Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1502

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1502 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais

    C/2024/896

    IO L, 2024/1502, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1502/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1502/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1502

    30.5.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1502 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Feabhra 2024

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 31(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a mheas an bhfuil soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil d’eintitis airgeadais, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 á gcur san áireamh, ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) fo-chritéir a úsáid i measúnú cur chuige dhá chéim. I bhfianaise líon tábhachtach na seirbhísí TFC agus éagsúlacht agus líon na n-institiúidí airgeadais a úsáideann na seirbhísí sin, ba cheart tabhairt faoin gcur chuige dhá chéim sin chun scagadh a dhéanamh ar dhaonra na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí agus chun na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí is criticiúla a shainaithint. Na fo-chritéir chainníochtúla atá le meas mar chuid den chéad chéim den mheasúnú, tá gá leo chun an chéad rogha a dhéanamh ar an daonra soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a bhfuil sé ábhartha anailís dhomhain bhreise a dhéanamh ina leith i bhfianaise na bhfo-chritéir cáilíochtúla atá le meas mar chuid den dara céim den mheasúnú.

    (2)

    Meastar gur eilimint ríthábhachtach den mheasúnú criticiúlachta go ginearálta é a mhéid a thacaíonn seirbhís TFC arna soláthar ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart tábhacht ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC a chomhtháthú i ngach fo-chritéar a meastar gur cuid den chéad chéim iad. Dá bhrí sin, níor cheart measúnú cainníochtúil sainiúil a bheith ann a bhaineann le criticiúlacht fheidhmeanna na n-eintiteas airgeadais mar chuid den chéad chéim den mheasúnú. Ina ionad sin, is iomchuí go mbreithneoidh ÚMEnna criticiúlacht agus tábhacht fheidhmeanna na n-eintiteas airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC mar chuid den dara céim cháilitheach den mheasúnú.

    (3)

    Ba cheart an measúnú a dhéanamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí aonair nó, i gcás inarb infheidhme, in aghaidh an ghrúpa soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina mbaineann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le grúpa de réir Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2022/2554. Chun gur féidir measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann ar earnáil airgeadais an Aontais, ba cheart fochonraitheoirí TFC soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a bheith faoi réir mheasúnú ag na ÚMEnna freisin, agus i gcás inarb infheidhme, ba cheart iad a ainmniú mar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla.

    (4)

    Chun tionchar sistéamach an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht sholáthar na seirbhísí airgeadais a chinneadh, tá sé ríthábhachtach dearcadh soiléir a fhorbairt maidir le méid agus cineál an tionchair shistéamaigh a bheadh ag cliseadh oibríochtúil mórscála soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar eintitis airgeadais, eintitis a bhraitheann ar sheirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ar an gcóras airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí líon na n-eintiteas airgeadais i gcatagóir shonrach d’eintitis airgeadais a úsáideann na seirbhísí TFC céanna a mheas, chomh maith le luach a sócmhainní chun measúnú a dhéanamh an bhfuil sé ábhartha a mheas go bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a thairgeann na seirbhísí TFC sin criticiúil. Thairis sin, ba cheart measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar thábhacht shistéamach agus idirnascthacht na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ar thábhacht na seirbhísí arna soláthar ag soláthraí TFC tríú páirtí do sholáthar seirbhísí airgeadais ag eintitis airgeadais, agus cobhsaíocht agus leanúnachas na seirbhísí á gcur san áireamh, chun tionchar sistéamach an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar ghníomhaíochtaí eintiteas airgeadais a chinneadh.

    (5)

    Chun cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na n-eintiteas airgeadais atá ag brath ar na seirbhísí TFC a chinneadh, is gá cineál na n-eintiteas airgeadais sin a chur san áireamh. I gcás ina mbraitheann eintitis airgeadais a aicmítear mar G-SIInna agus O-SIInna nó a shainaithnítear mar eintitis ‘sistéamacha’ ar na seirbhísí TFC céanna chun tacú lena bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, is iomchuí a mheasúnú ar cheart an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí sin a mheas mar sholáthraí criticiúil d’earnáil airgeadais an Aontais. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar an idirnascthacht idir eintitis airgeadais laistigh d’earnáil airgeadais an Aontais a bhraitheann ar sheirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna chun spleáchas na n-eintiteas airgeadais ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí sin a chinneadh.

    (6)

    Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais i leith a saghais agus a gcineáil chriticiúil atá riachtanach chun go mbeidh na heintitis airgeadais in ann a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích gan aon suaitheadh.

    (7)

    Chun méid inionadaitheachta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a chinneadh, is gá líon na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá gníomhach ar mhargadh ar leith a chur san áireamh, is gá a chur san áireamh gurb ann do réitigh mhalartacha don tseirbhís TFC chéanna, agus is gá na costais a bhaineann le sonraí agus ualaí oibre TFC a aistriú chuig soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí eile a chur san áireamh, mar chuid den chomhaontú a bheidh le déanamh ag na ÚMEnna.

    (8)

    Chun fóntacht an phróisis mheasúnaithe a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeidh na ÚMEnna ag brath ar na sonraí ó na cláir faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, agus ar aon fhaisnéis eile atá ar fáil go héasca, agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ar cheart nó nár cheart na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cur chuige measúnaithe

    1.   Agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 á mbreithniú acu chun soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí atá criticiúil d’eintitis airgeadais a ainmniú, cuirfidh na ÚMEnna an cur chuige seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    mar chéad chéim, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir uile ‘céim 1’ a leagtar amach in Airteagail 2(1), 3(1) agus 5(1);

    (b)

    mar dhara céim, i gcás na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí sin a chomhlíonann na fo-chritéir uile ‘céim 1’ dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh ÚMEnna a measúnú i bhfianaise na bhfo-chritéar ‘céim 2’ dá dtagraítear in Airteagail 2(5), 3(4), 4(1) agus 5(5).

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, chun measúnú a dhéanamh ar chritéar (c) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, cumhdófar an chéad chéim leis an measúnú a dhéanfar i dtaca le critéir (a), (b) agus (d) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554.

    2.   Tar éis dheireadh na tréimhse ama chun ráiteas réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 31(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554 a chur isteach, déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus ar mholadh ón bhFóram Formhaoirseachta, soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraí criticiúil le haghaidh eintitis airgeadais má chomhlíonann sé na fo-chritéir uile ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus tar éis toradh dearfach ar an measúnú arna dhéanamh i ndáil leis na fo-chritéir ‘céim 2’ dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

    Airteagal 2

    Tionchar sistéamach soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais

    1.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ seo a leanas:

    (a)

    Fo-chritéar 1.1: sciar de líon na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;

    (b)

    Fo-chritéar 1.2: sciar de luach iomlán shócmhainní na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, dá soláthraíonn an soláthraí TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais.

    2.   Déanfar fo-chritéar 1.1 a leagtar amach i mír 1, pointe (a), a ríomh mar a leanas:

    an líon eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais mar a leagtar amach

    in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,

    dá soláthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC

    i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais

    an líon iomlán eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais

    mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554

    3.   Déanfar fo-chritéar 1.2 a leagtar amach i mír 1, pointe (b), a ríomh mar a leanas:

    luach iomlán shócmhainní na n-eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais

    mar a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,

    dá soláthraíonn an soláthraí tríú páirtí TFC céanna seirbhísí TFC

    i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais

    luach iomlán shócmhainní eintitis airgeadais uile an Aontais sa chatagóir chéanna

    mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554

    4.   Measfar go bhfuil na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina bhfuil an dá scair arna ríomh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 ag 10 % ar a laghad den líon iomlán le haghaidh catagóir amháin eintiteas airgeadais ar a laghad mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554.

    5.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise na bhfo-chritéar ‘céim 2’ seo a leanas:

    (a)

    Fo-chritéar 1.3: déine an tionchair a bhaineann le scor de na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí eintiteas airgeadais arna sainaithint sna fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus líon na n-eintiteas airgeadais sin dá ndéantar difear;

    (b)

    Fo-chritéar 1.4: spleáchas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil ar na fochonraitheoirí céanna a sholáthraíonn seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais.

    Airteagal 3

    Cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais

    1.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ seo a leanas:

    (a)

    Fo-chritéar 2.1: líon na n-institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) agus na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) ar institiúidí creidmheasa iad dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;

    (b)

    Fo-chritéar 2.2: líon na n-eintiteas airgeadais, seachas institiúidí creidmheasa agus G-SIInna agus O-SIInna dá dtagraítear i bpointe (a) thuas, arna sainaithint mar eintitis shistéamacha ag údaráis inniúla dá dtagraítear faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554 dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

    2.   Measfar go bhfuil an fo-chritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (a) comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, má úsáideann ceachtar díobh seo a leanas ar a laghad na seirbhísí TFC a sholáthraíonn sé:

    (a)

    G-SII amháin;

    (b)

    trí O-SII ar a laghad;

    (c)

    O-SII amháin ar a laghad a bhfuil scór O-SII os cionn 3 000 aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    3.   Measfar go bhfuil an fo-chritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b) comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, má úsáideann ceachtar díobh seo a leanas ar a laghad na seirbhísí TFC a sholáthraíonn sé:

    (a)

    eintiteas airgeadais amháin ar eintiteas airgeadais é dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (g), (h), (i) nó (j) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus a sainaithníonn údaráis inniúla é mar eintiteas ‘sistéamach’;

    (b)

    trí eintiteas airgeadais ar a laghad, seachas institiúidí creidmheasa agus eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (g), (h), (i) nó (j) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus a sainaithníonn údaráis inniúla iad mar eintitis ‘shistéamacha’.

    4.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise an fho-chritéir ‘céim 2’ seo a leanas:

    Fo-chritéar 2.3: G-SIInna nó O-SIInna agus eintitis airgeadais eile a áirítear sa mheasúnú ar na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn na G-SIInna nó O-SIInna sin seirbhísí bonneagair airgeadais d’eintitis airgeadais eile, atá ag brath ar sheirbhís TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna, tá siad idirspleách.

    Airteagal 4

    Criticiúlacht nó tábhacht na bhfeidhmeanna

    Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise an fho-chritéir ‘céim 2’ seo a leanas:

    Fo-chritéar 3.1: an tseirbhís TFC a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais, tá sí criticiúil le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais.

    Airteagal 5

    Méid na hinionadaitheachta

    1.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ seo a leanas:

    (a)

    Fo-chritéar 4.1: an sciar de líon iomlán na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, nach bhfuil aon soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí malartach ar fáil ina leith a bhfuil an acmhainneacht is gá aige chun na seirbhísí TFC céanna a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais a sholáthar leis an gceann a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ábhartha;

    (b)

    Fo-chritéar 4.2: an sciar de líon iomlán na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, a bhfuil sé an-deacair seirbhís TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ábhartha, ar seirbhís í a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais, a aistriú chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile ina leith.

    2.   Déanfar fo-chritéar 4.1 a leagtar amach i mír 1, pointe (a), a ríomh mar a leanas:

    an líon eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais mar a leagtar amach

    in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,

    nach bhfuil aon soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí malartach ar fáil ina leith

    a bhfuil an acmhainneacht is gá aige chun na seirbhísí TFC céanna a thacaíonn

    le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais a sholáthar

    leis an gceann a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ábhartha

    an líon iomlán eintiteas airgeadais sa chatagóir eintiteas airgeadais sin

    mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán 2022/2554

    3.   Déanfar an fo-chritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), a ríomh mar a leanas:

    an líon eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais mar a leagtar amach

    in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,

    ar ina leith a bhfuil sé an-deacair seirbhís TFC

    arna soláthar ag an soláthraí TFC tríú páirtí ábhartha,

    ar seirbhís í a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, a aistriú chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile nó a ath-chomhtháthú

    líon iomlán eintitis airgeadais an Aontais sa chatagóir eintiteas airgeadais sin

    mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554

    4.   Measfar go bhfuil fo-chritéir 4.1 agus 4.2 comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina gcomhlíontar ceachtar díobh seo a leanas:

    (a)

    is é atá sa sciar de líon iomlán na n-eintiteas airgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), 10 % ar a laghad den líon iomlán eintiteas airgeadais le haghaidh catagóir eintiteas airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;

    (b)

    is é atá sa sciar de líon iomlán na n-eintiteas airgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), 10 % ar a laghad den líon iomlán eintiteas airgeadais nó catagóire eintiteas airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554.

    5.   Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise an fho-chritéir ‘céim 2’ a shonraítear in Airteagal 31(2), pointe (d)(i) de Rialachán (AE) 2022/2554.

    Airteagal 6

    Foinsí faisnéise chun measúnú criticiúlachta a chumasú

    1.   Úsáidfidh na ÚMEnna na sonraí arna soláthar sna cláir faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, chun measúnú a dhéanamh ar na fo-chritéir a liostaítear in Airteagail 2 go 5. Féadfaidh na ÚMEnna úsáid a bhaint freisin as sonraí breise atá ar fáil dóibh ó gach foinse faisnéise chun an measúnú criticiúlachta a dhéanamh.

    2.   Cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil dóibh le linn na bliana measúnaithe, nó i gcás inarb infheidhme, na sonraí a cuireadh ar fáil dóibh faoin 31 Nollaig den bhliain roimh an measúnú criticiúlachta ar a dhéanaí.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Mar sin féin, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir i bhfeidhm fo-chritéar 1.4 dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 5, pointe (b) amhail ón 16 Eanáir 2025.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

    (2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1502/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top