himeacht ama. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.

    0030

    Cineál cóid

    Sainaithneoidh na hinstitiúidí an cineál cóid a thuairisceofar i gcolún 0020 mar ‘Chód LEI’ nó ‘Cód neamh-LEI’. Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.

    0040

    Aitheantóir conartha

    Tuairisceofar aitheantóir conartha na hionstraime, amhail aitheantóir CUSIP, ISIN nó Bloomberg le haghaidh láithriú príobháideach.

    Cuid den aitheantóir ró is ea an ítim seo.

    0050

    An dlí rialaithe (tríú tír)

    Sonrófar an tríú tír (tíortha seachas tíortha LEE) a rialaíonn a dlí an conradh, nó codanna den chonradh.

    0060

    Aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus comhshó

    Cuirfear in iúl cé acu atá nó nach bhfuil sa chonradh na téarmaí conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE, in Airteagal 52(1), pointí (p) agus (q), agus in Airteagal 63, pointí (n) agus (o), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    0070 – 0080

    Cóir rialála

    0070

    Cineál cistí dílse nó cineál dliteanas incháilithe

    An cineál cistí dílse nó an cineál dliteanas incháilithe, faoi mar a cháilíonn an ionstraim ar an dáta tagartha. Cuirfear san áireamh forálacha idirthréimhseacha maidir le hincháilitheacht ionstraimí. Tuairisceofar ionstraimí a cháilíonn d’ilaicmí caipitil uair amháin in aghaidh na haicme caipitil is infheidhme.

    Ceann de na nithe seo a leanas a bheidh sa chineál cistí dílse nó sa chineál dliteanas incháilithe:

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1

    Caipiteal Breise Leibhéal 1

    Leibhéal 2

    Dliteanais incháilithe

    0080

    Cineál ionstraime

    Braitheann an cineál ionstraime atá le sonrú ar an dlí rialaithe faoina n-eisítear í.

    I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, roghnófar an cineál ionstraime ó liosta ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fhoilseoidh ÚBE de bhun Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    I gcás cistí dílse seachas caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, agus dliteanais incháilithe, roghnófar an cineál ionstraime ó liosta d’ionstraimí comhfhreagracha a fhoilseoidh ÚBE, údaráis inniúla nó údaráis réitigh, i gcás ina mbeidh liosta den sórt sin ar fáil. I gcás nach bhfuil aon liosta ar fáil, is é an t-eintiteas tuairiscithe féin a shonróidh cineál na n-ionstraimí.

    0090

    Méid

    Tuairisceofar an méid a aithnítear i gcistí dílse nó i ndliteanais incháilithe agus an leibhéal dá dtagraíonn an tuarascáil á chur san áireamh, i gcás ionstraimí a áirítear ar leibhéil iolracha. Is é a bheidh sa mhéid sin an méid is ábhartha ar an dáta tagartha, agus éifeacht forálacha idirthréimhseacha á cur san áireamh.

    0100 – 0110

    Rang i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta

    Sonrófar rangú na hionstraime i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

    Is éard a bheidh ann cód dhá litir ISO na tíre ar lena dlí a rialaítear rangú an chonartha (colún 0100), arb é dlí Ballstáit a bheidh ann, agus uimhir an ranga dócmhainneachta ábhartha (colún 0110).

    Cinnfear an rang dócmhainneachta ábhartha i bhfianaise na ranguithe dócmhainneachta arna bhfoilsiú ag údaráis réitigh nó ag údaráis eile, i gcás ina bhfuil liosta caighdeánaithe den sórt sin ar fáil.

    0120

    Aibíocht

    Tuairisceofar aibíocht na hionstraime san fhormáid seo a leanas: ll/mm/bbbb. I gcás ionstraimí suthaine, fágfar an chill folamh.

    0130

    Dáta na Céadrogha

    I gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach ag an eisitheoir, tuairisceofar an chéad dáta ar a bhféadfar an chéadrogha ar cheannach a fheidhmiú.

    Má bhí dáta na céadrogha ann roimh an dáta tagartha, tuairisceofar an dáta sin má tá an chéadrogha ar cheannach fós infheidhmithe. Mura mbeidh sé infheidhmithe a thuilleadh, tuairisceofar an chéad dáta eile ar a bhfeidhmeofar an chéadrogha ar cheannach.

    I gcás céadroghanna ar cheannach eisitheora a bhfuil dáta feidhmithe neamhshonraithe acu nó céadroghanna ar cheannach arna spreagadh de bharr teagmhas sonrach, tuairisceofar dáta na chéadrogha a mheasfar ar bhonn coimeádach is dócha a bheidh ann.

    Ní dhéanfar céadroghanna ar cheannach rialála ná cánach a mheas chun críocha an cholúin seo.

    0140

    An céadrogha ar cheannach rialála é? (Is ea./Ní hea.)

    Tabharfar le fios cé acu atá nó nach bhfuil céadrogha ar cheannach ag an eisitheoir a bheidh infheidhmithe nuair a tharlaíonn teagmhas rialála a dhéanann difear d’incháilitheacht an chonartha do ICDI.


    (1)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i leith ceanglais Cistí Dílse le haghaidh institiúidí (IO L 74, 14.3.2014, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/241/oj).

    (2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).


    IARSCRÍBHINN III

    NOCHTADH AR AN ÍOSCHEANGLAS LE hAGHAIDH CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE

    Cód an teimpléid

    Ainm an teimpléid

    EU KM2

    Príomh-mhéadracht – ICDI agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    EU TLAC1

    Comhdhéanamh – ICDI agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    EU ILAC

    Cumas ionsúcháin caillteanais inmheánach: ICDI inmheánach agus, i gcás inarb infheidhme, an ceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna neamh-AE

    EU TLAC2

    Rangú creidiúnaithe – Eintiteas nach eintiteas réitigh é

    EU TLAC3

    Rangú creidiúnaithe – eintiteas réitigh

    EU KM2: Príomh-mhéadracht – ICDI agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

     

    a

    b

    c

    d

    e

    f

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC)

    T

    T

    T-1

    T-2

    T-3

    T-4

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe, cóimheasa agus comhpháirteanna

    1

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

     

     

     

     

     

     

    EU-1a

    Ar díobh sin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

     

     

     

    2

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca atá ag an ngrúpa réitigh (TREA)

     

     

     

     

     

     

    3

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

     

     

     

     

     

     

    EU-3a

    Ar díobh sin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

     

     

     

    4

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM) atá ag an ngrúpa réitigh

     

     

     

     

     

     

    5

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

     

     

     

     

     

     

    EU-5a

    Ar díobh sin cistí dílse nó dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

     

     

     

    6a

    An bhfuil feidhm ag an díolúine fo-ordúcháin in Airteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? (díolúine 5 %)

     

     

     

     

     

     

    6b

    Méid comhiomlán na n-ionstraimí dliteanas incháilithe neamh-fho-ordaithe a cheadaítear má chuirtear an lánrogha fo-ordúcháin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (díolúine 3,5 % ar a mhéad)

     

     

     

     

     

     

    6c

    Maidir le díolúine fo-ordúcháin a bhfuil uasteorainn curtha uirthi, má tá feidhm aici i gcomhréir le hAirteagal 72b (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, méid an chistiúcháin a eisíodh a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata agus a aithnítear faoi ró 1, arna roinnt ar chistiú a eisíodh a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata agus a d’aithneofaí faoi ró 1 mura gcuirfí aon uasteorainn i bhfeidhm (%)

     

     

     

     

     

     

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    EU-7

    ICDI arna shloinneadh mar chéatadán de TREA

     

     

     

     

     

     

    EU-8

    Ar díobh sin atá le comhlíonadh le cistí dílse nó le dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

     

     

     

    EU-9

    ICDI arna shloinneadh mar chéatadán de TEM

     

     

     

     

     

     

    EU-10

    Ar díobh sin atá le comhlíonadh le cistí dílse nó le dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

     

     

     

    EU TLAC1 – Comhdhéanamh – ICDI agus, i gcás inarb infheidhme, Ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

     

    a

    b

    c

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)

    Ceanglas G-SII le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC)

    Ítim mheabhráin: Méideanna atá incháilithe chun críocha ICDI ach nach bhfuil incháilithe chun críocha TLAC

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe agus coigeartuithe

    1

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1)

     

     

     

    2

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 (AT1)

     

     

     

    3

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    4

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    5

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    6

    Caipiteal Leibhéal 2 (T2)

     

     

     

    7

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    8

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    11

    Cistí dílse chun críoch Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE

     

     

     

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe: Gnéithe caipitil neamhrialála

    12

    Ionstraimí dliteanas incháilithe a d’eisigh an t-eintiteas réitigh go díreach agus atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata (nach bhfuil marthanaithe)

     

     

     

    EU-12a

    Ionstraimí dliteanas incháilithe a d’eisigh eintitis eile laistigh den ghrúpa réitigh atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata (nach bhfuil marthanaithe)

     

     

     

    EU-12b

    Ionstraimí dliteanas incháilithe atá fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019 (atá fo-ordaithe, marthanaithe)

     

     

     

    EU-12c

    Ionstraimí Leibhéal 2 ina bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2

     

     

     

    13

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata (nach bhfuil marthanaithe, sula gcuirtear an uasteorainn i bhfeidhm)

     

     

     

    EU-13a

    Dliteanais incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe maidir le dliteanais eisiata a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019 (sula gcuirtear an uasteorainn i bhfeidhm)

     

     

     

    14

    Méid na n-ionstraimí dliteanas incháilithe nach bhfuil fo-ordaithe, i gcás inarb infheidhme tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 72b (3) de CRR

     

     

     

    15

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    16

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    17

    Ítimí dliteanas incháilithe roimh choigeartuithe

     

     

     

    EU-17a

    Ar díobh sin ítimí dliteanas fo-ordaithe

     

     

     

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe: Coigeartuithe ar ghnéithe caipitil neamhrialála

    18

    Cistí dílse agus ítimí dliteanas incháilithe roimh choigeartuithe

     

     

     

    19

    (Neamhchosaintí idir grúpaí réitigh ilphointe iontrála (MPE) a asbhaint)

     

     

     

    20

    (Infheistíochtaí in ionstraimí dliteanas incháilithe eile a asbhaint)

     

     

     

    21

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

    22

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe tar éis coigeartuithe

     

     

     

    EU-22a

    Ina measc: cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

    Méid na neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca de agus tomhas na neamhchosanta giarála atá ag an ngrúpa réitigh

    23

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA)

     

     

     

    24

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM)

     

     

     

    Cóimheas cistí dílse agus dliteanas incháilithe

    25

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

     

     

     

    EU-25a

    Ar díobh sin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

    26

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

     

     

     

    EU-26a

    Ar díobh sin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe

     

     

     

    27

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (mar chéatadán de TREA) atá ar fáil tar éis ceanglais an ghrúpa réitigh a chomhlíonadh

     

     

     

    28

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte institiúidsonrach

     

     

     

    29

    ar díobh sin ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais

     

     

     

    30

    ar díobh sin ceanglas maidir le caipiteal maolánach fritimthriallach

     

     

     

    31

    ar díobh sin ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach

     

     

     

    EU-31a

    ar díobh sin maolán le haghaidh Institiúid Dhomhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (G-SII) nó le haghaidh Institiúid eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach léi (O-SII)

     

     

     

    Ítimí meabhráin

    EU-32

    Méid iomlán na ndliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

     

     

     

    EU ILAC – Cumas ionsúcháin caillteanais inmheánach: ICDI inmheánach agus, i gcás inarb infheidhme, an ceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna neamh-AE

     

    a

    b

    c

    An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI inmheánach)

    Ceanglas G-SII neamh-AE le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (TLAC inmheánach)

    Faisnéis cháilíochtúil

    An ceanglas is infheidhme agus an leibhéal cur i bhfeidhm

    EU-1

    An bhfuil an t-eintiteas faoi réir cheanglas G-SII neamh-AE le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe? (Tá/Níl)

     

     

     

    EU-2

    Má thugtar an freagra ‘Tá’ ar EU-1, an bhfuil an ceanglas infheidhme ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn aonair? (C/A)

     

     

     

    EU-2a

    An bhfuil an t-eintiteas faoi réir ICDI inmheánach? (Tá/Níl)

     

     

     

    EU-2b

    Má thugtar an freagra ‘Tá’ ar EU-2a, an bhfuil an ceanglas infheidhme ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn aonair? (C/A)

     

     

     

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    EU-3

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1)

     

     

     

    EU-4

    Caipiteal Breise Leibhéal 1 incháilithe

     

     

     

    EU-5

    Caipiteal Leibhéal 2 incháilithe

     

     

     

    EU-6

    Cistí dílse incháilithe

     

     

     

    EU-7

    Dliteanais incháilithe

     

     

     

    EU-8

    ar díobh sin ráthaíochtaí a ceadaíodh

     

     

     

    EU-9a

    (Coigeartuithe)

     

     

     

    EU-9b

    Cistí dílse agus ítimí dliteanas incháilithe tar éis coigeartuithe

     

     

     

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca agus tomhas na neamhchosanta iomláine

    EU-10

    Méid na neamhchosanta iomláine ar riosca (TREA)

     

     

     

    EU-11

    Tomhas na neamhchosanta iomláine (TEM)

     

     

     

    Cóimheas cistí dílse agus dliteanas incháilithe

    EU-12

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TREA

     

     

     

    EU-13

    ar díobh sin ráthaíochtaí a ceadaíodh

     

     

     

    EU-14

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar chéatadán de TEM

     

     

     

    EU-15

    ar díobh sin ráthaíochtaí a ceadaíodh

     

     

     

    EU-16

    Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (mar chéatadán de TREA) atá ar fáil tar éis ceanglais an eintitis a chomhlíonadh

     

     

     

    EU-17

    Ceanglas maoláin chomhcheangailte institiúidsonrach

     

     

     

    Ceanglais

    EU-18

    Ceanglas arna shloinneadh mar chéatadán de TREA

     

     

     

    EU-19

    ar díobh sin an chuid den cheanglas a fhéadfar a chomhlíonadh le ráthaíocht

     

     

     

    EU-20

    Ceanglas arna shloinneadh mar chéatadán de TEM

     

     

     

    EU-21

    ar díobh sin an chuid den cheanglas a fhéadfar a chomhlíonadh le ráthaíocht

     

     

     

    Ítimí meabhráin

    EU-22

    Méid iomlán na ndliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

     

     

     

    EU TLAC2a: Rangú creidiúnaithe – Eintiteas nach eintiteas réitigh é

     

    Rangú dócmhainneachta

    Suim 1 go n

    1

    1

    2

    2

    n

    n

    (is sóisearaí)

    (is sóisearaí)

     

     

     

    (is sinsearaí)

    (is sinsearaí)

    Eintiteas réitigh

    Eile

    Eintiteas réitigh

    Eile

    Eintiteas réitigh

    Eile

    1

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

     

     

     

    2

    Tuairisc ar an rang dócmhainneachta (saorthéacs)

     

     

     

     

     

     

     

     

    3

    Dliteanais agus cistí dílse

     

     

     

     

     

     

     

     

    4

    ar díobh sin dliteanais eisiata

     

     

     

     

     

     

     

     

    5

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

     

     

     

     

     

     

     

     

    6

    Fothacar dliteanas agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata ar cistí dílse agus dliteanais incháilithe iad chun críoch [roghnaigh mar is iomchuí: ICDI inmheánach/TLAC inmheánach]

     

     

     

     

     

     

     

     

    7

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

     

     

     

     

     

     

     

     

    8

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 2 bhliain < 5 bliana

     

     

     

     

     

     

     

     

    9

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 5 bliana < 10 mbliana

     

     

     

     

     

     

     

     

    10

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 10 mbliana, gan urrúis shuthaine san áireamh

     

     

     

     

     

     

     

     

    11

    ar díobh sin urrúis shuthaine

     

     

     

     

     

     

     

     

    EU TLAC2b: Rangú creidiúnaithe – Eintiteas nach eintiteas réitigh é

     

    Rangú dócmhainneachta

    Suim 1 go n

    1

    1

    2

    2

    n

    n

    (is sóisearaí)

    (is sóisearaí)

     

     

     

    (is sinsearaí)

    (is sinsearaí)

    Eintiteas réitigh

    Eile

    Eintiteas réitigh

    Eile

    Eintiteas réitigh

    Eile

    1

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

     

     

     

    2

    Tuairisc ar an rang dócmhainneachta (saorthéacs)

     

     

     

     

     

     

     

     

    3

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

     

     

     

    4

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

     

     

     

    5

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

     

     

     

    6

    Cistí dílse agus dliteanais incháilithe chun críoch ICDI inmheánach

     

     

     

     

     

     

     

     

    7

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

     

     

     

     

     

     

     

     

    8

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 2 bhliain < 5 bliana

     

     

     

     

     

     

     

     

    9

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 5 bliana < 10 mbliana

     

     

     

     

     

     

     

     

    10

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 10 mbliana, gan urrúis shuthaine san áireamh

     

     

     

     

     

     

     

     

    11

    ar díobh sin urrúis shuthaine

     

     

     

     

     

     

     

     

    EU TLAC3a: rangú creidiúnaithe – eintiteas réitigh

     

    Rangú dócmhainneachta

    Suim 1 go n

    1

    2

    n

    (is sóisearaí)

     

     

    (is sinsearaí)

    1

    Tuairisc ar an rang dócmhainneachta (saorthéacs)

     

     

     

     

     

    2

    Dliteanais agus cistí dílse

     

     

     

     

     

    3

    ar díobh sin dliteanais eisiata

     

     

     

     

     

    4

    Dliteanais agus cistí dílse lúide dliteanais eisiata

     

     

     

     

     

    5

    Fothacar dliteanas agus cistí dílse lúide dliteanais a eisiatar ar cistí dílse agus dliteanais iad a d’fhéadfadh a bheith incháilithe maidir le comhlíonadh [roghnaigh mar is iomchuí: ICDI/TLAC]

     

     

     

     

     

    6

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

     

     

     

     

     

    7

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 2 bhliain < 5 bliana

     

     

     

     

     

    8

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 5 bliana < 10 mbliana

     

     

     

     

     

    9

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 10 mbliana, gan urrúis shuthaine san áireamh

     

     

     

     

     

    10

    ar díobh sin urrúis shuthaine

     

     

     

     

     

    EU TLAC3b: rangú creidiúnaithe – eintiteas réitigh

     

    Rangú dócmhainneachta

    Suim 1 go n

    1

    2

    n

    (is sóisearaí)

     

     

    (is sinsearaí)

    1

    Tuairisc ar an rang dócmhainneachta (saorthéacs)

     

     

     

     

     

    2

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

    3

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

    4

    Tacar folamh san Aontas Eorpach

     

     

     

     

     

    5

    Cistí dílse agus dliteanais a d’fhéadfadh a bheith incháilithe chun ICDI a chomhlíonadh

     

     

     

     

     

    6

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 1 bhliain < 2 bhliain

     

     

     

     

     

    7

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 2 bhliain < 5 bhliain

     

     

     

     

     

    8

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 5 bliana < 10 mbliana

     

     

     

     

     

    9

    ina bhfuil aibíocht iarmhair ≥ 10 mbliana, gan urrúis shuthaine san áireamh

     

     

     

     

     

    10

    ar díobh sin urrúis shuthaine

     

     

     

     

     


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1618/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top