EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1457

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1457 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú de thionscnamh na Tuirce agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

C/2024/3385

IO L, 2024/1457, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1457/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1457/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1457

29.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1457 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú de thionscnamh na Tuirce agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ceann de na géinis liostaithe is ea Prunus L.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Is amhlaidh atá toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) lotnaid amháin nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise.

(4)

An 29 Eanáir 2020 chuir an Tuirc iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas: beangáin gan fréamhacha, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois, plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis, le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniacaPrunus davidiana agus atá de thionscnamh na Tuirce (‘na plandaí ábhartha’). Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(5)

An 1 Nollaig 2022 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha (5). Anoplophora chinensis, Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Lepidosaphes malicola, Lepidosaphes pistaciae, Maconellicoccus hirsutus, Malacosoma parallela, Neoscytalidium dimidiatum, Neoscytalidium novaehollandiae, Nipaecoccus viridis, víreas mósáiceach róiséadach an chrainn péitseoige, Phenacoccus solenopsis, Pochazia shantungensis, Russellaspis pustulans, Scirtothrips dorsalis agus víreas fáinnebhall an tráta, shainaithin an tÚdarás mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin iad.

(6)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sna sainchomhaid le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin.

(7)

Tar éis é a bheith deimhnithe go hoifigiúil nach ann do Malacosoma parallela sa Tuirc, ní mheastar go bhfuil an lotnaid ábhartha a thuilleadh maidir le tráchtearraí Prunus L. de thionscnamh na tíre sin.

(8)

Ar bhonn na tuairime sin agus na faisnéise breise ón Tuirc a mhéid a bhaineann le Malacosoma parallela, maidir leis an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as tabhairt isteach na bplandaí áirithe i gcríoch an Aontais meastar go bhfuil sé laghdaithe go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

(9)

Na bearta a thuairiscíonn an Tuirc sna sainchomhaid theicniúla, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú.

(10)

Mar thoradh air sin, níor cheart na plandaí ábhartha a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(12)

Liostaítear Anoplophora chinensis, víreas mósáiceach róiséadach an chrainn péitseoige, Scirtothrips dorsalis agus víreas fáinnebhall an tráta mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(13)

Os a choinne sin, Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lepidosaphes pistaciae, Maconellicoccus hirsutus, Nipaecoccus viridis, Pochazia shantungensis, agus Russellaspis pustulans, ní liostaítear go fóill iad mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, dá bhrí sin tá na bearta fíteashláintíochta le haghaidh na lotnaidí sin bunaithe ar na bearta a dtugann an Tuirc tuairisc orthu sna sainchomhaid. Is gá measúnuithe riosca lotnaide iomlána maidir leis na lotnaidí sin a chur ar fáil, chun a dhéanamh amach an gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na ceanglais shonracha iomchuí.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(15)

Ina theannta sin, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Neoscytalidium dimidiatum, agus Phenacoccus solenopsis, ní liostaítear go fóill iad mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Mar sin féin, ós rud é nár aimsíodh aon tionchar mór ar phlandaí óstacha atá ionfhabhtaithe leis na lotnaidí sin i gcríoch an Aontais, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin i ndáil leis na lotnaidí sin.

(16)

Is comhchiallach é Neoscytalidium dimidiatum ar Neoscytalidium novaehollandiae. Dá réir sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin le haghaidh na lotnaide sin ach oiread.

(17)

I dtuairim eolaíoch maidir le haicmiú lotnaide Lepidosaphes malicola (6) arna tháirgeadh ag an Údarás, tagtar ar an gconclúid nach gcomhlíonann an lotnaid na critéir uile chun í a mheas mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, mar thoradh ar éiginnteacht mhór maidir lena tionchar san Aontas. Dá réir sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin le haghaidh na lotnaide sin ach oiread.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(5)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Prunus persica and Prunus dulcis plants from Turkey [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus persica agus Prunus dulcis de thionscnamh na Tuirce]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(1):7735, 212 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.7735

(6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2024. Aicmiú lotnaide Lepidosaphes malicola. EFSA Journal [Iris EFSA] 22(3), e8665. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8665


IARSCRÍBHINN I

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘ Prunus L., seachas plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera de thionscnamh na hÚcráine’:

 

Prunus L., seachas:

plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera de thionscnamh na hÚcráine;

beangáin gan fréamhacha, suanacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois agus atá de thionscnamh na Tuirce; agus

plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus atá de thionscnamh na Tuirce.’


IARSCRÍBHINN II

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh ‘ Persea americana Mill., beangáin gan fréamhacha le haghaidh plandú nach mó ná 2 cm an trastomhas acu.’:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód AC

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

‘—

Beangáin gan fréamhacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois;

plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois.

ex 0602 10 90

ex 0602 20 20

an Tuirc

(a)

Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

(i)

go bhfuil na plandaí saor ó Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lepidosaphes pistaciae, Maconellicoccus hirsutus, Nipaecoccus viridis, Pochazia shantungensis agus Russellaspis pustulans;

(ii)

go bhfuarthas an láithreán táirgthe saor ó Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lepidosaphes pistaciae, Maconellicoccus hirsutus, Nipaecoccus viridis, Pochazia shantungensis agus Russellaspis pustulans le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús thimthriall táirgthe na bplandaí;

(iii)

díreach roimh an onnmhairiú, go ndearnadh cigireacht oifigiúil ar choinsíneachtaí de na plandaí chun Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lepidosaphes pistaciae, Maconellicoccus hirsutus, Nipaecoccus viridis, Pochazia shantungensis agus Russellaspis pustulans a aimsiú agus gur leor méid an tsampla chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 % i gcás gach lotnaide;

(b)

go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

(i)

an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1457/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top