This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1507
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/1507 of 22 February 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council by specifying the criteria and factors to be taken into account by the European Securities Markets Authority, the European Banking Authority and competent authorities in relation to their intervention powers
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1507 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir agus tosca a shonrú atá le cur san áireamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ag an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ag údaráis inniúla i ndáil lena gcumhacht idirghabhála
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1507 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir agus tosca a shonrú atá le cur san áireamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ag an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ag údaráis inniúla i ndáil lena gcumhacht idirghabhála
C/2024/907
IO L, 2024/1507, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1507/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1507 |
30.5.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1507 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir agus tosca a shonrú atá le cur san áireamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ag an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ag údaráis inniúla i ndáil lena gcumhacht idirghabhála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagail 103(8), 104(8) agus 105(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart liosta critéar agus tosca a bhunú a chuirfidh údaráis inniúla, ESMA agus ÚBE san áireamh agus iad ag cinneadh cathain a bhíonn ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint infheisteoirí nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine na margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid de san Aontas nó i mBallstát amháin ar a laghad, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú agus an tráth céanna cead a thabhairt beart iomchuí a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha gan choinne. Ba cheart do na húdaráis inniúla, ESMA agus ÚBE na critéir agus na tosca a bhaineann le cás sonrach a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na critéir agus tosca sin a chinntear gurb iad is ábhartha don chás sin. Níor cheart don méid sin toirmeasc a chur ar na húdaráis inniúla, ESMA agus ÚBE cumhacht idirghabhála shealadach a úsáid i gcás ina mbeadh imní nó bagairt den chineál sin ann mar thoradh ar cheann amháin de na tosca nó critéir sin. |
|
(2) |
Tá dlúthcheangal idir na forálacha sa Rialachán seo ós rud é go bpléann siad leis na cumhachtaí idirghabhála táirgí atá dílsithe do na húdaráis inniúla, do ESMA agus do ÚBE. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha atá le teacht i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun léargas cuimsitheach ar na critéir a éascú le haghaidh na bpáirtithe leasmhara, agus go háirithe le haghaidh ESMA agus ÚBE agus údaráis inniúla a bhfuil na cumhachtaí idirghabhála á bhfeidhmiú acu, is gá na forálacha sin a áireamh in aon Rialachán Tarmligthe amháin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Critéir agus tosca chun críocha chumhachtaí idirghabhála sealadacha ESMA
Cuirfidh ESMA na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid de san Aontas:
|
(a) |
leibhéal castachta na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad i ndáil leis an gcineál cliaint, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, nó a ndéantar an chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(b) |
méid na n-éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
(c) |
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, nó a ndéantar cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
(d) |
leibhéal trédhearcachta na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
|
(e) |
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad; |
|
(f) |
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(g) |
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas atá orthu an chripteashócmhainn ábhartha nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a dhíol, nó aistriú chuig cripteashócmhainn nó táirge eile, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(h) |
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
|
(i) |
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(j) |
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid iad, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
|
(k) |
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil an chripteashócmhainn dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í á gcur san áireamh; |
|
(l) |
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha; |
|
(m) |
an gcuirfeadh an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad as do shláine an phróisis phraghasmhúnlaithe, ar bhealach suntasach, sa mhargadh lena mbaineann, de chineál a fhágann nach ndéantar praghas ná luach na cripteashócmhainne atá i gceist nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a chinneadh de réir fhórsaí dlisteanacha an mhargaidh maidir le soláthar agus éileamh a thuilleadh, nó de chineál a fhágann nach féidir le rannpháirtithe sa mhargadh brath ar na praghsanna a ghintear sa mhargadh sin a thuilleadh, ná sna méideanna trádála, mar bhonn dá gcinntí infheistíochta; |
|
(n) |
an dócha, i ngeall ar thréithe cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, go bhféadfaí í a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(o) |
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí agus a mbonneagair; |
|
(p) |
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais an Aontais; |
|
(q) |
ábharthacht dháileadh na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora; |
|
(r) |
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, go gcuirfear isteach ar an margadh nó ar a bhonneagar bunúsach, lena n-áirítear líonraí DLT a úsáidtear chun iad a eisiúint, a stóráil agus a aistriú; |
|
(s) |
an bhféadfadh cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais. |
Airteagal 2
Critéir agus tosca chun críocha chumhachtaí idirghabhála sealadacha EBA
Cuirfidh ÚBE na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, san Aontas:
|
(a) |
leibhéal castachta an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid i ndáil le cineál na gcliant, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(b) |
méid na n-éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(c) |
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhacht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, nó a ndéantar comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(d) |
leibhéal trédhearcachta an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(e) |
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid; |
|
(f) |
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(g) |
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas atá orthu an comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid ábhartha a dhíol, nó aistriú chuig comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid eile, agus na nithe seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(h) |
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(i) |
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(j) |
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora, nó an tsoláthraí seirbhísí comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, agus ceachtar an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(k) |
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe margaidh a bhfuil sé dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid á gcur san áireamh; |
|
(l) |
an bhfuil baol ann, i ngeall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha; |
|
(m) |
an mbeadh geilleagar an Aontais i mbaol rioscaí mar gheall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó an comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid; |
|
(n) |
an dócha, i ngeall ar thréithe comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, go bhféadfaí é a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(o) |
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí, an chórais íocaíochta agus a mbonneagar; |
|
(p) |
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais an Aontais; |
|
(q) |
ábharthacht dháileadh an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora; |
|
(r) |
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir leis an margadh nó le bonneagar córas íocaíochta; |
|
(s) |
an bhféadfadh comhartha sócmhainn-tagartha nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais. |
Airteagal 3
Critéir agus tosca chun críche idirghabhála arna déanamh ag na húdaráis inniúla
Cuirfidh údaráis inniúla na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, i mBallstát amháin ar a laghad:
|
(a) |
leibhéal castachta na cripteashócmhainne nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní i ndáil le cineál na gcliant, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, nó a ndéantar an chripteashócmhainn a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(b) |
méid na n-iarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(c) |
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhacht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, nó a ndéantar cripteashócmhainn a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(d) |
leibhéal trédhearcachta na cripteashócmhainne nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(e) |
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha na cripteashócmhainne, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní; |
|
(f) |
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcripteashócmhainn nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(g) |
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas an chripteashócmhainn ábhartha a dhíol, nó aistriú chuig cripteashócmhainn eile, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(h) |
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcripteashócmhainn, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
|
(i) |
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcripteashócmhainn, agus na nithe seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
|
(j) |
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
|
(k) |
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chripteashócmhainn, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil sí dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál na cripteashócmhainne á gcur san áireamh; |
|
(l) |
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha; |
|
(m) |
an gcuirfeadh an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní as do shláine an phróisis phraghasmhúnlaithe, ar bhealach suntasach, sa mhargadh lena mbaineann, de chineál a fhágann nach ndéantar praghas ná luach na cripteashócmhainne atá i gceist a chinneadh de réir fhórsaí dlisteanacha an mhargaidh maidir le soláthar agus éileamh a thuilleadh, nó de chineál a fhágann nach féidir le rannpháirtithe sa mhargadh brath ar na praghsanna a ghintear sa mhargadh sin a thuilleadh, ná sna méideanna trádála, mar bhonn dá gcinntí infheistíochta; |
|
(n) |
an mbeadh an geilleagar náisiúnta i mbaol rioscaí mar gheall ar an gcripteashócmhainn nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní; |
|
(o) |
an dócha, i ngeall ar thréithe cripteashócmhainne, go bhféadfaí í a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid na cripteashócmhainne a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(p) |
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nó ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí agus a mbonneagair; |
|
(q) |
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nó ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais Bhallstát an údaráis inniúil ábhartha; |
|
(r) |
ábharthacht dháileadh na cripteashócmhainne mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora; |
|
(s) |
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le bonneagar an mhargaidh nó na gcóras íocaíochta, lena n-áirítear córais trádála, imréitigh agus socraíochta; |
|
(t) |
an bhféadfadh cripteashócmhainn, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais. |
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1507/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)