Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1356R(01)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024)

ST/5335/2025/REV/1

IO L, 2025/90927, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/corrigendum/2025-11-25/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/corrigendum/2025-11-25/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/90927

25.11.2025

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/1356, 22 Bealtaine 2024 )

1.

Ar leathanach 14, Airteagal 8(3), an dara habairt:

in ionad:

‘Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), den Rialachán seo a mbeidh feidhm ag Airteagal 23(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1358 ina leith, sa chás ina bhfanann na daoine sin go fisiciúil ag an teorainn sheachtrach ar feadh os cionn 72 uair an chloig, déanfar iad a scagadh ina dhiaidh sin agus laghdófar an tréimhse don scagadh go dtí 4 lá.’

,

léitear:

‘Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), den Rialachán seo a mbeidh feidhm ag Airteagal 22(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1358 ina leith, sa chás ina bhfanann na daoine sin go fisiciúil ag an teorainn sheachtrach ar feadh os cionn 72 uair an chloig, déanfar iad a scagadh ina dhiaidh sin agus laghdófar an tréimhse don scagadh go dtí 4 lá.’.

2.

Ar leathanach 14, Airteagal 8(5), pointe (d):

in ionad:

‘(d)

sonraí bithmhéadracha a chlárú i gcomhréir le [hAirteagail 15, 22 agus 24a de Rialachán (AE) 2024/1358, a mhéid nach ndearnadh go fóill é;’,

léitear:

‘(d)

sonraí bithmhéadracha a chlárú i gcomhréir le hAirteagail 15, 22, 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/1358, a mhéid nach ndearnadh go fóill é;’.

3.

Ar leathanach 19, Airteagal 14(3):

in ionad:

‘3.   Seolfar cuardach in CIR dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus úsáid á baint as ESP i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/817 agus Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/818. I gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas amháin faisnéise nó níos mó de chuid an Aontais nó CIR a chuardach, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus déanfaidh na Ballstáit córais faisnéise an Aontais nó CIR a rochtain go díreach. Ní dochar an mhír seo don rochtain atá ag na húdaráis scagtha ar SIS, a mbeidh úsáid ESP ina leith roghnach i gcónaí.’

,

léitear:

‘3.   Seolfar cuardach in CIR dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus úsáid á baint as ESP i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/817 agus Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/818.

I gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas amháin faisnéise nó níos mó de chuid an Aontais nó CIR a chuardach, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus déanfaidh na Ballstáit córais faisnéise an Aontais nó CIR a rochtain go díreach.

Ní dochar an mhír seo don rochtain atá ag na húdaráis scagtha ar SIS, a mbeidh úsáid ESP ina leith roghnach i gcónaí.’.

4.

Ar leathanach 22, Airteagal 18(2):

in ionad:

‘2.   Déanfar náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7 a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu a threorú chuig na húdaráis atá inniúil chun an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú.’

,

léitear:

‘2.   Déanfar náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7 a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu a threorú chuig na húdaráis atá inniúil chun an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú.

Tarchuirfear an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 17 chuig na húdaráis ábhartha chuig a bhfuil an náisiúnach tríú tír á tharchur.’.

5.

Ar leathanach 22, Airteagal 18(4):

in ionad:

‘4.   Leanfaidh na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu de bheith faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.’

,

léitear:

‘4.   Leanfaidh na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu de bheith faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

Tarchuirfear an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 17 chuig na húdaráis ábhartha chuig a bhfuil an náisiúnach tríú tír á tharchur.’.

6.

Ar leathanach 23, Airteagal 20, pointe (2):

in ionad:

‘(2)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Beidh rochtain ag na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ar VIS freisin chun na sonraí a cheadú le seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin. (…)”’,

léitear:

‘(2)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2-a   . Beidh rochtain ag na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ar VIS freisin chun na sonraí a cheadú le seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin. (…)”’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/corrigendum/2025-11-25/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top