Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1403

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1403 ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh creidiúnú ar eintitis cháilithe

    C/2024/1490

    IO L, 2024/1403, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1403/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1403/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1403

    24.5.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1403 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Márta 2024

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh creidiúnú ar eintitis cháilithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(13), pointe (f) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1139, féadfaidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) agus na húdaráis inniúla náisiúnta cúraimí dá gcuid a bhaineann le deimhniúchán agus maoirseacht a leithdháileadh ar eintitis cháilithe a creidiúnaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62(13), pointe (f) nó leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 62(14), pointe (e), an chéad fhomhír as a bheith i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI den Rialachán sin.

    (2)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a leithdháileadh ar eintitis cháilithe atá in ann a leithéid de chúraim a dhéanamh, agus orthu siúd amháin. Dá réir sin, ba cheart don Ghníomhaireacht córas creidiúnúcháin cuimsitheach a bhunú agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonann na heintitis cháilithe na ceanglais atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.

    (3)

    Leis an Rialachán seo ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta faoina bhféadfaidh an Ghníomhaireacht eintitis cháilithe a chreidiúnú chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leanúnach. Chun comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith i dteideal tuarascálacha creidiúnaithe na n-eintiteas cáilithe a éileamh ar an údarás inniúil náisiúnta.

    (4)

    Agus iad i mbun cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta thar ceann na Gníomhaireachta, tá na heintitis cháilithe chreidiúnaithe ag feidhmiú cúraimí údaráis phoiblí. Ní seirbhísí a sholáthraíonn oibritheoir eacnamaíoch faoi chonradh poiblí iad na cúraimí sin agus mar sin ní thagann siad faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá réir sin, chun a áirithiú go leithdháilfear na cúraimí ar na heintitis cháilithe ar bhealach trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ba cheart don Ghníomhaireacht critéir leithdháilte a bhunú ar ar a mbonn a dhéanfaidh comhaontuithe i scríbhinn le heinitis den sórt sin a thabhairt chun críche.

    (5)

    D’fhonn aon chur isteach a sheachaint a d’fhéadfaí a bheith ar chomhlíonadh na gcúraimí a leithdháiltear, ba cheart leis an Rialachán seo na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaidh eintiteas cáilithe creidiúnaithe leanúint ar aghaidh lena chúraim a chomhlíonadh i gcás ina dtagann athrú ar a eagraíocht, ar a nósanna imeachta agus ar a fhoireann, arb athrú é ar dócha go ndéanfaidh sé difear dá stádas creidiúnúcháin.

    (6)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht maoirseacht ar eintitis cháilithe chreidiúnaithe a dhéanamh i rith an ama chun a áirithiú go ndéanfaidh siad Iarscríbhinn VI a ghabhann Rialachán (AE) 2018/1139 a chomhlíonadh go leanúnach.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

    (a)

    na rialacha agus na nósanna imeachta lena ndéanfaidh an Ghníomhaireacht creidiúnú ar eintitis cháilithe;

    (b)

    na coinníollacha faoinar bhféadfadh an Ghníomhaireacht cúraimí deimhniúcháin nó maoirseachta a leithdháileadh ar eintitis cháilithe.

    2.   Leis an Rialachán seo, cumhdaítear na réimsí uile i gcás ina bhféadfadh an Ghníomhaireacht eintitis cháilithe a chreidiúnú agus iad ag gníomhú mar údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 62(4) an dara fomhír de Rialachán (AE) 2018/1139.

    Airteagal 2

    Córas creidiúnúcháin le haghaidh eintitis cháilithe

    1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht córas le haghaidh creidiúnú eintiteas cáilithe agus coimeádfaidh sí ar bun é. Áireofar sa chóras creidiúnúcháin na nósanna imeachta a rialaíonn na nithe seo a leanas:

    (a)

    creidiúnúchán tosaigh eintiteas cáilithe;

    (b)

    maoirseacht agus measúnú leanúnach a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-eintiteas cáilithe creidiúnaithe;

    (c)

    leasú, fionraí, teorannú agus cúlghairm an chreidiúnúcháin;

    (d)

    sásra um réiteach díospóidí lena gcumhdófar ar a laghad cinntí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) agus Airteagal 6(3) den Rialachán seo.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht doiciméadú ar an gcóras creidiúnúcháin, ar thorthaí an chreidiúnúcháin tosaigh agus ar an maoirseacht agus ar mheasúnú leanúnach eintiteas cáilithe creidiúnaithe, agus coinneoidh sí an fhaisnéis ina seilbh.

    2.   I gcas ina bhfuil eintiteas cáilithe creidiúnaithe ag údarás inniúil náisiúnta cheana i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 62(14), pointe (e) de Rialacháin (AE) 2018/1139, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chur de cheangal ar an údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an creidiúnúchán na tuarascálacha creidiúnaithe ábhartha a sholáthar don Ghníomhaireacht.

    3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht agus ag údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó eintiteas leasmhar a chreidiúnú i gcomhpháirt, tabharfaidh siad comhaontú ar a róil agus ar a bhfreagrachtaí féin maidir le nósanna imeachta an chórais creidiúniúcháin dá dtagraítear i bpointe 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 3

    Nós imeachta maidir le creidiúnúchán eintiteas cáilithe

    1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht dul i muinín eintitis cháilithe, foilseoidh sí fógra ar a suíomh gréasáin lena dtugtar cuireadh d’eintitis leasmhara iarratais ar an gcreidiúnúchán a chur isteach.

    Sonrófar san fhógra sin an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    catagóirí na gcúraimí creidiúniúcháin agus maoirseachta a bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht go ndéanfaidh eintitis cháilithe iad;

    (b)

    an bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht go gcumhdófar i raon feidhme an chreidiúniúcháin an phribhléid deimhnithe a eisiúint, a athnuachan, a leasú, a theorannú, a chúlghairm, agus a chur ar fionraí nó dearbhuithe a ghlacadh thar ceann na Gníomhaireachta;

    (c)

    na doiciméid agus an fhaisnéis ar cheart d’iarratasóirí a chur isteach agus spriocdháta na n-iarratas.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an iarratas ar chreidiúnúchán arna chur isteach ag an iarratasóir ag féachaint do na critéir a leagtar amach i mír 3.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht creidiúnú agus eiseoidh sí deimhniú creidiúnúcháin d’iarratasóir tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, má thagann sí ar an gconclúid:

    (a)

    go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139;

    (b)

    go bhfuil inniúlacht, saineolas agus nósanna imeachta an iarratasóra ar an leibhéal is gá do raon feidhme an chreidiúniúcháin ar leibhéal na heagraíochta agus maidir le saineolaithe an réimse theicniúil is gá.

    4.   Leis an gcreidiúnúchán a dheonaíonn an Ghníomhaireacht, leagfar amach go mionsonraithe raon feidhme na gcúraimí, na pribhléidí a dheonófar agus aon choinníoll eile gaolmhar.

    5.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha creidiúniúcháin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-eintiteas sin ar an eolas agus tabharfaidh sí údar lena diúltú creidiúnúcháin a dheonú.

    Airteagal 4

    Cúraimí a leithdháileadh ar eintitis cháilithe chreidiúnaithe

    1.   Forbróidh an Ghníomhaireacht critéir chothroma agus thrédhearcacha chun cúraimí a leithdháileadh ar eintitis cháilithe atá creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 3. Cuirfidh an Coimisiún na critéir faoi leithdháileadh na gcúraimí in iúl do na heintitis cháilithe ar fad.

    2.   Agus na critéir leithdháilte dá dtagraítear i mír 1 á bhforbhairt, cuirfear san áireamh na nithe seo a leanas:

    (a)

    raon feidhme na gcúraimí;

    (b)

    cáilíocht agus taithí sa réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear na réamhriachtanais theicniúla, foirne, eagraíochta agus réamhriachtanais nósanna imeachta chun na cúraimí atá le leithdháileadh a chomhlíonadh;

    (c)

    acmhainneacht an eintitis cháilithe agus é a bheith ar fáil chun na cúraimí a chomhlíonadh laistigh den chreat ama is gá agus ar an leibhéal teicniúil, cáilíochtúil agus proifisiúnta is gá;

    (d)

    comhéadan leis an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139, go háirithe, gaireacht, ábaltacht agus inniúlacht chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an duine nádúrtha nó dlítheanach;

    (e)

    éifeachtúlacht costais;

    3.   Agus cúraimí á leithdháileadh ar na heintitis cháilithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht conradh i scríbhinn lena leagfar síos na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    na cúraimí atá le comhlíonadh;

    (b)

    an dearbhú, na tuarascálacha, agus na taifid atá le soláthar ag an eintiteas cáilithe;

    (c)

    na coinníollacha teicniúla atá le comhlíonadh ag an eintiteas cáilithe agus é i mbun na cúraimí leithdháilte a chomhlíonadh;

    (d)

    an cumhdach i leith dliteanas lena mbaineann;

    (e)

    cosaint a thugtar don fhaisnéis a gheobhaidh an t-eintiteas cáilithe agus é i mbun na gcúraimí leithdháilte;

    (f)

    luach saothair an eintitis cháilithe.

    Sannfaidh an Ghníomhaireacht comhlíonadh na gcúraimí, lena n-áirítear na feidhmeanna bainistíochta teicniúla, don eintiteas cáilithe i bhfoirm ordaithe cúraim lena sainítear raon feidhme mionsonraithe an chúraim atá le comhlíonadh.

    4.   Agus cúram á leithdháileadh ar eintiteas cáilithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhlíonann an t-eintiteas cáilithe na ceanglais bhunriachtanacha ar fad a leagtar amach in Iarscríbhinn VI de Rialachán (AE) 2018/1139.

    Airteagal 5

    Athruithe ar raon feidhme an chreidiúnaithe

    1.   Tabharfaidh an t-eintiteas cáilithe fógra don Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, maidir le haon athrú ar a eagraíocht, ar a nósanna imeachta agus ar a fhoireann, arb athrú é gur dócha go ndéanfaidh sé difear dá stádas creidiúnaithe.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an tionchar a bheidh ag an athrú a fhógrófar ar raon feidhme an chreidiúnúcháin agus na bpribhléid agus déanfaidh sí cinneadh an bhfuil gá le measúnú breise ar an eintiteas cáilithe.

    3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht raon feidhme an chreidiúnúcháin a leasú i gcomhréir le tábhacht an athraithe agus, más infheidhme, le toradh an mheasúnaithe.

    Airteagal 6

    Maoirseacht ar eintitis cháilithe chreidiúnaithe

    1.   Fíoróidh an Ghníomhaireacht comhlíontacht leantach chun a áirithiú go gcomhlíonann inniúlacht, saineolas agus nósanna imeachta an eintitis cháilithe Airteagal 3(3).

    2.   Bunófar an fíorú dá dtagraítear i mír 1 ar chóras maoirseachta rioscabhunaithe lena gcuirtear san áireamh cineál sonrach an eintitis cháilithe, castacht a chuid gníomhaíochtaí agus torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta roimhe seo.

    3.   Má fhaigheann an Ghníomhaireacht amach nach bhfuil na coinníollacha creidiúniúcháin a leagtar amach in Airteagal 3(3) á gcomhlíonadh a thuilleadh nó má sháraíonn an t-eintiteas cáilithe creidiúnaithe raon feidhme an chreidiúnaithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta forfheidhmiúcháin iomchuí láithreach, agus, más iomchuí, déanfaidh sí creidiúnúchán an eintitis cháilithe a theorannú, a chúlghairm nó a chur ar fionraí, ag brath ar mhéid na neamhchomhlíontachta go dtí go bhfuil gníomh ceartaitheach rathúil déanta ag an eagraíocht.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1403/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top