Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1399

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1399 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2023 maidir leis na coinníollacha chun painéil agus cumhdach dlúthadhmaid a aicmiú, gan tástáil, maidir lena bhfrithghníomh in aghaidh dóiteáin agus lena leasaítear Cinneadh 2006/213/CE

C/2023/7486

IO L, 2024/1399, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1399/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1399/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1399

22.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1399 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Samhain 2023

maidir leis na coinníollacha chun painéil agus cumhdach dlúthadhmaid a aicmiú, gan tástáil, maidir lena bhfrithghníomh in aghaidh dóiteáin agus lena leasaítear Cinneadh 2006/213/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 27(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh córas chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a aicmiú i ndáil lena bhfrithghníomh in aghaidh dóiteáin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 ón gCoimisiún (2). Tá painéil agus cumhdach dlúthadhmaid i measc na dtáirgí foirgníochta lena mbaineann an Rialachán Tarmligthe sin.

(2)

I dTábla 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/213/CE (3) ón gCoimisiún, bunaíodh aicmí den fheidhmíocht i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin maidir le painéil agus cumhdach dlúthadhmaid. Ní mór na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin maidir leis na táirgí sin a shoiléiriú lena chur i bhfeidhm a theorannú go sainráite d’adhmad neamhchóireáilte amháin.

(3)

Léiríodh le tástálacha go bhfuil feidhmíocht chobhsaí agus intuartha ag painéil agus cumhdach dlúthadhmaid i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe maidir le meándlús íosta an adhmaid, tiús íosta na próifíle agus úsáid deiridh an táirge, agus nach bhfuil an t adhmad faoi réir aon chineál cóireála seachas triomú in áith.

(4)

Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, go sásaíonn painéil agus cumhdach dlúthadhmaid aicme áirithe feidhmíochta i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin a bunaíodh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 faoi na coinníollacha sin go léir gan gá a bheith ann le tuilleadh tástála.

(5)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Tábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/213/CE a scriosadh agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le painéil agus cumhdach dlúthadhmaid a chur ina ionad.

(6)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí, go háirithe fiontair bheaga agus micrifhiontair, measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo ar a ngníomhaíochtaí, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm nócha lá tar éis a fhoilsithe.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Measfar go gcomhlíonann painéil agus cumhdach soladach adhmaid a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn na haicmí feidhmíochta a léirítear san Iarscríbhinn gan tástáil.

Airteagal 2

Scriostar Tábla 2, lena n-áirítear fíoracha (a) agus (b), den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/213/CE agus cuirtear an tábla, agus fíoracha (a) agus (b), a leagtar amach san Iarscríbhinn ina n-ionad.

Déanfar tagairtí do Thábla 2, agus d’fhíoracha (a) agus (b), den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/213/CE a fhorléiriú mar thagairtí don tábla agus do na fíoracha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an nóchadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2015 maidir le haicmiú na feidhmíochta i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin maidir le táirgí foirgníochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 15.3.2016, lch. 4).

(3)  Cinneadh 2006/213/CE ón gCoimisiún an 6 Márta 2006 lena mbunaítear na haicmí feidhmíochta i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin maidir le táirgí foirgníochta áirithe a mhéid a bhaineann le hurláir adhmaid agus painéil agus cumhdach dlúthadhmaid (IO L 79, 16.3.2006, lch. 27).


IARSCRÍBHINN

AICMÍ IMOIBRIÚCHÁIN AR FHEIDHMÍOCHT DÓITEÁIN DO PHAINÉALÚ AGUS CUMHDACH ADHMAID SHOLADAIGH

Táirge (11)

Sonra táirge (5)

Meándlús íosta (6) (kg/m3)

Tiús íosta, iomlán/íosmhéid (7) (mm)

Coinníoll maidir le húsáid deiridh (4)

Aicme (3)

Painéalú agus cumhdra (1)

Píosaí adhmaid neamhchóireáilte, bíodh teanga agus splíona orthu nó ná bíodh, bíodh dromchla próifílithe orthu nó ná bíodh

390

9/6

Gan aerbhearna nó le haerbhearna dúnta taobh thiar de

D — s2, d2

12/8

D — s2, d0

Painéalú agus cumhdra (2)

Píosaí adhmaid neamhchóireáilte, bíodh teanga agus splíona orthu nó ná bíodh, bíodh dromchla próifílithe orthu nó ná bíodh

390

9/6

Le bearna aeir oscailte ≤ 20 mm taobh thiar de

D — s2, d0

18/12

Gan aerbhearna nó le haerbhearna oscailte taobh thiar de

Eilimintí ribín adhmaid (8)

Píosaí adhmaid neamhchóireáilte suite ar fhráma tacaíochta (9)

390

18

Timpeallaithe ag aer ar gach taobh (10)

D — s2, d0

Fíor a

Próifílí le haghaidh painéaladh agus cumhdach adhmaid sholadaigh

Image 1

Fíor b

Uasachar nochta d’eilimint ribín adhmaid 2n (t + w) + a ≤ 1,10

Image 2

n

=

líon na bpíosaí adhmaid in aghaidh an mhéadair

t

=

tiús gach píosa adhmaid, i méadair

w

=

leithead gach píosa adhmaid, i méadair

a

=

achar nocht an fhráma tacaíochta adhmaid (más ann dó), i m2, in aghaidh an mhéadair chearnaigh2


(1)  (1) Feistithe go meicniúil ar fhráma tacaíochta baitín adhmaid, agus an bhearna dúnta nó líonta le foshraith d’aicme A2 — s1, d0 ar a laghad, ag a bhfuil íosdlús 10 kg/m 3 nó líonta le foshraith d’ábhar inslithe ceallalóise d’aicme E ar a laghad agus a bhfuil bacainn gaile taobh thiar di nó nach bhfuil. Déanfar an táirge adhmaid a dhearadh sa chaoi go mbeidh sé feistithe gan ailt oscailte.

(2)  Suite go meicniúil ar fhráma tacaíochta baitín adhmaid, le bearna aer oscailte taobh thiar nó gan é. Déanfar an táirge adhmaid a dhearadh sa chaoi go mbeidh sé feistithe gan ailt oscailte.

(3)  (3) Aicme dá bhforáiltear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 ón gCoimisiún.

(4)  (4) D’fhéadfadh deis aerála taobh thiar den táirge a bheith i gceist le bearna aeir oscailte, agus eisiafaidh bearna aeir dúnta aeráil den sórt sin. Ní mór go mbeadh an fhoshraith taobh thiar den aerbhearna d’aicme A2 — s1, d0 ar a laghad agus 10 kg/m 3 ar a laghad inti. Taobh thiar de bhearna iata aeir de 20 mm ar a mhéad agus le píosaí adhmaid ingearacha, féadfaidh aicme D — s2 ar a laghad a bheith sa tsubstráit.

(5)  (4)I measc na n-alt tá gach cineál ailt e.g., bunailt agus ailt teanga agus splíona; Is ábhar adhmaid é adhmad neamhchóireáilte nár brataíodh agus nach raibh faoi réir aon chineál cóireála seachas triomú áithe (fisiceach, ceimiceach, tuile, nó cóireálacha eile).

(6)  (6) Cóirithe de réir EN 13238.

(7)  (7) Mar a thaispeántar i bhFíor a. Achar próifílithe an thaobh nocht an phainéil nach mó ná 20 % den achar plána, nó 25 % má thomhaistear ag an taobh nocht agus ag an taobh nach bhfuil nocht den phainéal. Maidir le bunailt, tá feidhm ag an tiús níos mó ag comhéadan an ailt.

(8)  (8) Píosaí adhmaid dronuilleogacha, ar a bhfuil coirnéil chothromaithe nó nach bhfuil, suite go cothrománach nó go hingearach ar fhráma tacaíochta agus timpeallaithe ag aer ar gach taobh, a úsáidtear go príomha gar d’eilimintí tógála eile, in bhfeidhmeanna taobh istigh agus taobh amuigh araon.

(9)  (9) Achar nochta uasta (gach taobh de phíosaí dronuilleogacha adhmaid agus fráma tacaíochta adhmaid) nach mó ná 110 % d’achar iomlán an phlána, féach Fíor b.

(10)  (10) Ní mór d’eilimintí tógála eile atá níos giorra ná 100 mm ón eilimint ribín adhmaid (gan a fhráma tacaíochta a áireamh) a bheith d’aicme A2 — s1, d0 ar a laghad, ag achair 100-300 mm d’aicme B ar a laghad — s1, d0 agus ag achair is mó ná 300 mm d’aicme D — s2, d0 ar a laghad.

(11)  (11)Baineann sin le héadain céime staighre freisin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1399/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top