Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1485

Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

ST/8275/2024/INIT

IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/02/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1485

27.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1485 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2024

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1484, lena mbunaítear creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i bhfianaise na staide sa Rúis agus an chos ar bolg inmheánach inti. Leagtar amach an comhthéacs polaitiúil agus na cúiseanna beartais leis na bearta sriantacha a bhunú sna haithrisí a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(2)

Áirítear ar an gcos ar bolg inmheánach, inter alia, céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe achomair nó treallacha, fuadach, coinneáil threallach agus sáruithe móra eile ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha mar a leagtar amach in ionstraimí ábhartha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2024/1484 déantar foráil maidir le toirmeasc taistil ar dhaoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí áirithe a reo, agus toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Déantar foráil leis freisin maidir le srianta earnála áirithe ar ítimí a onnmhairiú a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach, agus maidir le hítimí atá beartaithe go príomha lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil faisnéise agus ar theileachumarsáid nó chun slándáil faisnéise agus teileachumarsáid a idircheapadh.

(4)

Na srianta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo maidir le hítimí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, tá siad gan dochar do na srianta sin a bhfuil feidhm acu de bhun Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2) . I gcás ina dtagann ítim faoi cheann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinní I nó II a ghabhann leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, ba cheart feidhm a bheith ag na srianta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

(5)

Sonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo catagóirí ítimí atá bunaithe ar a n-acmhainneachtaí teicniúla a mheastar a bheith ábhartha lena n-úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach ar bhonn a n-acmhainneachtaí teicniúla. I gcás ina dtagann ítim faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, ba cheart feidhm a bheith ag na srianta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 gan beann ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an ítim na hacmhainneachtaí teicniúla a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Féadfar faisnéis faoin úsáid atá beartaithe do threalamh, teicneolaíocht nó bogearraí i dtaca le brú faoi chois inmheánach sa Rúis a fháil trí aon mhodh, lena n-áirítear fionnachtana an oibreora féin, faisnéis arna soláthar ag údaráis inniúla nó foinsí atá ar fáil go poiblí.

(7)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(8)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus éisteacht chóir a fháil, ceart na cosanta, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin.

(9)

Maidir leis an nós imeachta chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart a áireamh ann na forais lena liostú a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe agus do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a chur isteach.

(10)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Rialachán (AE) 2018/1725 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘seirbhísí bróicéireachta’:

(i)

caibidliú nó socrú idirbheart chun earraí agus teicneolaíocht nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla a cheannach, a dhíol nó a sholáthar, lena n-áirítear ó thríú tír chuig aon tríú tír eile, nó

(ii)

earraí agus teicneolaíocht nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla a dhíol nó a cheannach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil siad lonnaithe i dtríú tíortha lena n-aistriú chuig tríú tír eile;

(b)

ciallaíonn ‘éileamh’ aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar é nó í, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin nós imeachta exequatur;

(c)

ciallaíonn ‘conradh nó idirbheart’ aon idirbheart gan beann ar a fhoirm agus ar an dlí is infheidhme, bíodh conradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó páirtithe éagsúla i gceist leis; chun na críche sin áirítear le ‘conradh’ banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ghaolmhar a eascraíonn as an idirbheart nó i dtaca leis an idirbheart;

(d)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla na mBallstát a shainaithnítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(e)

ciallaíonn ‘acmhainní eacnamaíocha’ sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(f)

ciallaíonn ‘maoiniú nó cúnamh airgeadais’ aon ghníomhaíocht, gan beann ar an modh sonrach a roghnaítear, trína n-eisíocann an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann, nó trína ngeallann sé go n-eisíocfaidh sé, a chistí féin nó a acmhainní eacnamaíocha féin go coinníollach nó go neamhchoinníollach, lena n-áirítear deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí, urraíochtaí, bannaí, litreacha creidmheasa, creidmheasanna soláthróra, creidmheasanna ceannaitheora, réamhíocaíochtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin agus gach cineál árachais agus athárachais, lena n-áirítear árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; ní maoiniú ná cúnamh airgeadais atá in íocaíocht an phraghais chomhaontaithe maille leis na téarmaí agus coinníollacha íocaíochta ar earra nó ar sheirbhís, arna déanamh i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas gnó;

(g)

ciallaíonn ‘reo acmhainní eacnamaíocha’ cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(h)

ciallaíonn ‘cistí a reo’ cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistiú punainne san áireamh;

(i)

ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta, don mhéid seo a leanas:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó gealltanais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díolacháin;

(vii)

doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(j)

ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’ aon tacaíocht theicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm teagaisc, comhairle, oiliúna, eolas nó scileanna oibre a tharchur nó seirbhísí comhairliúcháin, lena n-áirítear cineálacha cúnaimh ó bhéal;

(k)

ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 2

1.   Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, bíodh sé de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, a dhíol, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena úsáid sa Rúis, nó an trealamh sin a sholáthar dóibh, a aistriú chucu nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach.

(b)

cúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(c)

maoiniú nó cúnamh airgeadais, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i bpointe (a), a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le trealamh cosanta arna n-onnmhairiú go sealadach chuig an Rúis ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, pearsanra an Aontais nó a Bhallstáit, ionadaithe na meán, agus oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar dá n-úsáid phearsanta amháin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníoll a mheasann siad a bheith iomchuí, trealamh a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar trealamh é a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus údarú a thabhairt maidir le maoiniú agus cúnamh airgeadais agus teicniúil gaolmhar, i dtaca le trealamh atá beartaithe le haghaidh úsáid dhaonnúil nó chosantach amháin nó le haghaidh cláir forbartha institiúidí de chuid na Náisiún Aontaithe nó an Aontais, le haghaidh oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid na Náisiún Aontaithe agus an Aontais nó de chuid eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus le haghaidh na n-úsáidí sin amháin.

4.   Ní fhéadfar na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a dheonú ach amháin roimh an ngníomhaíocht ar di a iarrtar iad. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo, laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla,díol, soláthar, aistriú, onnmhairiú nó soláthar an chúnaimh nó na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó tíortha is comhpháirtithe sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(b)

soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag oibreoirí teileachumarsáide de chuid an Aontais, chun saoráidí agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar is gá le haghaidh oibriú, chothabháil agus shlándáil na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin, sa Rúis, san Úcráin, san Aontas, idir an Rúis agus an tAontas, agus idir an Úcráin agus an tAontas, agus le haghaidh seirbhísí lárionaid sonraí san Aontas.

Airteagal 3

1.   Cuirfear toirmeasc ar threalamh, teicneolaíocht nó bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, a dhíol, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, nó iad a sholáthar dóibh, a aistriú chucu nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, mura mbeidh réamhúdarú tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha.

2.   Ní dheonóidh na húdaráis inniúla, aon údarú faoi mhír 1 má tá forais réasúnacha acu lena chinneadh go n-úsáidfeadh rialtas, comhlachtaí poiblí, corparáidí nó gníomhaireachtaí na Rúise, nó aon duine nó eintiteas ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, an trealamh, an teicneolaíocht nó na bogearraí atá i gceist le haghaidh cos ar bolg inmheánach.

3.   Áireofar in Iarscríbhinn II trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí slandála faisnéise agus teileachumarsáide a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu le haghaidh brú faoi chois inmheánach.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát díol, soláthar, aistriú, onnmhairiú nó soláthar na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó tíortha is comhpháirtithe sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(b)

soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag oibreoirí teileachumarsáide an Aontais is gá le haghaidh oibriú, cothabháil agus slándáil, lena n-áirítear cibearshlándáil, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, sa Rúis, san Úcráin, san Aontas, idir an Rúis agus an tAontas, agus idir an Úcráin agus an tAontas, agus le haghaidh seirbhísí lárionaid sonraí san Aontas.

5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo, laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dhiúltú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón diúltú sin.

7.   Ní dochar an t-airteagal seo d’Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle.

Airteagal 4

1.   Murar thug údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, réamhúdarú i gcomhréir le hAirteagal 3(1), toirmiscfear an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, a bhaineann leis an trealamh, leis an teicneolaíocht agus leis na bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, a bhaineann le suiteáil, soláthar, monarú, cothabháil, deisiú agus úsáid an trealaimh agus na teicneolaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a bhaineann le haon bhogearra a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar, a shuiteáil, a oibriú nó a nuashonrú, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an trealamh, leis an teicneolaíocht agus leis na bogearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(c)

aon seirbhís faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín a sholáthar do rialtas, do chomhlachtaí poiblí, do chorparáidí agus do ghníomhaireachtaí na Rúise nó d’aon duine nó eintiteas atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó chun tairbhe dhíreach nó indíreach rialtas, chomhlachtaí poiblí, chorparáidí agus ghníomhaireachtaí na Rúise nó aon duine nó eintiteas atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir.

2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áirítear sa toirmeasc ar chothabháil agus ar dheisiú an trealaimh ábhartha toirmeasc ar chothabháil, nuashonrú agus deisiú aon bhogearraí leabaithe atá ina gcuid den trealamh.

3.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ciallaíonn ‘seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín’ na seirbhísí sin a sholáthraíonn, go háirithe agus úsáid á baint as trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí mar a liostaítear in Iarscríbhinn II , rochtain ar theileachumarsáid isteach agus amach agus sonraí a bhaineann le glaonna, agus seachadadh na teileachumarsáide agus na sonraí sin, chun iad a asbhaint, a dhíchódú, a thaifeadadh, a phróiseáil, a anailísiú nó a stóráil, nó aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile.

Airteagal 5

1.   Beidh feidhm ag na toirmisc in Airteagail 2(1) agus 3(1) i ndáil le trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí nach liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid, go hiomlán nó go páirteach, i dtaca le brú faoi chois inmheánach sa Rúis. I gcás ina bhfaighidh an t-oibreoir amach faoi seo, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla láithreach.

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagail 2(1) ná 3(1) i gcás nach raibh aon chúis ag an oibreoir a bheith in amhras go bhfuil sé beartaithe an trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí nach liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a úsáid, go hiomlán nó go páirteach, i dtaca le brú faoi chois inmheánach sa Rúis.

Airteagal 6

1.   Maidir leis na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV iad nó atá faoi úinéireacht, atá á sealbhú nó á rialú acu, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.

3.   Áireofar in Iarscríbhinn IV daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, nó a ndéanann a ngníomhaíochtaí dochar tromchúiseach ar bhealach eile don daonlathas nó don smacht reachta sa Rúis;

(b)

a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha do na gníomhartha a leagtar amach i bpointe (a), nó a bhfuil baint acu leo ar bhealach eile, lena n-áirítear trí gníomhartha den sórt sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

(c)

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b).

Airteagal 7

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as táirgí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú;

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó ó chuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta;

(f)

go bhfuil siad riachtanach d’fheidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó tíortha is comhpháirtithe sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(g)

go bhfuil siad riachtanach do sholáthar seirbhísí leictreonacha cumarsáide a dhéanann oibreoirí teileachumarsáide de chuid an Aontais, le haghaidh na saoráidí agus na seirbhísí gaolmhara a sholáthar atá riachtanach le haghaidh oibriú, cothabháil agus slándáil na seirbhísí cumarsáide sin, sa Rúis, san Úcráin, san Aontas, idir an Rúis agus an tAontas agus idir an Úcráin agus an tAontas agus le haghaidh seirbhísí ionaid sonraí san Aontas; nó

(h)

go bhfuil siad riachtanach do dhíol agus aistriú ceart dílseánaigh i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas faoin 28 Lúnasa 2024, nó laistigh de 6 mhí ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn IV, cibé acu is déanaí, i gcás ina bhfuil na cearta dílseánaigh sin faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil fáltais an díola agus an aistrithe sin fós reoite.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 8

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

2.   Mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 1, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

Airteagal 9

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 6 a liostú in Iarscríbhinn IV, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, faoi na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn IV é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 10

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn IV, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV; agus

(b)

nach sárú ar Airteagal 6(2) í an íocaíocht.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 11

1.   Le hAirteagal 6(2), ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais sin freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil ábhartha ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 6 a áireamh in Iarscríbhinn IV; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go ndéantar aon ús den sórt sin, tuillimh eile agus íocaíochtaí eile a reo i gcomhréir le hAirteagal 6(1).

Airteagal 12

1.   Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis lena n-éascófaí comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 6(1) nó faisnéis atá ina seilbh acu faoi chistí agus faoi acmhainní eacnamaíocha laistigh de chríoch an Aontais ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine sin agus nár chaith na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí leo, a bhfuil an oibleagáid orthu déanamh amhlaidh, mar chistí agus mar acmhainní eacnamaíocha reoite, a sholáthar láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 faoi réir rialacha náisiúnta nó rialacha eile is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise atá i seilbh údarás breithiúnach, agus atá comhsheasmhach le hurramú rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, áirítear ar an gcumarsáid sin cumarsáid a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar an chomhairle dlí sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha.

3.   Aon fhaisnéis bhreise a fhaigheann an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

4.   Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.

5.   Maidir leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), chomh maith le riarthóirí na gclár oifigiúil ina bhfuil daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le réadmhaoin nó maoin inchorraithe cláraithe, déanfaidh siad faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a phróiseáil agus a mhalartú gan mhoill le húdaráis inniúla eile ina mBallstát, le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún, má tá gá leis an bpróiseáil agus an malartú sin chun cúraimí an údaráis próiseála nó an údaráis is faighteoir faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go háirithe nuair a bhraitear cásanna ina ndéantar sárú nó imchéimniú ar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo, nó ina ndéantar iarracht ar na toirmisc sin a shárú nó a imchéimniú.

Airteagal 13

1.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo.

2.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

tuairisceoidh siad laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn IV cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

(b)

comhoibriú leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar mír 2 den Airteagal seo, measfar gur rannpháirtíocht a bheidh ann, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 6.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear de bhun phointe (a) de mhír 2.

5.   Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.

6.   Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus a mhéid sin amháin.

Airteagal 14

1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil an ghníomhaíocht sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an ngníomhaíocht sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar an eintiteas nó ar an gcomhlacht a chuireann chun feidhme í, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 15

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanfaidh an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó thar ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar le mír 1 an t-éileamh a shásamh.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfaí athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 16

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

cistí arna reo faoi Airteagal 6 agus údaruithe arna ndeonú faoi na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

Airteagal 17

1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2, leasóidh sí Iarscríbhinn IV dá réir sin.

2.   Déanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh agus más féidir cumarsáid den sórt sin a dhéanamh, nó trí fhógra a fhoilsiú, lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh lena mbaineann agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

4.   Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn IV go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 18

1.   Beidh in Iarscríbhinn IV na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

2.   Beidh in Iarscríbhinn IV, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh ar an bhfaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha, áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

Airteagal 19

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú air ina dhiaidh sin.

Airteagal 20

1.   Próiseálfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn IV a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

(c)

a mhéid a bhaineann leis na gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinn IV a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, ar liosta agus léarscáil iad atá ar fáil go poiblí;

(ii)

faisnéis a phróiseáil faoi thionchar bhearta an Rialacháin seo amhail luach na gcistí reoite agus faisnéis faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Próiseálfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcás inarb infheidhme, sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine sin nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinn IV a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2018/1725 chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 21

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sainaithneoidh siad iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú air ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a liostaítear in Iarscríbhinn III an seoladh agus na sonraí teagmhála a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 22

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Rialachán seo ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í agus chuige sin amháin.

Airteagal 23

Beidh feidhm ag an Rialachán seo mar a leanas:

(a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;

(b)

ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;

(c)

maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

Airteagal 24

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(8)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


IARSCRÍBHINN I

Liosta an trealaimh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 2

1.   Airm thine, armlón agus gabhálais ghaolmhara lena n-aghaidh, mar a leanas:

1.1.

Airm thine nach bhfuil á rialú ag ML 1 agus ML 2 de Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (‘an Liosta Comhchoiteann Míleata’);

1.2.

Armlón a saincheapadh le haghaidh na n-arm tine a liostaítear in ítim 1.1 agus comhpháirteanna a saincheapadh lena aghaidh.

2.   Ionsamhlóirí, cé is moite díobh siúd a rialaítear le ML 14 den Liosta Comhchoiteann Míleata, le haghaidh oiliúint in úsáid arm tine, agus bogearraí a saincheapadh lena n-aghaidh.

3.   Buamaí agus gránáidí nach rialaítear ag an Liosta Comhchoiteann Míleata.

4.   Pléascáin eile nach rialaítear leis an Liosta Comhchoiteann Míleata agus substaintí gaolmhara mar a leanas:

a.

amatól;

b.

nítrigliocól;

c.

clóiríd phicrile.

5.   Sreang dheilgneach rásúir.

6.   Sceana míleata, sceana comhraic agus beaignití a bhfuil fad lann níos mó ná 10 cm iontu.

7.   Trealamh táirgeachta a saincheapadh do na hítimí a liostaítear san Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN II

Liosta an trealaimh, na teicneolaíochta agus na mbogearraí dá dtagraítear in Airteagal 3

Nóta Ginearálta

D’ainneoin an mhéid atá san Iarscríbhinn seo, ní bheidh feidhm aici maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó sa Liosta Comhchoiteann Míleata;

(b)

bogearraí a saincheapadh lena suiteáil ag an úsáideoir gan tuilleadh tacaíocht shubstaintiúil ón soláthróir agus atá ar fáil ar bhonn ginearálta don phobal trína ndíol ó stoc ag pointí miondíola, gan srian, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

idirbhearta thar an gcuntar;

(ii)

idirbhearta postdíola;

(iii)

ríomh-idirbhearta; nó

(iv)

idirbhearta díola ar an nguthán;

(c)

bogearraí atá san fhearann poiblí; nó

(d)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 2a de Rialachán Uimh. 833/2014.

Tagraíonn ranna A, B, C, D agus E do na ranna dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/821.

A.

Liosta trealaimh

Trealamh le haghaidh domhain-iniúchadh paicéad

Trealamh Idircheaptha Líonra lena n-áirítear Trealamh Bainistíochta Idircheaptha (IMS) agus Trealamh Faisnéise maidir leis an Nasc Coinneála Sonraí

Trealamh faireacháin radaimhinicíochta

Trealamh trasnaithe líonra agus satailíte

Trealamh cian-ionfhabhtaithe

Trealamh aitheanta/próiseála cainteora

Trealamh idircheaptha agus faireacháin IMSI (4), MSISDN (5), IMEI (6), TMSI (7)

Trealamh oirbheartaíochta idircheaptha agus faireacháin SMS (8)/GSM (9)/GPS (10)/GPRS (11)/UMTS (12)/CDMA (13)/PSTN (14)

Trealamh idircheaptha agus faireacháin faisnéise DHCP (15), SMTP (16), GTP (17)

Trealamh Aitheanta Pátrún agus Trealamh Próifílithe Pátrún

Trealamh Cian-Fhóiréinsice

Trealamh Innill Próiseála Séimeantaí

Trealamh códscaoilte WEP agus WPA

Trealamh idircheaptha le haghaidh prótacal dílsithe agus caighdeánach VoIP

B.

Ní úsáidtear

C.

Ní úsáidtear

D.

‘Bogearraí’ chun an trealamh a shonraítear in A thuas a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’.

E.

‘Teicneolaíocht’ chun an trealamh a shonraítear in A thuas a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’.

Trealamh, teicneolaíocht agus bogearraí faoi na ranna sin, ní thagann siad faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo ach amháin a mhéid a thagann siad faoin tuairisc ghinearálta ‘córais idircheaptha agus faireacháin ar an idirlíon, ar theileafóin agus ar chumarsáid satailíte’.

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘faireachán’ inneachar glao nó sonraí líonra a fháil, a asbhaint, a dhíchódú, a thaifeadadh, a phróiseáil, a anailísiú agus a chartlannú.

Fonótaí:

(4)

Seasann ‘IMSI’ d’Aitheantas Idirnáisiúnta Suibscríobhaí Mhóibíligh . Is é atá ann cód aitheantais uathúil do gach gaireas teileafónaíochta móibílí, comhtháite sa chárta SIM, trínar féidir an SIM sin a aithint trí líonraí GSM agus UMTS.

(5)

Seasann ‘MSISDN’ d’Uimhir Líonra Dhigitigh Seirbhísí Comhtháite Suibscríobhaí Mhóibíligh. Is uimhir uathúil í trína n-aithnítear síntiús i líonra móibíleach GSM nó UMTS. I bhfocail eile, is éard atá inti an uimhir theileafóin a ghabhann leis an gcárta SIM i bhfón póca agus dá bhrí sin aithnítear léi suibscríobhaí móibíleach mar aon le IMSI, chun glaonna a threorú tríd.

(6)

Seasann ‘IMEI’ d’Aitheantas Idirnáisiúnta Trealaimh Mhóibíligh. Is uimhir í a bhíonn uathúil de ghnáth lena n-aithnítear fóin phóca GSM, WCDMA, IDEN chomh maith le roinnt fóin satailíte. De ghnáth bíonn sí clóite taobh istigh d’urrann cheallra an fóin. Is féidir idircheapadh (cúléisteacht) a shonrú lena uimhir IMEI chomh maith le IMSI agus MSISDN.

(7)

Seasann ‘TMSI’ d’Aitheantas Sealadach Suibscríobhaí Mhóibíligh. Is é an t-aitheantas é is minice a sheoltar idir an fón póca agus an líonra.

(8)

Seasann ‘SMS’ do Chóras Gearrtheachtaireachtaí.

(9)

Seasann ‘GSM’ do Chóras Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach.

(10)

Seasann ‘GPS’ do Chóras Suite Domhanda.

(11)

Seasann ‘GPRS’ do Radaisheirbhís Ghinearálta Paicéad.

(12)

Seasann ‘UMTS’ do Chóras Uilíoch Móibíleach Teileachumarsáide.

(13)

Seasann ‘CDMA’ d’Ilrochtain chódroinnte.

(14)

Seasann ‘PSTN’ do Líonraí Poiblí Lasctheileafón.

(15)

Seasann ‘DHCP’ do Phrótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla.

(16)

Seasann ‘SMTP’ do Phrótacal Simplí Aistrithe Poist.

(17)

Seasann ‘GTP’ do Phrótacal Tollánaithe Radaisheirbhíse Ginearálta Paicéad.

(1)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN III

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

AN tSEICIA

https://fau.gov.cz/en/international-sanctions

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

AN EASTÓIN

https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

ÉIRE

https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

AN CHIPIR

https://mfa.gov.cy/themes/

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://smb.gov.mt/

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

AN PHORTAINGÉIL

https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

https://um.fi/pakotteet

AN tSUALAINN

https://www.regeringen.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais

agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue Joseph II / Jozef II-straat 54

B-1049 An Bhruiséil,

An Bheilg

Seoladh ríomhphoist: relex-sanctions@ec.europa.eu


IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

A.   Daoine nádúrtha

[…]

B.   Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

[…]


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top