Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1351

Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013

PE/21/2024/REV/1

IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 22/05/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1351

22.5.2024

RILACHÁN (AE) 2024/1351 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), pointe (e) agus Airteagal 79(2), pointí (a), (b) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus limistéar saoirse, slándála agus ceartais á chomhdhéanamh aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus ba cheart dó comhbheartas a chur le chéile maidir le tearmann, inimirce agus bainistiú teorainneacha seachtracha an Aontais, bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir freagrachta idir na Ballstáit, lena dtugtar cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, lena n-áirítear cearta bunúsacha.

(2)

Chun muinín fhrithpháirteach a neartú idir na Ballstáit, tá gá le cur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce lena dtugtar le chéile comhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha. Braitheann éifeachtacht cur chuige den sórt sin ar aghaidh a bheith á tabhairt ar gach comhpháirt go comhpháirteach agus ar gach comhpháirt a bheith á cur chun feidhme go comhsheasmhach agus ar bhealach comhtháite.

(3)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú le cur chuige cuimsitheach den sórt sin trí chreat comhchoiteann a leagan amach le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, i réimse an tearmainn agus na mbeartas ábhartha bainistithe imirce, trí phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a léiriú go mion agus seasamh leis an bprionsabal sin, lena n-áirítear impleachtaí airgeadais an phrionsabail sin, idir na Ballstáit, lena rialaítear na beartais i réimse an tearmainn agus na himirce i gcomhréir le hAirteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a bheith bunaithe ar an mbonn go bhfuil an fhreagracht ar na Ballstáit le chéile an imirce a bhainistiú, go háirithe sa réimse a rialaítear leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh, inter alia, chun rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar dhálaí glactha leormhaithe a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar, chun bealaí dlíthiúla a chur chun cinn, chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha a chumasú maidir lena chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar fhilleadh na náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha cónaithe ar chríoch na mBallstát nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh, chun cosc a chur ar imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir Ballstáit, chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear na leochaileachtaí a eascraíonn astu a laghdú, agus chun tacaíocht a sholáthar do Bhallstáit eile i bhfoirm rannchuidithe dlúthpháirtíochta, mar a rannchuidiú leis an gcur chuige cuimsitheach.

(5)

Chun an comhar le tríú tíortha a neartú maidir le tearmann agus imirce, lena n-áirítear athligean isteach agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna agus na spreagthaí atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, is gá comhpháirtíochtaí saincheaptha agus comhthairbheacha a chur chun cinn agus a chothú leis na tíortha sin. Ba cheart, le comhpháirtíochtaí den sórt sin, comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais agus uirlisí ábhartha an Aontais le tríú tíortha, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar chearta an duine, ar an smacht reachta agus ar urraim do chomhluachanna an Aontais. Maidir le comhpháirteanna seachtracha an chur chuige chuimsithigh, ní dhéanann aon ní sa Rialachán seo difear do chomhroinnt na n-inniúlachtaí atá ann cheana idir na Ballstáit agus an tAontas, nó idir institiúidí an Aontais. Leanfar de na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú agus lánurraim á tabhairt do rialacha nós imeachta na gConarthaí agus i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le hionstraimí neamhcheangailteacha an Aontais.

(6)

Teastaíonn an creat comhchoiteann chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an bhfeiniméan ina dtagann meascán daoine isteach a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar chuid acu agus nach bhfuil ar chuid eile díobh, feiniméan atá ag dul i méid, agus mar aitheantas nár cheart go mbeadh ar Bhallstáit aonair freagracht a ghlacadh as imircigh agus iarrthóirí tearmainn a thagann isteach go neamhrialta san Aontas ach gur cheart go mbeadh ar an Aontas ina iomláine an fhreagracht sin a ghlacadh. Ba cheart a áireamh freisin faoi raon feidhme an Rialacháin seo daoine ligthe isteach.

(7)

Chun comhleanúnachas agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanann an tAontas agus a Bhallstáit, ag gníomhú dóibh laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, a áirithiú, tá gá le ceapadh beartas comhtháite agus le cur chuige cuimsitheach i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce, lena n-áirítear a chomhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha araon. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, agus i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta, comhleanúnachas agus cur chun feidhme na mbeartas bainistithe tearmainn agus imirce a áirithiú.

(8)

Chun a áirithiú go bhfuil a gcórais tearmainn, ghlactha agus imirce dea-ullmhaithe agus go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag gach cuid de na córais sin, ba cheart na hacmhainní daonna, ábhartha agus airgeadais agus an bonneagar is gá a bheith ag na Ballstáit chun beartais bainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach, agus chun an fhoireann is gá a leithdháileadh ar a n-údaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit sin comhordú iomchuí a áirithiú freisin idir na húdaráis náisiúnta ábhartha agus le húdaráis náisiúnta na mBallstát eile.

(9)

Agus cur chuige straitéiseach á ghlacadh acu, ba cheart straitéisí náisiúnta a bheith ag na Ballstáit chun a n-acmhainneacht a áirithiú chun a gcóras bainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir iomlán lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta. Ba cheart a áireamh sna straitéisí sin bearta coisctheacha chun baol an bhrú imirce a laghdú, chomh maith le faisnéis maidir le pleanáil theagmhasach, lena n-áirítear mar a fhoráiltear faoi Threoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus faisnéis ábhartha i ndáil le prionsabal an cheaptha beartas atá comhtháite agus prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta faoin Rialachán seo agus oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as sin ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) (‘an Ghníomhaireacht um Thearmann’), a bheith in ann tacú leis na Ballstáit agus a straitéisí náisiúnta á mbunú acu. Dá rachadh na Ballstáit i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus de réir mar is iomchuí, d’fhéadfaí straitéisí náisiúnta a fheabhsú agus a neartú freisin. Chun a áirithiú go bhfuil na straitéisí náisiúnta inchomparáide maidir le croí-eilimintí sonracha, ba cheart don Choimisiún teimpléad coiteann a bhunú.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh córas éifeachtach faireacháin i bhfeidhm chun cur i bhfeidhm acquis tearmainn an Aontais a áirithiú, ba cheart torthaí an fhaireacháin a dhéanann an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, agus comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí nó eagraíochtaí ábhartha eile, codanna ábhartha den mheastóireacht a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle (5) chomh maith leosan a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur i gcuntas i straitéisí náisiúnta na mBallstát. D’fhéadfadh na Ballstáit torthaí sásraí faireacháin ábhartha eile a mheas freisin.

(11)

Ba cheart don Choimisiún Straitéis Eorpach fhadtéarmach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce (‘an Straitéis’) a ghlacadh ina leagtar amach an cur chuige straitéiseach chun a áirithiú go gcuirfear straitéisí náisiúnta chun feidhme go comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí príomha an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta is infheidhme.

(12)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil an tAontas ullamh agus in ann dul in oiriúint do réaltachtaí an bhainistithe tearmainn agus imirce atá ag forbairt agus ag athrú, ba cheart don Choimisiún Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce (‘an Tuarascáil’) a ghlacadh. Sa Tuarascáil, ba cheart measúnú a dhéanamh ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin feadh na mbealaí imirce go léir chuig na Ballstáit uile agus sna Ballstáit uile, mar uirlis luathrabhaidh agus feasachta don Aontas i réimse na himirce agus an tearmainn, agus léargas straitéiseach ar dhálaí agus réamh-mheastacháin a sholáthar don bhliain atá le teacht. Ba cheart a leagan amach sa Tuarascáil, inter alia, ullmhacht an Aontais agus na mBallstát chun freagairt ar éabhlóid staid na himirce agus chun dul in oiriúint don fhorbairt sin agus do thorthaí an fhaireacháin a dhéanann comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis chomh maith leis na measúnuithe atá sa tuarascáil a chur i gcuntas sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann leis an sásra dlúthpháirtíochta a leagtar amach i gCuid IV den Rialachán seo.

(13)

Ba cheart an Tuarascáil a ullmhú i gcomhairle leis na Ballstáit agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Chun críocha na Tuarascála, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as sásraí tuairiscithe atá ann cheana, go príomha an Fheasacht agus Anailís Chomhtháite ar Dhálaí, ar choinníoll go ngníomhachtaítear an Fhreagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna, agus sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún (7). Tá sé ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ullamh agus in ann dul in oiriúint do réaltachtaí an bhainistithe tearmainn agus imirce atá ag forbairt agus ag athrú, agus, dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú rathúil an timthrialla bhliantúil tearmainn agus imirce agus an tsásra dlúthpháirtíochta, go rannchuideodh na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais leis na sásraí tuairiscithe sin atá ann cheana agus go n-áiritheoidís malartú leormhaith tráthúil faisnéise agus sonraí. Ba cheart faisnéis ó fhoinsí ábhartha eile, lena n-áirítear Gréasán Imirce na hEorpa, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce a chur san áireamh freisin. Níor cheart don Choimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit ach amháin nuair nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil trí na sásraí tuairiscithe sin agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ann chun cuidiú leis na Ballstáit agus iad ag déileáil leis na dúshláin is féidir teacht chun cinn de bharr náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheith i láthair ar a gcríoch, gan beann ar an dóigh ar tháinig siad thar theorainneacha seachtracha na mBallstát, ba cheart cinneadh a bheith ag gabháil leis an Tuarascáil lena gcinntear cé acu Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce sa bhliain atá ag teacht nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce (‘an Cinneadh’). Ba cheart do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce a bheith in ann brath ar úsáid na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a áirítear sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil.

(15)

Chun intuarthacht a chur ar fáil do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce agus do na Ballstáit is rannchuiditheoirí, ba cheart togra ón gCoimisiún a bheith ag gabháil leis an Tuarascáil agus leis an gCinneadh lena sainaithnítear bearta dlúthpháirtíochta nithiúla bliantúla, lena n-áirítear athshocruithe, ranníocaíochtaí airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, bearta malartacha dlúthpháirtíochta, agus a scála uimhriúil ar dócha go mbeidh gá leis don bhliain atá le teacht ar leibhéal an Aontais, lena n-aithnítear go bhfuil luach comhionann leis na cineálacha éagsúla dlúthpháirtíochta. Ba cheart cineálacha agus scála uimhriúil na mbeart arna sainaithint sa togra ón gCoimisiún a bheith ag teacht, ar a laghad, le tairseacha íosta bliantúla maidir le hathshocrú agus ranníocaíochtaí airgeadais. Ba cheart na tairseacha sin a leagan amach sa Rialachán seo chun pleanáil intuartha na mBallstát is rannchuiditheoirí a áirithiú agus chun íosráthaíochtaí a sholáthar do na Ballstáit is tairbhithe. I gcás ina meastar gur gá sin, d’fhéadfadh an Coimisiún líon bliantúil níos airde a shainaithint ina thogra maidir le hathshocrú nó ranníocaíochtaí airgeadais. Chun luach comhionann na mbeart dlúthpháirtíochta a chaomhnú, ba cheart an cóimheas a leagtar amach idir an líon bliantúil a shainaithnítear sa Rialachán seo a choinneáil. Ar an gcaoi chéanna, agus an líon bliantúil á shainaithint, ba cheart cásanna eisceachtúla a chur i gcuntas sa togra ón gCoimisiún i gcás nach mbeadh gá réamh-mheasta le dlúthpháirtíocht don bhliain atá le teacht.

(16)

Chun comhordú níos fearr a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus i bhfianaise na ngnéithe ar leith den chóras dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, atá bunaithe ar ghealltanais arna ndéanamh ag gach Ballstát, agus lánrogha iomlán á feidhmiú aige maidir leis an gcineál dlúthpháirtíochta, i bhFóram Dlúthpháirtíochta Ardleibhéil an Aontais (‘an Fóram Ardleibhéil’), ba cheart an chumhacht cur chun feidhme chun an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a bhunú a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. Ba cheart bearta dlúthpháirtíochta bliantúla nithiúla a shainaithint sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, lena n-áirítear athshocruithe, ranníocaíochtaí airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, bearta malartacha dlúthpháirtíochta, chomh maith lena scála uimhriúil ar dócha go mbeidh gá leis don bhliain atá le teacht ar leibhéal an Aontais, ag aithint, ag an am céanna, go bhfuil luach comhionann ag na cineálacha éagsúla dlúthpháirtíochta. Ba cheart a áireamh sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil na gealltanais shonracha atá déanta ag gach Ballstát.

(17)

Ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit is tairbhithe gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i dtríú tíortha nó i ndáil leo, i gcomhréir le raon feidhme agus cuspóirí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(18)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún urraim do chearta bunúsacha agus do chomhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a áirithiú i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a chistítear leis na ranníocaíochtaí airgeadais. Na coinníollacha cumasúcháin a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áirítear an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le ‘Cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha’, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le cláir na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ó na ranníocaíochtaí airgeadais. Maidir le roghnú na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na ranníocaíochtaí airgeadais, ba cheart do na Ballstáit na forálacha a leagtar síos in Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/1060 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an Chairt a chur i gcuntas. Maidir leis na gníomhaíochtaí a chistítear leis na ranníocaíochtaí airgeadais, ba cheart do na Ballstáit na córais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú dá gcláir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart do na Ballstáit buiséad an Aontais a chosaint agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm trí iomlán na tacaíochta nó cuid di ó na ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar ceal, i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil an caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún neamhrialta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060. Féadfaidh an Coimisiún an sprioc-am íocaíochta a bhriseadh, na híocaíochtaí uile nó cuid díobh a chur ar fionraí, agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060.

(19)

Le linn oibríochtú an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí, arna iarraidh sin do Bhallstát is tairbhí, rannchuidithe malartacha dlúthpháirtíochta a sholáthar. Ba cheart luach praiticiúil oibríochtúil a bheith ag rannchuidithe malartacha dlúthpháirtíochta. I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil gá le bearta den sórt sin mar a léiríonn an Ballstát lena mbaineann, ba cheart rannchuidithe den sórt sin a shainaithint sa togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí rannchuidithe den sórt sin a ghealladh, fiú mura sainaithnítear iad sa togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, agus ba cheart iad a áireamh mar dhlúthpháirtíocht airgeadais agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar a luach airgeadais agus an luach airgeadais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach réalaíoch. I gcás nach n-iarrann an Ballstát is tairbhí na rannchuidithe sin in aon bhliain ar leith, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh díobh ag deireadh na bliana.

(20)

Chun an próiseas cinnteoireachta a éascú, níor cheart an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a phoibliú go dtí go nglacfaidh an Chomhairle é.

(21)

Chun an creat comhchoiteann a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun bearnaí a shainaithint, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus chun méadú ar bhrú ar chórais tearmainn, ghlactha agus imirce a chosc, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar staid na himirce agus faisnéis a sholáthar fúithi trí thuarascálacha rialta.

(22)

Chun comhroinnt chóir freagrachta, dlúthpháirtíocht mar a chumhdaítear in Airteagal 80 CFAE agus cothromaíocht iarrachta idir na Ballstáit a áirithiú, ba cheart sásra dlúthpháirtíochta éigeantach a bhunú lena dtugtar tacaíocht éifeachtach do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce agus lena n-áirithítear rochtain thapa ar nósanna imeachta córa agus éifeachtúla chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú. Ba cheart do shásra den sórt sin foráil a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla beart dlúthpháirtíochta atá ar comhluach agus ba cheart dó a bheith solúbtha agus in ann dul in oiriúint go tapa do chineál athraitheach na ndúshlán imirce. Ba cheart an fhreagairt dlúthpháirtíochta a cheapadh ar bhonn cás ar chás chun go mbeadh sí saincheaptha maidir le riachtanais an Bhallstáit atá i gceist.

(23)

Chun cur chun feidhme rianúil an tsásra dlúthpháirtíochta a áirithiú, ba cheart don Choimisiún Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta de chuid an Aontais a cheapadh. Ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais faireachán agus comhordú a dhéanamh ar ghnéithe oibríochtúla an tsásra dlúthpháirtíochta agus gníomhú mar lárphointe teagmhála. Ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais cumarsáid a éascú idir na Ballstáit i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Thearmann, modhanna oibre comhleanúnacha a chur chun cinn chun daoine atá incháilithe lena n-athshocrú a shainaithint agus chun iad a mheaitseáil le Ballstáit an athshocraithe, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear naisc fhiúntacha i gcuntas. Chun ról Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart foireann leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar d’oifig Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais agus ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais a bheith in ann páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Fhóraim Ardleibhéil.

(24)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an tsásra dlúthpháirtíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart ionadaithe na mBallstát ar an leibhéal aireachta nó ar leibhéal sinsearach polaitiúil eile a thionól i bhFóram Ardleibhéil, ar cheart dó an Tuarascáil, an Cinneadh agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a bhreithniú agus an staid fhoriomlán a mheas agus teacht ar chonclúid maidir leis na bearta dlúthpháirtíochta agus a gcuid leibhéil is gá chun an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a bhunú agus, i gcás inar gá, maidir le bearta freagartha imirce eile. Chun feidhmiú agus oibríochtú rianúil an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil a áirithiú, ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, thar ceann an Choimisiúin, Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta de chuid an Aontais (‘an Fóram Leibhéil Theicniúil’) ina bhfuil ionadaithe ar leibhéal sinsearach go leor, amhail oifigigh ardleibhéil ó údaráis ábhartha na mBallstát, a thionól agus ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais a bheith mar chathaoirleach air thar ceann an Choimisiúin. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Thearmann agus, i gcás inarb iomchuí agus le cuireadh ó Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, a bheith rannpháirteach san Fhóram Leibhéil Theicniúil.

(25)

Ós rud é go n-eascraíonn cuardach agus tarrtháil ó oibleagáidí idirnáisiúnta, d’fhéadfadh na Ballstáit atá ag dul i ngleic le díbhordálacha athfhillteacha a thagann chun cinn i gcomhthéacs oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a bheith i measc na mBallstát a bhaineann tairbhe as bearta dlúthpháirtíochta. Ba cheart é a bheith indéanta sciar táscach de na bearta dlúthpháirtíochta a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil do na Ballstáit lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit leochaileachtaí daoine a thagann isteach ó dhíbhordáil den sórt sin a chur i gcuntas.

(26)

Chun freagairt thráthúil a thabhairt ar an staid brú imirce, ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais tacú le hathshocrú tapa iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta atá incháilithe lena n-athshocrú. Ba cheart don Bhallstát is tairbhí liosta de dhaoine incháilithe atá le hathshocrú a tharraingt suas, le cúnamh ón nGníomhaireacht um Thearmann má iarrtar sin agus ba cheart don Bhallstát sin a bheith in ann úsáid a bhaint as uirlisí arna bhforbairt ag Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais. Ba cheart an deis a thabhairt do dhaoine atá le hathshocrú faisnéis a sholáthar faoi naisc fhiúntacha a bheith ann le Ballstáit shonracha ach níor cheart an ceart a bheith acu Ballstát sonrach athshocraithe a roghnú.

(27)

Chun freagairt leormhaith dlúthpháirtíochta a áirithiú, agus i gcás nach leor na rannchuidithe ó na Ballstáit i ndáil leis na riachtanais a shainaithnítear, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann an Fóram Ardleibhéil a thionól an athuair chun go mbeidh na Ballstáit in ann rannchuidithe breise dlúthpháirtíochta a ghealladh.

(28)

Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, i mbaol brú imirce nó an bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn measúnú leathan cainníochtúil agus cáilíochtúil, raon leathan tosca a chur san áireamh, lena n-áirítear na moltaí ábhartha a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an fhaisnéis a bhailítear de bhun shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce. Ba cheart a áireamh ar thosca den sórt sin: líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, trasnuithe teorann neamhrialta, gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit, cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint agus arna bhforfheidhmiú, cinntí aistrithe arna n-eisiúint agus arna ndéanamh, líon na n-imirceach a thagann isteach ar muir, lena n-áirítear trí dhíbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, leochaileachtaí iarratasóirí ar thearmann agus acmhainneacht Ballstáit maidir lena líon cásanna tearmainn agus glactha a bhainistiú, na sainiúlachtaí a eascraíonn as suíomh geografach na mBallstát agus as an gcaidreamh le tríú tíortha ábhartha agus cásanna ina bhféadfadh ionstraimiú a bheith á dhéanamh ar imircigh.

(29)

Ba cheart sásra a leagan amach do na Ballstáit a shainaithnítear sa Chinneadh mar Bhallstáit atá faoi bhrú imirce nó do na Ballstáit sin a mheasann iad féin a bheith faoi bhrú imirce, chun úsáid a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil. Na Ballstáit sin a sainaithníodh sa Chinneadh mar Bhallstáit atá faoi bhrú, ba cheart dóibh a bheith in ann úsáid a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil ar bhealach simplí tríd an gCoimisiún agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin rún atá acu é a úsáid, agus ina dhiaidh sin ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, thar ceann an Choimisiúin, an Fóram Leibhéil Theicniúil a thionól. Ba cheart do na Ballstáit a mheasann iad féin a bheith faoi bhrú imirce, chun úsáid a bhaint as an gComhthiomsú, réasúnú cuí-réasúnaithe a sholáthar maidir le brú imirce a bheith ann agus le méid an bhrú imirce agus faisnéis ábhartha eile a sholáthar i bhfoirm fógra ar cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh air go pras. Ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a úsáid ar bhealach réasúnach agus comhréireach, agus riachtanais dlúthpháirtíochta na mBallstát eile atá faoi bhrú imirce á gcur i gcuntas. Ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais dáileadh cothrom na rannchuidithe dlúthpháirtíochta atá ar fáil a áirithiú i measc na mBallstát is tairbhithe. I gcás ina measann Ballstát é féin a bheith i staid ghéarchéime, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(30)

I gcás inar Ballstáit is tairbhithe na Ballstáit féin, níor cheart dóibh a bheith faoi oibleagáid a rannchuidithe geallta leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a chur chun feidhme. Ag an am céanna, i gcás ina bhfuil aghaidh á tabhairt ag Ballstát, nó ina measann sé go bhfuil aghaidh á tabhairt aige, ar bhrú imirce nó ar staid shuntasach imirce, a d’fhéadfadh bac a chur ar a chumas a rannchuidithe geallta a chur chun feidhme mar gheall ar na dúshláin nach mór don Bhallstát sin aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart don Bhallstát sin a bheith in ann asbhaint iomlán nó páirteach a iarraidh ar a rannchuidiú geallta.

(31)

Ba cheart eochair thagartha bunaithe ar mhéid dhaonra agus OTI na mBallstát a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal an chion chothroim éigeantaigh le haghaidh oibriú an tsásra dlúthpháirtíochta lenar féidir ranníocaíocht fhoriomlán gach Ballstáit a chinneadh. D’fhéadfadh Ballstát, ar bhonn deonach, rannchuidiú foriomlán thar a chion cothrom éigeantach a sholáthar chun cabhrú leis na Ballstáit atá faoi bhrú imirce. Agus an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil á oibríochtú, ba cheart do na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais a chur chun feidhme i gcomhréir lena ngealltanas foriomlán, ionas go ndéanann na Ballstáit sin rannchuidiú de réir a gcion cothrom gach uair a tharraingítear an dlúthpháirtíocht ón gcomhthiomsú. Chun feidhmiú an Rialacháin seo a choimirciú, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme i leith an Bhallstáit is tairbhí i gcás inar shainaithin an Coimisiún easnaimh chórasacha sa Bhallstát sin is tairbhí maidir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid III den Rialachán seo a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a eascairt astu d’fheidhmiú an Rialacháin seo.

(32)

Sa bhreis ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, tá faoina réir ag na Ballstáit, go háirithe nuair a bhíonn siad faoi bhrú imirce nó nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar staid shuntasach imirce, agus ag an Aontas Buanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce (‘an Bosca Uirlisí’) lena n-áirítear bearta lenar féidir cabhrú le freagairt ar riachtanais na mBallstát agus le brú ar na Ballstáit a mhaolú, ar bearta iad dá bhforáiltear in acquis an Aontais nó in uirlisí beartais an Aontais. Chun a áirithiú go n-úsáidfear na huirlisí ábhartha uile go héifeachtach chun freagairt ar dhúshláin shonracha imirce, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún na bearta is gá ón mBosca Uirlisí a shainaithint, gan dochar do dhlí ábhartha an Aontais i gcás inarb infheidhme. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le comhpháirteanna den Bhosca Uirlisí a úsáid i gcomhar leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil. Mar sin féin, níor cheart úsáid na mbeart atá sa Bhosca Uirlisí a bheith ina réamhchoinníoll chun tairbhe a bhaint as bearta dlúthpháirtíochta.

(33)

Ba cheart fritháirimh freagrachta a thabhairt isteach mar bheart dlúthpháirtíochta ar an leibhéal tánaisteach, ar dá bhun a aistrítear an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas chuig an mBallstát is rannchuiditheoir, ag brath ar cé acu a shroicheann na gealltanais athshocrúcháin tairseacha áirithe mar a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach sroicheann. In imthosca áirithe, chun tuar leordhóthanach a sholáthar do na Ballstáit is tairbhithe, bíonn cur i bhfeidhm na bhfritháireamh freagrachta éigeantach. Ba cheart ranníocaíochtaí leis an dlúthpháirtíocht trí fhritháirimh freagrachta a chomhaireamh mar chuid de chion cothrom éigeantach an Bhallstáit is rannchuiditheoir. Ba cheart córas ráthaíochtaí a bhunú, ionas go seachnófar a mhéid is féidir dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta isteach san Aontas agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit agus chun tacú le feidhmiú rianúil na rialacha lena gcinntear freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. I gcás ina bhfuil sé éigeantach fritháireamh freagrachta a chur i bhfeidhm, leanann sé de bheith mar oibleagáid ar Bhallstát is rannchuiditheoir a bhfuil athshocruithe geallta aige agus nach bhfuil iarratais ar chosaint idirnáisiúnta aige a bhfuil cinneadh déanta ag an mBallstát is tairbhí ina leith go bhfuil sé freagrach as fritháireamh a ghealltanas athshocrúcháin a chur chun feidhme.

(34)

Cé gur cheart feidhm a bheith ag athshocrú go príomha maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus de bhrí gur cheart tús áite a thabhairt do dhaoine leochaileacha, ba cheart a chur i bhfeidhm a choinneáil solúbtha. I bhfianaise a chineáil dheonaigh, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí agus ag na Ballstáit is tairbhithe rogha a chur in iúl maidir leis na daoine atá le meas. Ba cheart an rogha sin a bheith réasúnach i bhfianaise na riachtanas a sainaithníodh agus na bpróifílí atá ar fáil sa Bhallstát is tairbhí chun a áirithiú gur féidir na hathshocruithe geallta a chur chun feidhme go héifeachtach.

(35)

Arna iarraidh sin, ba cheart do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i réimse an tearmainn agus an bhainistithe teorainneacha agus imirce a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcur chun feidhme an Rialacháin seo trí shaineolas agus tacaíocht oibríochtúil a sholáthar mar a fhoráiltear ina sainorduithe faoi seach.

(36)

Cruthaíodh an Comhchóras Eorpach Tearmainn go forchéimnitheach mar limistéar comhchoiteann cosanta atá bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), á áirithiú ar an dóigh sin nach seolfar aon duine ar ais chuig géarleanúint, i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement. I dtaca leis sin, agus gan difear a dhéanamh do na critéir freagrachta a leagtar síos sa Rialachán seo, meastar gur tíortha sábháilte do náisiúnaigh tríú tír iad na Ballstáit toisc prionsabal an non-refoulement a bheith á urramú acu uile.

(37)

Is iomchuí go ndéantar modh soiléir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a áireamh sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn mar a leag an Chomhairle Eorpach amach ag a chruinniú speisialta in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999. Ba cheart an modh sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus cothrom ó thaobh na mBallstát agus na ndaoine lena mbaineann de araon. Ba cheart, go háirithe, é a bheith indéanta dá thairbhe a chinneadh go tapa cén Ballstát atá freagrach, chun rochtain ghasta agus éifeachtach ar na nósanna imeachta córa agus éifeachtacha a ráthú chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus chun nach ndéanfar dochar don chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa.

(38)

Chun an tuiscint ar na nósanna imeachta is infheidhme a mhéadú go suntasach, ba cheart do na Ballstáit, a luaithe is féidir, an fhaisnéis ábhartha uile maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sholáthar do dhaoine atá faoi réir an Rialacháin seo, agus i dteanga a thuigeann siad nó a cheaptar le réasún go dtuigfidís í, go háirithe faisnéis a bhaineann leis na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, na nósanna imeachta faoi seach mar aon le faisnéis faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear iarmhairtí an neamhchomhlíonta. Chun a áirithiú go gcaomhnaítear leas an linbh agus chun cuimsitheacht na mionaoiseach a ráthú sna nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar do mhionaoisigh ar bhealach atá éasca do leanaí a thuiscint agus a n-aois agus a n-aibíocht á gcur i gcuntas. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Thearmann, i ndáil leis sin, ábhar faisnéise coitinne a fhorbairt, chomh maith le faisnéis shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha agus d’iarratasóirí leochaileacha, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

(39)

Is ar mhaithe le leas na mBallstát agus na n-iarratasóirí araon é faisnéis agus tacaíocht dhlíthiúil ar ardchaighdeán a sholáthar maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach agus maidir le cearta agus oibleagáidí na n-iarratasóirí sa nós imeachta sin. Chun éifeachtacht an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a mhéadú agus chun cur i bhfeidhm ceart na gcritéar freagrachta mar a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart comhairleoireacht dhlíthiúil a thabhairt isteach mar chuid dhílis den chóras chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Chun na críche sin, ba cheart comhairleoireacht dhlíthiúil a chur ar fáil do na hiarratasóirí, arna iarraidh sin dóibh, chun treoir agus cúnamh a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar agus na sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

(40)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, cur leis na prionsabail atá i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin arna sainaithint agus prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta á fhorbairt ag an am céanna mar chuid den chreat comhchoiteann, i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE. Chuige sin, ba cheart do shásra nua éigeantach dlúthpháirtíochta ullmhacht neartaithe a éascú sna Ballstáit chun an imirce a bhainistiú, chun aghaidh a thabhairt ar staideanna ina mbíonn brú imirce roimh na Ballstáit agus chun tacaíocht dlúthpháirtíochta rialta a éascú i measc na mBallstát. Is réamhriachtanas tábhachtach d’fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn ina iomláine é cur chun feidhme éifeachtach sásra dlúthpháirtíochta den sórt sin, mar aon le córas éifeachtach chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

(41)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach chun cóir chomhionann do gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta agus gach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, agus chun comhsheasmhacht le acquis reatha an Aontais maidir le tearmann a áirithiú, go háirithe Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(42)

Chun a áirithiú go ndéantar náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a athlonnaítear nó a ligtear isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó dá ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi scéimeanna athlonnaithe náisiúnta a thógáil ar ais go dtí an Ballstát a lig isteach iad nó a d’athlonnaigh iad, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le daoine ligthe isteach atá i láthair gan údarú ar chríoch Ballstáit eile.

(43)

Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus deimhneachta dlíthiúla, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh an Rialachán seo bunaithe ar an bprionsabal nach ndéantar freagracht a chinneadh ach an t-aon uair amháin, mura rud é go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na forais scoir a leagtar amach sa Rialachán seo.

(44)

Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2024/1346 i ndáil le gach nós imeachta a bhaineann le hiarratasóirí faoin Rialachán seo, faoi réir na dteorainneacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach sin.

(45)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) sa bhreis air sin agus gan dochar do na forálacha maidir le coimircí nós imeachta faoin Rialachán seo, faoi réir na dteorainneacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach sin.

(46)

I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989 agus leis an gCairt, ba cheart do leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht ag na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Agus measúnú á dhéanamh ar leas an linbh, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, aird chuí a thabhairt ar fholláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ar chúinsí sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh sin, lena n-áirítear a chúlra nó a cúlra. Ina theannta sin, ba cheart ráthaíochtaí sonracha nós imeachta a leagan síos le haghaidh mionaoisigh neamhthionlactha de bharr na leochaileachta sonraí a bhaineann leo, lena n-áirítear ionadaí a cheapadh.

(47)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach na ráthaíochtaí do mhionaoisigh a bhunaítear sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann foireann na n-údarás inniúil a dhéileálann le hiarrataí maidir le mionaoisigh neamhthionlactha an oiliúint iomchuí, mar shampla i gcomhréir leis na treoirlínte ábhartha ón nGníomhaireacht um Thearmann, i réimsí amhail cearta agus riachtanais aonair an mhionaoisigh, sainaithint luath íospartaigh na gáinneála ar dhaoine nó na mí-úsáide, chomh maith le dea-chleachtais chun cosc a chur ar dhul ar iarraidh an mhionaoisigh.

(48)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus leis an gCairt, ba cheart don mheas ar an saol pearsanta agus ar shaol an teaghlaigh a bheith ina phríomhthosaíocht ag na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(49)

Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le náisiúntacht a fháil ná don fhíoras, faoin dlí idirnáisiúnta, gur faoi gach Ballstát atá sé, ag féachaint go cuí do dhlí an Aontais, na coinníollacha a leagan síos maidir le náisiúntacht a fháil agus a chailliúint, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí idirnáisiúnta i leith daoine gan stát a urramú i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme faoin gCoinbhinsiún i dtaobh Stádas Daoine gan Stát, a glacadh i Nua-Eabhrac an 28 Meán Fómhair 1954. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit féachaint le daoine gan stát a shainaithint agus a gcosaint a neartú, agus ar an gcaoi sin ligean do dhaoine gan stát príomhchearta bunúsacha a theachtadh agus baol an idirdhealaithe nó na córa neamh-chomhionainne a laghdú.

(50)

Chun cosc a chur ar dhaoine a bhfuil baol slándála ag baint leo a bheith á n-aistriú idir na Ballstáit, is gá a áirithiú nach gcuirfidh an Ballstát ina gcláraítear an t-iarratas den chéad uair na critéir freagrachta i bhfeidhm nó nach gcuirfidh an Ballstát is tairbhí an nós imeachta um athshocrú i bhfeidhm i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas gur bagairt don tslándáil inmheánach an duine lena mbaineann.

(51)

Chun a áirithiú go ndéanann Ballstát amháin scrúdú críochnúil ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta do bhaill aon teaghlaigh amháin, go bhfuil na cinntí a dhéantar ina leith comhsheasmhach, agus nach scartar baill aon teaghlaigh amháin, ba cheart a bheith in ann na nósanna imeachta a sheoladh chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin le chéile.

(52)

Ba cheart fíorthreochtaí imirce an ama i láthair a chur san áireamh sa sainmhíniú ar bhall teaghlaigh freisin, is é sin gur minic a bhaineann iarratasóirí críoch na mBallstát amach tar éis dóibh tréimhse fhada a chaitheamh faoi bhealach. Teaghlaigh a bunaíodh lasmuigh den tír tionscnaimh ach sular baineadh amach críoch an Bhallstáit, ba cheart iad a chuimsiú sa sainmhíniú dá bhrí sin.

(53)

Chun a áirithiú go n-urramaítear ina iomláine prionsabal aontacht an aonaid teaghlaigh agus chun leas an linbh a áirithiú, ba cheart an gaol cleithiúnachta idir an t-iarratasóir agus leanbh, siblín nó tuismitheoir an iarratasóra mar gheall ar thoircheas nó máithreachas, sláinte nó seanaois an iarratasóra a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, ba cheart ball teaghlaigh, siblín nó gaol atá in ann aire a thabhairt dó nó di agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit eile a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach freisin. Chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe mionaoiseach neamhthionlactha a dhíspreagadh nuair nach bhfuil ball teaghlaigh, siblín nó gaol den sórt sin i láthair, gluaiseachtaí nach chun leasa an linbh iad, is é an Ballstát inar cláraíodh iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta den chéad uair ba cheart a bheith sa Bhallstát freagrach, má chinntear gur chun leas an linbh é. I gcás ina bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta ag an mionaoiseach neamhthionlactha i roinnt Ballstát, agus ina measann Ballstát nach chun leas an linbh é an mionaoiseach sin a aistriú chuig an mBallstát freagrach ar bhonn measúnú aonair, ba cheart don Bhallstát sin a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas nua.

(54)

Leis na rialacha maidir le fianaise, ba cheart athaontú teaghlaigh níos tapúla ná mar a bhí ann faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 seo a cheadú. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nár cheart gá a bheith le cruthúnas foirmiúil, amhail fianaise dhoiciméadach agus tástáil DNA, i gcás ina bhfuil an fhianaise imthoisceach comhleanúnach, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a chinneadh maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart d’údaráis na mBallstát breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil, amhail grianghraif, cruthúnas teagmhála agus ráitis ó fhinnéithe, chun breithmheas maith a dhéanamh ar an gcaidreamh. Chun sainaithint luath cásanna féideartha lena bhfuil baint ag baill teaghlaigh a éascú, ba cheart don iarratasóir teimpléad a fháil arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht um Thearmann. I gcás inar féidir, ba cheart don iarratasóir an teimpléad a chomhlánú roimh an agallamh pearsanta. Agus an tábhacht a bhaineann le naisc theaghlaigh laistigh d’ordlathas na gcritéar freagrachta á cur i gcuntas, ba cheart tosaíocht a thabhairt do gach cás lena mbaineann baill teaghlaigh le linn na nósanna imeachta ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(55)

I gcás ina bhfuil dioplóma nó cáilíocht eile i seilbh iarratasóra, ba cheart don Bhallstát inar eisíodh an dioplóma a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratas ar choinníoll go bhfuil an t-iarratas cláraithe níos lú ná 6 bliana tar éis an dioplóma nó an cháilíocht a eisiúint, rud a d’áiritheodh go scrúdófaí go tapa an t-iarratas sa Bhallstát lena bhfuil naisc fhiúntacha ag an iarratasóir bunaithe ar dhioplóma den sórt sin.

(56)

I bhfianaise gur cheart do Bhallstát leanúint de bheith freagrach as duine a chuaigh isteach ina chríoch go neamhrialta, is gá foráil a dhéanamh freisin maidir leis an gcás ina dtéann an duine isteach sa chríoch tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Ba cheart maolú ar an gcritéar freagrachta a leagan síos i gcás inar athshocraigh Ballstát daoine tar éis dóibh dul thar theorainn sheachtrach Bhallstáit eile go neamhrialta nó tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. I gcás den sórt sin, ba cheart do Bhallstát an athshocraithe a bheith freagrach as má dhéanann an duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(57)

Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann maolú ar na critéir freagrachta, dá rogha féin, go háirithe ar fhorais dhaonchairdiúla, shóisialta, chultúrtha agus atruacha, chun baill teaghlaigh, gaolta nó aon chaidreamh teaghlaigh eile a thabhairt le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a cláraíodh leis nó le Ballstát eile, fiú mura bhfuil freagracht air scrúdú den sórt sin a dhéanamh de réir na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

(58)

Chun a áirithiú go n-urramaítear na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun bacainní ar chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a chosc, go háirithe chun éalú náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe na ndaoine sin idir na Ballstáit a sheachaint, is gá oibleagáidí soiléire a bhunú iarratasóir i gcomhthéacs an nós imeachta, ar nós imeachta ar cheart é nó í a chur ar an eolas ina thaobh go hiomchuí agus go tráthúil. I gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí den sórt sin, ba cheart iarmhairtí nós imeachta iomchuí comhréireacha a bheith mar thoradh air sin le haghaidh an iarratasóra agus a dhálaí nó a dalaí glactha. Ba cheart do na Ballstáit imthosca aonair an iarratasóra a chur i gcuntas agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíonadh oibleagáidí an iarratasóra agus ar a chomhar nó a comhar leis na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcomhréir leis an gCairt, ba cheart don Bhallstát ina bhfuil iarratasóir den sórt sin i láthair a áirithiú in aon chás go gcumhdaítear riachtanais ábhartha láithreacha an iarratasóra sin.

(59)

Chun teorainn a chur leis an bhféidearthacht go mbeadh scor freagrachta nó aistriú freagrachta chuig Ballstát eile mar thoradh ar iompar na n-iarratasóirí, ba cheart síneadh a chur leis na teorainneacha ama as a dtagann scor freagrachta nó aistriú freagrachta i gcás ina bhfágann an duine lena mbaineann críoch na mBallstát le linn an scrúdaithe ar an iarratas nó i gcás ina n-éalaíonn an duine lena mbaineann chun aistriú chuig an mBallstát freagrach a sheachaint. Ina theannta sin, chun cur in aghaidh dul timpeall ar na rialacha nó bac a chur ar an nós imeachta, ba cheart an t-aistriú freagrachta a bhaint i gcás nár urramaigh an Ballstát a thugann fógra an teorainn ama maidir le fógra faoi ghabháil ar ais a sheoladh. I gcásanna ina ndeachaigh duine isteach i mBallstát go neamhrialta gan iarratas a dhéanamh ar thearmann, chun dreasú breise a thabhairt do dhaoine na rialacha a chomhlíonadh agus iarratas a dhéanamh i mBallstát an chéad dul isteach agus dá réir sin chun teorainn a chur le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse ar ina diaidh a scoireann freagracht an Bhallstáit sin agus a mbíonn Ballstát eile ina ndearna an duine sin iarratas ina dhiaidh sin freagrach.

(60)

Ba cheart agallamh pearsanta leis an iarratasóir a eagrú chun éascaíocht a dhéanamh ar an gcinneadh i dtaobh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mura rud é gur éalaigh an t-iarratasóir, mura bhfreastail sé nó sí ar an agallamh gan cúiseanna a bhfuil údar leo nó mura leor an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Chun a áirithiú go mbailítear an fhaisnéis ábhartha uile ón iarratasóir chun a chinneadh i gceart cé acu Ballstát atá freagrach, ba cheart don Bhallstát a fhágann an t-agallamh ar lár an deis a thabhairt don iarratasóir an fhaisnéis bhreise uile a chur i láthair, lena n-áirítear cúiseanna cuí-réasúnaithe don údarás chun breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le hagallamh pearsanta. A luaithe a chláraítear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart an t-iarratasóir a chur ar an eolas go háirithe go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, go bhfuil an cinneadh i dtaobh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe ar chritéir oibiachtúla, faoi chearta agus oibleagáidí an iarratasóra faoin Rialachán seo, agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí.

(61)

Chun a áirithiú go n-éascaítear, leis an agallamh pearsanta, a mhéid is féidir, an cinneadh i dtaobh cé acu Ballstát atá freagrach ar bhealach tapa agus éifeachtúil, ba cheart oiliúint leordhóthanach a bheith faighte ag an bhfoireann a chuireann iarratasóirí faoi agallamh, lena n-áirítear eolas ginearálta ar fhadhbanna a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chumas an iarratasóra dul faoi agallamh, amhail táscairí lena léirítear go bhféadfadh sé gurbh íospartach céasta nó gáinneála ar dhaoine an t-iarratasóir.

(62)

Chun cosaint éifeachtach chearta bunúsacha na n-iarratasóirí maidir leis an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, chearta an linbh agus an chosaint ar íde atá mídhaonna nó táireach mar gheall ar aistriú a ráthú, ba cheart ceart a bheith ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil, atá teoranta do na cearta sin, i gcomhréir, go háirithe, le hAirteagal 47 den Chairt agus le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(63)

Chun cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do na Ballstáit, i ngach cás, a chur in iúl in Eurodac cén Ballstát atá freagrach tar éis dóibh na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a thabhairt chun críche, lena n-áirítear i gcásanna ina n-eascraíonn an fhreagracht nuair nach ndéantar na teorainneacha ama a urramú maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a sheoladh nó freagra a thabhairt orthu, na cásanna ina ndéantar aistriú, agus cásanna ina dtugtar an fhreagracht don Bhallstát ina ndearnadh an t-iarratas den chéad uair nó ina bhfuil sé dodhéanta an t-aistriú chuig an mBallstát atá freagrach go príomha a dhéanamh mar gheall ar fhíorbhaol a bheith ann go mbeadh an t-iarratasóir faoi réir íde mhídhaonna nó tháireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt mar thoradh ar an aistriú chuig an mBallstát sin agus ina dhiaidh sin go gcinntear Ballstát eile a bheith freagrach.

(64)

Chun a áirithiú go gcinntear go tapa cé acu Ballstát atá freagrach, ba cheart na sprioc-amanna chun iarrataí ar ghabháil ar láimh a dhéanamh agus freagra a thabhairt orthu, chun fógraí faoi ghabháil ar ais a thabhairt, agus chun achomhairc a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, a chuíchóiriú agus a ghiorrú, gan dochar do chearta bunúsacha na n-iarratasóirí.

(65)

Maidir le coinneáil iarratasóirí, ba cheart í a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bprionsabal foluiteach nár cheart duine a choimeád faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg aige nó aici. Ba cheart aon tréimhse choinneála a bheith chomh gearr agus is féidir agus ba cheart di a bheith faoi réir phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, rud a áirithíonn nach n-úsáidtear an choinneáil ach mar bheart na rogha deiridh. Ní mór, go háirithe, coinneáil iarratasóirí a bheith i gcomhréir le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Ginéive. Maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo i dtaca le duine atá faoi choinneáil, ba cheart iad a chur i bhfeidhm mar thosaíocht, agus laistigh de na sprioc-amanna is giorra is féidir. Maidir leis na ráthaíochtaí ginearálta lena rialaítear an choinneáil, agus maidir le coinníollacha na coinneála, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, forálacha Threoir AE 2024/1346 a chur i bhfeidhm freisin maidir le daoine a choinnítear ar bhonn an Rialacháin seo. De ghnáth, níor cheart mionaoisigh a choinneáil agus ba cheart iarrachtaí a dhéanamh iad a chur i gcóiríocht ina bhfuil socruithe speisialta do mhionaoisigh. In imthosca eisceachtúla, mar bheart na rogha deiridh, tar éis é a bheith suite nach féidir bearta eile nach bhfuil chomh comhéigneach a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus tar éis an choinneáil a mheas a bheith chun leas an linbh, d’fhéadfaí mionaoisigh a choinneáil sna himthosca dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2024/1346.

(66)

Nuair a bhíonn easnaimh i gcórais tearmainn nó nuair a theipeann orthu, go minic agus brú faoi leith ag cur leis an bhfadhb, d’fhéadfaí feidhmiú rianúil an chórais a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo a chur i gcontúirt, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé go sárófaí cearta na n-iarratasóirí mar a leagtar amach in acquis tearmainn an Aontais agus sa Chairt, cearta idirnáisiúnta eile an duine agus cearta dídeanaithe.

(67)

Tá comhar dílis idir na Ballstáit fíor-riachtanach d’fheidhmiú cuí an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn. Is é atá i gceist le comhar den sórt sin, inter alia, rialacha nós imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go cuí, lena n-áirítear go ndéantar na socruithe praiticiúla iomchuí uile is gá a bhunú agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéantar aistrithe i ndáiríre.

(68)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún (15), féadfar aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh ar bhonn deonach, trí bhíthin imeacht faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht. Ba cheart do na Ballstáit aistrithe deonacha a chur chun cinn trí fhaisnéis leormhaith a sholáthar don duine lena mbaineann agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar aistrithe faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht ar bhealach daonnachtúil, agus cearta bunúsacha agus dínit an duine á gcomhlíonadh go hiomlán agus le hurraim ar dhínit an duine, chomh maith le leas an linbh, agus lánaird á tabhairt ar fhorbairtí sa chásdlí ábhartha, go háirithe maidir le haistrithe ar fhorais dhaonnúla.

(69)

Ar choinníoll go bhfuil sé riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis shonrach atá ábhartha chun na críche sin a chomhroinnt gan toiliú ón iarratasóir i gcás inar gá faisnéis den sórt sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí sin a eascraíonn as Rialachán (AE) 2024/1348.

(70)

Chun nós imeachta um athshocrú atá soiléir agus éifeachtúil a áirithiú, ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir le Ballstáit is tairbhithe agus is rannchuiditheoirí. I gcás nár cinneadh an fhreagracht roimh an athshocrú, ba cheart do Bhallstát an athshocraithe a bheith freagrach, cé is moite de na cásanna ina bhfuil feidhm ag na critéir a bhaineann leis an teaghlach. Na rialacha agus na coimircí a bhaineann le haistrithe a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu freisin, i gcás inarb ábhartha, maidir le haistrithe chun críoch athshocraithe. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go gcaomhnaítear aontacht an aonaid teaghlaigh agus nach n-athlonnaítear daoine a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don tslándáil inmheánach.

(71)

I gcás ina dtugann na Ballstáit faoi athshocrú mar rannchuidiú dlúthpháirtíochta, ba cheart tacaíocht airgeadais iomchuí chomhréireach ó bhuiséad an Aontais a sholáthar. Chun na Ballstáit a dhreasú chun tosaíocht a thabhairt d’athshocrú mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart ranníocaíocht dreasachta níos airde a sholáthar i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha.

(72)

Ba cheart a bheith in ann acmhainní an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147, agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais (‘na Cistí’), a shlógadh chun tacaíocht a chur ar fáil d’iarrachtaí na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear úsáid na gCistí agus gan dochar do thosaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as na leithdháiltí faoina gcláir faoi seach, lena n-áirítear na méideanna a chuirtear ar fáil tar éis an athbhreithnithe meántéarma. Ba cheart a bheith in ann tacaíocht bhreise faoi na saoráidí téamacha a chur ar fáil, go háirithe do na Ballstáit sin a bhféadfadh sé go gcaithfidís a n-acmhainneacht ag na teorainneacha seachtracha a mhéadú nó a bhfuil brú sonrach ar a gcórais tearmainn agus ghlactha agus ar a dteorainneacha seachtracha nó a bhfuil riachtanais shonracha acu a bhaineann leis na córais sin agus lena dteorainneacha seachtracha.

(73)

Ba cheart Rialachán (AE) 2021/1147 a leasú chun ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais le caiteachas incháilithe iomlán na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a ráthú, chomh maith le ceanglais shonracha tuairiscithe a thabhairt isteach i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana maidir le cur chun feidhme na gCistí.

(74)

Agus an tréimhse incháilitheachta do chaiteachas gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta á sainiú, ba cheart an gá le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme go tráthúil a mheas. Ina theannta sin, mar gheall ar chineál dlúthpháirtíochta na n-aistrithe airgeadais faoin Rialachán seo, ba cheart aistrithe den sórt sin a úsáid go hiomlán chun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chistiú.

(75)

Is féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, agus cur lena éifeachtacht, le socruithe déthaobhacha idir na Ballstáit chun cumarsáid idir ranna inniúla a fheabhsú, teorainneacha ama le haghaidh nósanna imeachta a laghdú nó próiseáil iarrataí ar ghabháil ar láimh nó fógraí faoi ghabháil ar ais a shimpliú, nó trí nósanna imeachta a bhunú le haghaidh fheidhmíocht na n-aistrithe agus chun iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla.

(76)

Ba cheart leanúnachas a áirithiú idir an córas a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach agus an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(77)

Ba cheart don Ghníomhaireacht um Thearmann líonra amháin nó níos mó d’údaráis inniúla na mBallstát a chur ar bun agus a éascú chun feabhas a chur ar chomhar praiticiúil agus ar chomhroinnt faisnéise maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear uirlisí praiticiúla agus treoir phraiticiúil a fhorbairt. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na líonraí sin teacht le chéile go rialta chun feabhas a chur ar chothú iontaoibhe agus ar chomhthuiscint ar aon dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit.

(78)

Le hoibriú chóras Eurodac, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1358, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

(79)

Le hoibriú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus go háirithe le cur chun feidhme Airteagail 21 agus 22 de, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

(80)

Maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hoibleagáidí atá orthu faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

(81)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le sonraí pearsanta a phróiseálann na Ballstáit faoin Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun a áirithiú agus chun bheith in ann a léiriú go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán sin agus leis na forálacha lena sonraítear na ceanglais dá cuid atá sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart slándáil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin Rialachán seo a áirithiú leis na bearta sin agus, go háirithe, chun cosc a chur ar rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta a próiseáladh agus ar athrú nó ar chailleadh na sonraí sin. Ba cheart don údarás inniúil maoirseachta nó do na húdaráis inniúla mhaoirseachta i ngach Ballstát faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear an tarchur chuig na húdaráis atá inniúil maidir le seiceálacha slándála a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart fógra a thabhairt do na hábhair sonraí gan moill mhíchuí nuair is dócha go mbeadh ardriosca dá gcearta agus dá saoirsí faoi Rialachán (AE) 2016/679 mar thoradh ar shárú i ndáil le sonraí pearsanta.

(82)

Ba cheart do na Ballstáit agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, na bearta comhréireacha uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go stóráiltear sonraí pearsanta ar bhealach slán.

(83)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme áirithe a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cé is moite de chinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún lena gcinntear an bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, an bhfuil sé i mbaol brú imirce nó an bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce.

(84)

Chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha forlíontacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint; na critéir chun a shuí gurb ann do naisc chruthaithe teaghlaigh i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha; na critéir chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht an ghaoil aire a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha, lena n-áirítear i gcás ina bhfanann baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i níos mó na an t-aon Bhallstát amháin; na heilimintí atá le cur i gcuntas chun measúnú a dhéanamh ar an nasc cleithiúnais; na critéir chun a shuí gurb ann do naisc chruthaithe teaghlaigh i ndáil le cleithiúnaithe; na critéir chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht an duine lena mbaineann aire a thabhairt don chleithiúnach agus na heilimintí atá le cur i gcuntas chun measúnú a dhéanamh ar éagumas taistil ar feadh tréimhse shuntasach ama, agus lánurraim á tabhairt do leas an linbh mar a fhoráiltear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(85)

Tá roinnt leasuithe substainteacha le déanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(86)

Is gá go ndéanfaí meastóireacht ar an Rialachán seo go tráthrialta chun go mbeadh faireachán éifeachtúil á dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.

(87)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a ráthaítear i ndlí an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear sa Chairt. Féachtar leis an Rialachán seo, go háirithe, le hurramú iomlán an chirt chun tearmainn a ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt a áirithiú mar aon leis na cearta a aithnítear faoi Airteagail 1, 4, 7, 24 agus 47 di. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá réir sin, agus na cearta bunúsacha sin á n-urramú go hiomlán acu.

(88)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon critéir agus sásraí a bhunú chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chláraíonn náisiúnach tríú tír nó duine gan stát i gceann de na Ballstáit agus sásra dlúthpháirtíochta a bhunú chun tacú leis na Ballstáit agus aghaidh á tabhairt acu ar chásanna ina bhfuil brú imirce, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(89)

D’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú faoin tráth a chuirtear i bhfeidhm é, ba cheart pleananna cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena sainaithnítear bearnaí agus céimeanna oibríochtúla do gach Ballstát a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

(90)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é gur leasuithe iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 3 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus maidir le córas ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (21), tá an Danmhairg le fógra a thabhairt don Choimisiún faoina cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí lena bhfuil i leasuithe den sórt sin a chur chun feidhme an tráth a ghlacfar na leasuithe nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin.

(91)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(92)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is reachtaíocht nua iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo i réimse atá cumhdaithe ag ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua (22).

(93)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is gníomhartha nó bearta iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo lena leasaítear nó lena gcuirtear le forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (23).

(94)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is gníomhartha nó bearta iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo lena leasaítear nó lena gcuirtear le forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis dá dtagraíonn Airteagal 3 den Phrótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (24),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

I gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, mar a chumhdaítear in Airteagal 80 de CFAE, agus leis an gcuspóir muinín fhrithpháirteach a neartú, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)

leagtar amach creat comhchoiteann chun tearmann agus imirce a bhainistiú san Aontas, agus le haghaidh fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn;

(b)

bunaítear sásra le haghaigh na dlúthpháirtíochta;

(c)

leagtar síos na critéir agus na sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ duine nach saoránach den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE é nó í agus nach duine é nó í ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(2)

ciallaíonn ‘duine gan stát’ duine nach measann aon Stát gur náisiúnach é nó í trí fheidhmiú a dhlí;

(3)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ nó ‘iarratas’ iarraidh ar chosaint ó Bhallstát a dhéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, ar duine é nó í is féidir a thuiscint mar dhuine atá ag iarraidh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí;

(4)

ciallaíonn ‘iarratasóir’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas déanta aige nó aici ar chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta maidir leis an iarratas sin go fóill;

(5)

ciallaíonn ‘scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ scrúdú ar inghlacthacht nó ar thuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2024/1348; agus (AE) 2024/1347, cé is moite de nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar go sainráite nó go hintuigthe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347;

(7)

Ciallaíonn ‘tairbhí de chosaint idirnáisiúnta’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2024/1347;

(8)

ciallaíonn ‘ball teaghlaigh’, sa mhéid gurbh ann cheana don teaghlach sular bhain an t-iarratasóir nó an ball teaghlaigh amach críoch na mBallstát, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra atá i láthair ar chríoch Ballstáit:

(a)

céile an iarratasóra nó páirtnéir neamhphósta an iarratasóra i gcaidreamh seasmhach, i gcás ina ndéileáiltear i ndlí nó cleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach is inchomparáide leis an mbealach a ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le náisiúnaigh tríú tír;

(b)

leanbh mionaoiseach na lánúineacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó an iarratasóra, ar choinníoll go bhfuil an leanbh sin neamhphósta agus is cuma cé acu a rugadh nó nár rugadh an leanbh sin de phósadh nó is cuma cé acu a uchtaíodh nó nár uchtaíodh an leanbh sin mar a shainítear faoin dlí náisiúnta;

(c)

i gcás inar mionaoiseach neamhphósta an t-iarratasóir, an t-athair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an iarratasóir, cibé acu de réir an dlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta sin i láthair,

(d)

i gcás inar mionaoiseach neamhphósta an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil sé pósta, an t-athair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an tairbhí, cibé acu de réir an dlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an tairbhí i láthair,

(9)

ciallaíonn ‘gaol’ aintín fhásta, uncail fásta nó seantuismitheoir an iarratasóra atá i láthair i gcríoch an Bhallstáit, is cuma ar rugadh nó nár rugadh an t-iarratasóir de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh an t-iarratasóir mar a shainítear faoin dlí náisiúnta;

(10)

ciallaíonn ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(11)

ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a bhaineann críoch na mBallstát amach gan tionlacan duine fhásta atá freagrach as nó aisti, cibé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar an mionaoiseach sin go héifeachtach faoi chúram duine fhásta den sórt sin, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó nó di dul isteach i gcríoch na mBallstát.

(12)

ciallaíonn ‘ionadaí’ duine nó eagraíocht a cheapann na comhlachtaí inniúla chun cúnamh a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar an mionaoiseach sin i nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo d’fhonn leas an linbh a áirithiú agus inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú don mhionaoiseach i gcás inar gá;

(13)

ciallaíonn ‘doiciméad cónaithe’ údarú a eisíonn údaráis Bhallstáit lena n-údaraítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát fanacht ar a chríoch, agus lena n-áirítear na doiciméid lena dtugtar bunús leis an údarú fanacht ar an gcríoch faoi shocruithe sealadacha cosanta nó go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí lena gcuirtear bac ar ordú aistrithe a chur i gcrích, cé is moite de víosaí agus d’údaruithe cónaithe a eisítear le linn na tréimhse is gá chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach de réir an Rialacháin seo nó le linn an scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ar chead cónaithe;

(14)

ciallaíonn ‘víosa’ údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh tríd an mBallstát sin nó chun teacht isteach sa Bhallstát sin nó i roinnt Ballstát ar feadh tréimhse beartaithe fanachta, lena n-áirítear:

(a)

údarú nó cinneadh a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta atá riachtanach chun dul isteach sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse beartaithe fanachta níos faide ná 90 lá;

(b)

údarú nó cinneadh a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta atá riachtanach chun dul isteach sa Bhallstát sin chun idirthuras a dhéanamh trí nó chun dul isteach sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse beartaithe fanachta nach mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(c)

údarú nó cinneadh atá bailí le haghaidh idirthuras trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfort amháin nó níos mó d’aerfoirt na mBallstát;

(15)

ciallaíonn ‘dioplóma nó cáilíocht’ dioplóma nó cáilíocht a fhaightear agus a fhianaítear i mBallstát tar éis tréimhse bliana acadúla amháin staidéir ar a laghad ar chríoch Ballstáit i gclár aitheanta stáit nó réigiúnach oideachais nó gairmoiliúna atá coibhéiseach ar a laghad le leibhéal 2 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas, arna oibriú ag foras oideachais de bhun fhorálacha reachtacha, rialála nó riaracháin an Bhallstáit sin agus gan oiliúint ar líne ná cineálacha eile cianfhoghlama a áireamh;

(16)

ciallaíonn ‘foras oideachais’ foras oideachais nó gairmoiliúna poiblí nó príobháideach atá bunaithe i mBallstát agus aitheanta ag an mBallstát sin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó lena chleachtas riaracháin ar bhonn critéir thrédhearcacha;

(17)

ciallaíonn ‘éalú’ an ghníomhaíocht arb é atá i gceist léi nach bhfanann duine lena mbaineann ar fáil do na húdaráis inniúla riaracháin nó bhreithiúnacha amhail tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

críoch Ballstáit a fhágáil gan cead a fháil ó na húdaráis inniúla ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an duine orthu;

(b)

mainneachtain fógra a thabhairt maidir le neamhláithreacht ó ionad cóiríochta ar leith, nó ó limistéar sannta cónaithe, i gcás ina n-éilíonn Ballstát amhlaidh; nó

(c)

mainneachtain é nó í féin a chur i láthair na n-údarás inniúil, i gcás ina n-éilíonn na húdaráis sin amhlaidh;

(18)

ciallaíonn ‘riosca éalaithe’ cúiseanna agus imthosca sonracha a bheith ann i gcás aonair, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear sa dlí náisiúnta, chun a chreidiúint go bhféadfadh duine lena mbaineann atá faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo éalú;

(19)

ciallaíonn ‘Ballstát is tairbhí’ Ballstát a thairbhíonn de na rannchuidithe dlúthpháirtíochta mar a leagtar amach i gCuid IV den Rialachán seo;

(20)

ciallaíonn ‘Ballstát is rannchuiditheoir’ Ballstát a sholáthraíonn rannchuidithe dlúthpháirtíochta do Bhallstát is tairbhí, nó a bhfuil sé d’oibleagáid air na ranníocaíochtaí sin a sholáthar, mar a leagtar amach i gCuid IV den Rialachán seo;

(21)

ciallaíonn ‘aistriú’ cur chun feidhme cinnidh a dhéantar de bhun Airteagal 42;

(22)

ciallaíonn ‘athshocrú’ aistriú iarratasóra nó tairbhí de chosaint idirnáisiúnta ó chríoch Ballstáit is tairbhí chuig críoch Ballstáit is rannchuiditheoir;

(23)

ciallaíonn ‘oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála’ oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála dá dtagraítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, 1979, arna ghlacadh in Hamburg an 27 Aibreán 1979;

(24)

ciallaíonn ‘brú imirce’ staid a chruthaítear mar gheall ar theacht isteach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ar tír, ar muir nó san aer, teacht isteach atá chomh mór sin go gcuireann sé oibleagáidí díréireacha ar Bhallstát, agus an staid fhoriomlán san Aontas á cur i gcuntas, fiú ar chóras tearmainn agus glactha atá dea-ullmhaithe agus nach mór gníomhaíocht láithreach a dhéanamh ina leith, go háirithe rannchuidithe dlúthpháirtíochta de bhun Chuid IV den Rialachán seo; agus sainiúlachtaí shuíomh geografach Ballstáit á gcur i gcuntas, cumhdaítear le ‘brú imirce’ staideanna ina bhfuil líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag teacht isteach nó ina bhfuil baol ann go mbeidh líon mór daoine ag teacht isteach mar sin, lena n-áirítear i gcás ina n-eascraíonn teacht isteach den sórt sin as díbhordáil athfhillteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, nó as gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát idir na Ballstáit;

(25)

ciallaíonn ‘staid shuntasach imirce’ staid atá éagsúil ó bhrú imirce i gcás ina mbaineann córas tearmainn, glactha agus imirce atá dea-ullmhaithe barr a chumais amach mar thoradh ar an éifeacht charnach ag líon bliantúil na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá ag teacht isteach faoi láthair nó a tháinig isteach roimhe sin;

(26)

ciallaíonn ‘dálaí glactha’ dálaí glactha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir (AE) 2024/1349;

(27)

ciallaíonn ‘duine ligthe isteach’ duine a bhfuil glactha leis ag Ballstát lena ligean isteach de bhun Rialachán (AE) 2024/1350 nó faoi scéim náisiúnta athlonnaithe lasmuigh de chreat an Rialacháin sin;

(28)

ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais’ an duine a cheapann an Coimisiún de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo agus ag a bhfuil an sainordú mar a shainmhínítear san Airteagal sin;

CUID II

CREAT COITEANN MAIDIR LE BAINISTIÚ TEARMAINN AGUS IMIRCE

CAIBIDIL I

An cur chuige cuimsitheach

Airteagal 3

Cur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce

1.   Beidh na comhghníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta mar a chumhdaítear in Airteagal 80 CFAE ar bhonn cur chuige cuimsitheach, agus beidh siad á dtreorú ag prionsabal an cheaptha beartais chomhtháite, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, lena n-áirítear cearta bunúsacha.

Agus é mar aidhm fhoriomlán acu tearmann agus imirce a bhainistiú go héifeachtach faoi chuimsiú dhlí an Aontais is infheidhme, beidh na cuspóirí seo a leanas ag na gníomhaíochtaí sin:

(a)

comhsheasmhacht a áirithiú idir beartais bainistithe tearmainn agus imirce le linn sreabha imirce chuig an Aontas a bhainistiú;

(b)

aghaidh a thabhairt ar na bealaí imirce ábhartha, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún, an Chomhairle agus na Ballstáit cur chun feidhme comhsheasmhach na mbeartas bainistithe tearmainn agus imirce, lena n-áirítear comhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha na mbeartas sin, i gcomhairle leis na hinstitiúidí agus leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí atá freagrach as beartais sheachtracha.

Airteagal 4

Comhpháirteanna inmheánacha an chur chuige chuimsithigh

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, beidh na heilimintí seo a leanas i gcomhpháirteanna inmheánacha an chur chuige chuimsithigh:

(a)

dlúthchomhar agus comhpháirtíocht fhrithpháirteach idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, na Ballstáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(b)

bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha na mBallstát a bhainistiú go héifeachtach, bunaithe ar an mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(c)

lánurraim a thabhairt do na hoibleagáidí a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le daoine a tharrtháiltear ar muir;

(d)

rochtain thapa agus éifeachtach ar nós imeachta cothrom éifeachtúil le haghaidh cosaint idirnáisiúnta ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, i bhfarraige theorann nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát agus aitheantas a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar thairbhithe de chosaint choimhdeach, i gcomhréir le Rialachán 2024/1348 agus Rialachán (AE) 2024/1347;

(e)

cinneadh a dhéanamh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(f)

bearta éifeachtacha chun dreasachtaí do ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit a laghdú agus chun na gluaiseachtaí sin a chosc;

(g)

rochtain d’iarratasóirí ar dhálaí glactha leormhaithe, i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346;

(h)

bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar fhilleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(i)

bearta éifeachtacha chun dreasachtaí a sholáthar le haghaidh imeascadh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát agus tacaíocht a sholáthar ina leith;

(j)

bearta arb é is aidhm dóibh dúshaothrú a chomhrac agus fostaíocht neamhdhleathach a laghdú i gcomhréir le Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28);

(k)

i gcás inarb infheidhme, imscaradh agus úsáid na n-uirlisí oibríochtúla arna gcur ar bun ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘an Ghníomhaireacht um Thearmann’), agus córais faisnéise an Aontais a oibríonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA).

Airteagal 5

Comhpháirteanna seachtracha an chur chuige chuimsithigh

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, comhpháirtíochtaí saincheaptha agus comhthairbheacha a chur chun cinn agus a fhorbairt, i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais agus ar bhonn lánurraim do chearta an duine, agus déanfaidh siad dlúthchomhar le tríú tíortha ábhartha a chothú ar an leibhéal déthaobhach, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal iltaobhach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

imirce dhleathach agus bealaí dlíthiúla a chur chun cinn do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus dóibh siúd a ligtear isteach ar bhealach eile chun cónaí go dleathach sna Ballstáit;

(b)

tacú le comhpháirtithe a bhfuil líon mór imirceach agus dídeanaithe á n-óstáil acu a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus a n-acmhainneachtaí oibríochtúla a fhorbairt maidir le himirce, tearmann agus bainistiú teorainneacha agus cearta an duine á n-urramú go hiomlán;

(c)

imirce neamhrialta a chosc go héifeachtach agus smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear na leochaileachtaí arb iad is cúis leo a laghdú, agus an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta á áirithiú;

(d)

aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna agus na spreagthaí atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach;

(e)

filleadh éifeachtach, athligean isteach éifeachtach agus ath-lánpháirtiú éifeachtach a fheabhsú;

(f)

a áirithiú go ndéanfaí an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme go hiomlán.

Airteagal 6

Prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta

1.   Agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme acu, urramóidh an tAontas agus na Ballstáit prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta mar a chumhdaítear in Airteagal 80 CFAE, agus cuirfidh siad i gcuntas an leas comhroinnte atá acu i bhfeidhmiú éifeachtach bheartais bainistithe tearmainn agus imirce an Aontais.

2.   Agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

córais náisiúnta bainistithe tearmainn agus imirce a bhunú agus a choimeád ar bun lena soláthraítear rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta, lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta d’iarratasóirí atá i ngátar, agus filleadh éifeachtach agus díniteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, agus glacadh leormhaith iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a sholáthar agus infheistíocht a dhéanamh ann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346;

(b)

a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní is gá agus pearsanra inniúil leordhóthanach a leithdháileadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin nó i gcás inarb infheidhme, tacaíocht a iarraidh ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais chun na críche sin;

(c)

gach beart is gá agus is comhréireach a dhéanamh, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán, chun imirce neamhrialta chuig críocha na mBallstát a chosc agus a laghdú, lena n-áirítear chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus chun cearta imirceach a ndéantar smuigleáil orthu agus cearta daoine a ndéantar gáinneáil orthu a chosaint;

(d)

na rialacha maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go cuí agus go gasta agus, i gcás inar gá, an t-aistriú chuig an mBallstát freagrach de bhun Chaibidlí I go VI de Chuid III agus Chaibidil I de Chuid IVa dhéanamh;

(e)

tacaíocht éifeachtach a sholáthar do Bhallstáit eile i bhfoirm rannchuidithe dlúthpháirtíochta ar bhonn na riachtanas a leagtar amach i gCuid II nó IV;

(f)

bearta éifeachtacha a dhéanamh chun dreasachtaí do ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit a laghdú agus chun na gluaiseachtaí sin a chosc.

3.   Chun tacú leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i mBuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce:

(a)

cúnamh oibríochtúil agus teicniúil ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe, go háirithe ón nGníomhaireacht um Thearmann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(b)

tacaíocht arna soláthar ag cistí an Aontais chun an creat coiteann a leagtar amach sa Chuid seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1147 agus, i gcás inarb ábhartha, Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(c)

maoluithe in acquis an Aontais lena soláthraítear do na Ballstáit na huirlisí is gá chun freagairt do dhúshláin shonracha imirce dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2024/… agus (AE) 2024/1359 agus Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(d)

gníomhachtú an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(e)

bearta chun gníomhaíochtaí um fhilleadh agus um ath-lánpháirtiú a éascú, lena n-áirítear trí chomhar le tríú tíortha, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán;

(f)

gníomhaíochtaí neartaithe agus gníomhaíochtaí trasearnála i ngné sheachtrach na himirce;

(g)

for-rochtain taidhleoireachta agus pholaitiúil fheabhsaithe;

(h)

straitéisí cumarsáide comhordaithe;

(i)

tacú le beartais imirce éifeachtacha atá bunaithe ar chearta an duine i dtríú tíortha;

(j)

imirce dhleathach agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí déthaobhacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú maidir le himirce, easáitiú éigeantach, bealaí dlíthiúla agus comhpháirtíochtaí soghluaisteachta.

Airteagal 7

Cur chuige straitéiseach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar an leibhéal náisiúnta

1.   Beidh straitéisí náisiúnta i bhfeidhm ag na Ballstáit lena mbunaítear cur chuige straitéiseach chun a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn acu a gcóras bainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir iomlán lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta, agus a staid shonrach á cur i gcuntas, go háirithe a suíomh geografach.

Agus a straitéisí náisiúnta á mbunú acu, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe an Ghníomhaireacht um Thearmann, chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ar na straitéisí sin:

(a)

bearta coisctheacha chun baol an bhrú imirce a laghdú agus pleanáil theagmhasach, lena gcuirtear i gcuntas an phleanáil theagmhasach de bhun Rialacháin (AE) 2019/1896 agus (AE) 2021/2023 agus Threoir (AE) 2024/1346 agus na tuarascálacha ón gCoimisiún a eisítear de bhun Mholadh (AE) 2020/1366;

(b)

faisnéis faoin gcaoi a gcuireann na Ballstáit na prionsabail a leagtar amach sa Chuid seo chun feidhme agus faoin gcaoi a gcomhlíontar ar an leibhéal náisiúnta na hoibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn astu;

(c)

faisnéis faoin gcaoi a cuireadh i gcuntas torthaí an fhaireacháin a rinne an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus torthaí na meastóireachta a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/922 chomh maith le torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1356.

2.   Déanfar straitéisí ábhartha eile agus bearta tacaíochta atá ann cheana a chur san áireamh sna straitéisí náisiúnta, go háirithe bearta tacaíochta faoi Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/2303, agus beidh na straitéisí náisiúnta comhsheasmhach agus comhlántach leis na straitéisí náisiúnta do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2019/1896.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a straitéisí náisiúnta um bainistiú tearmainn agus imirce a tharchur chuig an gCoimisiún 6 mhí roimh ghlacadh na Straitéise dá dtagraítear in Airteagal 8.

4.   Tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ón Aontas, lena n-áirítear tacaíocht oibríochtúil ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chun na hoibleagáidí a chur chun feidhme, soláthrófar í i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/1986, (AE) 2021/1147, (AE) 2021/2303 agus, i gcás inar ábhartha, Rialachán (AE) 2021/1148.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar staid na himirce agus soláthróidh sé faisnéis faoi staid na himirce trí thuarascálacha rialta bunaithe ar shonraí agus faisnéis a sholáthraíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an Ghníomhaireacht um Thearmann, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus go háirithe an fhaisnéis a bhailítear de bhun Mholadh (AE) 2020/1366 agus faoi chuimsiú Líonra an Aontais um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce agus, i gcás inar gá, faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad a bhunú atá le húsáid ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil a straitéisí náisiúnta inchomparáide maidir le croí-eilimintí sonracha, amhail an phleanáil theagmhasach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 8

Straitéis Eorpach fhadtéarmach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, agus tuarascálacha ábhartha agus anailísí ábhartha ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais á gcur i gcuntas aige agus ag cur leis na straitéisí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7, Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce 5 bliana (‘an Straitéis’) a tharraingt suas ina leagtar amach an cur chuige straitéiseach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na straitéisí náisiúnta a áirithiú. Tarchuirfidh an Coimisiún an Straitéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní bheidh an Straitéis ceangailteach ó thaobh dlí de.

2.   Glacfar an chéad Straitéis faoin 12 Nollag 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

3.   Áireofar sa Straitéis na comhchodanna a liostaítear in Airteagail 4 agus 5, tabharfar ról tábhachtach do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine léi agus cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas inti freisin:

(a)

cur chun feidhme straitéisí náisiúnta um bainistiú tearmainn agus imirce na mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 7, agus a mhéid a chomhlíonann siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta;

(b)

faisnéis ábhartha a bhailíonn an Coimisiún de bhun Mholadh (AE) 2020/1366;

(c)

faisnéis a bhailíonn an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht um Thearmann faoi chur chun feidhme acquis tearmainn an Aontais;

(d)

faisnéis a bhailíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe tuarascálacha ón nGníomhaireacht um Thearmann, ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

(e)

aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis ó na Ballstáit, ó údaráis faireacháin, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ó chomhlacht, oifigí, gníomhaireachtaí nó eagraíocht ábhartha eile.

CAIBIDIL II

An timthriall bliantúil bainistithe imirce

Airteagal 9

An Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce

1.   Glacfaidh an Coimisiún Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce ar bhonn bliantúil lena ndéantar measúnú ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin agus ar aon fhorbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena soláthraítear léargas straitéiseach ar dhálaí i réimse na himirce agus an tearmainn a fhónann freisin mar uirlis luathrabhaidh agus feasachta don Aontas (‘an Tuarascáil’).

2.   Beidh an Tuarascáil bunaithe ar shonraí ábhartha cainníochtúla agus cáilíochtúla agus ar fhaisnéis ábhartha chainníochtúil agus cháilíochtúil a sholáthraíonn na Ballstáit, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an Ghníomhaireacht um Thearmann, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Féadfar faisnéis a sholáthraíonn comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí nó eagraíochtaí ábhartha eile a chur i gcuntas inti freisin.

3.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa Tuarascáil:

(a)

measúnú ar an staid fhoriomlán, lena gcumhdaítear na bealaí imirce uile chuig an Aontas agus sna Ballstáit uile, go háirithe an méid seo a leanas:

(i)

líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus náisiúntachtaí na n-iarratasóirí;

(ii)

líon na mionaoiseach neamhthionlactha sainaitheanta agus, i gcás ina bhfuil fáil air, líon na ndaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta ghlactha nó nós imeachta;

(iii)

líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát dar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347;

(iv)

líon na gcinntí céadchéime agus críochnaitheacha maidir le tearmann;

(v)

acmhainneacht ghlactha na mBallstát;

(vi)

líon na náisiúnach tríú tír ar bhraith údaráis na mBallstát iad agus gan na coinníollacha maidir le dul isteach iontrála, fanacht ná cónaí sa Bhallstát a bheith á gcomhlíonadh acu, nó gan iad a bheith á gcomhlíonadh acu a thuilleadh, lena n-áirítear rófhantóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (19), de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(vii)

líon na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh lena gcomhlíontar Treoir 2008/115/CE;

(viii)

líon na náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát arna ligean isteach ag na Ballstáit trí scéimeanna athlonnaithe nó scéimeanna um ligean isteach ar fhoras daonnúil de chuid an Aontais agus trí scéimeanna náisiúnta athlonnaithe nó scéimeanna náisiúnta um ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(ix)

líon na náisiúnach tríú tír atá faoi réir an nós imeachta teorann dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2024/1348 agus (AE) 2024/1349 chomh maith lena náisiúntachtaí;

(x)

líon na n-iarrataí ar ghabháil ar láimh ó thaobh teacht isteach agus imeachta de nó líon na bhfógraí faoi ghabháil ar ais i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 41;

(xi)

líon na gcinntí aistrithe agus líon na n-aistrithe a rinneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(xii)

líon agus náisiúntacht na náisiúnach tríú tír a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag na náisiúnaigh tríú tír sin;

(xiii)

na Ballstáit a raibh daoine ag teacht isteach ar muir arís agus arís eile ina gcríoch, go háirithe trí dhíbhordálacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

(xiv)

líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát dar diúltaíodh cead isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399;

(xv)

líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a bhfuil cosaint shealadach acu i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (35);

(xvi)

líon na ndaoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí talún, farraige nó aeir agus, ar choinníoll go bhfuil na sonraí ar fáil agus infhíoraithe, líon na n-iarrachtaí ar thrasnuithe neamhrialta teorann;

(xvii)

an tacaíocht a sholáthraíonn comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais do na Ballstáit;

(b)

réamh-mheastachán don bhliain atá le teacht, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na ndaoine a thagann isteach ar muir, bunaithe ar staid fhoriomlán na himirce sa bhliain roimhe sin agus breithniú á dhéanamh ar an staid reatha, agus, ag an am céanna, léiriú á thabhairt ar an mbrú a bhí ann roimhe sin;

(c)

faisnéis faoi leibhéal na hullmhachta san Aontas agus sna Ballstáit agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na cásanna réamh-mheasta;

(d)

faisnéis faoi acmhainneacht na mBallstát, go háirithe faoin acmhainneacht ghlactha;

(e)

toradh an fhaireacháin a rinne an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, agus toradh na meastóireachta a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/922 agus toradh an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1356, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, pointe (c), den Rialachán seo;

(f)

measúnú i dtaobh an bhfuil gá le bearta dlúthpháirtíochta agus bearta faoi Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce chun tacú leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann.

4.   Glacfaidh an Coimisiún an Tuarascáil faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus tarchuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

5.   Cuirfear bonn ar fáil sa Tuarascáil le haghaidh cinntí ar leibhéal an Aontais maidir leis na bearta is gá chun staideanna imirce a bhainistiú.

6.   Eiseofar an chéad Tuarascáil faoin 15 Deireadh Fómhair 2025.

7.   Chun críocha na Tuarascála, déanfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht um Thearmann, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar faoin 1 Meitheamh gach bliain.

8.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinniú de shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce le linn an chéad leath de mhí Iúil gach bliain chun an measúnú tosaigh ar an staid a chur i láthair agus faisnéis a mhalartú le comhaltaí an tsásra sin. Comhdhéanamh agus modh oibríochta shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce, is mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1366 ina leagan bunaidh a bheidh siad.

9.   Déanfaidh na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais faisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiún faoin 1 Meán Fómhair gach bliain.

10.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinniú de shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce faoin 30 Meán Fómhair gach bliain chun an measúnú comhdhlúite ar an staid a chur i láthair. Comhdhéanamh agus modh oibríochta shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce, is mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1366 ina leagan bunaidh a bheidh siad.

Airteagal 10

Faisnéis chun measúnú a dhéanamh ar staid fhoriomlán na himirce, ar an mbrú imirce, ar bhaol an bhrú imirce nó ar staid shuntasach na himirce

1.   Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar staid fhoriomlán na himirce, nó i dtaobh an bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, i mbaol brú imirce nó an bhfuil staid shuntasach imirce os a chomhair, bainfidh sé úsáid as an Tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9 agus cuirfidh sé i gcuntas aon fhaisnéis bhreise de bhun Airteagal 9(3), pointe (a).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gcuntas freisin:

(a)

an fhaisnéis arna tíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear an meastachán ar a riachtanais agus a acmhainneacht agus a bhearta ullmhachta agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a sholáthraítear sa straitéis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

leibhéal an chomhair maidir leis an imirce agus leibhéal an chomhair i réimse an fhillte agus an athligin isteach, lena n-áirítear tríd an tuarascáil bhliantúil a chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais, tíortha an chéad tearmainn, agus tríú tíortha sábháilte mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1348;

(c)

an staid gheopholaitiúil i dtríú tíortha ábhartha chomh maith leis na bunchúiseanna atá leis an imirce agus cásanna ina bhféadfaí imircigh a ionstraimiú agus forbairtí a d’fhéadfadh tarlú i réimse na ndaoine a thagann isteach go neamhrialta trí theorainneacha seachtracha na mBallstát a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghluaiseachtaí imirce;

(d)

na moltaí ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/922, Airteagal 15, de Rialachán (AE) 2021/2303 agus Airteagal 32(7) de Rialachán (AE) 2019/1896;

(e)

faisnéis a bhailítear de bhun Mholadh (AE) 2020/1366;

(f)

na tuarascálacha um Fheasacht agus Anailís Chomhtháite ar Dhálaí faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (37), ar choinníoll go ngníomhachtaítear an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna nó go n-eisítear an tuarascáil um Fheasacht agus Anailís ar Dhálaí maidir leis an Imirce faoin gcéad chéim de shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce, nuair nach ngníomhachtaítear an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna;

(g)

faisnéis ón bpróiseas tuairiscithe léirscaoilte víosaí agus ó idirphlé le tríú tíortha;

(h)

feasacháin ráithiúla maidir leis an imirce, agus tuarascálacha eile, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

(i)

an tacaíocht a sholáthraíonn comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais do na Ballstáit;

(j)

codanna ábhartha den tuarascáil ar mheasúnú leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(k)

scála agus treochtaí gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát idir na Ballstáit, ag cur leis an bhfaisnéis atá ar fáil ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.

3.   Ina theannta sin, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aghaidh á tabhairt ag Ballstát ar staid shuntasach imirce, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin éifeacht charnach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach go bliantúil faoi láthair agus a tháinig isteach roimhe sin.

Airteagal 11

Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena gcinntear cé acu Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce

1.   In éineacht leis an Tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme lena gcinntear an bhfuil Ballstát ar leith faoi bhrú imirce, i mbaol brú imirce le linn na bliana atá le teacht nó an bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce.

Chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú i gcás comhairliúcháin den sórt sin.

2.   Chun críocha mhír 1, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 10, á chur i gcuntas eilimintí uile na Tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 9, na bealaí imirce uile, lena n-áirítear sainiúlachtaí fheiniméan struchtúrach na ndíbhordálacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit, chomh maith leis an mbrú a bhí ar an mBallstát lena mbaineann roimhe sin agus an staid reatha.

3.   I gcás, le 12 mhí anuas, ina raibh ar Bhallstát aghaidh a thabhairt ar líon mór daoine a tháinig isteach mar gheall ar dhíbhordálacha athfhillteacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, measfaidh an Coimisiún go bhfuil an Ballstát sin faoi bhrú imirce ar choinníoll go bhfuil líon na ndaoine sin a thagann isteach ar scála de mhéid agus go gcruthaíonn sé oibleagáidí díréireacha, fiú amháin, ar chóras tearmainn, glactha agus imirce dea-ullmhaithe an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh cur chun feidhme faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus tarchuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é.

Airteagal 12

Togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil

1.   Gach bliain, ar bhonn na Tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in éineacht leis an Tuarascáil sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid na himirce sa bhliain atá le teacht ar bhealach cothrom éifeachtach. Leis an togra sin, léireofar riachtanais dlúthpháirtíochta bhliantúla réamh-mheasta na mBallstát atá faoi bhrú imirce.

2.   Sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1, sainaithneofar líon iomlán bliantúil na n-athshocruithe agus na ranníocaíochtaí airgeadais is gá le haghaidh an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil ar leibhéal an Aontais, arb é a bheidh iontu ar a laghad:

(a)

30 000 maidir le hathshocruithe;

(b)

EUR 600 milliún le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais.

Leagfar amach freisin sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na rannchuidithe táscacha bliantúla le haghaidh gach Ballstáit tríd an eochair thagartha a leagtar amach in Airteagal 66 a chur i bhfeidhm d’fhonn an cleachtadh chun a rannchuidithe dlúthpháirtíochta a ghealladh (‘an cleachtadh gealltanais’) de bhun Airteagal 13 a éascú.

3.   Agus leibhéal na freagrachta uile-Aontais atá le comhroinnt ag na Ballstáit uile agus an leibhéal dlúthpháirtíochta dá bharr sin á sainaithint aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla ábhartha, lena n-áirítear, don bhliain ábhartha, líon foriomlán na ndaoine a thagann isteach, na meánrátaí aitheantais chomh maith leis na meánrátaí fillte. Cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a bheidh ina mBallstáit is tairbhithe de bhun Airteagal 58(1) a rannchuidithe dlúthpháirtíochta atá geallta a chur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún líon níos airde a shainaithint maidir le hathshocruithe agus ranníocaíochtaí airgeadais ná iad siúd dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus féadfaidh sé cineálacha eile dlúthpháirtíochta a shainaithint mar a leagtar amach in Airteagal 56(2), pointe (c), ag brath ar an ngá atá le bearta den sórt sin a eascraíonn as na dúshláin shonracha i réimse na himirce sa Bhallstát lena mbaineann. Chun luach comhionann na gcineálacha éagsúla beart dlúthpháirtíochta a chaomhnú, coinneofar an cóimheas atá idir na líonta a leagtar amach i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo.

4.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, i gcásanna eisceachtúla, i gcás nach léirítear leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais de bhun Airteagal 9(2), nó leis na comhairliúcháin a dhéanann an Coimisiún de bhun Airteagal 11(1), go bhfuil gá le bearta dlúthpháirtíochta don bhliain atá le teacht, cuirfear an méid sin i gcuntas go cuí sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   I gcás inar shainaithin an Coimisiún i gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11 go bhfuil Ballstát amháin nó níos mó faoi bhrú imirce mar thoradh ar theacht isteach lín mhóir daoine a eascraíonn as díbhordálacha athfhillteacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus sainiúlachtaí na mBallstát lena mbaineann á gcur i gcuntas aige, leagfaidh an Coimisiún amach an céatadán táscach den Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil atá le cur ar fáil do na Ballstáit sin.

6.   Glacfaidh an Coimisiún an togra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus tarchuirfidh sé chuig an gComhairle é. Tarchuirfidh an Coimisiún an togra sin chuig Parlaimint na hEorpa an tráth céanna. Go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57, ní chuirfear an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil go poiblí. Aicmeofar é mar ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’ agus láimhseálfar é amhlaidh i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (38).

Airteagal 13

Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais

1.   Chun cur chun feidhme éifeachtach Chuid IV den Rialachán seo a áirithiú, bunófar Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais (‘an Fóram Ardleibhéil’), ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus a bheidh faoi chathaoirleacht an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle. Déanfar ionadaíocht ar na Ballstáit ar leibhéal na freagrachta agus na cumhachta cinnteoireachta is iomchuí chun na cúraimí a thugtar don Fhóram Ardleibhéil a dhéanamh.

Tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisctear i mBallstát nó sa tríú tír sin, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh, chun rannchuidiú a dhéanamh leis an dlúthpháirtíocht ar bhonn ad hoc, a bheith rannpháirteach san Fhóram Ardleibhéil de réir mar is iomchuí.

2.   Tionólfaidh an Chomhairle an Fóram Ardleibhéil laistigh de 15 lá tar éis ghlacadh na Tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 9, an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 11 agus an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12.

3.   Sa chruinniú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, breithneoidh an Fóram Ardleibhéil an Tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9, an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 agus an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12 agus déanfaidh sé scrúdú ar an staid fhoriomlán. Tiocfaidh sé ar thátal freisin maidir leis na bearta dlúthpháirtíochta agus leibhéal an rannchuidithe is gá de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 57 agus, i gcás ina meastar gur gá sin, maidir le bearta eile freagartha imirce i réimsí na freagrachta, na hullmhachta agus an teagmhais, agus maidir le gné sheachtrach na himirce. Le linn an chruinnithe sin den Fhóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta, geallfaidh na Ballstáit a rannchuidithe dlúthpháirtíochta chun an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a chruthú de bhun Airteagal 57.

4.   I gcás ina measann an Chomhairle, ar thionscnamh Ballstáit nó arna iarraidh sin don Choimisiún, nach leor na rannchuidithe dlúthpháirtíochta leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil i ndáil leis na riachtanais a shainaithnítear, lena n-áirítear i gcás inar deonaíodh asbhaintí suntasacha i gcomhréir le hAirteagail 61 agus 62, nó ina bhfuil riachtanais níos airde ag Ballstát amháin nó níos mó atá faoi bhrú imirce ná mar a bhí measta, nó ina bhfuil tacaíocht dlúthpháirtíochta bhreise ag teastáil ón staid fhoriomlán, déanfaidh an Chomhairle, trí thromlach simplí, an Fóram Ardleibhéil a thionól an athuair chun a iarraidh ar na Ballstáit rannchuidithe dlúthpháirtíochta breise a sholáthar. Déanfar aon chleachtadh gealltanais de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 57.

Airteagal 14

Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais

1.   Chun feidhmiú rianúil Chuid IV den Rialachán seo a áirithiú, bunófar Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta de chuid an Aontais (‘an Fóram Leibhéil Theicniúil’) agus déanfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, thar ceann an Choimisiúin, é a thionól agus beidh an Comhordaitheoir sin mar chathaoirleach air.

2.   Beidh an Fóram Leibhéil Theicniúil comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis ábhartha na mBallstát ar leibhéal atá sinsearach a dhóthain chun na cúraimí a thugtar dó a dhéanamh.

3.   Tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí chun a shuí cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisctear i mBallstát nó sa tríú tír sin, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh, chun rannchuidiú a dhéanamh leis an dlúthpháirtíocht ar bhonn ad hoc, a bheith rannpháirteach san Fhóram Leibhéil Theicniúil de réir mar is iomchuí.

4.   Beidh an Ghníomhaireacht um Thearmann rannpháirteach san Fhóram Leibhéil Theicniúil. Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, i gcás inarb iomchuí agus nuair a thugann Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais cuireadh dóibh, rannpháirteach san Fhóram Leibhéil Theicniúil. Féadfar cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, ag brath ar a rannpháirtíocht sa sásra dlúthpháirtíochta, a bheith rannpháirteach freisin.

5.   Tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57, tionólfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais an chéad chruinniú den Fhóram Leibhéil Theicniúil. Tar éis an chéad chruinnithe sin, tiocfaidh an Fóram Leibhéil Theicniúil le chéile ar bhonn rialta agus a mhinice is gá, go háirithe de bhun Airteagail 58(3) agus 59(6), chun an sásra dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit a oibríochtú agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dlúthpháirtíochta leis na rannchuidithe a shainaithnítear.

Airteagal 15

Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais

1.   Ceapfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta de chuid an Aontais chun comhordú a dhéanamh ar an leibhéal teicniúil ar chur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta i gcomhréir le Cuid IV den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

tacú leis na gníomhaíochtaí athshocrúcháin ón mBallstát is tairbhí chuig an mBallstát is rannchuiditheoir;

(b)

comhordú a dhéanamh ar an gcumarsáid idir na Ballstáit, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus eintitis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta agus tacú léi;

(c)

forléargas a choimeád ar riachtanais na mBallstát is tairbhithe agus ar rannchuidithe na mBallstát is rannchuiditheoirí agus obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme leanúnach na mbeart dlúthpháirtíochta;

(d)

cruinnithe a eagrú, go tráthrialta, idir údaráis na mBallstát chun oibríochtú éifeachtach agus éifeachtúil an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil a áirithiú, chun an idirghníomhaíocht agus an comhar is fearr a éascú i measc na mBallstát;

(e)

dea-chleachtais i gcur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta a chur chun cinn;

(f)

an Fóram Leibhéil Theicniúil a thionól agus cathaoirleacht a dhéanamh air;

(g)

na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1359.

3.   Chun críocha mhír 2, tabharfaidh oifig cúnamh do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais agus cuirfear ar fáil do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Comhordóidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais go dlúth leis an nGníomhaireacht um Thearmann, lena n-áirítear i ndáil le mionsonraí praiticiúla an athshocraithe faoin Rialachán seo.

4.   Cuirfear i láthair sa Tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9 staid chur chun feidhme agus fheidhmiú an tsásra dlúthpháirtíochta.

5.   Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis is gá do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais chun gur féidir le Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais a chúramaí a dhéanamh go héifeachtach.

CUID III

CRITÉIR AGUS SÁSRAÍ CHUN A CHINNEADH CÉ ACU BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH

CAIBIDIL I

Prionsabail ghinearálta agus coimircí

Airteagal 16

Rochtain ar an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a dhéanann an t-iarratas ar chríoch aon Bhallstáit acu, lena n-áirítear ag an teorainn nó sna criosanna idirthurais. Déanfaidh Ballstát amháin scrúdú ar an iarratas arb é a bheidh ann an Ballstát freagrach ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil II nó sna clásail a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo.

2.   Gan dochar do na rialacha a leagtar amach i gCuid IV den Rialachán seo, i gcás nach féidir aon Bhallstát a chinneadh chun a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán seo, is é an chéad Bhallstát inar cláraíodh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

3.   I gcás nach féidir le Ballstát iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát a ainmnítear go príomha mar Bhallstát atá freagrach toisc go bhfuil forais shuntasacha ann lena chreidiúint, i ngeall ar an aistriú chuig an mBallstát sin, go mbeadh fíorbhaol ann go ndéanfaí sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra arb ionann é agus íde atá mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt, leanfaidh an Ballstát cinntitheach de scrúdú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach i gCaibidil II nó ar na clásail a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo chun a shuí an féidir Ballstát eile a ainmniú mar Bhallstát freagrach.

I gcás nach féidir le Ballstát an t-aistriú a dhéanamh de bhun na chéad fomhíre den mhír seo chuig aon Bhallstát a ainmnítear ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil II nó na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo ná chuig an gcéad Bhallstát inar cláraíodh an t-iarratas, agus nach féidir leis a shuí an féidir Ballstát eile a ainmniú mar Bhallstát freagrach, is é an Ballstát sin a bheidh ina Bhallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

4.   Más rud é nach ndearnadh seiceáil slándála dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1356 de bhun an Rialacháin sin, scrúdóidh an chéad Bhallstát inar cláraíodh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach a luaithe is féidir tar éis chlárú an iarratais, sula gcuirfidh sé i bhfeidhm na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach de bhun Chaibidil II nó de bhun na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo.

Más rud é go ndearnadh seiceáil slándála dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1356, ach go bhfuil cúiseanna a bhfuil údar leo ag an gcéad Bhallstát inar cláraíodh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chun scrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, déanfaidh an Ballstát sin an scrúdú a luaithe is féidir tar éis chlárú an iarratais, sula gcuirfidh sé i bhfeidhm na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach de bhun Chaibidil II nó de bhun na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo.

I gcás ina léirítear sa tseiceáil slándála a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1356 nó i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo gurb ann d’fhorais réasúnacha chun a mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, is é an Ballstát a dhéanann an tseiceáil slándála a bheidh ina Bhallstát freagrach, agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 den Rialachán seo.

5.   Coimeádfaidh gach Ballstát an ceart an t-iarratasóir a chur chuig tríú tír shábháilte, faoi réir na rialacha agus na gcoimircí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1348.

Airteagal 17

Oibleagáidí atá ar an iarratasóir agus comhar leis na húdaráis inniúla

1.   Déanfar agus clárófar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát an chéad dul isteach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe bailí nó víosa bhailí i seilbh an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát, déanfar agus clárófar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe nó an víosa.

I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe nó víosa atá imithe in éag nó a cuireadh ar neamhní, a aistarraingíodh nó a cúlghaireadh i seilbh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, déanfar agus clárófar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí i láthair.

3.   Comhoibreoidh an t-iarratasóir go hiomlán le húdaráis inniúla na mBallstát a mhéid a bhaineann le bailiú na sonraí bithmhéadracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1358 agus le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe trí na heilimintí uile agus an fhaisnéis uile atá ar fáil dó nó di agus atá ábhartha chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a thíolacadh agus a nochtadh, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí le linn an agallaimh dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo, lena n-áirítear trí na doiciméid chéannachta atá aige nó aici a thíolacadh más rud é go bhfuil doiciméid den sórt sin i seilbh an iarratasóra. I gcás nach bhfuil an t-iarratasóir in ann an fhianaise a thíolacadh, tráth an agallaimh, chun bunús a thabhairt leis na heilimintí agus leis an bhfaisnéis a sholáthraítear, nó chun an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 22(1) den Rialachán seo a chomhlánú, déanfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama réasúnta a shocrú chun fianaise den sórt sin a thíolacadh, agus imthosca aonair an cháis á gcur i gcuntas aige, laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 39(1) den Rialachán seo.

4.   Ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair:

(a)

sa Bhallstát dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go dtí go gcinnfear an Ballstát atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí go gcuirfear an nós imeachta aistrithe chun feidhme;

(b)

sa Bhallstát freagrach;

(c)

i mBallstát an athshocraithe tar éis aistriú de bhun Airteagal 67(11).

5.   I gcás ina dtugtar fógra faoi chinneadh aistrithe don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 42(2) agus le hAirteagal 67(10), comhoibreoidh an t-iarratasóir leis na húdaráis inniúla agus comhlíonfaidh an t-iarratasóir an cinneadh sin.

Airteagal 18

Na hiarmhairtí a ghabhann le neamhchomhlíonadh

1.   Ar choinníoll gur cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas faoina oibleagáidí nó faoina hoibleagáidí agus faoi na hiarmhairtí a ghabhann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1356 nó le hAirteagal 5(1) agus Airteagal 21 de Threoir (AE) 2024/1346, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal na ndálaí glactha a leagtar amach in Airteagail 17 go 20 den Treoir sin in aon Bhallstát seachas an Ballstát ina gceanglaítear air nó uirthi a bheith i láthair de bhun Airteagal 17(4) den Rialachán seo ón tráth a thabharfar fógra dó nó di faoi chinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát freagrach.

Ní dochar an chéad fhomhír don ghá atá le caighdeán maireachtála a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, agus oibleagáidí idirnáisiúnta.

2.   Na heilimintí agus faisnéis atá ábhartha chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach agus a thíolactar tar éis don teorainn ama dul in éag, ní chuirfear san áireamh iad ach amháin má sholáthraítear leo fianaise atá cinntitheach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus athaontú teaghlaigh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás nach bhfuil an t-iarratasóir sa Bhallstát ina gceanglaítear air nó uirthi a bheith i láthair ann agus i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair lena chreidiúint go bhféadfadh sé go raibh an t-iarratasóir faoi réir aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

4.   Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit i gcuntas imthosca aonair an iarratasóra, lena n-áirítear aon fhíorbhaol go sárófaí cearta bunúsacha sa Bhallstát ina gceanglaítear ar an iarratasóir a bheith i láthair. Beidh aon bhearta a ghlacann na Ballstáit comhréireach.

Airteagal 19

Ceart chun faisnéise

1.   A luaithe is féidir agus in aon chás faoin dáta a chláraítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát, soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit sin faisnéis don iarratasóir faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoi na cearta atá aige nó aici de bhun an Rialacháin seo, agus faoi na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 17 mar aon leis na hiarmhairtí a ghabhann le neamhchomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 18. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis faoin méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cuspóirí an Rialacháin seo;

(b)

an comhar lena bhfuiltear ag súil ón iarratasóir leis na húdaráis inniúla mar a leagtar amach in Airteagal 17;

(c)

nach gcuimsítear leis an gceart chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh rogha a bheith ag an iarratasóir i dtaobh cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó i dtaobh cén Ballstát arb é an Ballstát an athshocraithe é;

(d)

na hiarmhairtí a ghabhann le hiarratas eile a dhéanamh i mBallstát éagsúil chomh maith leis na hiarmhairtí a ghabhann le fágáil an Bhallstáit ina gceanglaítear ar an iarratasóir a bheith i láthair ann de bhun Airteagal 17(4) agus go háirithe nach mbeidh an t-iarratasóir ach i dteideal na ndálaí glactha a leagtar amach in Airteagal 18(1);

(e)

na critéir agus an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, ordlathas critéar den sórt sin i gcéimeanna éagsúla an nós imeachta agus fad an nós imeachta;

(f)

na forálacha a bhaineann le hathaontú teaghlaigh agus, ina leith sin, an sainmhíniú is infheidhme ar bhaill teaghlaigh agus ar ghaolta, an ceart an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a iarraidh agus a fháil, lena n-áirítear faisnéis faoi dhaoine agus eintitis atá in ann cúnamh a thabhairt chun an teimpléad a chomhlánú, chomh maith le faisnéis faoi eagraíochtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí ábhartha eile atá in ann éascú a dhéanamh ar bhaill teaghlaigh a shainaithint agus a lorg;

(g)

ceart chun agallaimh phearsanta i gcomhréir le hAirteagal 22 agus aidhm an agallaimh sin, an nós imeachta agus an oibleagáid i leith faisnéis a thíolacadh ó bhéal nó trí dhoiciméid nó faisnéis eile, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme tríd an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 22(1), a sholáthar a luaithe is féidir sa nós imeachta, aon fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh cabhrú le láithreacht ball teaghlaigh, gaolta nó aon chaidrimh teaghlaigh eile sna Ballstáit a shuí, lena n-áirítear faisnéis faoi na modhanna trínar féidir leis an iarratasóir faisnéis den sórt sin a thíolacadh, chomh maith le haon chúnamh is féidir leis an mBallstát a chur ar fáil maidir le baill teaghlaigh nó gaolta a lorg;

(h)

an oibleagáid atá ar an iarratasóir aon fhaisnéis ábhartha a nochtadh, a luaithe is féidir le linn an nós imeachta, lena bhféadfaí a shuí gurbh ann roimh ré d’aon doiciméad cónaithe, aon víosa nó aon dioplóma oideachais;

(i)

an deis atá ann cúiseanna cuí-réasúnaithe a thabhairt do na húdaráis inniúla ionas gur féidir leo breithniú a dhéanamh i dtaobh Airteagal 35(1) a chur i bhfeidhm;

(j)

an oibleagáid atá ar an iarratasóir a dhoiciméid nó a doiciméid chéannachta a thíolacadh i gcás ina bhfuil doiciméid den sórt sin i seilbh an iarratasóra agus chun comhoibriú leis na húdaráis inniúla a mhéid a bhaineann le bailiú na sonraí bithmhéadracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1358;

(k)

an ceart a bheith ann leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh aistrithe laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 43(2) agus go bhfuil raon feidhme agóide den sórt sin teoranta mar a leagtar síos in Airteagal 43(1);

(l)

an ceart comhairleoireacht dhlíthiúil a bheith deonaithe saor in aisce maidir le hábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil II nó na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo ag gach céim den nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, mar a leagtar amach in Airteagal 21;

(m)

i gcás achomhairc nó athbhreithnithe, an ceart cúnamh dlí a bheith deonaithe saor in aisce, arna iarraidh sin, i gcás nach bhfuil an duine lena mbaineann in acmhainn na costais lena mbaineann a íoc;

(n)

go mbeidh síneadh ar an teorainn ama i gcomhréir le hAirteagal 46 mar thoradh ar éalú;

(o)

go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht um Thearmann sonraí pearsanta an iarratasóra a phróiseáil lena n-áirítear chun a chuid nó a cuid sonraí a mhalartú chun a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus i gcomhréir iomlán leis na ceanglais chun daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(p)

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(q)

an ceart rochtana ar shonraí a bhaineann leis an iarratasóir agus an ceart a iarraidh go ndéanfaí sonraí den sórt sin a cheartú má tá siad míchruinn nó go scriosfaí iad má phróiseáiltear go neamhdhleathach iad, mar aon leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 52 agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí atá freagrach as éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a éisteacht, agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(r)

i gcás mionaoiseach neamhthionlactha, na ráthaíochtaí agus na cearta is infheidhme maidir leis an iarratasóir ina leith sin, ról agus freagrachtaí an ionadaí agus an nós imeachta chun gearáin a dhéanamh i gcoinne ionadaí go rúnda agus go sábháilte agus ar bhealach lena dtugtar lánurraim do cheart an linbh éisteacht a fháil;

(s)

i gcás nach bhfuil an fhianaise imthoisceach comhleanúnach, infhíoraithe agus mionsonraithe go leordhóthanach chun freagracht a shuí, go bhféadfaidh an Ballstát tástáil DNA nó tástáil fola a iarraidh chun a chruthú go bhfuil naisc teaghlaigh ann, nó measúnú ar aois an iarratasóra a iarraidh;

(t)

i gcás inarb infheidhme, an nós imeachta um athshocrú a leagtar amach in Airteagail 67 agus 68.

2.   Beidh an deis ag an iarratasóir faisnéis a iarraidh maidir leis an dul chun cinn sa nós imeachta agus cuirfidh na húdaráis inniúla an t-iarratasóir ar an eolas faoin deis sin. I gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, beidh an deis ag an mionaoiseach agus ag an tuismitheoir nó ag an ionadaí faisnéis den sórt sin a iarraidh.

Airteagal 20

Inrochtaineacht faisnéise

1.   Soláthrófar i scríbhinn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 i bhfoirm atá achomair, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca, agus úsáid á baint as teanga shoiléir shimplí agus i dteanga a thuigeann an t-iarratasóir nó a cheaptar le réasún go dtuigfeadh an t-iarratasóir í. Chun na críche sin, úsáidfidh na Ballstáit an t-ábhar faisnéise coiteann a dhréachtaítear de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh an t-ábhar faisnéise coiteann ar fáil freisin ar líne, ar ardán atá oscailte agus inrochtana d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás inar gá chun go dtuigfidh an t-iarratasóir i gceart í, soláthrófar an fhaisnéis ó bhéal freisin, i gcás inarb iomchuí i dtaca leis an agallamh pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 22. Chun na críche sin, beidh an deis ag an iarratasóir ceisteanna a chur chun an fhaisnéis a sholáthraítear a shoiléiriú. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as trealamh ilmheán mar thacaíocht.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta fhreagracha, ábhar faisnéise coiteann a tharraingt suas, mar aon le faisnéis shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha agus d’iarratasóirí leochaileacha, i gcás inar gá le haghaidh iarratasóirí ag a bhfuil riachtanais shonracha ghlactha nó nós imeachta, ina mbeidh ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19. Áireofar freisin leis an ábhar faisnéise coiteann sin faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1358 agus, go háirithe, an cuspóir ar ina leith a fhéadfar sonraí an iarratasóra a phróiseáil laistigh de Eurodac.

Déanfar an t-ábhar faisnéise coiteann a tharraingt suas ar bhealach a chuirfidh ar chumas na mBallstát é a chomhlánú le faisnéis bhreise a bhaineann go sonrach le Ballstát.

3.   I gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, déanfaidh foireann atá oilte go hiomchuí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 a sholáthar ar bhealach atá oiriúnach do leanaí agus i láthair ionadaí an iarratasóra.

Airteagal 21

An ceart chun comhairleoireachta dlíthiúla

1.   Beidh an ceart ag iarratasóirí dul i gcomhairle, ar bhealach éifeachtach, le comhairleoir dlí nó le comhairleoir eile, a aithnítear nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, maidir le hábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil II nó na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III den Chuid seo ag gach céim den nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Gan dochar do cheart an iarratasóra a chomhairleoir nó a comhairleoir dlí féin nó comhairleoir eile a roghnú ar a chostas féin nó ar a costas féin, féadfaidh iarratasóir comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh sa nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

3.   Comhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile a aithnítear nó a cheadaítear faoin dlí náisiúnta chun comhairle nó cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí nó chun ionadaíocht a dhéanamh orthu nó eagraíochtaí neamhrialtasacha atá creidiúnaithe faoin dlí náisiúnta chun seirbhísí dlí nó ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar d’iarratasóirí, is iadsan a sholáthróidh comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar rochtain éifeachtach ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a áirithiú trína chur de chúram ar dhuine comhairleoireacht dhlíthiúil a sholáthar ag céim riaracháin an nós imeachta do roinnt iarratasóirí ag an am céanna.

4.   Féadfaidh na Ballstáit soláthar na comhairleoireachta dlíthiúla a eagrú i gcomhréir lena gcórais náisiúnta.

5.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha sonracha nós imeachta a leagan síos a bhaineann leis na socruithe chun iarrataí ar sholáthar comhairleoireachta dlíthiúla saor in aisce dá bhforáiltear san Airteagal seo a chomhdú agus a phróiseáil.

6.   Chun críocha an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, áireofar sa chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce an méid seo a leanas:

(a)

treoir agus mínithe maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, lena n-áirítear faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí le linn gach céime den nós imeachta sin;

(b)

treoir agus cúnamh maidir le faisnéis a sholáthar a d’fhéadfadh cuidiú lena chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCaibidil II den Chuid seo;

(c)

treoir agus cúnamh maidir leis an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

7.   Gan dochar do mhír 1, féadfar soláthar comhairleoireachta dlíthiúla saor in aisce a eisiamh ón nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcás ina dtugann comhairleoir dlí cúnamh agus ionadaíocht don iarratasóir cheana féin.

8.   Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann. Ina theannta sin, féadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar trí chistí de chuid an Aontais do na Ballstáit, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí is infheidhme maidir le cistiú den sórt sin.

Airteagal 22

Agallamh pearsanta

1.   Chun éascú a dhéanamh ar an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit chinntithigh dá dtagraítear in Airteagal 38(1) agallamh pearsanta leis an iarratasóir chun Airteagal 39 a chur i bhfeidhm. Leis an agallamh, cuirfear ar chumas an iarratasóra freisin tuiscint cheart a fháil ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 19.

Baileoidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi staid sonrach an iarratasóra trí cheisteanna a chur go réamhghníomhach lena gcuideofaí lena chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach chun Airteagal 39 a chur i bhfeidhm.

I gcás inarb ann do chomharthaí go bhfuil baill teaghlaigh nó gaolta ag an iarratasóir i mBallstát, gheobhaidh an t-iarratasóir teimpléad, atá le forbairt ag an nGníomhaireacht um Thearmann. Déanfaidh an t-iarratasóir an teimpléad sin a líonadh leis an bhfaisnéis atá ar fáil dó nó di chun cur i bhfeidhm Airteagal 39 a éascú. I gcás inar féidir, comhlánóidh an t-iarratasóir an teimpléad sin roimh an agallamh pearsanta a leagtar amach san Airteagal seo.

Forbróidh an Ghníomhaireacht um Thearmann an teimpléad dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo faoin 12 Aibreán 2025. Forbróidh an Ghníomhaireacht um Thearmann treoirlínte freisin maidir le baill teaghlaigh a shainaithint agus a lorg chun tacú leis an mBallstát iarrthach agus leis an mBallstát iarrtha Airteagail 25 go 28 agus 34 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 40.

Beidh an deis ag an iarratasóir cúiseanna cuí-réasúnaithe a thabhairt do na húdaráis inniúla ionas gur féidir leo breithniú a dhéanamh ar Airteagal 35(1) a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfar an t-agallamh pearsanta a fhágáil ar lár más rud é:

(a)

gur éalaigh an t-iarratasóir;

(b)

nár fhreastail an t-iarratasóir ar an agallamh pearsanta agus nár thug an t-iarratasóir cúiseanna a bhfuil údar leo lena neamhláithreacht;

(c)

tar éis don iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 a fháil, go bhfuil faisnéis ábhartha soláthartha cheana féin ag an iarratasóir ionas gur féidir an Ballstát atá freagrach a chinneadh trí bhealaí eile.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, tabharfaidh an Ballstát a fhágann an t-agallamh ar lár an deis don iarratasóir an fhaisnéis bhreise uile a chur i láthair, ar faisnéis í atá ábhartha chun an Ballstát atá freagrach a chinneadh i gceart laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 39(1), lena n-áirítear cúiseanna cuí-réasúnaithe don údarás chun breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le hagallamh pearsanta.

3.   Déanfar an t-agallamh pearsanta go tráthúil agus, in aon chás, sula ndéanfar aon iarraidh ar ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 39.

4.   Déanfar an t-agallamh pearsanta sa teanga is rogha leis an iarratasóir ach amháin má tá teanga eile a thuigeann sé nó sí agus ina bhfuil sé nó sí ábalta cumarsáid a dhéanamh go soiléir. Is duine ag a bhfuil an t-eolas is gá ar chearta agus riachtanais speisialta mionaoiseach a dhéanfaidh agallaimh ar mhionaoisigh neamhthionlactha agus, i gcás inarb infheidhme, ar mhionaoisigh thionlactha, ar bhealach leanbh-íogair agus oiriúnach don chomhthéacs, agus aois agus aibíocht an mhionaoisigh á gcur san áireamh, agus déanfar na hagallaimh sin i láthair an ionadaí agus, i gcás inarb infheidhme, chomhairleoir dlí an mhionaoisigh. I gcás inar gá, cuirfear ateangaire ar fáil atá ábalta cumarsáid iomchuí a áirithiú idir an t-iarratasóir agus an duine a dhéanann an t-agallamh pearsanta. Féadfar idirghabhálaí cultúrtha a chur ar fáil le linn an agallaimh phearsanta. I gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir amhlaidh agus i gcás inar féidir, is den ghnéas is fearr leis an iarratasóir a bheidh an duine a dhéanann an t-agallamh agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ateangaire.

5.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis i bhfianaise na n-imthosca, féadfaidh na Ballstáit an t-agallamh pearsanta a dhéanamh trí fhíschomhdháil. I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát na socruithe is gá le haghaidh na saoráidí, na gcaighdeán nós imeachta agus teicniúil, an chúnaimh dlí agus na hateangaireachta is iomchuí, agus treoir ón nGníomhaireacht um Thearmann á cur i gcuntas.

6.   Déanfar an t-agallamh pearsanta faoi dhálaí lena n-áirithítear rúndacht iomchuí. Duine atá cáilithe faoin dlí náisiúnta a dhéanfaidh an t-agallamh. Maidir le hiarratasóirí a shainaithnítear go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu de bhun Rialachán (AE) 2024/1348, tabharfar tacaíocht leormhaith dóibh chun na dálaí is gá a chruthú chun na heilimintí uile a chur i láthair go héifeachtach a fhágann gur féidir an Ballstát atá freagrach a chinneadh. Beidh eolas ginearálta faighte freisin ag an bhfoireann a chuireann iarratasóirí faoi agallamh faoi thosca a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do chumas an iarratasóra dul faoi agallamh, amhail comharthaí gur céasadh an duine san am atá thart nó gurbh íospartach gáinneála ar dhaoine an duine.

7.   Déanfaidh an Ballstát a dhéanann an t-agallamh pearsanta taifeadadh fuaime ar an agallamh agus déanfaidh sé achoimre i scríbhinn de ina mbeidh ar a laghad an phríomhfhaisnéis a thug an t-iarratasóir ag an agallamh. Cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas roimh ré go bhfuil taifeadadh den sórt sin á dhéanamh agus faoin gcuspóir atá leis. I gcás ina bhfuil amhras ann faoi na ráitis a rinne an t-iarratasóir le linn an agallaimh phearsanta, is ag an taifeadadh fuaime a bheidh an forlámhas. Féadfar an achoimre a dhéanamh i bhfoirm tuairisce nó i bhfoirm chaighdeánach. Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh rochtain thráthúil ar an achoimre ag an iarratasóir nó ag an gcomhairleoir dlí nó ag comhairleoir eile, a aithnítear nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an iarratasóir, a luaithe is féidir tar éis an agallaimh agus in aon chás sula ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh faoin mBallstát atá freagrach. Tabharfar an deis don iarratasóir barúlacha a thabhairt nó soiléiriú ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt maidir le haon aistriúcháin mhíchearta nó míthuiscintí nó botúin fhíorasacha eile a thagann chun solais san achoimre i scríbhinn ag deireadh an agallaimh phearsanta nó laistigh de theorainn shonraithe ama.

Airteagal 23

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tabharfar tosaíocht do nósanna imeachta lena n-áirítear mionaoisigh.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát ina bhfuil mionaoiseach neamhthionlactha i láthair go ndéanfaidh ionadaí ionadaíocht air nó uirthi agus go dtabharfaidh an t-ionadaí cúnamh dó nó di i ndáil leis na nósanna imeachta ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Beidh na hacmhainní, na cáilíochtaí, an oiliúint, an saineolas agus an neamhspleáchas ag an ionadaí chun a áirithiú go gcuirfear leas an linbh san áireamh le linn na nósanna imeachta a dhéantar faoin Rialachán seo. Beidh rochtain ag an ionadaí ar ábhar na ndoiciméad ábhartha i gcomhad an iarratasóra lena n-áirítear an t-ábhar faisnéise sonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha, agus coinneoidh an t-ionadaí an mionaoiseach neamhthionlactha ar an eolas faoin dul chun cinn maidir leis na nósanna imeachta faoin Rialachán seo.

I gcás ina ndéanann duine a mhaíonn gur mionaoiseach é nó í, nó ina ndéanann duine a bhfuil forais oibiachtúla ann ina leith lena chreidiúint gur mionaoiseach é nó í, agus atá neamhthionlactha, iarratas, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a luaithe is féidir agus in aon chás ar bhealach tráthúil, agus chun cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach sa nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, duine a ainmniú ag a bhfuil na scileanna agus an saineolas is gá chun cúnamh sealadach a thabhairt don mhionaoiseach chun a leas agus a dhea-bhail nó a dea-bhail ghinearálta a chosaint, ar duine é nó í a chuireann ar chumas an mhionaoisigh leas a bhaint as na cearta faoin Rialachán seo agus, más infheidhme, gníomhú mar ionadaí go dtí go gceapfar ionadaí;

(b)

ionadaí a cheapadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ón dáta a dhéantar an t-iarratas.

I gcás líon díréireach iarratas arna ndéanamh ag mionaoisigh neamhthionlactha nó i gcásanna eisceachtúla eile, féadfar an teorainn ama chun ionadaí a ainmniú de bhun an dara fomhír, pointe (b), a fhadú 10 lá oibre.

I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal gur duine atá os cionn 18 mbliana d’aois gan aon amhras an t-iarratasóir a mhaíonn gur mionaoiseach é nó í, ní cheanglófar ionadaí a ainmniú i gcomhréir leis an mír seo.

Scoirfidh dualgais an ionadaí nó an duine dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), i gcás nach nglacann na húdaráis inniúla leis, tar éis an mheasúnaithe aoise dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1348, gur mionaoiseach an t-iarratasóir nó i gcás ina measann siad nach mionaoiseach an t-iarratasóir, nó i gcás nach mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir a thuilleadh.

I gcás ina gceaptar eagraíocht mar ionadaí, ainmneoidh sí duine le bheith freagrach as a cuid dualgas a chomhlíonadh i ndáil leis an mionaoiseach. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an duine sin.

Féadfaidh an t-ionadaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a bheith mar an gcéanna leis an duine nó an eagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2024/1348.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirt d’ionadaí mionaoisigh neamhthionlactha le linn an nós imeachta ar fad chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach faoin Rialachán seo. Tabharfaidh an t-ionadaí cúnamh don mhionaoiseach neamhthionlactha chun faisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar leas an linbh i gcomhréir le mír 4, lena n-áirítear feidhmiú an chirt chun éisteacht a fháil, agus tacóidh an t-ionadaí le rannpháirtíocht an mhionaoisigh le gníomhaithe eile, amhail eagraíochtaí lorgtha teaghlaigh, i gcás inarb iomchuí chun na críche sin, agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí rúndachta i leith an mhionaoisigh.

4.   Agus measúnú á dhéanamh ar leas an linbh, oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus, go háirithe, tabharfaidh siad aird chuí ar na tosca seo a leanas:

(a)

féidearthachtaí maidir le teaghlaigh a athaontú;

(b)

dea-bhail agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear cásanna leochaileachtaí breise amhail tráma, riachtanais shonracha sláinte nó míchumas, agus aird ar leith á tabhairt ar chúlra eitneach, reiligiúnach, cultúrtha agus teanga an mhionaoisigh, agus ag féachaint don ghá atá le cobhsaíocht agus leanúnachas sa chúram sóisialta agus oideachais;

(c)

cúinsí sábháilteachta agus slándála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann gur íospartach aon chineál foréigin nó dúshaothraithe é an mionaoiseach, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine;

(d)

tuairimí an mhionaoisigh, i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh;

(e)

i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, an fhaisnéis a sholáthraíonn an t-ionadaí sa Bhallstát ina bhfuil an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair;

(f)

aon chúiseanna eile atá ábhartha maidir leis an measúnú ar leas an linbh.

5.   Roimh dó mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú, tabharfaidh an Ballstát aistritheach fógra don Bhallstát freagrach nó do Bhallstát an athshocraithe, a dhearbhóidh go ndéanfar na bearta iomchuí uile dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 27 de Threoir (AE) 2024/1346 agus in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2024/1348 a ghlacadh gan mhoill, lena n-áirítear ionadaí a cheapadh sa Bhallstát freagrach nó i mBallstát an athshocraithe. Sula ndéanfar aon chinneadh mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú, déanfar measúnú aonair ar leas an linbh. Beidh an measúnú bunaithe ar na tosca ábhartha a liostaítear i mír 4 den Airteagal seo agus luafar go soiléir sa chinneadh aistrithe conclúidí an mheasúnaithe ar na tosca sin. Chun a áirithiú go gcuirfear leas an linbh san áireamh, déanfaidh baill foirne atá oilte go hiomchuí agus ag a bhfuil na cáilíochtaí agus an saineolas is gá an measúnú gan mhoill.

6.   Chun Airteagal 25 a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát inar cláraíodh den chéad uair iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta gníomhaíocht iomchuí láithreach chun aon bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta de chuid an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chríoch na mBallstát a shainaithint, agus leas an linbh á chosaint ag an am céanna.

Chuige sin, féadfaidh an Ballstát sin cúnamh a iarraidh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar eagraíochtaí ábhartha eile, agus féadfaidh sé rochtain an mhionaoisigh ar sheirbhísí lorgtha eagraíochtaí den sórt sin a éascú.

Cuirfear oiliúint iomchuí i dtaca le sainriachtanais mionaoiseach atá ábhartha do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fhoireann na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 52 a dhéileálann le hiarrataí maidir le mionaoisigh neamhthionlactha.

7.   D’fhonn an ghníomhaíocht iomchuí a éascú chun baill teaghlaigh nó gaolta mionaoiseach neamhthionlactha ar a bhfuil cónaí i gcríoch Ballstáit eile de bhun mhír 6 den Airteagal seo a shainaithint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-áirítear foirm chaighdeánach chun faisnéis iomchuí a mhalartú idir Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

CAIBIDIL II

Critéir chun a chinneadh cé acu ballstát atá freagrach

Airteagal 24

Ordlathas na gcritéar

1.   Maidir leis na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, déanfar iad a chur i bhfeidhm san ord a leagtar amach iad sa Chaibidil seo.

2.   Déanfar an Ballstát atá freagrach a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na staide tráth a rinneadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú den chéad uair le Ballstát.

Airteagal 25

Mionaoisigh neamhthionlactha

1.   I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, ní bheidh feidhm ach ag na critéir a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh feidhm ag na critéir sin san ord ina leagtar amach iad i míreanna 2 go 5.

2.   Is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát ina bhfuil ball teaghlaigh nó siblín de chuid an mhionaoisigh neamhthionlactha i láthair go dleathach, mura léirítear nach chun leasa an linbh é. I gcás inar mionaoiseach pósta an t-iarratasóir ach nach bhfuil céile an mhionaoisigh sin i láthair ar chríoch na mBallstát, is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát ina bhfuil athair nó máthair an mhionaoisigh nó duine fásta eile atá freagrach as an mionaoiseach, cibé acu de réir an dlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit sin, nó siblín an mhionaoisigh i láthair go dleathach, mura léirítear nach chun leasa an linbh é.

3.   I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir ag a bhfuil gaol atá i láthair go dleathach i mBallstát eile agus i gcás ina suitear, ar bhonn scrúdú aonair, go bhfuil an gaol in ann aire a thabhairt dó nó di, déanfaidh an Ballstát sin an mionaoiseach a athaontú leis an ngaol, agus is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát sin, mura léirítear nach chun leasa an linbh é.

4.   I gcás ina bhfuil baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ag fanacht i níos mó ná Ballstát amháin, déanfar an Ballstát freagrach a chinneadh ar bhonn leas an linbh.

5.   I gcás nach bhfuil ball teaghlaigh, siblín ná gaol dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i láthair, is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát inar cláraíodh iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta den chéad uair, más chun leasa an linbh é.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 78 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta mionaoiseach neamhthionlactha a shainaithint;

(b)

na critéir chun a shuí gurb ann do naisc chruthaithe teaghlaigh;

(c)

na critéir chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht an ghaoil aire a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha, lena n-airítear i gcás ina bhfuil cónaí ar bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i níos mó ná Ballstát amháin.

Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú ag an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní sháróidh sé raon feidhme leas an linbh dá bhforáiltear faoi Airteagal 23(4).

7.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú don chomhairliúchán agus chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit chun críocha an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 26

Baill teaghlaigh atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát

1.   I gcás ina bhfuil ball teaghlaigh ag an iarratasóir ar ceadaíodh don bhall teaghlaigh sin cónaí mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát nó atá ina chónaí nó ina cónaí i mBallstát ar bhonn cead cónaithe fhadtéarmaigh i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (40) nó cead cónaithe fhadtéarmaigh arna dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin sa Bhallstát lena mbaineann, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian chuige sin in iúl i scríbhinn.

2.   I gcás inar ceadaíodh don bhall teaghlaigh cónaí mar thairbhí cosanta idirnáisiúnta roimhe sin, ach gur tháinig an ball teaghlaigh sin chun bheith ina shaoránach nó ina saoránach de Bhallstát ina dhiaidh sin, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian chuige sin in iúl i scríbhinn.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le leanaí a bheirtear tar éis don bhall teaghlaigh críoch na mBallstát a shroicheadh.

Airteagal 27

Baill teaghlaigh is iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

I gcás ina bhfuil ball teaghlaigh ag an iarratasóir nach raibh iarratas an bhaill teaghlaigh sin ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát fós faoi réir céad chinnidh maidir leis an tsubstaint, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian chuige sin in iúl i scríbhinn.

Airteagal 28

Nós imeachta teaghlaigh

I gcás ina ndéantar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó roinnt ball teaghlaigh nó siblíní mionaoiseacha neamhphósta a chlárú sa Bhallstát céanna ag an am céanna nó ar dhátaí atá sách gar dá chéile chun go bhféadfaí na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a dhéanamh le chéile, agus i gcás ina scarfaí óna chéile na daoine sin mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfar an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratais a chinneadh san ord seo a leanas:

(a)

an Ballstát a léirítear leis na critéir mar an Ballstát atá freagrach as an líon is mó díobh a ghabháil ar láimh;

(b)

an Ballstát a léirítear leis na critéir mar an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an duine is sine acu.

Airteagal 29

Doiciméid cónaithe nó víosaí a eisiúint

1.   I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe bailí i seilbh an iarratasóra, beidh an Ballstát a d’eisigh an doiciméad sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.   I gcás ina bhfuil víosa bhailí i seilbh an iarratasóra, beidh an Ballstát a d’eisigh an víosa sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ach amháin i gcás inar eisíodh an víosa sin thar ceann Ballstáit eile faoi shocrú maidir le hionadaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. I gcás den sórt sin, beidh an Ballstát a ndéantar ionadaíocht air freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

3.   I gcás ina bhfuil níos mó ná doiciméad cónaithe bailí amháin nó níos mó ná víosa bhailí amháin a d’eisigh Ballstáit éagsúla i seilbh an iarratasóra, déanfar na Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh san ord seo a leanas:

(a)

an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe lena dtugtar an ceart don tréimhse chónaithe is faide nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí;

(b)

i gcás inar víosaí d’aon chineál amháin na víosaí éagsúla, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí;

(c)

i gcás inar víosaí de chineálacha éagsúla na víosaí, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an tréimhse bhailíochta is faide nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí.

4.   I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe amháin nó níos mó a bhfuil a mbailíocht dulta in éag nó a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a aistarraingíodh níos lú ná 3 bliana sular cláraíodh an t-iarratas, nó víosa amháin nó níos mó a bhfuil a mbailíocht dulta in éag nó a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a aistarraingíodh níos lú ná 18 mí sular cláraíodh an t-iarratas, i seilbh an iarratasóra, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3.

5.   Ní chuirfear cosc le freagracht a chur ar an mBallstát a d’eisigh doiciméad cónaithe nó víosa toisc gur eisíodh an doiciméad cónaithe nó an víosa ar bhonn céannacht bhréagach nó ghlactha nó ar dhoiciméid a bhí brionnaithe, góchumtha nó neamhbhailí a thíolacadh. Mar sin féin, ní bheidh an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe nó an víosa freagrach más féidir leis a shuí go ndearnadh calaois tar éis don doiciméad nó don víosa a bheith eisithe.

Airteagal 30

Dioplómaí nó cáilíochtaí eile

1.   I gcás ina bhfuil dioplóma nó cáilíocht i seilbh an iarratasóra a d’eisigh foras oideachais atá bunaithe i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll go ndéantar an t-iarratas a chlárú tráth is lú ná 6 bliana tar éis eisiúint an dioplóma nó na cáilíochta.

2.   I gcás ina bhfuil níos mó ná dioplóma nó cáilíocht amháin i seilbh an iarratasóra a d’eisigh forais oideachais i mBallstáit éagsúla, is é an Ballstát a d’eisigh an dioplóma nó an cháilíocht tar éis na tréimhse staidéir is faide a ghabhfaidh chuige féin an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí staidéir, is é an Ballstát ina bhfuarthas an dioplóma nó an cháilíocht is déanaí a ghabhfaidh chuige féin an fhreagracht sin.

Airteagal 31

Dul isteach a bhfuil gá le víosa tarscaoilte ina leith

1.   Má théann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát isteach i gcríoch na mBallstát trí Bhallstát ina dtarscaoiltear an gá víosa a bheith aige nó aici, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 má dhéantar iarratas an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú i mBallstát eile ina dtarscaoiltear freisin an gá víosa a bheith aige nó aici chun dul isteach sa chríoch. Sa chás sin, beidh an Ballstát eile sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 32

Iarratas i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt

I gcás ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt Ballstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

Airteagal 33

Dul isteach

1.   I gcás ina suitear, ar bhonn cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 40(4) den Rialachán seo, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1358, go bhfuil iarratasóir tar éis an teorainn a thrasnú go neamhrialta isteach i mBallstát ó thríú tír ar tír, ar muir nó san aer, beidh an chéad Bhallstát a ndeachaigh an t-iarratasóir isteach ann freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Scoirfidh an fhreagracht sin má chláraítear an t-iarratas níos mó ná 20 mí tar éis an dáta a rinneadh an trasnú teorann sin.

2.   D’ainneoin na chéad mhíre den Airteagal seo, i gcás ina suitear, ar bhonn cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 40(4) den Rialachán seo, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1358, gur díbhordáladh iarratasóir ar chríoch Ballstáit tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Scoirfidh an fhreagracht sin má chláraítear an t-iarratas níos mó ná 12 mhí tar éis an dáta ar tharla an díbhordáil sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná 2 den Airteagal seo más féidir a shuí, ar bhonn cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 40(4) den Rialachán seo, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1358, gur athshocraíodh an t-iarratasóir chuig Ballstát eile de bhun Airteagal 67 den Rialachán seo chuig Ballstát eile tar éis don iarratasóir sin an teorainn a thrasnú. Sa chás sin, beidh an Ballstát eile sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

CAIBIDIL III

Cleithiúnaithe agus clásail lánroghnacha

Airteagal 34

Cleithiúnaithe

1.   I gcás ina bhfuil iarratasóir, mar gheall ar thoircheas, leanbh nuabheirthe, breoiteacht thromchúiseach fhisiceach nó mheabhrach, míchumas trom, tráma trom síceolaíochta nó seanaois, ag brath ar chúnamh óna leanbh, óna shiblín nó óna siblín nó óna thuismitheoir nó óna tuismitheoir atá ina chónaí nó ina cónaí go dleathach i gceann de na Ballstáit, nó i gcás ina bhfuil a leanbh, a shiblín nó a siblín nó a thuismitheoir nó a tuismitheoir atá ina chónaí nó ina cónaí go dleathach i gceann de na Ballstáit ag brath ar chúnamh an iarratasóra, de ghnáth coinneoidh na Ballstáit an t-iarratasóir agus an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir sin le chéile nó déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt le chéile, ar choinníoll go raibh naisc teaghlaigh eatarthu sular shroich an t-iarratasóir críoch na mBallstát, go bhfuil an leanbh, an siblín, an tuismitheoir nó an t-iarratasóir in ann aire a thabhairt don chleithiúnach agus, tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas faoin bhféidearthacht sin, gur chuir na daoine lena mbaineann a mian chuige sin in iúl i scríbhinn.

I gcás inarb ann do chomharthaí go bhfuil leanbh, siblín nó tuismitheoir ina chónaí nó ina cónaí go dleathach ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an cleithiúnaí i láthair, déanfaidh an Ballstát sin a fhíorú cé acu is féidir leis an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir aire a thabhairt don chleithiúnaí nó nach féidir, sula ndéanann sé iarraidh ar ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 39.

2.   I gcás ina bhfuil an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir dá dtagraítear i mír 1 ina chónaí nó ina cónaí go dleathach i mBallstát eile seachas an ceann ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair, is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát ina bhfuil an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir ina chónaí nó ina cónaí go dleathach, ach amháin má chuireann sláinte an iarratasóra cosc air nó uirthi taisteal go dtí an Ballstát sin ar feadh tréimhse shuntasach ama. I gcás den sórt sin, is é a bheidh sa Bhallstát freagrach an Ballstát ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair. Ní bheidh an Ballstát sin faoi réir na hoibleagáide i leith leanbh, siblín nó tuismitheoir an iarratasóra a thabhairt chuig a chríoch.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 78 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na heilimintí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an nasc cleithiúnais;

(b)

na critéir chun a shuí gurb ann do naisc chruthaithe teaghlaigh;

(c)

na critéir chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht an duine lena mbaineann aire a thabhairt don chleithiúnaí;

(d)

na heilimintí atá le cur san áireamh chun éagumas an duine lena mbaineann taistil ar feadh tréimhse ama nach beag a mheasúnú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcomhairliúchán agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit chun críocha an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 35

Clásail lánroghnacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 16(1), féadfaidh Ballstát a chinneadh scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá cláraithe leis, fiú mura bhfuil sé freagrach as scrúdú den sórt sin a dhéanamh de réir na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Ballstát ina gcláraítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a dhéanann an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, nó an Ballstát atá freagrach, tráth ar bith sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir leis an tsubstaint, a iarraidh ar Bhallstát eile iarratasóir a ghabháil ar láimh chun aon chaidreamh teaghlaigh a thabhairt le chéile, ar fhorais dhaonnúla atá bunaithe go háirithe ar naisc fhiúntacha maidir le cúinsí teaghlaigh, sóisialta nó cultúrtha, fiú i gcás nach bhfuil an Ballstát eile sin freagrach de réir na gcritéar a leagtar síos in Airteagail 25 go 28 agus 34. Cuirfidh na daoine lena mbaineann a dtoiliú chuige sin in iúl i scríbhinn.

Maidir leis an ábhar atá i seilbh an Bhallstáit iarrthaigh is gá chun gur féidir leis an mBallstát iarrtha measúnú a dhéanamh ar an staid, beidh an t-ábhar sin ar fad san iarraidh ar ghabháil ar láimh.

Déanfaidh an Ballstát iarrtha aon seiceáil is gá chun scrúdú a dhéanamh ar na forais dhaonnúla dá dtagraítear san iarraidh, agus tabharfaidh sé freagra don Bhallstát iarrthach laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil trí úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Luafar i ndiúltú ar an iarraidh na cúiseanna ar a bhfuil an diúltú bunaithe.

CAIBIDIL IV

Oibleagáidí an bhallstáit fhreagraigh

Airteagal 36

Oibleagáidí an Bhallstáit fhreagraigh

1.   Beidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát atá freagrach faoin Rialachán seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarratasóir ar cláraíodh a iarratas nó a hiarratas i mBallstát eile a ghabháil ar láimh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 39, 40 agus 46;

(b)

iarratasóir nó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar cuireadh in iúl gurb é an Ballstát sin an Ballstát freagrach faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358 a ghabháil ar ais faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 41 agus 46 den Rialachán seo;

(c)

duine ligthe isteach a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó atá ag fanacht go neamhrialta i mBallstát eile seachas an Ballstát a ghlac lena ligean isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350, nó a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil don duine sin faoi scéim náisiúnta athlonnaithe, a ghabháil ar ais faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 41 agus 46 den Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheifear in ann staid mionaoisigh atá i dtionlacan an iarratasóra agus a chomhlíonann an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh a dhealú ó staid a bhaill teaghlaigh nó a baill teaghlaigh agus déanfaidh an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an bhaill teaghlaigh sin ar chosaint idirnáisiúnta an mionaoiseach a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, gan aon ghá le toiliú i scríbhinn a fháil ón duine lena mbaineann, fiú murar iarratasóir an mionaoiseach féin, mura léirítear nach chun leasa an linbh é sin. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le leanaí a bheirtear tar éis don iarratasóir críoch na mBallstát a shroicheadh, gan aon ghá le nós imeachta nua a thionscnamh chun iad a ghabháil ar láimh.

D’ainneoin an cheanglais maidir le toiliú i scríbhinn dá bhforáiltear in Airteagal 26, i gcás ina dtionscnaítear nós imeachta nua maidir le leanbh a ghabháil ar láimh i ndáil le Ballstát, a léirítear mar an Ballstát freagrach de bhun Airteagal 26, ní cheanglófar toiliú i scríbhinn ó na daoine lena mbaineann, mura léirítear nach chun leasa an linbh an t-aistriú chuig an mBallstát freagrach.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát freagrach scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó cuirfidh sé an scrúdú sin i gcrích, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348.

Airteagal 37

Scor na bhfreagrachtaí

1.   I gcás ina n-eisíonn Ballstát doiciméad cónaithe don iarratasóir, ina gcinneann sé Airteagal 35 a chur i bhfeidhm, ina measann sé nach chun leas an linbh é mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú chuig an mBallstát freagrach, nó nach n-aistríonn sé an duine lena mbaineann chuig an mBallstát freagrach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 46, tiocfaidh an Ballstát sin chun bheith ina Bhallstát freagrach agus déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 36 a aistriú chuig an mBallstát sin. I gcás inarb infheidhme, an Ballstát a bhí freagrach roimhe sin, an Ballstát a dhéanann nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach nó an Ballstát ar iarradh air an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh nó a bhfuil fógra faoi ghabháil ar ais faighte aige, déanfaidh sé é a chur ar an eolas, trí úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Déanfaidh an Ballstát a thagann chun bheith freagrach de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a chur in iúl go bhfuil sé tar éis teacht chun bheith ina Bhallstát freagrach de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/1358.

2.   Tar éis scrúdú a dhéanamh ar iarratas sa nós imeachta teorann de bhun Rialachán (AE) 2024/1348, scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 36(1) den Rialachán seo 15 mhí tar éis do chinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha, toisc go bhfuil sé gan bhunús nó toisc gur follasach go bhfuil sé gan bhunús maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí nó cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil iarratas tarraingthe siar go hintuigthe nó go sainráite tagtha chun bheith críochnaitheach.

Maidir le hiarratas a chláraítear tar éis na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfar gur iarratas nua atá ann chun críocha an Rialacháin seo, as a n-eascróidh, dá bhrí sin, nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

3.   D’ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndéanann an duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile laistigh den tréimhse 15 mhí dá dtagraítear san fhomhír sin agus ina bhfuil nós imeachta um ghabháil ar ais ar feitheamh ar dháta dhul in éag na tréimhse 15 mhí sin, ní scoirfidh an fhreagracht go dtí go mbeidh an nós imeachta um ghabháil ar ais curtha i gcrích nó go dtí go mbeidh na teorainneacha ama don Bhallstát aistritheach chun an t-aistriú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 46 dulta in éag.

4.   Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 36(1) den Rialachán seo i gcás ina suíonn an Ballstát freagrach, ar bhonn sonraí arna dtaifeadadh agus arna stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2226 nó ar bhonn fianaise eile, gur fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát ar feadh 9 mí ar a laghad, mura bhfuil doiciméad cónaithe bailí arna eisiúint ag an mBallstát freagrach i seilbh an duine lena mbaineann.

Maidir le hiarratas a chláraítear tar éis na tréimhse asláithreachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfar gur iarratas nua atá ann chun críocha an Rialacháin seo, as a n-eascróidh, dá bhrí sin, nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

5.   Scoirfidh an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 36(1), pointe (b), den Rialachán seo i leith náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a ghabháil ar ais i gcás ina suitear, ar bhonn an tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1358 a bheith nuashonraithe, gur fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát, ar bhonn éigeantach nó deonach, i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a eisítear tar éis aistarraingt nó dhiúltú an iarratais.

Maidir le hiarratas a chláraítear tar éis aistriú éifeachtach nó tar éis filleadh deonach a bheith curtha i gcrích, measfar gur iarratas nua atá ann, chun críocha an Rialacháin seo, as a n-eascróidh, dá bhrí sin, nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

CAIBIDIL 3

Nósanna imeachta

ROINN I

Tús a chur leis an nós imeachta

Airteagal 38

Tús a chur leis an nós imeachta

1.   An Ballstát ina gcláraítear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta den chéad uair de bhun Rialachán (AE) 2024/1348 nó, i gcás inarb infheidhme, Ballstát an athshocraithe, cuirfidh sé tús gan mhoill leis an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

2.   Má éalaíonn an t-iarratasóir, leanfaidh an Ballstát ina gcláraítear an t-iarratas den chéad uair nó, i gcás inarb infheidhme, Ballstát an athshocraithe den nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

3.   An Ballstát a bhfuil an nós imeachta déanta aige chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, nó an Ballstát atá tar éis teacht chun bheith freagrach de bhun Airteagal 16(4) den Rialachán seo, cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl gan mhoill in Eurodac de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358:

(a)

an fhreagracht atá air de bhun Airteagal 16(2);

(b)

an fhreagracht atá air de bhun Airteagal 16(3);

(c)

an fhreagracht atá air de bhun Airteagal 16(4);

(d)

an fhreagracht atá air de bharr a mhainneachtana na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 39 a chomhlíonadh;

(e)

an fhreagracht atá ar an mBallstát a bhfuil iarraidh glactha aige an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 40;

(f)

an fhreagracht atá air de bhun Airteagal 68(3).

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta i mír 4 den Airteagal seo go dtí go gcuirfear faisnéis den sórt leis.

4.   Iarratasóir atá i láthair i mBallstát eile gan doiciméad cónaithe a bheith aige nó aici, nó a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin le linn an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, déanfaidh an Ballstát cinntitheach an t-iarratasóir sin a ghabháil ar ais faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 41 agus 46.

Scoirfidh an oibleagáid sin i gcás ina suíonn an Ballstát cinntitheach go bhfuil doiciméad cónaithe faighte ag an iarratasóir ó Bhallstát eile.

5.   Iarratasóir atá i láthair i mBallstát gan doiciméad cónaithe, nó a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin, tar éis do Bhallstát eile a dheimhniú go bhfuil an duine lena mbaineann le hathshocrú de bhun Airteagal 67(9), agus sula ndéantar an t-aistriú go dtí Ballstát an athshocraithe de bhun Airteagal 67(11), déanfaidh an Ballstát sin an t-iarratasóir sin a ghabháil ar ais faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 41 agus 46. Scoirfidh an oibleagáid sin i gcás ina suíonn Ballstát an athshocraithe go bhfuil doiciméad cónaithe faighte ag an iarratasóir ó Bhallstát eile.

ROINN II

Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh

Airteagal 39

Iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh

1.   Má mheasann an Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 38(1) go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, iarrfaidh sé, láithreach agus in aon chás laistigh de 2 mhí ón dáta ar ar cláraíodh an t-iarratas, ar an mBallstát eile sin an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh. Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’iarrataí a dhéantar ar bhonn Airteagail 25 go 28 agus 34.

D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás amas Eurodac i gcoinne sonraí arna dtaifeadadh de bhun Airteagail 22 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/1358 nó i gcás amas VIS i gcoinne sonraí arna dtaifeadadh de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, seolfar an iarraidh ar ghabháil ar láimh laistigh de mhí amháin ó amas den sórt sin a fháil.

I gcás nach ndéantar iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh laistigh de na tréimhsí a leagtar síos sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, beidh freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an mBallstát inar cláraíodh an t-iarratas.

I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, leanfaidh an Ballstát cinntitheach, ag aon tráth sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir leis an tsubstaint, i gcás ina measann sé gur chun leasa an linbh é, den nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach agus iarrfaidh sé ar Bhallstát eile an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh, go háirithe má tá an iarraidh bunaithe ar Airteagail 26, 27 nó 34, d’aineoinn dhul in éag na dteorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo.

2.   Féadfaidh an Ballstát iarrthach freagra práinneach a iarraidh i gcás inar cláraíodh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis cinneadh a bheith eisithe inar diúltaíodh don chead isteach nó tar éis cinneadh um fhilleadh a bheith eisithe.

Luafar san iarraidh na cúiseanna ina bhfuil bonn le freagra práinneach agus an tréimhse ar lena linn a iarrtar freagra. Seachtain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin.

3.   Áireofar san iarraidh ar ghabháil ar láimh cúiseanna iomlána agus mionsonraithe, bunaithe ar imthosca uile an cháis lena n-áirítear na heilimintí ábhartha ó ráiteas an iarratasóra, a bhaineann leis na critéir ábhartha a leagtar amach i gCaibidil II agus, i gcás inarb infheidhme, an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 22(1). Tíolacfar í trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus áireofar inti cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 40(4) nó aon doiciméadacht nó faisnéis eile atá ábhartha chun údar a thabhairt leis an iarratas, lena gcuirtear ar chumas údaráis an Bhallstáit iarrtha seiceáil a dhéanamh an bhfuil an Ballstát sin freagrach ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a ullmhú agus a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 40

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh

1.   Déanfaidh an Ballstát iarrtha na seiceálacha is gá, agus tabharfaidh sé freagra ar an iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh gan mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’iarrataí arna ndéanamh ar bhonn Airteagail 25 go 28 agus 34. Chuige sin, féadfaidh an Ballstát iarrtha cúnamh a iarraidh ar eagraíochtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta nó ar eagraíochtaí ábhartha eile chun an cruthúnas agus an fhianaise imthoisceach atá ábhartha arna dtíolacadh ag an mBallstát iarrthach a fhíorú, go háirithe chun baill teaghlaigh a shainaithint agus a lorg.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás amas Eurodac i gcoinne sonraí arna dtaifeadadh de bhun Airteagail 22 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/1358 nó i gcás amas VIS i gcoinne sonraí arna dtaifeadadh de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tabharfaidh an Ballstát iarrtha freagra ar an iarraidh laistigh de 2 sheachtain ón iarraidh a fháil.

3.   Sa nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, bainfear úsáid as cruthúnas agus fianaise imthoisceach.

4.   Tí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún dhá liosta lena léirítear an cruthúnas agus an fhianaise imthoisceach ábhartha a bhunú, agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil orthu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Chun críocha na chéad fhomhír, tagraíonn cruthúnas do chruthúnas foirmiúil lena gcinntear freagracht de bhun an Rialacháin seo, ar choinníoll nach ndéanann cruthúnas dá mhalairt é a bhréagnú. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún múnlaí de na cineálacha éagsúla doiciméad riaracháin, i gcomhréir leis an tíopeolaíocht a bhunaítear sa liosta de chruthúnas foirmiúil.

Chun críocha na chéad fhomhír, tagraíonn fianaise imthoisceach d’eilimintí táscacha a fhéadfaidh a bheith leordhóthanach de réir an luacha fianaise a thugtar dóibh, cé go bhféadfaí iad a bhréagnú. Déanfar measúnú ar luach fianaise na fianaise imthoiscí, i ndáil leis an bhfreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar bhonn cás ar chás.

5.   Ní rachaidh an ceanglas maidir le cruthúnas agus fianaise imthoisceach thar a bhfuil riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go cuí.

6.   Admhóidh an Ballstát iarrtha a fhreagracht ar choinníoll go bhfuil an fhianaise imthoisceach soiléir, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a shuí.

I gcás ina ndéantar an iarraidh ar bhonn Airteagail 25 go 28 agus 34, agus i gcás nach measann an Ballstát iarrtha go bhfuil an fhianaise imthoisceach soiléir, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a shuí, leagfaidh sé amach na cúiseanna sa fhreagra dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

7.   I gcás ina bhfuil freagra práinneach iarrtha ag an mBallstát iarrthach de bhun Airteagal 39(2), tabharfaidh an Ballstát iarrtha freagra laistigh den tréimhse iarrtha nó, ina éagmais sin, laistigh de 2 sheachtain ón iarraidh a fháil.

8.   I gcás nach ndéanann an Ballstát iarrtha agóid i gcoinne na hiarrata laistigh den tréimhse míosa a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás inarb infheidhme laistigh den tréimhse 2 seachtaine a leagtar amach i míreanna 2 agus 7 den Airteagal seo, trí fhreagra lena leagtar amach cúiseanna cuí-réasúnaithe, bunaithe ar imthosca uile an cháis a bhaineann leis na critéir ábhartha a leagtar amach i gCaibidil II, is ionann an easpa agóide sin agus glacadh leis an iarraidh, agus gabhfaidh leis oibleagáid chun an duine a ghabháil ar láimh, lena n-áirítear an oibleagáid socruithe cuí a chur ar fáil maidir le teacht an duine sin. Beidh cruthúnas agus fianaise imthoisceach mar thaca leis na cúiseanna cuí-réasúnaithe i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach a tharraingt suas lena leagtar amach cúiseanna suí-réasúnaithe de bhun an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 77(2).

ROINN III

Nósanna imeachta maidir le fógra faoi ghabháil ar ais

Airteagal 41

Fógra faoi ghabháil ar ais a thíolacadh

1.   I staid dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c), tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil an duine i láthair fógra faoi ghabháil ar ais láithreach agus in aon chás laistigh de 2 sheachtain tar éis dó amas Eurodac a fháil. Ní dhéanfaidh mainneachtain fógra a thabhairt faoi ghabháil ar ais laistigh den teorainn ama difear d’oibleagáid an Bhallstáit fhreagraigh an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais.

2.   Tabharfar fógra faoi ghabháil ar ais trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus áireofar ann cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 40(4) nó eilimintí ábhartha ó ráitis an duine lena mbaineann.

3.   Deimhneoidh an Ballstát dár tugadh fógra don Bhallstát a thug an fógra, laistigh de 2 sheachtain, go bhfuil an fógra faighte aige, mura rud é go léiríonn an Ballstát dár tugadh fógra laistigh den teorainn ama sin nach bhfuil sé freagrach de bhun Airteagal 37 nó go bhfuil an fógra faoi ghabháil ar ais bunaithe ar léiriú mícheart ar an mBallstát freagrach de bhun Rialachán (AE) 2024/1358.

4.   Is ionann neamhghníomhú laistigh den tréimhse 2 seachtaine a leagtar amach i mír 3 agus a dheimhniú go bhfuarthas an fógra.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú maidir le fógraí faoi ghabháil ar ais a ullmhú agus a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

ROINN IV

Coimircí nós imeachta

Airteagal 42

Fógra a thabhairt faoi chinneadh aistrithe

1.   An Ballstát cinntitheach a glacadh lena iarraidh ar a ghabháil ar láimh maidir leis an iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (a), nó a thug fógra faoi ghabháil ar ais maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) agus (c), déanfaidh sé cinneadh aistrithe laistigh de 2 sheachtain ó ghlacadh na hiarrata nó deimhniú an fhógra.

2.   I gcás ina nglacann an Ballstát iarrtha nó an Ballstát dár tugadh fógra le hiarratasóir a ghabháil ar láimh nó i gcás ina ndearbhaíonn sé go ndéanfaidh sé duine dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c), a ghabháil ar ais, déanfaidh an Ballstát aistritheach fógra a thabhairt don duine lena mbaineann i scríbhinn, i dteanga shimplí agus gan mhoill, faoin gcinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcinneadh gan scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, faoi na teorainneacha ama chun an t-aistriú a dhéanamh agus faoin oibleagáid an cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 17(5).

3.   I gcás ina ndéanann comhairleoir dlí nó comhairleoir eile, a aithnítear nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, ionadaíocht dhlíthiúil ar an duine lena mbaineann, féadfaidh na Ballstáit an fógra dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt do chomhairleoir dlí den sórt sin nó do chomhairleoir eile den sórt sin seachas don duine lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an cinneadh a chur in iúl don duine lena mbaineann.

4.   Áireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo freisin faisnéis faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil de bhun Airteagal 43, lena n-áirítear faisnéis faoin gceart chun iarratas a dhéanamh ar éifeacht fionraíochta, agus faoi na teorainneacha ama is infheidhme maidir le leigheasanna den sórt sin a lorg agus maidir leis an aistriú a dhéanamh, agus beidh, más gá, faisnéis ann faoin áit a gceanglaítear ar an duine lena mbaineann láithriú agus faoin dáta a cheanglaítear ar an duine lena mbaineann láithriú, más rud é go bhfuil an duine sin ag taisteal go dtí an Ballstát freagrach as a acmhainní nó a hacmhainní féin.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi dhaoine nó eintitis atá in ann cúnamh dlí a sholáthar don duine lena mbaineann a chur in iúl don duine lena mbaineann in éineacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, ach amháin sa chás gur cuireadh an fhaisnéis sin in iúl cheana.

5.   Nuair nach ndéanann comhairleoir dlí nó comhairleoir eile, a aithnítear nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, ionadaíocht dhlíthiúil ar an duine lena mbaineann, soláthróidh na Ballstáit dó nó di faisnéis faoi phríomheilimintí an chinnidh, ina n-áireofar faisnéis faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil agus faoi na teorainneacha ama is infheidhme maidir le leigheasanna den sórt sin a lorg, i dteanga a thuigeann an duine lena mbaineann nó a cheaptar le réasún go dtuigfeadh an duine lena mbaineann í.

Airteagal 43

Leigheasanna

1.   Beidh an ceart chun leighis éifeachtaigh ag an iarratasóir nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointí (b) agus (c), i bhfoirm achomhairc nó athbhreithnithe, ó fhíoras agus ó dhlí, i gcoinne cinneadh aistrithe os comhair cúirte nó binse.

Beidh raon feidhme leighis den sórt teoranta do mheasúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

cibé an mbeadh baol iarbhír ann go mbeadh íde mhídhaonna nó tháireach, de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt, i gceist don duine lena mbaineann mar thoradh ar an aistriú;

(b)

cibé an bhfuil imthosca ann, tar éis an chinnidh aistrithe, atá cinntitheach i leith chur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo;

(c)

cibé an ndearnadh sárú ar Airteagail 25 go 28 agus 34, i gcás na ndaoine a gabhadh ar láimh de bhun Airteagal 36(1), pointe (a).

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tréimhse dar fad seachtain amháin ar a laghad ach nach faide ná 3 seachtaine tar éis fógra a thabhairt faoi chinneadh aistrithe ar lena linn a fhéadfaidh an duine lena mbaineann a cheart nó a ceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú de bhun mhír 1.

3.   Beidh an ceart ag an duine lena mbaineann a iarraidh, laistigh de thréimhse réasúnta ama ó fhógra a bheith tugtha faoin gcinneadh aistrithe ach in aon chás laistigh de thréimhse nach faide ná an tréimhse dá bhforálann na Ballstáit de bhun mhír 2, go ndéanfadh cúirt nó binse cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí go dtí go mbeidh toradh ar achomharc nó athbhreithniú an duine lena mbaineann. Maidir leis an iarraidh ar chur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh sa dlí náisiúnta nach mór í a thaisceadh in éineacht leis an achomharc de bhun mhír 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheas éifeachtach i bhfeidhm tríd an aistriú a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an gcéad iarraidh ar fhionraíocht. Aon chinneadh faoi cé acu cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí, nó gan é a chur ar fionraí, déanfar é laistigh de mhí amháin ón dáta a fuair an chúirt nó binse inniúil an iarraidh sin.

I gcás nár fheidhmigh an duine lena mbaineann a cheart nó a ceart éifeacht fionraíochta a iarraidh, ní dhéanfar, leis an achomharc i gcoinne an chinnidh aistrithe ná leis an athbhreithniú ar an gcinneadh aistrithe, cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí.

I dtaca le cinneadh gan cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí, luafar sa chinneadh sin na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

Má dheonaítear éifeacht fionraíochta, féachfaidh an chúirt nó an binse le cinneadh a dhéanamh i dtaobh shubstaint an achomhairc nó an athbhreithnithe laistigh de mhí amháin ón gcinneadh éifeacht fionraíochta a dheonú.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an duine lena mbaineann ar chúnamh dlí agus, i gcás inar gá, ar chúnamh teanga.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil sa nós imeachta achomhairc, arna iarraidh sin, saor in aisce i gcás nach bhfuil an duine lena mbaineann in acmhainn na costais atá i gceist a sheasamh. Féadfaidh an Ballstáit foráil a dhéanamh, a mhéid a bhaineann le táillí agus costais eile, nach gcaithfear le daoine atá faoi réir an Rialacháin seo ar bhealach níos fabhraí ná mar a chaitear lena náisiúnaigh in ábhair a bhaineann le cúnamh dlí agus le hionadaíocht dhlíthiúil.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhfuil cúnamh dlí ná ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce le deonú i gcás ina measann an t-údarás inniúil nó cúirt nó binse gur beag an baol go mbeidh rath ar an achomharc nó ar an athbhreithniú, ar choinníoll nach gcuirtear srian treallach ar rochtain ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil dá thoradh sin.

I gcás ina ndéanann údarás seachas cúirt nó binse cinneadh gan cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a dheonú de bhun na dara fomhíre, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin. I gcás ina ndéantar agóid i gcoinne an chinnidh, beidh an leigheas ina chuid dhílis den leigheas dá dtagraítear i mír 1.

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear srian treallach ar chúnamh dlí ná ar ionadaíocht dhlíthiúil ná nach gcuirfear bac ar rochtain éifeachtach an duine lena mbaineann ar an gceartas.

Áireofar sa chúnamh dlí, ar a laghad, ullmhú na ndoiciméad nós imeachta is gá. Áireofar san ionadaíocht dhlíthiúil, ar a laghad, an ionadaíocht os comhair cúirte nó binse agus féadfar í a theorannú do chomhairleoirí dlí nó do chomhairleoirí a ainmnítear go sonrach leis an dlí náisiúnta chun cúnamh dlí a thabhairt agus chun ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanamh.

Leagfar síos sa dlí náisiúnta nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil.

ROINN V

Coinneáil chun críoch aistrithe

Airteagal 44

Coinneáil

1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit duine a choimeád faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil sé nó sí faoi réir an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

2.   I gcás inarb ann do riosca éalaithe nó i gcás ina gceanglaíonn sin le cosaint na slándála náisiúnta nó leis an mbeartas poiblí, féadfaidh na Ballstáit an duine lena mbaineann a choinneáil chun nósanna imeachta aistrithe a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar bhonn measúnú aonair ar imthosca an duine, agus sa mhéid go bhfuil an choinneáil comhréireach agus nach féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus sa mhéid sin amháin.

3.   Beidh an tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní bheidh sí níos faide ná an tréimhse is gá le réasún chun na nósanna imeachta riaracháin is gá a chur i gcrích le dícheall cuí go dtí go ndéanfar an t-aistriú faoin Rialachán seo.

4.   I dtaca leis na dálaí coinneála agus na ráthaíochtaí is infheidhme maidir le hiarratasóirí atá faoi choinneáil de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagail 11, 12 agus 13 de Threoir (AE) 2024/1346.

5.   Déanfaidh údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha coinneáil de bhun an Airteagail seo a ordú i scríbhinn. Luafar san ordú coinneála na cúiseanna, ó fhíoras agus ó dhlí, ar a bhfuil sé bunaithe. I gcás in n-ordaíonn údarás riaracháin an choinneáil, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach mear ar dhlíthiúlacht na coinneála atá le déanamh ex officio nó ar iarraidh ón iarratasóir, nó ar an dá bhealach sin.

Airteagal 45

Teorainneacha ama d’iarratasóirí atá faoi choinneáil

1.   De mhaolú ar Airteagail 39 agus 41, i gcás ina gcoinnítear duine de bhun Airteagal 44, ní bheidh an tréimhse chun iarraidh ar ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais a thíolacadh níos faide ná 2 sheachtain ón tráth a chláraítear an iarraidh ar chosaint idirnáisiúnta nó 2 sheachtain ó amas Eurodac a fháil i gcás nár cláraíodh aon iarraidh nua sa Bhallstát a thugann fógra.

I gcás ina gcoinnítear duine tráth is déanaí ná an tráth a chláraítear an t-iarratas, ní bheidh an tréimhse chun iarraidh ar ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais a thíolacadh níos faide ná seachtain amháin ón dáta ar cuireadh an duine faoi choinneáil.

2.   De mhaolú ar Airteagal 40(1), tabharfaidh an Ballstát iarrtha freagra a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh de sheachtain amháin ón iarraidh a fháil. Mura dtugtar freagra laistigh den tréimhse seachtaine, is ionann sin agus glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh agus fágfaidh sé oibleagáid a bheith ann an duine a ghabháil ar láimh, lena n-áirítear an oibleagáid socruithe cuí a chur ar fáil maidir le teacht an duine sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 46, i gcás ina gcoinnítear duine, déanfar an duine sin a aistriú ón mBallstát aistritheach chuig an mBallstát freagrach a luaithe is féidir go praiticiúil, agus laistigh de 5 seachtaine ar a dhéanaí:

(a)

ón dáta ar glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó ar deimhníodh an fógra faoi ghabháil ar ais; nó

(b)

ón dáta nach bhfuil éifeacht fionraíochta a thuilleadh ag an achomharc ná ag an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 43(3).

4.   I gcás nach gcomhlíonann an Ballstát aistritheach na teorainneacha ama maidir le hiarraidh ar ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais a thíolacadh nó cinneadh aistrithe a dhéanamh laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 42(1) nó i gcás nach ndéantar an t-aistriú laistigh den tréimhse 5 seachtaine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ní dhéanfar an duine sin a choinneáil a thuilleadh. Leanfaidh Airteagail 39, 41 agus 46 d’fheidhm a bheith acu dá réir.

ROINN VI

Aistrithe

Airteagal 46

Rialacha mionsonraithe agus teorainneacha ama

1.   Déanfar iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointí (b) agus (c), ón mBallstát aistritheach chuig an mBallstát freagrach a aistriú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aistrithigh, tar éis comhairliúchán idir na Ballstáit lena mbaineann, a luaithe is féidir go praiticiúil, agus laistigh de 6 mhí ó glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh, tar éis do Bhallstát eile an fógra faoi ghabháil ar ais a dheimhniú nó ón gcinneadh críochnaitheach maidir le hachomharc i gcoinne cinneadh aistrithe nó maidir le hathbhreithniú ar chinneadh aistrithe a bhfuil éifeacht fionraíochta aige i gcomhréir le hAirteagal 43(3).

Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’aistrithe iarratasóirí tar éis glacadh le hiarrataí arna ndéanamh ar bhonn Airteagail 25 go 28 agus 34.

I gcás ina ndéantar an t-aistriú chun críoch athshocraithe, déanfar an t-aistriú laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 67(11).

Má dhéantar aistrithe chuig an mBallstát freagrach trí bhíthin imeacht faoi maoirseacht nó faoi choimhdeacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad ar bhealach daonnúil agus i gcomhréir le dínit an duine agus cearta bunúsacha eile agus lánurraim á tabhairt do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha eile.

Más gá, tabharfaidh an Ballstát aistritheach laissez passer don duine lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh an laissez passer a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Cuirfidh an Ballstát freagrach an Ballstát aistritheach ar an eolas, de réir mar is iomchuí, faoi theacht sábháilte an duine lena mbaineann nó faoin bhfíoras nár láithrigh sé nó sí laistigh den teorainn ama shocraithe.

2.   I gcás nach ndéantar an t-aistriú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, bainfear den Bhallstát freagrach a oibleagáidí an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais agus aistreofar an fhreagracht chuig an mBallstát aistritheach. Féadfar an teorainn ama sin a fhadú suas le bliain amháin ar a mhéad más rud é nach bhféadfaí an t-aistriú a dhéanamh mar gheall ar phríosúnacht an duine lena mbaineann nó suas le 3 bliana ar a mhéad ón uair a chuir an Ballstát iarrthach an Ballstát freagrach ar an eolas gur éalaigh an duine lena mbaineann, nó duine den teaghlach a bhí le haistriú in éineacht leis an duine lena mbaineann, go bhfuil an duine lena mbaineann ag cur i gcoinne an aistrithe go fisiciúil, go bhfuil an duine lena mbaineann á dhéanamh féin nó á déanamh féin neamhábalta don aistriú d’aon turas, nó nach bhfuil an duine lena mbaineann ag comhlíonadh na gceanglas liachta don aistriú.

I gcás ina mbíonn an duine lena mbaineann ar fáil do na húdaráis arís agus i gcás ina bhfuil an t-am atá fágtha ón tréimhse dá dtagraítear i mír 1 níos lú ná 3 mhí, beidh tréimhse 3 mhí ag an mBallstát aistritheach chun an t-aistriú a dhéanamh.

3.   I gcás inar aistríodh duine go hearráideach nó ina gcuirtear cinneadh aistrithe ar neamhní ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith déanta, déanfaidh an Ballstát a rinne an t-aistriú an duine sin a ghlacadh ar ais go pras.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcomhairliúchán agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit chun críocha an Airteagail seo, go háirithe i gcás aistrithe a chuirtear ar athlá nó a gcuirtear moill orthu, aistrithe mar thoradh ar a nglacadh ar bhonn réamhshocraithe, aistrithe mionaoiseach nó cleithiúnaithe, agus aistrithe faoi mhaoirseacht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 47

Costais an aistrithe

1.   I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1147, íocfar ranníocaíocht leis an mBallstát a dhéanann iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c), den Rialachán seo a aistriú de bhun Airteagal 46 den Rialachán seo.

2.   I gcás ina bhfuil an duine lena mbaineann le haistriú ar ais chuig Ballstát de bharr aistriú earráideach nó de bharr cinneadh aistrithe a cuireadh ar neamhní ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith déanta, beidh an Ballstát a rinne an t-aistriú i dtús báire aige freagrach as na costais a bhaineann leis an duine lena mbaineann a aistriú ar ais chuig a chríoch.

3.   Ní cheanglófar ar dhaoine a aistrítear de bhun an Rialacháin seo costais aistrithe den sórt sin a sheasamh.

Airteagal 48

Malartú faisnéise ábhartha sula ndéantar aistriú

1.   An Ballstát a dhéanann iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c), a aistriú, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát freagrach aon sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine atá le haistriú, ar sonraí iad atá leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach chun a áirithiú, agus chuige sin amháin, go bhfuil na húdaráis inniúla in ann, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit fhreagraigh, cúnamh leormhaith a sholáthar don duine sin, lena n-áirítear cúram sláinte láithreach a sholáthar is gá chun a leasanna ríthábhachtacha a chosaint, chun leanúnachas a áirithiú sa chosaint agus sna cearta a thugtar leis an Rialachán seo agus le hionstraimí dlí eile is infheidhme i réimse an tearmainn. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Bhallstát freagrach laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar aistriú chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain ama ag a údaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh.

2.   Tarchuirfidh an Ballstát aistritheach chuig an mBallstát freagrach aon fhaisnéis atá sár-riachtanach chun cearta an duine atá le haistriú agus aon riachtanais speisialta láithreacha atá ag an duine sin a choimirciú, agus háirithe:

(a)

faisnéis faoi aon bhearta láithreacha a cheanglaítear ar an mBallstát freagrach a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar riachtanais speisialta an duine atá le haistriú, lena n-áirítear aon chúram sláinte láithreach is gá agus, i gcás inar gá, aon socruithe is gá chun leas an linbh a chosaint;

(b)

sonraí teagmhála ball teaghlaigh, gaolta nó aon chaidreamh teaghlaigh eile sa Bhallstát is faighteoir, i gcás inarb infheidhme;

(c)

i gcás mionaoiseach, faisnéis faoin measúnú ar leas an linbh agus ar a n-oideachas;

(d)

i gcás inarb infheidhme, measúnú ar aois iarratasóra;

(e)

i gcás inarb infheidhme, an fhoirm scagtha de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1356, lena n-áirítear aon fhianaise dá dtagraítear ar an bhfoirm;

(f)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

3.   Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir na húdaráis a dtugtar fógra don Choimisiún fúthu i gcomhréir le hAirteagal 52 den Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartaítear ach amháin chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ná ní dhéanfar tuilleadh próiseála uirthi.

4.   D’fhonn malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach a tharraingt suas maidir le tarchur na sonraí a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 77(2).

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 51(8) agus (9) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 49

Malartú faisnéise a bhfuil ábharthacht slándála ag baint léi sula ndéantar aistriú

Chun Airteagal 41 a chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil faisnéis i seilbh an Bhallstát aistrithigh lena dtugtar le fios go bhfuil forais réasúnta ann lena mheas go bhfuil an t-iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (b) nó (c), ina bhaol nó ina baol don tslándáil náisiúnta nó don bheartas poiblí i mBallstát, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin in iúl don Bhallstát freagrach gurb ann d’fhaisnéis den sórt sin. Déanfar an fhaisnéis a chomhroinnt idir údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis inniúla eile na mBallstát sin trí na bealaí iomchuí le haghaidh malartú faisnéise den sórt sin.

Airteagal 50

Malartú sonraí sláinte sula ndéantar aistriú

1.   Chun cúram nó cóireáil leighis a sholáthar, agus chuige sin amháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine aosta, mná torracha, mionaoisigh agus daoine a d’fhulaing céastóireacht, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisicigh nó ghnéasaigh, déanfaidh an Ballstát aistritheach, sa mhéid go bhfuil sí ar fáil dá údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faisnéis faoi aon riachtanais speisialta atá ag an duine atá le haistriú a tharchur chuig an mBallstát freagrach, ar féidir a áireamh inti, i gcásanna sonracha, faisnéis faoi shláinte fhisiceach agus mheabhrach an duine sin. Déanfar an fhaisnéis sin a aistriú i ndeimhniú sláinte coiteann agus beidh na doiciméid riachtanacha i gceangal leis. Áiritheoidh an Ballstát freagrach go dtabharfar aghaidh ar na riachtanais speisialta sin go leormhaith, lena n-áirítear, go háirithe, aon chúram leighis sár-riachtanach is gá.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an deimhniú sláinte coiteann dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 77(2).

2.   Ní tharchuirfidh an Ballstát aistritheach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig an mBallstát freagrach ach amháin tar éis dó toiliú sainráite an iarratasóra nó toiliú sainráite ionadaí an iarratasóra a fháil nó nuair is gá í a tharchur mar sin chun an tsláinte phoiblí nó an tslándáil phoiblí a chosaint, nó, i gcás nach bhfuil an t-iarratasóir in ann go fisiciúil ná go dleathach a thoiliú nó a toiliú a thabhairt, chun leasanna ríthábhachtacha an duine lena mbaineann nó leasanna ríthábhachtacha duine eile a chosaint. Ní bheidh easpa toilithe, lena n-áirítear diúltú toiliú a thabhairt, ina bac ar an aistriú.

3.   Ní dhéanfaidh ach gairmí sláinte atá, faoin dlí náisiúnta, faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla nó duine eile atá faoi réir a choibhéis d’oibleagáid rúndachta gairmiúla na sonraí sláinte pearsanta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil.

4.   Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir gairmithe sláinte nó daoine eile dá dtagraítear i mír 3. Is chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, agus chucu sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis a mhalartaítear, agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála uirthi.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha agus socruithe praiticiúla a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 77(2).

6.   Beidh feidhm ag Airteagal 51(8) agus (9) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

CAIBIDIL IV

Comhar riaracháin

Airteagal 51

Faisnéis a chomhroinnt

1.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl d’aon Bhallstát a iarrann sin sonraí pearsanta a bhaineann le duine a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar sonraí iad atá leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)

aon oibleagáid eile a eascraíonn as an Rialachán seo a chur chun feidhme;

(d)

cinneadh um fhilleadh a chur chun feidhme.

2.   Ní áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach an méid seo a leanas:

(a)

sonraí pearsanta an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, sonraí pearsanta bhall teaghlaigh nó ghaolta an duine lena mbaineann nó sonraí pearsanta aon chaidrimh teaghlaigh eile atá ag an duine lena mbaineann, eadhon ainm iomlán agus, i gcás inarb iomchuí, sean-ainmneacha; leasainmneacha nó ainmneacha bréige, náisiúntacht reatha agus a bhí ag an duine roimhe sin. dáta breithe agus áit bhreithe;

(b)

faisnéis faoi dhoiciméid chéannachta agus taistil, lena n-áirítear faisnéis faoi thagairtí, bailíocht, an dáta eisiúna, an t-údarás eisiúna agus an áit eisiúna;

(c)

aon fhaisnéis eile is gá chun céannacht an duine lena mbaineann a shuí, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha de chuid an iarratasóra arna dtógáil ag an mBallstát lena mbaineann, go háirithe chun críocha Airteagal 67(8) den Rialachán seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1358;

(d)

faisnéis faoi áiteanna cónaithe agus na bealaí a taistealaíodh;

(e)

faisnéis faoi dhoiciméid chónaithe nó víosaí a d’eisigh Ballstát;

(f)

faisnéis faoin áit ar cláraíodh an t-iarratas;

(g)

faisnéis faoin dáta a cláraíodh aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta roimhe sin, an dáta a cláraíodh an t-iarratas reatha, an staid a shroich na himeachtaí agus an cinneadh a glacadh, más ann dó.

3.   Ar choinníoll go bhfuil gá leis don scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh an Ballstát freagrach a iarraidh ar Bhallstát eile é a chur ar an eolas faoi na forais ar a bhfuil a iarratas nó a hiarratas bunaithe ag an iarratasóir agus, i gcás inarb infheidhme, faoi fhorais aon chinntí a glacadh i leith an iarratasóra. I gcás ina gcuireann an Ballstát freagrach Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2024/1348 i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát sin faisnéis a iarraidh freisin lena gcuirtear ar chumas a n-údarás inniúil a shuí cibé ar tháinig nó nár tháinig gnéithe nua chun cinn nó cibé ar thíolaic nó nár thíolaic an t-iarratasóir gnéithe nua. Féadfaidh an Ballstát iarrtha diúltú freagra a thabhairt ar an iarraidh, más dóigh go ndéanfaí dochar dá leasanna sár-riachtanacha nó do chosaint shaoirsí agus cearta bunúsacha an duine lena mbaineann nó daoine eile trí fhaisnéis den sórt sin a chur in iúl. Cuirfidh an Ballstát iarrthach an t-iarratasóir ar an eolas roimh ré faoin bhfaisnéis shonrach a iarradh agus faoin gcúis atá leis an iarraidh sin.

4.   Ní sheolfar aon iarraidh ar fhaisnéis ach i gcomhthéacs iarratas aonair ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú chun críoch athshocraithe. Leagfar amach san iarraidh sin na forais ar a bhfuil sí bunaithe agus, nuair is é an aidhm atá léi a sheiceáil an bhfuil critéar ann ar dóigh dó freagracht a chur ar an mBallstát iarrtha, luafar inti cé an fhianaise ar a bhfuil sí bunaithe, lena n-áirítear faisnéis ábhartha ó fhoinsí iontaofa faoi na bealaí agus na modhanna trína dtéann iarratasóirí isteach i gcríocha na mBallstát, nó cad é an chuid shonrach agus infhíoraithe de ráitis an iarratasóra ar a bhfuil sí bunaithe. Ní leor inti féin faisnéis ábhartha den sórt sin ó fhoinsí iontaofa chun freagracht agus inniúlacht Ballstáit faoin Rialachán seo a chinneadh, ach féadfaidh sí rannchuidiú le meastóireacht ar chomharthaí eile maidir le hiarratasóir ar leith.

5.   Beidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát iarrtha freagra a thabhairt laistigh de 3 seachtaine. Tabharfar údar cuí le haon mhoill ar an bhfreagra. Mura dtugtar freagra laistigh de 3 seachtaine, ní scaoilfear an Ballstát iarrtha ón oibleagáid freagra a thabhairt. Más rud é go ndéanann an Ballstát iarrtha sin faisnéis a choimeád siar lena léirítear go bhfuil an Ballstát sin freagrach, ní fhéadfaidh an Ballstát sin dul in éag na dteorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 39 a agairt mar údar le diúltú iarraidh ar ghabháil ar láimh a chomhlíonadh. Sa chás sin, maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 39 chun iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh, déanfar iad a fhadú de thréimhse ama a bheidh comhionann leis an moill ar an bhfreagra ón mBallstát iarrtha.

6.   Malartófar faisnéis arna iarraidh sin do Bhallstát agus ní fhéadfar faisnéis a mhalartú ach amháin idir údaráis ar chuir gach Ballstát a d’ainmnigh iad é sin in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 52(1).

7.   Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ach amháin chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1. I ngach Ballstát, ní fhéadfar faisnéis den sórt sin, ag brath ar an gcineál faisnéise atá i gceist agus cumhachtaí an údaráis is faighteoir, a chur in iúl ach amháin do na húdaráis agus na cúirteanna agus na binsí a bhfuil sé de chúram orthu:

(a)

a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)

aon oibleagáid eile a eascraíonn as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

8.   Áiritheoidh an Ballstát a chuireann an fhaisnéis ar aghaidh go mbeidh an fhaisnéis cruinn agus cothrom le dáta. Má thagann sé chun solais gur chuir an Ballstát faisnéis ar aghaidh atá míchruinn nó nár cheart a chur ar aghaidh, cuirfear na Ballstáit is faighteoirí ar an eolas faoi sin láithreach. Beidh sé d’oibleagáid orthu faisnéis den sórt sin a cheartú nó a áirithiú go léirscriosfar í.

9.   I ngach Ballstát lena mbaineann, coimeádfar taifead, sa chomhad aonair don duine lena mbaineann nó i gclár, ar tharchur agus fáil na faisnéise a mhalartaítear.

Airteagal 52

Údaráis inniúla agus acmhainní

1.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, agus aon leasuithe air, a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní daonna, ábhartha agus airgeadais is gá ag na húdaráis sin chun a gcúraimí a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhealach tapa agus éifeachtúil, agus go háirithe chun cearta nós imeachta agus bunúsacha a choimirciú, chun a áirithiú go mbíonn nós imeachta tapa ann chun baill teaghlaigh agus gaolta atá i láthair i mBallstáit éagsúla a athaontú, chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama forordaithe ar iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí faoi ghabháil ar ais agus, i gcás inarb infheidhme, chun a n-oibleagáidí faoi Chuid IV a chomhlíonadh.

2.   Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéantar athruithe ar an liosta sin, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh foireann na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 an oiliúint is gá maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le bealaí cumarsáide leictreonacha slána a bhunú idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus idir na húdaráis sin agus an Ghníomhaireacht um Thearmann chun faisnéis, sonraí bithmhéadracha a tógadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1358, iarrataí, fógraí, freagraí agus aon chomhfhreagras eile i scríbhinn a tharchur agus chun a áirithiú go bhfaighidh seoltóirí cruthúnas leictreonach ar sheachadadh go huathoibríoch. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

Airteagal 53

Socruithe riaracháin

1.   Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn déthaobhach, socruithe riaracháin a bhunú eatarthu féin i ndáil leis na mionsonraí praiticiúla do chur chun feidhme an Rialacháin seo, chun a chur i bhfeidhm a éascú agus a éifeachtúlacht a mhéadú. Féadfar baint a bheith ag socruithe den sórt sin leis an méid seo a leanas:

(a)

malartuithe oifigeach idirchaidrimh;

(b)

simpliú na nósanna imeachta agus giorrú na dteorainneacha ama a bhaineann le tarchur iarrataí ar ghabháil ar láimh nó fógraí faoi ghabháil ar ais agus a bhaineann le scrúdú ar iarrataí nó fógraí den sórt sin;

(c)

rannchuidithe dlúthpháirtíochta arna ndéanamh de bhun Chuid IV.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na socruithe riaracháin a tugadh i gcrích faoi Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle (41) agus Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a choimeád ar bun freisin. A mhéid nach mbeidh socruithe den sórt sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe sin ar bhealach a chuirfidh deireadh le haon neamhréireachtaí.

3.   Sula dtabharfar aon socrú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), i gcrích nó sula ndéanfar leasú air, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún faoi chomhréireacht an tsocraithe leis an Rialachán seo.

4.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit lena mbaineann laistigh de thréimhse réasúnta ama. Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann na céimeanna uile is iomchuí chun an socrú lena mbaineann a leasú laistigh de thréimhse ama réasúnta ar bhealach a chuirfidh deireadh le haon neamhréireachtaí den sórt sin.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na socruithe uile dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon séanadh a dhéantar ina leith, nó faoi aon leasú a dhéantar orthu.

Airteagal 54

Líonra d’aonaid fhreagracha

Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann líonra amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 52(1) a chur ar bun agus gníomhaíochtaí líonraí den sórt sin a éascú, d’fhonn comhar praiticiúil, lena n-áirítear aistrithe, agus comhroinnt faisnéise maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo a fheabhsú, lena n-áirítear uirlisí praiticiúla, dea-chleachtais agus treoir a fhorbairt.

Féadfar ionadaíocht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais i líonraí den sórt sin nuair is gá.

CAIBIDIL VII

Idir-réiteach

Airteagal 55

Idir-réiteach

1.   Chun feidhmiú cuí na sásraí arna gcur ar bun leis an Rialachán seo a éascú agus chun na deacrachtaí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm a réiteach, i gcás ina mbíonn deacrachtaí ag dhá Bhallstát nó níos mó i ndáil lena gcomhair faoin Rialachán seo nó deacrachtaí an Rialachán a chur i bhfeidhm eatarthu, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i mbun comhairliúchán gan mhoill, arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó díobh, d’fhonn teacht ar réitigh iomchuí laistigh de thréimhse ama réasúnta, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE.

I gcás inarb iomchuí, féadfar faisnéis faoi na deacrachtaí a bhí ann agus an réiteach ar thángthas air a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile laistigh den choiste dá dtagraítear in Airteagal 77.

2.   I gcás nach dtéitear ar aon réiteach faoi mhír 1 nó i gcás ina mbíonn na deacrachtaí ann i gcónaí, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúcháin a reáchtáil leis na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn teacht ar réitigh iomchuí. Reáchtálfaidh an Coimisiún comhairliúcháin den sórt sin gan mhoill. Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann páirt ghníomhach sna comhairliúcháin. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is iomchuí chun an t-ábhar a réiteach go pras. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe chuig na Ballstáit lena mbaineann lena léirítear na bearta atá le déanamh agus na sprioc-amanna iomchuí.

I gcás inarb iomchuí, féadfar faisnéis faoi na deacrachtaí a bhí ann, na moltaí a rinneadh agus an réiteach ar thángthas air a chomhroinnt leis na Ballstáit eile laistigh den choiste dá dtagraítear in Airteagal 77.

Ní dhéanfaidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo difear do na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo i gcásanna aonair.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo do chumhachtaí an Choimisiúin maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi Airteagail 258 agus 260 CFAE. Ní dochar é ach an oiread don fhéidearthacht atá ann do na Ballstáit lena mbaineann a ndíospóid a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 273 CFAE ná don fhéidearthacht atá ann d’aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte i gcomhréir le hAirteagal 259 CFAE.

CUID IV

DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

CAIBIDIL I

Sásra dlúthpháirtíochta

Airteagal 56

Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil

1.   Beidh an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, ina n-áireofar na rannchuidithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 arna ngealladh ag na Ballstáit le linn chruinniú an Fhóraim Ardleibhéil, ar an bpríomhuirlis freagartha dlúthpháirtíochta do Bhallstáit atá faoi bhrú imirce ar bhonn na riachtanas arna sainaithint sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.   Is é a bheidh sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil na cineálacha beart dlúthpháirtíochta seo a leanas, a mheasfar a bheith ar comhluach:

(a)

athshocrú na ndaoine seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagail 67 agus 68:

(i)

iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe go déthaobhach ag an mBallstát is rannchuiditheoir agus an Ballstát is tairbhí é, tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta dar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta deonaithe níos lú ná 3 bliana roimh ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais arna soláthar ag na Ballstáit atá dírithe go príomha ar ghníomhaíochtaí sna Ballstáit a bhaineann le réimse na himirce, an ghlactha, an tearmainn, an ath-lánpháirtithe réamhimeachta, an bhainistithe teorainneacha agus na tacaíochta oibríochtúla, lena bhféadfar tacaíocht a thabhairt freisin le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha a bhféadfadh tionchar díreach a bheith acu ar na sreabha imirceacha ag teorainneacha seachtracha na mBallstát nó a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chóras tearmainn, glactha agus imirce an tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear cláir um fhilleadh deonach cuidithe agus um ath-lánpháirtiú, i gcomhréir le hAirteagal 64;

(c)

bearta dlúthpháirtíochta malartacha i réimse na himirce, an ghlactha, an tearmainn, an bhainistithe ar fhilleadh agus ath-lánpháirtiú, agus an bhainistithe teorainneacha, a dhíríonn ar thacaíocht oibríochtúil, fothú acmhainneachta, seirbhísí, tacaíocht foirne, saoráidí agus trealamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 65.

Déanfaidh na Ballstáit is tairbhithe na gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le raon feidhme agus cuspóirí an Rialacháin seo agus le raon feidhme agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1147.

3.   Le ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), le haghaidh tionscadail i dtríú tíortha, díreofar, gó háirithe, ar na nithe seo a leanas:

(a)

acmhainneacht an tearmainn agus an ghlactha i dtríú tíortha a fheabhsú, lena n-áirítear trí shaineolas daonna agus institiúideach agus acmhainneacht dhaonna agus institiúideach a neartú;

(b)

imirce dhleathach agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí threisiú le comhpháirtíochtaí déthaobhacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta maidir le himirce, easáitiú éigeantach, bealaí dlíthiúla agus comhpháirtíochtaí soghluaisteachta;

(c)

tacú leis na cláir um fhilleadh deonach cuidithe agus um ath-lánpháirtiú inbhuanaithe d’imircigh atá ag filleadh agus dá dteaghlaigh;

(d)

leochaileachtaí de dheasca na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine a laghdú, chomh maith le cláir frithsmuigleála agus frithgháinneála;

(e)

tacú le beartais imirce atá éifeachtach agus atá bunaithe ar chearta an duine.

Airteagal 57

Gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil

1.   Ar bhonn an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12 agus i gcomhréir leis an gcleachtadh gealltanais arna dhéanamh san Fhóram Ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 13, glacfaidh an Chomhairle, ar bhonn bliantúil, roimh dheireadh gach bliana féilire, gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, lena n-áirítear uimhir thagartha na n-athshocruithe is gá agus ranníocaíochtaí airgeadais don Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil ar leibhéal an Aontais agus na gealltanais shonracha atá déanta ag gach Ballstát le haghaidh gach cineáil rannchuidithe dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 56(2) le linn chruinniú an Fhóraim Ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 13. Glacfaidh an Chomhairle an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo trí thromlach cáilithe. Féadfaidh an Comhairle an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12 a leasú trí thromlach cáilithe.

2.   Sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leagfar amach freisin, i gcás inar gá, an céatadán táscach den Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a fhéadfar a chur ar fáil do Bhallstáit atá faoi bhrú imirce mar thoradh ar líon mór daoine a bheith ag teacht isteach iontu mar gheall ar dhíbhordálacha athfhillteacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus sainiúlachtaí geografacha na mBallstát lena mbaineann á gcur i gcuntas. Féadfaidh sé cineálacha eile dlúthpháirtíochta a shainaithint freisin mar a leagtar amach in Airteagal 56(2), pointe (c), ag brath ar an ngá atá le bearta den sórt sin mar gheall ar na dúshláin shonracha i réimse na himirce sna Ballstáit lena mbaineann.

3.   Le linn chruinniú an Fhóraim Ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 13, tiocfaidh na Ballstáit ar chonclúid maidir le huimhir thagartha fhoriomlán i gcomhair gach birt dlúthpháirtíochta sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12. Le linn an chruinnithe sin, geallfaidh na Ballstáit a rannchuidithe leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil freisin, i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus an cion cothrom éigeantach arna ríomh de réir na heochrach tagartha a leagtar amach in Airteagal 66.

4.   Agus mír 3 den Airteagal seo á cur chun feidhme acu, beidh lánrogha iomlán ag na Ballstáit rogha a dhéanamh idir na cineálacha beart dlúthpháirtíochta a liostaítear in Airteagal 56(2), nó teaglaim díobh. Na Ballstáit a gheallann bearta dlúthpháirtíochta malartacha, luafaidh siad luach airgeadais beart den sórt sin, bunaithe ar chritéir oibiachtúla. I gcás nach sainaithnítear na bearta dlúthpháirtíochta malartacha sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12, féadfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a ghealladh fós. I gcás nach n-iarrann na Ballstáit is tairbhithe bearta den sórt sin in aon bhliain ar leith, déanfar ranníocaíochtaí airgeadais díobh.

Airteagal 58

Faisnéis maidir leis an rún atá ag Ballstát a shainaithnítear sa chinneadh ón gCoimisiún a bheith faoi bhrú imirce an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a úsáid

1.   Déanfaidh Ballstát a shainaithnítear i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a bheith faoi bhrú imirce, tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57, an Coimisiún agus an Chomhairle a chur ar an eolas i gcás ina bhfuil rún aige úsáid a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil. Cuirfidh an Ballstát Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

2.   Áireoidh an Ballstát lena mbaineann faisnéis faoi chineál agus leibhéal na mbeart dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 56(2) is gá chun aghaidh a thabhairt ar an staid, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon úsáid a bhaintear as comhpháirteanna Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce. I gcás ina bhfuil rún ag an mBallstát sin úsáid a bhaint as ranníocaíochtaí airgeadais, déanfaidh sé cláir chaiteachais an Aontais lena mbaineann a shainaithint freisin.

3.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, beidh rochtain ag an mBallstát lena mbaineann ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 60. Déanfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, gan mhoill agus in aon chás laistigh de 10 lá tar éis an fhaisnéis a fháil, an Fóram Leibhéil Theicniúil a thionól chun na bearta dlúthpháirtíochta a oibríochtú.

Airteagal 59

Fógra faoin ngá atá ag Ballstát a mheasann é féin a bheith faoi bhrú imirce an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a úsáid

1.   I gcás nár sainaithníodh Ballstát i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát atá bheith faoi bhrú imirce ach ina measann é féin a bheith faoi bhrú imirce, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin ngá atá aige úsáid a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

2.   Áireofar an méid seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

réasúnú cuí-réasúnaithe maidir leis an mbrú imirce a bheith ann sa Bhallstát a thugann fógra agus maidir le méid an bhrú imirce sin, lena n-áirítear sonraí nuashonraithe ar na táscairí dtagraítear in Airteagal 9(3), pointe (a);

(b)

faisnéis faoi chineál agus leibhéal na mbeart dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 56 is gá chun aghaidh a thabhairt ar an staid, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon úsáid a bhaintear as comhpháirteanna Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce agus, i gcás ina bhfuil rún ag an mBallstát lena mbaineann úsáid a bhaint as ranníocaíochtaí airgeadais, sainaithint chláir chaiteachais an Aontais lena mbaineann;

(c)

tuairisc ar an gcaoi a bhféadfadh úsáid an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil an staid a chobhsú;

(d)

conas atá sé de rún ag an mBallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar aon leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta i réimse na freagrachta, na hullmhachta nó na hathléimneachta.

3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, mar aon leis an mBallstát lena mbaineann, cúnamh don Choimisiún, arna iarraidh sin don Choimisiún sin, chun measúnú ar an mbrú imirce a tharraingt suas.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfógra go pras, agus an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10, cibé acu a sainaithníodh an Ballstát a thugann fógra mar Bhallstát atá i mbaol brú imirce sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11, an staid fhoriomlán san Aontas, an staid sa Bhallstát a thugann fógra le linn na 12 mhí roimhe sin, agus na riachtanais arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra, á gcur i gcuntas aige, agus glacfaidh sé cinneadh i dtaobh an measfar an Ballstát a bheith faoi bhrú imirce. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil an Ballstát sin faoi bhrú imirce, is é an Ballstát lena mbaineann a bheidh ina Bhallstát is tairbhí, mura ndiúltaítear rochtain dó chun tairbhe a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil dó i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.

5.   Tarchuirfidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill.

6.   I gcás ina suitear leis an gcinneadh ón gCoimisiún go bhfuil an Ballstát a thugann fógra faoi bhrú imirce, tionólfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais an Fóram Leibhéil Theicniúil gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis tharchur an chinnidh ón gCoimisiún chuig an mBallstát lena mbaineann, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chun na bearta dlúthpháirtíochta a oibríochtú. Tionólfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais an Fóram Leibhéil Theicniúil mura rud é go measann an Coimisiún, nó go gcinneann an Chomhairle trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh laistigh de 2 sheachtain ó tharchur an chinnidh ón gCoimisiún chuig an mBallstát lena mbaineann, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, nach bhfuil acmhainneacht leordhóthanach sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil chun cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann tairbhe a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil nó go bhfuil cúiseanna oibiachtúla eile ann gan cead a thabhairt don Bhallstát sin tairbhe a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil.

7.   I gcás ina gcinneann an Chomhairle nach bhfuil acmhainneacht leordhóthanach sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, beidh feidhm ag Airteagal 13(4) agus tionólfar an Fóram Ardleibhéil tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis an chinnidh ón gCoimisiún.

I gcás cinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltaítear d’iarraidh ó Bhallstát go measfaí é a bheith faoi bhrú imirce, féadfaidh an Ballstát a thugann fógra fógra nua a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle maille le faisnéis ábhartha bhreise.

Airteagal 60

Oibríochtú agus comhordú na rannchuidithe dlúthpháirtíochta

1.   San Fhóram Leibhéil Theicniúil, comhoibreoidh na Ballstáit eatarthu féin agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar na rannchuidithe dlúthpháirtíochta sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta don bhliain lena mbaineann a oibríochtú go héifeachtach agus go héifeachtúil, ar bhealach cothrom agus tráthúil, i bhfianaise na riachtanas arna sainaithint agus arna measúnú agus na rannchuidithe dlúthpháirtíochta atá ar fáil.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, agus forbairtí i staid na himirce á gcur i gcuntas, oibríochtú na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a chomhordú chun a áirithiú go ndéanfar na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a dháileadh go cothrom i measc na mBallstát is tairbhithe.

3.   Cé is moite de chur chun feidhme na ranníocaíochtaí airgeadais, agus na bearta dlúthpháirtíochta arna sainaithint á n-oibríochtú acu, déanfaidh na Ballstáit a rannchuidithe dlúthpháirtíochta geallta dá dtagraítear in Airteagal 56 do bhliain ar leith a chur chun feidhme roimh dheireadh na bliana sin, gan dochar d’Airteagal 65(3) ná d’Airteagal 67(12).

Déanfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais a chur chun feidhme i gcomhréir lena ngealltanas foriomlán leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bhliantúil do bhliain ar leith roimh dheireadh na bliana.

Ballstáit a bhfuil asbhaint iomlán rannchuidithe dlúthpháirtíochta deonaithe dóibh i gcomhréir le hAirteagal 61 nó 62 nó ar Ballstáit is tairbhithe iad féin de bhun Airteagal 58(1) agus Airteagal 59(4), níl sé d’oibleagáid orthu a rannchuidithe dlúthpháirtíochta geallta dá dtagraítear in Airteagal 56(2) a chur chun feidhme do bhliain ar leith.

Ní cheanglófar ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais arna ndéanamh de bhun Airteagal 56(2) a chur chun feidhme ná fritháirimh freagrachta a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 63 i leith Ballstát is tairbhí, i gcás ina bhfuil, i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 nó Airteagal 59(4), easnaimh chórasacha sainaitheanta ag an gCoimisiún sa Bhallstát is tairbhí sin maidir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid III den Rialachán seo a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu d’fheidhmiú an Rialacháin seo.

4.   Le linn an chéad chruinnithe den Fhóram Leibhéil Theicniúil sa timthriall bliantúil, féadfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí agus na Ballstáit is tairbhithe roghanna réasúnta a léiriú, i bhfianaise na riachtanas arna sainaithint, i leith phróifílí na n-iarrthóirí athshocrúcháin atá ar fáil agus i leith conas a d’fhéadfaí cur chun feidhme a rannchuidithe dlúthpháirtíochta a phleanáil, agus an gá atá le gníomhaíochtaí práinneacha a dhéanamh i leith na mBallstát is tairbhithe á chur i gcuntas acu.

Éascóidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais idirghníomhaíocht agus comhar idir na Ballstáit maidir leis na gnéithe sin.

Agus athshocruithe á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na Ballstáit tús áite d’athshocrú daoine leochaileacha.

5.   Déanfaidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil i réimse an bhainistithe tearmainn agus teorainneacha agus imirce tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh agus laistigh dá sainorduithe faoi seach, d’fhonn cur chun feidhme agus feidhmiú cuí na Coda seo a áirithiú. Féadfar tacaíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm anailísí, saineolais agus tacaíocht oibríochtúil. Comhordóidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais aon chúnamh ó shaineolaithe nó foirne arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht um Thearmann, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó ag aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, i ndáil le hoibríochtú na rannchuidithe dlúthpháirtíochta.

6.   Gach bliain in Eanáir ó 2025 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit leibhéil gach birt dlúthpháirtíochta arna chur chun feidhme le linn na bliana roimhe sin a dheimhniú do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais.

Airteagal 61

Asbhaint rannchuidithe dlúthpháirtíochta i gcásanna brú imirce

1.   Ballstát a shainaithnítear i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát atá faoi bhrú imirce nó a mheasann é féin a bheith faoi bhrú imirce agus nach bhfuil úsáid bainte aige as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 58 ná nach bhfuil fógra tugtha aige faoin ngá atá leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 59, féadfaidh sé a iarraidh, aon tráth, go ndéanfaí a rannchuidithe geallta a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 a asbhaint go páirteach nó go hiomlán.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin. Chun críoch faisnéise, tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh chuig an gComhairle.

2.   I gcás ina bhfuil an Ballstát iarrthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina Bhallstát nach sainaithnítear i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát atá faoi bhrú imirce, ach a mheasann é féin a bheith faoi bhrú imirce, áireoidh an Ballstát sin an méid seo a leanas ina iarraidh:

(a)

tuairisc ar conas a d’fhéadfadh asbhaint iomlán nó páirteach a rannchuidithe geallta cuidiú leis an staid a chobhsú;

(b)

cibé acu a d’fhéadfaí rannchuidiú dlúthpháirtíochta de chineál éagsúil a chur in ionad an rannchuidithe gheallta;

(c)

conas a thabharfaidh an Ballstát sin aghaidh ar aon leochaileacht sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na freagrachta, na hullmhachta nó na hathléimneachta;

(d)

réasúnú cuí-réasúnaithe maidir leis an mbrú imirce a bheith ann sa Bhallstát iarrthach agus maidir le méid an bhrú imirce sa Bhallstát iarrthach.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar iarraidh den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 a chur i gcuntas freisin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina mheasúnú ar an iarraidh laistigh de 4 seachtaine tar éis an iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a fháil. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin measúnú sin freisin.

4.   Tar éis an measúnú ón gCoimisiún a fháil, glacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme chun a chinneadh an bhfuil an Ballstát údaraithe maolú ar an ngníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57.

Airteagal 62

Asbhaint rannchuidithe dlúthpháirtíochta i staideanna suntasacha imirce

1.   Ballstát a shainaithnítear i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce nó Ballstát a mheasann é féin go bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, féadfaidh sé a iarraidh, aon tráth, go ndéanfaí a rannchuidithe geallta a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 a asbhaint go páirteach nó go hiomlán.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin. Chun críoch faisnéise, tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh chuig an gComhairle.

2.   I gcás ina sainaithnítear an Ballstát iarrthach i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)

tuairisc ar conas a d’fhéadfadh asbhaint iomlán nó páirteach a rannchuidithe geallta cuidiú leis an staid a chobhsú;

(b)

cibé acu a d’fhéadfaí rannchuidiú dlúthpháirtíochta de chineál éagsúil a chur in ionad an rannchuidithe gheallta;

(c)

conas a thabharfaidh an Ballstát sin aghaidh ar aon leochaileacht sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na freagrachta, na hullmhachta nó na hathléimneachta;

(d)

réasúnú cuí-réasúnaithe i dtaca le réimse an chórais tearmainn, glactha agus imirce ina bhfuil an acmhainneacht sroichte, agus conas a dhéantar, mar gheall ar theorainneacha acmhainneacht an Bhallstáit sin a bheith sroichte sa réimse sonrach, difear dá chumas a ghealltanas a chomhlíonadh.

3.   I gcás nach sainaithnítear an Ballstát iarrthach i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11 mar Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, ach ina mheasann an Ballstát é féin go bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, áireofar san iarraidh freisin, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, réasúnú cuí-réasúnaithe maidir lena shuntasaí atá an staid imirce sa Bhallstát iarrthach. Agus measúnú á dhéanamh aige ar iarraidh den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 agus cibé acu a sainaithníodh an Ballstát mar Bhallstát atá i mbaol brú imirce i gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 11.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina mheasúnú ar an iarraidh laistigh de 4 seachtaine tar éis an iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a fháil. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin measúnú sin freisin.

5.   Tar éis an measúnú ón gCoimisiún a fháil, glacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme chun a chinneadh an bhfuil an Ballstát údaraithe maolú ar an ngníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57.

Airteagal 63

Fritháirimh freagrachta

1.   I gcás ina bhfuil na gealltanais athshocrúcháin leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 cothrom le 50 % den líon a léirítear sa togra ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12, nó os a chionn, féadfaidh Ballstát is tairbhí a iarraidh ar na Ballstáit eile freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh go bhfuil an Ballstát is tairbhí freagrach astu seachas athshocruithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 69.

2.   Féadfaidh Ballstát is rannchuiditheoir a chur in iúl do Bhallstáit is tairbhithe go bhfuil sé toilteanach freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh go bhfuil Ballstát is tairbhí freagrach astu seachas athshocruithe:

(a)

i gcás ina bhfuil an tairseach a leagtar amach i mír 1 sroichte; nó

(b)

i gcás ina bhfuil 50 % nó níos mó dá chion cothrom éigeantach geallta ag an mBallstát is rannchuiditheoir leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil atá sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 mar athshocruithe.

I gcás ina bhfuil an toilteanas sin curtha in iúl ag Ballstát is rannchuiditheoir agus ina gcomhaontaíonn an Ballstát is tairbhí amhlaidh, déanfaidh an Ballstát is tairbhí an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 69 a chur i bhfeidhm.

3.   Glacfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí freagracht as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh go bhfuil an Ballstát is tairbhí freagrach astu suas go dtí an líon is airde den dá líon dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i gcás, tar éis an chruinnithe den Fhóram Ardleibhéil arna thionól i gcomhréir le hAirteagal 13(4), ina bhfuil na gealltanais athshocrúcháin leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57:

(a)

faoi bhun an lín dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (a); nó

(b)

faoi bhun 60 % den uimhir thagartha a úsáidtear chun cion cothrom éigeantach gach Ballstáit maidir le athshocrú a ríomh chun an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 57.

4.   Tá feidhm ag mír 3 den Airteagal seo freisin i gcás ina dtiteann na gealltanais atá le cur chun feidhme le linn bliain ar leith faoi bhun an lín is airde den dá líon dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír sin mar thoradh ar asbhaintí iomlána nó páirteacha arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 61 nó 62 nó toisc nach bhfuil sé d’oibleagáid ar Bhallstáit is tairbhithe dá dtagraítear in Airteagail 58(1) agus 59(4) a rannchuidithe dlúthpháirtíochta geallta a chur chun feidhme do bhliain ar leith.

5.   Ballstát is rannchuiditheoir nach bhfuil a ghealltanais curtha chun feidhme aige ná nach bhfuil glactha aige le hathshocruithe de bhun Airteagal 67(9) is comhionann lena athshocruithe geallta dá dtagraítear in Airteagal 57(3) faoi dheireadh na bliana ar leith, glacfaidh sé freagracht, arna iarraidh sin don Bhallstát is tairbhí, as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh go bhfuil an Ballstát is tairbhí freagrach astu suas go dtí líon na n-athshocruithe atá geallta i gcomhréir le hAirteagal 57(3) a luaithe is féidir tar éis deireadh bliain ar leith.

6.   Sainaithneoidh an Ballstát is rannchuiditheoir na hiarratais aonair a nglacann sé freagracht astu de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, agus cuirfidh sé an Ballstát is tairbhí ar an eolas faoi sin, trí úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Is é an Ballstát is rannchuiditheoir a bheidh sa Bhallstát atá freagrach as na hiarratais arna sainaithint agus cuirfidh sé a fhreagracht in iúl de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/1358.

7.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit freagracht a ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre de mhír 6 den Airteagal seo sa bhreis ar a gcion cothrom arna ríomh de réir na heochrach tagartha a leagtar amach in Airteagal 66.

8.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach i gcás:

(a)

nach mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir;

(b)

inar cinneadh gur Bhallstát freagrach a bhí sa Bhallstát is tairbhí ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 29 go 33;

(c)

nach bhfuil an teorainn ama aistrithe a leagtar amach in Airteagal 39(1) dulta in éag go fóill;

(d)

nár éalaigh an t-iarratasóir ón mBallstát is rannchuiditheoir;

(e)

nach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta an duine lena mbaineann;

(f)

nach duine ligthe isteach an duine lena mbaineann.

9.   Féadfaidh an Ballstát is rannchuiditheoir an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n-iarratais ar deireadh sa Bhallstát is tairbhí. Beidh feidhm ag Airteagail 55 agus 56 de Rialachán 2024/1348.

Airteagal 64

Ranníocaíochtaí airgeadais

1.   Is é a bheidh i ranníocaíochtaí airgeadais aistrithe méideanna ó na Ballstáit is rannchuiditheoirí chuig buiséad an Aontais agus is é a bheidh iontu ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Úsáidfear ranníocaíochtaí airgeadais chun gníomhaíochtaí an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (b), den Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Sainaithneoidh na Ballstáit is tairbhithe gníomhaíochtaí a fhéadfar a chistiú leis na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh siad faoi bhráid an Fhóraim Leibhéil Theicniúil iad. Déanfaidh an Coimisiún idirchaidreamh dlúth leis na Ballstáit is tairbhithe d’fhonn a áirithiú go gcomhfhreagróidh na gníomhaíochtaí sin do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 56(2), pointe (b), agus Airteagal 56(3). Coinneoidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais fardal de na gníomhaíochtaí agus cuirfidh sé nó sí ar fáil tríd an bhFóram Leibhéil Theicniúil é.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i dtaca leis na rialacha maidir le hoibriú na ranníocaíochtaí airgeadais. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

4.   I gcás nach ndéantar an méid dá dtagraítear in Airteagal 57(1) den Rialachán seo a leithdháileadh go hiomlán, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1147.

5.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus don Fhóram Leibhéil Theicniúil maidir leis an dul chun cinn i leith cur chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí airgeadais de bhun an Airteagail seo.

6.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoi chur chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí airgeadais de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear faoi fhadhbanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chur chun feidhme agus aon bheart arna dhéanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, a chur san áireamh ina Thuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 65

Bearta dlúthpháirtíochta malartacha

1.   Beidh rannchuidithe i bhfoirm bearta dlúthpháirtíochta malartacha bunaithe ar iarraidh shonrach ón mBallstát is tairbhí. Áireofar rannchuidithe den sórt sin mar dhlúthpháirtíocht airgeadais, agus déanfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí lena mbaineann agus na Ballstáit is tairbhithe lena mbaineann a luach nithiúil a bhunú, go comhpháirteach, ar bhealach réalaíoch, agus cuirfear in iúl do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais é sula gcuirfear na rannchuidithe sin chun feidhme.

2.   Ní sholáthróidh na Ballstáit bearta dlúthpháirtíochta malartacha ach sa bhreis orthu sin a sholáthraítear trí oibríochtaí comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó trí chistiú ón Aontas i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce sna Ballstáit is tairbhithe, agus gan dúbláil a dhéanamh orthu. Ní sholáthróidh na Ballstáit bearta dlúthpháirtíochta malartacha ach sa bhreis orthu sin a cheanglaítear orthu a rannchuidiú trí chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

3.   Déanfaidh na Ballstáit is tairbhithe agus na Ballstáit is rannchuiditheoirí cur chun feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta malartach arna gcomhaontú a thabhairt chun críche fiú má tá na bearta cur chun feidhme ábhartha dulta in éag.

Airteagal 66

Eochair thagartha

Déanfar sciar na rannchuidithe dlúthpháirtíochta atá le soláthar ag gach Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 57(3) a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus beidh sé bunaithe ar na critéir seo a leanas i gcás gach Ballstáit, de réir na sonraí Eurostat is déanaí atá ar fáil:

(a)

méid an daonra (ualú 50 %);

(b)

OTI iomlán (ualú 50 %).

CAIBIDIL II

Ceanglais nós imeachta

Airteagal 67

Nós imeachta roimh athshocrú

1.   Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo maidir le hathshocrú daoine dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (a).

2.   Sula ndéanfaidh sé an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Ballstát is tairbhí nach bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach. Má tá forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach roimh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo nó lena linn, lena n-áirítear i gcás inar cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1356, go bhfuil bagairt ar an tslándáil inmheánach ann, ní dhéanfaidh an Ballstát is tairbhí an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm nó déanfaidh sé é a fhoirceannadh láithreach. Déanfaidh an Ballstát is tairbhí an duine lena mbaineann a eisiamh ó aon athshocrú nó aistriú chuig aon Bhallstát amach anseo. I gcás inar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta an duine lena mbaineann, is é an Ballstát is tairbhí a bheidh sa Bhallstát freagrach i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfuil athshocrú le déanamh, sainaithneoidh an Ballstát is tairbhí na daoine a d’fhéadfaí a athshocrú. Arna iarraidh sin don Bhallstát is tairbhí, tacóidh an Ghníomhaireacht um Thearmann leis an mBallstát is tairbhí chun daoine atá le hathshocrú a shainaithint agus iad a mheaitseáil le Ballstáit an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2303.

Cuirfidh an Ballstát san áireamh, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil naisc fhiúntacha ann, amhail iad sin atá bunaithe ar chúinsí teaghlaigh nó cultúrtha, idir an duine lena mbaineann agus Ballstát an athshocraithe. Chun na críche sin, tabharfaidh an Ballstát is tairbhí deis do na daoine atá le hathshocrú faisnéis a sholáthar faoi naisc fhiúntacha a bheith ann le Ballstáit shonracha agus faisnéis ábhartha agus doiciméadacht ábhartha a chur i láthair chun na naisc sin a chinneadh. Ní thugtar le tuiscint leis an deis sin go bhfuil ceart ann Ballstát sonrach athshocraithe a roghnú de bhun an Airteagail seo.

4.   Chun daoine atá le hathshocrú a shainaithint agus iad a mheaitseáil le Ballstáit an athshocraithe, féadfaidh na Ballstáit is tairbhithe uirlisí arna bhforbairt ag Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais a úsáid.

Déanfar iarratasóirí nach bhfuil naisc fhiúntacha acu le haon Bhallstát eile a chomhroinnt go cothrom i measc Bhallstáit eile an athshocraithe.

I gcás inar tairbhí de chosaint idirnáisiúnta an duine sainaitheanta atá le hathshocrú, ní dhéanfar an duine lena mbaineann a athshocrú ach tar éis don duine sin toiliú leis an athshocrú i scríbhinn.

5.   I gcás ina bhfuil athshocrú le déanamh, cuirfidh an Ballstát is tairbhí na daoine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an eolas faoin nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, agus freisin, i gcás inarb infheidhme, faoi na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 17(3), (4) agus (5) agus faoi na hiarmhairtí a ghabhann le neamhchomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 18.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hiarratasóirí ar ina leith is féidir a chinneadh gurb é an Ballstát is tairbhí an Ballstát freagrach de bhun na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 25 go 28 agus 34, cé is moite d’Airteagal 25(5). Ní bheidh iarratasóirí den sórt sin incháilithe lena n-athshocrú.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-athshocrófar baill teaghlaigh chuig críoch an Bhallstáit chéanna.

7.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, déanfaidh an Ballstát is tairbhí an fhaisnéis ábhartha uile agus na doiciméid ábhartha uile faoin duine lena mbaineann a tharchur chuig Ballstát an athshocraithe a luaithe is féidir trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach, chun, inter alia, a chur ar chumas údaráis Bhallstát an athshocraithe a sheiceáil cibé an bhfuil forais ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach.

8.   Scrúdóidh Ballstát an athshocraithe an fhaisnéis atá tarchurtha ag an mBallstát is tairbhí de bhun mhír 7, agus fíoróidh sé nach bhfuil aon fhoras réasúnach ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach. Féadfaidh Ballstát an athshocraithe a roghnú an fhaisnéis sin a fhíorú trí bhíthin agallamh pearsanta leis an duine lena mbaineann. Cuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas go cuí faoi chineál agus cuspóir agallaimh den sórt sin. Déanfar an t-agallamh pearsanta laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 9.

9.   I gcás nach bhfuil aon fhoras réasúnach ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, deimhneoidh Ballstát an athshocraithe, laistigh de sheachtain amháin ón bhfaisnéis ábhartha a fháil ón mBallstát is tairbhí, go ndéanfaidh sé an duine lena mbaineann a athshocrú.

I gcás ina ndeimhnítear leis na seiceálacha go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil inmheánach, cuirfidh Ballstát an athshocraithe an Ballstát is tairbhí ar an eolas, laistigh de sheachtain amháin ón bhfaisnéis ábhartha a fháil ón mBallstát sin, faoi chineál foláirimh ó aon bhunachar sonraí ábhartha agus na heilimintí foluiteacha lena aghaidh. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar an duine lena mbaineann a athshocrú.

I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil an scrúdú ar an bhfaisnéis thar a bheith casta nó gur gá líon mór cásanna a sheiceáil an tráth céanna, féadfaidh Ballstát an athshocraithe a fhreagra a thabhairt tar éis na teorann ama seachtaine a luaitear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ach in aon chás laistigh de 2 sheachtain. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh Ballstát an athshocraithe in iúl don Bhallstát is tairbhí, laistigh den teorainn ama seachtaine bhunaidh, a chinneadh freagra a chur ar athlá.

Mainneachtain gníomhú laistigh den tréimhse seachtaine a luaitear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír nó laistigh den tréimhse 2 sheachtain a luaitear sa tríú fomhír den mhír seo, is ionann sin agus a dheimhniú go bhfuarthas an fhaisnéis, agus fágfaidh sé oibleagáid a bheith ann an duine lena mbaineann a athshocrú, lena n-áirítear an oibleagáid socruithe cuí a chur ar fáil maidir le teacht an duine sin.

10.   Déanfaidh an Ballstát is tairbhí cinneadh aistrithe laistigh de sheachtain amháin ó dheimhniú ó Bhallstát an athshocraithe. Tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don duine lena mbaineann, gan mhoill, faoin gcinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát sin 2 lá ar a dhéanaí roimh an aistriú i gcás iarratasóirí agus seachtain amháin ar a dhéanaí roimh an aistriú i gcás tairbhithe.

I gcás inar iarratasóir an duine atá le hathshocrú, comhlíonfaidh sé nó sí an cinneadh maidir le hathshocrú.

11.   Déanfar aistriú an duine lena mbaineann ón mBallstát is tairbhí chuig Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit is tairbhí, tar éis comhairliúchán idir na Ballstáit lena mbaineann, a luaithe is féidir go praiticiúil, agus laistigh de 4 seachtaine ó dheimhniú ó Bhallstát an athshocraithe nó ón gcinneadh críochnaitheach maidir le hachomharc i gcoinne cinneadh aistrithe nó maidir le hathbhreithniú ar chinneadh aistrithe a bhfuil éifeacht fionraíochta aige i gcomhréir le hAirteagal 43(3).

12.   Leanfaidh na Ballstáit is tairbhithe agus Ballstáit an athshocraithe de phróiseas an athshocraithe fiú tar éis an tréimhse ama do chur chun feidhme nó bailíocht na ngníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagail 57, 61 agus 62 a bheith dulta in éag.

13.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 42(3), (4) agus (5), Airteagail 43 agus 44, Airteagal 46(1) agus (3), Airteagal 47(2) agus (3), agus Airteagail 48 agus 50 maidir leis an nós imeachta um athshocrú.

Déanfaidh an Ballstát is tairbhí a dhéanann tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistriú an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 51(2), faisnéis faoi na forais ar ar bhunaigh an tairbhí a iarratas nó a hiarratas, agus na forais atá le haon chinneadh arna dhéanamh i dtaca leis an tairbhí, a tharchur chuig Ballstát an athshocraithe.

14.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modhanna aonfhoirmeacha a bhunú chun faisnéis agus doiciméid a ullmhú agus a thíolacadh chun críoch athshocraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2). Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á n-ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Thearmann.

Airteagal 68

Nós imeachta tar éis athshocraithe

1.   Cuirfidh Ballstát an athshocraithe an Ballstát is tairbhí, an Ghníomhaireacht um Thearmann agus Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais ar an eolas faoi theacht sábháilte an duine lena mbaineann nó faoin bhfíoras nár láithrigh sé nó sí laistigh den teorainn ama shocraithe.

2.   I gcás ina bhfuil Ballstát an athshocraithe tar éis iarratasóir a athshocrú nach bhfuil cinneadh déanta go fóill ina leith faoin mBallstát freagrach, cuirfidh Ballstát an athshocraithe na nósanna imeachta a leagtar amach i gCuid III i bhfeidhm, cé is moite d’Airteagal 16(2), Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 25(5), Airteagal 29, Airteagal 30 agus Airteagal 33(1) agus (2).

I gcás nach féidir aon Bhallstát freagrach a chinneadh faoin gcéad fhomhír den mhír seo, beidh Ballstát an athshocraithe freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuirfidh Ballstát an athshocraithe a fhreagracht in iúl in Eurodac de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358.

3.   I gcás iarratasóir a bheith athshocraithe, ar cinneadh roimhe sin ar fhorais eile seachas na critéir dá dtagraítear in Airteagal 67(5), an dara fomhír, gurb é an Ballstát is tairbhí atá freagrach as nó aisti, aistreofar an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig Ballstát an athshocraithe.

Déanfar an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar aon uiríoll eile nó aon iarratas iardain ón duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 55 agus 56 de Rialachán (AE) 2024/1348 a aistriú chuig Ballstát an athshocraithe freisin.

Cuirfidh Ballstát an athshocraithe a fhreagracht in iúl in Eurodac de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/1358.

4.   I gcás ina bhfuil tairbhí de chosaint idirnáisiúnta athshocraithe, deonóidh Ballstát an athshocraithe stádas cosanta idirnáisiúnta go huathoibríoch agus urraim á tabhairt don stádas a dheonaigh an Ballstát is tairbhí.

Airteagal 69

An nós imeachta maidir le fritháirimh freagrachta faoi Airteagal 63(1) agus (2)

1.   I gcás ina n-iarrann Ballstát is tairbhí ar Bhallstát eile freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar roinnt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 63(1) agus (2), tarchuirfidh sé a iarraidh chuig an mBallstát is rannchuiditheoir agus áireoidh sé inti an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil freagracht le glacadh astu seachas athshocruithe.

2.   Tabharfaidh an Ballstát is rannchuiditheoir freagra ar an iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh sin a fháil.

Féadfaidh an Ballstát is rannchuiditheoir a chinneadh freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta is ísle ná an líon atá iarrtha ag an mBallstát is tairbhí.

3.   Déanfaidh an Ballstát a ghlac le hiarraidh de bhun mhír 2 den Airteagal seo na hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta a nglacann sé freagrach astu a shainaithint agus cuirfidh sé a fhreagracht in iúl de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/1358.

Airteagal 70

Oibleagáidí eile

Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún, go háirithe Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, ar an eolas faoi chur chun feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear bearta comhair le tríú tír.

CAIBIDIL III

Tacaíocht airgeadais arna soláthar ag an Aontas

Airteagal 71

Tacaíocht airgeadais

I gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, déanfar tacaíocht chistiúcháin a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1147 tar éis athshocrú a bheith déanta de bhun Chaibidlí I agus II den Chuid seo.

CUID V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 72

Slándáil sonraí agus cosaint sonraí

1.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44).

2.   Beidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun feidhme chun slándáil sonraí pearsanta a ndéantar próiseáil orthu faoin Rialachán seo a áirithiú agus go háirithe chun cosc a chur le rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil nó le nochtadh, athrú nó cailleadh sonraí pearsanta arna bpróiseáil.

3.   Déanfaidh údarás maoirseachta inniúil nó údaráis mhaoirseachta inniúla gach Ballstáit faireachán, go neamhspleách, ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 52 den Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 73

Rúndacht

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 52 faoi cheangal ag na rialacha rúndachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i ndáil le haon fhaisnéis a fhaigheann siad le linn a gcuid oibre.

Airteagal 74

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear pionóis riaracháin nó choiriúla, a leagan síos i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 75

Ríomh na dteorainneacha ama

Déanfar aon tréimhse ama a fhorordaítear sa Rialachán seo a ríomh mar a leanas:

(a)

ríomhfar tréimhse a shloinntear i laethanta, seachtainí nó míonna ón tráth a tharlaíonn teagmhas nó a dhéantar gníomhaíocht; ní dhéanfar an lá ar a dtarlaíonn an teagmhas sin nó an lá ar a ndéantar an ghníomhaíocht sin a áireamh sa tréimhse i dtrácht;

(b)

críochnóidh tréimhse a shloinntear i seachtainí nó míonna ag deireadh cibé lá sa tseachtain deiridh nó sa mhí dheiridh arb ionann é agus an lá céanna den tseachtain nó arb é an dáta céanna é sa mhí, faoi seach, agus an lá ar tharla an teagmhas nó ar ndearnadh an ghníomhaíocht óna bhfuil an tréimhse le ríomh;

(c)

i gcás, i dtréimhse a shloinntear i míonna, nach lá i mí dheiridh na tréimhse é an lá ba cheart an tréimhse dul in éag, críochnóidh an tréimhse ag meán oíche ar lá deiridh na míosa sin;

(d)

beidh Sathairn, Domhnaí agus laethanta saoire oifigiúla sa Bhallstát lena mbaineann ar áireamh sna teorainneacha ama; i gcás ina gcríochnaíonn teorainn ama ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúil, áireofar an chéad lá oibre eile mar an lá deiridh den teorainn ama.

Airteagal 76

Raon feidhme críochach

A mhéid a bhaineann le Poblacht na Fraince, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir lena críoch Eorpach agus maidir léi sin amháin.

Airteagal 77

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 78

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25(6) agus Airteagal 34(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 11 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(6) agus Airteagal 34(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(6) nó Airteagal 34(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 79

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 1 Feabhra 2028 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na mbeart a leagtar amach i gCuid IV den Rialachán seo agus tuairisceoidh sé ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Ar bhonn rialta agus gach 3 bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ábharthacht na líonta a leagtar amach in Airteagal 12(2), pointí (a) agus (b), agus ar fheidhmiú foriomlán Chuid III den Rialachán seo, lena n-áirítear cibé ar cheart an sainmhíniú ar bhaill teaghlaigh agus fad na dteorainneacha ama a leagtar amach sa Chuid sin a mhodhnú, i gcomparáid le staid fhoriomlán na himirce.

Faoin 1 Iúil 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, ag féachaint go háirithe do phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta mar a chumhdaítear in Airteagal 80 CFAE. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá chun na tuarascálacha sin a ullmhú, 6 mhí ar a dhéanaí sula rachaidh an teorainn ama don Choimisiún gach tuarascáil a thíolacadh in éag.

Airteagal 80

Staidreamh

I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), déanfaidh na Ballstáit staidreamh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 a chur in iúl don Choimisiún (Eurostat).

CUID VI

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA EILE DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 81

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1147

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

‘(1)

ciallaíonn “iarratasóir ar chosaint idirnáisúnta” iarratasóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(2)

ciallaíonn “tairbhí de chosaint idirnáisiúnta” tairbhí de chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2024/1351;

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1160 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

ciallaíonn “ball teaghlaigh” ball teaghlaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2024/1351;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (11) agus (12):

‘(11)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/1351;

(12)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2024/1351;’;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(15)

ciallaíonn “gníomhaíocht dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht, a bhfuil a raon feidhme leagtha amach in Airteagal 56(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1351, a chistítear trí ranníocaíochtaí airgeadais arna soláthar ag na Ballstáit, amhail dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Rialachán sin.’;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

Acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta

1.   Gheobhaidh Ballstát, de bhreis ar a leithdháiltí faoi Airteagal 13(1), pointe (a), den Rialachán seo, méid de:

(a)

EUR 10 000 in aghaidh an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a mbeidh an Ballstát sin freagrach as nó aisti de bharr athshocrú i gcomhréir le hAirteagail 67 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/1351;

(b)

EUR 10 000 in aghaidh an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a athshocraítear chuig an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagail 67 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/1351.

Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a mhéadú go EUR 12 000 i gcás gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó gach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta, faoi seach, ar mionaoiseach neamhthionlactha é nó í a athshocraítear chuig an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagail 67 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/1351.

2.   Gheobhaidh an Ballstát a chumhdaíonn costas na n-aistrithe dá dtagraítear i mír 1 ranníocaíocht EUR 500 i leith gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó gach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear chuig Ballstát eile.

3.   Gheobhaidh an Ballstát a chumhdaíonn costais na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (a), (b) nó (c), de Rialachán (AE) 2024/1351, agus a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán sin, ranníocaíocht EUR 500 i leith gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear chuig Ballstát eile.

4.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna, 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leithdháileadh ar chlár an Bhallstáit, ar choinníoll go ndearnadh an duine ar ina leith a leithdháiltear an méid a aistriú i bhfírinne chuig an mBallstát sin nó gur cláraíodh an duine sin mar iarratasóir sa Bhallstát freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351, de réir mar is infheidhme. Ní úsáidfear na méideanna sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach in imthosca a bhfuil údar cuí leo, arna bhformheas ag an gCoimisiún tríd an gclár sin a leasú.

5.   Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniú nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

6.   Chun críoch rialaithe agus iniúchta, coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine arna n-aistriú agus dáta a n-aistrithe a shainaithint i gceart.

7.   Chun na rátaí boilscithe reatha, forbairtí ábhartha i réimse an athshocraithe agus tosca eile trína bhféadfaí an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a chur i gcuntas, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun coigeartú a dhéanamh, má mheastar é a bheith iomchuí, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, ar na méideanna sin.’;

(4)

in Airteagal 35(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ha)

gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear miondealú ar na ranníocaíochtaí airgeadais de réir gníomhaíochta agus tuairisc ar na príomhthorthaí arna mbaint amach mar thoradh ar an gcistiú;’;

(5)

in Iarscríbhinn II, pointe 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(c)

tacú le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, i gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.’;

(6)

in Iarscríbhinn VI, Tábla 1, pointe IV, cuirtear an cód seo a leanas leis:

‘007 Gníomhaíochtaí Dlúthpháirtíochta’;

(7)

in Iarscríbhinn VI, Tábla 3, cuirtear na cóid seo a leanas leis:

‘006 Athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil

007 Cosaint idirnáisiúnta (aistrithe isteach)

008 Cosaint idirnáisiúnta (aistrithe amach)

009 Gníomhaíochtaí Dlúthpháirtíochta’.

Airteagal 82

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 36, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní dhéanfar aon rannchuidiú de chuid an Aontais i leith cúnamh teicniúil chun tacú le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán CTIL agus i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán IBTV.’;

(2)

leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)

i mír 6, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán CTIL agus i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán IBTV.’;

(b)

i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘I gcás ina leasaítear clár chun tacaíocht airgeadais a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán CTIL agus i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán IBTV, féadfar a fhoráil sa chlár go dtosóidh incháilitheacht an chaiteachais a bhaineann le leasú den sórt sin ón 11 Meitheamh 2024.’.

CUID VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 83

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 le héifeacht ón 1 Iúil 2026.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 de bheith i bhfeidhm mura leasaítear é, agus go dtí go leasaítear é, le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 84

Bearta idirthréimhseacha

1.   I gcás ina gcláraítear iarratas tar éis an 1 Iúil 2026, déanfar aon teagmhais ar dóigh go gcuirfí freagracht ar Bhallstát faoin Rialachán seo dá mbarr a chur i gcuntas, fiú má tharlaíonn siad roimh an dáta sin.

2.   Déanfar an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú roimh an 1 Iúil 2026 a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

3.   Faoin 12 Meán Fómhair, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus leis na Ballstáit, plean cur chun feidhme comhchoiteann a chur faoi bhráid na Comhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit ullamh go leormhaith chun an Rialachán seo a chur chun feidhme faoin 1 Iúil 2026, ina ndéantar measúnú ar bhearnaí agus ar na céimeanna oibríochtúla is gá, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

Ar bhonn an phlean cur chun feidhme chomhchoitinn sin, faoin 12 Nollaig 2024, déanfaidh gach Ballstát, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, plean cur chun feidhme náisiúnta a bhunú ina leagtar amach na gníomhaíochtaí agus an amlíne chun é a chur chun feidhme. Déanfaidh gach Ballstát cur chun feidhme a phlean a chur i gcrích faoin 1 Iúil 2026.

Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an tacaíocht ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, agus féadfar, trí chistí an Aontais, tacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena rialaítear na comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus cistí sin.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na bpleananna cur chun feidhme náisiúnta dá dtagraítear sa dara fomhír.

Tabharfaidh an Coimisiún, laistigh den chéad dá Thuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9, léargas ar an staid mar atá maidir le cur chun feidhme an phlean cur chun feidhme chomhchoitinn agus na bpleananna cur chun feidhme náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo.

Ar feitheamh na dtuarascálacha a luaitear sa chúigiú fomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin staid mar atá maidir le cur chun feidhme an phlean cur chun feidhme chomhchoitinn agus na bpleananna cur chun feidhme náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo gach 6 mhí.

Airteagal 85

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 7 go 15, Airteagal 22(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 23(7), Airteagal 25(6) agus (7), Airteagal 34(3) agus (4), Airteagal 39(3), an dara fomhír, Airteagal 40(4), Airteagal 40(8), an dara fomhír, Airteagal 41(5), Airteagal 46(1), an cúigiú fomhír, Airteagal 46(4), Airteagal 48(4), Airteagal 50(1), an dara fomhír, Airteagal 50(5), Airteagal 52(4), Airteagail 56 agus 57, Airteagal 64(3), Airteagal 67(14) agus Airteagail 78 agus 84 ón 11 Meitheamh 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

(2)   IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(4)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1351/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).

(7)  Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime) (IO L 317, 1.10.2020, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(10)  Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(12)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1350, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1350/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír, (IO L 222, 5.9.2003, lch. 3).

(16)  Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(18)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(20)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(21)   IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.

(22)   IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.

(23)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.

(24)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 39.

(25)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(27)  Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(28)  Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

(29)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(31)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(32)  Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 (IO L, 2024/1349, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj).

(33)  Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(35)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(37)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).

(38)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(39)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(40)  Treoir 2003/109/EC ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44).

(41)  Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a taisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 50, 25.2.2003, lch. 1).

(42)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(43)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(44)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(45)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).


IARSCRÍBHINN I

Foirmle le haghaidh na heochrach tagartha de bhun Airteagal 66:

Image 1

SciarMS = 50 % Éifeacht an daonraMS + 50 % Éifeacht OTIMS

n: líon foriomlán na mBallstát


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (b)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (c)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (d)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (f)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (g)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (h)

Airteagal 2, pointe (9)

Airteagal 2, pointe (i)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (j)

Airteagal 2, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (k)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (l)

Airteagal 2, pointe (13)

Airteagal 2, pointe (m)

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 2, pointe (n)

Airteagal 2, pointe (18)

Airteagal 3

Airteagal 16

Airteagal 4

Airteagal 19

Airteagal 5

Airteagal 22

Airteagal 6

Airteagal 23

Airteagal 7

Airteagal 24

Airteagal 8

Airteagal 25

Airteagal 9

Airteagal 26

Airteagal 10

Airteagal 27

Airteagal 11

Airteagal 28

Airteagal 12

Airteagal 29

Airteagal 14

Airteagal 31

Airteagal 15

Airteagal 32

Airteagal 13

Airteagal 33

Airteagal 16

Airteagal 34

Airteagal 17

Airteagal 35

Airteagal 18

Airteagal 36

Airteagal 19

Airteagal 37

Airteagal 20

Airteagal 38

Airteagal 21

Airteagal 39

Airteagal 22

Airteagal 40

Airteagal 23

Airteagal 41

Airteagal 24

Airteagal 41

Airteagal 25

Airteagal 41

Airteagal 26

Airteagal 42

Airteagal 27

Airteagal 43

Airteagal 28

Airteagal 44

Airteagal 29

Airteagal 46

Airteagal 30

Airteagal 47

Airteagal 31

Airteagal 48

Airteagal 32

Airteagal 50

Airteagal 34

Airteagal 51

Airteagal 35

Airteagal 52

Airteagal 36

Airteagal 53

Airteagal 37

Airteagal 55


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top