EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1389

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1389 ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

C/2024/1504

IO L, 2024/1389, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1389/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1389/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1389

22.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1389 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (1), agus go háirithe Airteagal 66, mír 1, pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) é an tAontas, tar éis dó Coinbhinsiún ICCAT a fhormheas de bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Glacann ICCAT bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a choimirciú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta mar sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)

Ó glacadh Rialachán (AE) 2023/2053, ghlac ICCAT ag a chruinniú bliantúil 2023 roinnt beart atá ceangailteach ó thaobh dlí de, go háirithe moladh 23-08 ó ICCAT (3), i ndáil le bainistiú an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

(4)

Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme anois i ndlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/2053 a leasú dá réir.

(5)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/2053, cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 4:

‘4a.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Spáinn a iarraidh, ina plean iascaireachta bliantúil le haghaidh 2024, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadaítear do shoithí peas-saighne a bhfuil baint acu leis an scéim phíolótach le haghaidh fheirmeoireacht an tuinnín ghoirm sa Mhuir Chantabrach iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma sa Mhuir Chantabrach (limistéar iascaireachta 27.8.b agus 27.8.c ICES) ón 26 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2053/oj.

(2)  Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún a síníodh I bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1986/238/oj).

(3)   Moladh ó ICCAT maidir le scéim phíolótach le haghaidh fheirmeoireacht an tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) sa Mhuir Chantabrach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1389/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top